|
|
Nuacht
Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo
Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta an
tarna Seimineár poiblíochta d’earnáil
na nEalaíon, dírithe orthu siúd
atá ag obair in earnáil na n-ealaíon,
a bheith á eagrú in Ionad an Bhlascaoid,
Dún Chaoin ar an Satharn 25 Aibreán.
Tá sé i gceist trín gceardlann seo
treoir a chur ar fáil d’ealaíontóirí
agus do ghrúpaí ealaíne agus iad ag
déileáil leis na meáin cumarsáide.
Déanfar cur síos ar na slite is fearr le caidreamh
a chothú le hiriseoirí ar leith agus le lucht
na meán trí cheile. Leagfar béim ar
riachtanais áirithe na n-ealaíontóirí
agus na ngrúpaí ealaíona a bheidh ag
freastal ar an seimineár. Is deis iontach í
seo d’eagrais ealaíne agus d’ealaíontóirí
aonar cur lena scileanna margaíochta agus poiblíochta.
Is iad Natasha Fennell, Stiúrthóir
ar Stillwater Communications, Tomás Hardiman,
stiúrthóir ar a chomhlacht caidreamh poiblí
féin, Parzival Productions agus Harry McGee,
iriseoir leis an The Irish Times, na haoí chainteoirí.
Gearrfar táille €15 ar ealaíontóirí
aonair agus €30 ar ghrúpa ealaíne. Ní
mór áit a chur in áireamh roimh ré.
Déan teagmháil le hEibhlín de Paor
chomh luath agus is féidir le háit a dheimhniú
(066) 91 50100 nó e.depaor@udaras.ie
Cuireann ollscoileanna agus institiúití
triú léibheál na tíre
líon mór cúrsaí oideachais
ar fáil i gach réimse de na healaíona
gach bliain, idir chúrsaí cruthaitheachta
agus cleachtais agus chúrsaí i mbainistíocht,
polasaí agus riaracháin. Tá rogha leathan
de cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha
curtha ar fáil agus is féidir freastal ar
chúrsaí ag gach leibheál den córas
oideachais... ... Dioplóma, Ard-Dioplóma,
Teastas, FETAC, BA, Máistireacht agus araile. Is
ag an am seo den bhliain a fógraítear na cúrsaí
triú léibheál agus a leagtar síos
na spriocdhátaí. Tá eolas faoi na cúrsaí
uilig le fáil ar aon suíomh idirlín
amháin. Is ar suíomh idirlín Creative
Careers atá fáil orthu ag
http://www.creativecareers.ie/education_courses
Tá roinnt deiseanna oiliúna eile le feiceáil
sa ríomhlitir seo.
Agus an samhradh ag tarraingt orainn, ní haon ábhar
iontais é go bhfuil rogha mór de fhéiltí
ar siúl ag an am seo den bhliain. Tá roinnt
féilti liteartha ar siúl an mhí seo
atá blas Gaelach acu. Is iad sin Féile
Liteartha idirnáisiúnta Cúirt
i nGaillimh, Féile Idirnáisiúnta
Filíochta, Bhéal Átha na mBuillí,
agus Féile SiarScéal i mBaile
na mBuillí. Tugann na féilte liteartha seo
áit lárnach don litríocht Ghaeilge.
Beidh féile an-speisialta ar siúl i nGleann
Cholm Cille, i nGaeltacht Thír Chonaill, i mbliana.
D'éag an ceoltóir traidisúnta iomráiteach,
James Byrne, anuraidh. Laoch ceoil a bhí
ann agus bhí saibhreas cultúrtha agus oidhreacht
an cheantair fréamhaithe go smior ina chuisle. Ba
é James agus a pháirtí, Connie Drost,
a bhunaigh an eagraíocht ‘Ceol sa Ghleann’
chun an traidisiún agus oidhreacht ceoil, agus na
healaíona traidisúnta a chaomhnú agus
a chothú i nGaeltacht Theas Thír Chonaill.
I mbliana, in ónóir James, cuireadh a ainm
leis an bhféile a eagraíonn Ceol sa Ghleann
gach Cáisc. Is Féile Chuimhneacháin
James Byrne an t-ainm atá baistithe ar an
bhféile seo anois, agus is cinnte go mbeidh tábhacht
agus urraim ag baint le féile na bliana seo in onóir
ceann de na ceoltóirí traidisiúnta
Connalaigh is tábhachtaí.
Beidh trí chinn de mhórfhéiltí
na Gaeltachta ar siúl an mhí seo
chomh maith. Is Féile tábhacht i bhféilire
na Gaeltachta í an fhéile ilghnéitheach,
spleodarach, Féile na Bealtaine.
Bíonn an fhéile ar siúl sa Daingean
ag deireadh mhí Aibreáin. Cuirtear imeachtaí
ar ardchaighdeán ar siúl agus meallann an
fhéile ealaíontóirí áitiúla,
náísiúnta agus idirnáisiúnta.
Bhíonn blas polaitiúil agus fealsúntachta
le brath chomh maith. Lena hais sin, beidh an fhéile
mhór pobail, Féile Phléararca
Chonamara, ar siúl an mhí seo freisin,
mar aon leis Aonach Ceoil Bhaile Bhuirne,
féile atá gradam agus spleodar a bhaint leis.
Mar is iondúil, tá neart deiseanna deontas
agus deiseanna eile fógraithe d’ealaíontóirí
an mhí seo. Ina measc tá tréimse cónaithe
agus deis taispeántais d’fhísealaíontóirí
agus deiseanna do stiúirthóirí scannáin.
Beannachtaí na Cáisce daoibh go léir!
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Comhdháil
|
“Áit an cúramóir
ealaíne i saol agus gairm an ealaíontóra”-
Musaem na Gaillimhe.
|
Déanfar iniúchadh ar an tionchar atá
ag cúramóirí ealaíne ar
fhorbairt agus ar fhás gairm agus slí
bheatha an ealaíontóra. Is iad Visual
Artists of Ireland i gcomhar le hoifig Ealaíne
Cathair na Gaillimhe atá ag chur an chomhdháil
seo ar siúl. Beidh an chomhdháil ar
siúl ar an Aoine an 3ú hAibreán
in Músaem na Gaillimhe. Is iad Mike Fitzpatrick
stiúrthóir ar an Limerick city Art Gallery.
Dobz O Brien as Artnotar, Tara Byrne cúramóir
ealaíne an NSF, agus Fiona Woods na haoíchainteoirí. |
|
dáta
|
3ú hAibreán
2009
|
|
Eolas
|
monica@visualartists.ie
Teileafón: 01 872 2296
www.visualartists.ie
|
Deiseanna
Deontais
| An Chomhaire Ealaíona
|
Dámhachtain Sparánachta
Tá an babhta seo oscailte d’iarratais ina bhfuil an ghníomhaíocht
atá molta dírithe go príomhúil
ar cheann de na foirmeacha ealaíne/cleachtais
ealaíon seo a leanas: Ailtireacht; Rannpháirteachas
sna healaíona; Damhsa; Scannán; Litríocht;
Ceol; Téatar; Na healaíona traidisiúnta;
Na hamharcealaíona. Tá an Dámhachtain
Sparánachta dírithe ar ealaíontóirí
aonair. Is é príomhchuspóir na
Dámhachtana Sparánachta seo ná
tacú le healaíontóirí
gairmiúla a gcuid ealaíon a fhorbairt.
Tá sé mar aidhm aici an t-am, na hacmhainní
agus an tsaoirse a chur ar fáil dealaíontóirí
chun smaoineamh, taighde, machnamh agus forbairt a
dhéanamh ar a gcleachtas. Tá an dámhachtain
oscailte dealaíontóirí ag gach
céim dá ngairm-réim. Suim a dámhadh:
€15000 Breis eolais ar an gcritéir mheasúnaithe.
agus faoi choinníollacha na ndámhachtanaí
le fáil ag na sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Spriocdháta
|
30 Aibreán 2009
|
|
Eolas
|
Teil: +353 1 618 0200
R-phost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
|
| Dámhachtainí
Ealaíon agus Míchumais na hÉireann
|
Dámhachtainí Ealaíon
agus Míchumais na hÉireann
Tugann na Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais tacaíocht
airgeadais d’ealaíontóirí
faoi mhíchumas agus cónaí orthu
i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart
Éireann atá ag obair i ngach foirm ealaíne.
Tá sí mar aidhm ag an scéim seo
dúshlán a sholáthar agus spreagadh
a thabhairt do chruthaitheacht, thástáil
agus scoth na n-ealaíon. Is féidir le
gach iarratasóir cur isteach ar £5,000
nó a chomhluach in euro ar an uasmhéid.
Tá Dámhachtainí Ealaíon
agus Míchumais na hÉireann á
gcómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon
agus ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
|
|
Spriocdháta
|
1 Bealtaine, 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: The Arts and Disability
Forum, Ground Floor 109/113 Royal Avenue, Béal
Feirste BT1 1FF, Tuaisceart Éireann.
Teil: +44 28 9023 9450 (048 9023
9450 ó Phoblacht na hÉireann)
Ríomhphost: gillian@adf.ie
nó info@adf.ie
Suíomh gréasáin:
www.adf.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
Frameworks (Arna feidhmiú agBord Scannán
na hÉireann i comhar leis an gComhairle Ealaíona)
Is scéim bhunaithe é Frameworks i gcomhair
gearrscannáin bheoite a dhéanamh. Déantar
cómhaoiniú ar an scéim seo ag
an gComhairle Ealaíon, Bord Scannán
na hÉireann agus RTÉ. Féadfaidh
scannáin a dhéanamh as Gaeilge nó
as Béarla. Déanann an Chomhairle Ealaíon
cómhaoiniú ar an scéim seo ach
is Bord Scannán na hÉireann a riarann
í. Ba chóir iarratais ar eolas nó
foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach
chuig Bord Scannán na hÉireann. Líon
na scannán: suas le sé cinn in aghaidh
na bliana. Fad: sé nóiméad ar
a mhéad. Buiséad do gach scannán:
suas le €50,000. Formáid: tionscnamh ag
baint úsáide as teicníc nó
formáid ar bith. Seachadadh ar digi-beta
|
|
Spriocdháta
|
24 Aibreán, 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Comhordaitheoir Scéimeanna
agus Iarratas, Bord Scannán na hÉireann
, Queensgate, 23 Bóthar an Duga, Gaillimh,
Éire
Teil: +353 91 561 398
Facs: +353 91 561 405
Ríomhphost: info@irishfilmboard.ie
Gréasán: www.irishfilmboard.ie
|
Deiseanna
Eile
| ‘Comhpháirtíocht:
Éire – Talamh na nÉisc’.
Treímse cónaithe.
|
Cuireann an Reardon’s Artists Retreat i Tilting,
Talamh na nÉisc, fáilte roimh iarratais
ó ealaíontóirí Éireannacha
(scríbhneoir nó físealaíontóir)
do thréimse cónaithe san ionad ó
mhí Iúil go mí Mheán Fómhair,
2009. Is eagras é an Chompháirtíocht:
Éire – Talamh na nÉisc a thugann
aitheantas don nasc stairiúil idir Éireann
agus Talamh na nÉisc agus a chothaíonn
comhoibriú láidir idir an dhá
thír. |
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Riomhphost: kristy.clarke@inp.ie
Suíomh idirlín: www.inp.ie/?q=node/255
nó www.townoftilting.com
|
| Ealaíon ag Teach
Ivy – Deiseanna taispeántais a chur ar
siúl
|
Tá
deiseanna ar fáil d’fhísealaíontóirí
le taispeántas a chur ar siúl i Teach
Ivy don tréimshe 2009 -2010. Glacfar le gach
cineál stíl físealaíne
ar fhéidir crochadh ar bhalla. Má tá
spéis ag físealaíontóir
ar bith sa fholúntas seo ní mhór
dóibh CV agus 5 shampla dá cuid saothar
a sheoladh chuig Teach Ivy. |
|
Spriocdháta
|
3
Aibreán
|
|
Eolas
|
Seoladh: The Ivy House, 114 Upper
Drumcondra Road, Drumcondra, Dublin 9
Ríomhphost: clairo.halpin@gmail.com
|
| Cló, Thír
Chonaill: Clár Ealaíontóir Cónaithe
2009
|
Fáiltíonn
Cló ( a raibh aithne acu mar Ceardlann na gCnoc)
roimh iarratais ó físealaíontóirí
do chlár cónaithe i mbarr ionad físealaine
an ghrúpa i Mín an Leá, Gort
a Choirce, Co. Dhún na nGall. Fáiltíonn
Cló go speisialta roimh ealaíontóirí
atá spéis acu sna físealaíona
comhaimseartha agus spéis ar leith acu i gcultúr,
tírdhreach agus teanga na Gaeltachta.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Seoladh: Marjorie Doohan, Cló
Ceardlann na gCnoc, Mín an Leá, Gort
a Choirce, Co. Dhún na nGall.
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.clo.ie
Teileafón: 074 9162800
|
| Cló: Tréimshe
cónaithe d’fhísealaíontóir
leabhair agus d’fhísealaíontóirí
priontála.
|
Tá
barrionad físealaíne den scoth cruthaithe
ag Cló i gcroílár Ghaeltacht
Thír Chonaill, i gceantar álainn tuaithe.
Faoi láthair, tá Cló ag cur trí
thréimse cónaithe ar fáil. Mairfidh
na tréimse cónaithe trí sheachtain.
Is d’ealaíontóir leabhair (book
artist) é an chéad tréimhse cónaithe,
d’ealaíontóir priondála
(print artist) le saineolas ar an líníocht
é an dara cheann, agus d’ealaíontóir
priondála le saineolas ar an eitseáil
daite é an ceann deireanach.
|
|
Spriocdháta
|
10
Aibreán, 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Marjorie Doohan, Cló,
Mín an Leá, Gort a Choirche, Co. Dhún
na nGall.
Teileafón: 07491 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.clo.ie
|
| Comórtas scannánaíochta
an Scoil Scanánnaíochta Cearta Daonna
an ICCL i
|
Cuireann
Scoil Scannánaíochta Cearta Daonna an
ICCL fáílte roimh scannánaí,
stiúrthóirí, léirtheoirí
agus scríbhnóirí iarratas a dhéanamh
ar chomórtas gearrscanánnaíochta
ar théama na gcearta daonna. Is é aidhm
an ICCL ná mean na scannánaíochta
a úsáid le haird an phobail a tharraingt
ar cheist na gcearta daonna. Ní mhór
na gearrscannáin a bheith dírithe ar
cheist a bhaineann le téama na gcearta daonna.
Beidh cuid de na scannánaí is aitheanta
sa tír mar mholtóirí ar an gcomórtas,
ina measc, beidh Jim Sheridan, Kirsten Sheridan agus
Rebecca Millar.
|
|
Spriocdháta
|
17ú
Aibreán
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín: www.humanrightsfilmschool.org
Seoladh: Walter Jayawardene, Campaigns
& Communications Officer, Irish Council for Civil
Liberties, 9-13 Blackhall Place, Dublin 7, Ireland
Teileafón: + 353 1 799 4503
Fón Póca: +353 87 9981574
|
| Short Shorts –
Scéim gearrscannán
|
Fáíltíonn
Bord Scannán na hEireann/The Irish Film Board
roimh iarratais don chéad bhabhta eile den
scéim ‘Short Shorts’. Roghnófar
seacht ngearrscánnán mar bhuaiteoirí
agus cuirfear na gearrscannáin ar siúl
ag féilte ar fud na tíre. Ní
mhór na gearrscannáin a bheith idir
3 agus 5 nóimeád ar fhad agus cuirfear
fáilte roimh gearrscannáin dhúshlánach,
dhána agus thurgnamhach. Is é téama
na bliana seo ná ‘Scannáin bhalbha’.
|
|
Spriocdháta
|
8ú
Bealtaine
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín: http://www.irishfilmboard.ie
|
| Éigse: Féile
Ealaíona Cheatharlaigh.- Deis d’fhísealaíontóirí.
|
Fáiltíonn
Éigse: Féile Ealaíona Cheatharlaigh
roimh iarratais uaidh físealaíontóirí
do chlár físealaine na bliana seo. Is
deis é seo d’fhísealaíontóirí
a saothair a chur ar thaispeántas ag féile
aitheanta. Beidh an fhéile ar siúl ón
13ú go dtí an 21ú Meitheamh faoi
stiúir an stiúrthóir ealaíne
úr Tata Connaghan.
Tuilleadh Eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ag Oifig Éigse, Forresters' Hall, College Street, Carlow.
|
|
Spriocdháta
|
10ú
lá de mhí Aibreáin
|
|
Eolas
|
Seoladh: Éigse Carlow Arts
Festival, Forresters’ Hall, College Street,
Carlow
Teileafón: 059 9140491
Suíomh Idirlín: www.eigsecarlow.ie
Ríomhphost: info@eigsecarlow.ie
|
Oiliúint
|
Comhairle Náisiúinta na nÓg
(National Youth Council of Ireland) - Cúrsa
oiliúna san innealtóireacht fuaime.
|
Is cúrsa aon lá é seo d’áisitheoirí
agus oifigigh óige agus do dhaoine atá
spéis acu ceolchoirmeacha a eagrú don
aos óg. Foghlaimeoidh na rainnpháirtithe
gach scil phraicticiúil a bhaineann le cúrsaí
fuaime le béim curtha sa chúrsa ar úsáid
na gcóras fuaime is saoire agus is éifeachtaí.
Beidh an cúrsa ar siúl sa Base, Baile
Formaid, Baile Átha Cliath.
Costas:
€50.00
|
|
Dáta
|
Deárdaoin 2 Aibreán,
10.00 r.n – 5.00 i.n.
|
|
Eolas
|
Teileafón: 01-478 4122
Ríomhphost: training@nyci.ie
|
|
Ionad Ollscoil na Trionóide -
Clár Oideachais sa Bhainistíocht Neamhbhrabúiseach
do Thiomsaitheoirí Maoiniú. (Trinity
College Centre for Nonprofit Management Education
Programme for Fundraisers)
|
Cuirfidh
Ionad Ollscoil na Trionóide, i gcomhpháirtíocht
leis an Centre on Philanthrophy at Indiana University,
cúrsa, ar fáil i staideár na
tiomsaíochta maoiniú agus san daonchairdeas
(philantrophy). Is é seo an chéad clár
oiliúna ar an ábhar seo atá ar
chaighdeán ollscoile a reachtáladh sa
tír. Reachtálfar bunchúrsa sna
hábhair thuasluaite, ( cruthaite ag saineolaithe
ar na ábhar as Stáit Aontaithe Meiriceá
agus ón tír seo), in ollscoil na Trionóide
ón 18ú – 22ú Bealtaine.
Cuirfear breis cúrsaí ar fáil
ina dhiaidh sin. Tá gach eolas faoin gcúrsa
agus na foirm iarratais le fáil ar an suíomh
idirlín.
|
|
Dáta
|
18ú –
22ú Bealtaine
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: http://www.cnm.tcd.ie/education/executive-education/index.php
nó www.imi.ie
|
|
Cúrsa i bpolasaí agus
cleachtas Ealaíona, 2009-2010. Scoil Huston
sa Scannánaíochta agus na Méain
Dhigiteach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
|
Is
clár iarchéíme (Máistireacht
agus Ard-Dioplóma) é seo. Is é
príomh aidhm an chúrsa ná tuiscint
a cothú i measc na rainnpháirtiteh ar
na healaíona uilig i gcomhthéasc an
chultúir, an oideachais agus na hoidreachta.
Is cúrsa lán aimseartha é seo
a mhaireann bliain iomlán ó Mheán
Fómhair 2009 – Lúnasa 2010
Breis
eolais faoin gcúrsa ar an suíomh idirlín
http://www.filmschool.ie
|
|
Dáta
|
Deireadh mí
Aibreáin
|
|
Eolas
|
Seoladh: Dee Quinn, Huston School
of Film and Digital Media, NUI Galway.
Teileafón: 091 495076
Ríomhphost: dee.quinn@nuigalway.ie
|
Ealaíon
Poiblí & Coimisiún
| Commisiún ealaíona
poiblí – Béal an Átha,
Co. Mhaigh Eo.
|
Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo fáilte
roimh iarratais uaidh ealaíontóirí
do choimisiún nua poiblí. Tá
sé beartaithe gur píosa dealbhóireachta
a bheidh sa phíosa ealaíne a roghnófar
mar go bhfeilfeadh dealbh don shuíomh atá
roghnaithe agus mar nach bhfuil mórán
píosa dealbhóireachta eile suite sa
cheantar. D’ainneoin sin, cuirfear fáilte
roimh stíleanna agus cineálacha ealaíona
eile, ach ní mhór gur phíosa
buan ealaíne a bheás ann. Tá
breis eolais faoin gcoimisiún agus an próiseas
iarratais le fáil ag na sonraí teagmhála
thíosluaite. Tá buiseád de €52,800
i gceist.
|
|
Spriocdháta
|
3 Aibreán.
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín; http://www.mayococo.ie/en/Services/ArtsOffice/CallforCommissions/
Seoladh:Gaynor Seville, Public Art
Co-ordinator, Mayo County Council
Ríomhphost: gseville@mayococo.ie
Teileafón: 094 904 7561
|
Folúntais
|
Cork Midsummer Festival
|
Bainisteoir Oifig na dTiceád
Beidh an Cork Midsummer Festival ar siúl ón
13ú – 28ú Meitheamh. Tá
folúntas ann do bhainisteoir ar oifig na dticeád
ar feadh tréimshe sealadach de 8 seachtain.
Is féidr CV agus litir iarratais a sheoladh
chuig; Director, Cork Midsummer Festival, Cork Civic
Trust House, 50 Pope’s Quay, Cork. Tá
gach eolas faoin bpost agus faoin bpróiseas
iarratais le fáil uaidh oifig na féile.
|
|
Dáta
|
3 Aibreán
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: info@corkmidsummer.com
Teileafón: 021 4215131
|
|
Féile Éireannach Milwaukee
|
Taithi oibre ag Féile Éireannach
Milwaukee - Aoife
Aithnítear Féile Milwaukee mar an bhféile
chultúrta agus cheoil Gaelaigh is mó
ar domhain. Tugfar deis do 4 duine óg, (os
cionn 21 bliain d’aois) tréimhse oibre
coicise a chaitheamh ag obair ag pleanáil agus
ag reachtáil na féile. Is deis iontach
í seo do dhuine óg scileanna bainistíochta
agus eagraíochta a fhoghlaim, agus léargas
a fháil ar bhainistiú agus ar eagrú
féile mhór idirnáisiúnta.
Reachtálann AOIFE i gcomhar leis an bhféile
agus an Chomhairle Ealíona an scéim
seo. Is féidr breis eolais a fháil faoin
scéim agus faoin bpróiseas iarratais
uaidh Croffy, Executive Director , AOIFE, Enterprise
& Technology Centre, Ballinasloe, Co. Galway
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: info@aoifeonline.com
|
Imeachtaí
An tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne - Imeachtaí
27ú Feabhra - 28ú Aibreán: Taispeántas
Ealaíne le Peadar Ó Riada, John Kelly, Mick
O’Connor agus Aoife O’Connor. 17 Aibreán:
“Arís” - Seoladh leabhar griangrafadóireacha
le Con Kelleherr, le ceoltóirí don scoth ar
stáitse ar an oíche. 24 Aibreán: Ceolchoirm
Traidisiúnta le Donal Murphy (bosca ceoil), Steve
Cooney (giotár) agus Gino Lupari (bodhrán).
1 Bealtaine: Ceolchoirm leis an gceoltóir iomráití
as Corcaigh, Jimmy McCarthy. 2 Bealtaine: Ollcheolchoirm
mór, “Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne”
, le ceoltóirí den scoth.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Guthán: 026 45733
An Ciorcal Scríbhneoireachta – Gaoth
Dobhair
Tá ceardlann scríbhneoireachta ar siúl
uair sa mhí in Acadamh na hOllscolaíochta,
Gaoth Dobhair. Eagraíonn an Ciorcal Scríbhneoireachta
na ceardlanna seo. Dírítear ar an bhfilíocht
agus ar an bprós agus bíonn scríobhneoirí
aitheanta cosúil le Eoghan Mac Giolla Bhríde
agus Collette Ní Ghallchóir i mbun na ranganna.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: mairewren@yahoo.co.uk
Guthán: Máire Wren ag 086
3165591
Gradam Ceoil TG4 – Amharclann Uí Raghallaigh,
Loch Garman.
Ceolchoirm agus ócáid bhliantúil ina
bhronntar gradaim ar na ceoltóirí traidisiúnta
is fearr sa tír. Craoltar an ócáid
ar an teilifís agus i measc na gceoltóirí
a bheidh ag seinnt i mbliana, tá Sharon Shannon,
Shaskeen, At the Racket, Gerry O'Connor, Charlie Harris,
Conor McEvoy, John agus Pip Murphy, agus go leor eile. Cuirfidh
Daithi O Se agus an t-amhranaí, Muireann Nic Amhloibh,
an seó i láthair.
Dé Domhnaigh 12 Aibreán, 8.00 i.n. san O'Reilly
Theatre / Wexford Opera House
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 053 912 2144
Suíomh idirlín; www.wexfordoperahouse.ie
nó www.tg4.ie
Ceardlann scríbhneoireachta -Trá
Lí
Beidh ceardlann scríbhneoireachta lae ar siúl
ag na Scríbhneoirí Gaeilge san Óstán
Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí ar
Luan Cásca, 13 Aibreán: 10.30a.m. go dtí
5.00p.m. Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig
Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál
Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig
Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA. Táille
cláraithe 20 euro, mic léinn 5 euro, agus
tá lón san áireamh sa táille.
Is i gcomhar le Foras na Gaeilge a eagraítear an
ócáid seo.
Tuilleadh eolais:
Seoladh: 43 Na Cluainte, Trá Lí,
Co. Chiarraí.
Ríomhphost: feasta@eircom.net
Féiltí
Féíle
SiarSceal, Béal Átha na mBuillí, Co.
Ros Comáin.
Is féile stairiúil agus féile liteartha
dhátheangach í an fhéile ‘SiarScéal’
a tharraingíonn inspioráid as oidhreacht agus
cultúr na gceantar abhantracha i Ros Comáin.
Tá roinnt imeachtaí Gaeilge ar an gclár.
measc na scríbhneoirí a bheidh páirteach,
tá Hazel McIntyre, George Patrick Eggleston agus
Colette NicAodha, as Gaeltacht Thír Chonaill. Tá
an fhéile ar siúl ón 3 – 18 Aibreáin
Teileafón: 094 9651867 / 087 2628191
Ríomhphost:
siarsceal@live.ie
Suíomh Idirlín: http://siarsceal.com
‘Cúirt’ - Féile Liteartha
Idirnáisiúnta. Cathair na Gaillimhe.
Beidh Féíle Idirnáisiúnta Liteartha
Cúirt ar siúl i gcathair na Gaillimhe ón
21 – 26 Aibreán. Tabharfar áit láidir
agus árdán don litríocht Gaeilge agus
scribhneoirí Gaeilge aríst i mbliana. I measc
na n-imeachtaí Gaeilge tá: léamh filíochta
le Gearóid Mac Lochlainnar ar an 22 Aibreán
sa Róisín Dubh; Léamh le Micheál
Ó Conghaile ar an 24 Aibreán in Amharclann
Halla na Cathrach; dhá léiriú den sheó
físiúil ‘An Rón Dall’ leis
an bhfísealaíontóir Dara McGee, an
ceoltóir Vinny Kilduff, agus an t-aisteoir Darach
Ó Tuairisg; an scannán ‘Taibhsí
i mBéal na Gaoithe’ faoi shaol agus saothar
Nuala Uí Dhomhnaill; agus léamh le Colman
Ó Raghallaigh. ls féidir gach eolas faoin
bhféile agus cóip de chlár na n-imeachtaí
a fháíl ar an suíomh idirlín
thíosluaite.
Seoladh: 47 Sráíd Doimnic,
Gaillimh.
Teileafón: + 353 (0) 91 565 886
/ Fax: + 353 (0)91 568 642
Ríomhphost: info@galwayartscentre.ie
Suíomh Idirlín: www.galwayartscentre.ie
Féile Idirnáisiúnta Filíochta
Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin.
Tugann Féile Filíochta Bhéal Átha
na mBuillí ardán don fhilíocht Ghaeilge
agus déantar iarracht lucht tacaíochta nua
a aimsiú don fhilíocht. Tá clár
leathan d’imeachtaí beartaithe do fhéile
na bliana seo. Cuirtear neart imeachtaí Gaeilge ar
siúl freisin agus fógraítear buaiteoirí
an comórtais fhilíochta Gaeilge le linn na
Feíle. Beidh an fhéile ar siúl ón
1- 3 Bealtaine. Bíonn na himeachtaí ar fad
saor in aisce. Tá clár na bliana seo le fáil
ar an suíomh idirlín.
Suíomh idirlín: www.strokestownpoetry.org
Féile Chuimhneacháin James Byrne
Ceiliúradh ar na healaíona traidisiúnta
agus ar an gceol traidisiúnta. Ceolchoirmeacha, ranganna
ceardlanna, seisiúin ceoil agus eile. Déanfaidh
féile na bliana seo comóradh ar an gceoltóir
iomráití Conallaigh, James Byrne, a bhí
mar dhuine de bhunathóirí an Fhéile.
D’éag James Byrne roimh an Nollaig..
12 -18 Aibreám. Gleann Cholm Cille, Co. Thír
Chonaill.
Breis eolais agus dátaí na bliana seo ag:
www.ceolsaghleann.com
Féile na Bealtaine
An Daingean, Co Chiarraí
Féile ilghnéitheach ealaíon ar leithinis
Chorcha Dhuibhne atá ag dul ó neart go neart
gach bliain. Imeachtaí ealaíona de gach cineál.
Freastalaítear ar na hEalaíona dúchasacha
agus comhaimseartha agus tá blas láidir idirnáisiúnta
ag an bhféíle..
29 Aibreáin – 4 Bealtaine
http://www.feilenabealtaine.ie
Féíle Phléararca Chonamara
Inis Meáin, Árainn, Co. na Gaillimhe.
Féile ealaíon phobail a dhéanann ceiliúradh
ar ealaíona traidisiúnta na Gaeltachta agus
ar na healaíona comhaimseartha, idir drámaíocht,
ceol, siamsaíochta, na dearc-ealaíne, imeachtaí
ealaíona, agus eile.
30 Aibreán – 4 Bealtaine.
Breis eolais: www.plearaca.ie
Aonach Ceoil Bhaile Bhuirne.
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí.
Deireadh seachtaine d’imeachtaí ceoil agus
ealaíona le ceardlanna ar an bhfidil, bosca, giotár,
feadóg, rince & amhránaíocht. Ceolchoirm
le haíonna speisialta, seisiúin cheoil agus
comórtas amhránaíochta Chorn Dr. Uí
Loinsigh.
1– 4 Bealtaine, 2009
Breis Eolais: www.ionadculturtha.ie
Sean-Nós Cois Life 2009 – Féíle
Amhránaíochta agus Ceoil.
3 – 5 Aibreán
Deireadh Seachtaine d’imeachtaí, ceolchoirmeacha,
seisiún, seimineár agus ceardlanna. Ina measc
na ndaoine a bheidh páirteach beidh Áine Uí
Chuill (Múscraí), Doimnic Mac Giolla Bhríghde
(Tír Chonaill) Máire Áine Ní
Iarnáin (Conamara) Aodán Ó Domhnaill
(Dún Cionnaola) Aíonna speisialta eile don
deireadh seachtaine: Eoin Warner (Beanntraí), Ray
Mac Mánais (Béal Feirste), Nollaig Ní
Laoire (An Mhí), Úna de Paor (An Seanphobal,
Co. Phort Láirge), Neil Ní Chróinín
(Múscraí), Colm Mac Ruairí (Oileán
Thoraí), Joe Steve & Máirín Ó
Neachtain (Conamara), Aodán Ó Domhnaill (Dún
Cionnaola), Rónán Ó Gealbháin
(Baile Átha Cliath), agus go leor eile! Is féídir
clár iomlán na féile a fháil
ar an súiomh idirlín.
Tuilleadh eolais:
Teileafón: Deirdre Nic Eanruig 087
262 1537 Antaine ó Faracháin (01) 453 8192
Suíomh idirlín: www.ionad.org/seannos/
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie - Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie - Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|