|
Nuacht
Fáilte chuig eagrán seacht de Ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta. Bíonn fáilte againn roimh eolas agus cheisteanna i gcónaí. Tá nasc ar chlé má tá scéilín agat nó má tá fonn ort ceist a ardú linn.
Níl aon ghanntanas imeachtaí ná tograí suimiúla ar bun sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre an fómhar seo.
Tá eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo dírithe ar phobal na Gaeltachta a chuir ar an eolas faoi ealaíontóirí atá sásta seirbhís a chuir ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Más ealaíontóir tú nó grúpa ealaíona sibh, atá ag feidhmiú in aon cheann de na réimsí ealaíona dúchasacha nó comhaimseartha, agus é ar bhur gcumas seirbhísí ealaíona a sholáthar trí mheán na Gaeilge ba mhaith linn deis a thabhairt daoibh bhur gcuid sonraí a chur ar Eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo, ar an suíomh www.ealain.ie
Dóibh seo atá cláraithe leis an suíomh cheanna féin is deis é seo chomh maith le bhur sonraí a thabhairt suas chun dáta.
Téigh i dteagmháil linn ag 091/503220 nó seol chugainn iad ag ealain@udaras.ie .
Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie freisin má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.
An Chomhairle Ealaíon: Ag eascrú as an gComhpháirtríocht ar son na nEalaíon, tá Clár nua Maoinithe fógartha ag an gComhairle Ealaíon. Is iad na cúig chlár maoinithe a chuirfear in ionad chlár deontas ioncaim na Comhairle Ealaíon ná
- Deontais do Chláir Bhliantúla
- Maoiniú Bliantúil
- Maoiniú Rialta
- Scéim na bhFéilte Beaga
- Tionscadail: Dámhachtainí Aonuaire
Casfaidh foireann na Comhairle Ealaíon le gach eagraíocht a fhaigheann maoiniú ioncaim reatha chun an clár maoinithe nua is fearr a oireann dá cuspóir agus dá riachtanais a phlé. Eagrófar na cruinnithe sin le linn na tréimhse Meán Fómhair 2006 go Márta 2007. Cuirfear treoirlínte agus mioneolas ar fáil i 2007 d'eagraíochtaí atá ag cur iarratais faoi bhráid na Comhairle Ealaíon den chéad uair. Tuilleadh eolais ón gComhairle Ealaíon 01 6180200
DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach
Tacaíocht d’Ealaíontóirí
An Dámhachtain Taistil agus Sothghluaisteachta Spriocdháta leanúnach
Dámhachtain Title-by-Title. Spriocdháta: 17 Samhain
STFCEC II/ACCESS II - Is mian le John O’Donoghue TD, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an Dara scéim Tacaíochta Feabhais Chaipitil Ealaíon agus Cultúir (STFCEC II) a bheidh i bhfeidhm ó 2007 go 2008 a fhógairt. Déanfar tograí maidir le forbairt áiseanna ealaíne agus cultúir a mheas do mhaoiniú faoin scéim agus tabharfar tosaíocht d’fheabhsú agus athchóiriú ar áiseanna nuathógtha. Tá foirmeacha iarratais maidir le treoirlínte, téarmaí agus coinníollacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.dast.gov.ie nó trí iarratas r-phoist chuig ACCESS@dast.gov.ie nó glaoigh ar 01 6313912. Glacfar le hiarratais ó Dheireadh Fómhair go dtí Samhain 2006
Scéim Thaifeadta Ceoil á Tairiscint ag Music Network
D'fhógair Music Network sonraí a Scéime Taifeadta Ceoil. Scéim aonuaire don bhliain 2006 is ea í atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon in ionad na Scéime Taifeadta Ceoil a bhí ag an gComhairle Ealaíon féin. Cuirfidh an scéim tacaíocht ar fáil do thaibheoirí agus do chumadóirí gairmiúla in Éirinn agus cuirfidh maoiniú ar fáil le haghaidh taifeadadh ceoil.
Tá €71,500 sa chiste dámhachtainí don bhliain 2006 agus bronnfar dámhachtainí suas le €10,000. Tá an scéim oscailte d'ealaíontóirí ceoil gairmiúla, do chumadóirí aitheanta a shaothraíonn an ceol comhaimseartha, an snagcheol nó ceol sainiúil éigin eile, agus do thaibheoirí aitheanta gairmiúla ar mian leo píosaí den repertoire a thaifeadadh.Chun pacáiste iarratais agus treoirlínte a ordú: Fón: +353 1 671 9429 R.phost: admin@musicnetwork.ie Íoslódáil pacáiste iarratais agus treoirlínte: http://www.musicnetwork.ie
Deiseanna eile
Comórtas Idirnáisiúnta Féile Filíochta/ International Poetry Competition 2006 uais €5,000. Spriocdháta 11 Samhain 2006 Liosta na moltóirí, rialacha agus foirmeacha iontrála le fáil ach glaoch air 01 78 1788/00 353 (1) 278 1792 nó ó cpeoples@dlrcoco.ie; mkeyes@dlrcoco.ie Tuileadh eolais: http://www.dlrcoco.ie/feile/feile06/index.html
Arts & Disability Ireland 2006: Duaiseanna agus Lá Eolais agus Comhairle
Clár sparánachtaí is ea Arts & Disability Awards Ireland a fhreastalaíonn ar ealaíontóirí míchumasaithe i dTuaisceart agus i bPoblacht Éireann. Cuimsíonn sé na foirmeacha ealaíne go léir. Tá sé d'aidhm aige féith na cruthaitheachta agus na samhlaíochta a chothú agus cabhrú le healaíontóirí míchumasaithe a n-acmhainn iomlán a bhaint amach trí thiosncadail nuálacha a chur i gcrích agus sárchaighdeáin a bhaint amach sna healaíona. Is féidir le gach iarratasóir uasmhéid (timpeall.) 7000 euro a lorg.
Tá an clár á mhaoiniú ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ag an gComhairle Ealaíon abhus. Is é an Arts & Disability Forum i mBéal Feirste a dhéanann é a riar. Bronntar breis agus 71,000 euro in aghaidh na bliana ar ealaíontóirí míchumasaithe ar fud na hÉireann.
Is é an chéad spriocdháta iarratais eile Dé Céadaoin 22 Samhain 2006.
Tá Lá Eolais agus Comhairle le reáchtáil Déardaoin 12 Deireadh Fómhair 2006 ó 11am go12.30pm san Arts & Disability Forum, 109-113 Royal Avenue, Béal Feirste. Tá saorchead isteach ann agus cuirfear lón ar fáil. Beidh seisiúin duine le duine le fáil ann freisin.
Tuilleadh eolais Gillian Porter
Fón: 028 9023 9450
R.phost: gillian@adf.ie
Gréasán: http://www.adf.ie/awards.htm
Duais an Golden Fleece. Suas le E20,000 le baint amach ag ealaíontóirí traidisiúnta tuilleadh eolais ó www.goldenfleeceaward.com nó ó goldenfleece@i
|
Tionscadal na gComharsan Ceilteach agus Tionól Dhún na nGall ''Ceangal’ Beidh Tionól Dhún na nGall – ‘Ceangal’ – ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall ón Déardaoin 23ú go dtí an 25ú Samhain 2006. Le linn na tionóla, tabharfar chun suntais cuid de na samplaí is fearr de na gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha atá ag tarlú sa tsaol Gaelach – in Éirinn agus in Albain araon – agus i measc na bpobal Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Beidh sé mar phríomhchuspóir na Tionóla scileanna, dea-chleachtas agus smaointe cruthaitheacha a roinnt agus a mhalartú idir na grúpaí cultúrtha ó na trí réigiún, trí chur i láthair agus trí saincheisteanna a chaibidil, le béim ar leith ar an obair atáthar a dhéanamh sna teangacha dúchasascha Le tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Ceangal’ nó faoi Thionscadal na gComharsan Ceilteach, faigh i dteagmháil le: Mícheál Ó Fearraigh Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall Teil. (074) 9560100Ríomhphost: m.fearraigh@udaras.ie
Ceiliúradh an Bhlascaoid 2006 / The Blasket Commemoration 2006 Téama An Cheiliúrtha: “Cuisle Ceoil na nOileán”/ Theme: “The Musical Pulse of the Islands” Dátaí: 13, 14 & 15 Deireadh Fómhair, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Luas eile d'Fhilí na Gaeilge – Cuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain Mar chuid den ‘chlár malairte’ is faide bunaithe idir Éire agus Alba, beidh camchuairt na bhfilí agus ceoltóirí Éireannacha ar Albain ar siúl ón 25 Meán Fómhair–1 Deireadh Fómhair 2006. Rannpháirteach sa chamchuairt i mbliana beidh na filí Colm Breathnach agus Bríd Ní Mhóráin. Is í Róisín Chambers an t-amhránaí agus Ciarán Ó Maonaigh a bheidh i mbun ceoil. Tuilleadh Eolais: Sinéad Ní Mhaoilmhichíl353 (0)1 6794780 sinead@comhdhail.ie Mairí Mac Cuish +44 (0)141 337 6211 + mairim@gaelicbooks.net
An Eochair le hAisteoirí Bulfin bunaithe ar an ngearrscéal le Máirtín Ó Cadhain: Fidelma Ní Ghallchobhair a chóirigh agus a léirighIonad: Amharclann Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar chuid den Chomhdháil i gCultúr agus Litríocht na Gaeilge. Ní ghearrfar táille ar an léiriú seo. 14 Deireadh Fómhair 8.00 i.n.
Cómhdháil an Chraoibhín i gColáiste Naithí, Bealach an Doirín Co. Ros Comáin 20 –22 Deireadh Fómhair, Aíonna: An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa, an Dochtúir Par Wallace, Liam Ó Muirthile, an Dochtúir Mícheál Ó Súilleabháin, Iarla ó Lionáird agus go leor eile.
In Ainm an Athar le Joe Steve Ó Neachtain. Taibhdhearc na Gaillimhe
Dátaí: Céadaoin 4 D. Fómhair – Máirt 10 D. Fómhair
Réamhbhreathnú Luain 2 agus Máirt 3 D. Fómhair Am: 8.00in
Féile Idirnáisiúnta Filíochta 'Samhain' i nGort an Choirce ón 27–29 Deireadh Fómhair 2006.
Aoi na Féile: Cathal Ó Searacaigh.www.samhainpoetry.com
Éigse Chuimhneacháin Dharach Uí Chatháin: 6, 7 & 8 Deireadh Fómhair 2006 Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí. Tuilleadh eolais ó rathcairn@eircom.net
Pléaráca Teo. Ó Ghlúin go Gloine – Séipéal an Ghoirt Mhóir – Dé Sathairn 30 M.F. 7.00
Seo taispeántas an-speisialta a bheas dá sheoladh i Séipéal an Ghoirt Mhóir ar an Satharn 30 Meán Fómhair ag 7.00.
Is sraith de chúig phainéal gloine daite atá ann a rinne grúpa as Rosmuc faoi stiúir an ealaíontóra gloine Ceara Conway. Siad an cúigear a rinne na painéil ná Mairéad Ní Chonaire, Tommy Khate Ó Mainín, Lisa Ní Chualáin, Bernie Seoige agus Máire Seoige. Tá na painéil bunaithe ar sheanchas agus stair áitiúil an cheantair. Bailíodh an seanchas seo ó bheirt bhan, Nan Thomáis Bhig Uí Nia agus Cevan Sheáinín Uí Nia. Bhásaigh Cevan ó tosaíodh ar an tionscnamh seo, Go ndéana Dia maith uirthi. Sé Jackie Mac Donncha, an file agus scribhneoir as Cill Chiaráin a bhí i mbun an tseanchas a bhailiú. Chomh maith leis na painéil ghloine, beidh leabhrán dá sheoladh a mbeidh an seanchas agus na painéil léirithe ann.
Sí Ríonach Uí Ógáin ó Roinn Bhéaloideas Éireann a sheolfas an taispeántas.
Beidh an taispeántas oscailte don phobal i rith seachtain na féile.
Ceardlanna Ealaíne & Ceardaíochta do Dhaoine Fásta, Ros Muc Conamara: Péintéireacht le Gwen Uí Ghaora, Gloine Daite le Ciara Conway, ceardalnn Fíodóireachta le Máire Ní Thaidhg, agus ceardlann Péintéireachta ar ghloine le Meta Uí Mháille, ceardlann Potadóireachta le Rosaleen Ní Shúilleabháin agus ceardlann Caoladóireachta le Joe Hogan.
Tá teorainn ar an méid is féidir freastal ar chuid de na ceardlanna seo. Tuilleadh eolais ó (091) 574346
Sa Rinn agus sa Sean Phobal. Club Leabhar do dhaoine fásta: Bíonn club leabhar do dhaoine fásta ar siúl ar an dara Luan de gach mí in Oifig an Údaráis sa Sean Phobal ag 8 i.n. Fáilte roimh chách.
Scéim na bPictiúr: Beidh an chéad cheardlann leis an ngrianghrafadóir áitiúil Mary Tobin ar siúl i Halla Pobail na Rinne ar an Luan 18 Meán Fómhair ag 7.30 i.n. Beidh 6 cheardlann ar fad i gceist, ceann sa mhí. Tabharfar eolas agus treoir do na rannpháirtithe ar conas pictiúir a thógaint. Tá áiteanna fós fágtha ar an gcúrsa agus ní gá go mbeadh aon taithí agat chun páirt a ghlacadh. Is féidir breis eolais a fháil ó Lorcán ar (058) 46752 nó (087) 9107861.
Scoil Rince Mhichíl Uí Riain / Michael Ryan School of Dancing: Bíonn ranganna rince gach Déardaoin i Halla Cholmáin, An Sean Phobal. Fáilte roimh chailíní agus bhuachaillí atá ina dtosnaitheoirí, go dtí rang na dtosnaitheoirí a bhíonn ar siúl ag 4.30 i.n. €5 an costas atá ar gach seisiún. Is féidir breis eolais a fháil ó AJ Finn ar 086 384 3787
Táthar ag taifead sraith nua de Ghuth Mhuscraighe do RnaG i láthair na huaire agus má tá aon duine a mheastar a bheith oiriúnach nó ar cheart a bheith ar thaifead do thaisce dhúchais an cheantair, is féidir scéala a chur chuig Peadar Ó Riada sa phost nó ag dord@iol.ie
Oireachtas na Samhna 2006: Céadaoin–Domhnach, 1–5 Samhain, Doire http://www.antoireachtas.ie
Babaró: Féile Idirnáisiúnta do ghasúir, 16–22 Deireadh Fómhair
Roola Boola- Féile Ealaíne do ghasúir i Caisleán an Bharraigh 23 Deireadh Fómhair - 30 Deireadh Fómhair Amharclann an Linenhall.
Féile Pléaráca Chonamara : 29 Meán Fómhair–7 Deireadh Fómhair tuilleadh eolais www.plearaca.ie
Féile Litríochta IMRAM 2006: 10–15 Deireadh FómhairChun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí liteartha na tíre féach ar www.poetryireland.ie nó glaoigh ar Éigse Éireann ag (1)4789974
Féile Leabhair na bPáistí http://www.childrensbooksireland.com
Féile Scannánaíochta Chorcaí 2006 http://www.corkfilmfest.org 8–15 Deireadh Fómhair
Féile Ealaíne Phort Láirge ‘Imagine’ 26 Deireadh Fómhair–6 Samhain http://www.waterfordartsfestival.com
Féile Opera Loch Garman, 25 Deireadh Fómhair–5 Samhain http://wexfordopera.com/pages/2006festival
Féile Jazz Chorcaí, 26–30 Deireadh Fómhair http://www.corkjazzfestival.com
'Samhlaíocht', Féile Scannánaíochta Chiarraí, 23–29 Deireadh Fómhair http://www.kerryfilmfestival.com
Máírtín ó Cadhain Rí na bhFocal léirithe ag Sónta i gcomhar le le Mac Dara Ó Curraidhín á chraoladh ar Arts Lives ar RTE 1 Dé Máirt 26 Meán Fómhair 10.15 i.n
Aoife Ní Ghaora, Ealaíontóir ó Charna – a cuid oibre mar chuid de Thaispeántas ‘Ualach Dosheachanta/Imminence 06’ i gClár Chlainne Mhuiris atá ag oscailt Dé Sathairn, 16 Meán Fómhair ag 8.30in.
John Mc Hugh, Gailearaí an Fhail Cearach, Dún na nGall ó 28 Deireadh Fómhair.
Oileán Mara, Taispeántas le Trish Conneely agus Mary Curran, Áras Éanna, Inis Oírr, 22 Meán Fómhair–20 Deireadh Fómhair.
Artisit? - Féile nua a bheidh ar bun i gCathair an Gaillimhe i Mí Dheireadh Fómhair a thabharfaidh ardán d’ealaíontóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ó gach réimse ealaíon. Tuilleadh eolais ó 087 2620391, artisit@gmail.com http://www.artisit-festival.com
Gailearaí Stronach, Fermoyle Lodge, Casla Conamara. www.stronachgallery.com
Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise |
Creative Edge (Audio) - iris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl.
Tuilleadh eolais:
Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon
http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir le chuile ghné de na healaíona
http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ieSuíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh
|