|
|
Nuacht .
Ba mhaith le hEalaín na Gaeltachta buíochas a ghlacadh le gach duine a bhí linn d'Ócáid Cheiliúrtha Deich mBliain
d'Ealaín na Gaeltachta a bhí ar siúl sa Ghaillimh le déanaí. Bhí rannphairtithe idir ealaíontóirí, lucht eagraithe
féilte agus tograí ealaíon ó cheann ceann na Gaeltachta i láthair maraon le feidhmeannaigh de chuid na Comhairle
Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta féin. Bhí deis le linn an Cheiliúrtha ag daoine aithne pearsanta a chur ar a
chéile don gcéad uair agus go deimhin casadh ar shean-chairde. Tá íomhánna ó chuid des na himeachtaí éagsúla le
feiscint ar an suíomh www.ealain.ie
Mar a dheireann an sean-fhocal, go mairimíd beo ar an am seo arís.
Ná dearmad na spriocdhátaí tábhachtacha maidir le maoiniú
na dtograí ealaíon sa Ghaeltacht don gcéad bhliain eile.
Sé an hAoine 17ú Deireadh Fómhair an spriocdháta
le haghaidh Iarratais go dtí Ealaín na Gaeltachta faoi Scéim
Forbartha na nEalaíon 2009, tograí ó dhaoine aonair
agus ó ghrúpaí leasmhara ar suim leo tograí ealaíona a fhorbairt.
Dé hAoine 31ú Deireadh Fómhair an spriocdháta
do Scéim Sparánachta d'Ealaíontóirí 2009,
scéim le tacú leis an ealaíontóir aonarach a c(h)leachtas
ealaíon a fhorbairt. Tá foirmeacha iarratas agus critéir
le fáil ar íoslódáil ón suíomh www.ealain.ie.
Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an Áisitheoir Ealaíon
áitiúil má tá togra sa cheann agat. Is é 27ú Samhain
an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain
Sparánachta na Comhairle Ealaíon.
Comhghairdeachas le hEigse Éireann go
bhfui triocha bliain d'aois slánaithe aige, ag déanamh forbartha
ar chúrsaí filíochta in Éirinn agus a ghlac páirt i dtograí
éagsúla ar fuaid na Gaeltachta le blianta fada anuas. Ag
trácht ar chúrsaí filíochta, tréaslaím le Bríd Ní
Mhórain agus leis an nDr. Micheál O Fionnáin
gur seoladh cnuasaigh filiíochta leo le déanaí - beirt atá
ag saothrú go díograiseach i ngort na n-ealaíon in iarthar
Dhuibhneach le blianta fada.
Tá Seimineár Poiblíochta d'earnáil na
nEalaíon á eagrú ag Micheál Mac Aoidh, Áisitheoir Ealaíon
i dTír Chonaill, ar an Satharn 11ú Deireadh Fómhair
i dTeach Jack, Gaoth Dóbhair. Beidh saineolaithe
ó shaol na n-ealaíon agus na meáin mar aoi-chainteoirí ina
measc Ian Kilroy, Natasha Fennell agus Harry Magee
féach Oiliúint thíos
AG cloí leis an nGaeltacht, beidh Anseo ansiúd -
siompóisiam físealaíon leath lae san Ionad Cultúrtha
ar an Aoine 10 Deireadh Fómhair. Agus tá
post dúshlánach mar Bhainisteoir ar Áras
Éanna, an t-ionad ealaíon ar Inis Oírr fógraithe
le líonadh féach Folúntais thíos
As seo go ceann míosa nó mar sin, tá roinnt comhdháileacha tábhachtacha ag tarlú, ina measc
Comhdháil IMMA/VAI, Comhdháil AOIFE, féach Comhdháil thíos
Tá imeachtaí fíor suimiúla ó cheann ceann na tíre. Táthar
ag leanúint de chamchuairt náisiúnta A+ E le Ciotóg,
taispeántas drámatúil a úsáideann damsa agus ceol chun an
scéal a insint. Tá an compantas amharclainne Aisling
Ghéar, as Béal Feirste ar chamchuairt náisiúnta
leis an ndráma Stones in His Pockets as Gaeilge
le haistriúcháin ar an oíche féach Imeachtaí thíos
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Comhdháil
|
AOIFE - Association of Irish Festivals Events
|
An 15ú Comhdháil bhliantúil do lucht eagraithe
féilte
Comhdháil dírithe ar lucht eagraithe
féile, áisíneachtaí turasóireachta
& cultúrtha, lucht na n-údarás
áitiúla, eagraíochtaí
pobal bunaithe
Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe
|
|
dáta
|
6-8 Samhain
|
|
Eolas
|
Guthán: 0909 643779
r-phost: info@aoifeonline.com
Idirlíon: www.aoifeonline.com
|
|
Ag Cruthú an Todhchaí: Ag forbairt eacnamhaíocht chultúrtha cruthaitheach na hÉireann
|
Comhdháil Lae mar réamhrá don
mbliain 2009 – Bliain Eorpach na Cruthaitheachta
agus na Nuálaíochta. Ag léiriú
tábhacht na n-ealaíon, an chultúir,
na cruthaitheachta, agus na nualaíochta i gcúrsaí
eacnamaíochta go háitiúil, go
náisiúnta agus go hidirnáisiúnta
agus i bhforbairt pearsanta & sóisialta
agus i gcúrsaí oideachais.
Cainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta
|
|
dáta
|
29ú Deireadh Fómhair
2008
|
|
Eolas
|
Eolas: Elaine Dominguez
Guthán: 01 2144619
R-phost: elaine.dominguez@iadt.ie
Idirlíon: www.iadt.ie
Costas: € 350
|
|
Comhdháil ECA
Cruinniú Bhliantúil ECA ag IMMA, Baile Átha Cliath
|
Cruinniú bhliantúil de Chomhairle Eorpach
na nEalaíontóirí (ECA) in Áras
Nua Ealaíon i gCill Mhaighneam. I measc na
dtéamaí a chlúdófar beidh
saoirse an ealaíontóra i gcúrsaí
domhandú, teorainneacha, cúrsaí
visa, ilchultúrachas agus ról na Parlaiminte
Eorpaigh i gcur chun cinn so-ghluaiseacht Ealaíontóirí.
Scáth eagraíocht d’ealaíontóirí
ilmheán agus eagraíochtaí ealaíontóirí
ó 25 tír Eorpach atá san ECA.
|
|
dáta
|
7-8 Samhain 2008
|
|
Eolas
|
Eolas: Alex Davis
Guthán: 01 8722296
R-phost: alex@visualartists.ie
Idirlíon: www.visualartists.ie
|
Deiseanna
Deontais
| Ealaín na Gaeltachta
|
Scéim Forbartha na nEalaíon
2009
Oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine
aonair sna ceantair Gaeltachta le deis a thabhairt
dóibh forbairt a dhéanamh ar thionscnamh
ealaíon a chuirfear ar siúl sa Ghaeltacht.
Tacaíocht aon uaire a bhíonn i gceist
seachas cúnamh leanúnach. D’fhéadfaí
tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí/eagrais
taobh amuigh den Ghaeltacht ar bhunús eisceachtúil,
má tá saineolas agus taithí léirithe
acu sna réimsí seo cheana féin
agus má cheaptar go rachadh an togra chun tairbhe
d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht.
Tá foirmeacha iarratas agus critéir
le fáil ar íoslódáil ón
suíomh www.ealain.ie
Meán Ealaíon - Gach meán
Ciste - € 15,000
|
|
Spriocdháta
|
Dé hAoine, 31ú
Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Tír Chonaill:
Micheál Mac Aoidh
Teil: (074) 9560100
m.macaoidh@udaras.ie
Cúige Chonnacht & Co. na Mí:
Muireann Ní Dhroighneáin
Teil: (091) 91503220
m.nidhroighneain@udaras.ie
Cúige Mumhan:
Eibhlín de Paor
Teil: (066) 9150100
e.depaor@udaras.ie
Ríomh-phost: ealain@udaras.ie
Suíomh idirlín : www.ealain.ie
|
| Ealaín na Gaeltachta
|
Scéim
Sparánachta d’Ealaíontóirí
2009
Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí
gairmiúla. Ní gá go mbeadh ioncam
leanúnach agat ón gcleachtas ealaíon,
ach is gá cuntas beatha a chur ar fáil
a thugann léargas ar do shaothar ealaíon
go dáta.
Scéim le deis a thabhairt don ealaíontóir,
am a chur ar leataobh le díriú ar shaothar
áirithe ealaíon. Tá cead ag an
ealaíontóir, iarratas a dhéanamh
ar chostaisí maireachtála agus ábhar.
Tá foirmeacha iarratas agus critéir
le fáil ar íoslódáil ón
suíomh www.ealain.ie
Meán Ealaíon - Gach meán
Ciste - € 12,500
|
|
Spriocdháta
|
Dé hAoine, 31ú Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Tír Chonaill:
Micheál Mac Aoidh
Teil: (074) 9560100
m.macaoidh@udaras.ie
Cúige Chonnacht & Co. na Mí:
Muireann Ní Dhroighneáin
Teil: (091) 91503220
m.nidhroighneain@udaras.ie
Cúige Mumhan:
Eibhlín de Paor
Teil: (066) 9150100
e.depaor@udaras.ie
Ríomh-phost: ealain@udaras.ie
Suíomh idirlín : www.ealain.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtain Sparánachta
Is é an cuspóir leis an scéim
seo ná comhpháirtíochtaí
cruthaitheacha a éascú idir coimisinéirí
agus ealaíontóirí ó réimsí
éagsúla ar a mbeidh saothar nua nó
athnuachan stór saothair mar thoradh. Ba chóir
go dtiocfadh léiriú poiblí, foilseachán,
taispeántas nó roirm eile de scaipeadh
an tsaothair choimisiúnaithe in Éirinn
nó thar lear ó na comhpairtíochtaí
seo.
Beidh nótaí treoracha nua agus foirmeacha
iarratais ar fáil ar líne ag http://www.artscouncil.ie/
tar éis Dé Luain 27ú Deireadh
Fómhair.
Táthar ag súil go bhfaighidh gach iarratas
a bhfaighfear faoin spriocdháta ar an 27 Samhain
cinneadh i bhFeabhra 2009.
|
|
Spriocdháta
|
Déardaoin, 27ú
Samhain
|
|
Eolas
|
www.artscouncil.ie
Guthán: 1800 392 492
|
Deiseanna
Eile
| Duais Banc Aontas
Éireann (AIB)
|
Glaoch ar Iarratais Físealaíon:
Fáilteofar roimh iarratais ó dhánlann
agus eagraíochtaí go bhfuil spásanna
poiblí faoina gcúram. Tá an duais
dírithe ar cháil an ealaíontóra
a mhéadú go náisiúnta
agus go hidirnáisiúnta. Cuirfear an
duaischiste i dtreo chostaisí fhoilseacháin
ar chatalóg agus le taispeántas nua
a chruthú.
Duaischiste: € 20,000
|
|
Spriocdháta
|
11 Nollaig 2008
|
|
Eolas
|
Mary Collins
Guthán: 01 6412249
r-phost: mary.e.collins@aib.ie
|
| YEWF – Iris Ealaíon
do Dhaoine Óga Aon Scéal Agat?
|
Scribhneoirí
óga á ngairm!
Fáilteofar roimh altanna agus píosaí
filíochta ó dhaoine óga 13-18
bliain d’aois don Iris nua seo a bheidh ar fáil
i ngach leabharlann agus Caifé Óige
ar fuaid Éireann.
Chomh maith leis sin beidh léaráidí
agus grianghrafanna á lorg.
|
|
Spriocdháta
|
17
Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Suíomh: http://yewf.wetpaint.com
Teagmháil: yewf@hotmail.co.uk
Seoladh: YEWF, Comhar Dhuibhne, An
Mhainistir, Sráid Eoin, an Daingean, Co. Chiarraí
|
| WHAT – Fondúireacht
Leighis Phort Láirge
|
Clár
Cónaitheach 2009 – Glaoch ar iarratais
ó fhísealaíontóirí
Tá an Clár Cónaitheach sa tsiúl
ó 1994. Cuirfear fáilte roimh iarratais
ó fhísealaíontóirí
don tréimhse cónaitheach a thosnóidh
Eanáir 2009.
Cruthóidh an té ata buacach bailiúcháin
de shaothar ealaíon a bheidh ar thaispeáint
in Ospidéal Réigiúnach Phort
Láirge agus cruthóidh sé/sí
nascanna le pobal an ospidéil tré cheardlann
stiúideó oscailte.
Cuirfear buiséad ábhar ar fáil
maraon le spás stiúideó.
|
|
Spriocdháta
|
14
Samhain 2008
|
|
Eolas
|
Claire Meaney
Guthán: 051 842664
r-phost: what@hse.ie
|
Oiliúint
|
Seimineár Poiblíochta d’Earnáil
na nEalaíon
|
10:30 r.n. Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair
2008
Teach Jack, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún
na nGall
Cén bealach is fearr le poiblíocht a
mhealladh d’imeachtaí ealaíon
nó do ghrúpa ealaíne sna meáin?
Céard é an bealach is fearr le caidreamh
a chothú le hiriseoirí agus lucht na
meán? Cén chaoi is féidir feachtas
poiblíocht ata cuimsitheach agus éifeachtach
a eagrú agus preas pacáiste tarraingteach
a chruthú? Díreofar ar na ceisteanna
seo agus eile.
|
|
Dáta
|
11 Deireadh Fómhair
2008
|
|
Eolas
|
Micheál Mac Aoidh, Áisitheoir Ealaíon
Teil: 074 9560100
Suíomh idirlín: www.ealain.ie
r-phost: m.macaoidh@udaras.ie
|
|
Ealaíontóirí Radharcacha
Éireann & Cumann Náisiúnta
Dealbhóireachta NSF
|
Clár oiliúna á thairiscint
i mBaile Átha Cliath & i gCorcaigh
Spásanna fós le líonadh
I measc na gceardlann beidh Meastóireacht comhchleacaí,
grianghrafadóireacht, Cuntasaíocht,
Scileanna láithriú & r.l.
Tá an sraith seo mar chuid de chlár
oiliúna níos iomláine a fhógrófar
le linn Mí Lúnasa.
|
|
Dáta
|
Deireadh Fómhair
2008
|
|
Eolas
|
Teil: 01 872 2296 nó 021 431
4353
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie
nó www.nationalsculpturefactory.com
r-phost: monica@visualartists.ie
nó elma@nationalsculpturefactory.com
|
Ealaíon
Poiblí
|
Comhairle Cho. Loch Garman
|
Glaoch ar léirithe suime
Tá babhta nua faoin Scéim Faoin gCéad
don Ealaíon fógraithe ag Comhairle Cho.
Loch Garman ar fiú breis agus €300,000
é. Saothar dealbhadóireachta is mó
a bheidh i gceist ach beidh deiseanna d’ealaíontóirí
ag obair i meáin eile agus le bheith páirteach
i dtréimhsí cónaitheacha.
Tá sé i gceist painéal d’ealaíontóirí
ó na meáin ealaíon éagsúil
a chur le chéile – ceol, damhsa, drámaíochta,
litríocht, scannáin & r.l. –
le freastal ar thréimhsí cónaitheacha
idir dhisiplíneacha a d’fhéadfadh
a tharlú le linn 2009
|
|
Dáta
|
30 Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Sinéad Redmond (Riarthóir Ealaíon
Poiblí)
teil: 053 9176440,
r-phost: : sinead.redmond@wexfordcoco.ie
idirlíon: www.wexford.ie/arts
|
|
S.N. Bhéal An Átha, Co. Thiobraid
Árainn
Coimisiún Ealaíon Poiblí
|
Fáilteofar roimh iarratais don gcoimisiún
oscailte seo do shíneadh scoile agus d’oibreacha
athchóirithe. Píosa buan a bheidh i
gceist a léireoidh gníomhartha na scoile
agus ethos na scoile. Gheobhadh gur píosa buan
nó sealadach a bheidh i gceist a lonnófar
laistigh nó lasmuigh. Eagrófar cuairt
ar an láthair.
Buiséad:
€25,000 |
|
Dáta
|
7 Samhain
|
|
Eolas
|
Teil: 061 376340
|
Folúntais
|
Áras Éanna
Inis Oírr, Oileán Árainn
|
Bainisteoir
Fáilteofar roimh iarratais mar Bhainisteoir
ar Áras Éanna.
Ionad Ealaíona le amharclann/pictiúrlann,
gailearaí, stiúideó cónaitheach
agus seomraí léachta. Tá duine
bríomhar cumasach, le Gaeilge líofa
agus le taithí ar chúrsaí ealaíne
agus ar chúrsaí riaracháin ag
teastáil chun cur leis an dea-obair atá
déanta go dtí seo chun an ionad a fhorbairt.
Seol iarratas maraon le CV chuig: Áras Éanna,
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
|
|
Dáta
|
7 Samhain 2008
|
|
Eolas
|
Teil: 099 75150
r-phost: araseanna@eircom.net
idirlíon: www.araseanna.ie
|
|
National Sculpture Factory
Corcaigh
|
Bainisteoir Cláir
Eagraíocht chomhaimseartha a chuireann spásanna
ceardlanna agus seirbhísí tacaíochta
ar fáil d’fhísealaíontóirí
chomh maith le díospóireacht faoi chúrsaí
físealaíona mhúscailt ag leibhéal
náisiúnta agus idirnáisiúnta.
|
|
Dáta
|
Aoine 17 Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Guthán: 021 4314 353,
Eolas: Elma O’Donovan, Riarthóir
r-phost: elma@nationalsculpturefactory.com
Idirlíon: www.nationalsculpturefactory.com
|
Imeachtaí
A + E le Ciotóg (i gcomhair le Salamandar)
AR CHAMCHUAIRT NÁISIÚNTA
Faoi stiúir Ríonach Ní Néill
Cur i láthair spleodrach dhrámatúil,
ag úsáid an cheoil, rince, aisteoireacht agus
gluaiseacht leis an scéal a chur trasna.
Eolas: 091 505791
www.ciotog.ie nó www.salamandar.net
3 Dheireadh Fómhair - Féile na gCruacha
Gorma, Gleann Cholm Cille
4 Dheireadh Fómhair - an tSean Bhearaic, an Fál
Carrach
9,10 Dheireadh Fómhair - Amharclann Bhainc na hÉireann,
Ollscoil na Gaillimhe
18 Dheireadh Fómhair - Comhdháil an Chraoibhín,
Bealach an Doirín, Ros Comáin
2 Samhain - Imagine Festival, Port Láirge
5 Samhain - Aras Inis Gluaire, Béal a Mhuirthead
An Riasc,
Feothanach, Baile na nGall, Co. Chiarraí
Deireadh seachtaine físealaíon leis an
ealaíontóir Cate Sweeney
7 – 9 Samhain
Líon teoranta spásanna do dheireadh seachtaine
físealaíne faoi stiúir Cate Sweeney.
Cuirfear na hábhair a bheidh á n-úsáid
ar fáil.
Eolas: Denise 066 9155446
R-phost: denise.begley@anriasc.ie
Suíomh: www.anriasc.ie
An tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne
10.10.08
Ceolchoirm Traidisiúnta
Tommy Cunniffe (bosca), Brian Miller (giotár) agus
Brian Morrissey (cnag uirlisí)
11.10.08
Dráma: Stones in his pockets
Leagan Gaeilge don dráma le Marie Jones á
léiriú ag an compántas drámaíochta
ó Bhéal Feirste - Aisling Ghéar. Stiúrthóir
Bríd Ní Gallchóir. (Aistríúcháin
ar fáil ar an oíche
24.10.08
Ceolchoirm Traidisiúnta
Maeve Donnelly (fidil), Conal Ó Gráda (fliúit)
agus John Blake (giotár)
07.11.08
Aisling Gheal
Oiche Buathoirí an tOireachtas amhráin, lúibíní
agus agallamh beirte
14.11.08
At the Racket
John Carty (fidil), Brian McGrath (piano), Seamus O’Donnell
(fliúit, sax) agus Michael McCague (giotár)
Físealaíon san Ionad Cultúrtha
Anseo Ansiúd – comhdháil leath lae
Dé hAoine, 10ú Deireadh Fómhair 2:30
– 6:30
Siompóisaim idir mhalrtaithe idir ealaíontóirí
ó Chorca Dhuibhne agus ealaíontóir
ó Mhúscraí.
Aoichainteoirí: Andrew Duggan, Caoimhghin Ó
Fraithille, Takahiro Suzuki
Deireadh Fómhair / October
Griangrafadóireacht le Con Kelleher
Samhain / November
Catherine Cronin
Tuilleadh eolais: www.ionadculturtha.ie
r-phost: ionadculturtha@eircom.net
Teil: 026 45733
Aras Éanna, Inis Oírr
9.10.08
Ceolchoirm le Brett Perkins
14.10.08
'Róisín agus an Rón' le Nuala Ní
Dhomhnaill (Dráma le Puca Puppets)
22.10.08
'Elio Villafranca Quartet' (Ceolchoirm Jazz)
Físealaíon in Áras Éanna
26.10.08 – 5.10.08
Uisce' (Taispeántas Ealaíne)
1.11.08 – 14.11.08
Taispeántas le Ruby Wallis agus Tamany Baker
Eolas: www.araseanna.ie
Teil: 099 75150
r-phost: araseanna@eircom.net
Ceiliúradh an Bhlascaoi 2008
10 -12 Deireadh Fómhair
Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin
Imirce agus Imigéin, téama na bliana seo.
Deireadh seachtaine de léachtaí agus cainteanna
a bhaineann le cultúr an oileáin
Eolas: www.ceiliuradh.com
Teil: 066 9156444
r-phost: demordha@opw.ie
Díseart – Institiúd Oideachais
agus Chultúr Dúchais
Sráid an Doirín, An Daingean
Seoladh taispeántais le Caoimhghin Ó Fraithille
agus Takahiro Suzuki i nGairdín Díseart
Déardaoin, 9ú Deireadh Fómhair ag 6:30
i.n.
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.modelart.ie/newspaces.html- Model Arts & Niland
Gallery, Sligeach
http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie - Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org - Suíomh
acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie - Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|