| |
Nuacht
Fáilte chuig ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta.
An té nach gcuireann san Earrach ní bhaineann sé san Fhómhar. Thíos luaite tá nuacht, deiseanna, ceardlanna agus imeachtaí éagsúla gur fiú a bheith ag smaoineamh orthu idir seo agus deireadh na míosa.
Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie freisin má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.
Eolaire Ealaín na Gaeltachta. Tá eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo dírithe ar phobal na Gaeltachta a chuir ar an eolas faoi ealaíontóirí atá sásta seirbhís a chuir ar fáil trí mheán na Gaeilge. Más ealaíontóir tú nó grúpa ealaíona sibh, atá ag feidhmiú in aon cheann de na réimsí ealaíona dúchasacha nó comhaimseartha, agus é ar bhur gcumas seirbhísí ealaíona a sholáthar trí mheán na Gaeilge ba mhaith linn deis a thabhairt daoibh bhur gcuid sonraí a chur ar Eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo, ar an suíomh www.ealain.ie . Dóibh seo atá cláraithe leis an suíomh cheana féin is deis é seo chomh maith le bhur sonraí a thabhairt suas chun dáta. Téigh i dteagmháil linn ag 091/503220 nó seol chugainn iad ag ealain@udaras.ie .
An Chomhairle Ealaíon:
Duais Amharcealaíon a fheighleofar: Glaoch ar aighneachtaí. Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon agus le Comhairle Ealaíon Tuaisceart Éireann, i gcomhpháirt le Gailearaí Dhúghlas de hÍde, Baile Átha Cliath, agus le Void, Doire, aighneachtaí a lorg do dhuais nua amharcealaíon a mbeidh an t-ealaíontóir Mike Nelson ina fheighlí uirthi.
Roghnófar beirt ealaíontóirí – duine amháin ó Phoblacht na hÉireann agus duine amháin ó Thuaisceart Éireann - agus bronnfar duais orthu a mbeidh luach iomlán de €56,000 uirthi chun saothar nua a dhéanamh agus a chur ar taispeáint ag gailearaithe Dhúghlas de hÍde agus Void ag deireadh 2007 agus ag tús 2008. Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná Dé hAoine, 30 Márta, 2007.
Is í cuspóir an ghradaim ná cur ar chumas na n-ealaíontóirí a roghnaítear saothar ríthábhachtach a tháirgeadh a chuirfidh a gcleachtas féin chun cinn. Cuirfidh na taispeántais ardáin shuntasacha phoiblí ar fáil don saothar, ó thuaidh agus ó dheas.
Déanfar measúnú ar ealaíontóirí bunaithe ar an saothar atá déanta acu san am atá caite, agus ar an rún nó ar an gcumas a chuirtear in iúl ag an saothar sin, in éineacht le haon togra ar mhian leo cur faoinár mbráid. Spreagtar ealaíontóirí chun breithniú a dhéanamh ar impleachtaí na láithreán agus na spásanna ina mbeidh siad ar taispeáint – breithniú ar féidir leis idir gnéithe follasacha agus gnéithe doiléire a chuimsiú.
Iarrfar ar na healaíontóirí sin a chuirtear ar an ngearrliosta a gcuid smaointe a fhorbairt lena gcur i láthair go luath i mí na Bealtaine.
Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná Dé hAoine, 30 Márta, 2007. Tuilleadh eoais ón gComhairle Ealaíon http://www.artscouncil.ie
Triail nua na Comhairle Ealaíon -Camchuairt ar Triail Céard é
Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é Camchuairt Ar Triail. Is tionscadal taighde fheidhmigh dhá bhliain é a bhfuil sé mar aidhm aige na toscaí cineálacha a bhfuil éifeacht acu ar chamchuairteanna in Éirinn a aithint, maidir le ceol, na hamharcealaíona, an litríocht, na healaíona traidisiúnta, an amharclann agus an damhsa. Tá sé ag cur roimhe chomh maith na ceisteanna a bhaineann go sainiúil le foirmeacha ealaíne faoi leith a aithint, maidir le camchuairteanna sna foirmeacha ealaíne sin.
Is tionscadal taighde fheidhmigh é Camchuairt ar Triail a thabharfaidh tacaíocht do roinnt ealaíontóirí, léiritheoirí, complachtaí, ionaid agus gréasáin ionad, a bhreathnóidh go grinn orthu agus a oibreoidh i gcomhar leo thar tréimhse dhá bhliain. Cuirfidh Camchuairt ar Triail moltaí le chéile ansin agus cuirfear iad seo faoi bhráid na Comhairle Ealaíon go luath in 2008. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí an leathanach Help/FAQ Cabhair / Ceisteanna Coitianta ar an suíomh seo.
Tuilleadh eolais ó http://www.thetouringexperiment.ie / 01 677 8084 nó seol ríomhphost chuig info@thetouringexperiment.ie
Más mian leat mionphlé a dhéanamh ar do thionscadal camchuairte nó ar do smaoineamh, is féidir linn tú a chur i dteagmháil leis an gcomhairleoir foirme ealaíne don fhoirm ealaíne lena mbaineann tú. Féach ar an rannóg Eolas Fúinn ar an suíomh seo chun teacht ar na sonraí seo
Scéim na bhFéilte Beaga: Dé hAoine 9 Márta 2007 5.30pm
(le haghaidh féilte/ imeachtaí a tharlóidh sa dara leath de 2007) Regina O'Shea,
Feidhmeannach DeontasTeil: 01 618 0260 R.phost: smallfestivals@artscouncil.ie
Scéim na nEalaíontóirí sa bPobal : Tá dhá spriocdháta ann i gcomhair na scéime seo: 5i.n. Dé hAoine 9 Márta, & 5i.n. Dé hAoine 29 Meitheamh 2006.
Tuilleadh eolais, foirmeacha iarratais, nó chun seisiún comhairleach a chur in áirithe, téigh i dteagmháil le Katherine Atkinson, Tacaíocht Tionscadail & Forbairt Ghairmiúil, 01 4736600 nó seol ríomhphost chuig support@create-ireland.ie.
Deiseanna d 'Ealaíontóirí
Dámhachtain Sparánachta- Chun deis níos mó ama, spáis agus saoirse a thabhairt d'ealaíontóirí díriú ar chleachtas nó corpas saothair a fhorbairt. Spriocdáta - 22 Meitheamh
Tionscadail: Nua Eabhrac. Chun tionscadail a fhorbairt a shíneann thar theorainneacha foirmeacha ealaíne 2 Márta 17 Lúnasa
Tionscadail: Aonuaire. Cur ar chumas daoine aonair nó eagraíochtaí tionscadail aonuaire a chur ar bun. 2 Márta 17 Lúnasa
Coimisiúin Comhpháirtíocht chruthaitheach a spreagadh idir raon éagsúil coimisinéirí agus ealaíontóirí 23 Márta 21 Meán Fómhair. Tuilleadh eolais ón gComhairle Ealaíon 01 6180200
An Dámhachtain Taistil agus Sothghluaisteachta - Spriocdháta leanúnach
Dámhachtain Taistil & Oiliúna Múnlú agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú; deiseanna líonraithe a spreagadh; cuimsíonn an dámhachtain seo an dámhachtain Taistil & Soghluaisteachta agus an Dámhachtain Forbartha agus Oiliúna Gairmiúla. Leanúnach
DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach
Deiseanna eile:
Áras na Scríbhneoirí: Tugtar cuireadh do scríbhneoirí nua agus bhunaithe iarratas a sheoladh isteach maidir le húsáid spásanna stiúdió an Árais thar tréimhse aontaithe i 2007. Seol bhur n-iarratais ag cur síos ar do thionscnamh maroan le C.V chuig An Stiúrthóir, Áras na Scríbnheoirí 19 Chearnóg Pharnell, Baile Áth Cliath 1,riamh phost: info@writerscentre.ie
Foláireamh – Spriocdháta do dheontais Cultúr Éirinn 15 Bealtaine 2007 http://www.cultureireland.gov.ie
Tá Cultúir 2007 -2013 togra maoinithe an tAontas Eorpach fógraithe anois. Foirmeacha iarratais, spriocdhátaí eile, agus eolas ghinealrálta ar fáil faoi láthair ón ngréasáin http://www.culture2007.info/
Moladh an Cheoil: Duais mar cheiliúradh ar úsáid agus múineadh an cheol i mbunsoileanna agus Meánscoilanna na tíre. Tá dhá mór dhuais le bronnadh:
* Dearbhán €3,000 d’uirlisí Ceol Yamaha an phríomh dhuais do bhunscoileanna
* Dearbhán €3,000 d’uirlisí ceol Yamaha an príomh dhuais do mheánscoileanna.
Spriocdháta na n-iarratais Dé hAoine 16 Márta 2007 agus iad a sheoladh chuig Moladh an Cheoil, RTÉ lyric fm, Cornmarket Square, Luimneach.
Tuilleadh eolais, crítéir iontrála freisin ó The Lyric Breakfast agus breakfast.lyricfm@rte.ie
|
Fíbín: Gáire 'gus Caoineadh ó Luan go hAoine" Dráma nua-scríofa ag Seán T. Ó Meallaigh do Fíbín, ina bhfuil chúig dhán ó churaclam na Gaeilge Fíbín: Gáire 'gus Caoineadh ó Luan go hAoine Níl aon Ní, An Gealt, Jack, Faoiseamh a Gheobhadsa agus Bímse Buan ar Buairt) ceangailte le chéile ins na heachtraí a tharlaíonn do Róise, Máirtín, Jacques, Bertie agus Pádraig.. Feicfidh sibh na dánta i gcomhthéacs nár shamhlaigh aon scoláire riamh dóibh - comhthéacs ábhartha spraíúil nua-aimseartha!. Is féidir leat glaoch orthu ag 091 563600 nó féach ar www.fibin.com
LinenHall – Caisleán an Bharraigh Luan 5 - Aoine 9 Márta
Briery Gap, Maigh Chromtha, Co. Chorcaigh Luan 12 - Aoine 16 Aibreán
Axis Arts Centre, Baile Muna, Baile Átha Cliath Luan 20 - Aoine 23 Márta
Éigse an Spidéil: 1 - 11 Márta 2007:
Déardaoin 1 Márta Óstan na Páirce Oscailt OIfigiúil le Edel Ní Chuireáin, Ceannaire Raidio na Gaeltachta, agus Léacht na hÉigse' Teitheadh, imeacht nó Turas na nIarlaí as Éireann 1607' leis an Dr Nollaig Ó Muraile., Gaillimh.
Dé hAoine 2 Márta Óstán na Páirce Oíche Fhilíochta le Cathal Ó Searcaigh, Jackie Mac Donnchadha, Joe Steve Ó Neachtain, Josie Ó Guairm, Micheal o Cuiag, Aingeal Ní Chualáin agus go leor filí áitiúla
Dé Sathairn 3 Márta Óstán na Páirce Ceolchoirm na hÉigse Tommy agus Siubhan Peoples agus Murty Ryan, Scoth na bhfidléirí as Tír Chonail i dteannta le Neol Hill Brian Mc Grath.
Dé Luain - Déardaoin: Scoileanna an Cheantair: Aoicheoltóirí ar chamchúirt
Dé hAoine Óstan na Páirce: 8.in Taispeántas damhsa Traidisiúnta Idirnáisiúnta Sean nós na hÉireann agus Flamenco na Spáinne.
Dé Sathairn 10 Márta Coláiste Chonnacht Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin Comórtas fonnadóireachta sean -nóis do dhaoine faoi 18
Óstán na Páirce: 8.30i.n Comórtas Tom Pháidín Tom,Comórtas fonnadóireachta sean -nóis do dhaoine os cionn 18. Oíche Áirneáin ceol agus amhránaíocht
Dé Domhnaigh 11 Márta Tigh Hughes ceotóirí Óga an Ghaelacadamh agus a gcuid múinteoirí.
Léirú nua ag Branar Drámaíochta: Tá AN CHÉAD CHÉIM ag croílár an clár amharclainne sa oideachais atá deartha go speisialta do na ranganna 4, 5 agu 6. I dteannra leis an léiriú, tá Pacáiste Achmainne do mhúinteoirí bunaithe ar an dráma agus ábhair a éiríonn as. Sa Phacáiste beidh moltaí oibre le déanamh sula dtagann an dráma agus cinn eile le déanamh tar éis an dráma. Déanfar ceardlann leis na daltaí a bhéas ag díriú isteach ar an ealaíon radharcach.
Cinntíonn na ceardlanna agus an pacáiste acmhainne go ndéanfar freastal ar chomhtháthú ábhar mar a éilítear sa curaclam nua. Tuilleadh eolais ach glaoch ar 091 500155 www.branar.ie nó seol r. phost chuig Branar@eircom.net
Taibhdhearc na Gaillimhe Jude le Micheál Ó Conghaile Beidh Jude, dráma nua-scríofa le Micheál Ó Conghaile, á léiriú faoi stiúir Sheáin Uí Thárpaigh i dTaibhdhearc na Gaillimhe ón Déardaoin 8 Márta go dtí an Aoine 16 Márta 2007. Sa dráma nua seo le Micheál Ó Conghaile, údar Cúigear Chonamara, titeann an drioll ar an dreall nuair a scaoiltear fórsaí ollmhóra millteacha an teaghlaigh nuair a sceitear rún Jude. Bean láidir, stuama, mhisniúil, cheannrodaíoch í Jude a chaith a saol ag stracadh ar son chearta na mban i saol na bhfear, rud a d’fhág a caidreamh lena fear Peadar (ar easlán é) agus lena hiníon, Gráinne, ar an bhfaraor géar. Níl a caidreamh lena máthair Mary, a bhfuil súil aici ar an mbás, thar mholadh beirte ach oiread – ach ar chúis eile ar fad ...Bhuaigh an dráma seo an dara háit i nGradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín, comórtas a eagraíodh mar chuid de Cheiliúradh 75 bliain ó bunaíodh Taibhdhearc na Gaillimhe, le haitheantas a thabhairt don obair iomráiteach a rinne an Maicíneach san amharclann, agus le drámadóirí a spreagadh chun pinn. Lena thuilleadh eolais nó le ticéid a chur in áirithe, glaoigh ar An Taibhdhearc ag 091-563600.
Imeachtaí Seachtain na Gaeilge: Tuilleadh eolais ó http://www.snag.ie/
Oireachtas na Cásca & An Fhéile Pan Cheilteach -le chéile ag cothú muintearais Tá dhá athrú suntasach á ndéanamh acu i mbliana ar an gcéad fhéile – an fhéile a dtugadh muid Oireachtas na Bealtaine uirthi go dtí seo’, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. ‘Is Oireachtas na Cásca a bheidh ann as seo amach mar go mbeidh an fhéile ar siúl le linn sheachtain na Cásca, ó 12 – 15 Aibreán 2007.’ Ar na himeachtaí eile a bheidh ar siúl le linn Oireachtas na Cásca tá Léacht an Oireachtais; Bronnadh na nGradam Cumarsáide; Fáiltiú an Oireachtais; Seisiúin & a lán eile. Reáchtálfar Club na Féile agus roinnt imeachtaí eile i gcomhar leis an Fhéile Pan Cheilteach. Gach eolas ó:- Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 Fón: + 353 1 475 38 57 Facs: + 353 1 475 87 67 Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie
Scríbhneoir Cónaitheach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh do 2007: Tá Seamas Mac Annaidh, ceaptha mar Scribhneoir Cónaitheach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh do 2007. Beidh sé ar fáil le haghaidh ceardlanna, leachtaí, leitheoireachtaí agus srl san ollscoil agus sa cheantair maguaird, Is féidir le daoine dul i dteagmháil leis ag smccanny@hotmail.com
Amhránaí Cónaitheach, Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh :Tá Micheál Ó Cuaig ceaptha mar Ámhranaí Sean - nóis Cónaitheach 2007. Tuilleadh eolais ó Ionad an Léinn Éireannaigh 091/52441.
Cór Fhéile Naomh Pádraig, Inis Oírr , Inis Mór agus Gaillimh 15 - 19 Márta 2007. Tuilleadh eolais ó Aonghus Dwane Ealaín SetantaTel 00 353 87 6232841 www.ealainsetanta.ie
Ciotóg: Ionad Ealaíona An Mermaid , Brí Chualainn- How did we get here ? Dráma damhsa ó Chiotóg/ Ríonach Ní Néíll Cliar : Fearghus ó Conchúir, Mike Carbery agus Lisa Mc Loughlin
Imeachtaí Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne
02.03.07 ’Laoi na Laoithe’ (Premiere Domhanda) le Peadar O Riada agus Cór Ban Chúil Aodha 16.03.07 Mick O’Brien Mick O’Brien (píobaí) agus Caoimhín ORaghhallaigh (fidil) ó www.ionadculturtha.ie
Acadamh Fódhla Cruinníotar dáibhimh an Acadaimh mar seo leannas: Dáimh Talamhaíochta An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Máirt 8:00
Dáimh Amhránaíochta Dhúchasach. An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Dé Céadaoin 9:30 Dáimh Staire Dhúchasach, An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Déardaoin 8:00Fáilte roim baill nua.
Cór Chúil Aodha:Cleachtadh gach Luan 9:00 sa Draighean.Fáilte roimh baill nua ach tú féin do chur in iúil tar éis Aifrinn aon Domhnach i gCúil Aodha.
Cór Ban Chúil Aodha. Cleachtadh gach Ceadaoin 8:00 Ionad Culturtha Bhaile Mhuirne.Fáilte roimh baill nua ach teacht chun cleachtadh.
Comórtas Gearrscéalaíochta Mháirtín Uí Chadhain
Comórtas nua gearrscéalaíochta á riaradh ag an nGaelacadamh Teo., An Spidéal agus urraithe ag Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe. Tá an comórtas seo á eagrú le glúin óg cainteoirí Gaeilge a spreagadh le dul i mbun pinn le tógál ar an mbunchloch a leag Ó Cadhain chomh paiteanta sin.
Tá dhá roinn sa chomórtas -
- Roinn A - 17 – 35 bl. - duais - €1,500
- Roinn B - Daltaí Iarbhunscoile - €500
Is leor 3,000 focal ach féadfaidh na moltóirí aon saothar níos mó ná níos lú ná sin a chur san áireamh. Beidh Cló Iar-Chonnachta ag foilsiú na ngearrscéalta a mbeidh caighdeán sách ard iontu.
Spriocdáta: Lá Bealtaine 2007
Rialacha & Foirm Iarratais: An Gaelacadamh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. 091-553124 nó caitrionanioibicin@eircom.net
Aras na scríbhneoirí http://www.writerscentre.ie/centre/index.htm Comórtais an Árais. http://www.writerscentre.ie/competitions/index.htm
Taispeántas Ealaíon Feabhra i nDánlann Joan Clancy, An Rinn:
Gealaraí Joan Clancy – Ceiliúradh na Cásca ‘Four by Four’. ‘Sé Four for Four- Ceiliúradh na Cásca, an seó Cásca a bheidh i Joan Clancy Gallery i nGaeltacht na Rinne i gcontae Phort Láirge a thaispeánfaidh pictiúir úra ó na healaíontóirí áitiúla Rayleen Clancy, Blawnin Clancy, Leah Murphy agus Kate Hawkins.
Is as Gaeltacht Phort Láirge do Blawnin Clancy, Rayleen Clancy and Leah Murphy, agus sí an Ghaeltacht foinse inspioráide a gcuid saothair i dTaispeántas Feabhra 2007 i nDánlann Joan Clancy. Eolas: (086) 813 4597 info@joanclancygallery.com www.joanclancygallery.com
Taispeántas ó Aoife Casby agus Ceara Conway sa mBoluisce , an Spidéal
3ú-17 Márta.
Daoine ag teastáil chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh ealaíne
Táim ag obair ar phíosa fuaime bunaithe ar an téama ‘Solas’ do thaispeántas in Ard Eaglais Chríost ( Christchurch Catherdral) Ba mhaith liom labhairt, agus scríobh le daoine ó chuile aos-ghrúpa, maidir le conas a shamhlaíonn siad ‘solas’ i gcómhthéacs Sprioradálta agus fuinneamh. Más mian leo an 'solas' a chur in iúil le ceol nó le fuaim, bheadh fáilte é sin a dhéanamh. Má tá suim agaibh páirt a ghlacadh sa dtogra seo, téigh i dteagmháil le Ceara Conway ag 0876934038 nó E: conwayceara@gmail.com
Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise |
JMI - Iris Ceoil na hÉireann. Iris chuimsitheach le haltanna suimiúla maidir le chuile genre ceoil sa tír. Tá eagrán Samhain/Nollaig ar fáil anois. Tuilleadh eolais ó http://www.thejmi.com
Cinegael - Tá saothar scannánaíochta Cinegael (BobQuinn) ar fáil don chéad uair ar DVD - a leithéid Phoitín, Atlantean, Budawanny, Splanc Dheireadh na Gaeltachta, Damhsa an Deoraí, Cloch, ó www.conamara.org nó óCinegael, Tuairín, Béal an Daingin, Conamara.
Soiscéal Pháraic 8 i.n gach Déardaoin ar TG4. Tá Soiscéal Pháraic ar an bhfód le ceithre shéasúr anois agus is é an taon chlár ealaíona sa tír a bhfuil á chraoladh ag príomh am ar an dteilifís. Clár seachtainiúil léirmheasa ar shaol na n-ealaíon in Éirinn agus a mbaineann leis. Is é Páraic Breathnach a bhíonn sa chathaoir agus ní chuireann sé féin ná a phainéal saineolaithe fiacail ina mbreithiúnas. Tagann idir ealaín, institiúidí, eagrais, údair agus ealaíontóirí faoina mbreithiúnas agus beidh tuairiscí rialta ó gach cearn den tír ar fáil i gcláir an tséasúir seo mar aon le hoirfidigh stiúideo nuair a bhíonn sin ar fáil. Leiritheoir Sraithe Martina Durac. Má bhíonn tuilleaadh eolas ni gá ach glaoch ar Loopline Film 01 6676617 nó chur riomhphost ag ssceal@loopline.com.
Taisce Cheol Dúchais Éireann: Tuilleadh eolais ag www.itma.ie nó déan teagmháil leis an Taisce ag 73 Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath 2 (teil: +353-(0)1-661 9699 faics: +353-(0)1-662 4585).
Creative Edge (Audio)I ris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl. Tuilleadh eolais: Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,camchuairteanna agus ceolchoirmeacha agus eile achmhainneach
http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/ Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh
|
|