|
|
Nuacht
Fáilte chuig R-nuachtlitir Eal na Gael na míosa
seo.
Tá an cúlú eacnamaíochta agus
na ciorraithe go mór i mbéal an phobail na
laethanta seo. Is léir go bhfuil athrú thar
chuimse tagtha ar an aeráid eacnamaíochta
le bliain anuas. Dar ndóigh, tá tionchar mór
ag na ciorraithe seo ar shaol na n-ealaíon. I gcás
na Gaeltachta, tá laghdú de suas le
9% taghta ar bhuiseád Ealaín na Gaeltachta
i mbliana. Tagann an laghdú seo mar thoradh ar an
ngearradh siar a rinneadh ar bhuiseád na Comhairle
Ealaíon agus ar bhúiseád Údarás
na Gaeltachta. Is cinnte go mbeidh éifeacht ag na
ciorraithe seo ar scéimeanna agus ar réimsí
áirithe d’obair na heagraíochta.
D’ainneoin an méid sin, fógraíodh
na grúpaí agus na healaíontóirí
ar eirigh leo maoiniú a fháil tríd
Scéim Forbartha na nEalaíon agus an Scéim
Sparántachta an mhí seo. Fuair 38
grúpa ealaíne maoiniú faoi
Scéim Forbartha na nEalaíon. Bronnadh €239,800
ina iomláine faoin scéim seo. Bronnadh
20 sparántacht ar ealaíontóirí
Gaeltachta i bliana, agus bhí €89,000
in iomláin sa chiste. Comhghairdeas leo
go léir! Tháinig ardú suntasach ar
líon na n-iarratas i mbliana. Chuir suas le dhá
oiread níos mó grúpaí agus ealaíontóirí
iarratais isteach ar na scéimeanna, rud a léiríonn
go bhfuil cúrsaí ealaíne beo beathaíoch
sa Ghaeltacht. Beidh torthaí an dá scéim
le fáil ar an idirlíon sna seachtainí
ata amach romhainn.
Tá súil ag Ealaín na Gaeltachta
mór-iniúchadh a dhéanamh ar
ghníomhaíocht agus ar acmhainní ealaíona
na Gaeltachta i mbliana. Tá sé mar aidhm ag
an iniúchadh seo eolas agus bunlíne
a bhailiú i dtaobh infrastructúr,
gníomhaíochtaí’ seirbhísí
agus staid reatha ginearálta na n-ealaíon
sa Ghaeltachta faoi láthair. Beidh an t-eolas seo
a úsáid i gcomhair pleanála
do fhorbairt na nEalaín sa Ghaeltacht sna
blianta amach romhainn. Is tionscnamh dúshlánach
é seo atá fíor-thábhachtach
ó thaobh forbairt na n-ealaíon sna blianta
atá amach romhainn
D’fhógraigh An Chomhairle Ealaíne roinnt
scéimeanna deontas le déanaí.
Tá Scéim na nEalaíontóirí
sa Phobal, Scéim na bhFéilte Ealaíon
Beaga agus Comhaltacht – ‘Location One’,
Tionscadail: Aonuaire agus Tionscadail: Saothair nua
oscailte faoi láthair le spriochdáta acu i
mí Fheabhra. Tá an critéar iomlán
a bhaineann leis na scéimeanna thuasluaite, mar aon
leis na foirm iarratais, le fáil ag www.artscouncil.ie.
Scéim ‘ Deis’, An Chomhairle
Ealaíona: Mar thoradh ar an aeráid
eacnamaíochta agus mar thairbhe ar an athbhreithniú
a rinne an Comhairle Ealaíona ar an scéim,
tá roinnt athruithe tagtha ar chriteár agus
ar chóras riaracháin na scéime, Deis.
Beidh sonraí nua na scéime mar aon leis nótaí
treoracha faoin próiseas iarratais le fáil
ar shuíomh idirlín an Chomhairle, www.artscouncil.ie
an tseachtain seo. Moltar do dhaoine dianstaideár
a dhéanamh ar an gcriteár agus an próiseas
nua sula cuireann siad isteach iarratas ar an scéim.
Tá neart deiseanna eile ar fáil an mhí
seo d’ealaíontóirí idir scéimeanna
éagsúla d’ealíontóirí
cónaithe, scéimeanna % Ealaíon poiblí,
comórtas liteartha agus amhrán agus eile.
Tá sonraí na scéimeanna uilig le fáil
sa nuachtlitir seo.
Is léir gur mhí an-ghóthach í
mí Fheabhra do fhéiltí sna ceantair
Ghaeltachta. Reachtálfar trí chinn de na féilte
is fearr Gaeltachta sa tréimhse seo. Tá ardghradam
ag baint leis na féilte seo agus is seod iad ó
thaobh shaibhreas cultúrtha agus caighdeán
ealaíne de. Beidh Féile Chóilín
Sheáin Dharach ar siúl i Ros Muc
ag deireadh na míosa seo. Déanan an fhéile
ceiliúradh ar thraidisiún ceoil agus ar an
damhsa ar an sean nós. Is féile cheoil spleodraigh
eile í Scoil Cheoil an Earraigh, Iarthar
Dhuibhneach, a déanann ceiliúradh
ar an gceol agus na amhráin thraidisiúnta
atá comhcheangailte le Chorca Dhuibhne. Is Féile
pobail agus cultúrtha ilghnéitheach í
Éigse an Spidéil a thugann
áit lárnach do na healaíona traidisiúnta
sa chlár agus a mbíonn blas ilchultúrtha
uirthi. Ba fhéile thábhachtach í Lá
Fhéile Bríde i saol na Gaeltachta ariamh.
Téann cuid de na traidisiún agus deasghnátha
a bhaineann leis an bhféile siar go dtí an
tréímshe réamh-Chríostaí,
áit ar rinneadh ceiliúradh ar an mbandia Ceilteach,
Brigid. Coinníonn Féile Bríde,
atá ar siúl san Díseart an mhí
seo, cuid de na traidisiún agus na deasghnátha
Chríostaí a bhaineann leis an bhféile
beo. Tá neart féilte agus imeachtaí
ealaíona illdánacha ar siúl í
mí Fheabhra. Tabhair tacaíocht dóibh
agus bain sult astu!
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Comhdháil
|
Comhdháil Fíodóireachta
Chorcaigh 2009 - ‘Athchruthú na Fíodóíreachta’.
|
Mhaireann an chomhdháil seo ar feadh aon lá
amháin. Tabharfaidh cuid de na saineolaithe
fíodóireachta is fearr sa tír
seo agus ón mBreatain cainteanna agus léachtaí
ar gach réimse den fhíodóireachta.
Beidh taispeántas fíodoíreactha
ar siúl chomh maith.
Ionad: Coláiste Stiofán Naofa, Tramore
Road, Cork
Táille: €80
|
|
dáta
|
Satharn 7ú Márta
2009
|
|
Eolas
|
Teileafón: 086 6095656
Ríomhphost: ctn@oeanfree.net
|
|
Comhdháil - Cumman Éireannach
Um Staidéar Litríocht na nÓg
|
Baile Átha Cliath
Is é an príomh aidhm atá ag
‘An Cumman Éireannach Um Staidéar
Litríocht na nÓg’ ná Litríocht
na nÓg a chur chun cinn agus staideár
agus taighde acadúil a spreagadh i measc an
lucht léinn. Eagrófar semineár
deireadh seachtaine ar Litríocht na nÓg
agus beidh cuid de na saineolaithe is aitheanta ar
domhan ar Litríocht na nÓg ag tabhairt
léachtaí agus cainteanna. I meac na
gcainteoirí beidh Ríona Nic Congáil
agus í a labhairt i nGaeilge ar ‘Réics
Carló agus uirbiú na Gaelige’
|
|
dáta
|
Dé hAoine 6 Feabhra
agus Dé Satharn 7 Feabhra.
|
|
Eolas
|
http://www.isscl.com/conference.htm
|
Deiseanna
Deontais
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
Scéim na nEalaíontóirí
sa Phobal
Suim a dámhadh: €10000
Foirm ealaíne: Ealaíontóirí
Tugann Scéim na nEalaíontóirí
sa Phobal maoiniú chun tacaíocht a thabhairt
dealaíontóirí agus pobail atá
ag obair lena chéile le tionscadal agus/nó
ócáid ealaíonta a bhaint amach.
Tá ealaíontóirí ó
gach foirm ealaíne incháilithe le hiarratas
a dhéanamh. Ba cheart go léireofar comhoibriú
dílis idir an ealaíontóir agus
an pobal ag na tionscadail atá roghnaithe.
Is féidir go mbeadh pobail mar áiteanna
agus/nó leas. Go dtí seo, bhíodh
iarratais ann ó shaothar le daoine de gach
aois, cumas agus eitneacht, agus i gcomhthéacsanna
cosúil le pobail uirbeacha/tuaithe, timpeallacht
chúram sláinte, príosúin,
clubanna nó i dtimpeallacht na hoibre.
Arna feidhmiú ag Create, an ghníomhaireacht
forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach
|
|
Spriocdháta
|
26/02/2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Create, Project Support
and Professional Development, 10/11 Sráid an
Iarla Theas, Baile Átha Cliath 8
Teileafón: 01 473 6600
Ríomhphost: support@create-ireland.ie
Gréasán: www.create-ireland.ie
nó www.artscouncil.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
Scéim na bhFéilte Ealaíon
Beaga
Suim a dámhadh: €20000
Foirm ealaíne: Gach ceann díobh
Tá scéim na bhFéilte Ealaíon
Beaga ann chun tacaíocht agus deiseanna a chur
ar fáil dfhéilte ealaíon beaga
nó imeachtaí a bhfuil maoiniú
suas le €20,000 á lorg acu. Tá
sé i gceist go bhfuil Scéim na bhFéilte
Beaga solúbtha go maith le freastal ar an réimse
leathan deagraíochtaí ealaíne
a chuireann isteach ar an scéim seo, ó
imeachtaí áitiúla le ham ullmhúcháin
gearr agus maoiniú ar mhéid beag de
dhíth orthu, go dtí tionscnaimh níos
uaillmhianaí lena mbaineann sraith ullmhúcháin
níos faide agus níos mó de dhíth
orthu ó thaobh maoiniú de. Is mian linn
gur scéim sho-úsáidte a bheidh
ann, a spreagfaidh iarratais nua ó an-chuid
daoine a mbíonn imeachtaí beaga nó
imeachtaí áitiúla á n-eagrú
acu. Is féidir le himeachtaí a bheith
ina dtionscadail aon uaire nó ina gcláir
a thiteann amach thar roinnt míonna. Má
bhíonn tú ag eagrú sraith imeachtaí
a bheidh ag tarlú ar feadh na bliana (m.sh.
sraith ceolchoirmeacha), nó má bhíonn
tú den tuairim go mbeidh am ullmhúcháin
sa bhreis ag teastáil uait, moltar duit dul
i dteagmháil go díreach le Ceann na
bhFéilte sula gcuireann tú diarratas
isteach.
|
|
Spriocdháta
|
27/02/2009
|
|
Eolas
|
Teagmhálaí: Regina
OShea
Teileafón: 01 618 02 60
Suíomh Idirlín: www.artscouncil.ie
Ríomhphost: smallfestivals@artscouncil.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
Tionscadail: Saothair nua
Suim a dámhadh: €50000
Tá an Dámhachtain Tionscadail Saothair
Nua dírithe ar nuálaíocht ealaíne.
Is é príomhchuspóir na dámhachtana
seo forbairt agus/nó déanamh oibre nó
próiseas oibre nua atá dúshlánach
agus nuálaíoch a éascú.
Tugann an dámhachtain seo tús áite
do thionscadail a dhéanann teorainneacha a
shíneadh agus a neartaíonn tuiscint
agus eispéireas maidir leis an bhfoirm ealaíne
agus/nó cleachtas ealaíon atá
i gceist.
Foirm ealaíne: Ailtireacht, Sorcas,
Téatar, Na hEalaíona traidisiúnta,Na
Físealaíona
Cineál lucht éisteachta: Ealaíontóir,
Eagraíocht
Beidh nótaí treoracha mar aon le foirmeacha
iarratais nua ar fáil ar líne go luath
ag www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
05/02/2009
|
|
Eolas
|
Teileafón: 01 618 02 00
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
Tionscadail: Aonuaire
Suim a dámhadh:
€100000
Tá an Dámhachtain Tionscadail Aonuaire
dírithe ar lucht féachana agus nasc
a dhéanamh leo.
Is é príomhchuspóir na dámhachtana
seo tionscnaimh neamhspleách uaillmhianacha,
ar ardchaighdeán, a thugann go sonrach cur
i láthair do lucht éisteachta/féachana
nó pobal, nó a théann i ngleic
leo.
Tugann an dámhachtain tús áite
do thionscadail a bhfuil sé de chumas acu lucht
féachana/éisteachta nó rannpháirtithe
nua a bhaint amach, nó a chruthaíonn
deiseanna nó comhthéacsanna nua chun
dul i ngleic le ceann de na foirmeacha ealaíne
ábhartha.
Foirm ealaíne: Ailtireacht, Na hEealaíona
rannpháirteachais, Rince, Scannáin,
Ceol, Na físealaíona
|
|
Spriocdháta
|
12 Feabhra 2009
|
|
Eolas
|
Teileafón: 01 618 02 00
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suiomh Idirlín: www.artscouncil.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
Comhaltacht – ‘Location One’
Suim a dámhadh: €37000
Is ionad ealaíne neamhbhrabúsach i Nua
Eabhrac é Location One agus é gráite
do chomhchruinniú idir na hamharcealaíona,
na taibh-ealaíona agus na healaíona
digiteacha i ré ina bhfuil an teicneolaíocht
ag athrú i gcónaí. Feidhmíonn
sé clár cónaitheachta idirnáisiúnta
lenar féidir le healaíontóirí
cruthaithe agus iad ag teacht chun cinn triail a bhaint
as foirmeacha nua de léiriú ealaíne,
go háirithe iad siúd a bhaineann úsáid
as teicneolaíochtaí nua.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon comhaltacht
ar fáil d’ealaíontóir amháin
chun cur ar a c(h)umas dó/di páirt a
ghlacadh sa chlár cónaitheachta idirnáisiúnta
ag Location One go ceann 10 mí, chun a c(h)leachtas
a fhorbairt agus chun saothar nua a chruthú.
I dteannta leis an tacaíocht agus na hacmhainní
a chuireann Location One ar fáil, cuimsíonn
an chomhaltacht lóistín agus cnuas freisin.
Is í an Institiúid Chultúrtha
Ghael-Mheiriceánach a riarann an dámhachtain
seo, ar son na Comhairle Ealaíon.
Cuimseoidh sa chomhaltacht spás stiúideo
ag Location One, lóistín agus cnuas
míosúil $2,000. Tá luach foriomlán
timpeall is €37,000 ar an dámhachtain.
Foirm ealaíne: Gach ceann díobh
|
|
Spriocdháta
|
20 Feabhra 2009
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
nó www.location1.org
Ríomhphost: locationonefellowship@artscouncil.ie
Teileafón: 01 618 02 00
|
Deiseanna
Eile
| Spas Stiúideo
le roinnt í Sraid Nua, Cathair na Gaillimhe
|
Tá Ealaiontoir proifisiúnta ag lorg
duine le spás Stiúideo a roinnt i nGaillimh.
Is spás úrláir ar léibheál
na tálun é. Tá leithreas agus
doirteál le fáil. Tá fuinneóg
mhór ann le solas maith agus tá sé
lonnaithe í clós le hatmasmheár
alainn.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Ceara Conway ag 087 6934038
|
| Music Network - Duais
taibhléiriú agus taistil.
|
Tugann
an duais seo tacaíocht agus maoiniú
do cheoltóirí gairimúla na tíre
seo ionas go mbeidh siad ábalta dul ag taisteal
agus go mbeidh gcuid saothar ceoil a chur os comhair
an phobail go poiblí.
Bíonn trí spriocdháta ann don
scéim seo gach bliain, agus is é an
16ú Feabhra an chéad spriocdháta
eile.
|
|
Spriocdháta
|
16ú
Feabhra
|
|
Eolas
|
Teagmhálaí: Andreas
Ziemons - Performance Programme Administrator, Music
Network.
Teileafón: 01 6719429
Suíomh Idirlín: http://www.musicnetwork.ie
|
| Centre Culturel Irlandais
|
Deis
do fhísealaíontóirí Éireannacha
seal a a chaitheamh mar Ealaíontóirí
cónaithe sa Choláiste Gaelach i bParás
i rith 2009 agus 2010.
Mhaireann an tréimhse cónaithe trí
mhí. Cuirtear lósitín, cothú
agus costais thaistil ar fáil mar aon leis
íocaíocht de €600 sa mhí.
Breis eolais, eolas faoi chritéar na scéime
agus foirm iarratais le fáil ar an suíomh
idirlín.
|
|
Spriocdháta
|
30
Eanair 2009.
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín: www.centreculturelirlandais.com
Ríomhphost: spratschke@centreculturelirlandais.com
Seoladh: Centre Culturel Irlandais,
5 rue des Irlandais, 75005 Paris, France
|
| Ollscoil Stáit
Columbus - Scéím Ealaíontóír
Cónaithe
|
Tá
rannóg na nEalaíon in Ollscoil Stáit
Columbus ag tairscint thréimhsí cónaithe
d’ealaíontóirí, staraithe
ealaíne, criticeoirí ealaíne
agus cúramóirí ealaíne.
Tá dhá tréimshe cónaithe
i gceist. Mhaireann an chéad thréimhse
cónaithe ar feadh 16 seachtain agus an dara
cheann ar feadh 8 seachtain. Cuirtear stiúideo
agus lóistín ar fáil mar aon
leis liúntas de USD20,000 agus deontas de USD2,800
le híoc ar chostais thaistail agus ar chostais
an bhunábhair.
Beidh ar an té a roghnófar ranganna
a theagasc, léachtaí agus ceardlanna
a thabhairt, agus páirt lárnach a ghlacadh
i saol cultúrtha na hOllscoile. Breis eolais,
criteár agus sonraí na scéime
le fáil ar shuíomh idirlín na
hollscoile.
|
|
Spriocdháta
|
1
Feabhra, 2009.
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.art.colstate.edu/Residency.asp
|
| ‘Seachtain na Scríbhneoirí
– Lios Tuathail/ Listowel Writers Week’
- Duais Foras na Gaeilge
|
Comórtas
liteartha do scríbhneoirí Gaeilge atá
eagraithe mar chuid de ‘Seachtain na Scríbhneoirí
– Féile Liteartha Lios Tuathail, 2009’.
Ta dhá chatagóir ann; an Gearrsceál
(níos lú ná 1500 focal) agus
an Fhilíocht (Dán Gearr níos
lú ná 70 líne). Bronnfar duais
€1,500 ar an mbuaiteoir. Tá táille
de €10 ar gach iontráil. Tá an
comórts seo urraithe ag Foras na Gaeilge agus
is é Paddy Bushe an moltóir.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: http://www.writersweek.ie/competitions.htm
|
| Art@work 2009 –
Comhairle Chontae Ros Comáin
|
Scéím
Ealaíontóir Cónaithe
Is scéim cónaithe é Art@work
ina chaitheann ealaíontóir tréimhse
ama i gcomhlacht gnó nó eagras pobail
i gContae Ros Comáin. Cruthaíonn an
t-ealaíontóir saothar ealaíne
bunaithe ar an eispéaras ata aige leis an gcomhlacht
sin ag tarraingt inspioráide as an timpeallacht,
an t-atmaspheár agus saol an láthair
oibre
Tá comhairle Chontae Ros Comáin ag lorg
tairiscintí uaidh ealíontóirí
a bheadh spéis acu sa chlár seo. Tá
an clár seo oscailte do gach réimse
ealaíon.
|
|
Spriocdháta
|
31
Márta , 2009.
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: artsoffice@roscommoncoco.ie
Teileafón: 09066 37285
Suíomh Idirlín: www.roscommonarts.com
|
| ‘Nòs Ùr’
- Comórtas Amhrán nua Chumtha - Amhránaíochta
na Teanga Ceiltigh.
|
Is
comórtas amhrán nua-chumtha é
‘Nós úr’ atá múnlaithe
ar an gcomórtas Eurovision. Cuirtear fáilte
roimh iarratais ó chumadóirí
agus amhránaithe a chumann agus a chasann amhrán
i nGaeilge (nó aon cheann de na teangacha Ceilteacha).
Amhrán nua cumtha, idir cheol agus focail,
atá á lorg. Téann buaiteoirí
an chomórtais seo ar aghaidh go dtí
an gComórtas Eorpach a bhéas ar siúl
sa tSualainn.
Is é an 28ú Feabhra an spriocdháta
don chomóratas.
|
|
Spriocdháta
|
28ú
Feabhra, 2009.
|
|
Eolas
|
Tuilleadh Eolais agus Foirm Iarratais ó Bhrian
Ó hEadhra ag: +44 (0)1463 241622
Suíomh Idirlín: www.nos-ur.eu
Ríomhphost: info@anamcommunications.com
|
| Comórtas Amhrán-nua
chumtha - Féile Pan Cheilteach, 2009
|
Tá
comhairle Pan Cheilteach na hÉireann ag lorg
amhrán nua cumtha i nGaeilge, idir cheol agus
focail, do chomórtas náisiúnta
na hÉireann. Tá duais €1,000 le
gnóthú ag an mbuaiteoir, a bheidh ag
dul ar aghaidh ar son na hÉireann i bhFéile
Pan Cheilteach 2009, i mBaile Dhún na nGall.
Tá coiste na Féile ag lorg iontrálacha
i gcóir comórtas na gCóir –
fidil – cruit, rince agus Amhránaíocht
traidisiúnta freisin
|
|
Spriocdháta
|
20
Feabhra., 2009.
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Runaí, Oifig na
Féile Pan Cheilteach, Sráid na Céidhe,
Baile Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall.
Teileafón: 074 9723760
Suíomh idirlín: www.panceltic.ie
|
Oiliúint
|
Music Network – Clár Oiliúna
– ‘An Ceol agus an tSláinte’
|
Tá Music Network ag lorg tariscintí
ó cheoltóirí gairimiúla
atá spéis acu oibriú ar thograí
cheol a bheadh mar chuid de clár oiliúna
sláinte, agus a bheadh sásta páirt
a ghlacadh ar an gcúrsa ‘An Clár
Eorpach sa Cheol agus Oiliúnt Sláinte,
2009’. Tá an cúrsa oiliúna
urraithe ag ‘Comhchiste Leonardo da Vinci –
Ciste Oiliúna an Aontas Eorpaigh’.
Tá ceithre rainnpháirtithe ag reachtáil
an chúrsa: Musique et Santé (France);
the Royal Northern College of Music, Manchester (UK),
Music Network (Ireland) agus an Musical Academy of
Krakow (Poland). Beidh cúig sheachtain d’oiliúnt
i gceist, agus beidh na cúrsaí ar siúl
i dtíortha éagsúla sa Chomhphobal
Eorpach. Leanfaidh an cúrsa ó mí
Dheireadh Fómhair, 2009 go dtí Bealtaine
2010. Íocfar costais lóistín
agus costais chothbhála na rainnpháirtithe
mar aon leis liúntas. Ta sonraí, amchlár
agus breis eolais le fáil uaidh Music Network.
|
|
Dáta
|
Dé hAoine 30 Eanair,
2009.
|
|
Eolas
|
Seoladh; Aisling Roche, Development
Programmes Manager, Music Network, The Coach House,
Dublin Castle, Dublin 2
Teileafón: 01 6719429
Suíomh Idirlín: http://www.musicnetwork.ie
|
Ealaíon
Poiblí & Coimisiún
| Coiste Ghairmoideachas
Mhaigh Eo: Coimisiún.
|
Tá Coiste Ghairmoideachas Mhaigh Eo ag tairscint
dhá choimisiún mar chuid den scéim
% Ealaíon Poiblí.
Baineann an dhá choimisiún le méadú
a rinneadh ar fhoirgnimh i dhá mheánscoil
i gCo. Mhaigh Eo; Choláiste Naomh Pádraic,
Crosaire Leacán agus Coláiste Naomh
Bhreándáin, Béal an Mhuirthead
Tá ciste €34,800 curtha ar fáil
don tionscnamh i gColáiste Naomh Pádraic,
agus €36,500 curtha ar fáíl don
tionscnamh i gColáiste Naomh Bhreandáin.
Beidh táillí an ealaíontóra,
dearadh, bunábhair agus an costas déantúsaíochta
mar chuid den táille seo, CBL san áireamh.
Tá dhá chéim ag baint leis an
bpróiseas roghnúcháin. Déanfaidh
‘Coiste Stiúrtha na Scéime % Ealaíon
poiblí’ agus Coiste Ghairmoideachas Mhaigh
Eo measnú ar na hiarratais.
Breis eolais faoin chritéar na scéime
ó: Sharon Moore, Mayo VEC, Newtown, Castlebar,
Co Mayo
|
|
Spriocdháta
|
Dé hAone, 27 Feabhara
2009
|
|
Eolas
|
Guthán: 094 9024188, extension
245
Ríomhphost: smoore@mayovec.ie
|
| Ionad Oidhreachta Dhún
Uladh.
|
Tá Ionad Oidhreachta Dhún Uladh Teo. i gcomhar le Comhaltas Ceoltoiri
Eireann, an Ómaigh, Co. Thír Eoghan
ag lorg tairiscintí uaidh físealaíontóirí
le píosa úr dealbhóireachta a
choimisiniú do fhoirgneanh Dhún Uladh,
an ceannárus réigiúnach atá
ag Comhaltas Ceoltoiri Eireann i dtuasiceart na tíre.
Is eagras é Comhaltas Ceoltóirí
Eireann a bhfuil sé mar aidhm acu gach gné
de chultúr traidisiúnta na hÉireann
a fhorbairt agus a chothú; an ceol, an amhránaíocht,
an damhsa agus an teanga dúchais ach go háirithe.
Ní mhór go dtabharfadh na hiarratais
léargas ar fhís agus ar fhealsúnacht
an Chomhaltais agus go luífeadh an bunsmaoineamh
don phíosa ealaíne isteach le cultúr
an réigiún, agus le stíl an fhoirgnimh
féin.
|
|
Spriocdháta
|
Dé hAone, 27 Feabhara
2009
|
|
Eolas
|
Tuilleadh eolais faoi chriteár agus
sonraí na scéime:
Suíomh Idirlín: www.dunuladh.ie
Ríomhphost:info@dunuladh.ie
Teileafón: 44 288 2242777
|
Folúntais
|
Oifig Ealaíona an DLR.
|
Oifigeach Óige Ealaíne
Tá folúntas ag Seirbhísí
Ealaíne DLR (Dún Laoighaire /Rathdown
Co. Co.) do dhuine ardcháilithe le sainthaithí
áisitheoireachta, bainistíoctha agus
forbartha. Déanfaidh an té a cheapfar
comhordonú agus áisitheoireacht ar an
gclár ealaíne atá curtha i bhfeidhm
ag an mbord stiúrtha, agus beidh air nó
uirthi obair lámh a chéile leis an Oifigeach
Oideachais agus Oiliúna, mar aon leis na hOifigigh
Óige eile, chun na pleananna agus an straitéis
atá leagtha amach ag an rannóg Seirbisí
Ealaíne a chur i gcrích.
Is post sealadach é seo agus is conradh bliana
atá i gceist.
|
|
Dáta
|
30 Eanair 2009
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.dlrcoco.ie
Ríomhphost: mdavey@dlrcoco.ie
|
|
Engage Arts Studios
|
Riarathóir
Tá
folúntas do riarthóir sa ghailearaí
tráchtála Engage Art Studios atá
lonnaithe i gcathair na Gaillimhe. Beidh an té
a cheapfar freagrach as na cúramaí riaracháin
uilig a bhaineann leis an stiúideo agus beidh
sé/sí páirteach i bpleanáíl
agus i bhforbairt an chomhlachta. Is ar bhun páirt-aimseartha
a fhostófar an duine.
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Seoladh: Engage Art Studios, Cathedral
Building, Middle Street, Galway
Ríomhphost: engageartstudios@hotmail.com
|
|
Comhchiste Chultúrtha Bharr an Teampaill
|
Grúpa le Seirbhísí
Bainistíocht Léirithe a chur ar fáil.
Ta Comhchiste
Chultúrtha Bharr an Teampaill ag lorg duine
nó grúpa le seirbhísí
bainistíocht léiriúcháin
a chur ar fáil don eagraíocht, agus
le himeachtaí ealaíne an Chomhchiste
a léiriú agus a bhainsitiú. Eagraíonn
an eagras níos mó ná 200 imeacht
cultúrtha gach bliain, formhór dóibh
taobh amuigh faoin aer. Ina measc na n-imeachtaí
a eagraítear tá: margadh seachtainiúl
Barr an Teampaill, Féile Ceoil Handel, Sorcas
Bharr an Teampaill agus Oíche chultúrtha
Áth Cliath. Tá fáisnéis
breise i dtaobh an phoist agus an chórais iarratais
le fáil ó: Lorraine Maye ag 12 East
Essex Street, Temple Bar, Dublin 2,
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.templebar.ie
Ríomhphost:lmaye@templebar.ie
Teileafón: 01 6772255
|
|
Institiúid Scannánaíocht
na hÉireann / Irish Film Institute
|
Oifigeach Féiltí agus imeachtaí
speisialta
Is mian
le hInstitiúid Scannánaíocht
na hÉireann ‘Oifigeach Féiltí
agus imeachtaí speisialta’ a cheapadh.
Cuireann an institiúid clár cuimsitheach
d’imeachtaí scannánaíochta
ar fáil agus eagraíonn siad féiltí
scannáin i gcaitheamh na bliana. Beidh an té
a cheapfar freagrach as na himeachtaí agus
féiltí seo.
Tá fáisnéis breise i dtaobh an
phoist agus an chórais iarratais le fáil
ó: Head of Human Resources, Irish Film Institute,
6 Eustace Street, Dublin 2, nó is féidir
ríomhphost a sheoladh chuig jobs@irishfilm.iejobs@irishfilm.ie.
Is é an 6ú lá de mhí Fheabhra
an spriocdháta.
|
|
Dáta
|
6ú Feabhra
2009
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.irishfilm.ie
Ríomhphost: jobs@irishfilm.ie
|
|
Siamsa Tíre
|
Intéirneachtaí: Aisteoir
agus Cheoltóirí
Tá
Siamsa Tíre ag tairiscint trí intéirneachtaí
an samhradh seo. Tabharfar an trí intéirneahtaí
do bheirt cheoltóir agus aisteoir amháin.
Geobhaidh gach intéirneacht €450 in aghaidh
na seachtaine ar feadh 21 seachtain. Beidh cúig
léiriú a dhéanamh ag an gcomhlacht
i gcaitheamh an ama seo agus beidh ról lárnach
ag na intéireachtaí sna léiriúcháin
seo. Tá sonrú poist ina hiomláine
ar fáil ó: An Stiúirthóír
Ealaíne, Siamsa Tíre, Trá Lí,
Co. Chiarraí. Is é an 21 Feabhra an
dáta deireanach le hiarratais a dhéanamh.
|
|
Dáta
|
21 Feabhra 2009
|
|
Eolas
|
Teileafón: 066 7123055
Ríomhphost: siamsamanager@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.siamsatire.com
|
Imeachtaí
Gailearaí Cheardlann na gCroisbhealach.
Taispeántas físealaíne – Saothar
Nua leis an físealaíontóir iomráiteach
as Dún Lúiche, Ian Gordon, ‘Beside my
Buried Embroidery’ an teideal atá ar an dtaispeántas.
Beidh an taispeántas seo ag oscailt ar an 14 Feabhra,
2009.
Bíonn An Gailearaí oscailte Dé Luain
– Dé hAoine,ón 10 r.n.go 5 i.n., agus
Dé Sathairn ón 12 i.n. go dtí an 5
i.n.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.gailearai.com
Guthán: 074 9165594
An tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne
“Ceolchoirm Traidisiúnta 1”
Ceol traidisiúnta den scoth le Paddy Keenen ar na
píopaí agus Tommy O Sullivan ag casadh amhrán
agus ag seinnt ar an nguitár. Beidh an ceolchoirm
ar siúl san Ionad Cultúrtha ar an 11 Feabhra,
2009.
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Guthán: 026 45733
“Ceolchoirm Traidisiúnta 2”
Ceolchoirm traidisiúnta leis an gcumadóir
agus ceoltóir iomráiteach as Cúil Aodha,
Peadar Ó Riada. Beidh Peadar ag seinnt ar gconsairtín
agus an piano. Ina dteannta beidh John Kelly ar an bhfidil,
Mick O Connor ar an mbosca ceoil agus Aoife O Connor ar
an gconsairtín. Beidh an ceolchoirm ar siúl
san Ionad Cultúrtha ar an 27 Feabhra, 2009.
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: ionadculturtha@eircom.net
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Guthán: 026 45733
Aras Éanna, Inis Oírr‘ - Ceardlann
Damhsa
Tá na ceardlanna damhsa do dhaoine óga agus
fásta ag leanacht ar aghaidh go deireadh mí
Fheabhra. Is é Neil Smith, an tEalaíontóir
cónaithe atá ar Inis Oirr i mbliana, atá
i mbun na ranganna.
Tuilleadh eolais:
Guthán: 099 75150
Suíomh Idirlín: www.araseanna.ie
Ríomhphost: araseanna@eircom.net
Fibín Teo. An Cearrbhach Mac Cába
& Fiche Bliain ag Fás.
Tá an dráma úr leis an gcompántas
illdánach drámaíochta, Fibín,
‘An Cearrbhach Mac Cába & Fiche Bliain
ag Fás’ ar chamchuairt ar fud na tíre
faoi láthair.
Tá sé mar aidhm ag Fíbín, drámaíocht
den scoth a chur ar fáil do scoileanna na tíre.
Beidh deis ag na mic léinn atá i mbun staidéir,
briseadh amach as srianta an tseomra ranga agus tuiscint
níos leithne a fháil ar na saothair seo i
bhfóram taitneamhach agus grinn.
Dátaí na camchuairte:
Iontas, Baile na Lorgan, Co Muineacháin 042 9753400
Luan 2 - Cead 4 Feabh
Tuar Ard Arts Centre, Móta, Co. na hIarmhí
0906482042 Luan 9 - Aoine 13 Feabh
Port Láirge, Garter Lane Arts Centre 051855038 Luan
23 - Máirt 24 Feabh
Loch Garmáin, Wexford Arts Centre 0539123764 Déardaoin
26 - Aoine 27
Axis Arts Centre, Baile Muna, Baile Átha Cliath 01
8832100 Luan 2 - Aoine 6 Márta
Dubhlann, Gaillimh 091569777 Máirt 10 - Aoine 13
Márta
Watergate, Cill Chainnigh 0567761674 Céad 18 - Aoine
20 Márta
An Grianán, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
0749120777 Luan 23 - Máirt 24 Márta
Linen Hall, Caislán na Mhara 094 9023733 Luan 30
- Aoine 3 Aibreán
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.fibin.com
Ríomhphost: fibin@eircom.net
Guthán: (091) 553033
Fuint Focal
Beidh an Fhéile Litríochta do dhéagóirí,
atá eagraithe ag Pléaraca Chonamara ar siúil
ar an 29ú Feabhra, 2009 in Ionad Phádraig,
Dobhair, i gcroí lár Ghaeltacht Thír
Chonaill. Deireadh seachtaine lán le ceardlanna,
cruthaíocht agus siamsaíocht a bhéas
ann. Beidh scoth de cheoltóirí, scríbhneoirí,
amhránaithe agus drámadóírí
as Gaeltacht Thír Chonaill ag seacadadh a gcuid saineolais
go dtí an nglúin óg trí shraith
ceardlanna agus ranganna. Beidh ceolchoirmeacha, drámaíocht
agus neart imeachtaí spleodracha eile curtha ar fáil
do daoine óga as na ceantair Ghaeltachta uilig.
Tuilleadh Eolais:
Suíomh Idirlín: www.plearaca.ie
Ríomhphost: plearaca@eircom.net
Guthán: (091) 574346
Sraith Léachtaí Séamus Heaney
Tabharfaidh an Dr Máirín Nic Eoin, Ceann Roinn
na Gaeilge, Coláiste Phádraig léacht
dar teideal ‘Cultúr na Gaeilge nó pobal
na Gaeilge? An teanga Gaeilge agus an fhéiniúlacht:
ó Dhubhghlas de hÍde go Des Bishop’
in Amharclann Coláiste Phádraig, Droim Conrach
ar an Luain 2 Feabhra ag 8.00 i.n.
Tuilleadh eolais;
Suíomh Idirlín: www.spd.dcu.ie/shl
Réalt Uladh 2009.
Dé Satharn 14 Feabhra - Institiúid Teicneolaíochta
Leitir Ceanainn.
Comórtais amhránaíochta, léitheoireachta,
scríbhneoireachta, filíochta, drámaíochta
agus eile, tríd mhéan na Gaeilge, do naíonraí
agus bunscoileanna.
Tuilleadh eolais:
Suíomh idirlín: www.realtuladh.com
Ríomhphost: caitlin.conluain@lyit.ie
Taispeántas Físealaíne le
Sinéad Ní Mhaonaigh
Ionad Ealaíona na Gaillimhe. 22 Eanáir –
28 Feabhra.
Tá Ionad ealaíona na Gaillimhe i gcomhar leis
an Kevin Kavanagh Gallery ag cur taispéantais nua
leis an físealaíontóir Sineád
Ní Mhaonaigh ar siúl in Ionad Ealaíona
na Gaillimhe. Tá an ghníomhaíocht sa
fhísealaíon, an tearmann macnamhach agus aistear
an tsaoil mar théamaí lárnach i saothar
Uí Mhaoinaigh agus tá siad le brath go láidir
sa taispéantas seo. Tá cáil bainte
amach ag Ní Mhaonaigh mar fhísealaíontóír
atá dúshlánach, dianmhacnamhach agus
díograsach.
Tuilleadh Eolais:
Suíomh idirlín: www.galwayartscentre.ie
Teileafón: 091 565 886
Ríomhphost: info@galwayartscentre.ie
Naimhid an Phobail. Léiriú Drámaíochta
An Dubhlann, Gaillimh.
Léireofar an dráma clasaiceach le Henrik Ibsen
sa Dubhlann i nGaillimh ón 5ú Márta
– De Dómhnaigh 8ú Márta. Is comhléiriú
idir Moonfish Theatre agus an Taibhdhearc é an léiriú
seo.
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.antaibhdhearc.com
Ríomhphost: moonfishtheatre@gmail.com
Féilte
Scoil
Cheoil an Earraigh, 2009
Iarthar Dhuibhneach. 18 – 22 Feabra 2009
Scoil Cheoil Traidisiúnta a thugann aire faoi leith
do cheol, stíl agus amhráin thraidisiúnta
Chorca Dhuibhne. Ranganna Ceoil & Amhránaíochta
i rith na féile, ranganna cansairtín Fidil,
Bosca, Feadóg Stán, Damhsa ar an Sean-nós,
Ceardlann Seite, Sean-nós agus eile.
Céadaoin 18 Feabhra 2009
8pm Oscailt Oifigiúil & Fáiltiú -
An Múséam, Baile an Fheirtéaraigh
Oscailt Oifigiúil le Con Fada Ó Drisceoil. Ceol
ó Cheoltóirí Óga Chorca Dhuibhne,
Breanndán Ó Beaglaoich & aíonna speisialta.
10pm Club an Mháistir / Singers Club. Tigh Uí
Chatháin, Baile an Fheirtéaraigh,
Oíche amhránaíochta. Aoi speisialta,
Con Fada Ó Drisceoil
Déardaoin 19 Feabhra 2009
9.00am Clárú - Scoil an Fheirtéaraigh,
Baile an Fheirtéaraigh
10am-1pm Ranganna - Ionaid éagsúla, Baile an
Fheirtéaraigh.
10.15am – 11.30am Ciorcal Comhrá Gaoluinne -
Caifé na Cille, Baile an Fheirtéaraigh
2pm – 3pm Rang Gáidhlige le Ailean Domhnallach
-Scoil an Fheirtéaraigh
Feiliúnach do thosnaitheoirí
2pm Seisiún Oscailte - Tigh Mhurphy, Baile an Fheirtéaraigh
3pm – 4.30pm Rang Máistreachta - Scoil an Fheirtéaraigh.
Conasirtín – Mary McNamara
7.30pm Léacht & Scannán - Ionad an Bhlascaoid,
Dún Chaoin
Léacht: Ceol & Amhránaíocht Chorca
Dhuibhne ón gcartlann, le Ríonach Uí
Ógáin
Scannán: Séamus Goodman, Caomhnóir Ceoil,
agus ceol beo
10pm Oíche Ceoil & Amhránaíochta
- Tigh Khruger, Dún Chaoin
Aoine 20 Feabhra 2009
10am-1pm Ranganna
10.15am – 11.30am Ciorcal Comhrá Gaolainne
2pm – 3pm Rang Gáidhlige le Allan MacDonald-
Scoil an Fheirtéaraigh
2pm Tráthnóna Ceoil Recital - Tigh Bhric, An
Riasc, Baile an Fheirtéaraigh. Le Ben, Maurice &
Brian Lennon
4pm – 5.30 Ceardlann seite - Baile an Fheirtéaraigh
(Trasna ó Thigh an tSaorsaigh) Le Denise Uí
Bheaglaoich & John Tammie Ó Laoithe. Ceol beo.
(Seit Chiarraí Thiar)
8pm Ceolchoirm Concert - Halla na Feothanaí, Feothanach.
Ben, Maurice & Brian Lennon, Connie Connell & Joe
Sullivan, Mary & Andrew McNamara, Allan MacDonald, Tom
Mhaurice Ó Súilleabháin, Róisín
Ní Mhainín
Satharn 21 Feabhra 2009
10am-12pm Ranganna
10.15am Siúlóid Staire le Domhnall Mac Síthigh.
Ag fágaint ó chlós na scoile, ag braith
ar an aimsir.
11am -1pm & 2pm - 3.30pm Ceardlann rince ar an sean nós
- Seanscoil an Chuasa, An Bóthar, Cuas an Bhodaigh
Le Róisín Ní Mhainín. Clárú
sa scoil ó 10.30.
12.30pm Ceolchoirm na nDaltaí Sáipéal
Naomh Uinseann, Baile an Fheirtéaraigh. Aíonna
speisialta.
2pm Tráthnóna Ceoil leis na Caipíní
- Tigh an tSaorsaigh, Baile an Fheirtéaraigh.
3pm – 4.30pm Ranganna Máistreachta - Scoil an
Fheirtéaraigh. Veidhlín – Ben Lennon,
Feadóg Stán - Mary Bergin, Bosca Ceoil –
Mick Mulcahy
4pm – 5.30 Ceardlann seite. Baile an Fheirtéaraigh,
Trasna ó Thigh an tSaorsaigh. Le Máirín
Ní Chartúir. Ceol beo. (Seit Chonamara)
8pm Ceolchoirm - Halla na Feothanaí, Feothanach. Paddy
Keenan & Tommy Sullivan, Rick Epping, Michelle, Louise
& Mick Mulcahy, Áine Uí Cheallaigh, Mary
Bergin, Cór na mBan, Cúil Aodha
Domhnach 22 Feabhra 2009
10am Aifreann na Féile - Sáipéal Naomh
Uinseann, Baile an Fheirtéaraigh. Aifreann Uí
Riada le Peadar Ó Riada & Cór Chúil
Aodha
10.45am Maidin Chaifé Coff ar son Ospidéal na
Leanaí, Croimhghlinn
. An Múséam, Baile an Fheirtéaraigh
Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín:www.scoilcheoil.com
Ríomhphost: eolas@scoilcheoil.com
086 2285385 087 9967501
Éigse an Spidéil.
An Spidéal, Co. na Gaillimhe. 5 – 8 Márta.
Féile pobail agus cultúrtha ilghnéitheach
a thugann áit lárnach do na healaíona
traidisiúnta sa chlár agus a mbíonn blas
ilchultúrtha uirthi. Imeachtaí cultúrtha
agus ealaíona, ceol agus ceolchoirmeacha, litríocht
agus léachtaí. Tá an fhéile faoi
stiúir an Gaelacadamh.
Clár Éigse an Spidéil. 2009
Déardaoin 5 Márta
Óstán na Páirce. Oscailt & “Scoraíocht”
le micléinn an Dioplóma i gCoiriú agus
Stáitsiú an Cheoil Traidisiúnta / micléinn
an Ghaelacadaimh
9.00 i.n Seisiún Tigh Hughes – Ceoltóirí
áitiúla
Dé hAoine 6 Márta
8.00 i.n. Óstán na Páirce- Taispeántas
Damhsa. Ira Bernstein & Riley Baugus as réigiún
na Sléibhte Apaláiseacha i North Carolina, Stáit
Aontaithe Mheirceá le damhsa ar stíl an cheantair
sin – “Flatfooting”
Damhsa ar an sean-nós le Máirtín Sheáinín
Mac Donnacha, Catherine Ní Shuilleabháin, Proinsias
& Breandán Ó hIarnáin.
10.00 i.n. Bialann Bholuisce- Seisiún le Marcus Ó
hIarnáin & Johnny Connolly
8.00 i.n. Tigh Hughes– Oíche Fhilíochta.
Aoi speisialta: Biddy Jenkinson agus go leor filí áitiúla
10.00 - Seisiún le James Cullinan (fidil) , Dermot
Byrne (bosca) Carol Cullinan (méarchlár)
Dé Sathairn 7 Márta
Óstán na Páirce
10.00 r.n. - 1.00 r.n. - Máistir-ranganna. Feadóg
Mhór – Eibhlín De Paor. Bosca Ceoil –
Johnny Óg Ó Conghaile. Veidhlín –
Ben Lennon (11 – 1). Damhsa sean-nóis –
Gearóid Ó Dúbháin. Amhránaíocht
sean-nóis – Tomás Ó Neachtain
12.00 i.n: Coláite Chonnacht. Comórtas Cuimhneacháin
Pheatsaí Uí Cheannabháin. Comórtas
fonnadóireachta sean-nóis do dhaoine faoi 18
bl. Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta
8.30 i.n. – Óstán na Páirce - Ceolchoirm
na hÉigse le Ben Lennon & Tony O Connell, Eibhlín
De Paor & Connie O Connell, Danny O Mahoney (bosca) &
Gearóid Ó Dinnín (giotar)
10.30 i.n – Seisiún le Colm Gannon & Kelly
Geraghty (Consairtín) Bialann Bholuisce
8.00 i.n. Comóradh Tom Pháidín Tom. Aoianna
speisialta: Lilis Ó Laoire, Seán Ó Liatháin,
Máire Ní Chéilleachair, Jimí Ó
Ceannabháin, Máire Pheter Uí Dhroighneáin
10.00 in. Seisiún le Tom Doherty (bosca) & John
McHugh (fidil) i Tigh Hughes
Dé Dómhaigh 8 Márta
12.30 r.n. Tigh Hughes- Seisiún Mór. Ceoltóirí
Óga an Ghaelacadaimh & a gcuid múinteoirí
7.30 i.n. - Clabhsúr na hÉigse. Seisiún
Ceoil & fonnadóireachta le ceoltóirí
áitiúla
Neart imeachtaí eile do scoláraí i gcaitheamh
na seachtaine.
Tuilleadh eolais ón nGaelacadamh: 091-553124
Féile Bríde
An Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí
Léacht, seoladh leabhar, coirmcheoil, ceardlanna, beannú
agus dáileadh na gcros agus na mbrat, taispeantás
agus beannú ealaíne agus ealaíontóirí.
Is féile í seo a cheiliúrann Féile
Bríde agus na traidisiúin agus deasghnátha
a chomhcheanglaítear leis.
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín:www.ansagart.ie
Ríomhphost: pof@ansagart.ie
nó siofra@ansagart.ie
Guthán: 066 - 9150000
Féile Chóilín Sheáin Dharach,
Ros Muc, Conamara.
Féile i gcuimhe ar an ndamhsóir iomráití,
Chóilín Sheáin Dharach. Déantar
ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha,
(an damhsa ar an sean-nós ach go háirithe).
Ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, cainteanna agus léachtaí
oidhreachta, ceardlanna damhsa agus amhránaíochta.
30 Eanair – 1 Feabhra, 2009
Tuilleadh eolais: www.damhsoir.ie
Féile An Earraigh, Béal Feirste
5 Feabhra – 8 Feabhra.
Féile ceol agus teanga in Iarthar Bhéal Feirste
Dé hAoine 6ú Feabhra 2009: Kíla + tacaíocht
@ Bank Square
Dé Sathairn 7ú Feabhra 2009: Lúnasa +
tacaíocht @ Bank Square
Dé Domhnaigh 8ú Feabhra 2009: John Spillane
+ tacaíocht @ Bank Square / Peter Corry + tacaíocht
@ Mainistir Chluain Aird.
Tuilleadh Eolais.
Seoladh: Mr. Sean Paul O'Hare, 473 Bóthar
na bhFál, Béal Feirste BT12 6DD
Teileafón: 048 90313440
Ríomhphost:info@feilebelfast.com
Suíomh Idirlín: http://www.feilebelfast.com
Féile na Brídeoige.
Ionad na Dromoda, An Chillín Liath
Dé hAoine, 30 Eanair
Oscailt Oifigiúil leis an gCeann Comhairle, John O’Donoghue,
T.D.
Seoladh Leabhar na hÉigse “Cúl le Loch
agus Aghaidh le TréanMhuir” curtha in eagar ag
Seán Mac a’ tSíthigh
8.30 Paddy Bushe. “Peann agus Pictiúr –
turas fileata go dtí an Sceilg”
10.30 Óstán Bayview - Ámhráin,
Ceol agus Craic
Dé Sathairn, 21 Eanair
10.30 Tech Amergin, An Coireán. Dagmar Ó Riain-Raedel
(UCC) - “Skellig: the German Connection”. Léacht
ar lámhscríbhinn tábhachtach a thángthas
ar le déanaí
11.30 An tIonad Lae, Baile ‘n Sceilg. Grace Neville
(UCC). Vers l’Ouest: an Sceilg i litríocht na
Fraince
2.30 Seimineár “The Role of the OPW: Discovery,
Conservation, and Management” le Grellan Rourke, Oifigeach
Caomhnú leis an OPW agus Alan Hayden , Seandálaí
leis an OPW
8.30 Tech Amergin, An Coireán - Ceolchoirm na hÉigse
le Áine Uí Cheallaigh, Breandán &
Bréanainn Ó Beaglaoich, Marion Ní Néill
agus ceoltóirí eile áitiúla
Dé Domhnaigh,, 1 Feabhra
11.00 Séipéal Chillín Liath (Séipéal
Mhuire sa Ghleann). Aifreann na hÉigse, á chraoladh
beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
2.00 An tIonad Lae, An Gleann. Tomás Ó Carragáin
(UCC) - “No Monastery is an Island: the place of Skellig
Michael in the landscape of early medieval Iveragh”.
Léacht faoi thábhacht Sceilg Mhichíl
i gcóras mainistreach Uíbh Ráthaigh sna
meánaoiseanna luatha
3.00 Turas Páirce / Field Trip
Turas le John Sheehan (UCC) go dtí láithreacha
sa Ghleann go bhfuil nasc láidir idir iad agus an Sceilg
Éigse: Féile Ghaelach Choláiste
na Tríonóide,
Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath
26 – 30 Eanáir.
Féile cultúrtha agus teanga eagraithe ag an
gCumann Gaelach, Coláiste na Trionóide. Ceol,
siamsaíocht, diospóireachtaí agus imeachtaí
ealaíona.
Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín: www.cumann.ie
nó www.tcd.ie/gaeloifig
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.modelart.ie/newspaces.html- Model Arts & Niland
Gallery, Sligeach
http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie - Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org - Suíomh
acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie - Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|