Na hEalaíona a Eascraíonn as Traidisiún Béil na Gaeltachta

Aidhm: Traidisiún béil na Gaeltachta .i. an amhránaíocht agus an scéalaíocht a chur chun cinn agus a fhorbairt. Tábhacht na n-ealaíon seo don lá atá inniu ann a chruthú agus aitheantas a thabhairt dóibh mar mheán ag muintir na Gaeltachta lena bhféiniúlacht féin a chur in iúl os comhair an tsaoil.

  • Príomha 1: Tadhg Mac Donnagáin, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

    Sonraí an Chláir: Cnuasach amhráin agus rannta traidisiúnta Chonamara a bhailiú agus a eisiúint i bhfoirm dlúthdhiosca agus leabhair.

    Tacaíocht faighte ag an togra ó Ealaín na Gaeltachta 2007: €12,300

  • Príomha 2: Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

  • Sonraí an Chláir: Amhránaí cónaithe ar an sean-nós a cheapadh le bheith i mbun ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn na hOllscoile agus do mhuintir Chonamara. Stór amhrán a bhailiú ó amhránaithe eile agus an stór seo a chur os comhair an tsaoil.

    Tacaíocht faighte i 2008/09: € 12,500.

    Tuilleadh Eolais: Muireann Ní Dhroighneán m.nidhroighneain@udaras.ie 091 503220

  • Príomha 3: Pádraig Ó Baoill: Tionscnamh scéalaíochta a bhí bailithe aige féin, Máirtín Ó Cadhain agus ag Seán Ó hEochaidh ón scéalaí Séamus Mac Amhlaoibh as ceantair na bhFrasa i dTír Chonaill a chur in ord.

    Tacaíocht faighte ó Ealaín na Gaeltachta: 2008: €3,000

    Coiste Pobail Cholmcille Tóraigh: Sraith ceardlanna amhránaíocht, scéalaíocht, agus damhsa.

    Tacaíocht faighte ó Ealaín na Gaeltachta: 2007: €6,000

Ar ais go Barr

   Céim ar aisCéim ar aghaidh