EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

 Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

Tá suíomh idirlín sóisialta nua cruthaithe ag an Eagraíocht Físealaíontóirí na hÉireann, eagraíocht a thugann tacaíocht agus comhairle d’fhísealaíontóirí. Is é The Common Room Social Network for the Visual Arts an teideal atá ar an suíomh úr agus is deis mhaith é d’fhísealaíontóirí cumarsáide agus caidreamh a chothú le chéile. Is féidir teacht ar an suíomh ag: www.thecommonroom.net.

Tá seirbhís nua ar-líne cruthaithe ag an gComhairle Ealaíon. Beidh deis ag iarratasóirí iarratas “ar-líne’ a dhéanamh ar roinnt de scéimeanna na comhairle amach anseo. Beidh iarratasóirí ábalta foirmeacha agus treoirlínte a íosloadáíl, prófíl a chruthú, iarratas a sheoladh mar aon leis ábhar tacaíochta, agus an próiseas iarratais uilig a dhéanamh ar-líne. Is bealach níos éifeachtaí agus níos simplí é leis an bpróiseas iarratais a bhainistiú. Is é seoladh an shuíomh ná http://onlineservices.artscouncil.ie.

Beidh an Gréasán Ceoil ag eagrú Lá Náisiúnta Ceoil ar an 16 Aibreán, 2010. Reachtálfar imeachtaí ceoil agus ceolchoirmeacha ar fud na tíre. Má tá spéis agat nó ag do grúpa a bheith páirteach, nó má tá spéis agat imeacht ceoil a eagrú, is féidir breus eolais a fháil ag: www.musicnetwork.ie

Leis an lagtrá eacnamaíochta agus na ciorruithe go mór in aigne phobal na n-ealaíon, is cinnte go gcuirfidh eagraíochtaí ealaíne spéis i gCúrsa Oiliúna sa Tiomsaíochta atá á reachtáil ag Business to Arts. Tabharfaidh an cúrsa forléargas ar an múnla eiseamlárach tiomsaíochta, ‘For Impact’, atá cruthaithe ag an tiomsaitheoir Meirceánach, Tom Suddes. Tabharfaidh an t-Uasal Suddes semineár aon-lá i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine, agus tá an t-eolas le fáil sa nuachtlitir.
Tá neart eolais sa r-litir ar na deiseanna uilig atá ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíona agus cultúrtha, mar aon leis eolas faoi imeachtaí ealaíne agus cultúrtha sa Ghaeltacht, agus faoi imeachtaí Gaeilge nó le blas Gaelach, sa Ghalltacht.

Comhghairdeas leis an gcomhlacht léiriúcháín, Éabhlóid a d’fhoilsigh leabhar agus CD ildaite agus ildánach do pháistí i rith mí an Mhárta. Ící Pící an teideal atá air agus is CD agus leabhar le ceol agus filíocht iomlán úr cóirithe é, a chruthaíodh go speisialta do pháistí. Is i nGaeilge an Tuaiscirt atá an t-ábhar agus is féidir teacht ar an leabhar/CD álainn sna siopaí leabhair.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Oiliúint

Siompóisiom – Verge - GMIT, Gaillimh.

Tá pleananna i bhfeidhm le hiris nua dar teideal Verge á fhoilsiú sna míonna amach romhainn. Iris físealaíne a bheidh ann a fhreastalóidh ar fhísealaíontóirí comhaimseartha na tíre seo. Déanfaidh an siompósiam iniúchadh ar na féidireachta a bhaineann leis an iris ó thaobh ábhair agus foirme. Is iad seo a leanas na haoíchainteoirí a bheidh i láthair: Pat Cooke. Stiúirthóir ar an MA i bPolasaite Cultúrtha agus Bainsistíocht na nEalaíon, Coláiste na hOllscoile, BÁC; Michaele Cutaya, Iriseoir Ealaíne; Dr. Anne Byrne Scoil na Polaitíochta agus Socheolaíochta, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh; Dr. Aine Macken Walsh, Teagasc; Jenny Haughton. An Chomhairle Ealaíon; agus Catherine Marshall, Staraí Ealaíne. Is í Deirdre O’Mahony, Ealaíontóir agus léachtóir sa GMIT a bheidh mar cathaoirleach. Déanfaidh an t-ealaíontóir iomráiteach as Sasana, Georgina Barney cur i láthair faoin tionscnamh ‘Great British Farming’ roimh an siompósiam.

Dáta

19th Aibreán 2010

Eolas

Ríomhphost: deirdre.omahony@gmit.ie

 

Comhairle Náisiúnta na nÓg – Cúrsaí Oiliúna sna hEalaíona.

Cuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg réimse leathan de chúrsaí ar fáil i réimsí éagsúla de na healaíona, le béim ar leith ar an ealaíon don aos óg. Ina measc, tá an cúrsa bliana “an Teastas san Ealaíon don Aos Óg”. Is féidir liosta de na cúrsaí agus gach eolais eile a fháil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: 3 Sráid Mhontague, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 4784122
Ríomhphost: training@nyci.ie
Suíomh idirlín: www.youth.ie

 

Business to Arts – Forléargas ar an gCúrsa Tiomsaíochta For Impact - Baile Átha Cliath.

Cuirfidh an tiomsaitheoir Mericeánach, Tom Suddes, ceardlann aon-lá ar siúl sa tiomsaíocht. Is é An Tiomsaíocht d’eagraíochtaí Ealaíona an teideal atá ar an gcúrsa. Tabharfaidh an cúrsa forléargas ar an múnla eiseamlárach tiomsaíochta, ‘For Impact’, atá cruthaithe ag an t-Uasal Suddes. Is pacáiste é For Impact ina léirítear an chaoi is éifeachtaí le bualadh faoi fheachtas tiomsaíochta –(structúr, leagan amach, cur chuige, pleanáil agus dearadh an fheactais, srl). Chomh maith leis an gcúrsa thuasluaite, is féidir le heagraíochtaí ealaíne atá mar bhaill de Buisness to Arts lascaine shuntasach a fháil ar na cúrsaí oiliúna a eagraíonn an Irish Times agus an comhlacht, Sureskills. Cuireann an dhá eagras clár leathan de chúrsaí gnó, margaíochta agus gairmiúla ar fáil. Is cúrsaí thar a bheith feiliúnach do ghniomhairí ealaíne iad. Lena hais sin, cuireann Business to Arts réimse leathan de chúrsaí sainspeisialta ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne. Gach eolais le fáil ar an suíomh idirlín.

Dáta

10 Bealtaine, 2010.

Eolas

Seoladh: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón: 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Fón Póca: + 86 830 9424
Facs : + 353 1 672 5373
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh idirlín: www.businesstoarts.ie

 

Cló Cheardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall – Cúrsaí oiliúna sna Físealaíona.

Tá Cló ag reáchtáil cúrsaí samhraidh sna físealaíona fosta. Beidh na ranganna ar siúl sa bharrionad físealaíne atá ag an eagraíocht i nGaeltacht Thír Chonaill. Is iad seo a leanas na cúrsaí atá ar siúl:
- Cúrsa í ndéantús leabhair (Handmade artists’ books) le Gaelle Pelachuad. 24ú – 25ú Aibreán 2010 (10 - 4).
- Cúrsa liteagrafaíocht le Gill Tyson. 15ú – 16ú Bealtaine 2010:
- Cúrsa í priontáil le Annie Silverman. 26ú – 27ú Meitheamh 2010:.
- Cúrsa ealaíon do phaistí le John Doohan. 28ú Meitheamh – 2ú Iúil 2010
- Cúrsa eitseáil le dath (le Aoife Mc Garrigle. 10ú – 11ú Iúil: - - Cúrsa Photo Eitseáil; “exploring polymer and photec etching” le Aoife Mc Garrigle. 17ú – 18ú Iúil 2010
- Cúrsa í péinteáil radharc tíre le Heidi Nguyen. (10 – 4) 16ú – 20ú Lúnasa 2010

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Teileafón: 353 (0) 7491 - 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh idirlín: www.clo.ie

 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI)

Eagraíonn an CCOI sraitheanna ranganna agus ceardlanna ar bun rialta, mar aon leis cúrsaí oiliúna, léachtaí agus imeachtaí. Tugann siad comhairle agus tacaíocht d’ealaíontóirí ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna eile a chuireann siad ar fáil. Bíonn eolas reatha le fáil ar an suíomh idirlín.

Dáta

Níl aon dáta i gceist

Eolas

Seoladh: Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland
Teileafón: 353 (0)56 7761804
Ríomhphost: info@ccoi.ie
Suíomh idirlín: www.ccoi.ie

 

Físealaíontóirí na hÉireann – Cúrsaí oiliúna.

Reachtálann Físealaíontóirí na hÉireann deiseannna oiliúna, sraith cheardlanna, srl do fhísealaíontóirí ar bhun rialta. Is deis é d’fhísealaíontóirí agus do ghrúpaí físealaíne cur lena gcuid scileanna gairimiúla agus gnó. Is mór an méid ábhar a chuirtear ar fáil: Peer critique, Cúrsaí airgeadais don fhísealaíontóir, an chaoi le do saothar a chur os comhair an phobail, srl. Tá amchlár an Earraigh fógraithe ag an eagras. Is féidir an t-amchlár agus na sonraí uilig a fháil ar shuíomh idirlín an eagrais. Sonraí thíos.

Dáta

Níl aon dáta i gceist

Eolas

Seoladh: Kate Mc Loughlin, Education Assistant, at:
Visual Artists Ireland, 37 Nth Great Georges Street, Dublin 1
Teileafón:00353 (0)1 8722296
Ríomhphost: kate@visualartists.ie
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie www.visualartists.ie/Services/sfr_current_progspring10.html

 

IMMA – Sraith Léachtaí agus Cainteanna.

Reachtálann IMMA léachtaí agus cainteanna faoi réimsí éagsúla de na físealaíona ar bun rialta. Bíonn na léachtaí ar siúl in ionad IMMA san Ospideál Ríoga i gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath. Bíonn físealaíontóirí, scannánaí, staraithe agus saoineolaí iomráití mar aoichainteorí agus pléitear téamaí a bhaineann leis na físealaíona. Tá gach eolas agus amchlár le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

Níl dáta i gceist.

Eolas

Seoladh: , An Ospideál Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
Teileafón: 01 6129900
Ríomhphost: sophie.byrne@imma.ie
Suíomh idirlín: www.imma.ie

 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtainí Tionscadail 2010

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon na dámhachtainí tionscadail seo a leanas a thairiscint in 2010:. Dámhachtain do Thionscadal Ailtireachta; Dámhachtain do Thionscadal Rannpháirtíochta sna hEalaíona; Dámhachtain do Thionscadal Sorcais; Dámhachtain do Thionscadal Damhsa; Dámhachtain do Thionscadal Scannáin; Dámhachtain do Thionscadal Litríochta; Dámhachtain do Thionscadal Ceoil; Dámhachtain do Thionscadal Sráidealaíon agus Seónna; Dámhachtain do Thionscadal Téatair; Dámhachtain do Thionscadal Físealaíon .Is é an spriocdháta do na dámhachtainí thuas i gcás iarratas a sheoltar isteach ar líne ná 5.30 i.n. ar an Déardaoin an 1 Aibreán 2010. Is é an spriocdháta i gcás iarratas a sheoltar isteach i bhfoirm cóip chrua ná 5.30 i.n. ar an Déardaoin an 25 Márta. Tá an faisnéis iomlán ar gach ceann de na dámachtainí ar fáil ar shuíomh Gréasáin na comhairle, lena n áirítear Nótaí Treorach agus Foirm Iarratais. Dámhfar na dámhachtainí thuas in ionad na ndámhachtainí ar ar tugadh an Dámhachtain Saothair Nua agus an Dámhachtain Aonuaire.


Spriocdháta

Ar líne 1 Aibreán 2010

Eolas

Seoladh: The Arts Council, 70 Merrion Square, Dublin 2
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
Teileafón: 01 6180200

 

An Chomhairle Ealaíne

Scéim Deontais: Camchuairt agus scaipeadh saothair

Tugann an Scéim tacaíocht do chamcuairteanna agus do thionscnamh a chuireann saothair ealaíne ar fáil do phobal leathan, agus a díríonn isteach ar chamchuairteanna atá béim ar leith acu ar lucht féachana. Tá an scéim oscailte do gach foirm ealaíne. Tá an faisnéis iomlánar fáil ar shuíomh Gréasáin na comhairle, lena n áirítear Nótaí Treorach agus Foirm Iarratais.

Spriocdháta

15 Aibreán

Eolas


Teagmhálaí:
Art form team
Seoladh:
The Arts Council, 70 Merrion Square, Dublin 2
Teileafón: 01 61 80 200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: wwww.artscouncil.ie

 

Éigse Éireann / An Chomhairle Ealaíon

Scéim na scríbhneoirí sna scoileanna

Tá sé mar aidhm ag Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna an rannpháirtíocht a chumasú tríd eachtra atá draíochtach agus a mhairfidh i gcuimhne, a thabhairt isteach sa seomra ranga ag baint úsáide as an bhfuinneamh samhlaíoch, mothúchánach agus intleachtach agus creideamh i dteanga. Soláthraíonn Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna páirtchistiú do chuairteanna ó scríbhneoirí agus scéalaithe ag scoileanna ar fud Poblacht na hÉireann. Tá rogha de os cionn 250 scríbhneoir agus scéalaí ann in Eolaire Gréasáin na Scéime Scríbhneoirí sna Scoileanna (WIS). Is é €304 an tsuim is mó a dámhtar in aghaidh na cuairte. Is féidir le Scoileanna (bunscoileanna agus meánscoileanna) agus ionaid Ógtheagmhála maoiniú a lorg faoin scéim seo. Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann a riarann í. Is scéim leanúnach í an scéim seo.

Spriocdháta

Scéim leanúnach

Eolas


Seoladh:
Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna, Éigse Éireann, 2 Lána an Phrútaigh (cois Faiche Stiabhna), Baile Átha Cliath 2, Éire
Teileafón: +353 1 475 8601
Ríomhphost: writersinschools@poetryireland.ie
Suíomh idirlín: www.poetryireland.ie/education

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Is í cuspóir na scéime Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne, atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta. Is do thionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis tacaíocht, agus ní chuirfear bunchistiú ar fáil faoin scéim seo. Tabharfar tús áite do thionscadail a léiríonn: aird ar chaighdeán, ealaíonta nuálaíocht agus tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta. Is scéim leanúnach í Deis.
Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte).

Spriocdháta

Scéim leanúnach ach is é an 26 Márta an spriocdháta don scéim Deis i leith taifid sna hEalaíona Traidisúnta

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón:
+353 1 618 0200
Callsave: 1850 392 492
R-phost: traditionalarts@artscouncil.ieeimear.harte@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa

Scéím Taistil.

Cuireann Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí, gníomhairí cultúrtha, iriseoirí, taighdeoirí, aistritheoirí agus eagraíochtaí cultúrtha tríd an Scéím Taistil. Tugann an scéim tacaíocht do tionscnamh a chothaíonn comhoibriú agus a chruthaíonn gréasán idir Eorpaigh óga. Tá criteár na scéime agus gach eolail le fáil ar shuíomh idirlín na fondúireachta. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an scéim seo ocht seachtain roimh tús an tionscnaimh.

Spriocdháta

Níl spriocdháta ag baint leis an scéim seo.

Eolas



Suíomh Idirlín: www.eurocult.org

 

An Gréasán Ceoil

Dámhachtán Ceoil do Dhaoine Óga: deis do cheoltóir Jazz.

Tá an dámhachtán seo oscailte d’ensemble jazz de gach cineál. Ní mhór nach mbeadh níos mó ná 5 bhall sa ghrúpa. Cuirtear an dámhactán ar fáil do cheoltóirí óga atá ag tosnú amach sa shaol mar cheoltóirí gairimiula. Tá gach eolais faoin scéim le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

5 Iúil 2010

Eolas


Teileafón:
Andreas Ziemons - (01) 671 9429
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie

 

 


Deiseanna Eile

Comórtas Uí Néill 2010 – Comórtas Filíochta.

Tá Comórtas Uí Néill, comórtas filíochta le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann, oscailte go hoifigiúil le haghaidh iarratas anois. Is comórtas dátheangach é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dán scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith. Roghnófar ocht dán nuachumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an Chomórtais ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an 23 Aibreán 2010. Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar é san iris Comhar agus sa nuachtlitir Eolas.
Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh 08 Aibreán 2010.Is féidir foirm iarratais nó breis eolais a fháil ag www.gaelport.com/comortas-ui-neill

Spriocdháta

8 Aibreáin, 2010.

Eolas

Ríomhphost: sile@comhdhail.ie
Teileafón: 01 679 4780
Suíomh Idirlín: www.gaelport.com/comortas-ui-neill


 

Spás Stiúideó d’ealaíontóirí – An Clachán, Gaoth Dobhair.

Tá stiúideó ealaíne agus spás oibre ar fáil san Clachán, gailearaí, ceardlann agus ionad ealaíne i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Is spás mór é agus tá ceangal idirlín ar fáil. Tá siopa ag an Clachán sa fhoirgneamh agus tá deiseanna maithe díolacháín do na healaíontóirí a bhíonn ag obair san ionad.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Teileafón: 074-9560091
Ríomhphost: eolas@anclachan.ie
Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie

 

Fiontar Éireann / Enterprise Ireland - Scéim na nDearbhán don Nuálachas.

Is é aidhm an scéim seo ná nasc agus caidreamh a chothú idir gnóanna beaga agus an earnáil fáisnéise pobail. Bronntar deontas beaga i bhfoirm dearbhán ar chomhlachtaí beaga atá ag iarraidh deiseanna nua gnó a aimsiú nó atá ag iarraidh réiteach a fháil ar fhadhbanna atá a chur bac agus laincís ar fhás an comhlachta. Is féidir na dearbháin (luach €5,000) a úsáid chun saineolas agus comhairle a fháil ó soláthraí fáisnéise agus eolais. Feilfeadh an scéim d’eagraíochtaí ealaíne atá cláraithe mar chomlacht nó gnó.


Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas

Seoladh: Enterprise Ireland, The Plaza, East Point Business Park, Dublin 3
Teileafón: 01 - 727 2000
Suíomh Idirlín: http://www.innovationvouchers.ie/http://www.enterprise-ireland.com/

 

Gradam Banc Aontas Éireann 2010. Duaischiste d’Ealaíontóirí.

Is gradam d’fhísealaíontóirí é Gradam AIB a bhronntar ar ealaíontóirí atá ag teacht in imne mar ealaiontóiri gairimiula. Is é €20,000 an cheád duais, agus bronntar €1,500 ar triúr ealaíontóir eile. Is féidir gach eolas faoin gcomórtas agus na spriocanna a bhaineann leis a fháil ag www.aibgroup.com/artprize

Spriocdháta

13 Bealtaine, 2010.

Eolas

Teileafón: 01 6414659
Ríomhphost: Maurenn.d.porteous@aib.ie
Suíomh Idirlín: www.aibgroup.com/artprize

 

 

An Chomhairle Ealaíona – An Scéalaíocht - Cruinniú Poiblí i Músaem na Gaillimhe

Tá foireann na nEalaíon Traidisiúnta de chuid na comhairle ag reachtáil Cruinniú Poiblí faoin scéalaíocht i nGaillimh ar an 19 Aibreáin. Má tá spéis agat freastail ar an gcruinniú seo, ní mhór dul i dteagmháil le Niamh McCabe, oifigeach na nEalaíon Traidisiúnta ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

19 Aibreán.

Eolas

Seoladh: Niamh McCabe, Oifigeach na hEalaíona Traidisiúnta. The Arts Council, 70 Merrion Square, Dublin 2
Teileafón: 353 1 6180 282
Ríomhphost: niamh.mccabe@artscouncil.ie
Suíomh Idirlín: http://www.artscouncil.ie

Amharclann na Mainistireach: Ceardlann Scríbhneoireachta Drámaíochta Ghaeilge le Paul Mercier

Tá deis á tabhairt againn do scríbhneoirí atá idir aois 18 agus 35 a bheith páirteach i gceardlann chun a gcuid scileanna scríbhneoireachta drámaíochta a fhorbairt. Is é atá á lorg againn go háirithe ábhar drámadóirí a bhfuil taithí scríbhneoireachta acu sa Ghaeilge don stáitse nó do na scannáin nó taithí dá leithéid i bhfoirmeacha liteartha eile.Is é Paul Mercier, drámadóir agus stiúrthóir aitheanta agus bunaitheoir an Passion Machine Theatre Company a bheidh i mbun an cheardlann a threorú.Níl aon táille le híoc as a bheith rannpháirteach ann, ach is ar bhonn iarratais amháin a ghlacfar le daoine.D’fhonn iarratas a dhéanamh ar áit sa cheardlann, seol an
fhaisnéis seo a leanas le do thoil chuig biagscriobh@abbeytheatre.ie A). Sampla de do chuid scríbhneoireachta drámaíochta Gaeilge (radharc nach faide ná 10 leathanach). B). Ráiteas pearsanta ina léiríonn tú cén fáth ar mian leat a bheith ag scríobh don amharclann i nGaeilge. C). Tuairisc achomair ar an taithí scríbhneoireachta atá agat.

Spriocdháta

12 Aibreán 2010.

Eolas

Ríomhphost: biagscriobh@abbeytheatre.ie


 

% Ealaíona / Ealaíon Poiblí

HSE – Coimisiún Ealaíon Poiblí.

Cuireann HSE/ AN FSS fáile roimh iarratais ar choimisiún le píosa ealaíne poilbí a chruthú in Ospideál na hOllscoile, Corcaigh. Tá an coimisiún seo á reachtáil faoi scéim % Ealaíon. Tá an comórtas oscailte do gach réimse ealaíne agus tá ciste de €62,00 curtha ar fáil. Tá gach eolais faoin choimisiún agus an próiseas iarratais le fáil ag an sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

12 Aibreán 2010

Eolas

Seoladh : Marion Geary HSE Estates, Unit 2A South Ring Business Park , Kinsale Road, Cork
Teileafón: 021 4927236
Ríomhphost: marion.geary@hse.ie
Suíomh idirlín: www.etenders.gov.ie

 

Céibh Oileán Raithlin agus Cuan Bhaile an Chaistil. Coimisiún.

Fáiltíonn Comhairle áitiúil Maighne roimh iarratais ó ealaíontóirí nó grúpaí ealaíontóirí le coimisiún le dhá píosa fhsealaíon a chruthú. Beidh ceann amháin tógtha ar chéibh Oileán Raithlin agus beidh an ceann eile lonnaithe ar ché Bhaile an Chaistil. Tá ciste de 100,000 punt ar fáil don tionscnamh agus is féidir gach eolais faoin gcoimisiún agus an próiseas iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

16 Aibreáin, 2010

Eolas


Seoladh: Moyle District Council, Ballycastle & Rathlin Public Art, Moyle District Council, Sheskburn House, 7 Mary Street, Ballycastle, Co. Antrim, BT54 6QH
Teileafón: 0044 (0)28 20762225
Ríomhphost: kmcgonigle@moyle-council.orgmmcconaghy@moyle-council.org

Comharile Contae Thuaisceart an Dúin – Coimisiún Ealaíon Poiblí.

Fáiltíonn Comharile Contae Thuaisceart an Dúin roimh iarratais ó ealaíontóirí nó grúpaí ealaíontóirí ar choimisiún le píosa físealaíon a chruthú i ngáirdín an Ionaid Fóillíochta nua atá forbartha ag an gComhairle. Is fiú 48,000 punt an coimisiún. Is féidir gach eolais faoin gcoimisiún, faoi chriteár na scéime agus faoin próiseas iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

19 Aibreáin 2010.

Eolas


Teileafón: 028 9127 8032
Ríomhphost: patricia.hamilton@northdown.gov.uk

Suíomh Idirlín: www.northdown.gov.uk/tenders

 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm an t-Ionad Cultúrtha ná ealaion ar ardchaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá clár dushshlánach leagtha amach ag Ionad Cultúrtha - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reachtáiltear na himeachtaí go léir san Ionad.
Tá clár illghnéitheach d’imeachtaí ar siúl san Ionad Cultúrtha mar chuid de Clár an Earraigh.


Imeachtaí

10 Aibreán: Ollcheolchoirm Chruinniú na bhFliúite: Catherine McEvoy, Tara Diamond, Conal Ó Gráda, Hammy Hamilton, John Blake, Colm Murphy.
30 Aibreán: Ceolchoirm Traidisiúnta: Peadar Ó Riada, Martin Hayes & Caoimhín Ó Raghallaigh. Seoladh dlúthdiosca ag an ceolchoirm.
21 Bealtaine: Ceolchoirm Traidisiúnta leis an Music Network: Fionn Mac Giolla Chuda, David Power and Ciaran Sommers.

Tá na ranganna agus ceardlanna seo a leanas ar siúl i rith an Earraigh:- Ranganna Ceoil Traidisiúnta le Henry Cronin; Ranganna flúite le Conal Ó Gráda; Rangannna conseartín agus bosca le Mary Tisdal;. Ceardlanna dearc ealaíne do seanóirí le Bernadette Ní Choitir & Pauline Dodds Hyland; Cleachtaithe cór le Peadar Ó Riada.
Go dtí an 3 Bealtaine: Taispeantas Gloine le Maura Whelan.6 Bealtaine Ealaíon don Aosach. Rannpháírtithe Tacaois.
8 Bealtaine:Caoineadh Airt Uí Laoighre le Cór Ban Chúil Aodha le Peadar O Riada
6 Bealtaine - Ealaíon don Aosach. Rannpáirtithe Tacaois
Tá gach eolas faoi na imeachtaí ealaíona agus cultúrtha a bhíonn ar siúl, mar aon leis na ranganna agus ceardlanna, le fáil ón ionad.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


Arás Éanna, Inis Oirr
Tá clár leathan d’ímeachtaí ar siúl san Ionad Ealaíne le linn an Earraigh.
9 -11 Aibreán Féile na gCruit.
15 Bealtaine: The Head of Red O Brien. Dráma le True West agus Mark O Halloran.
21-23 Bealtaine: Féile Ealaín ar Oileán.
21 - 25 Meitheamh: - Feile Craiceann / Féile na m Bodhrán - Teagmháil: 099 75067 http://www.craiceann.com/
Is féidir dul i dteagmháil leis an ionad maidir leis na himeachtaí eile a bheidh ar siúl sna míoanna amach romhainn.

Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní Ghallchóir:
Ríomhphost:araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann, Co Na Gaillimhe.


Púca Puppets Scéalaí Bheár agus Naomh Pádraig
Níl sé ar eolas ag a lán daoine go raibh beáirín beag bídeach ag Naomh Pádraig fadó, sinsear de Scéalaí Bheár. Bhí a lán páistí sásta scéalta a chloisteáil faoin naomh agus a bheáirín ag imeachtaí san Axis i mBaile Munna már chuid de Gaelspraoi, le linn na féile Phádraig. Mar fhreagra, rinne na páistí 'scannán bheo' sár-mhaith tar éis na scéala. Bhain Scéalaí Bheár a lán taitnimh as na scéalta a roinn sé le páistí in Ionad Éalaíon Strule in Ómaigh chomh maith, agus tá sé ag tnúth go mór le cuairt a thabhairt ar Leabharlann Chábhain le linn an tsamhraidh. Gach eolais faoin dráma seo le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: pucapuppets@eircom.net
Teileafón: 00 353 (01) 8944922 / (0) 87 7800 931
Seoladh : 45 St. Mary’s Road North, East Wall, Dublin 3, Ireland


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Suíomh Idirlín:www.craiceailte.com


An Clachán. Ionad Ceardaíóchta, Gaoth Dobhair.
Is ionad físealaíne agus ceardaíochta é an Clachán. Cuirtear imeachtaí agus taispeántais ar siúl ar bhun rialta. Is féidir gach eolas a fháil ón ionad.

Tuilleadh eolais
Seoladh : An Clachán – Dánlann ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall
Suíomh Idirlín:
www.anclachan.ie
Teileafón: 00 353 (0) 74 9560091
Ríomhphost:eolas@anclachan.ie


An Gailearaí /Ceardlann na gCroisbhealach An Fál Carrach– Taispeántas Ealaíne: Cuisle Ag Ardú
9 Aibreán – 19 Meitheamh 2010.
Taispeántas fisealaíne faoin teideal ‘Cuilse ag Árdú’ le ceithre ealaíontóir atá ina gcónaí agus ag obair ar chósta thiar na hÉireann. Nochtann an seó comhoibrithe seo ‘cuisle’ láidir rathúil a bhaineann leis an dearcléiriú comhaimseatha atá i dtreis faoi chladaí an Iarthair. Is iad Tomasz Madajczak as an Fál Carrach, Séan Ó Flaithearta as Inis Mór, Maggie Morrison as Oileán Acla agus Úna Ní Shéa as Chorca Duibhne na healaíontóirí a bheidh páirteach sa taispeántas.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín:www.angailearai.com


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones, Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair 7.30i.n

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín:http://www.arasinisgluaire.ie/


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie www.ceiliuradh.com


Teach na bhFilí ag The Yard – Ceardlann Scríbhneoireachta
29 Bealtaine – 27 Meitheamh.
Ceardlanna scríbhneoireachta a reachtálfar i rith na deireadh seachtainí. Is iad na scríbhneoirí iomráiteacha le Janice Fitzpatrick Simmons agus Greagóir Ó Dúill a bheidh i gceannas ar na ceardlanna. Beidh siad ar siúl san Yard ar an bhFál Carrach. Díreofar ar an bhfilíócht i mBéarla agus i nGaeilge. Ní mhór clárú roimh deireadh mí Aibreáín.


Tuilleadh eolais.
Teileafón: 074 9180728
Ríomhphost:poetshouse@eircom.net
Seoladh : The Poets House, Clonbarra, Falcarragh, Co. Donegal.


Pléaráca Chonamara Teo.
Tá sraith de cheardlanna Ceardlanna Ealaíona & Ceardaíochta á eagrú ag Pléaráca do dhaoine Fásta le tacaíocht ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
27 & 28 Márta 2010. 10.00 - 05.00 i.n - Caoladóireacht Ceardlann Deireadh Seachtaine le Joe Hogan Ionad Fiontair, Ros Muc €55.00
Ta teora leis an méid gur féidir freastal ar chuid de na ceardlanna seo, ní mór glaoch ar an oifig agus áit a chuir in áirithe roimhré. Cuirfear ábhar ar fáil.


Tuilleadh Eolas
Teileafón: 091-574346/574021
Faics:
091-574346
Ríomhphost:plearaca@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.anbealbinn.com


Ceardlann Scríbhneoireachta le Pádraigh Ó Fiannachta – an Daingean.
Tá slí do bheirt nó triúr eile i i gceardlann scríbhneoireachta cruthaithi sa Díseart,
Sr. an Doirín sa Daingean, @6.30 go 8.30pm gach Máirt. Pádraig Ó Fiannachta féin
atá á stiurú i mbliana. Tá Mil na Ceardlainne agus Criathar Meala foilsithe de thoradh
cheardlann 2008 agus 2009.


Cultúrlann Uí Chanáin, Doire.
Is ionad ealaíona agus cultúrtha í Cultúrlann UÍ Chanáin atá suite i gcathair Dhoire. Reachtálann siad clár leathan d’imeachtaí Ealaíona agus Cultúrtha mar aon leis ranganna agus ceardlanna. Tá roinnt ceolchoirmeach ar siúl acu an mhí seo.
An Aoine 30ú Aibreán, 8in: Francesco Turrissi's Tarab Ensemble & Haytham Safia (Palestine / Ud). Ticéid:£5

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 02871 264132 02871 264132
Suíomh Idirlín: http://gaeilge.culturlann-doire.com
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire,BT48 7DF
Ríomhphost:eolas@culturlann-doire.ie

 


Féiltí

Féile Ealaíon Traidisiúnta Ghleann Cholm Cille
Gleann Cholm Cille, Co. Thír Chonaill.
Ceiliúradh ar na healaíona traidisiúnta agus ar an gceol traidisiúnta. Eagraítear clár leathan d’imeachtaí ceoil, idir cheardlanna, cheolchoirmeacha, sheisiúin agus ranganna. Bailíonn cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír le chéile don fhéile speisialta seo. Eagraíonn Ceol sa Ghleann an fhéile.
Dé Domhnaigh 4 – Dé Sathairn 10 Aibreán


Breis eolais
Ríomhphost: info@ceolsaghleann.com
Suíomh Idirlín: http://www.ceolsaghleann.com


Cuairt na bhFilí Albanacha 2010 - Féile Filíochta. Ar fud na Tíre.
19-24 Aibreán 2010
Déanann Cuairt na bhFilí Albanacha ceiliúradh ar an naisc láidir idir cultúr na tíre seo agus cultúr na hAlban ó thaobh teanga, ceol agus traidisiúin de. Tugann an Cuairt na bhfilí deis iontach don phobal blaiseadh aoibhinn a fháil do fhilíocht Gaeilge agus Gàidhlig.
19 Aibreán 2010 - Cuairt na bhFilí Albanacha: An Grúpa Albanaigh mar aoíonna speisialta ag an ócáid ‘Ó Bhéal’, The Long Valley, Sráid Winthrop, Cathair Chorcaigh ón 9pm ar aghaidh
20 Aibreán 2010- Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne, Co. Chorcaigh @ 8pm i gcomhar le Comharchumann Mhúscraí. An Grúpa Albanaigh i dteannta filí agus ceoltóirí áitiúla
22 Aibreán 2010 - Cuairt na bhFilí Albanacha. Toners, Sráid Bhagóid @ 8pm. An Grúpa Albanaigh agus Greagóir Ó Dúill, Caitríona Ní Chleircín, Brian Ó Domhnaill
23 Aibreán 2010 - Craobh Ceannais Comórtas Uí Néill 2010 (Comórtas Filíochta)
Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Léamh Filíochta le Bríd Ní Mhóráin
Is iad an grúpa a bheidh ag teacht anall agus a bheidh ag glacadh páirt i ngach ócáid ar an liosta seo ná: Shona Masson - Ceoltóir; Joy Dunlop - Amhránaí; Aonghas Pàdraig Caimbeul - File; Pàdraig MacAoidh - File. Rachaidh na filí Albanacha go Cúige Mumhan agus críochnóidh an Chuairt i mBaile Átha Cliath, le oíche mhór de cheol agus d’fhilíocht.


Breis eolais

Teileafón: Síle Ní Chatháin, ag 01 679 4780
Ríomhphost: sile@comhdhail.ie
Suíomh Idirlín: http://www.gaelport.com


Féile Chomórtha Joe Éinniú - Cárna, Co. na Gaillimhe.
30 Aibreán – 2 Bealtaine 2010
Bhí Joe Éinniú ar dhuine de na hamhránaithe traidisiúnta sean-nóis ab fhearr in Éirinn. Reáchtáiltear féile i gCarna, a cheantar dúchais i nDeisceart Chonamara, gach bliain. Díríonn an fhéile seo ar na stíleanna amhránaíochta agus ceoil a thaitin go mór leis an laoch Gaelach seo.
Dé hAoine 30 Aibreáin:
8.00pm Áras Shorcha Ní Ghuairim - Fáiltiú & Oscailt Oifigiúil leis an Aoí chainteoir: Tim Dennehy. Omós do Sheáin ’ac Dhonncha (1919-1996). Ceol agus Siamsaíocht
10.30pm Tí Mheaic - Seisiún Ceoil - Ceoltóirí áitiúla agus cuairteoirí
Dé Sathairn 1 Bealtaine:
10am–2pm Áras Shorcha Ní Ghuairim - Ceardlanna: (gan costas). Amhránaíocht ar an Sean-Nós – Teagascóir: Máire Ní Mhaoilchiaráin. Damhsa ar an Sean-Nós – Teagascóirí:
Máire Áine Ní Iarnáin & Máire Caitríona Ní Mhaoilchiaráin
2.30pm Áras Shorcha Ní Ghuairim. Cur i láthair agus plé - Joe Éinniú i Meiriceá. Spléachadh ar chnuasach Joe Éinniú ó Ollscoil Washington.
4.00pm Tí Mhóráin -Mórsheisiún Amhránaíochta na Féile - Aíonna agus amhránaithe áitiúla
7.30pm. Óstán Chuan Charna - Ceolchoirm na Féile (€15/€8). Máire Ní Mhaoilchiaráin, Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Caoimhín Ó Raghallaigh, Allan MacDonald, Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Joe John Mac an Iomaire, Liz & Yvonne Kane, Edel Fox, Ciarán Somers, Máire Áine Ní Iarnáin, Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Ódí Ní Chéilleachair, Seosamh Ó Neachtain, Seán P. McKiernan & Darren Donohoe.
10.30pm Tí Mheaic. Ceol agus Damhsa – Marcus & PJ Ó hIarnáin, a gclann, Don Stiffe agus aíonna eile.
Dé Domhnaigh 2 Bealtaine:
12.00pm. Cuairt ar uaigh Joe Éinniú i Reilig Mhaírois (Beidh bus ag fágál ó gheata an tséipéil taréis an aifrinn)
12.30pm. Tí Mhóráin - Seisiún Amhránaíochta agus Ceoil
3.30pm Áras Shorcha Ní Ghuairim, Comórtas Amhránaíochta na n-Óg. Aois ghrúpaí: Faoi 9, 12, 15, 18. Corn Cuimhneacháin Joe Éinniú – (F15)
8.00pm. Óstán Chuan Charna. Seoladh dlúthdhiosca: “Faoi Bhláth” [Ciarán Somers, Dave Sheridan & Nicolas Quemener] Seisiún Ceoil & Amhránaíochta
10.30pm: Óstán Chuan Charna. Siamsaíocht Ceol, Amhrán & Damhsa. Marcus & PJ Ó hIarnáin, a gclann, Don Stiffe agus aíonna eile.

Breis eolais
Ríomhphost: michealocuaig@hotmail.comainenichuaig@yahoo.ie
Teileafón: Micheál Ó Cuaig (095) 33599 / (087) 2569651 nó Áine Ní Chuaig (086) 3778055


Féile na Bealtaine - An Daingean, Co Chiarraí
Déardaoin 29 Aibreáin – Dé Máirt 4 Bealtaine
Is ceiliúradh ar sheanfhéilte Ceilteacha í mar go mbíodh an bhliain Cheilteach roinnte ina dhá chuid - ó Shamhain go Bealtaine agus ó Bhealtaine go Samhain. Is meascán bríomhar í an fhéile, idir na healaíona agus an pholaitíocht. Cuireann Féile na Bealtaine le healaíona agus le saibhreas culthúra na leithinise. Is í ardaidhm na féile ná ár léaslínte ealaíne a leathnú agus siamsaíocht a chur ar fáil do chách. Is iad aidhmeanna eile na féile ná an oidhreacht seo a chur chun cinn. Beidh clár na féile fógraithe i gceann roinnt seachtainí.

Breis eolais
Teileafón: 066 915 1082
Ríomhphost: fnabdaingean@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.feilenabealtaine.ie


Féile Phléaráca Chonamara
Inis Meáin, Árainn, Co. na Gaillimhe.
Féile ealaíon phobail a dhéanann ceiliúradh ar ealaíona traidisiúnta na Gaeltachta agus ar na healaíona comhaimseartha, idir dhrámaíocht, cheol, shiamsaíocht, dhamhsa, na dearc-ealaíona, imeachtaí ealaíne, agus eile.
Tá clár na n-imeachtaí le fáíl ag na sonraí teagmhála thíos..
Déardaoin 29 Aibreán – Dé Luain 3 Bealtaine


Breis eolais
Teileafón: 091-574346/574021
Ríomhphost: plearaca@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.plearaca.ie


Aonach Ceoil Bhaile Bhuirne - Baile Bhuirne, Co. Chorcaí.
Dé hAoine 30ú Aibreán – Dé Luain 3ú Bealtaine
Deireadh seachtaine d’imeachtaí ceoil agus ealaíne le ceardlanna ar an bhfidil, bosca, giotár, feadóg, rince & amhránaíocht. Ceolchoirm le haíonna speisialta, seisiúin cheoil agus comórtas amhránaíochta Chorn an Dr Uí Loinsigh.

Breis eolais
Teileafón: 026 45733
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.ionadculturtha.ie


Deireadh Seachtaine Heinrich Böll - Oileán Acla
30 Aibreán – Bealtaine 2010:
Deireadh seachtaine cultúrtha. Osclóidh Martin Mansergh an fhéile i mbliana. I measc na n-imeachtaí atá ar siúl i mbliana tá ócáid liteartha le Hugo Hamilton. Eagraófar taispeántais ealaíne, léachtanna, ceardlanna scríbhneoireachta agus go leor imeachtaí ealaíne eile. Tá clár na féile le fáil ar an suíomh idirlín.


Breis eolais
Teileafón: Mary Lavelle Burke: 087 772 0192 nó John Mc Hugh: 086 232 5516.
Ríomhphost: hbollachill@anu.ie
Suíomh Idirlín: http://www.heinrichboellcottage.com http://www.achilltourism.com


Cúirt International Festival of Literature – Gaillimh.
19Aibreán – 25 Aibreán, 2010.
Féile liteartha idirnáisiúnta. Bíonn imeachtaí Gaelacha agus i nGaeilge mar chuid den chlár gach bliain. Gach eolas faoin gclár le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.


Breis eolais
Seoladh: . Paraic Breathnach, Galway Arts Centre, 47 Dominick Street, Galway City, Galway
Teileafón: 091 565 886
Ríomhphost: paraic@galwayartscentre.ie
Suíomh Idirlín: http://www.galwayartscentre.ie/cuirt.htm


An Fhéile Phan Cheilteach 2010 – An Daingean, Co. Chiarraí.
Dé Máirt, 6 Aibreán - Dé Domhnaigh, 11 Aibreán
Ceiliúrdh ar cheol agus ar chultúr na hAlbaine, na Briotáine, na Breataine Bhige & An Choirn gan dearmad a dhéanamh ar an tír seo. Neart imeachtaí éagsúla, idir cheol, shiamsaíocht, chomórtais amhránaíochta, thaispeántais, chéilithe rince agus go leor eile.


Breis eolais
Seoladh: Oifig na Féile/Pan Celtic OfficeAn Sráid Mhór, an Daingean
Teileafón: 066 9150433
Suíomh Idirlín: http://www.panceltic.ie


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://artsaudiences.ie/ - Gréasán margaíochta/forbairt lucht féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)

http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach ar Ealaín Phoiblí “

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.ccoi.ie Comhairle Ceardaíochta na hÉireann: Suíomh achmhainneach maidir leis deontais, cúrsaí oiliúna agus eolas ginearáilta faoi chúrsaí ceardaíochta.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.