Nuacht

Seo chugainn ‘Sean-nós na nÓg’

Amhránaithe óga na Gaeltachta ag teacht le chéile le linn Éigse Dhiarmuidín

Agus Ealaín na Gaeltachta ag ceiliúradh 21 bliain ar an bhfód, tá athbheochan á déanamh ar Sean-nós na nÓg, togra speisialta a reáchtáladh den chéad uair le linn luath-laethanta na heagraíochta.

Beidh amhránaithe óga ó Ghaeltacht na Mumhan, Uladh, agus Chonnachta ag teacht le chéile i gCúil Aodha ar an tseachtain seo chugainn agus seó stáitse á chur sa tsiúl acu oíche Aoine 1 Nollaig, mar chuid d’imeachtaí Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin.

Faoi stiúir Shíle Denvir, cruitire agus amhránaí ar an sean-nós, agus an cóiréagrafaí  Siubhán Ní Dhuinnín, reáchtálfar sraith ceardlanna ón gCéadaoin 29 Samhain, ina mbeidh na rannpháirtithe óga i mbun ceoil agus cruthaitheachta roimh an oíche mhór.

Antaine Ó Faracháin, amhránaithe aitheanta ar an sean-nós, agus an damhsóir Ríonach Ní Neill, a thug an chéad ‘Sean-nós na nÓg’ chun stáitse, i dteannta oirfidigh óga na Gaeltachta, mar chuid d’Éigse Dhiarmuidín thiar in 2001.

Tá fearadh na fáilte roimh chách agus súil againn cuid acu siúd a d’fhreastal ar an gcéad ‘Sean-nós na nÓg’ a bheith i láthair don cheiliúradh ar leith seo.

Tá an imeacht seo á reáchtáil i gcomhpháirt le Éire Ildánach/Creative Ireland.

 

Dáta: Dé hAoine 1 Nollaig @ 8.30in

Áit: Halla Chúil Aodha, Co. Chorcaí

Saorchead isteach

Éire Ildanach Creative Ireland


Foirm Léiriú Spéise d’ealaíontóirí – Seimineár Oidhreacht Bheo

Tá liúntas €200 i dtreo taisteal agus lóistín á mbronnadh ag Ealaín na Gaeltachta ar dheichniúir ealaíontóirí le deis freastal ar an seimineár Oidhreacht Bheo a bheidh á reáchtáil i nGaoth Dobhair 7 & 8 Nollaig 2017.

Déanfar plé ag an seimineár ar na nascanna idir na healaíon agus an oidhreacht agus cuirfear samplaí de dhea-chleachtais Gaeltachta, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta i láthair.

Tá líon na spásanna teoranta go deichniúir agus beidh córas roghnúcháin i gceist.

Bheinn buíoch ach an fhoirm thíos luaite a comhlíonadh chun go mbeifeá san áireamh don liúntas.

Crítéir roghúcháin

Bheith i d’ealaíontóir gairmiúil, taithí ealaíona a bheith agat sa réimse ealaíon agus oidhreacht agus léiriú ar mar a cheapann tú go rachadh an seimineár chun leasa do’d chleachtas ealaíona.

Níl agat ach an Fhoirm Léiriú Spéise a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig ealain@udaras.ie roimh an 28 Samhain 2017.

Cuirfear na rannpháirtithe roghnaithe ar an eolas faoin 29 Samhain 2017.

*Is seimineár é Oidhreacht Bheo do chuid Ealaín (na Gaeltachta) Teo atá maoinithe ag Éire Ildánach agus an Chomhairle Oidhreachta.


Seimineár idirnáisiúnta ar ról na nEalaíon san Oidhreacht Chultúrtha

 

Dáta don dialann

 

Seimineár idirnáisiúnta ar ról na nEalaíon san Oidhreacht Chultúrtha ar siúl i nGaoth Dobhair ar an 7/8ú Nollaig 2017.

 

Eagrófar seimineár idirnáisiúnta dírithe ar ról na nEalaíon san Oidhreacht Chultúrtha i nGaoth Dobhair ar an 7/8ú Nollaig.  Tiocfaidh ceannródaithe ó shaol na n-ealaíon agus oidhreachta mar aon le saineolaithe sa dá réimse le chéile i nGaoth Dobhair thar tréimhse dhá lá chun an ról lárnach atá ag cúrsaí ealaíona i gcur chun cinn ár nOidhreacht Chultúrtha a chíoradh. Tabharfar léargas ar mhúnlaí dheá-chleachtais le cuairteoirí as Albain, as an mBreatain Bheag, as Tír na mBascach (mar a bhí Cathair Chultúrtha 2016) agus as Fryslân san Ísiltír (Cathair Chultúrtha 2018). Beidh a scéal féin a roinnt ag ealaíontóirí aonaracha agus ag eagraíochtaí ealaíona na Gaeltachta ar a mbeidh i láthair. Tabharfaidh na cás-staidéir éagsúla a chuirfear os comhair an lucht freastail, léargas ar na slite gur féidir le cúrsaí ealaíona borradh a chur faoi chúrsaí Oidhreachta ar an talamh.

Beidh deireadh a chur leis an seiminear oíche Aoine an 8ú nuair a chuirfidh Ealaín na Gaeltachta an seó staitse Aisling? (An Ród Romhainn), faoi stiúir Dharach Mac an Iomaire i láthair in Amhrclann Ghaoth Dobhair ag 8.00 i.n.

I measc na n-ealaíontóirí a bheas páirteach in Aisling?, beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Seán Ó Flaithearta, Pól Ó Ceannabháin,  Méabh Ní Bheaglaoich,  Ciarán Ó Maonaigh,  Johnny Óg Connolly,  Úna Ní Fhlatharta  Caoimhín Ó Fearghail,  Eoghan Mac Giolla Bhríde,  Róisín Seoighe,  Eoghan Geoghegan agus Eoin Mac Donncha.

 

 

 

 


An Ghaeltacht lasta suas don Oíche Chultúir

Beidh sraith imeachtaí spreagúla éagsúla á reáchtáil ag ealaíontóirí agus ag eagrais ealaíona sa Gaeltacht don Oíche Chultúir, Dé hAoine, 22 Meán Fómhair. Tá na himeachtaí á gcomhordú ag Ealaín na Gaeltachta, atá seasta ag cothú agus ag éascú na healaíon Gaeltachta, faoi choimirce An Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta. Don ochtú bliain as a chéile, beidh sé le feiceáil sa cheiliúradh seo, mar a thugann na healaíon léiriú ríthábhachtach ar shaibhreas cultúrtha na Gaeltachta ó cheann ceann na bliana.

 

Suas le 30 ócáid atá á reáchtáil saor in aisce ar fud na Gaeltachta agus tá an-chlár curtha ar fáil, idir imeachtaí liteartha, ceol agus damhsa, ceardlanna, cainteanna, taispeántais fís-ealaíne, agus taispeántais scannáin taobh istigh agus taobh amuigh.

Is í Muireann Nic Amhlaoidh, Ambassadóir na Gaeltachta don Oíche Chultúir, an chéad Ambassadóir Gaeltachta don ócáid Náisiúnta seo. Beidh sí i dteannta Síle Denvir d’Oíche álainn speisialta ceoil, Ó Ghuth go Dubh, ar Oileán Chléire ina mbeidh comhghleacaithe den scoth ina dteanna.

Beidh guthanna cultúrtha agus traidisiúin na Gaeltachta le cloisteáil agus le feiceáil ag ócáidí áirneáin is siamsaíocht i chuile choirnéil Gaeltachta, Ciarraí, Baile Mhúirne, Ráth Cairn, Corr na Móna, Conamara, Tuar Mhic Éadaigh, Acail, An Rinn, Teach Sholais Fhánáda i nDún na nGall agus beidh ócáid binn faoi leith in Amharclann Gaoth Dobhair nuair a thiocfaidh Cór Óg na Crannóige, Cór Mhuire agus Cór Cois Fharraige as Conamara le chéile go speisialta don oíche.

Osclóidh na hionad ealaíona, Áras Éanna, Inis Oírr, An Lab sa Daingean, Áras Inis Ghluaire, Béal a Mhuirthead, a gcuid doirse i rith an tráthnóna d’iliomad imeachtaí speisialta chomh maith.

Leabhrán d’imeachtaí Oíche Chultúir sna Gaeltachtaí le fáil anseo.

Gach eolais le fáil ar www.culturenight.ie agus ar www.ealain.ie .

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a dhéanann comhordú ar an Oíche Chultúir, i gcomhpháirt le Ealaín na Gaeltachta Teo agus tugtar cuireadh do gach duine páirt a ghlacadh sa siamsaíocht Náisiúnta spraíúil seo ón bpobal don phobal.

Breis eolais ó Ealaín na Gaeltachta 091503100 ealain@udaras.ie


Scéim Sparánachta Ealaín na Gaeltachta 2017

Scéim Sparánachta sna hEalaíon: Scéim atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil d’Ealaíontóirí i bhforbairt a gcleachtas ealaíona./This scheme is to support artists in developing their artistic practice.

Scéim Sparánachta Foirm Iarratais 2017

Scéim Sparánachta Critéir 2017

Spriocdháta: Dé hAoine 29 Meán Fómhair 2017. /Deadline: Friday, 29th September 2017


Garraí an Ghiorria – bí páirteach!

Garraí an Ghiorria

Clár Spreagúil Drámaíochta

Tugtar cuireadh duit a bheith páirteach i  nGarraí  an Ghiorria, clár spreagúil dramaíochta  atá dírithe ar dhrámadóirí  gairmiúla Gaeltachta agus le Gaeilge, a bhfuil fonn orthu castáil agus oibriú le healaíontóirí eile agus lena gcleachtais a roinnt, a phlé agus a fhorbairt. Beidh dhá ceardlann sainspéise faoi stiúir na sár-ealaíontóirí – Feidlim Cannon,  duine de Stiúrthóirí Ealaíne atá i mbun an compántas, Broken Talkers agus tréimhse leis an gcompántas eisceachtúil ón Pholainn, Song of the Goat. Fáiltímid roimh aisteoirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí, damhsóirí, fís-ealaíontóirí stáitse agus ceoltóirí isteach i nGarraí an nGiorria.

Tá súil go spreagfaidh  an clár saoirse chruthaitheach i measc na rannpháirtithe mar aon le malartú smaointe, comhoibriú agus bealaí nua agus dúshlánach le cleachtais a fhorbairt. Is deis atá anseo d’fhorbairt pearsanta an ealaíontóra, le modhanna nuálacha drámaíochta a fhorbairt agus le deiseanna comhoibriú a thriail.

Is í  Marianne Ní Chinnéide ó Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh,  áisitheoir ar an bpróiseas.

Tá líon na spásanna teoranta go dáréag agus beidh córas roghnúcháin i gceist.  Is í an Ghaeilge príomh theanga oibre an togra seo agus cuirfear fáilte roimh ealaíontóirí stáitse le Gaeilge.

Lean leis an gcomhrá ar Facebook


Drámadóir Cónaitheach na Gaeltachta faoi lán tSeoil

Beartla O FlathartaTá Drámadóir Cónaitheach Ealaín na Gaeltachta Teo, Beartla Ó Flatharta ar an mbóthar le cúpla mí anuas agus é ag tabhairt an-spreagadh agus comhairle do chumainn drámaíochta pobail ó cheann ceann na Gaeltachta, ag tacú leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna drámaíochta.

Léiritheoir, teicneoir agus scríbhneoir amharclannaíochta gairmiúil, ní strainséir é Beartla Ó Flatharta i measc pobail drámaíochta na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá blianta caite aige ag plé le cúrsaí drámaíochta agus taithí na mblianta aige mar mholtóir, mar áisitheoir agus mar theagascóir drámaíochta le daoine óga & le daoine fásta.

Bronnadh gradaim éagsúla air thar na mblianta, gradaim léiritheoireachta agus aisteoireachta ag féilte drámaíochta áitiúla & náisiúnta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá gradaim bainte amach aige do scoileanna ag Féilte Scoildrámaíochta, áitiúil, réigiúnda & náisiúnta chomh maith.

Baineann an Drámadóir Cónaitheach leis an togra Garraí an Ghiorria, togra a d’eascair as maoiniú a bhronn An Chomhairle Ealaíon ar Ealaín na Gaeltachta (Teo) agus ar a bpáirtnéirí, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le dul i mbun togra straitéiseach dírithe ar fhorbairt ealaíontóirí Gaeltachta sna taibhealaín agus ar chothú na drámaíochta Gaeilge.

Tá an-ghliondar ar Ealaín na Gaeltachta Teo a bheith ag obair le Beartla Ó Flatharta agus beidh Beartla páirteach ins an gcéad ghné eile den togra a bheidh ag tarlú i Mí Deireadh Fómhair seo chugainn. Beidh deis anseo do dhá thaibhealaíontóir gairmiúla déag as an Ghaeltacht nó a bhfuil Gaeilge acu theacht le chéile do dhá chlár spreagúla drámaíochta, ceann faoi stiúir Micheal Keegan Dolan ó Fabulous Beast/ Teaċ Daṁsa agus ceann leis an gcomhlacht amharclainne, Song of The Goat, ón Pholainn.

Breis eolais: Ealaín na Gaeltachta Teo ag 091503100 ealain@udaras.ie


Rachel Holstead ceaptha mar Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht na Mumhan

Tá áthas ar Ealaín (na Gaeltachta) Teo a fhógairt go bhfuil an Dr. Rachel Holstead ceaptha aige mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht na Mumhan. Is as Ceann Trá i gceantar Chorca Dhuibhne do Rachel ó dhúchas. Is cumadóir ceoil aitheanta í agus chaith sí tréimhse ag obair leis an Chomhairle Ealaíon agus mar chomhairleoir ealaíon neamhspleách. Bhí sí ar bhord an Cheoláras Náisiúnta agus tá sí gníomhach i dtograí ealaíon áitiúla ina ceantar dúchais. Chaith Rachel tréimhse ag feidhmiú mar Áisitheoir Ealaíon i dTír Chonaill le cúpla mí anuas.

Guímíd gach rath ar Rachel ina post nua.

Gach eolas: 074 9560100
R-phost: ealain@udaras.ie
Pictiúr faoi iamh tógtha ag Clare Mulvany


Féile na Bealtaine 2017

Aibreán 27 – Bealtaine 1

Bíonn a fhios againn go bhfuil an samhradh ag teacht is Féile na Bealtaine ag druidim linn. Tá clár spleodrach ann arís i mbliana is treaslaímid leis an bhfoireann deonach a reáchtáileann é. Beidh saibhreas ealaíne le ghach dhath agus crut le feiscint, cloisint agus bhraiscint. Bí ann is bain sult as! http://feilenabealtaine.ie/home/