Cuas 2 le Caoimhghín Ó Fraithille

 
Sparánachtaí
 
Foirmeacha
 
 

Is le dul i ngleic le laigeachtaí bunúsacha i bhforbairt agus soláthar na nEalaíon sa Ghaeltacht atá scéim ar leith ag Ealaín na Gaeltachta le tacú le réimsí ealaíon ar leith.

Tugtar tús áite do na réimsí seo, le súil ag deireadh ré an Phlean Ealaíon go mbeidh curtha le infrastructúr na nEalaíon sa Ghaeltacht. Tá buiséad ar leith ann do na Príomhréimsí seo atá á fhorbairt ag ealaíontóirí agus ag grúpaí ealaíon i gcomhar leis an bhFoireann Ealaíon.

Roghnaíodh na Príomhréimsí seo ar chúiseanna áirithe agus cuireadh moltaí a tugadh ag cruinnithe poiblí inar fhreastal ealaíontóirí, grúpaí ealaíon agus an pobal i gcoitinne san áireamh. I measc na gcritéar a úsaideadh leis na réimsí a roghnú tá: a dtábhacht i dtaobh na teanga de, a dtábhacht i dtaobh na hóige de agus an tionchar a bheas acu ar fhorbairtí ealaíon eile atá ar siúl faoi láthair.

Fógraíodh na Príomhréimsí go náisiúnta agus tugadh cuireadh do dhaoine aonair /do ghrúpaí plean forbartha a chur ar aghaidh.

Tuilleadh Eolais: ealain@udaras.ie

Na Príomhréimsí
   Drámaíocht sna Bunscoileanna
   Ealaín don Aosach
   Amharclann Óige
   Na hEalaíona a Eascraíonn as Traidisiún Béil na Gaeltachta
   Cothú Imeachtaí Ealaíon do Lucht Spéise na nEalaíon
   Litríocht/Scríbhneoireacht Chruthaitheach don Óige
   Eagrais Tosaíochta