EalaÍn na Gaeltachta
Nuacht
Deiseanna / Deontais
Imeachtaí Ealaíon
Cuir leis an liosta
Bain den liosta
Seol chuig cara
Teagmháil
Séanadh
 
           The Arts Council Logo
 
Údarás na Gaeltachta Logo
  Aibreán '07
Imleabhar 1 Eagrán 3
 

Nuacht

Fáilte chuig ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta.

Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile, nó má tá aon chomhairle uait/uaibh maidir le tionscscnaimh ealaíona a fhorbairt .

Deontais/Deiseanna

An Chomhairle Ealaíon:

Tabhair chun d'aire na spriocdhátaí seo a leanas:

Deiseanna d 'Ealaíontóirí

Dámhachtain Sparánachta: 5.30pm, Dé hAoine , 22 Meitheamh
Tionscadail: Dámhachtain Saothair Nua:  Dé hAoine 17 Lúnasa
Tionscadail: Dámhachtain Aonuaire: Dé hAoine 17 Lúnasa
Dámhachtain Coimisiún Dé hAoine 21 Meán Fómhair

Dámhachtain Taistil & Oiliúna, leanúnach (féach an t-eolas ar spriocdhátaí sa cháipéis faisnéise Tacaíochtaí d'Ealaíontóirí 07) .  Tuilleadh eolais: 01-618-0200

Scéim na nEalaíontóirí sa bPobal : Spriocdháta 5i.n. Dé hAoine 29 Meitheamh 2006.
Tuilleadh eolais, foirmeacha iarratais, nó chun seisiún comhairleach a chur in áirithe, téigh i dteagmháil le Katherine Atkinson, Tacaíocht Tionscadail & Forbairt Ghairmiúil, 01 4736600 nó seol ríomhphost chuig support@create-ireland.ie.

Tionscadail: Nua Eabhrac. Chun tionscadail a fhorbairt a shíneann thar theorainneacha foirmeacha ealaíne 17 Lúnasa

Tionscadail: Aonuaire. Cur ar chumas daoine aonair nó eagraíochtaí tionscadail aonuaire a chur ar bun. 17 Lúnasa

Coimisiúin Comhpháirtíocht chruthaitheach a spreagadh idir raon éagsúil coimisinéirí agus ealaíontóirí 23 Márta 21 Meán Fómhair. Tuilleadh eolais ón gComhairle Ealaíon 01 6180200

Dámhachtain Taistil & Oiliúna Múnlú agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú; deiseanna líonraithe a spreagadh; cuimsíonn an dámhachtain seo an dámhachtain Taistil & Soghluaisteachta agus an Dámhachtain Forbartha agus Oiliúna Gairmiúla. Leanúnach                   

DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach

Deiseanna eile:

Áras na Scríbhneoirí: Tugtar cuireadh do scríbhneoirí nua agus bhunaithe iarratas a sheoladh isteach maidir le húsáid spásanna stiúidió an Árais thar tréimhse aontaithe i 2007. Seol bhur n-iarratais ag cur síos ar do thionscnamh maroan le C.V chuig An Stiúrthóir, Áras na Scríbnheoirí 19 Chearnóg Pharnell, Baile Áth Cliath 1,riamh phost: info@writerscentre.ie

Foláireamh – Spriocdháta do dheontais  Cultúr Éirinn 15 Bealtaine 2007 http://www.cultureireland.gov.ie

Cultúir 2007  -2013 togra maoinithe an tAontas Eorpach fógraithe anois. Foirmeacha iarratais, spriocdhátaí eile, agus eolas ghinealrálta ar fáil faoi láthair ón  ngréasáin  http://www.culture2007.info/

Ceardlann sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach do Scríbhneoirí Próis Stiúrthóirí: Joe Steve Ó Neachtain agus  Éilís Ní Dhuibhne á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnachta i gcomhar le Bord na Leabhar Gaeilge Aoine–Domhnach, 19–21 Deireadh Fómhair 2007Ionad: Galfmara, Eanach Mheáin, Conamara. Beidh an cheardlann dírithe ar scríbhneoirí óga/nua den chuid is mó, nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.  Tabharfar áit ar an gceardlann freisin, áfach, do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leas na scríbhneoirí óga/nua.Seoltar an fhoirm iarratais agus í comhlíonta, mar aon leis an mír shamplach scríbhneoireachta, roimh 14 Márta 2007 sa phost chuig: An tEagarthóir Litríochta, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe, nóar ríomhphost chuig: eagarthoircic@iol.ie 2 áit atá ar an gcúrsa. Tuilleadh eolais:Lochlainn ÓTuairisg, eagarthóir Litríochta, Cló Iar-Chonnachta Indreabhán Conamara Co. na GaillimheGuthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost: eagarthoircic@iol.ie

Folúntais

An bhfuil tú paiseanta faoi na hEalaíona?

Iarrann an Chomhairle Ealaíon iarratais ó dhaoine eisceachtúla a bhfuil tallann acu chun na foirne seo a leanas a stiúradh

Cláir Thacaíochta na nEalaíontóirí

Damhsa (ról 0.5)

Forbairt na nEalaíon Áitiúil

An Amharclann

Ceol & Ceoldrámaíocht

Ionaid na nEalaíon

Tá eolas breise maidir leis na poist seo le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle Ealaíon   www.artscouncil.ie

Chun cur isteach ar aon cheann de na poist seo inis an fáth go bhfuil suim agat sa ról áirithe sin agus seol do CV chuig john.guinan@artscouncil.ie nó sa phost chuig Acmhainní Daonna, An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 tráth nach déanaí ná an 11 Aibreán 2007. An Chomhairle Ealaíon – foras forbartha na n-ealaíon á tacú ag Rialtas Éireann

Iarann an Chomhairle Ealaíon iarratais ar dhá phost mar Stiúrthóir Ealaíon

Stiúrthóir Ealaíon:: Áirítear ar na réimsí freagrachta:Tacaíocht do na hEalaíona, Forbairt Áitiúil agus Féilte % Ionaid Ealaíon (Tag: AC47)

Stiúrthóir Ealaíon: :Áirítear ar na réimsí freagrachta - Na hAmharc-ealaíona, Ailtireacht, Litríocht, Litríocht Bhéil, Scannán agus Meáin Dhigiteacha (Tag: AC48) Beidh gach Stiúrthóir Ealaíon i gceannas ar cheann amháin de na ranna nua ealaíon atá á mbunú mar chuid de struchtúr nua eagraíochtúil na Comhairle Ealaíon.  Tá an struchtúr seo á thabhairt isteach mar chuid de chur i ngníomh straitéis na Comhairle Ealaíon, Comhpháirtíocht do na hEalaíona. Tá tuilleadh mionsonraí ar an bpost seo le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle Ealaíon. www.artscouncil.ie Chun iarratas a dhéanamh, tabhair cuntas ar an spéis atá agat sa ról, luaigh an uimhir thagartha agus seol CV chuig: John.guinan@artscouncil.ie nó tríd an bpost chuig Acmhainní Daonna, An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 roimh an 28 Márta 2007.An Chomhairle Ealaíon – foras forbartha na n-ealaíon á tacú ag Rialtas Éireann

 

Imeachtaí Ealaíon

Oireachtas na Cásca & An Fhéile Pan Cheilteach -le chéile ag cothú muintearais Tá dhá athrú suntasach á ndéanamh acu i mbliana ar an gcéad fhéile – an fhéile a dtugadh muid Oireachtas na Bealtaine uirthi go dtí seo’, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. ‘Is Oireachtas na Cásca a bheidh ann as seo amach mar go mbeidh an fhéile ar siúl le linn sheachtain na Cásca, ó 12 – 15 Aibreán 2007.’ Ar na himeachtaí eile a bheidh ar siúl le linn Oireachtas na Cásca tá Léacht an Oireachtais; Bronnadh na nGradam Cumarsáide; Fáiltiú an Oireachtais; Seisiúin & a lán eile.  Reáchtálfar Club na Féile agus roinnt imeachtaí eile i gcomhar leis an Fhéile Pan Cheilteach. Gach eolas ó:- Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 Fón: + 353 1 475 38 57       Facs: + 353 1 475 87 67 Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie

Ádhamh & Éabha. Tá an t-aisteoir Diarmuid de Faoite, scríbhneoir Darach Ó Scolaí agus córagrafadóir/rinceoir Ríonach Ní Néill ag obair le chéile faoi láthair ar dhráma-rince nua a thabhairt chun stáitse, le maoiniú ó hEalaín na Gaeltachta. Ath-insint ar scéal Ádhamh & Éabha atá mar théama acu agus beidh an scéal léirithe i stíl an-fhisiciúil agus físiúil a nascann rince agus drámaíocht le chéile. Beidh A&E Ádhamh & Éabha ar stáitse i mí Meitheamh agus Iúil. Chun tuilleadh eolas a fháil cuir fios ar rnineill@yahoo.ie

Imeachtaí Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne

27.04.07Paul Brock
Paul Brock (bosca ceoil)
Enda Scahill (banjo)
le Ryan Molloy (piano)

13. 04.07  Muintir Mulcahy
Louise (fidil 7rl), Michelle (cruit 7rl)
agus Mick Mulcahy (bosca ceoil

Acadamh Fódhla Cruinníotar dáibhimh an Acadaimh mar seo leannas: Dáimh Talamhaíochta An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Máirt  8:00

Dáimh Amhránaíochta Dhúchasach.   An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Dé Céadaoin 9:30 Dáimh Staire Dhúchasach, An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Déardaoin  8:00Fáilte roim baill nua.

Cór Chúil Aodha:Cleachtadh gach Luan 9:00 sa Draighean.Fáilte roimh baill nua ach tú féin do chur in iúil tar éis Aifrinn aon Domhnach i gCúil Aodha.

Cór Ban Chúil Aodha. Cleachtadh gach Ceadaoin 8:00 Ionad Culturtha Bhaile Mhuirne.Fáilte roimh baill nua ach teacht  chun cleachtadh.

Bhí slua maith i láthair sa Mhúsaem ar an mBuailtín ar an Satharn, an 10 Márta nuair a seoladh an leabhar Cúirt Phiarais. .An Roinn Comhshaoil a mhaoinigh an Scéim Chéatadáin don Ealaín a bhí coimisiúnaithe ag Comhairle Chontae Chiarraí maidir le tógaint an eastáit tithe sóisialta i mBaile an Fheirtéaraigh go bhfuil Cúirt Phiarais mar ainm orthu. I Samhradh 2005 nuair a thosaigh an réamhobair don togra,is iad na pairtnéirí áitiúla. Boghaisín ildathach na cruthaitheachta lán de shaothair ó dhaoine ildánacha ata i gCúirt Phiarais.Gan an chabhair go léir a fuarthas ó Ealaín na Gaeltachta agus ón Oidhreacht chomh maith le Scéim Ealaíne na Comhairle Contae agus an Roinn Comhshaoil,ní bheadh an chloch so curta ar charn na leabhar Dhuibhneach.

 

Comórtais

Comórtas Gearrscéalaíochta Mháirtín Uí Chadhain

Comórtas nua gearrscéalaíochta á riaradh ag an nGaelacadamh Teo., An Spidéal agus urraithe ag Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe.  Tá an comórtas seo á eagrú le glúin óg cainteoirí Gaeilge a spreagadh le dul i mbun pinn le tógál ar an mbunchloch a leag Ó Cadhain chomh paiteanta sin.

Tá dhá roinn sa chomórtas  -

  • Roinn A  -  17 – 35 bl.  -  duais  -  €1,500
  • Roinn B  -  Daltaí Iarbhunscoile  -  €500

Is leor 3,000 focal ach féadfaidh na moltóirí aon saothar níos mó ná níos lú ná sin a chur san áireamh.  Beidh Cló Iar-Chonnachta ag foilsiú na ngearrscéalta a mbeidh caighdeán sách ard iontu.Spriocdáta:  Lá Bealtaine 2007 Rialacha & Foirm Iarratais:  An Gaelacadamh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. 091-553124 nó caitrionanioibicin@eircom.net

Aras na scríbhneoirí http://www.writerscentre.ie/centre/index.htm Comórtais an Árais. http://www.writerscentre.ie/competitions/index.htm

Taispeántais

Taispeántais i nDánlann Joan Clancy, An Rinn:

Gailearaí Joan Clancy -Ceiliúradh na Cásca- Four for Four  ‘Sé Four for Four Aibreán 4ú - 9th. Ar oscailt 11am – 5pm, mó tri am a chur san áireamh. Ceiliúradh na Cásca, an seó Cásca a bheidh i Joan Clancy Gallery i nGaeltacht na Rinne i gcontae Phort Láirge a thaispeánfaidh pictiúir úra ó na healaíontóirí áitiúla Rayleen Clancy, Blawnin Clancy, Leah Murphy agus Kate Hawkins. Éolas: (058) 46205; (086) 813 4597. info@joanclancygallery.com www.joanclancygallery.com

Is as Gaeltacht Phort Láirge do Blawnin Clancy, Rayleen Clancy and Leah Murphy, agus sí an Ghaeltacht foinse inspioráide a gcuid saothair i dTaispeántas Feabhra 2007 i nDánlann Joan Clancy.  Eolas: (086) 813 4597  info@joanclancygallery.com      www.joanclancygallery.com

Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise

JMI - Iris Ceoil na hÉireann. Iris chuimsitheach le haltanna suimiúla maidir le chuile genre ceoil sa tír. Tá eagrán Samhain/Nollaig ar fáil anois. Tuilleadh eolais ó http://www.thejmi.com

Cinegael - Tá  saothar scannánaíochta Cinegael (BobQuinn) ar fáil don chéad uair ar DVD - a leithéid Phoitín, Atlantean, Budawanny, Splanc Dheireadh na Gaeltachta, Damhsa an Deoraí, Cloch, ó www.conamara.org nó óCinegael, Tuairín, Béal an Daingin, Conamara.

Taisce Cheol Dúchais Éireann: Tuilleadh eolais ag www.itma.ie nó déan teagmháil leis an Taisce ag 73 Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath 2 (teil: +353-(0)1-661 9699 faics: +353-(0)1-662 4585).

Creative Edge (Audio)I ris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl. Tuilleadh eolais: Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas an - úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,camchuairteanna agus ceolchoirmeacha agus eile achmhainneach

http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona

http://www.forumformusic.ie Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh