Deis idirnáisiúnta d’ealaíontóir Gaeltachta

Ealaín (na Gaeltachta) Teoranta sásta comhpháirtíocht nua leis an Centre Culturel Irlandaise i bPáras a fhógairt. Cuirfidh an comhpháirtíocht seo tréimhse cónaitheach, dár luach thart ar €2000, ar fáil d’ealaíontóir Gaeltachta atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i 2018/2019.

Cuireann an Centre Culturel Irlandais clár bliantúil do dheiseanna cónaitheacha d’ealaíontóirí ar fáil, maraon le ardán a thabhairt, i bPáras, do chultúir bhríomhar chomhaimseartha na hÉirinn.

Tacaíonn Ealaín na Gaeltachta le forbairt na n-ealaíon traidisiúnta agus comhaimseartha sa Ghaeltacht.

Leis an gcomhoibriú seo, cuirfear tréimhse cónaitheach míosa ar fáil d’ealaíontóir Gaeltachta i bPáras. Beidh lóistín acu sa Centre Culturel, clúdófar costaisí taisteal go Pháras agus beidh liúntas €700 ar fáil dóibh. Is féidir cuir isteach ar an ndeis seo trí shuíomh idirlinn an Centre Culturel Irlandais amháin. Is idir Lúnasa 2018 agus Iúil 2019 a bheidh an tréimhse agus is é 10 Eanair 2018 an spriocdháta. Is trí phróiséis comórtasach a roghnófar an t-ealaíontóir.

Tá gach eolas ar fáil ag: http://www.centreculturelirlandais.com/en/residencies/