Cé ar atá an Scéim seo dírithe?
Tá an scéim dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar ealaíontóirí gairmiúla. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach aige/aici ón gcleachtas ealaíon, ach is gá cuntas beatha a chur ar fáil a thugann léargas ar do shaothar ealaíon go dáta.
Tá cead ag ealaíontóirí d'aon mheán ealaíon atá ag maireachtaint sa Ghaeltacht iarratas a dhéanamh (m.sh. scribhneoirí, ceoltóirí, rinceoirí, físealaíontóirí, aisteoirí & r.l.).
Aidhm na Scéime
Is é is aidhm leis an scéim ná
Ealaíon den ard-chaighdeán a aithint tré gradam a bhronnadh ar ealaíontóirí cumasacha sa Ghaeltacht
Tacaíocht a chur ar fáil don ealaíontóir aonarach chun
- Feabhas a chur ar a c(h)leachtas ealaíon féin agus lena g(h)airm beatha a fhorbairt.
- Cur leis na scileanna ealaíon agus leis an taithí ealaíon atá aige/aici
- Saothar ealaíon nua a chruthú.
Trín scéim, tugtar deis d'aon ealaíontóir, am a chur ar leataobh le deis a thabhairt do/di díriú ar shaothar áirithe ealaíon, go háirithe trín iad a shaoradh ós na gnáth dualgaisí a bhíonn orthu. Tá deis chomh maith ag an ealaíontóir oibriú le healaíontóir eile a bheadh mar meantóir aige/aici ar feadh tréimhse.