|
|
Nuacht
Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.
Cuireann Ealaíon na Gaeltachta fáilte roimh
dhá nuachán Gaeilge nua: Gaelscéal
agus Goitse Goitse. Tháinig na nuachtáin
ar an bhfód le déanaí agus cuirfidh
siad go mór le cúrsaí ealaíne
sa Ghaeltacht. Is príomhnuachtán náisiúnta
na Gaeilge é Gaelscéal, agus freastalaíonn
Goitse Goitse ar Ghaeltacht Thír Chonaill.
Tá Ceara Conway coimisinaithe ag Údarás
na Gaeltachta le tionscnamh mór ealaíne Phoiblí
a stiúradh do phobal cheantar na nOileán.
Cuireadh tús le sraith de cheardlanna dírithe
ar bheochan (animation) Mí Aibreáin. Reáchtáilfear
sraith de cheardlanna grianghrafadóireachta, dearadh
t-léinte agus suaitheantais agus ceardlanna lóchrainn
(lantern making) i rith an tSamhraidh. Is deis iontach a
bheidh anseo do pháistí na háite scileanna
nua a fhoghlaim agus ag an am céanna a bheith ag
foghlaim faoi stair agus oidhreacht an cheantair ag úsáid
a gcuid samhlaíochta agus cruthaíochta. Eagrófar
mór-ócáid phoiblí mar bhuaicphointe
an tionscnaimh seo. Is seó de thaispeántais
phoiblí a bheidh i gceist dar teideal ‘Oíche
na nDeich Seol’ a bheidh á reáchtáil
tráthnóna Dé hAoine, 10 Meán
Fómhair 2010 in aice le Cé Ghlais na nUan,
i gCeantar na nOileán. Cuirfear saothar na bpáistí
os comhair phobal na háite, agus iad teilgthe ar
sheoltaí báid áitiúla ag an
ócáid seo. Tá an togra seo á
chur i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta faoi
Scéim Céatadán don Ealaín, scéim
náisiúnta ina gcuirtear céatadán
d’airgead chaipitil i dtreo thionscnamh ealaíne.
Baineann an togra áirithe seo leis an infheistíocht
a rinneadh sa bhfoirgneamh ina bhfuil Muintearas lonnaithe
i dTír an Fhia. Chun clárú nó
chun breis eolais a fháil, déan teagmháil
le Muireann Ní Dhroighneáin, Áisitheoir
Ealaíne, Ealaín na Gaeltachta Teo, ag 091
503220. Bígí páirteach ann!
Beidh leabhar nua le Maria Ní Mhurchú, Caite
le Chéile, ar an bhfód go luath.
Trí dhráma atá sa leabhar: Imithe le
Gealaigh, a bhuaigh Gradam na hAmharclainne agus a fuair
4 réalt san Irish Times; An Préachán
Bán a bhí ar siúl i Centra sa Daingean
ag AnnOg; Réiltín, dráma i dtaobh "baglady"
i mBAC agus tá súil gcuirfear ar stáitse
iad amach anseo.Comhghairdeas le Máire Wren
ón ‘Ciorcal Scríbhneoireachta’
i nGaoth Dobhair a bhain Duais Foras na Gaeilge amach mar
chuid den chomórtas liteartha a eagraíonn
an fhéile, ‘Seachtain na Scríbhneoirí
- Lios Tuathail’
Tá rogha leathan de fhéiltí ar siúl
ar fud na Gaeltachta i rith mí na Bealtaine. Is féile
thábhachtach i bhféilire na Gaeltachta í
an fhéile ilghnéitheach, spleodarach,
Féile na Bealtaine. Tá an fhéile
ar siúl sa Daingean ag tús na míosa
seo. Cuirtear imeachtaí ar ardchaighdeán ar
siúl agus meallann an fhéile ealaíontóirí
áitiúla, náísiúnta agus
idirnáisiúnta. Bhíonn blas polaitiúil
agus fealsúntachta curtha leis an bhféile
chomh maith. Lena hais sin, beidh Féile Chomórtha
Joe Éinniú ar siúl i gCarna.
Féile í seo a déanann comóradh
ar laoch mór na hamhránaíochta ar an
sean-nós, Joe Éinniú. Bíonn
scoth den amhránaíocht agus an ceol le cloisteáil
ag an bhféile. Tá oidhreacht shaibhir an cheoil
le brath go láidir ag Aonach Ceoil
Bhaile Bhuirne freisin; féile eile
a thugann árdán do cheol agus oidhreacht shaibhir
na Gaeltachta. Beidh an Fhéile Ealaíon Pobail,
Pléarárca ar siúl an mhí
seo chomh maith. Is féile í seo a déanann
ceiliúradh ar an oidhreacht shaibhir cultúrtha
atá ar fáil i gConamara. Thuas i dTír
Chonaill, i mí an Mheithimh eagrófar an fhéile
scannán, Guth Gafa, féile
a thaispeánann na scánnáin fháisnéise
is fearr a bhfuil ann agus a thugann deis do scannánaí
a gcuid saothar a phlé. Tá neart féiltí
eile le blas Gaelach acu, ar siúl ar fud na tíre,
mar aon leis neart imeachtaí ealaíona ilghéitheacha
agus ildánacha eile. Breis eolais ar fáil
thíos. Mar is gnáth, tá eolas san r-litir
faoina deiseanna atá ar fáil d’ealaíontóirí
agus d’eagraíochtaí ealaíne.
Lena hais sin, tá neart eolas ar na himeacthaí
atá ar siúl i rith na míosa, chomh
maith.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Oiliúint
| An Gréasán
Ceoil: Making Overtures, 2010.
|
12 – 16 Iúil, 2010
Is cúrsa cuimsitheach é ‘Making
Overtures’ a díríonn ar cheoltóirí
agus ar chumadóirí gairimúla
ón tír seo. Díríonn an
cúrsa ar cheoltóirí nó
ar chumadóirí atá sé ar
intinn acu slí maireachtála a bhaint
amach in earnáil an cheoil. Is é aidhm
an chursá ná scileanna cuí a
theagasc agus saineolas a sheacadadh ionas go mbeidh
na ceoltóirí agus cumadóirí
ábalta saothrú ar bhun gairimiúil.
Is iad seo a leanas cuid de na hábhair: an
mhargaíocht, an airgeadas, bainistíocht,
cúrsaí cánach, srl. Má
tá spéis agat sa chúrsa, ní
mhór iarratas a sheoladh isteach chuig Music
Network roimh an 15 Meitheamh. Tá dhá
dámachtán curtha ar fáil ag an
nGreásán Ceoil don chúrsa seo.
Táille: €200
|
|
Dáta
|
12 -16 Meitheamh,
2010
|
|
Eolas
|
Seoladh:
The Coach House, Dublin Castle, Dublin 2.
Teileafón: +353 1 6719429
Ríomhphost: admin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie
|
| Comhairle Náisiúnta
na nÓg – Cúrsaí Oiliúna
sna hEalaíona.
|
Cuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg
réimse leathan de chúrsaí ar
fáil i réimsí éagsúla
de na healaíona, le béim ar leith ar
na healaíona don aos óg. Ina measc na
gcúrsaí atá curtha ar fáil
i mí Aibreáin tá, ‘Picture
This’, cúrsá a déanann
iniúchadh ar ról na físealaíona
san oideachas.
Is féidir liosta de na cúrsaí
agus gach eolas a fháil ar shuíomh idirlín
na heagraíochta.
|
|
Dáta
|
Dátaí éagsúla.
|
|
Eolas
|
Seoladh: 3 Sráid Mhontague,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 4784122
Ríomhphost: training@nyci.ie
Suíomh idirlín: www.youth.ie
|
| Business to Arts
– Forléargas ar an gCúrsa Tiomsaíochta
For Impact - Baile Átha Cliath.
|
Cuirfidh an tiomsaitheoir Mericeánach, Tom
Suddes, ceardlann aon-lá ar siúl sa
tiomsaíocht. Is é An Tiomsaíocht
d’eagraíochtaí Ealaíona
an teideal atá ar an gcúrsa. Tabharfaidh
an cúrsa forléargas ar an múnla
eiseamlárach tiomsaíochta, ‘For
Impact’, atá cruthaithe ag an t-Uasal
Suddes. Is pacáiste é For Impact ina
léirítear an chaoi is éifeachtaí
le bualadh faoi fheachtas tiomsaíochta –(structúr,
leagan amach, cur chuige, pleanáil agus dearadh
an fheactais, srl). Chomh maith leis an gcúrsa
thuasluaite, is féidir le heagraíochtaí
ealaíne atá mar bhaill de Buisness to
Arts lascaine shuntasach a fháil ar na cúrsaí
oiliúna a eagraíonn an Irish Times agus
an comhlacht, Sureskills. Cuireann an dhá eagras
clár leathan de chúrsaí gnó,
margaíochta agus gairmiúla ar fáil.
Is cúrsaí thar a bheith feiliúnach
do ghniomhairí ealaíne iad. Lena hais
sin, cuireann Business to Arts réimse leathan
de chúrsaí sainspeisialta ar fáil
d’eagraíochtaí ealaíne.
Gach eolais le fáil ar an suíomh idirlín. |
|
Dáta
|
10 agus 11 Bealtaine, 2010.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Rowena Neville, Director
of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex
St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón: 353 1 672 5336
¦ Dir : + 353 1 635 0253
Fón Póca: + 86 830
9424
Facs : + 353 1 672 5373
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh idirlín: www.businesstoarts.ie
|
| Cló Cheardlann
na gCnoc, Co. Dhún na nGall – Cúrsaí
oiliúna sna Físealaíona.
|
Tá Cló (Ceardlann amharcealaíne)
ag reáchtáil roinnt cúrsaí
sna míonna amach romhainn. Beidh Annie Silverman
as Somerville, Massachusetts ag teagasc ar an gcúrsa
priondáil “Woodblock” agus beidh
Seán Ó Dhubhchon as Machaire Rabhartaigh
ag teagasc ar an gcúrsa ealaíon do phaistí.
(Beidh Annie Silverman ina ealaíontóir
cónaithe ag Cló le linn mhí Meitheamh
2010). Beidh na cúrsaí agus na ceardlanna
ar siúl sa bharrionad físealaíne
atá ag an eagraíocht i nGaeltacht Thír
Chonaill. Is é seo a leanas an t-amchlár:
15ú – 16ú Bealtaine 2010:
Cúrsa liteagrafaíocht le Gill Tyson
.
26ú – 27ú Meitheamh 2010:
Cúrsa í priontáil le Annie Silverman.
28ú Meitheamh – 2ú Iúil
2010: Cúrsa ealaíon do phaistí
le John Doohan.
10ú – 11ú Iúil 2010:
Cúrsa eitseáil le dath (le Aoife Mc
Garrigle.
17ú – 18ú Iúil 2010:
Cúrsa Photo Eitseáil; “exploring
polymer and photec etching” le Aoife Mc Garrigle.
16ú – 20ú Lúnasa 2010:
Cúrsa í péinteáil radharc
tíre le Heidi Nguyen. (10 – 4)
|
|
Dáta
|
Dátaí éagsúla.
|
|
Eolas
|
Teileafón: 353 (0) 7491
- 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh idirlín: www.clo.ie
|
| Comhairle Cheardaíochta
na hÉireann (CCOI) – Scéim Meantóireachta
agus Scéim: Forbairt Ghairmiúil do cheardaithe.
|
Tá dhá scéim fógraithe
ag an CCOI. Díríonn an Scéim
Meantóireachta ar ghnóanna ceardaíochta.
Cuirtear meantóir ar fáil le cabhair
agus tacaíocht a thabhairt do ghnóanna
ceardaíochta ionas go mbeidh siad ábalta
fás agus fhorbairt. Díríonn an
‘Scéim: Forbairt Ghairimiúil’
ar cheardaithe atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh
ar a gcuid scileanna ceardaíochta. Cuirtear
ciste de €500 ar fáil do gach ceardaí
a éiríonn leo sa scéim áirithe
seo. Mar aon leis sin, eagraíonn an CCOI ranganna
agus ceardlanna ar bhun rialta chomh maith. Lena chois
sin, reachtálann siad cúrsaí
oiliúna, léachtaí agus imeachtaí.
Tugann an CCOI comhairle agus cabhair d’ealaíontóirí
ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna
eile a chuireann siad ar fáil. Tá gach
eolas le fáil ar shuíomh idirlín
na heagraíochta. |
|
Dáta
|
Scéim Meantóireachta,
21 Bealtaine : Forbairt Gairimiúil do Cheardaithe,
7 Bealtaine.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Crafts Council of Ireland,
Castle Yard, Kilkenny, Ireland
Teileafón: 353 (0)56 7761804
Ríomhphost: info@ccoi.ie
Suíomh idirlín: www.ccoi.ie
|
| Físealaíontóirí
na hÉireann – Cúrsaí oiliúna.
|
Reachtálann Físealaíontóirí
na hÉireann deiseannna oiliúna, sraith
cheardlanna, srl do fhísealaíontóirí
ar bhun rialta. Is deis é d’fhísealaíontóirí
agus do ghrúpaí físealaíne
cur lena gcuid scileanna gairimiúla agus gnó.
Is mór an méid ábhar a chuirtear
ar fáil: Peer critique, Cúrsaí
airgeadais don fhísealaíontóir,
an chaoi le do saothar a chur os comhair an phobail,
srl. Is féidir an t-amchlár agus na
sonraí uilig a fháil ar shuíomh
idirlín na heagraíochta. |
|
Dáta
|
Dátaí éagsúla.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Kate Mc Loughlin, Education
Assistant, at:
Visual Artists Ireland, 37 Nth Great Georges Street,
Dublin 1
Teileafón:00353 (0)1 8722296
Ríomhphost: kate@visualartists.ie
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie
nó www.visualartists.ie/Services/sfr_current_progspring10.html
|
| IMMA – Sraith
Léachtaí agus Cainteanna.
|
Reachtálann IMMA léachtaí agus
cainteanna faoi réimsí éagsúla
de na físealaíona ar bun rialta. Bíonn
na léachtaí ar siúl in ionad
IMMA san Ospideál Ríoga i gCill Mhaighneann,
Baile Átha Cliath. Bíonn físealaíontóirí,
scannánaí, staraithe agus saoineolaí
iomráití mar aoichainteorí agus
pléitear téamaí a bhaineann leis
na físealaíona. Tá gach eolas
agus amchlár le fáil ag na sonraí
teagmhála thíosluaite. |
|
Dáta
|
Dátaí éagsúla.
|
|
Eolas
|
Seoladh: , An Ospideál Ríoga,
Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
Teileafón: 01 6129900
Ríomhphost: sophie.byrne@imma.ie
Suíomh idirlín: www.imma.ie
|
| Oideas Gael –
Ranganna Ealaíne, Ceoil & Ceardaíochta.
|
Scoil Samhraidh Péintéireachta
Mara agus Tírdhreach: Beidh an cúrsa
seo faoi stiúir, Kenneth King agus Conal Mac
an tSaoir, beirt ealaíontóir iomráití.
Is iad tírdhreach agus imeallbhord cósta
an limistéir is suíomh do na cúrsaí
phéintéireachta atá a dtairiscint
do thosaitheoirí agus don dream a bhfuil feabhas
uathu.
Fí Táipéise. Beidh an
cúrsa seo a thairiscint i mbliana le deis a
thabhairt do rannpháirtithe a bheith ag foghlaim
ó bheirt de na h-ealaíontóirí
a bhí mar chuid de Táipéis Gael
ó 1993 ar aghaidh. Beidh an deis ann castáil
leis na daoine áitiúla a shín
ar aghaidh na seanscileanna ó ghlún
go glún le go mbeadh an fhíodóireacht
ina ealaín beo beathach. Beidh dathú,
cardáil, sníomh, dearadh agus fíodóireacht
a theagasc mar chuid de mhodúil na seachtaine
agus taipéis deartha agus críochnaithe
ag na rannpháirtithe.
Cláirseach: Beidh an cúrsa
seo dírithe ar fhoghlaimeoirí agus ar
fheabhsóirí a bhfuil suim acu bunscileanna
ceol an chláirsigh a fhoghlaim ó theagascóir
agus múinteoir proifisiúnta. Is í
Sara Gillen an teagascóir agus tá clú
ar leith uirthi mar mhúinteoir cláirsigh
agus mar cheoltóir í féin.
An Fheadóg:Tá an cúrsa
ceoil seo dírithe ar mhúinteoirí
agus daoine gur spéis leo na gnéithe
éagsúla de cheol na hÉireann
a fhiosrú agus a fhoghlam. Is í Maureen
Mc Grattan, ceoltóir den scoth, a bhéas
mar theagascóir agus í ag díriú
ar thosnaitheoirí agus iad siúd ar mhaith
leo níos mó dul chun cinn a dhéanamh.
Gach eolas faoi na cúrsaí le fáil
ar shuíomh idirlín Oideas Gael. Tá
suíomh Facebook ag Oideas Gael.
|
|
Dáta
|
Dátaí éagsúla.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Oideas Gael, Gleann Cholm
Cille, Co. Dhún na nGall
Teileafón: +353 (0)74 973
0248
Ríomhphost: eolas@oideas-gael.com
Suíomh idirlín: www.Oideas-Gael.com
|
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámachtáin Choimisiúin
sna hEalaíona Traidisiúnta.
Cuireann na dámachtáin béim ar
an gcomhpháirtíocht. Is é príomhchuspóir
na scéime ná comhpháirtíocht
a chothú idir coimisiúnaithe agus ealaíontóirí
ionas go n-eascrófar ábhar cruthaitheach
amach as. Gach eolais le fáil ar shuíomh
idirlín na comhairle.
Dámhactáin Chomisiúin
sa Cheol.
Cuireann na dámachtáin béim ar
an gcomhpháirtíocht. Is é príomhchuspóir
na scéime ná comhpháirtíocht
a chothú idir coimisiúnaithe agus ealaíontóirí
ionas go n-eascrófar ábhar cruthaitheach
amach as. Gach eolais le fáil ar shuíomh
idirlín na comhairle. |
|
Spriocdháta
|
06 Bealtaine 2010
|
|
Eolas
|
Seoladh: The Arts Council, 70 Merrion
Square, Dublin 2
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín:
www.artscouncil.ie
Teileafón: 01 6180200
|
| An Chomhairle Ealaíne
|
Scéim na nEalaíontóirí
sa phobal
Is í aidhm na scéime ná dian-chomhoibriú
a spreagadh idir an pobal agus ealaíontóirí,
áit a mbíonn saothar ealaíne
nó tionscadal mar thoradh na hoibre. Tá
Scéim na nEalaíontóirí
sa Phobal á bainistiú ag Create, an
ghníomhaireacht forbartha pobail, ag cur seirbhísí
ar fáil i gcomhair forbartha ealaíon
agus cleachtas ealaíne comhpháirteach
in Éirinn. Gach eolais le fáil ar shuíomh
idirlín na comhairle.
|
|
Spriocdháta
|
25 Meitheamh 2010
|
|
Eolas
|
Seoladh: The Arts Council,
70 Merrion Square, Dublin 2
Teileafón: 01 61 80 200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: wwww.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle
Ealaíon
|
Deis
Is í cuspóir na scéime Deis
tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail
ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail
ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta
ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile
ealaíne, atá ag teacht le beartas na
Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon
traidisiúnta. Is do thionscadail aonuaire nó
ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis
tacaíocht, agus ní chuirfear bunchistiú
ar fáil faoin scéim seo. Tabharfar tús
áite do thionscadail a léiríonn:
aird ar chaighdeán, ealaíonta nuálaíocht
agus tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon
traidisiúnta. Is scéim leanúnach
í Deis. Glactar le tograí ó gach
réimse de na healaíona traidisiúnta
(ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta
agus na healaíona béil, cosúil
leis an scéalaíocht agus an t-agallamh
beirte).
|
|
Spriocdháta
|
Scéim leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Callsave: 1850 392 492
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
nó eimear.harte@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
|
| Cultúr Éireann
|
Deontas.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú
ar eagraíochtaí ealaíona nó
ealaíontóirí le tacaíocht
a thabhairt dóíbh shár-imeachtaí
cultúrtha na hÉireann a chur ar fáil
i dtíortha eile. Breithnítear tograí
le haghaidh ócáidí (m.sh. léiriúcháin,
taispeántais, léachtaí) nach
mbíonn an eagraíocht ná an léiriúchán
féin in ann na costais ina leith a íoc.
Bronntar na ndeontas de réir an chritéir
seo a leanas 1.Caighdeán ard ealaíonta
an togra. 2.Tionchar straitéiseach sa tír
ina mbeidh an ghníomhaíocht ar siúl.
3.Inmharthanacht airgeadais agus feidhmíochta
an togra. 4. Oiriúnacht an togra i gcás
na tíre óstaigh. 5. Cion de na costais
atá á seasamh ag an togróir nó
ag aon eagraíochtaí iomchuí eile.
6. Rannchur na gníomhaíochtaí
molta le haidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha
Chultúr Éireann, mar atá leagtha
amach ina Straitéis 2006-2010. Tá foirmeacha
agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh
gréasáin www.cultureireland.gov.ie
|
|
Spriocdháta
|
15 Bealtaine, 2010
|
|
Eolas
|
Seoladh: Cultúr Éireann,
Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353 1 6313905/3994/3917
Facs: 00 353 1 6313956
R-phost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh idirlín: www.cultureireland.gov.ie
|
| An Gréasán
Ceoil
|
Dámhachtán Ceoil do Dhaoine
Óga: deis do cheoltóir Jazz.
Tá an dámhachtán seo oscailte
d’ensemble jazz de gach cineál. Ní
mhór nach mbeadh níos mó ná
5 bhall sa ghrúpa. Cuirtear an dámhactán
ar fáil do cheoltóirí óga
atá ag tosnú amach sa shaol mar cheoltóirí
gairimiula. Tá gach eolais faoin scéim
le fáil ag na sonraí teagmhála
thíosluaite.
|
|
Spriocdháta
|
5 Iúil 2010
|
|
Eolas
|
Teileafón: Andreas Ziemons - (01)
671 9429
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
R-phost: concertadmin@musicnetwork.ie
|
Deiseanna
Eile
| Fiontar Éireann
/ Enterprise Ireland - Scéim na nDearbhán
don Nuálachas.
|
Is é aidhm na scéime ná nasc
agus caidreamh a chothú idir gnóanna
beaga agus an earnáil fáisnéise
pobail. Bronntar deontais bheaga i bhfoirm dearbhán
ar chomhlachtaí beaga atá ag iarraidh
deiseanna nua gnó a aimsiú nó
atá ag iarraidh réiteach a fháil
ar fhadhbanna atá a chur bac agus laincís
ar fhás an chomhlachta. Is féidir na
dearbháin (luach €5,000) a úsáid
chun saineolas agus comhairle a fháil ó
soláthraí fáisnéise agus
eolais. Feilfeadh an scéim d’eagraíochtaí
ealaíne atá cláraithe mar chomlacht
nó mar ghnó.
|
|
Spriocdháta
|
Níl spriocdháta
i gceist
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Enterprise Ireland, The Plaza, East Point
Business Park, Dublin 3
Teileafón: 01 - 727 2000
Suíomh Idirlín: http://www.innovationvouchers.ie/ nó
http://www.enterprise-ireland.com/
|
| Gradam Banc Aontas Éireann
2010. Duaischiste d’Ealaíontóirí.
|
Is
gradam d’fhísealaíontóirí
é Gradam AIB a bhronntar ar ealaíontóirí
atá ag teacht in imne mar ealaiontóiri
gairimiula. Is é €20,000 an cheád
duais, agus bronntar €1,500 ar triúr ealaíontóir
eile. Is féidir gach eolas faoin gcomórtas
agus na spriocanna a bhaineann leis a fháil
ag www.aibgroup.com/artprize
|
|
Spriocdháta
|
13
Bealtaine, 2010.
|
|
Eolas
|
Teileafón:
01 6414659
Ríomhphost: Maurenn.d.porteous@aib.ie
Suíomh Idirlín: www.aibgroup.com/artprize
|
| Áras Inis Gluaire-
Béal an Mhuirthead :Seans chun síntiús
a thabhairt i leith Choimisiúaithe Phoiblí
Ealaíne:
|
I
gcomhar le Comhairle Contae Mhaigh Eo agus le hÁras
Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead, tá
James Hayes, ealaíontóir, ag lorg síntiúis
phinn luaidhe cibé tábhachtach, súntasach,
bríoch, nó siombalach ó dhuine
ar bith, agus go háirithe uathu siúd
i gceantar Iorrais ar mhian leo iad a sheoladh, chun
cuidiú le páirt de shuiteáil
bhuan dhealbhóireachta phoiblí ar mhór
scála coimisiúnaithe ag Comhairle Contae
Mhaigh Eo a chruthú d’Áras Inis
Gluaire i mBéal an Mhuirthead. Déanfar
chuile pheann luaidhe a roghnófar ón
deonú a mhúnlú go huathúil
agus a theilgeann i gcré-umha ansin agus a
thabhairt ar ais dá úinéir má
iarrfar é. Beidh an peann luaidhe cré-umha
ansin mar chuid den obair mhórscálaí
ar taispeántas buan in Ionad Ealaíon
Bhéal an Mhuirthead. Beidh breis agus 2,000
peann luaidhe cré-umha san saothar iomlán,
na pinn luaithe deonaithe roghnaithe san áireamh.
Iarrtar ar chuile rannpháirtí a bpeann
luaithe a chur isteach in éineacht le giota
beag faisnéise chúlra i scríbhinn
(uasmhéid de 100 focal) maidir leis an fáth
go bhfuil a bpeann luaidhe suntasach dóibh
agus faoin chúis gur chóir é
a bheith áirithe san togra. Chomh maith le
pinn luaidhe dhaoine áitiúla a áireamh,
tá cuireadh tugtha ag James freisin do scríobhnóirí,
ealaíontóirí, filí agus
ailtirí ó thrasna na tíre a gcuid
peann luaithe a dheonú chomh maith.
|
|
Spriocdháta
|
15
Bealtaine
|
|
Eolas
|
Seoladh: Gaynor Seville, Comhordaitheoir
Ealaíona Poiblí, Comhairle Contae Mhaigh
Eo, Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh,
Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: (094) 9047561
Suíomh Idirlín: www.mayococo.ie/en/services/artsoffice/
Ríomhphost: gseville@mayococo.ie
|
% Ealaíona / Ealaíon Poiblí
|
Comhairle Loch Garmain – Coimisiún:
Ealaíon Poilbí – Dealbh.
|
Cuireann
Comhairle Loch Garmain fáile roimh iarratais
le dealbh a chruthú i gcomóradh ar an
iománaí iomráiteach, Nickey Rackard.
Is comórtas oscailte é le dhá
bhabhta sa phróiseas. Tá ciste de €108,500
curtha ar fáil don tionscnamh. Tá gach
eolais faoin gcoimisiún agus an próiseas
iarratais le fáil ag an sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Spriocdháta
|
31
Bealtaine
|
|
Eolas
|
Teileafón: 053
9176906 / 053 9166900
Ríomhphost: breda.driscoll@wexfordboroughcouncil.ie
Suíomh idirlín: www.wexfordboroughcouncil.ie
|
|
Coiste Comóradh Hugh O’Flaherty
– Coimisiún.
|
Bunaíodh
coiste comóradh Hugh O Flatherty le ceiliúradh
a dhéanamh ar shaol Hugh O’Flaherty,
an sagart a rinne gaiscí daonnúla le
linn an dara cogadh domhanda. Cuireann an coiste fáile
roimh iarratais le dealbh a chruthú i gcomóradh
ar an bhFlaithearteach. Tá ciste de uasmhéad
€70,00 curtha ar fáil don tionscnamh.
Tá gach eolais faoin gcoimisiún agus
an próiseas iarratais le fáil ag na
sonraí teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
11
Meitheamh, 2010
|
|
Eolas
|
Seoladh:
An Cathaoirleach, Hugh O’Flaherty Memorial
Committee, c/o Killarney Chamber of Tourism &
Commerce, Tourist Information Office, Beech Road,
Killarney, Co. Kerry, Ireland.
Teileafón: 353 (0)64 6637928
Ríomhphost:
jerry@killarney.ie (Jerry O'Grady)
Suíomh idirlín: www.killarney.ie
|
Folúntas
|
Féile Drámaíochta
Bhaile Átha Cliath, 2010 – Postanna Séasúracha.
|
Tá
roinnt folúntas gearrthéarmach ag Féile
Drámaíochta Bhaile Átha Cliath.
Tá folúntas le líonadh sna postanna
seo a leanas: Leas Riarthóir Oifige, Stiúirthóir
ar na hOibrithe Deonacha; Rúnaí Airgeadais;
Giolla Léiriúcháín. Tá
an gach eolas agus na coinníollacha le fáil
ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
|
|
Spriocdháta
|
Ní
luaitear sproicdháta leis na bpostanna seo
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: recruitment@dublintheatrefestival.com
Suíomh idirlín: www.dublintheatrefestival.com
|
|
An Chomhairle Ealaíon Tuaisceart
Éireann /Arts Council of Northern Ireland –
Folúntas.
|
Tá
trí fholúntas fógraithe ag an
gcomhaile Ealaíon i dTuaisceart Éireann.
1. Oifigeach Fíoraithe
2. Oifigeach Cumarsáide
3. Bainisteoir Forbartha Gnó Sinsearach.
Tá tuilleadh eolais faoin na bpostanna le fáil
ar shuíomh idirlín na gcomhairle agus
ag na sonraí teagmhála thuasluaite.
|
|
Spriocdháta
|
7
Bealtaine. Verification Officer
|
|
Eolas
|
Seoladh:
The Monitoring Officer, Arts Council of Northern
Ireland, MacNeice House, 77 Malone Road, Belfast BT9
6AQ
Teileafón: 44 (28) 90385200
F: +44 (28) 90661715
Ríomhphost:
info@artscouncil-ni.org
Suíomh
idirlín: www.artscouncil-ni.org
|
Imeachtaí
Ionad Cultúrtha,
Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne
ná na healaiona d'árd chaighdeán a
chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt
i measc an phobail. Chuige san, tá clár dushlánach
leagtha amach ag an ionad - idir ranganna, cheardlanna,
cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha
agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann
an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona
Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí
mheán na Gaeilge a reachtáiltear na himeachtaí
go léir san Ionad.
Tá clár illghnéitheach d’’imeachtaí
ar siúl san Ionad Cultúrtha mar chuid de Clár
an Earraigh.
Imeachtaí
21 Bealtaine: Ceolchoirm Traidisiúnta leis an Music
Network: Fionn Mac Giolla Chuda, David Power and Ciaran
Sommers.
Tá na ranganna agus ceardlanna seo a leanas ar siúl
i rith an Earraigh:- Ranganna Ceoil Traidisiúnta
le Henry Cronin; Ranganna flúite le Conal Ó
Gráda; Rangannna conseartín agus bosca le
Mary Tisdal;. Ceardlanna dearc ealaíne do seanóirí
le Bernadette Ní Choitir & Pauline Dodds Hyland;
Cleachtaithe cór le Peadar Ó Riada.
Go dtí an 3 Bealtaine: Taispeantas Gloine le Maura
Whelan.6 Bealtaine Ealaíon don Aosach. Rannpháírtithe
Tacaois.
8 Bealtaine:Caoineadh Airt Uí Laoighre le Cór
Ban Chúil Aodha le Peadar O Riada
6 Bealtaine - Ealaíon don Aosach. Rannpáirtithe
Tacaois
Tá gach eolas faoi na imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha a bhíonn ar siúl, mar
aon leis na ranganna agus ceardlanna, le fáil ón
ionad.
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh
Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net
Arás Éanna, Inis
Oirr
Tá clár leathan d’ímeachtaí
ar siúl san Ionad Ealaíne le linn an Earraigh.
15 Bealtaine: The Head of Red O Brien. Dráma le True
West agus Mark O Halloran.
21-23 Bealtaine: Féile Ealaín ar Oileán.
21 - 25 Meitheamh: - Feile Craiceann / Féile na m
Bodhrán - Teagmháil: 099 75067 http://www.craiceann.com/
Is féidir dul i dteagmháil leis an ionad maidir
leis na himeachtaí eile a bheidh ar siúl sna
míoanna amach romhainn.
Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní
Ghallchóir:
Ríomhphost:araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad
Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann,
Co Na Gaillimhe.
‘As I Roved Out’ –
Taispeántas Físealaíne le Bob Ó
Cathail
Ionad na gCuairteoirí i bPáirc an Fhionnuisce,
Baile Átha Cliath:
Saothar nua leis an bhfísealaíontóir
as Fionntrá, Bob Ó Cathail ar thaispeántas
sa ghailearaí in Ionad na gCuairteoirí i bPáirc
an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath. Osclaíonn
an taispeántas ar an 1 Bealtaine agus leanann sé
ar aghaidh go dtí an 15 Bealtaine. Saothar dúshlánach
agus ildánach.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: Solamar@iol.ie
Teileafón: 066 – 9159716
Fón Póca: 087 – 2765355
Seoladh
: Bob Ó Cathail, Solamar Art Studio, Ballintlea,
Fionn Trá, Co. Kerry
Suíomh
Idirlín:www.bobcahill.com
An Cabaret Craicáilte,
Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda,
reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor
eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht
bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte
den scoth.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teileafón: 087 2785593 nó
097 81079
Suíomh
Idirlín:www.craiceailte.com
An Clachán. Taispeántas
Físealaíne le Brent Nokes – ‘Saothar
Nua – Ábhar síoraí’ –
An Clachán, Ionad Ceardaíochta agus Dánlann
Ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair,
Gaoth Dobhair.
Is ionad físealaíne agus ceardaíochta
é an Clachán. Cuirtear imeachtaí agus
taispeántais ar siúl ar bhun rialta. Faoi
láthair, tá taispeántas de 16 pictúir
ar siúl leis an bhfísealaíontóír
Brent Nokes. Díríonn na píosaí
seo ar an solas agus na dathanna atá le brath i dtírdhreach
Thír Chonaill. Leanann an taispeántas ar aghaidh
go dtí an 15 Bealtaine. Is féidir breis eolais
a fháil ón ionad.
Tuilleadh eolais
Seoladh
: An Clachán – Dánlann ealaíne,
An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún
na nGall
Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie
Teileafón: 00 353 (0) 74 9560091
Ríomhphost:eolas@anclachan.ie
An Gailearaí /Ceardlann
na gCroisbhealach An Fál Carrach– Taispeántas
Ealaíne: Cuisle Ag Ardú
9 Aibreán – 19 Meitheamh 2010.
Taispeántas fisealaíne faoin teideal ‘Cuilse
ag Árdú’ le ceithre ealaíontóir
atá ina gcónaí agus ag obair ar chósta
thiar na hÉireann. Nochtann an seó comhoibrithe
seo ‘cuisle’ láidir rathúil a
bhaineann leis an dearcléiriú comhaimseatha
atá i dtreis faoi chladaí an Iarthair. Is
iad Tomasz Madajczak as an Fál Carrach, Séan
Ó Flaithearta as Inis Mór, Maggie Morrison
as Oileán Acla agus Úna Ní Shéa
as Chorca Duibhne na healaíontóirí
a bheidh páirteach sa taispeántas.
Tuilleadh Eolais
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí
na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Suíomh
Idirlín:www.angailearai.com
Ceardlann Scríbhneoireachta le Pádraigh
Ó Fiannachta – an Daingean.
Tá slí do bheirt nó triúr
eile i i gceardlann scríbhneoireachta cruthaithi
sa Díseart,
Sr. an Doirín sa Daingean, @6.30 go 8.30pm gach Máirt.
Pádraig Ó Fiannachta féin
atá á stiurú i mbliana. Tá Mil
na Ceardlainne agus Criathar Meala foilsithe de thoradh
cheardlann 2008 agus 2009.
Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead,
Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí
ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile,
mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir
gach eolas a fháíl ar imeachtaí an
ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones,
Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair
7.30i.n
Tuilleadh eolais Suíomh
Idirlín:http://www.arasinisgluaire.ie/
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ó ham go chéile, mar
aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir
gach eolas a fháíl ar imeachtaí an
ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh
Idirlín: http://www.heritageireland.ie
nó www.ceiliuradh.com
Teach na bhFilí ag The Yard – Ceardlann
Scríbhneoireachta
29 Bealtaine – 27 Meitheamh.
Ceardlanna scríbhneoireachta a reachtálfar
i rith na deireadh seachtainí. Is iad na scríbhneoirí
iomráiteacha le Janice Fitzpatrick Simmons agus Greagóir
Ó Dúill a bheidh i gceannas ar na ceardlanna.
Beidh siad ar siúl san Yard ar an bhFál Carrach.
Díreofar ar an bhfilíócht i mBéarla
agus i nGaeilge. Ní mhór clárú
roimh deireadh mí Aibreáín.
Tuilleadh eolais.
Teileafón: 074 9180728
Ríomhphost:poetshouse@eircom.net
Seoladh
: The Poets House, Clonbarra, Falcarragh, Co. Donegal.
Do Bhíosa Lá i bPort Láirge
– Ceol ón Iardheisceart: Camchuairt Náisiúnta.
Seoda an cheoil ó cheantar Port Láirge curtha
i láthair ag an nGréasán Ceoil.
Dé Céadaoin 19 Bealtaine: The Coach House,
Dublin Castle, Dublin 2. 8:00 PM €15 / €10 / €40
(Family) Áirintí: 01 6719429
Dé Luain 24 Bealtaine: Station House Theatre, Clifden,
Co Galway 8:00 PM €12 / €10 Áirintí:
095 21699
Déardaoin 27 Bealtaine: Ballina Arts Centre, Ballina,
Co Mayo. 8:00 PM €12 / €10 Áirintí:
096 73593 www.ballinaartscentre.com
Dé hAoine 28 Bealtaine: Solstice Arts Centre, Navan,
Co Meath 8:00 PM €15 / €12 Áirintí:
046 9092300 www.solsticeartscentre.com
Ceardlanna Amhránaíochta don Aosach
le Tony Mac Ruairí – Tír Chonaill
Beidh an t-amhránaí as Rann na Féirste,
Tony Mac Ruairí ag teagasc ceardlanna amhránaíochta
sna ionad lae seo a leanas mar chuid de ‘Bealtaine’,
an Fhéile Náisiúnta don Aosach
13 Béaltaine: Ionad na Seandaoine Gaoth Dobhair.
17 Béaltaine: Otharlann an Clochán leith.
19 Béaltaine: Ionad na Seadaoine Anagaire.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost:tmr@live.ie
Tionscnamh Lugh - Imeachtaí
Ceol Amhrán – Ciorcal Amhránaíochta
An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Gaoth Dobhair. 12
Bealtaine & 9 Meitheamh, 2010. 9 .30 i.n
Ciorcal Amhránaíochta curtha i láthair
ag Tionscnamh Lugh. Deis d’amhránaithe ón
Iar-dheisceart le teacht le chéile go neamhfhoirmeálta
le hamhráin a cheol agus comhrá agus craic
a bheith acu. Fáilte roimh chách agus fáilte
ar leith roimh amhránaithe as gach aon thraidisiún.
Ceolchoirm le Seamus Begley, Tim Edey agus cairde in Ionad
Cois Locha, Dun Lúiche ar an Déardaoin 20
Bealtaine ag 8.30 i.n
Tuilleadh Eolais
Suíomh
Idirlín:www.tlugh.com
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire.
Is ionad ealaíona agus cultúrtha í
Cultúrlann UÍ Chanáin atá suite
i gcathair Dhoire. Reachtálann siad clár leathan
d’imeachtaí Ealaíona agus Cultúrtha
mar aon leis ranganna agus ceardlanna.
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Cultúrlann
Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais,
Doire,BT48 7DF.
Teileafón: 02871 264132 02871 264132
Ríomhphost:eolas@culturlann-doire.ie
Suíomh
Idirlín:http://gaeilge.culturlann-doire.com
Pádraic Reaney- Taispeántas Físealaíne
i nGailearaí Kenny’s, Gaillimh.
Beidh an taispeántas, An Gorta Mór, leis an
ealaíontóir Gaeltactha Pádraic Reaney
ar siúl i ngailearaí Kennys go dtí
an 20 Bealtaine. Taispeántas péintéireachta,
dealbha agus graificí.
Tuilleadh Eolais
Suíomh
Idirlín:
www.thekennygallery.ie
Seoladh:
Kennys, Liosbaun Industrial Estate, Galway.
Féiltí
Féile
na Bealtaine - An Daingean, Co Chiarraí
Déardaoin 29 Aibreáin – Dé Máirt
4 Bealtaine
Is ceiliúradh ar sheanfhéilte Ceilteacha í
mar go mbíodh an bhliain Cheilteach roinnte ina dhá
chuid - ó Shamhain go Bealtaine agus ó Bhealtaine
go Samhain. Is meascán bríomhar í an
mórfhéile, idir na healaíona agus an
pholaitíocht. Cuireann Féile na Bealtaine
le healaíona agus le saibhreas culthúra na
leithinise. Is í ardaidhm na féile ná
ár léaslínte ealaíne a leathnú
agus siamsaíocht a chur ar fáil do chách.
Is iad aidhmeanna eile na féile ná an oidhreacht
seo a chur chun cinn. Tá Féile na Bealtaine
ag comóradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana.
Béidh siompósiam polaitíochta ar súil
chomh maith le himeachtaí ceoil, litríochta,
damhsa, ealaíne agus drámaíochta. Beidh
imeachtaí ar siúl ar fud na leithinise a mheallfaidh
páistí agus daoine fásta. Beidh taispeántais
ealaíona agus fótagrafach ar siúl,
ealaín ó Áras Nua-Ealaíne na
hÉireann (IMMA) san áireamh. Taispeanfar roinnt
scannán agus beidh cumainn drámaíochta
náisiúnta agus idirnáisiúnta
pairteach freisin.Sé Naomh Bhréanainn agus
a shaol téama na bliana seo.
Breis eolais
Ríomhphost: fnabdaingean@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.feilenabealtaine.ie
Teileafón:
066 915 1082
Féile Chomórtha Joe Éinniú
- Cárna, Co. na Gaillimhe.
30 Aibreán – 2 Bealtaine 2010
Bhí Joe Éinniú ar dhuine de na hamhránaithe
traidisiúnta sean-nóis ab fhearr in Éirinn.
Reáchtáiltear féile i gCarna, a cheantar
dúchais i nDeisceart Chonamara, gach bliain. Díríonn
an fhéile seo ar na stíleanna amhránaíochta
agus ceoil a thaitin go mór leis an laoch Gaelach
seo.
Dé hAoine 30 Aibreáin:
8.00pm Áras Shorcha Ní Ghuairim - Fáiltiú
& Oscailt Oifigiúil leis an Aoí chainteoir:
Tim Dennehy. Omós do Sheáin ’ac Dhonncha
(1919-1996). Ceol agus Siamsaíocht
10.30pm Tí Mheaic - Seisiún Ceoil - Ceoltóirí
áitiúla agus cuairteoirí
Dé Sathairn 1 Bealtaine:
10am–2pm Áras Shorcha Ní Ghuairim -
Ceardlanna: (gan costas). Amhránaíocht ar
an Sean-Nós – Teagascóir: Máire
Ní Mhaoilchiaráin. Damhsa ar an Sean-Nós
– Teagascóirí:
Máire Áine Ní Iarnáin &
Máire Caitríona Ní Mhaoilchiaráin
2.30pm Áras Shorcha Ní Ghuairim. Cur i láthair
agus plé - Joe Éinniú i Meiriceá.
Spléachadh ar chnuasach Joe Éinniú
ó Ollscoil Washington.
4.00pm Tí Mhóráin -Mórsheisiún
Amhránaíochta na Féile - Aíonna
agus amhránaithe áitiúla
7.30pm. Óstán Chuan Charna - Ceolchoirm na
Féile (€15/€8). Máire Ní
Mhaoilchiaráin, Danny O’Mahony & Patsy
Broderick, Caoimhín Ó Raghallaigh, Allan MacDonald,
Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Joe John Mac
an Iomaire, Liz & Yvonne Kane, Edel Fox, Ciarán
Somers, Máire Áine Ní Iarnáin,
Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Ódí
Ní Chéilleachair, Seosamh Ó Neachtain,
Seán P. McKiernan & Darren Donohoe.
10.30pm Tí Mheaic. Ceol agus Damhsa – Marcus
& PJ Ó hIarnáin, a gclann, Don Stiffe
agus aíonna eile.
Dé Domhnaigh 2 Bealtaine:
12.00pm. Cuairt ar uaigh Joe Éinniú i Reilig
Mhaírois (Beidh bus ag fágál ó
gheata an tséipéil taréis an aifrinn)
12.30pm. Tí Mhóráin - Seisiún
Amhránaíochta agus Ceoil
3.30pm Áras Shorcha Ní Ghuairim, Comórtas
Amhránaíochta na n-Óg. Aois ghrúpaí:
Faoi 9, 12, 15, 18. Corn Cuimhneacháin Joe Éinniú
– (F15)
8.00pm. Óstán Chuan Charna. Seoladh dlúthdhiosca:
“Faoi Bhláth” [Ciarán Somers,
Dave Sheridan & Nicolas Quemener] Seisiún Ceoil
& Amhránaíochta
10.30pm: Óstán Chuan Charna. Siamsaíocht
Ceol, Amhrán & Damhsa. Marcus & PJ Ó
hIarnáin, a gclann, Don Stiffe agus aíonna
eile.
Breis eolais
Ríomhphost: michealocuaig@hotmail.com
nó ainenichuaig@yahoo.ie
Teileafón: Micheál Ó
Cuaig (095) 33599 / (087) 2569651 nó Áine
Ní Chuaig (086) 3778055
Féile Phléaráca Chonamara
Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe.
Mórfhéile ealaíon phobail a dhéanann
ceiliúradh ar ealaíona traidisiúnta
na Gaeltachta agus ar na healaíona comhaimseartha,
idir drámaíocht, cheol, siamsaíocht,
damhsa, na dearc-ealaíona, imeachtaí ealaíne,
agus eile.
Tá clár na n-imeachtaí le fáíl
ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
20 - 23 Bealtaine 2010
Breis eolais
Teileafón: 091-574346/574021
Ríomhphost: plearaca@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.plearaca.ie
Aonach Ceoil Bhaile Bhuirne - Baile Bhuirne, Co.
Chorcaí.
Dé hAoine 30ú Aibreán – Dé
Luain 3ú Bealtaine
Deireadh seachtaine d’imeachtaí ceoil agus
ealaíne le ceardlanna ar an bhfidil, bosca, giotár,
feadóg, rince & amhránaíocht. Ceolchoirm
le haíonna speisialta, seisiúin cheoil agus
comórtas amhránaíochta Chorn an Dr
Uí Loinsigh.
Breis eolais
Teileafón: 026 45733
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.ionadculturtha.ie
Deireadh Seachtaine Heinrich Böll - Oileán
Acla
30 Aibreán – Bealtaine 2010:
Deireadh seachtaine cultúrtha. Osclóidh Martin
Mansergh an fhéile i mbliana. I measc na n-imeachtaí
atá ar siúl i mbliana tá ócáid
liteartha le Hugo Hamilton. Eagraófar taispeántais
ealaíne, léachtanna, ceardlanna scríbhneoireachta
agus go leor imeachtaí ealaíne eile. Tá
clár na féile le fáil ar an suíomh
idirlín.
Breis eolais
Teileafón: Mary Lavelle Burke: 087
772 0192 nó John Mc Hugh: 086 232 5516.
Ríomhphost: hbollachill@anu.ie
Suíomh Idirlín: http://www.heinrichboellcottage.com
nó http://www.achilltourism.com
Féile Scannáin Faisnéise Ghuth
Gafa
Gort a Choirce, Thír Chonaill.
Dé hAoine 11 – Dé Domhnaigh 13 Meitheamh
Féile idirnáisiúnta scannánaíochta
a dhíríonn ar scannáin faisnéise.
Eagraítear clár leathan de scannáin,
léachtaí agus de sheimineáir agus taispeántar
cuid de na scánáinn fáisnéise
idirnáisiúnta is fearr a bhfuil.
Breis eolais
Teileafón: 074 9180730
Ríomhphost: info@guthgafa.com
Suíomh Idirlín: http://www.guthgafa.com/
Féile Cuimhneacháin Mick, Micheál
agus Pat Carr - Teach Taibhairne UÍ Dhomhnaill, Mín
an Aoire, Dún na nGall agus Ionad Naomh Phádraig.
4 -7 Meitheamh.
Deireadh seachtaine ceol agus siamsaíochta. Ceardlanna
sa Bhosca Ceoil, fidil agus sa damhsa. Fáilte roimh
cheoltóirí agus damhsóirí. Eagraíonn
teach tabhairne Uí Dhómhnaill clár
mór ceoil traidisiúnta i rith an tsamhraidh,
idir fhéiltí, sheisiúin, cheolchoirmeacha
agus go leor eile. Is féidir tuilleadh eolais a fháil
ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Breis eolais
Seoladh: O Donnells Bar, Meenaeery, Donegal.
Teileafón: 074-9739297
Ríomhphost: odonnellsbar@hotmail.net
Féíle na Scríbhneoirí,
Lios Tuathail. Writers' Week Listowel
2 – 6 Meitheamh. Cuirtear roinnt imeachtaí
liteartha i nGaeilge ar siúl le linn na féile
seo. Is féile liteartha í a thugann áit
lárnach do scríbhneoirí trí
chomórtais agus ceardlanna a eagrú, agus deiseanna
a thabhairt do scríbhneoirí lena saothar a
chur os comhair an phobail.
Breis eolais
Seoladh: Ms. Marie Logue, 24 An Faiche,
Lios Tuathail, Co. Chiarraí.
Teileafón: 068 21074
Ríomhphost: info@writersweek.ie
Suíomh Idirlín: http://www.writersweek.ie
Féile Idirnáisiúnta Filíochta
Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin.
30 Aibreán – 2 Bealtaine
Tugann Féile Filíochta Bhéal Átha
na mBuillí ardán don fhilíocht Bhéarla
agus Gaeilge agus déantar iarracht lucht tacaíochta
nua a aimsiú don fhilíocht. Tá clár
leathan d’imeachtaí beartaithe do fhéile
na bliana seo. Cuirtear neart imeachtaí Gaeilge ar
siúl freisin agus fógraítear buaiteoirí
an comórtais fhilíochta Gaeilge le linn na
Feíle. Bíonn na himeachtaí ar fad saor
in aisce. Tá clár na bliana seo le fáil
ar an suíomh idirlín.
Breis eolais
Ríomhphost: m@harpur.org
Suíomh Idirlín: www.strokestownpoetry.org
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://artsaudiences.ie/
- Gréasán margaíochta/forbairt lucht
féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle
Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)
http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach
ar Ealaín Phoiblí “
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.ccoi.ie
Comhairle Ceardaíochta na hÉireann: Suíomh
achmhainneach maidir leis deontais, cúrsaí
oiliúna agus eolas ginearáilta faoi chúrsaí
ceardaíochta.
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie
- Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon &
Polasaí Cultúrtha. Tá mórán
eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie - Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|