Próiseas Iarratais

Caithfidh iarrthóirí foirm iarratais a líonadh ina gcuirfear síos ar chuspóirí, cineál agus aidhm na scéime molta, ina dtugtar léiriú soiléir ar spriocanna, ar an modh oibre ar an toradh lena mbítear ag súil agus ar thaithí agus cúlra an ealaíontóra. Tá an fhoirm ar fáil ón Áisitheoir Ealaíon in Oifig Údarás na Gaeltachta.

Ba chóir an t-eolas seo a leanas a chur leis an iarratas:

  • CV'anna na n-ealaíontóirí a bheidh páirteach
  • samplaí dá gcuid oibre
  • sonraí airgeadais agus riaracháin chomh maith le heolas faoi thacaíocht a lorgadh don togra
  • cruthúnas de thacaíocht áitiúil, más ann di
  • sonraí faoi mhonatóireacht atá beartaithe chomh maith le próisis mheastóireachta le héifeacht na scéime a chinntiú.
  • eolas ábhartha ar bith eile

   Céim ar aisCéim ar aghaidh