Critéir le haghaidh maoiniú

  • An Ghaeilge: Cuirfear an clár / togra i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge.
  • Caighdeán an ealaíontóra - taispeánfar go bhfuil saothar d'ardchaighdeán cruthaithe/léirithe ag an ealaíontóir cheana.
  • Caithfidh polasaí soiléir ealaíon a bheith ag an iarrthóir.
  • Caighdeán an smaoinimh - smaoineamh forbartha a léiríonn dul chun cinn soiléir ar an bpolasaí ealaíon thuasluaite.
  • Cuirfear plean oibre san áireamh a thaispeánann aidhm, cuspóir, straitéis, próiseas agus an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón togra.
  • Tá sé riachtanach go mbeidh páirtíocht ag ealaíontóirí gairmiúla sa scéim nó iad siúd a bhfuil taithí acu ag obair le grúpaí trí mheán na n-ealaíon.
  • Fios beacht ar na spriocanna/rannpháirtithe/úsáideoirí
  • Plean cuimsitheach de rannpháirtíocht an lucht féachána
  • Modh nuálach agus sármhaith ó thaobh thaispeáint an tsaothair de.

  • Fianaise maidir le foinsí eile airgid nó tacaíochta
    Is féidir maoiniú, urraíocht, úsáid ionaid, am deonach, urraíocht chomhchineáil, úsáid theileafóin, ríomhaire srl. a chur san áireamh anseo.

  • Cumas bainistíochta agus riaracháin
    - taithí an duine /an ghrúpa
    - struchtúr na heagraíochta
    - réimse d'fhoinsí maoinithe
    - saineolas speisialtóra

  • Geallúint i dtaca le meastóireacht, cuntas a choinneáil agus tuairisciú (le cruthú físe) a dhéanamh ar an gclár/tionscadal nuair a bhíonn sé críochnaithe.

   Céim ar aisCéim ar aghaidh