Tugtar
breac-chuntas anseo ar na cearta dlíthiúla atá
agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise,
1997 agus 2003.
Fochuideachtaí Údarás na Gaeltachta
Faoi chlásal 1 (5) (g) den Chéad Sceideal den
Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, baineann forálacha
an Achta le fochuideachtaí Údarás na Gaeltachta,
Ealaín (na Gaeltachta) Teoranta san áireamh.
Ar mhaithe le seirbhís éifeachtach feidhmíonn
Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaire ar
son na cuideachta seo i dtaca leis na hAchtanna Na hAchtanna
um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003.
Tá sonraí iomlána i leabhar Tagartha
Alt 15 Údarás na Gaeltachta atá ar fáil
ag www.udaras.ie/index.php/roghchlr_corparideach_/eolas_foin_dars_/rialachas_corparideach_/saoril_faisnise_/1354
Tá eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
ar fáil freisin ón Oifigeach um Shaoráil
Faisnéise in Údarás na Gaeltachta ag
asf@udaras.ie , nó ó Oifig an Choimisinéara
Faisnéise ag http://www.oic.gov.ie
Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise,
1997 agus 2003
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise
1997 i bhfeidhm ar an 21 Aibreán 1998 agus tugadh isteach
cearta dlí do dhaoine lena n-áirítear
an ceart
• chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla
atá i seilbh Ranna Rialtais agus comhlachtaí
poiblí liostaithe eile,
• chun faisnéis phearsanta a bhaineann leo a
cheartú nó a thabhairt cothrom le dáta
nuair a bhíonn an t-eolas sin neamhiomlán, mícheart
nó míthreorach, agus
• chun na cúiseanna a bhaineann le gníomhartha
comhlachtaí poiblí, a théann i gcion
orthu, a fháil.
Iarratas a Dhéanamh
Is ceart iarratais i dtaca le Saoráil Faisnéise
a sheoladh i scríbhinn chuig:
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
(Tag: Ealaín (na Gaeltachta) Teoranta)
Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe.
Sonraí teagmhála eile:
Fón: (091) 503100 Facs:
(091) 503101
Ríomhphost: asf@udaras.ie
Tá sonraí maidir le táillí ar
fáil sa Leabhar Tagartha Alt 15.
Is ceart a lua san iarratas go bhfuil an t-iarratas á
dhéanamh faoi na hAchtanna Shaoráil Faisnéise
agus ba cheart an fhochuideachta atá i gceist a shonrú
san iarratas.
Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir le
do thoil lena chumasú d'fhoireann an taifead a aithint.
Má tá faisnéis ag teastáil i bhfoirm
áirithe (e.g. fótachóip, diosca ríomhaire,
léamh i bpearsa etc.), is ceart sin a lua i d'iarratas.
NÓTA:
Tá ceangal ar Údarás na Gaeltachta ag
feidhmiú mar ghníomhaire ar son , Ealaín
(na Gaeltachta) Teoranta admháil go bhfuarthas iarratas
faoin Acht a thabhairt laistigh de 10 lá oibre agus
tá oibleagáid air freagra a thabhairt ar an
iarratas laistigh de 20 lá oibre.
|