EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

Tá Ealaín na Gaeltachta i bpáirtnéireacht leis An gComhairle Ealaíne, ag eagrú deireadh seachtaine ceardlanna do scríbhneoirí óga a bhfuil féith na scríbhneoireachta léirithe acu. Is Máistir ranganna iad seo agus is é an aidhm atá leis na ceardlanna ná grúpa scríbhneoirí Gaeilge idir 18 agus 25 mbliana d’aois a thabhairt le chéile, agus an deis a thabhairt dóibh díriú ar shaothar a fhorbairt i measc a gcomhpháirtithe, i dtimpeallacht chuidiúil, spreagúil. Beidh na ceardlanna faoi stiúr Louis de Paor agus Éilis Ní Dhuibhne, agus reachtálfar iad i dtearmann cruthaitheachta Cnoc Suain, sa Spidéal thar na deireadh seachtaine 23 -25 Deireadh Fómhair 2009. Bronnfar an deis seo ar dheichniúr. Má tá spéis agat is féidir C.V gear a sheoladh isteach maidir le do thaithí scríbhneoireachta agus trí shampla de do shaothar. (pros nó filíocht). Is é an Aoine 28 Lúnasa an spriocdháta. Tuilleadh eolais le fáil ó Mhuireann Ní Dhroighneáin ag m.nidhroighneain@udaras.ie
Tá an iniúchadh cuimsitheach ar ghníomhaíocht agus ar acmhainní ealaíona na Gaeltachta fós ar bhun ag Ealaíon na Gaeltachta faoi stiúir an ghníomhaí ealaíona Majella Ní Chríocháin. Mar chuid den phroiseás seo beidh cruinnithe poilblí á reachtáil an mhí seo.
Seo a leanas na cruinnithe atá eagraithe:

Port Láirge
Seanchaí Pulla. An Rinn. Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair 7.30 i.n

Ciarraí
Óstán Benners. An Daingean. An Luan 5 Deireadh Fómhair 7.30 i.n

Corcaigh
Óstán Abbey. Baile Bhuirne.An Máirt 6 Deireadh Fómhair 7.30 i.n

Gaillimh
Óstán an Dóilín, An Cheathrú Rua. Dé Céadaoin 7 Deireadh Fómhair, 8.00 i.n

Dún na nGall
Acadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair. Dé Luain 12 Deireadh Fómhair, 8.00 i.n.

Maigh Eo.
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead. 13 Deireadh Fómhair, 8.00 i.n

An Mhí
An Club, Ráth Chairn.Dé Céadaoin 14 Deireadh Fómhair. 8.00 i.n.

Tuilleadh eolais - Majella Ní Chríocháin. 087 9776852. majnic@eircom.net


Sheoladh ceistneoir amach chuig ealaíontóirí, gníomhairí ealaíne agus eagras ealaíne agus tugadh cuireadh do gach éinne atá baint acu le cúrsaí ealaíne a bheith páirteach. Má tá tú ag iarraidh a bheith páirteach sa tsuirbhé, tá an ceistneoir ar fáil ar an suíomh idirlín www.ealain.iewww.ealain.ie.
Mar eolas: Bunaíodh grúpa sainleasa the National Campaign for the Arts an mhí seo. Is grúpa iad a bhunaíodh ar mhaithe le leas an phobail ealaíona agus le tábhacht agus fiúntas na nEalaíon a chur in íul. Beidh an eagras nua seo i mbun feachtais le cinntiú nach gearrfar siar ar an maoiniú a dtugtar go dtí an earnáil ealaíona. Tá ballraíocht leathan ag an ngrúpa, idir eagraíochtaí agus ealaíontóirí aonair, ina measc tá féilte ealaíona, eagraíochtaí ealaíona, eagrais ailtireachta, comhlachtaí scannán agus eile. Má tá spéis agat a bheith páirteach, is féidir breis eolais a fháil ag www.ncfa.ie

Mar is iondúil, tá neart deiseanna deontas agus deiseanna eile fógraithe an mhí seo. Lena chois sin, tá eolas ar an himeachtaí ealaíona agus cultúrtha Gaeltachta nó Gaelacha atá ar siúl an mhí seo.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


Oiliúint

Ceardlanna Oiliúna sa Fhorbairt Ghairmiúil – Físealaíontóiri na hÉireann agus An Monarcha Náisiúnta Dealbhóireachta.

Ta clár leathan de cheardlanna oiliúna eagraithe don fhómhar ag an dhá eagraíocht seo dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna cleachtais agus scileanna praicticúla. Tá na cúrsaí feiliúnach d’ fhísealaíontóirí atá ag iarraidh feabhais a chur ar a gcuid modhanna cleachtais agus díreoidh sé ar chúrsaí bainistíochta, riaracháin agus gnó chomh maith. Léachtóirí den cheád scoth a bheidh ag teagasc ar na ranganna. I measc na n-ábhar a chuirfear ar fáil, beidh an Chuntasaíocht; Airgeadas; Dlí agus an Físealaíontóir; poiblíocht agus margaíocht; An t-idirlíon agus an Físealaíontóir; Peer critique; agus go leor ábhair eile. Ta breis eolais faoi na cúrsaí uilig agus cóip den churaclam le fáil ag: www.visualartists.ie/Services/sfr_current_prog.html

Dáta

Spriocdhátaí do na cúrsaí éagsúla le fáil ón eagraíocht.

Eolas

Visual Artists Ireland
Teil: 01 8722296
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie
R-phost: monica@visualartists.ie

National Sculpture Factory
Teil: 021 4314353
R-phost: elma@thenationalsculpturefactory.com

 

Create & Common Ground - Forám ar an togra taighde ar an meantóireacht sna healaíona tiomsaithe.

Chuir Create, an eagraíocht náisiúnta ata freagrach as na healaíona tiomsaithe, tús le togra taighde an mhí seo caite. Tá sé mar aidhm ag an togra iniuchadh a dhéanamh ar an meantóireacht mar mhodh cleachtais i réimse na n-ealaíon tiomsaithe. Beidh an togra á reachtáil i gcomhair le Common Ground, grúpa ealaíne atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Déanfar staideár ar ról an mheantóir ealaíne agus ciorrófar na bealaí is fearr gur féidir leis an meantóir ealaíne tacaíocht agus cabhair a thabhairt d’ealaíontóirí proifisiúnta atá ag obair i réimse na n-ealaíon tiomsaithe. Is é ‘Connect’ an teideal atá ar an tionscnamh seo. Eagrófar Fóraim phoiblí mar chuid den tionscnamh, le tuairimí an phobail a bhailiú. Beidh Forám ar siúl i Luimneach ar an 15 Deireadh Fómhair agus i mBaile Átha Cliath ar an 15 Eanair.Tá breis eolais faoin togra le fáil ag www.create-ireland.ie

Dáta

Níl spriocdháta ceangailte leis na Fóraim seo.

Eolas

Suíomh idirlín: www.create-ireland.ie
R-phost:communications@create-ireland.ie

 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann.

Tá an CCOI ag eagrú sraith ranganna agus ceardlanna don Fhómhair. Bheadh spéis ar leith ag ealaíontóirí a bhíonn a dhíol a gcuid táirgí sna cúrsaí oiliúna seo. Díreoidh na ranganna ar chúrsaí margaíochta agu brandála agus ar modhanna díolacháin. Is é seo a leanas an clár atá leagtha amach:.
Déardaoin 15 Deireadh Fómhair: ‘Cén táirgí atá an dúil ag an gcustaimeár iontu? – Ceardlann. Déardaoin 22 Deireadh Fómhair: Semineár ar scileanna gnó do cheardaithe. Déardaoin 19 Samhain: Tábhacht na Brandála – Ceardlann.
Déardaoin 26 Samhain : Cén praghas ar cheart a chur ar do chuid táirgí – Ceardlann
Beidh an chomhairle ag eagrú neart cúrsaí oiliúna, léachtaí agus imeachtaí eile. Tugann siad comhairle agus cabhair d’ealaíontóirí ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna eile a chuireann siad ar fáil. Tá an t-eolas uilig le fáil ar an suíomh idirlín.

Dáta

Is féidir na spriocdhátaí do na cúrsaí oiliúna a fhaíl ón eagraíocht.

Eolas

Teil: +353 (0)56 7761804
Facs: +353 (0)56 7763754
R-phost: info@ccoi.ie
Suíomh idirlín: www.ccoi.ie
Seoladh: Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland

 

 

Ionad Bhalor

Ionad Ceardaíochta agus Eolas do Thurasóirí


Tá Ionad Bhalor í comhair le Comhair le Comhar Chumann Thoraí ag reáchtáil rangannaceardaíochta í Coláiste Colmcille ar Oileán Thoraí idir Deireadh Fómhair 2009 agus Aibreán 2010.

Ranganna ceardaíochta:
Déanamh bascaed {31ú Deireadh Fómhair & 1ú Samhain 2009}
Potaireacht {Dé Sathairn 7ú & Dé Domhnaigh 8ú & Dé Sathairn 14ú & Dé Domhnaigh 15ú Samhain 2009}
Casadh adhmad{ Dé Sathairn 10ú & Dé Domhnaigh 11ú Aibreán 2010}
Déanamh seodra {De Sathairn 16ú & Dé Domhnaigh 17ú Eanáir}


Dáta

Is féidir na spriocdhátaí do na cúrsaí oiliúna a fhaíl ón eagraíocht.

Eolas

Teil: +353 87 2280310
R-phost: ionadbhalor@live.com
Suíomh idirlín: www.ionadbhalor.com
Seoladh: Ionad Bhalor, Oileán Thoraí, Co. Dhún na nGall

 

 


Deiseanna Deontais

An Greásán Ceoil(Music Network).

Scéim Chapitil Ceoil 2009

Tugtar maoiniú faoin scéim seo d’ealaíontóirí aonair, buíon ceoil, bannaí ceoil, ceolfhoireann agus eagras a thugann tacaíocht agus árdán don cheol. Tá dhá chineál maoiniú ar fáil. Sa chéad réimse, bronntar deontas ar eagraíochtaí deonacha agus neamhphroifisiúnta chun úirlisí ceoil a cheannacht. Tá ciste iomlán de €113,000 ar fáil i 200 don chuid seo den scéim. Sa dara réimse, bronntar deontas ar cheoltóirí aonarach atá ag iarraidh uirlis ceoil ardchostasaigh a cheannacht. Tá gach eolas faoin scéim le fáil ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

2 Samhain 2009

Eolas


Teil:
01 6719429
R-phost: capitalscheme@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie

 

An Greásán Ceoil / An Chomhairle Ealaíona

Dámhachtain um thaibhiú agus chamchuairt

Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo, ach is Music Newtork a riarann í. Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú le ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna fostaíochta méadaithe a thairiscint do cheoltóirí Éireannacha; bonn scileanna ealaíontóirí Éireannacha i réimsí mar phleanáil tionscadail agus riarachán, féin-phoiblíocht agus féin-bhainistíocht; agus foinse nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur isteach. Féach ar láithreán gréasáin www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil leis an eagraíocht


Spriocdháta

5 Deireadh Fómhair

Eolas

Seoladh: Clár-Bhainisteoir Taibhithe, Music Network, Teach an Chóiste , Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 671 9429
Teil: : +353 1 671 9430
R-phost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín:www.musicnetwork.ie


 

Cultúr Éireann

Cultúr Éireann – Deontas.

Bronnann Cultúr Éireann maoiniú ar eagraíochtaí ealaíona nó ealaíontóirí chun tacaíocht a thabhairt do shár-imeachtaí cultúrtha na hÉireann i dtíortha eile. Breithnítear tograí le haghaidh ócáidí (m.sh. léiriúcháin, taispeántais, léachtaí), ócáidí nach mbíonn an eagraíocht ná an léiriúchán féin in ann na costais ina leith a íoc. Bronntar na ndeontas de réir an chritéir seo a leanas 1.Caighdeán ard ealaíonta an togra. 2.Tionchar straitéiseach sa tír ina mbeidh an ghníomhaíocht ar siúl. 3.Inmharthanacht airgeadais agus feidhmíochta an togra. 4. Oiriúnacht an togra i gcás na tíre óstaigh. 5. Cion de na costais atá á seasamh ag an togróir nó ag aon eagraíochtaí iomchuí eile. 6.Rannchur na gníomhaíochtaí molta le haidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha Chultúr Éireann, mar atá leagtha amach ina Straitéis 2006-2010. Is é an 3 Samhain an chéad spriocdháta eile don scéim seo.Tá foirmeacha agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.cultureireland.gov.ie

Spriocdháta

3 Samhain 2009

Eolas


Teil: 00 353 1 6313905/3994/3917
R-phost: cultureireland@dast.gov.ie
Seoladh: Cultúr Éireann, Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Suíomh idirlín: www.cultureireland.gov.ie


 

 


Deiseanna Eile

Cló Ceardlann na gCnoc, Gaeltacht Thír Chonaill

Tá Cló ag ofráil tréimhse cónaithe í Tbilisi, An tSeoirsia do fhísealaíontóir mar chuid den tionscnamh Trasnú. Is malartú tréimhse cónaithe é Trasnú idir ealaíontóir as an Ghaeltacht agus ealaíontóir as an tSeoirsia. Is seo scéim ina mbeidh ealaíontóir Gaeltachta, ábalta dhul thar lár agus malartú a dhéanamh le ealaíontóir eile as an tSeoirsia. Beidh an ealaíontóir eile ón réigiún Caucasus ábalta theach go dtí an Gaeltacht fríd an scéim Malartú seo, agus fanacht san teach cónaithe I Mín a Leá agus obair úr a dhéanamh anseo í gCló Ceardlann agus beidh an ealaíontóir as an Ghaeltacht ábalta fanacht sa teach cónaithe í Tbilissi, Georgia agus obair úr a dhéanamh í Tbilisi.
Scolaireacht Mhadgie Hughie Eoin: Tá Cló Ceardlann na gCnoc ag tairiscint scoláireacht d’ealaíontóir ón Ghaeltacht. Tugann an scoláireacht seo deis d’ealaíontóir le Gaeilge, tréimhse trí mhí a chaitheamh mar ealaíontóir cónaithe le Cló Ceardlann na gCnoc. Cuireann Cló lóistín, ábhar agus trealamh agus liúntas ar fail.
Is féidir le healaíontóirí iarratas a dhéanamh am ar bith trí theagmháil a dhéanamh le Marjorie ag cloceardlann@eircom.net.

Spriocdháta

30ú Deireadh Fómhair 2009

Eolas

Teil: 07491 – 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh idirlín; www.clo.ie
Seoladh: Mín a’ Leá, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

 

Gradam an Golden Fleece

Is gradam é seo a bhunaíodh i gcuimhne an fhísealaíontóra, Helen Lillias Mitchell, nach maireann. D’fhág Mitchell oidhreacht ina dhiaidh agus bunaíodh an comórtas leis an airgead sin. Ba í a thoil go mbronnfar gradam ar ealaíontóir ceardaíochta gach bliain. Is é an sprioc atá ag an ngradam ná tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóir aonair ionas go mbeidh sé ar a c(h)umas a c(h)uid ceirde a fhorbairt. Tá liúntas airgid mar chuid den ghradam. Tá eolas faoi chriteár na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

20 Samhain 2009

Eolas

Seoladh: The Golden Fleece Award,
26-28 North Wall Quay, Dublin 1
Suíomh idirlín; http://www.goldenfleeceaward.com
Ríomhphost: goldenfleece@ireland.com

 

Siansa Gael Linn – comórtas ceol traidisiúnta

Is comortas do ghrúpaí traidisiúnta é Siansa Gael Linn atá á reachtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine. Is é sprioc an comórtas ná spreagadh agus ardán a thabhairt don cuid is fearr de ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre. Tá an comórtas oscailte do dhaoine óga atá os cionn 12 agus faoi bhun 19 mbliana d’aois. Bíonn idir cúigear agus ochtar i ngach grúpa. Tá duaischiste de €4,500 ar fáil.


Spriocdháta

16 Samhain 2009

Eolas

Téil: 01 671 9278
Suíomh idirlín; www.gael-linn.ie
Ríomhphost:
eolas@gael-linn.ie

 

Taibhdhearc na Gaillimhe:- Gradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín

Fáiltíonn Taibhdhearc na Gaillimhe roimh scripteanna drámaíochta don chomórtas ‘Gradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín. Leis an duaischiste is mó sa tír ó thaobh na scríbhneoireachta de, beidh muintir na Taibhdheirce ag súil go dtabharfaidh an gradam spreagadh do ghlúin nua peann a chuir le pár. Beidh €7,500 le buachan don fhad-dhráma is fearr chomh maith le €1,000 don ghearrdhráma is fearr.

Spriocdháta

Spriocdháta le fáil ón Taibhdhearc

Eolas

Téil: (091) 563600/562024
Suíomh idirlín; www.antaibhdhearc.com
Ríomhphost:
eolas@antaibhdhearc.com

 

Rough Magic Theatre Company – Clár AIB SEEDS, 2010-11.

Is clár forbartha gairmiúla do drámadóirí é an AIB Seeds Programme. Tá an clár faoi chúram Rough Magic Theatre Company. Tugtar deis do dhrámadóirí tréimse a chaitheamh ag obair le compántas drámaíochta gairimiúla agus le drámadóirí proifisúnta. Tá gach réimse drámaíochta mar chuid den chomórtas; (scríbhneoireacht, aisteoireacht, léiritheoireacht, srl). Maireann an clár ar feadh ocht mí. Tá tuilleadh eolais faoin gclár le fáil ag na sonraí teagmhála thíos:


Spriocdháta

23 Deireadh Fómhair 2009

Eolas

Téil: 01 671 9278
Suíomh idirlín; www.gael-linn.ie
Ríomhphost:
cian@rough-magic.com
Seoladh: Cian O’Brien, Associate Producer, Rough Magic Theatre Company, 5-6 South Great George’s Street, Dublin 2.

 


 

% Ealaíona

Scéim Ealaíon Pobail: Físealaíon don M7.

Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí moltaí a sheoladh isteach maidir le coimisiún ealaín poiblí atá a reachtáíl ag Comhailre Chontae Luimnigh. Bronnfar coimisiún le píosa físealaíona buan a chruthú ar láithreán ar an mórbhealach, an M7, idir Luimneach agus an tAonach, agus ar an N7 – an Tollán úr i gcathair Luimnigh. Is fiú €100,000 an coimisiún seo. Tá gach eolas faoi chriteár na scéime agus an próiseas iarratais le fáil ag na sonraí teagmhála thíós.

Spriocdháta

2 Deireadh Fómhair 2009

Eolas

Seoladh: Vincent O Shea, Artwork, Arts Office, Limerick County Council, Dooradoyle, Limerick
Ríomhphost: infoirl@indigo.ie



 

Scéim Ealaíon Pobail: Ceoldrámaíocht.

Tugann Comhairle Chontae Ros Comáin cuireadh do dhrámadóirí, scríbhneoirí nó chumadóirí ceoil moltaí a sheoladh isteach maidir le coimisiún ealaín poiblí atá á reachtáíl ag Comhairle Chontae Ros Comáin. Bronnfar coimisiún ar drámadóir nó scríbhneoir le ceoldhráma nua a scríobh agus a fhorbairt . Léireoidh ‘Suaimhneas – Choral Singers and Riverside Chorus’ an ceoldhráma a roghnófar agus cuirfear ar stáitse é i gcomhpháirtíocht le haisteoirí gairimúla. Tá ciste de €40,000 ar fáil don choimisiún seo. Gach eolas faoi chriteár na scéime agus an próiseas iarratais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

1 Deireadh Fómhair 2009

Eolas


Suíomh idirlín; www.roscommonarts.com/artsoffice/programmes/public.htm



 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne . Clár an Fómhair.
Imeachtaí ealaíona: 8 Deireadh Fómhair: Cumann Scannáin Dhoire’a Chuilinn
Beidh an cumann ag taispeáint scannán i gcaitheamh an Fhómhair.
Eolas ar scannáin/information on films www.imuscrai.wordpress.com
16. Deireadh Fómhair: Ceolchoirm Traidisiúnta le Jackie Daly (bosca) & John Faulkner (giotár)
13.Samhain: Ceolchoirm le Rannpháirtithe an tOireachtas
27. Samhain An grúpa ‘Fidil’- Ciarán Ó Maonaigh, Aidan O Donnell & Damien Gleeson

Taispeántas físealaíona: 03.Meán Fómhair - 13. Deireadh Fómhair: Helen Willems Bogels
15. Deireadh Fómhair - 30.Samhain: Pauline Dodds
Mí na Nollag: Ealaíontóirí Mhúscraí

Imeachtaí eile: Ranganna ceoil traidisiúnta le Henry Cronin (Scoil Cheoil an Chontae)
Ranganna fliúite le Conal Ó Gráda Ranganna conseartín agus bosca le Mary Tisdell
Ranganna fidil le Geraldine O Callaghan Ranganna amhránaíochta ar an sean-nóis le Máire Ní Chéilleachair (Scéim Aisling Geal)
Ceardlanna dearc ealaíne do seanóirí le Bernadette Ní Choitir & Pauline Dodds Hyland (Tacaois)
Cleachtaithe cór le Peadar Ó Riada (Cór Ban Chúil Aodha) Ceardlanna Éigse Dhiarmuidín Ó Súilleabháin
Tá catalóg á dhéanamh ar ceol taifeada san Ionad Cultúrtha faoi láthair agus tá Scéim Scríobhneoir sa Phobal ar bun.
Tuilleadh Eolais



Tuilleadh eolais.
Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Teil:00 353 (0)26 45733.
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net


Deireadh Seachtaine Gaelach i Ráth Cairn
Beidh deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha á reáchtáil ag Gael- Linn i nGaeltacht Ráth Chairn, i gCo. na Mí ón 16 – 18 Deireadh Fómhair 2009. I measc na n-imeachtaí beidh ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal),ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus neart ceoil agus neart craic le muintir na háite san oíche !
Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille na deireadh seachtaine ná €150 an duine ag roinnt seomra nó €175 do sheomra singil (beilte san áireamh)

Tuilleadh eolais.
Gael-Linn, 35 Sráid an Dáma , Baile Átha Cliath 2
Suíomh Idirlín: www.gael-linn.ie
Teil: 01 6751200
Ríomhphost: eolas@gael-linn.ie


Áras Éanna, Inis Oirr

2-4 Deireadh Fómhair: Féile an Fhómhair. Féile ealaíona agus ceoil le himeachtaí ilghnéitheacha agus spleodracha.
Dé Satharin 10 Deireadh Fómhair: Ceolchoirm le Redmond O Toole, giotar Clasaiceach.
Dé Domhnaigh 18 Deireadh Fómhair: Ceolchoirm le John Faulkner
Dé hAoine 23 Deireadh Fómhair: Last Train to Holyhead. Dráma le Mick Lally.
Beidh oíche filíochta a reachtáíl mar chuid den Lá Náisiúnta Filíochta atá á eagrú ag Éigse Éireann.
Beidh Áras Éanna ag reachtáil sraith de cheardlanna agus ranganna i gcaitheamh an gheimhridh chomh maith. Is é Tomás Mac Siomóin atá mar ealaíontóir cónaithe in Áras Éanna faoi láthair.



Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: araseanna@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.araseanna.ie
Teileafón: 099 75150


An Lá Náisiúnta Filíochta – Éisge Éireann
Déardaoin, 1ú Deireadh Fómhair
Eagrófar imeachtaí filíochta ar fud na tíre mar chuid den Lá Náisiúnta Filíochta atá á eagrú ag Éigse Éireann ar an cheád lá de mhí Deireadh Fómhair.
An Deisceart: Ceiliúradh Filíochta, An Díseart, An Daingean
8:00 i.n.– 10:30 i.n. Ceardlann agus Léamh Filíochta le filí áitiúla. Eagraithe mar chuid de Scéim Ealaíontóir Cónaitheach Harry Clarke. Breis eolais: 066 9150000
An Tuaisceart Blas Filíochta agus Ceoil - Oíche Fhilíochta, Airneáin agus Cheoil. Léamh filíochta le scríbhneoirí ón gceantar, ina measc, Collete Ní Ghallchóir, Máire Wren, Máirín Ní Fhearraigh, Síle Ní Ghallchóir agus go leor eile.. Ceol leis‘An Crann Óg’ agus ceoltóirí eile ón gceantair.
Tigh Hiúdaí Beag ag 9.00 i.n. Sóláistí agus bia ar fáil. Eagraithe ag An Ciorcal Scríbhnóireachta, Thír Chonaill.
an tIarthar Éigse filíochta agus ceoil – Inis Oirr - Léamh filíochta le filí an Oileáin. Ceiliúradh ar thraidisún litertha an Oileáin. Áras Éanna, Inis Oirr Déardaoin 1 Deireadh Fómhair.
Breis eolais: 099 75150.
Tá eolas faoi na himeachtaí uilig atá ar siúl ar fud na tíre ar fáil ag an suíomh idirlín thíosluaite.


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.poetryireland.ie/poetryday/


Draíochta Amharclannaíochta sa mBéil Binn, Baile Átha Cliath.
Beidh oíche mhór d’amharclannaíocht ar siúl sa mBhéil Binn ar an Luan, 21 Deireadh Fómhair 2009. Saothar úr nua ón gcumadóir/léiritheoir Colm Ó Foghlú a nascann fuaim, teilgeann, guth agus ceol beo.Sí Geraldine Plunkett, an t-aisteoir iomráiteach, a thabharfaidh glór agus ciall do na focail agus páirteach léi beidh Ken Edge (Sacsafón) agus Noreen O’Donoghue (Cruit). Tá an píosa draíochta amharclannaíochta seo spreagtha ag téacsanna le Eavan Boland, duine de mhór fhilí na linne.Siansa dhá theangach a chíorann caillteanas agus fuascailt ar bhealach dúisitheach diabhar agus a mheabhraíonn dúinn an athuair cé chomh cumhachtach is atá a cuid scríbhneoireachta.
Ionad: Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh’ Trasna ón Harbour Bar, Bré, Co. Chill Mhantáin


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.anbealbinn.com
Teileafón: 085 7823411


An Clachán. Gaoth Dobhair. Taispeántas le Hugh ‘Aodh’ Doherty - An Clachán.
Taispeántas físealaíne le HUGH ‘AODH’ DOHERTY go dti 8 Deireadh Fómhair. Déanann Hugh staideár ar an tírdhreách ag baint úsáide as ola agus aicrilic. Tá Hugh ina chónaí ar an gCarraig Airt agus is foinse inspioráid í an ceantar seo dó, mar aon leis an taithi a bhí aige mar phriosúnaigh poblachtánach.


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.anclachan.ie
Teileafón: 00 353 (0) 74 9560091
Ríomhphost: eolas@anclachan.ie
Seoladh: An Clachán - Dánlann ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí.
Tugann an Caberet Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaítear réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.craiceailte.com
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teileafón: 097 81079 / 087 2785593


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie
Teileafón: (066) 9151082 / (066) 9156444


Gailearaí, An Fál Carrach /Ceardlann na gCroisbhealach - "Páip.Eal - Works on Paper" – Taispeántas físealaíne.
Taispeántas físealaíne le píosaí ealaíne cruthaithe ar pháipeár. Tá na físealaíontóirí is fearr i nGaeltacht Thír Chonaill páirteach - Jill McKeown,Maria Simmons-Gooding, Ian Gordon, Sarah Lewtas, Bernadette Cotter, John McHugh, Kevin McGee, Marie O’Donoghue, Sarah Kernan, John Cunningham, Heidi Nguyen, Bernie McBride, Úna Campbell ,Ian Joyce, Mickey McFadden, Oona Hyland agus Bernie Coyle.
An taispeántas seo ar siúl ón Dé Sathairn go dtí 17 Samhain 2009. Bíonn An Gailearaí oscailte Dé Mairt – Dé hAoine, ón 10 r.n. go dtí 5 i.n., agus Dé Sathairn ón 1 i.n. go dtí an 5 i.n. nó ceaptha go

Tuilleadh eolais.
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com/
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas faoi na himeachtaí a fháil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones, Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair 7.30i.n

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/


Ag Céiliúradh an Dúchais. Oíche filíochta agus amhránaíochta – Machaire Feilte, Co. Dhoire.
Imeacht dhatheangach. Ceiliúradh ar an traidisiún filíochta agus amhránaíochta atá le fáíl i gceantar Machaire Fiolta. Le Diarmaid Ó Doibhlin, Eugene Kielt, Philip Cummings, agus an t-amhránaí as Dún Geimhin Nollaig Brolly. Beidh an ócáid ar siúl sa Bridewell, 6 Sráid an tSéipéil, Machaire Feilte, Co Dhoire ar an 10 Deireadh Fómhair ag 7.30 i.n. Cead isteach:£3


Éigse Éireann: Cuimhneachán ar Michael Hartnett, Baile Átha Cliath.
Oíche in ómós don fhile Gaelach Michael Hartnett le Theo Dorgan, Mary O’Malley, Pat Boran, Michael Coady, Tony Curtis, Gerard Smyth, Nuala Ní Dhomhnaill agus Moya Cannon. Ceol le Peter Browne (píobaire), Seosaimhín Ní Bheaglaíoch (amhránaí ar an sean-nós) agus Pauline Fayne (file).Beidh an ócáid seo ar siúl sa séipeál Unitarian, 112 St Stephen’s Green West, Baile Átha Cliath ar an 13 Deireadh Fómhair ag 6.30 i.n.

Tuilleadh eolais.
Seoladh: Poetry Ireland, No. 2 Proud's Lane, off St Stephen's Green, Dublin 2
Suíomh Idirlín: www.poetryireland.ie
Teileafón: +353 1 478 9974
Facs: +353 1 478 0205
Ríomhphost:info@poetryireland.ie


Taispeantás Seoid na nOileán - An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn
Mar chuid de Oireachtas na Gaeilge, beidh ealaíontóirí as oileáin bheaga Dhún na nGall ag cur taispeantás dar tideal ‘Seoid na nOileán’ ar siúl i Leitir Ceanainn le linn Oireachtas na Gaeilge 2009.
Beidh an taispeantas ar siúl san Ionad Cultúrtha Reigiúnda ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn agus cuirfear tús leis ar an Mháirt, 27 Deireadh Fómhar.
Beidh ealiontóirí as Inis Fraoigh, Gabhla, Inis Bó Finne, Oileán Ruaidh, Inis Mhic an Doirn, Inis Caorach agus Inis Oirthear ag glacadh páirt sa taispeantás.
Thig pictiuirí le ealaiontóirí na noileán beag a fheiceáil ar suíomh idirlíon

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: www.donegalislands.com
Teileafón: Ancaire 074 95 32571


Léamh Filíocht le hÉigse Éireann & Comhdháil Náisiúnta na hÉireann: Áine Ní Ghlinn and Aifric Mac Aodha
Léamh filíochta eagraithe ag Poetry Ireland i gcomhpháirt le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le hÁine Ní Ghlinn agus Aifric Mac Aodha.Beidh an léamh ar siúl i gCois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, BÁC2 ar an 16 Deireadh Fómhair ag 8.00i.n.


Ríomhphost:sile@comhdhail.ie
Teileafón: 01 6794780


Féiltí

12ú Féile Idirnáisiúnta Cheoil Aireagail, Contae Chiarraí
Féile cheoil Aireagail. Cuirtear béim ar cheol nuachumtha agus nuálach. In ionaid éagsúla i gCiarraí Theas agus i gCiarraí Thiar.
28 Meán Fómhair – 4 Deireadh Fómhair 2009

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín: www.cmrl.ie


Ceiliúradh an Bhlascaoid,
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co Chiarraí
Féile a dhéanann comóradh ar phobal an Bhlascaoid Mhóir, an t-oileán amach ó chósta Chiarraí a tréigeadh sa bhliain 1953 agus a d'fhág oidhreacht shaibhir litríochta ina ndiaidh.
9 – 11 Deireadh Fómhair, 2009.
www.ceiliuradh.com


Breis Eolais:
Suíomh Idirlín:www.ceiliuradh.com


Éigse Dharach Uí Chatháin
Féile amhránaíochta ar an sean-nós a cheiliúrann saol Dharach Uí Chatháin, dlúth chara agus páirtí amhráin Sheáin Uí Riada
9 - 11 Deireadh Fómhair, 2009

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín:www.rathcairn.com


Oireachtas na Samhna, Leitir Ceanainn.
Féile mhór na nGael. Comórtais dhamhsa ar an sean-nóis, amhránaíochta, liteartha agus ceoil.
Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair – Dé Domhnaigh 1 Samhain, 2009

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín:www.antoireachtas.ie


Féile an Fhómhair
Áras Éanna, Inis Oirr
Féile ealaíona agus ceoil le himeachtaí ilghnéitheacha agus spleodracha. I measc na n-imeachtaí beidh ceolchoirmeacha le Damien Dempsey, Cór Cúil Aodha agus beidh Oíche mhór Ceoil, siamsaíochta, damhsa agus agallamh beirte ar an Domhnach 4 Deireadh Fómhair. Cuirfear neart ceardlanna agus ranganna ar siúl chomh maith.
2-4 Deireadh Fómhair

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín:www.araseanna.ie
Teil: 099 75150
Ríomhphost: araseanna@eircom.net


Féile Filíochta na Samhna – Gort a Choirce 5th Smurfit Samhain International Poetry Festival
Teach Maggie Dans, Gort a Choirche.
Clár leathan d’imeachtaí filíochta mar aon leis ceolchoirmeacha, taispeántas ealaíona agus go leor eile. Bíonn comórtais fhilíochta mar chuid lárnach den fhéile.
Dé Céadaoin 14 – Dé Domhnaigh 18 Deireadh Fómhair

Breis Eolais:

Teil: + 353 (0) 86 1088397
Ríomhphost: competition@samhainpoetry.cominfo@samhainpoetry.com
Seoladh: Maggie Dan's, Gortahork, Co. Donegal, Ireland.


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://artsaudiences.ie/ - Gréasán margaíochta/forbairt lucht féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)

http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach ar Ealaín Phoiblí “

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.ccoi.ie Comhairle Ceardaíochta na hÉireann: Suíomh achmhainneach maidir leis deontais, cúrsaí oiliúna agus eolas ginearáilta faoi chúrsaí ceardaíochta.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.