EalaÍn na Gaeltachta
Nuacht
Deiseanna / Deontais
Imeachtaí Ealaíon
Cuir leis an liosta
Bain den liosta
Seol chuig cara
Teagmháil
Séanadh
 
           The Arts Council Logo
 
Údarás na Gaeltachta Logo
  Bealtaine '07
Imleabhar 1 Eagrán 4
 

Nuacht

Fáilte chuig ríomh-litir Mí Bealtaine, Ealaín na Gaeltachta.

€318,000 Bronnta ag Ealaín na Gaeltachta Teo ar 45 Tionscnamh Ealaíon sa Ghaeltachta

D’fhógair Ealaín na Gaeltachta Teo inniu sonraí na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoi Scéim Fhorbairt na n-Ealaíon  2007. Tá an scéim maoinithe seo dírithe ar thionscnaimh faoi stiúir ealaíontóirí, ar chleachtas comhoibritheach agus ar imeachtaí ealaíon sna gnéithe uile ealaíon dúchasach agus comhaimseartha. Tá €318,000 bronnta i mbliana ar 45 tionscnamh ar fud na Gaeltachta.

As na 45 ar bronnadh maoiniú orthu, bhí 10 iarratasóir nua. Tháinig méadú suntasach 13.8 % ar luach na Scéime i mbliana, ó €290,000 go €330,000. Ag caint dó faoin scéim, dúirt Louis de Paor, Stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta Teo:

“Cinnteoidh an tacaíocht seo go mbainfear leas iomlán as na healaíona chun saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch na Gaeltachta a shaibhriú. Tá ról tábhachtach le himirt ag ealaíontóirí i saol na Gaeltachta agus go deimhin tá ról tábhachtach le himirt ag ealaíontóirí Gaeltachta i saol ealaíon na tíre seo. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na dtionscnamh ealaíon a chuirtear ar bun sa Ghaeltacht ó bunaíodh an pháirtnéireacht  idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon naoi mbliana ó shin. Feicfear torthaí na páirtnéireachta arís i mbliana i stiúideonna, in amharclanna, i seomraí scoile agus i hallaí bhailte beaga na Gaeltachta.” I measc na n-iarratas ar ceadaíodh tacaíocht dóibh, bhain ocht gcinn le tionscnaimh ceoil, 4 le litríocht, 11 leis na dearc ealaíon, ceann amháin le damhsa, 6 le drámaíocht, 2 le tionscnamh idirdhisciplíneach agus14 le féilte ealaíon ina measc dhá fhéile scannánaíochta

Tuilleadh Eolais: Mícheál Ó Fearraigh 074 95 60100/ 087 2588656 m.fearraigh@udaras.ie

Dea-Chleachtas i nDeileáil le Daoine Óga. Tá ceardlanna á reachtáil ag Ealaín na Gaeltachta i gcomhair le hÓige na Gaeltachta, d’oibrithe deonacha agus ealaíona le dea-chleachtas agus nósanna imeachta um chosaint leanaí a chur chun cinn.  Tá an méid seo ag teacht le foilseacháin na Comhairle Ealaíon Treoirlínte um Chosaint agus Leas Leanaí agus Daoine Óga in Earnáil na nEalaíon  (cóipeanna ar fáil ón gComhairle Ealaíon nó ó Ealaín na Gaeltachta)

De réir tairiscintí faoi scéimeanna de chuid Ealaíon na Gaeltachta, tá sé riachtannach anois go mbeadh polasaí agus modh imeachta oibrithe amach ag gach eagraíocht go mbíonn baint acu le leanaí agus le daoine óga.

Tá an clár oiliúna seo aitheanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus beidh teastas le fáil ag gach éinne a bheidh páirteach sa chúrsa ó thús deiridh.

Reachtáilfear na ceardlanna Dea-Chleachtas i nDeileáil le Daoine Óga sna hionad seo a leanas

Ionad Cultúrtha, Baile Mhuirne ar an Mháirt 15 Bealtaine agus ar an gCéadaoin 16 Bealtaine.

Óstán na Páirce, An Spidéal, Déardaoin 14 Meitheamh agus Dé hAoine 15 Meitheamh.

Tír Chonaill Dé hAoine 08 agus Dé Sathairn 09 Meitheamh. Ionad le cinntiú

Má tá fonn ort a bheith i láthair, nó má theastaíonn eolas breise, déan teagmháil leis an áisitheoir ealaíon i do cheantar.

Scéim Infheistíochta Caipitil 'Access II' 2007 -2009. Tá liosta de na heagrais ar éirigh leo sa Scéim Infheistíochta Caipitil le feiceáil ar ghréasáin An Rannóg Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta http://www.arts-sport-tourism.gov.ie/publications/release.asp 32 milliúin euro atá le dáileadh amach idir 32 thionscnaimh náisiúnta.

Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile, nó má tá aon chomhairle uait/uaibh maidir le tionscscnaimh ealaíona a fhorbairt .

Deontais/Deiseanna

An Chomhairle Ealaíon:

Cláir mhaoinithe nua d'eagraíochtaí ealaíon- An Chomhairle Ealaíon
Mar chuid de thacaí fadréimseacha na Comhairle Ealaíon d'eagraíochtaí ealaíon, táthar ag tabhairt cláir mhaoinithe nua isteach i mbliana. Tá cúig cinn de shainchláir mhaoinithe ag teacht in áit phríomhchlár deontas na Comhairle Ealaíon, ar a dtugtaí maoiniú Ioncaim Reatha. (Thug an Chomhairle cuireadh d'iarratais faoin scéim maoinithe ioncaim reatha den uair deiridh i ndeireadh na bliana 2006 i gcás eagraíochtaí atá ag iarraidh maoiniú a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí a bheidh ar bun in 2007).

As na cúig chlár deontas nua, tá péire acu seolta cheana féin (.i. Tionscadail: Dámhachtainí Aonuaire agus Eagraíochtaí le Maoiniú Rialta) agus tá ceann i bhfeidhm le roinnt blianta anois (Scéim na bhFéilte Beaga).

Ag leanúint ó na forbairtí sin, tabharfar isteach dhá chlár maoinithe nua i mbliana (Deontais do Chláir Bhliantúla agus Maoiniú Bliantúil) agus foilseoidh an Chomhairle eolas breise go luath faoin dá scéim seo ar a láithreán gréasáin (www.artscouncil.ie).

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an tríú agus an babhta deiridh de Thurgnamh na Camchuairte a fhógairt. Dhírigh Babhta 1 den tionscadal taighde gnímh ar réimsí na hAmharclannaíochta agus an Rince.

Leathnaíodh an raon foirmeacha ealaíne i mBabhta 2 chun Ceol, Amharcealaíona, Litríocht, Na hEalaíona Traidisiúnta, Amharclannaíocht agus Rince a ghlacadh san áireamh. Díreoidh an tríú agus an babhta deiridh ar thosaíocht a thabhairt do gach réimse ealaíne nach bhfuil dóthain ionadaíochta acu ó thaobh an tionscadail taighde ghnímh go dtí seo..
Áirítear turais sna foirmeacha ealaíne seo a leanas i measc réimsí tosaíochta na Comhairle do Bhabhta 3:

  • Litríocht
  • Na hEalaíona Traidisiúnta

Cuireann an Chomhairle fáilte freisin roimh mholtaí i bpríomhréimsí áirithe sna foirmeacha ealaíne seo a leanas:

  • Rince
  • Amharcealaíona - lena n-áirítear Ailtireacht
  • Ceol
  • Is é an spriocdháta chun léirithe spéise a chur isteach chun páirt a ghlacadh i mBabhta 3 de Thurgnamh na Camchuairte ná Déardaoin 24 Bealtaine 2007.
  • Treoirlínte, ar fáil le híoslódáil ón Mháirt 24 Aibreán (i bhformáid pdf agus word) ó láithreán gréasáin Thurgnamh na Camchuairte: http://www.thetouringexperiment.ie
  • Ba chóir léirithe spéise comhlánaithe a sheoladh i ríomhphost chuig info@thetouringexperiment.ie tráth nach déanaí ná 5in Déardaoin 24 Bealtaine 2007.

Tuilleadh eolais

 

Tabhair chun d'aire na spriocdhátaí seo a leanas:

Deiseanna d 'Ealaíontóirí

Dámhachtain Sparánachta: 5.30pm, Dé hAoine , 22 Meitheamh
Tionscadail: Dámhachtain Saothair Nua:  Dé hAoine 17 Lúnasa
Tionscadail: Dámhachtain Aonuaire: Dé hAoine 17 Lúnasa
Dámhachtain Coimisiún Dé hAoine 21 Meán Fómhair

Dámhachtain Taistil & Oiliúna, leanúnach (féach an t-eolas ar spriocdhátaí sa cháipéis faisnéise Tacaíochtaí d'Ealaíontóirí 07) .  Tuilleadh eolais: 01-618-0200

Scéim na nEalaíontóirí sa bPobal : Spriocdháta 5i.n. Dé hAoine 29 Meitheamh 2006.
Tuilleadh eolais, foirmeacha iarratais, nó chun seisiún comhairleach a chur in áirithe, téigh i dteagmháil le Katherine Atkinson, Tacaíocht Tionscadail & Forbairt Ghairmiúil, 01 4736600 nó seol ríomhphost chuig support@create-ireland.ie.

Tionscadail: Nua Chun tionscadail a fhorbairt a shíneann thar theorainneacha foirmeacha ealaíne 17 Lúnasa

Tionscadail: Aonuaire. Cur ar chumas daoine aonair nó eagraíochtaí tionscadail aonuaire a chur ar bun. 17 Lúnasa

Coimisiúin Comhpháirtíocht chruthaitheach a spreagadh idir raon éagsúil coimisinéirí agus ealaíontóirít 21 Meán Fómhair.

Dámhachtain Taistil & Oiliúna Múnlú agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú; deiseanna líonraithe a spreagadh; cuimsíonn an dámhachtain seo an dámhachtain Taistil & Soghluaisteachta agus an Dámhachtain Forbartha agus Oiliúna Gairmiúla. Spriocdháta Leanúnach. Tuilleadh eolais ón gComhairle Ealaíon 01 6180200  

DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach

Maoiniú do na hEalaíona Traidisiúnta Thuaidh/Theas: Turas
Is comhthionscnamh maoinithe é Turas atá ar bun ar bhonn píolótach ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus An Chomhairle Ealaíon. Baineann sé leis na healaíona traidisiúnta (ceol, amhráin, rince agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus agallamh beirte) agus na healaíona teanga (Gaeilge agus Albainis Uladh) áit a dtrasnaíonn siad a chéile go nádúrtha. Tá sé i gceist go dtabharfadh Turas aitheantas don luach a bhaineann leis na healaíona traidisiúnta, ag trasnú ag ócáidí éagsúla leis na healaíona teanga, ar fud oileán na hÉireann agus tacú le comhtháthú rannpháirtithe, atá ann cheana ach atá tearcfhorbartha, ag gach leibhéal oibre. Tabharfaidh Turas tacaíocht do thionscadail lena mbaineann comhoibriú, malartú, comhpháirtíocht nó líonrú idir ealaíontóirí/grúpaí/eagraíochtaí i dTuaisceart Éirinn agus a gcomhghleacaithe sa deisceart.

Seolfar Turas i bhFoirgneamh Ealaíon an Fheabhail, Ollscoil Uladh ar an 27 Aibreán mar chuid d'oíche ceoil thraidisiúnta a bheidh á taifeadadh ag RTÉ don chlár Céilí House.

Tá Turas ar oscailt do thionscadail lena mbaineann:

  • na healaíona traidisiúnta a bhaineann le ceol, rince agus na healaíona béil
  • na healaíona teanga áit a dtrasnaíonn siad go nádúrtha leis na healaíona traidisiúnta (m.sh. amhráin agus ealaíona béil mar scéalaíocht)
  • na healaíona traidisiúnta/teanga i gcomhar le foirmeacha ealaíne eile

Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ón 1 Bealtaine 2007 ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Dáta deiridh: 30 Meitheamh 2007
Cinntí: 31 Iúil 2007. Tuilleadh eolais

  • An Scéim Phíolótach TURAS,
  • Paul Flynn, Oifigeach do na hEalaíona Traidisiúnta, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, (teil: 048 903 85200)

Deiseanna eile:

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - dámhachtain stiúideo cónaitheach na n-ealaíontóirí Éireannach Tugann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cuireadh d'ealaíontóirí iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Stiúideo Cónaitheach na n-Ealaíontóirí Éireannacha, Na Stáblaí Dearga, Páirc Naomh Áine, Baile Átha Cliath 3. Tá sé i gceist ag an dámhachtain seo tacaíocht a thabhairt d'amharcealaíontóir Éireannach atá ag teacht chun cinn ag tréimhse luath ina c(h)leachtadh gairmiúil agus leanann sí ó mhí na Samhna 2007-mí na Samhna 2008.
Tuilleadh eolais ón Oifig Ealaíon Teil: 01 222 5455 Rphost: catherine.neville@dubincity.ie

Cuireann Music Network i láthair: 'Ag Déanamh Réamhcheoil: Cén chaoi do ghairm thaibhithe a chur chun cinn'
Cúrsa cúig lá i bhféinchothú agus féinbhainistiú atá dírithe ar cheoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí gairmiúla atá bunaithe in Éirinn. Cuimseoidh an cúrsa modúil a thabharfaidh faoi na bealaí le teacht chun tosaigh sna meáin agus le tionscnóirí ceoil, chun comhairle a fháil ar fhoinsí maoinithe agus tacaíochta atá ar fáil do cheoltóirí gairmiúla, chun sainchomhairle a fháil ar cheisteanna dlí agus cánach chomh maith le réimse ceisteanna ábhartha eile.
Tá an líon áiteanna atá ar fáil don chúrsa seo teoranta go 20 duine, ach tá dhá áit bhreise scoláireachta dáilte ag Music Network do dhá mhac léinn ceoil nó daoine ar bronnadh céim orthu le déanaí ar mian leo gairm bheatha a leanúint i mbun taibhiú.
 
Dáta: 18-22 Meitheamh
Ionad: Áras an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Táille an chúrsa: €150 (teagasc, lón & sóláistí san áireamh)
Dáta deiridh d'iarratais ar scoláireacht: 4 Bealtaine
Dáta deiridh d'áirithintí: 1 Meitheamh

Tuilleadh eolas. Aisling Roche, Bainisteoir Forbartha na dTionscnóirí & Lucht Féachana, Music Network, Áras an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2

Is mian le Comhairle Chontae Phort Láirge Píosa Fís Ealaíne a choimisiniú  do shuíomh Chéibh Davitt, Dún Garbhán faoi Scéim Séarachais Dhún Garbháin agus an Cheantair Máguaird.  Is é €60,000 buiséad iomlán an choimisiúin seo. Tá na sonraí ar fad le fáil ó Oifig na nEalaíon 058/41416 nó ón suíomh http://www.waterfordcoco.ie Spriocdháta: Bealtaine 25 May 2007

Cultúr Éirinn. Spriocdháta 15 Bealtaine 2007 http://www.cultureireland.gov.ie

Cultúir 2007  -2013, togra maoinithe an tAontas Eorpach. Foirmeacha iarratais, spriocdhátaí eile, agus eolas ghinearálta ar fáil faoi láthair ón  ngréasáin  http://www.culture2007.info

Sparánacht sa Cheol Traidisiúnta ar Fáil Tá sparánacht á tairiscint ag Comhairle Contae Phort Láirge chun freastal ar Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Blas de Cheol agus Damhsa Traidisiúnta in Ollscoil Luimnigh ón 25ú Meitheamh go dtí an 6ú Iúil. Clúdaíonn luach na sparánachta teagasc, léachtaí, ceardlanna, measúnú agus freastal ar gach ceolchoirm san áireamh. Caithfidh iarratasóirí a bheith ina gcónaí i limistéir riaracháin Chomhairle Contae Phort Láirge le 3 bliain ar a laghad agus caithfidh siad a bheith os cionn 18 mbliain d’aois. Is féidir foirm iarratais agus na critéir a íoslódáil ag www.waterfordcoco.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifig Ealaíon ar 058 – 41416. Tá sonraí ar mhodúil na Scoile Samhraidh ar fáil ar www.blas.ie. Caithfí foirmeacha iarratais chomhlíonta a sheoladh isteach faoin Luan 28ú Bealtaine 2007.

Tionscnamh ID. An bhfuil tú mar bhaill de ghrúpa pobail, sósialta, nó deonach i gCathair nó i gContae na Gaillimhe  An bhfuil rud éigin le rá agat? Ba mhaith le Ionad scannáin na Gaillimhe i gcomhair le Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae na Gaillimhe an deis a thabhairt duit páirt a ghlacadh sa scéim ID PROJECTS 2007. Tugann an scéim seo deis do ghúpa a gclár fáisnéise féin a dhéanamh bunaithe ar an téama Féiniúlacht . Le páirt  a ghlacadh sa dtionscnamh, teastaíonn guth faoi leith,  guth a thabharfaidh léargas ar bhur bpobal, traidisiún, dearcadh agus bhur gcultúir. Beidh ar an ngúpa  a roghnófar, gealltanas trí mhí a thabairt don tionscnaimh. Stiúrthóir proifisiúnta a bheas mar áisitheoir ar an togra. Tuilleadh eolais ó Tracy ag an  Galway Film Centre at 091 770748 nó  e: manager@galwayfilmcentre.ie Spriocdháta Dé Céadaoin 17 Bealtaine 2007

Tá deontais agus deiseanna Oifig na nEalaíon, Comhairle Contae na Gaillimhe fógraithe acu do 2007 mar sh. tacaíocht foilseachán, tacaíocht do cheoltóirí, do fís ealaíontóirí agus deontas scannánaíochta. Tuilleadh eolais agus spriocdhátaí agus rl le fáil ar http://www.galway.ie/en/Services/ArtsOffice

 

Imeachtaí Ealaíon

Imeachtaí Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne

Mí Bealtaine

  • 3ú : Oscailt taispeántas ealaíona Tacaois ( Ealaíon don Aosach)
  • 11ú : Music Network - 'Coast to Coast' le Maeve Donnelly, Peadar O Loughlin,
  • Ronan Browne agusd Sean Corkery
  • 25-26ú: Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne

Guth Gafa Bealtaine 10 -13 Féile Scannáin Fáisnéise, Goirt a Choirce Co. Dh un na nGall. Tuilleadh eolais www.guthgafa.com nó 074 9180730

Féile Chomórtha Joe Éinniú, 4 - 6 Bealtaine 2007 Carna, Conamara. Ceardlanna ceoil, amhránaíocht ar an sean nós, seisiúin, comórtais, céilí, damhsa ar an sean nós agus go leor eile. Tuilleadh eolais - 095 33599 nó 087 2569651 , miceálóchuaig@hotmail.com

Féile Pléaráca 2007 Inis Mór Árainn, Bealtaine  3 – 7 Ceol drámaíocht, taispeántais, Litríocht, Imeachtaí óige agus go leor eile.Tuilleadh eolais ó www.plearaca.ie nó ó 091574346

Féile Caomhán - Féile Damhsa Ceilteach, Inis Oírr,11- 13 Bealtaine. Tuilleadh eolais ó ÓMicheál Ó hAlmhain 099/75067

Féile na Bealtaine: An Daingean, Co Chiarraí 01 - 07 Bealtaine http://www.feilenabealtaine.ie

Deireadh Seachtaine ceiliúradh  90 bliain ar bhreithlá Heinrich  Böll  agus ceiliúradh 50 bliain ar a fhoilseacháin ‘Irisches Tagebuch’, (The Irish Journal.).   4 – 6 Bealtaine Acaill,. Tuilleadh eolais le fáil ó  John Mc Hugh, Achill. Rúnaí  Cumann Heinrich Böll, ar 098 43414. r.phost hbollachill@anu.ie

Beidh Siompóisiam Féile Darklight ar bun ón 21-23 Meitheamh i mBaile Ath Cliath. 3 lá díospóireachtaí, ceardlanna, taispeántais, agus máistir ranganna ar na nua mheáin/ealaíon digiteach.. €50 an táille don deireadh seachtaine, ráta  €20 do micléinn agus dí fhostaithe. Tuilleadh eolais ó .http://www.darklight.ie nó 01 6709017 r.phost events@darklight-filmfestival.com

Ag Caint, gearr-dráma nuascríofa ag Felicity Hayes McCoy don chomhlucht AnnÓg (Amharclann na nÓg, Corca Dhuibhne). Léireófar an dráma i ngáirdín an chaifé Heavenly Sins,i Sráid an Doirín sa Daingean ag 6.30pm ar Déardaoin an 3ú Bealtaine mar chuid d'Fhéile Bealtaine.

Féile Idirnáisiúnta Opera Anna Livia Baile Áth Cliath.  Beidh an féile seo ar siúil 2 – 9 Meán Fómhair in Amharclann an Gaiety, faoi stiúr Bernatette Greevy. Tosóidh an féile le Lucia di Lammermoor le Donizetti. Ticéidí ar fáil ó Amharclann an Gaiety nó ar líne ag www.dublinopera.com  nó ó  01 661 7544

Féile Bealtaine Mhaigh Eo. Tuilleadh eolais ó Oifig na nEalaíon, Comhairle Contae Mhaigh Eo http://www.mayococo.ie/en/Services/ArtsCulture/ArtsCultureNews/

Imeachaí Aras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead Co Mhaigh Eo. Tuilleadh eolais ó info@arasinisgluaire.ie nó ó 097/81079

www.artslistings.com Liosta imeactaí ealaíon ar fud na tíre.

Folúntais

Tá folúntas ag Ard Mhúsaem na hÉireann, Músaem na Tuaithe, Caisleán an Bharra, Co. Mhaigh Eo  do choimeádaí sealadach  ar feadh 6 mhí (ó Meitheamh 2007) Tuarastal
E31,845.  spriochdháta  5.00i.n  Dé hAoine  11 Bealtaine 2007. Tuilleadh eolais agus breis folúntais an Mhúsaem, le fáil ar an suíomh  http://www.irishmuseums.org/museumnews.html

Folúntais sa Chomhairle Ealaíon

Tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh na folúntais riaracháin shealadacha agus bhuana seo a leanas a líonadh:

  • Oifigeach Cléireachais Sealadach (x 6) sna réimsí seo a leanas: Airgeadas, Fáiltiú, Deontais agus Dámhachtainí
  • Rúnaí Sealadach (x 2)
  • Oifigeach Cléireachais Buan (x 1) sna réimsí seo a leanas: Airgeadas & Riarachán

Scála Tuarastail €22,763 - €36,917 - 2 LSI san áireamh

  • Cúntóir Feidhmiúcháin Sealadach x 1

Scála Tuarastail €30,024 - €47,644 - 2 LSI san áireamh

Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar na poist thuas ná 12 meán lae, Dé Céadaoin 2 Bealtaine 2007. Chun cur síos sonraithe a fháil faoin bpost agus sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh téigh le do thoil chuig láithreán gréasáin na Comhairle Ealaíon: http://www.artscouncil.ie.

Tuilleadh eolais

Taispeántais

Dánlann Joan Clancy, An Rinn- Tuilleadh eolais: (058) 46205; (086) 813 4597. info@joanclancygallery.com www.joanclancygallery.com

'I’m always touched) By Your Presence, Dear' -Taispeántas ilmheánach IMMA , de phíosaí a bhailíodar ó 2003 ar aghaidh. I measc n-ealaíontóirí atá ar thaispeántas,  tá Huyghe, Lu Chunsheng and Brian Duggan, Dorothy Cross, Hughie O’Donoghue , Candida Höfer. Tuilleadh eolais ó  Monica Cullinane or Patrice Molloy at T: 0 1 612 9900; http://www.modernart.ie/en/index.htm. E: press@imma.ie.

Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise

JMI - Iris Ceoil na hÉireann. Iris chuimsitheach le haltanna suimiúla maidir le chuile genre ceoil sa tír. Tuilleadh eolais ó http://www.thejmi.com

Cinegael - Tá  saothar scannánaíochta Cinegael (BobQuinn) ar fáil ar DVD - a leithéid Phoitín, Atlantean, Budawanny, Splanc Dheireadh na Gaeltachta, Damhsa an Deoraí, Cloch, ó www.conamara.org nó óCinegael, Tuairín, Béal an Daingin, Conamara.

Taisce Cheol Dúchais Éireann: Tuilleadh eolais ag www.itma.ie nó déan teagmháil leis an Taisce ag 73 Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath 2 (teil: +353-(0)1-661 9699 faics: +353-(0)1-662 4585).

Creative Edge (Audio)I ris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl. Tuilleadh eolais: Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona

http://www.forumformusic.ie Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh