EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

Aibreán 2008
Imleabhar 2 Eagrán 8

 

 

 

Nuacht .

Tá an méid sin imeachtaí faoi lántseol as seo go ceann tamaill, ó cheann ceann na Gaeltachta, gur deacair tagairt a dhéanamh dóibh go léir gan trácht ar fhreastal ar a leath acu! I measc an n-imeachtaí is mó, reachtáilfear Féile an Phléaráca ar fuaid Chonamara www.plearaca.ie, maraon le Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCill Chiaráin agus ó dheas cuirfear tús le himeachtaí ealaíona éagsúla i gceantar Chorca Dhuibhne mar chuid d’Fhéile na Bealtaine www.feilenabealtaine.ie, gan dearmad a dhéanamh d’Aonach Ceoil Bhaile Mhuirne agus ar Oileán Acla eagrófar an 4ú Fhéile i gcuimhne ar Heinrich Böll www.achilltourism.com. Beidh aisteoirí agus drámadóirí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag tabhairt aghaidh ar chathair Luimní don bhFéile Náisiúnta Drámaíochta www.drama-gaeilge.com Osclófar taispeántas aonarach leis an ealaíontóir Tadhg MacSuibhne ó Chill na Martra, i nDánlann Mhic Giolla Bríde i gCill Airne.

Ná dearmad go mbeidh teacht le chéile na gComharsan Cheilteach sa mBreatain Bheag ón nDéardaoin 24ú go dtí an Sathairn 26ú - Cydymdeithio - Eagrófar Cruinniú Mullaigh do ghníomhairí cultúrtha agus ealaíona dírithe ar théama an chultúir mhionlaigh, sa mBreatain Bheag ón nDéardoin 24ú go dtí an Sathairn 26ú Aibreán seo chugainn. Tá líon teoranta sparánachtaí taistil fós ar fáil má tá fonn ort tabhairt faoin dturas. www.ealain.ie

Tá mór ócáidí ar siúl in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne i gcaitheamh na míosa. Chomh maith leis an ngnáth clár ilghnéitheach d’imeachtaí, beidh dhá premier dhomanda curtha ar stáitse san Ionad. Beidh Ceathráid Vanbrugh RTÉ i dteannta Áine Uí Cheallaigh agus Frankie Gavin leis an saothar nua Laoi na Carraige Báine de chuid Pheadair Uí Riada agus is iad Aisteoirí Ghobnatan a bheidh ar stáitse le dráma nua An Crann ó pheann Liam Uí Mhuirthile, www.ionadculturtha.ie.

Is fiú go mór an clár oiliúna atá á bhainistiú ag Business to Arts go leanúnach. Díreofar go háirithe ar scileanna teicneolaíochta agus ríomhaireachta le linn na míosa seo agus Mí na Bealtaine. Tá suas le 80% de lacáiste le fáil do dhaoine atá ag obair san earnáil ealaíon trí na scéimeanna atá urraithe ag lucht gnó. www.businesstoarts.ie

Sé an tAire Éamonn Ó Cuív, T.D. a sheolfaidh an Clár B.A. sa bhfís Ealaíon ar an 26ú Aibreán ar Inis Earcáin. Comhfhiontar atá sa togra idir Institiúd Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí Cumann Fobartha Inis Earcáin le maoiniú ar fáil ón Roinn Pobal, Tuaithe & Gaeltachta. Tuilleadh eolais ó Margaret O’Reilly ag sherkinart@gmail.com.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-litir eile, roimh 28 Aibreán.


Comhdháil

Cruinniú Mullaigh do cheannairí chultúrtha agus ealaíona

CYDMDEITHIO - Ag taisteal le chéile

Theatr Felin-fach
Cruinniú Mullaigh do cheannairí chultúrtha agus ealaíona i gcroílár ceantar Breatnaise
Le hionadaithe ó Éirinn, as Albain agus ón mBreatain Bheag.

dáta

24-26 Aibreán

Eolas

Muireann Ní Dhroighneáin
m.nidhroighneain@udaras.ie /091 503220

Eibhlín de Paor
e.depaor@udaras.ie /066 9150100

Micheál Ó Fearraigh
m.fearraigh@udaras.ie /074 9560100

 

Ócáid Insealbhaithe do Ghréasán Margaíochta Ealaíon na hÉireann

‘Ag eagrú Imeachtaí Ealaíon do Thurasóirí’

Cuireadh an grúpa seo ar bun ag eirí as an gcúrsa Margaíochta sna hEalaíon de chuid Druidstone, 2006. Beidh an chéad ócáid ar siúl in Amharclann Shiamsa Tíre, Trá Lí ar an Aoine 18 Aibreán. Tá saor chead freastal ag aoinne atá ag obair sna healaíon ag plé le cúrsaí margaíochta.


dáta

Dé hAoine 18 Aibreán 2:00 - 5:00

Eolas

Tania Banotti
theatreforum@ireland.com


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtainí nua chun Ensembles Ealaíon don Óige a fhorbairt

Scéim mhaoinithe nua d’ensembles ealaíon agus eagraíochtaí acmhainne don óige atá curtha ar bun ar bhonn píolótach.
Díreoidh an ciste ar ghrúpaí ógánach atá ag obair as láimh a chéile le healaíon a chruthú agus ar na heagraíochtaí acmhainne a thugann tacaíocht dóibh. Áirítear le samplaí d’ensembles ceolfhoireann ógra, cór ógra, banna, téatar ógra, grúpa scannánaíochta nó taispeántas saothair a chruthú; grúpa filíochta nó scríbhneoireachta; nó grúpa a oibríonn le chéile le roinnt foirmeacha ealaíne a chomhcheangal in aon imeacht amháin.
Chun cóip a fháil den phaca iarratais seo ríomhphost chuig mathilde.veldt@artscouncil.ie nó féach

Spriocdháta

 23 Bealtaine

Eolas

Mathilde Veldt.
mathilde.veldt@artscouncil.ie
Teil: 01 6180250

 

Comhairle Contae Na Gaillimhe

Leis na Gradaim, déantar an méid a chuireann an pobal leis na healaíon, a cheiliúradh. Bronntar gradam amháin ar an ngrúpa nó ar an duine is mór a chuireann leis na healaíona, dar leis an bpainéal moltóireachta agus bíonn gradam amháin ann do gach ceann de na toghranna: Conamara, Órán Mór, Tuaim, Baile Locha Riach agus Béal Átha na Sluaighe.

Spriocdháta

24 Aibreán

Eolas

Teil: 091 746875 nó artsoffice@galwaycoco.ie


Deiseanna Eile

Tréimhse Cónaithe do Rinceoir Deisceart Thiobraid Árainn

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó Rinceoirí, (maron le buiséad) don tréimhse cónaitheach seo. Painéal neamhspleách saineolaithe ealaíon agus rinceoirí a bheidh i mbun roghnaithe.
Buiséad iomlán: €20,000

Spriocdháta

 8 Bealtaine

Eolas

Sally O’Leary, Oifigeach Ealaíon
Teil: 052 34565
sally.oleary@southtippcoco.ie
www.southtippcoco.ie

 

Glaoch ar Iarratais: Mapa 2008-2009
Tréimhsí Cónaitheach

Tá an grúpa ealaíontóirí Pépinieres européennes pour jeunes artistes le 17 mbliain déag ag eagrú tréimhsí cónaitheach d’ealaíontóirí óga ar fuaid na cruinne. Mar chuid de chlár na bliana Meán Fómhair 08 go Meán Fómhair 09, beidh suas le 30 cónaitheachtaí ar fáil d’ealaíontóirí idir 18 mbl. déag agus 35 bl. d’aois

Spriocdháta

Eolas

www.art4eu.net

 

Físealíontóirí - Glaoch ar Iarratais:
Ionad Ealaíon Bhéal an Átha

Fáilteofar roimh iarratais ó fhísealaíontóirí do chlár thaispeántais 2009 ag Ionad Ealaíon Bhéal an Átha, Co. Mhaigh Eo.
Níor mhór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil
• suas le 6 íomha dá gcuid oibre a chur ar fáil (grianghrafanna, sleamhnáin, íomhánna digiteacha ar dlúth dhioscaí)
• Ráiteas ealaíontóra
• Cúntas Beatha reatha

Spriocdháta

18 Iúil 2008

Eolas

Teil: 096 73593
ballinaartscentre@eircom.net
www.ballinaartscentre.com

 

Físealaíontóirí - Glaoch ar Iarratais: Ionad Ealaíon Dheisceart Thiobraid Árainn

Táthar ag glacadh faoi láthair le hiarratais maidir le Clár Dánlainne 2009. Fáilteofar roimh iarratais nuálach agus dúshlánach ó ealaíontóirí aonaracha agus ó ghrúpaí d’ealaíontóirí.
Ní mór d’ealaíontóirí
• Dlúthdhiosca le 6 íomhá d’obair reatha maraon le dhá chóip cruaidh
• Imlíne ar cad é atá i gceist ag an ealaíontóir a dhéanamh don taispeántas
• Ráiteas ealaíontóra
• Cúntas Beatha bunaithe ar shaol ealaíona an ealaíontóra

Spriocdháta

 31 Iúil 2008

Eolas

www.southtipparts.com

 

Comórtas

Comórtas Filíochta an Chuairt

Comórtas filíochta dhá-theangach (Gaeilge nó i nGàidhlig na hAlban) atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn Cuairt na bhFilí Albanacha ar Éirinn. Níl aon táille iontrála i gceist ach ríomhphost móide leagan Béarla a sheoladh go dtí sile@comhdhail.ie roimh 23 Aibreán 2008.
Beidh Cuairt na bhFilí Albanacha ar siúl 2-9 Bealtaine.

Spriocdháta

Eolas

Síle Ní Chatháin
sile@comhdhail.ie nó teil: 01 6794780
www.gaelport.com


Ealaíon Poiblí


Comhairle Cathrach Luimní

Glaoch ar léirithe suime

Coimisiún leis an dtairbhe a bhí ag oibrithe na nDuganna i Luimneach ar shaol chultúrtha na cathrach le linn an 19ú agus an 20ú aois a cheiliúradh. Cuirfear gearr liosta le chéile bunaithe ar an eolas a chuirfear isteach sna léirithe suime.

Buiséad: €95,000

Spriocdháta

 Dé Luain 28ú Aibreán

Eolas

An Oifig Ealaíon
Teil: 061 407421
artsoffice@limerickcity.ie

 

Scoil Ealaíon & Dearadh Luimní Coimisiún Ealaíon Poiblí

Fáilteofar roimh iarratais don gcoimisiún seo a bheidh lonnaithe laistigh de theorainn an choláiste. Gheobhadh gur píosa buan nó sealadach a bheidh i gceist a lonnófar laistigh nó lasmuigh. Eagrófar cuairt ar an láthair.

Buiséad: €40,000

Spriocdháta

26 Bealtaine

Eolas

Vincent O’Shea
Teil: 056 7786446 nó infoirl@indigo.ie

 

Comhairle Baile Thrá Lí Coimisiún Ealaíon Poiblí

Tá píosa dealbhóireachta ar mhéid dhaonna a bheidh macasamhlach don gcumadóir agus ceoltóir, Christie Hennessy, nach maireann á choimisiúnú ag Comhairle Bhaile Thrá Lí. Tá sé i gceist ceiliúradh a dhéanamh ar shaol an cheoltóra agus ar bhain sé amach i gcaitheamh a shaol. Lonnófar an saothar dealbhóireachta seo sa chearnóg i gcroílár Thrá Lí.

Eagrófar turas suímhe ar an Mháirt, 29ú Aibreán, 12:00 meán lae

Buiséad: €80,000


Spriocdháta

30 Bealtaine

Eolas

arts@kerrycoco.ie nó Teil: 066 7183541


Folúntais

 


Ionad Ealaíon Deisceart Átha Cliath

Stiúrthóir Feidhmeannach

Ionad nua thógtha i dTamhlacht, BÁC 24, eochair thogra i bhforbairt na n-ealaíon tríd an chontae.
Ceannródaí atá ag teastáil le fís agus cuspóirí a bhaint amach don ionad nua. Beidh an té a roghnófar ábalta ar oibriú go straitéiseach agus beidh taithí aige/aici i bpleanáil agus cur i bhfeidhm agus bainisteoir chruthanta a bheidh i gceist le fios ar an gcleachtas ealaíon go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Post lán-aimseartha ar chonradh cheithre bliana.
Tuarastal: €65,522

dáta

Meánlae Déardaoin, 24 Aibreán

Eolas

www.southdublin.ie
r-phost: oscannell@sdublincoco.ie



Macnas

Stiúrthóir Ealaíona

Táthar ag glacadh le hiarratais mar Stiúrthóir Ealaíon i Macnas, grúpa amharclannaíochta na Gaillimhe. Duine le fís láidir ealaíon agus tuiscint dhoimhin ar chleachtas rannpháirtíocht a bheidh mar ionsparáid don gcomhlacht.

dáta

Dé hAoine 18ú Aibreán

Eolas

Ashton Teil: 091561462.
www.macnas.com



Amharclann Óige Cho. Shligigh

Stiúrthóir

Is é is aidhm leis an togra seo ná muinín agus féith na cruthaitheachta a mhúscailt i measc na rannpháirtithe trí chláracha amharclainne agus drámaíochta.
Tá Stiúrthóir le ceapadh anois le tabhairt faoi chlár cheardlann a eagrú, bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ar fad a bhaineann leis an Amharclann Óige, Ceannródaíocht agus stiúrú straitéiseach don eagraíocht.


dáta

Dé hAoine 25ú Aibreán

Eolas

Denise McCarthy
Teil: 071 911 1980
dmccarthy@sligococo.iewww.sligoarts.ie


Oiliúint

Business to Arts

Sraith chúrsaí oiliúna éagsúla in oiriúint faoi leith d’oibrithe ealaíon.
Ina measc;
Cúrsaí in Teicneolaíocht an Eolais agus Scileanna Bainsitíochta le lacáiste de 80%. Cúrsa i mbainistiú do shuíomh idirlíon féin 1,2 Bealtaine, 28, 29 Bealtaine, Eagrú Feachtais Bhailithe Airgid 24,25 Aibreán

Dáta

Eolas

Karen Brett, Stiúrthóir na gClár
teil: 01 6350254
r-phost: Karen@businesstoarts.ie www.businesstoarts.ie


Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

Céim mháistreachta i mBainistíocht Ealaíon agus Oidhreachta
Cuirfear tús leis an gcúrsa nua seo i Meán Fómhair 2008. Cúrsa bliana go mbeidh tréimhse thaithí oibre caite le heagraíocht chultúrtha.

Dáta

6 Meitheamh

Eolas

Dr. Rachel Finnegan
rfinnegan@wit.ie nó Teil: 051 302281




Imeachtaí

An tIonad Cultúrtha, Baile Mhuirne

Laoi na Carraige Báine
Ceol nua cumtha le Peadar Ó Riada RTÉ Vanbrugh Quartet, Frankie Gavin (feadóg mhór) Aíne Uí Cheallaigh (amhránaí sean-nóis) Premiere Domhanda. Tá meascán stíleanna sa phíosa seo - idir cheol traidisiúnta, téacs nua-aimseartha agus uirlisí oibre an cheoil chaisiceach na h-Eorpa. Is é seo an chéad uair dos na ceoltóirí agus an t-amhranaí a bheidh ar stáitse le chéile.


25.04.08
An Crann
Seo dráma nua scríofa ag Liam O Muirthile- le linn do a bheith mar ealaíontóir sa phobal -le grúpa pobal as cheantar Mhúscraí, Aisteoirí Ghobnatan. Tá an dráma nua seo léirithe ag Liam O Mathúna



Dáta

18, 25 Aibreán

Eolas



Aonach Ceoil Bhaile Mhuirne

02.05.08
AONACH CEOIL BHAILE MHÚIRNE
Oscailt oifigiúl agus Ceolchoirm 'Óige na Mumhan’ le Diarmuid O Meachair,Braonan Ó Mathúna, Maighréad Hickey, Donal Healy, Brian Leary, Muintir Sé, Muintir Luasa, Nell Ní Chróinin, Caoimhin Ó Fherraíl, Aodán & Irial Ó Ceallaigh. Fear a' Tí - Pádraig O Sé

03.05.08
AONACH CEOIL BHAILE MHÚIRNE
Ceardlanna Ceoil, Rince agus Amhránaiocht ar siul i rith an lae.
Ollcheolchoirm traidisiúnta / Gala Trad Concert le Jackie Daly, Séamus Creagh, Vinny Kilduff, Steve Cooney, Iarla O Lionáird agus James Devine . Bean a’Tí – Máire Uí Laoire

 

Dáta

2-3 Bealtaine

Eolas


Cúirt

23ú Fhéile Idirnáisiútna Litríochta ar siúl ar fuaid chathair na Gaillimhe 22-27ú Aibrean.
I measc na n-imeachtaí beidh Amharclann Óige na Gaillimhe ag cur an dráma nua scríofa This Means War le Max Hafler ar stáitse. Tá an dráma seo bunaithe ar dhráma Aristophanes Lysistrata agus é léirithe ag Miquel Barcélo agus Jonathan Gunning. Beidh sé ar siúl Stiúideo Nun’s Island 20-27 Aibrean ag 8:00 i.n. (líon teoranta suíocháin)

Dáta

Eolas

www.galwayartscentre.ie/cuirt nó teil 091 565886


Deireadh Seachtaine Heinrich Boll , Acaill Bealtaine 2-4

Clárú do gach imeacht €60

Neart imeachtaí idir léachtaí, taispeántais ealaíon ó bhailiúcháin Chomhairle Cho. Mhaigh Eo, siúlóid eagraithe
Oscailt oifigiúil le Rolf Stehle, Stiúrthóir Insititiúd Goethe, Baile Átha Cliath, I measc na n-aoianna eile Hugo Hamilton, Gerald Dawe, agus an seandálaí Eoin Halpin.

Dáta

2-4 Bealtaine

Eolas

John McHugh
www.achilltourism.com
Teil: 098 43414


Feile Chomórtha Joe Éinniú

Bhí Joe Éinniú ar dhuine de na hamhranaithe traidisiúnta sean-nóis ba mhó le rá a bhí in Éirinn. Chaith sé go leor blianta in Seattle i Meiricea agus ba díol suntais a bhí ina stíl amhránaíochta. Reachtáiltear féile i gCarna, a cheantar dúchais i ndeisceart Chonamara, ceantar na gcloch eibhir. Díríonn an fhéile seo ar na stíleanna amhránaíochta agus ceoil a thaitin go mór leis.

Dáta

2-4 Bealtaine

Eolas

Teil:095 33599
michealocuaig@hotmail.com


Féile Pléaráca Chonamara

Leitir Mealláin
Mórán imeachtaí den scoth den uile chineál ealaíon!

Dáta

1-5 Bealtaine

Eolas

www.plearaca.ie


Fhéile na Bealtaine

Imeachtaí ilghnéitheach i ngach réimse ealaíon ar fuaid leithinis Chorca Dhuibhne!

Dáta

30 Aibreán – 5 Bealtaine

Eolas

www.feilenabealtaine.ie


Féile Náisiúnta Drámaíochta

Cathair Luimní, Amharclann an Belltable agus Halla Íde, Sráid Thomáis

Dáta

1–4 Bealtaine

Eolas

www.drama-gaeilge.com


McBride Gallery, Cill Airne, Co. Chiarraí

Taispeántas aonar leis an bhfís ealaíontóir Tadhg Mac Suibhne Aibreán 18 – Bealtaine 19

Dáta

18 Aibreán –19 Bealtaine

Eolas

www.mcbrideartgallery.com
teil: 064 71483



Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona

http://www.forumformusic.ie Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.