|
"Mar chuid dá straitéis forbartha, tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, ag soláthar scéimeanna tacaíochta d'fhorbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht.
Aithníonn an tÚdarás an tábhacht a bhaineann le saothrú agus le léiriú na n-ealaíon mar chuid lárnach d'fhorbairt agus do chaomhnú phobail inmharthana Gaeltachta. Láidríodh an tacaíocht do na healaíona Gaeltachta tráth ar bunaíodh an chéad chomhpháirtíocht idir an dá eagraíocht i 1997 agus le hathnuachan na comhpháirtíochta sin i 2001 agus i 2004. Deis bhreise í seo chun dul chun cinn agus nuálaíocht a spreagadh sna healaíona sa Ghaeltacht agus an meas is dual dóibh a threisiú.
I rith tréimhse na comhpháirtíochta beidh an tÚdarás agus An Chomhairle Ealaíon ag díriú ar phríomhréimsí forbartha ealaíon i ngach ceantar Gaeltachta; ag dul i ngleic le laigeachtaí sa bhonneagar ealaíon agus ag cinntiú, i gcomhar leis an bpobal, agus le páirtithe leasmhara eile go mbeidh teacht ag an bpobal i gcoitinne ar ghnéithe de na healaíona dúchasacha agus comhaimseartha a bhí ceilte orthu go dtí seo."
, Údarás na Gaeltachta
"Tá rún daingin ag an gComhairle Ealaíon oibriú le húdaráis eile, lena chinntiú go mbíonn fáil ar na hEalaíona i gcroílár an phobail áitiúil. Sa Ghaeltacht, tá siad ag comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta ar fhorbairt na nEalaíon, ag dul i ngleic le laigeachtaí san infrastruchtúr ealaíon, agus ag cinntiú go bhfaigheann ealaíontóirí agus an pobal ina iomláine an tacaíocht atá riachtanach chun tionscnaimh ealaíon a fhorbairt."
, An Chomhairle Ealaíon
Le linn 2003, eagraíodh cruinnithe sna ceantair Ghaeltachta leis na laigeachtaí agus na bearnaí i bhforbairt agus soláthar na n-ealaíon sa Ghaeltacht a aimsiú agus a phlé. Tugadh cuireadh d'ealaíontóirí, d'eagraíochtaí ealaíon, do ghrúpaí pobail agus don phobal i gcoitinne páirt a ghlacadh sna cruinnithe.
Tá an Plean Ealaíon 2005-2009 bunaithe ar na moltaí a d'eascair as na cruinnithe sin, ar an eolas a bailíodh mar chuid den Mheastóireacht a rinneadh ar an bPlean 2001-2003 agus ar thaithí na Foirne Ealaíon.
Ar ais go Barr
|