|
|
Nuacht
Fáilte go nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta
Míle buíochas do gach duine a ghlac part san
Oíche Chultúir i mbliana. D’éirigh
thar bharr leis an himeachtaí agus ba mhór
an aird a tharraingníodh ar na healaíona sna
meáin áitiúla agus náisiúnta.
Reáchtáladh breis agus 50 imeacht sa Ghaeltacht,
idir fhísealaíon, cheol, dhrámaíocht,
dhamhsa, na healaíona traidisiúnta agus go
leor eile.
Tá réimse leathan d’ imeachtaí
agus de fheiltí ar siúl ar fud na Gaeltachta
i rith mí Dheireadh Fómhair. Tá tuilleadh
eolais fúthu uilig ar fáil sa ríomhlitir.
Lena hais sin, tá eolas faoina deiseanna éagsúla
atá ar fáil d’ealaíontóirí
agus d’eagraíochtaí ealaíne,
idir dheontas, oiliúint, fholúntais agus eile.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Folúntas
| Cumann Ríoga
na hársaíochta in Éirinn
|
Stiúrthóir
Tá folúntas ag Cumann Ríoga na
hÁrsaíochta in Éirinn (The Royal
Society of Antiquaries of Ireland), do stiúrthóir
Is ceann de na cumainn ársaíochta is
sine ar domhain is ea Cumann Ríoga na hÁrsaíochta
in Éirinn.
Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistíocht
agus riaracháin an ionaid agus freagrach as
caomhnú a dhéanamh ar bhailiúcháin
agus ar thaise an chumainn. Beidh ról aige
nó aicí i bhforbairt an chlár
ealaíona agus bainistíocht na taispeántas.
Tuarastal: E32,000
|
|
Dáta
|
7 Deireadh
Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: President, Royal Society
of Antiquaries of Ireland, 63 Merrion Square, Dublin
Ríomhphost: rsai@rsai.ie
Teileafón: +353 1 676 1749
|
| Éigse: Féile
Ealaíona Cheatharlaigh
|
Stiúrthóir Ealaíona
Féile ealaíona ilghnéitheach
atá ag dul ó neart go neart is ea Éigse
Carlow Arts Festival. Tá folúntas ann
do stiúrthóir ealaíona na féile.
Ní mhór go mbeadh taithí cuí
ag an iarratasóir mar aon leis scileanna maithe
cumarsáide, bainistíochta, riaracháin
agus bainistíocht riaracháin. Ní
mhór go mbeadh tuiscint leathan acu ar na healaíona
agus taithí cuimsitheach ag cur cláracha
ealaíona le chéile.
Tuarastal: €32,000
|
|
Dáta
|
28 Deireadh
Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Éigse Carlow Arts Festival, Forresters’
Hall, College Street, Carlow
Teileafón: 353 59 9140491
Suíomh Idirlín: www.eigsecarlow.ie
Ríomhphost: recruitment@eigsecarlow.ie
|
| Féile an
Earagail
|
Riarthóir (Lán-aimseartha
ar feadh tréimhse ocht mí)
Fáiltíonn Féile an Earagail,
Dún na nGall, roimh iarratais ó iarratasóirí
le taithí cuí ar an bhfolúntas
atá ann do riarthóir. Ní mhór
go mbeadh taithí ag an iarratasóir ar
airgeadas, an córas Sage, riarachán
mar aon leis taithí a bheith ag obair in earnáil
na n-ealaíon. Is féidir gach eolas a
fháil ag na sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Dáta
|
7 Deireadh
Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: Earagail Arts Festival Office,
Unit B6, Enterprise Fund Business Centre, Ballyraine,
Letterkenny, Co Donegal
Teileafón: 074 91 68800
Suíomh Idirlín: www.eaf.ie
Ríomhphost: info@eaf.ie
|
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtainí Taistil agus
Oilúna
Tá dhá shraith ag baint leis an dámhachtain
seo. Is í an phríomhshraith ná
Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici
sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú
ar fáil; is í an dara sraith ná
Taisteal agus Oiliúint Isteach.
Uasmhéid Bronnta: €12,000
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Suíomh idirlín:
http://www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
An Scéim Camchuairte agus Scaipthe
Saothair
I gcomhair gníomhaíochtaí a bheidh
ar siúl idir Iúil 2012 agus Nollaig
2012. Agus an scéim seo á tairiscint
aici, tá sé mar aidhm ag an gComhairle
Ealaíon tacú leo seo a leanas: Tionscnaimh
atá ar ard chaighdeán ealaíonta
agus a bhfuil an-bhéim acu ar an lucht féachana
tríd is tríd; cothromaíocht maidir
le camchuairteanna i ngach foirm ealaíne agus
i ngach cleachtas ealaíon.
Tá an scéim oscailte d’iarratais
ó eagraíochtaí agus ó
dhaoine aonair. Spreagtar iarratais ina léirítear
comhoibriú nó chomhpháirtíocht
idir líonrí, cuibhreannais nó
grúpaí eile láithreoirí,
go háirithe nuair a léirítear
iontu ard leibhéal rann pháirtíochta
le luchtanna féachana agus ard leibhéal
comhoibrithe leis an aonán nó leis na
healaíontóirí atá i mbun
léirithe.
Ní mór gach iarratas a sheoladh isteach
ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí
ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
www.artscouncil.ie Tá gach eolas ar an scéim
le fáil ar an suímh.
|
|
Spriocdháta
|
6 Deireadh Fómhair,
2011.
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Maoiniú bliantúil
Is é cuspóir na scéime ná
maoiniú leanúnach a bhronnadh ar eagraíochtaí
ealaíona ar bhun bliantúil. Is féidir
maoiniú a bhronnadh ar chlár ealaíne
agus i dtreo costas bainistíochta agus riaracháin.
Gach eolais le fáil ar an suíomh www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
24 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 618 02 14
Ríomhphost: annualfunding@artscouncil.ie
Teagmhálaí: Gillian
Drew
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Eagraíochtaí Maoinithe Rialta.
Is é cuspóir na scéime ná
maoiniú a bhronnadh ar phríomh eagraíochtaí
ealaíona chun iad a neartú go fadthéarmach.
Is iad an Chomhairle Ealaíona a thugann cuireadh
do na heagraíochtaí áirithe iarratas
a déanamh.
Gach eolais le fáil ar an suíomh www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
24 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 618 02 14
Ríomhphost: rfo@artscouncil.ie
Teagmhálaí: Gillian
Drew
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Deontas Chláreagraithe Bhliantúla
Is cuspóir an chláir seo ná maoiniú
a bhronnadh ar eagraíochtaí le clár
ealaíona a fhorbairt. Ní bhronntar maoiniú
i dtaobh chostais riaracháin, oifige nó
bainistíochta.
Gach eolais le fáil ar an suíomh www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
24 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 618 02 14
Ríomhphost: apq@artscouncil.ie
Teagmhálaí: Gillian
Drew
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim na Scríbhneoirí
sa Scoileanna
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú
ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann
a riarann Í Cuireann an scéim ar chumas
d’ealaíontóirí oibriú
le príosúnaithe i bpríosún/ionaid
choinneála ar feadh thréimhse 8-10 lá
agus comhlánaíonn sí clár
ealaíon agus oideachais atá ann cheana
féin sna Aonaid Oideachais laistigh de chóras
na bpríosún
Uasmhéid Bronnta: €2,400
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
aspx http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: writersinschools@poetryireland.ie
Suíomh Idirlín : www.poetryireland.ie/education nó www.artscouncil.ie
|
| Cultúr Éireann
|
Cultúr Éireann – Deontas.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú
ar eagraíochtaí ealaíona nó
ealaíontóirí chun sár-imeachtaí
cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl
thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh
ócáidí (m.sh. léiriúcháin,
taispeántais, léachtaí), ócáidí
nach mbíonn an eagraíocht ná
an léiriúchán féin in
ann na costais ina leith a íoc. Tá foirmeacha
agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh
gréasáin.
|
|
Spriocdháta
|
15 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh : Cultúr Éireann,
Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353
1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh
Idirlín: www.cultureireland.gov.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Splanc, 2011
Fáilteoidh TG4 agus An Chomhairle Ealaíon
roimh iarratais don 7ú séasúr
den togra nuálaíoch seo faoina maoinítear
cláracha cruthaitheacha faisnéise teilifíse
a léiríonn saol na n-ealaíon
agus cruthú na n-ealaíon in Éirinn.
Tá mar aidhm le scéim na bliana seo
tacú le roinnt cláracha faisnéise
ar raon cineálacha ealaíon a thabharfaidh
léargas agus tuiscint ar chruthú na
healaíne in Éirinn sa lá atá
inniu ann.
Níl aon chineál ealaíne taobh
amuigh de scóip na scéime seo agus tabharfar
tús áite do chláracha faisnéise
ina bhfuil físiúlacht ar leith, paisean
agus cur chuige ceannródaíoch.
Tá ciste €120,000 san iomlán ar
fáil.
Is é TG4 a riarfaidh coimisiúnú
na gclár, a bheidh de réir Téarmaí
Trádála TG4.
Molann TG4 agus An Chomhairle Ealaíon oibrithe
scannán a oibríonn trí mheán
na Gaeilge.
|
|
Spriocdháta
|
11 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: TG4 Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
Teagmhálaí:
Proinsias Ní Ghráinne
Teileafón: 091 505050
Ríomhphost: proinsias.ni.ghrainne@tg4.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
nó www.tg4.ie
|
| An Gréasán
Ceoil
|
Scéim Chaipiteal Ceoil
Tugann an scéim seo tacaíocht do cheoltóirí
agus do bhuíon cheoil uirlisí ceoil
a cheannacht. Tá dhá phríomhsruth
sa scéim:
Sruth 1: Ceannacht Uirlisí Ceoil do bhuíon
Ceoil (neamh-brabúsach) (Ciste €200,000)
Sruth 2: Ceannacht uirlisí Ceoil do cheoltóirí
aonaracha. (Ciste €100,000)
Tuilleadh eolais ar chriteár na scéime
agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh
idirlín na heagraíochta.
|
|
Spriocdháta
|
4 Deireadh Fómhair,
2011.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Andreas Ziemons, Performance Programme
Administrator, Music Network , Teach an Chóiste,
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 016719249
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie
|
Deiseanna
Eile
| An Greásán
Ceoil
|
Damhachtán
Náisiúnta na gCeoltóirí
óga
Fáiltíonn an Gréasán Ceoil
roimh iarratais ar an dámahachtán náisiúnta
do cheoltóirí óga. Fáilteofar
roimh iarratais ó ghrúpaí traidisiúnta
ar mhian leo slí bheatha a bhaint amach san
earnáil ceoil ar bhun gairimiúil. Tré
an scéim, cuirfear deiseanna meantóireachta,
taifead agus forbairt gairmiúil ar fáil
ar feadh tréimhse trí bhliain mar aon
leis roinnt deiseanna eile.
Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Seoladh: The
Coach house, Dublin Castle. Baile Átha Cliath
2.
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
|
| Ionad Dealbhóireachta
Chontae Liatroma
|
Clár
Cónaithe 2011/2012
Cuireann Ionad Deablhóireachta Chontae Liatroma
i gcomhpháirtíocht leis an oifig ealaíona
de chuid Chomhailre Chontae Liatroma fáilte
roimh iarratais ó ealaíontóirí
don chlár cónaithe, 2011/2012. Is fiú
€4,500 gach tréimhse cónaithe.
Tá gach eolas ar an gclár seo le fáil
ag:
www.leitrimsculpturecentre.ie/ programme/residencies.html
|
|
Spriocdháta
|
7
Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.leitrimsculpturecentre.ie
|
Seimineáir
| Fóram acmhainní
Cultúrtha, Dún na nGall
|
Dún
na nGall: Contae Cruthaitheach: Ag cothú deiseanna
agus ag cruthú nascanna
Dé Máirt 4 Deireadh Fómhair,
2011 – Villa rose, Baile Bó Féich.
Semineár ar todhchaí na hearnála
cultúrtha i nDún na nGall. I measc na
n-aoíchainteoirí tá Philip King,
Dermot McLaughlin, Shauna McCarthy (Derry , city of
culture, 2013), Ian Brannigan (Western Development
Commissio) agus Kevin Kidney (Fáilte Ireland).
Tá an comhdháil eagraithe ag an Fóram
Acmhainní Cultúrtha de chuid bord forbartha
contae Dhún na nGall.
Le háit a chur in áireamh: Balor Arts
Centre, Ballybofey.074 91 31840
conor@balortheatre.com
nó www.theboxoffice.ie
Táille €10.
|
|
Spriocdháta |
Níl
spriocdháta i gceist |
|
Eolas |
Ríomhphost: aideen.Doherty@donegalcoco.ie
Teileafón: Balor Arts Centre.074
91 31840
|
Oiliúint
| Business to Arts
|
Conas
suíomh idirlín a chrúthú
agus a bhainsitiú i gcomhair le Everyman Training.
Clár dhá lá a reachtáltar
gach Déardaoin agus Aoine i mBaile Átha
Cliath. Cuirtear an cúrsa seo ar fáil
do dhaoine nach bhfuil aon scileanna teicniúla
nó ríomhaireachta acu. Is féidir
gach eolas ar shiollabas an chúrsa a fháil
ag: http://www.online365.ie/training.htm
Is eagraíocht é Buisness to Arts a
cothaíonn nascanna idir an lucht gnó
agus an earnáil ealaíne.Tugar lascaine
do bhaill de Buisness to Arts ar chúrsaí
oiliúna An Irish Times agus Sureskills. Is
féidir clár na gcúrsaí
seo a fheiceáil ag www.businesstoarts.ie
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla. |
|
Eolas |
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦
Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie
Seoladh: Rowena Neville, Director
of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex
St, Temple Bar, Dublin 2. |
Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún
|
Ionad Ealaíona Bhéal an
Átha, Co. Mhaigh Eo.
|
Scéim
Ealaíon Poiblí – Ionad Ealaíona,
Béal An Átha
Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo fáilte
roimh iarratais le píosa físealaíne
buan a chruthú sa halla fáilte in Ionad
Ealaíona Bhéal an Átha. Tá
athchóiriú déanta ar an ionad
ealaíona agus ní mhór go gcuirfidh
an píosa ealaíne leis aesthetic an ionaid.
Tá ciste de €20,000 ar fáil.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais,
cuspóir na scéime agus na coinníollacha
le fáil ag: www.ballinaartscentre.com
|
|
Spriocdháta
|
17
Deireadh Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Ríomhphost:
info@ballinaartscentre.com
Teileafón: 353 96 73593
Suíomh idirlín: www.ballinaartscentre.com
|
|
Gníomhaireachta um Fháil
Iarnród
|
Scéim
Ealaíon Poiblí – Scéim
Luas (Ceantar an nDuganna)
Cuireann an Gníomhaireachta um Fháil
Iarnród fáilte roimh iarratais le píosa
físealaíne a chruthú a bheidh
curtha ar láthair ar iarnród an líne
Ghlais (Cherrywood Extension Project) .
Tá ciste de € 42,000 curtha ar fáil.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais,
cuspóir na scéime agus na coinníollacha
le fáil ag:
http://visualartists.ie/jobs-ops/commissions/public-art-commission-cherrywood-extension-project-call-for-proposals/
|
|
Spriocdháta
|
25
Deireadh Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
RPA Luas Docklands Project Applications, Visual Artists
Ireland, Central Hotel Chambers, 7/9 Dame Court, Dublin
2
|
|
Comhairle Chontae Mhaigh Eo.
|
Scéim
Ealaíon Poiblí – Abhainn an Mhaigh
Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo fáilte
roimh iarratais le píosa físealaíne
a chruthú a bheidh curtha ar láthair
ar shiúlóid cois abhann ar bhruach an
abhainn Mhaigh. Glacfar le hiarratais iI ngach réimse
ealaíne. Tuilleadh eolais faoin bpróiseas
iarratais, cuspóir na scéime agus na
coinníollacha le fáil ag:
www.mayococo.ie/en/Services/ArtsOffice/
PublicArt/NewsEvents/
Tá ciste de €35,000 ar fáil.
|
|
Spriocdháta
|
17
Deireadh Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Ríomhphost:
gseville@mayococo.ie
Teileafón: 094 904 7561 /
353 96 73593
Seoladh: Gaynor Seville, Public Art
Co-ordinator, Mayo County Council, Áras An
Chontae, Castlebar, Co Mayo
|
Imeachtaí
Ionad Cultúrtha,
Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile
Mhúirne ná na healaíona d'árd
chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon
a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá
clár dúshlánach leagtha amach ag an
ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí
rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí
ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo
i gceart lár saol ealaíona Ghaeltacht Mhúscraí.
Is é trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear
na himeachtaí go léir san Ionad.
Is féidir gach eolais ar imeachaí an ionaid a fhaíl ag
www.ionadculturtha.ie
14.10.11
Ná hInis di Féin é
- Aisteoirí Bhréanainn le Bosco Ó Conchúir
21.10.11
Caladh Nua - Eoin Ó Meachair, Paddy
Tutty, Lisa de Buitléir, Derek Morrissey agus Colm
Ó Caoimh.
11.11.11
Ceolchoirm Traidisiúnta - Danny
O’Mahony le Cyril O’Donoghue, Patsy Broderick
agus Johnny Ringo Mac Donagh.
25.11.11 - Ceiliúradh Oireachtas na Samhna
2011
09.12.11
Ceolchoirm Traidisiúnta - Máirtín
O’Connor, Cathal Hayden agus Seamie O’Dowd.
17.12.11 & 18.12.11
Ceadal Piano - Daltaí Ailín
Ní Fhlannagáin
20.12.11
Ceolchoirm Deireadh na Bliana
Daltaí na múinteoirí ceoil, rince agus
amhránaíochta. Ceolchoirm seo ar siúl
i Halla Chúil 17.9.11 - 17.10.11
20.10.11 - 28.11.11
Griangrafanna le Con Kelleher.
. Beo san Ionad Cultúrtha. Griangrafanna le Con Kelleher
tógtha san Ionad Cultúrtha
1.12.11 – 19.12.11
Loinnir
Taispeántas le Ealaíontóirí
Mhúscraí
Ranganna agus ceardlainne ar siúl i rith
an Fhómhair
• Ranganna ceoil traidisiúnta le Henry Cronin
(Scoil Cheoil an Chontae)
• Ranganna fliúite le Conal Ó Gráda
• Ranganna conseartín agus bosca le Tríona
Ní hAodha
• Ranganna veidhlín le Geraldine O Callaghan
• Ranganna amhránaíochta ar an sean
nós le Máire Ní Chéilleachair
(Aisling Geal)
• Ceardlanna dearc ealaíne do seanóirí
le Bernadette Ní Choitir
• Cleachtaithe cór le Peadar Ó Riada
(Cór Ban Chúil Aodha)
• Ceardlanna ceoil & amhránaíochta
i rith Éigse Dhiarmuidín
• Imeachtaí Breise ar súil sa phobal
Imeachtaí breise
• Ranganna rince seite ar siúl sna scoileanna
i Múscraí
• Ceardlanna ar an h-agallaimh fileata ar siúl
i gceithre scoil i Múscraí
• Ranganna sean-nóis, faoin scéim amhránaíochta,
Aisling Gheal, ar siúl sna scoileanna i Múscraí
• Ceardlanna ealaíne do seanóirí
le Pauline Dodds Hyland (Tacaois) i gCuan Barra agus Cois
Cille
• Obair leanúnach ar Taisceam, togra cartlannaíochta
na ceolchoirmeacha taifeada
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh
Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net
Arás Éanna, Inis
Oirr
Ionad Ealaíne in Inis Oirr is ea Áras Éanna.
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thiosluaite.
Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní
Ghallchóir:
Ríomhphost :araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad
Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann,
Co Na Gaillimhe.
Gailearaí Joan Clancy,
An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa
Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar
ó Dhún Garbhán. Tá stádas
á bhaint amach aige de réir a chéile
mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon
comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.
Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn
i nGaeltacht Phort Láirge.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh
Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó
086 8134597
Seoladh
: Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne,
An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol ann - rap, snagcheol,
ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil
agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú,
filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile
ar an gclár fosta Oíche chraiceáilte
den scoth.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó
097 81079
Ríomhphost:
Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh
Idirlín:
www.craiceailte.com
Ceardlanna do scríbhneoirí Gaeilge
á n-eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
Beidh na ceardlanna seo dírithe den chuid is mó
ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil
aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn
cumas scríbhneoireachta. Tabharfar áit ar
na ceardlanna freisin áfach do dhornán scríbhneoirí
aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí
óga agus na scríbhneoirí aitheanta
araon. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar
mhaith leo a bheith páirteach i gceann de na ceardlanna
sampla dá saothar: gearrscéal, cúig
nó sé de dhánta nó mír
ghearr as úrscéal (úrscéalta
do dhéagóirí san áireamh) a
sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine
Ní Cholchúin ag an seoladh thíos roimh
na spriocdhátaí atá luaite leis na
hionaid éagsúla.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí
agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag na
ceardlanna. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig
gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann
áirithe) roimh ré ionas go mbeidh deis acu
iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh
na hiarrthóirí ar fad in ann páirt
ghníomhach a ghlacadh sna ceardlanna, agus foghlaim
ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
Beidh áit do dheichniúr ar gach ceardlann.
Níl aon táille i gceist do na ceardlanna seo
ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid
costas taistil féin agus lóistín sa
chás go mbeadh a leithéid i gceist.
Ceardlann Bhaile Átha Cliath
Á heagrú i gcomhar le hIMRAM agus Oifig na
Gaeilge, TCD
Ionad: Coláiste na Tríonóide
Dáta: Dé Sathairn, 22 Deireadh Fómhair,
2011
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál
Ó Conghaile agus Nuala Ní Dhomhnaill
Spriocdháta d’iarratais: 7 Deireadh Fómhair,
2011
Ceardlann na Gaillimhe
Á heagrú i gcomhar le Comhaltas na Mac Léinn,
OÉ Gaillimh
Ionad: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh
Dáta: Dé hAoine, 11 Samhain, 2011
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál
Ó Conghaile agus Pádraig Ó Cíobháin
Spriocdháta d’iarratais: 28 Deireadh Fómhair,
2011
Ceardlann Bhéal Feirste
Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Dáta: Dé Sathairn, 19 Samhain, 2011
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál
Ó Conghaile agus Gearóid Mac Lochlainn
Spriocdháta d’iarratais: 4 Samhain, 2011
Tuilleadh Eolais
Teileafón: (091) 593307
Facs: (091) 593362
Seoladh: Áine Ní Cholchúin
nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Conamara, Co.
na Gaillimhe
Ríomhphost: aine@cic.ie
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reáchtálann an tIonad imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ó ham go chéile, mar
aon leis imeachtaí oidhreachta. Téigh i dteagmháil
leis an ionad chun eolas a fháil ar na himeachtaí
atá ar siúl faoi láthair.
Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh
Idirlín: http://www.heritageireland.ie
nó www.ceiliuradh.com
Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead,
Co Mhaigh Eo
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fháil ag
na sonraí teagmhála thíos.
Cineclub na nÓg, Cumann Scannánaíochta
Erris, Yoga le Lucy agus ranganna ceoil ar siúl i
gcaitheamh an Fómhair.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an
Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/
Cuisle, Tír Chonaill – Deis cuairt
a thabhairt ar ealaíontóirí agus ceardaithe
agus iad i mbun oibre.
Beidh na healaíontóir agus ceardaithe ón
grúpa Cuisle ag obair ina gcuid stiúideonna
agus ceardlann i gcaitheamh na míosa. Is féidir
cuairt a thabhairt orthu agus foghlaim faoina gcuid ceirde
agus na próiseas oibre.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Nora ag 087 939 2494
Suíomh Idirlín: http://www.cuisle.net
Ranganna damhsa ar an sean nós
Ionad: Campbell’s Tavern,
Cloughanover, Áth Cinn, Gaillimh
Gasúir: 7.45 - 8.30
Daoine fásta: 8.45 - 9.45
Costas: gasúir €30 / Daoine Fásta: €50
Data tosaigh: 21ú Mean Fómhair, 2011 ar feadh
6 seachtaine
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Marian ag 086 8533397
Cló Ceardlann na gCnoc – Cúrsaí
agus imeachtaí
Tionscnamh Samkura
Go Mi na Nollaig 2012
Tionscnamh nua idir-náisiúnta do Ealeantóirí
on Gaeltacht, an Gréig, Armenia, an t-Seoirsí
agus an Phortaingéil ata ag tosnú i mi Aibreáin.
Beidh se ag dhul ar aghaidh go dtí mi na Nollaig
2012. Is malartú idir-náisiúnta cónaithe
atá ann agus beidh taispeántas mhór
ar siúl tríd Samkura. Is é seo an chead
togra mar seo in Éireann go deo. Le breis eolas dul
go www.samkura.net
Cumann Eitseála
Gach De Céadaoin 2011
Ta cumann eitseáil ag dul ar aghaidh gach de Céadaoin
do ealaíontóirí on gceantar. Ta fáilte
ríomh daoine nua i gcónaí.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9162800
Suíomh
Idirlín:
www.clo.ie
Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean
An Lab, Sráid Eoin, An Daingean
Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean is ea An Lab.
Tá amharclann dea-chóirithe ann le seachtó
suíocháin, seomraí le haghaidh taispeántaisí,
insealbhaithe agus cruinnithe, chomh maith le spás
le haghaidh cleachtaithe agus ceardlanna. Tá sé
ar fáil le haghaidh imeachtaí cultúrtha
a chuirtear i láthair tré mheán na
Gaeilge.‘Sé an comhlacht cónaithe amharclannaíochta
ann ná AnnÓg Ar Aghaidh, a léiríonn
drámaí Gaeilge agus a chuireann traenáil
i scileanna amharclannaíochta ar fáil do dhaoine
óga.
Is féidir eolas a fháil ar chlár na
n-imeachtaí ar an suíomh idirlín.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net
Suíomh idirlíon: www.anlab.ie
. Bí linn ar Facebook – AnnÓg/An Lab
Fíbín ar ais.
Tá na puipéadóirí ar a bhfuil
an-gean orthu thar n’ais leis an turas náisiúnta
meánscoile, dírithe go háirithe ar
Churaclam na hardteistiméireachta. An bhliain seo,
cuireann an comhlacht buaite duais ‘An Triail’
chun stáitse, ach ní hé ‘An Triail’
mar a bhfaca tú riamh é seo. Bí ag
súil le puipéid, maisc, ard-siamsaíocht,
agus íomhánna chomh láidir sin is go
mbeidh tú AG IARRAIDH ceisteanna a fhreagairt faoi.
Tugann Fíbín comhthéacs an sochaí
nua-aimseartha do scéal atá áirithe
a bheith as dáta, teastaíonn ó Fíbín
déileáil leis na ceisteanna a bhíonn
ag mic léinn agus múinteoirí. Is tríd
teicnicí ilmheánach a fhaightear réidh
le haon deacrachtaí atá bainteach leis na
gcarachtair. Tagann tuiscint níos soiléire
ar srianta na tíre sna 1950í agus nochtfar
an fo-théacs. Is léiriúcháin
clasaiceach, fuinnmhithe agus uaireanta greannmhar é
an léiriúcháin seo de chuid Fíbín.
Bígí linn!
3 & 4 Deireadh Fómhair: Black Box, Gaillimh
6 & 7 Deireadh Fómhair: GB Shaw Theatre, An Ceatharlach
10 -14 Deireadh Fómhair: AXIS, Baile Munna
17 & 18 Deireadh Fómhair Tuar Ard, Móta
19-21 Deireadh Fómhair Fós le socrú
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 091-505855
Suíomh idirlíon: www.fibin.com
Bí linn ar Facebook ag http://www.facebook.com//pages/Fibin
Culturlann Uí Channáín, Doire
- Imeachtaí
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thios.
Tá clár na n-imeachtaí do shéasúr
an tSamhraidh le fáil ag www.culturlann-doire.ie
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Teileafón: 02871264132
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
Cuireann Oideas Gael réimse leathan de chúrsaí
cultúrtha agus teanga ar fáil i rith an tsamhraidh.
Siúl Sléibhe Péintéireacht Fharraige,
ranganna ceoil (bodhrán, fliúit, cláirseach,
srl), amhránaíocht & damhsa ar an sean-nós,
grianghrafadóireacht dhigiteach, seandálaíocht
agus go leor eile.
Imeachtaí san ionad le fáil ag www.oideas-gael.com
Tuilleadh Eolais
Teileafón 074 97 30248
Suíomh Idirlín: www.oideas-gael.com
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
Cuireann Oideas Gael réimse leathan de chúrsaí
cultúrtha agus teanga ar fáil i rith an tsamhraidh.
Siúl Sléibhe Péintéireacht Fharraige,
ranganna ceoil (bodhrán, fliúit, cláirseach,
srl), amhránaíocht & damhsa ar an sean-nós,
grianghrafadóireacht dhigiteach, seandálaíocht
agus go leor eile.
Imeachtaí san ionad le fáil ag www.oideas-gael.com
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 97 30248
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Séasúr nua Scannán sa Seanscoil,
Indreabhán
Le linn an Fhómhair beidh séasúr scannán
idirnáisiúnta den scoth i dteangacha éagsúla
á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna
sa Seanscoil in Indreabhán. Chomh maith le scannáin
nua déanta ón Fhrainc, ón Spáin,
ón Ailgéir agus ón tSualann taispeánfar
an scannán iontach clasaiceach, Padre Padrone (1977).
Tosnaíonn an séasúr nua scannán
ar an gcéad Chéadaoin de Dheire Fómhair
(5ú lá) i Seanscoil Sailearna ag 8.15pm, leis
an scannán Francach "My Afternoons with Marguerite"
ina bhfuil an aisteoir cáiliúl Gérard
Depardieu sa phríomh páirt. Céadaoin
ina dhiaidh (12ú lá) taispeánfar “The
Girl who Kicked the Hornets' Nest”, scannán
ón tSualann, bunaithe ar an tríú leabhar
de chuid Stieg Larsson den ainm chéanna.
Seo leanas an clár iomlán don séasúr:
05 Deire Fómhair: “My Afternoons with Marguerite”
(An Fhrainc);
12 Deire Fómhair: “The Girl who kicked the
Hornets' Nest” (An tSualann);
19 Deire Fómhair: “Of Gods and Men” (An
Fhrainc);
26 Deire Fómhair: “Patagonia” (An Bhreatain
Bheag);
09 Samhain: “Biutiful” (An Spáinn);
16 Samhain: “Outside the Law” (Ailgéir);
23 Samhain: “Padre Padrone” (An Iodáil);
30 Samhain: “Little White Lies” (An Fhrainc).
Sé Club Scannán Sailearna, atá cláraithe
leis an eagraíocht náisiúnta Access
Cinema, a eagraíonn an séasúr scannán.
Le ceithre bhliain anuas tá an club scannán
ag cur scoth scannán ó thíortha éagsúla
ar fud ar domhain ar fail do lucht féachana i gceantar
Chois Fharraige i nGaeltacht Chonamara.
Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub
scannán a thógáil amach don séasúr
ar €25 (€20), a thugann cead isteach do gach scannán
ar an gclár, nó is féidir €7 (€6)
a íoc ag an doras ar an oíche.
Tá níos mó eolais faoina scannáin
le fáil ar an suíomh www.clubscannan.ie nó
is féidir cóip den bróiséar
a fháil ón nasc seo a leanas:
http://www.clubscannan.ie/priontailte/ClubScannan-SeasurAnFhomhair2011-isealtaifigh.pdf
Ar an gCarraig / Ócáidí teanga
– Éigse Éireann agus The Market Café
Cuireann The Market Café, i gcomhpháirtíocht
le hÉigse Éireann, sraith nua de oícheanta
filíochta ar siúl sa chaife i rith an Fhómhair.
Cuirfear béile blasta, filíocht agus ceol
i láthair. €15 an táille.
Dé hAoine 28 Deireadh Fómhair , 7:30pm: leis
an bhfile Gabriel Rosenstock & cláirseoir
Dé hAoine 25 Samhain, 7:30pm: an file, Micheál
Ó hUanacháin & an fidléir Máire
Bhreathnach
Dé hAoine 16 Nollaig, 7:30pm: an file Declan Collinge
& Aoife O'Connor ar an gconcertín.
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 086 3151786
Ríomhphost: blackrockmarketcafe@gmail.com
Ócáidí Scéalaíochta
mar chuid de 'Seachtain na Leabharlainne'.
Inseacht scéalta sa Leabharlann i Mullach Íde,
Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin,
an 5ú lá ag 10.30 r.n.
Leabharlann i mBaile Dhúill ar an Déardaoin
an 6ú ag 10.30 r.n.
Cúrsa dealbhóireachta le Helle Helsner
The Painters Pallette, Maigh Cuillin, Co. na Gaillimhe.
8 & 9 Deireadh Fómhair 2011 - 10am – 4pm
Táille de €200 don chúrsa seo leis an
ealaíontóir cré-umha Helle Helsner.
Lón, tae, caife agus na hábhair san áireamh.
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.ThePaintersPalette.ie
Tionscnamh Lugh – Trad Tráthnóna
agus ceolchoirmeacha
Ionad Cois Locha, Dún Luiche, Co Dhún na nGall
Cuireadh Tionscnamh Lugh ar bun in 1993 leis an cheol tradisiúnta
a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Bíonn clár
iomlán ceoil a reachtáil ag Tionscnamh Lugh
idir Trad Tráthnóna agus ceolchoirmeacha.
Dermot Byrne agus aoíanna speisialta.
De Aoine/11 Samhain
Ceol Amhrán @ Singers Club. Deireadh Fómhair/
Samhain
Brian [Danny Minnie] O Domhnaill, Sean Nós, &
Eugene Ginty, Opera /Classical .Lillis O Leary Sean Nós,
& Miranda Rosenberg, Blues/Soul
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 086 6050110
Suíomh Idirlín: http://www.tlugh.com
Seoladh ; Tionscnamh Lugh, Tra an Chéidigh,
Ailt an Chorrain, Co. Dhún na nGall, Ireland.
Ceol agus Tapas ins An tSean Bheairic, An Fál
Carrach, Co. Dhún na nGall
Ceol agus Tapas ins An tSean Bheairic, Fal Carrach, gach
oíche Céadaoin ó 8.00 i.n. go dtí
10.00i.n. Fáilte roimh gach duine.
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 074 9180888/ 9180655
Club na Gaeilge, Dún Dealgan
Club ar siúl uair sa mhí i nDún Dealgan.
Bíonn imeachtaí ar nós ceardlann ealaíne,
ceol,damhsa,cocaireachta,againn.(ag díriú
ar phaistí). Chomh maith leis sin bíonn ócáidí
sóisialta le babhláil, siúlóidí,
sléibhteoireacht, cóisirí le haghaidh
na Nollag, Oíche Shamhna srl.
Ar an 18u la den mhí seo beidh an grúpa ag
dul ag sléibhteoireacht i bpáirc Kilbroney
i gCo. an Dúin. Buailfidh an grúpa lena cheile
ar a 11.30 in aice leis an ait súgartha, ait a mbeadh
deis ag na paistí spraoi a bheith acu agus nuair
a bheidh gach clann ann rachaimid ar an siúlóid.
Tar eis sin beidh picnic againn. Fáilte roimh cách.
Féiltí
Oireachtas na Samhna
Cill Áirne, Co. Chiarraí,
1-6 Samhna, 2011
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí
chun na healaíona dúchasacha, trí mheán
na Gaeilge, a cheiliúradh. Dírítear
ar gach aon ealaín thraidisiúnta - amhránaíocht,
ceol, rince, scéalaíocht, lúibíní,
agallaimh beirte agus drámaíocht ag Oireachtas
na Samhna.
Breis eolais
Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie
Teileafón: 01 475 3857
Suíomh Idirlín: www.antoireachtas.ie
Éigse Dharach Uí Chatháin
Féile amhránaíochta ar an sean-nós
a cheiliúrann saol Dharach Uí Chatháin,
dlúthchara agus páirtí amhráin
Sheáin Uí Riada.
Breis eolais
Ríomhphost: eolas@rathcairn.com
Teileafón: 046 943 2068
Suíomh Idirlín: www.rathcairn.com
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
http://www.artsmanagement.ie
- Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon &
Polasaí Cultúrtha. Tá mórán
eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie
- Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,
camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí
ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie
- Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com
Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht
idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire
in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
- eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus
gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir
an Aontais Eorpaigh
Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta
ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas
a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá
sa nuachtlitir seo. |
|