EalaÍn na Gaeltachta

 

-

Nuacht

-

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

-

Cuir leis an liosta

-

Bain den liosta

-

Seol chuig cara

 

 

 

 

-

Teagmháil

 

-

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

Ealaín na Gaeltachta

 

 

Nuacht

Nollaig Shona agus ath-bhliain faoi mhaise díobh go léir ó fhoireann Ealaín na Gaeltacht.

Gné thábhachtach de ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí ealaíne is ea an tiomsaíocht, (go mór mór nuair a thugtar an aeráid eacnamaíochta agus na ciorruithe san áireamh). Tá Ealaín na Gaeltachta ag reachtáil dhá Shemineáir sa Tiomsaíocht; ceann sa Daingean agus cean eile sna Forbacha i mí Eanair. Is é cuspóir an semineár na léargas a thabhairt ar an mbealach is fearr le maoiniú agus urraíocht a aimsigh ó fhoinsí príobháideacha agus déanfar iniuchadh ar na féidireachta a bhaineann leis an tiomsaíocht. Foghlaimeoidh na rainnpháirtithe conas plean tiomsaíochta a chruthú agus a chur i bhfeidhm go héifeachtaí agus tabharfar eolas ar an mbealach is fearr le caidreamh a chothú le hurratheoirí, bronntóirí agus lucht gnó. Cúrsa praiciticiúl a bheidh ann le béim curtha ar an gcomhoibriú agus an rainnpháirtíocht. Is iad Rowena Neville as Buisness to Arts agus Georgian Neal, gníomhaí tiomsaíochta, na haoíchainteoirí. Tá breis eolais mar aon leis na sonraí cuí le fáil sa nuachtlitir.

Mar is gnáth, tá neart eolais faoi deiseanna ealaíne curtha ar fáil sa r-litir seo. Ina measc, tá ceithre fholúntas agus trí fhógra faoi choimisiún ealaíon poibail. Ábhar spéise d’ealaíontóirí is ea na dámhachtáin atá fógraithe ag an gComhairle Ealaíon. Curifidh an Chomhairle dámahachtáin ar fáil i n-ocht réimse ealaín éagsúil. Lena hais sin, d’fhógraigh Foras na Gaeilge a Scéimeanna Maoinithe do 2011. Tabharfaidh ealaíontóirí agus eagraíoctha Gaeilge suntas do dhá scéim atá dírithe ar eagraíochtaí ealaíne – Scéim na bhFéilte agus Scéim na gComplachtaí Drámaíochta. Tá neart imeachtaí agus féiltí ealaíne ilghéitheacha agus ildánacha ar siúl ar fud na Gaeltachta an mhí seo chomh maith agus tá eolas futhu uilig le fáil thíos. Ina measc, tá Féile Chóilín Sheáin Dharach, féile iontach a dhéanann ceiliuradh ar an amhránaíocht agus cultúr dúchasach . . Reachtáltar an fhéile i gcuimhne ar an damhsóir iomráiteach, Cóilín Sheáin Dharach. Beidh an fhéile ar siúl i Ros Muc ag deireadh mí Eanair

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Folúntas

 

Cló Iar Chonnacht

Eagarthóir Cúnta

Tá post lánaimseartha mar Eagarthóir Cúnta á fhógairt ag Cló Iar-Chonnacht. Ní mhór d’iarrthóirí

• Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa a bheith acu.
• Céim onóracha B.A., Céad onóracha nó dara onóracha Grád I sa Ghaeilge nó a comhionann
• Saineolas ar ghramadach na Gaeilge agus ar mhórchanúintí na Gaeilge.
• Taithi ríomhaireachta.

Scála tuarastail idir €26,000 agus €35,00

Seoltar litir iarratais mar aon leis Curriculum Vitae chuig: Bainisteoir Chló Iar-Chonnacht ag an seoladh thíos.



Dáta

21 Eanair, 2010.

Eolas

Teileafón: 091 593307
Ríomhphost: cic@iol.ie
Suíomh idirlín: www.cic.ie

 

Compántas Friars Gate, Luimneach.

Dhá Phost:   1. Bainiseoir Airgeadais
                        2. Bainisteoir Tionscnaimh.

Ionad Ealaíon Pobail is ea an Friars Gate Theatre & Arts. Tá dhá phost páirtaimseartha á fhógairt ag an eagraíocht: (1) Bainisteoir Airgeadais agus (2) Bainisteoir Tionscnaimh. Is ag obair ar an tionscnamh Pobal EIF a bheidh an bheirt dhuine a cheapfar.

Tuilleadh eolais faoi na postanna agus an próiseas iarratais le fáil thíos.

Dáta

31 Nollaig, 2010.

Eolas

Teileafón: 063-98727
Seoladh: Caoimhe Reidy, Manager, Friar’s Gate Theatre, Sarsfield St., Kilmallock, Co.Limerick
Suíomh idirlín:www.friarsgate.ie


 

Físealaíontóirí na hÉireann

Riarthóir/ Ballraíocht - Intéirneach

Tá folúntas ag Físealaíontóirí na hÉireann do Intéirneach. Beidh an té a cheapfar ag tabhairt cuidiú don riarthóir agus beidh freagracht aige/aici freisin ar chúrsaí bhallraíocht na heagraíochta. Tréimhse trí mhí atá i gceist, ó Eanair 2011 go mí an Mhárta, 2011.

Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí thíos.

Dáta

7 Eanair, 2011.

Eolas

Teileafón: 01 872 2296
Ríomhphost: bernadette@visualartists.ie
Suíomh idirlín:www.visualartists.ie


 

Féile Idirnáisiúnta na gCór, Corcaigh

Riarthóir - Féile Idirnáisiúnta na gCór, Corcaigh
Tá folúntnas ag Féile Idirnáisiúnta na gCór, Corcaigh do riarthóir. Fáilteoidh an fhéile roimh iarratais ó dhaoine leis an taithi agus na cáilíochtaí cuí. Ní mhór d’iarrthóirí
- Ardscileanna cumarsáide a bheith acu.
- Ardscileana ríomhaireacha a bheith acu.
- Taithi margaíochta agus poiblíochta a bheith acu.
- A bheith ábalta obair faoi bhrú agus mar chuid de fhoireann.
Seol litir iarratais mar aon leis Curriculum Vitae chuig stiúirthóir na féile ag an seoladh thíos.

Tuilleadh eolais faoin bpost agus an próiseas iarratais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.


Dáta

10 Eanair, 2011

Eolas

Ríomhphost: info@corkchoral.ie
Seoladh: John Fitzpatrick, Festival Director, Cork International Choral Festival, Civic Trust House, 50 Pope’s Quay, Cork
Suíomh idirlín:www.corkchoral.ie


 

Ionad Naomh Pádraig, Dobhair

Folúntais
Tá iarratais á lorg ag Coiste Bainistíochta Ionad Naomh Pádraig, Dobhair, Co. Dhún na nGall do na folúntais seo a leanas;
• Riarthóir Oifige – Lánaimseartha
• Oifigeach Ceoil & Cultúrtha - Páirtaimseartha
• Oifigeach Óige - Páirtaimseartha

Tuilleadh eolais faoi na postanna le fáil ag an uimhir ghutháin thíos

Dáta

23 Nollaig, 2010.

Eolas

Ríomhphost: cic@iol.ie
Suíomh idirlín:www.fas.ie
Teileafón: 074 9532949 / 0868259752

 


Deiseanna Deontais

Foras na Gaeilge

Scéimeanna Maoinithe 2011

Tá Foras an Gaeilge ag glacadh le hiarratais do na scéimeanna seo a leanas:

• Scéim – An Ghaeilge sa phobal.
• Scéim um Abhair Dhátheagnach /Ghaeilge
• Scéim na gcampaí Samhraidh.
• Scéim na nImeachtaí Óige.
• Scéim na bhFéilte
• Scéim na gComplachtaí Drámaíochta.

Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ag www.gaeilge.ie/sceimeanna

Spriocdháta

10 Eanair, 2011

Eolas

Seoladh:Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Muirfeann, Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost: eolas@forasnagaeilge.ie
Suíomh idirlín: www.gaeilge.ie/sceimeanna
Teileafón: 353 (0) 1 6398400

 

Foras na Gaeilge

Scéim na Foilsitheoireachta

Tugann an scéim seo cúnamh d’fhoilsitheoirí leabhair Ghaeilge a fhoilsiú. Cuirtear tacaíocht maoinithe ar fáil sna réimsí táirgeachta, margaíochta agus forbartha.
Tá tuilleadh eolais faoi chritéar na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíos. Tá na foirmeacha iarratais le fáil ag an seoladh thíos nó ríomhphost a sheoladh chuig leabhar@forasnagaeilge.ie

Spriocdháta

10 Eanair, 2011

Eolas



Seoladh:
Foras na Gaeilge, Ráth Cairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí.
Teileafón: 353 (0) 46 9430419
Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie
Suíomh idirlín: www.gaeilge.ie

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte). Is scéim leanúnach í Deis. Gach eolais faoin scéim agus faoi chriteár na scéime le fáil ag an sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

Scéim leanúnach.

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492

 

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtain

Tá na dámhachtán seo a leanas á fhógairt ag an gComhairle Ealaíon:
Dámhacthán Sparántachta na nEalaíon traidisúnta
Dámhacthán Sparántachta amharclainne
Dámhacthán Sparántachta damhsa
Dámhacthán Sparántachta na bhfísealaíon
Dámhacthán Sparántachta Scannán
Dámhacthán Sparántachta Litríochta
Dámhacthán Sparántachta ailtireachta.
Dámhachtain sparántachta Ceoil
Dámhactain sparántachta rainnpháirtíocht san Ealaíon.

Tá tuilleadh eolais faoi chriteár agus próiseas iarratais na scéimeanna le fáíl ag na sonraí teagmhála thíos agus ag www.artscouncil.ie

Spriocdháta

20 Eanáir 2011

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 6180 200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh Idirlín: www.artscouncil.ie

 

 

Físealaíontóirí na hÉireann

Sparántacht – Duine aonair.

Cuirfear sparántacht ar fáil d’fhísealaíontóirí a léiríonn go bhfuil saothar ar árdchaighdeán a chruthú acu agus atá faoi bhrú airgid faoi láthair. Is fiú €500 an sparántacht.

Ní mhór na rudaí seo a leanas a sheoladh chuig Físealaíontóirí na hÉireann;

• Litir clúdach.
• CV.
• Tuarascáil ghairid ar do s(h)aothar agus do thaithí ealaíne / taispeántais, srl.
• Cóip /íomhanna a léiríonn cumas do s(h)aothair.

Cuirfear scéal chuig iarratasóirí lastigh de cheithre seachtain. Gach eolas le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.


Spriocdháta

1 Feabhra, 2011

Eolas


Seoladh:
Artists Private Award, Visual Artists Ireland, 37 North Great Georges Street, Dublin 1
Teileafón: 01 872 22961 nó 01 872 2296
Ríomhphost: info@visualartists.ie
Suíomh Idirlín: www.visualartists.ie

 


Deiseanna Eile

Féile Scannán an Daingin

Duais airgid €5,000 don Togra Gearrscannán as Gaeilge is fearr.

Tá áthas ar Fhéile Scannán an Daingin 'Físín' a fhógairt, a fháiltíonn roimh scannánóirí togra gearrscannán as Gaeilge a sheoladh isteach.

Roghnófar cúigear scannánóir chun teacht go dtí an chéad Féile Scannán an Daingin eile a sheolfar ar Lá Fhéile Pádraig 2011. Beidh an cúigear mar aoínna speisialta ag an bhféile agus tabharfar an deis dóibh a dtograí a chur i láthair phainéil agus lucht féachana beo i bPictiúrlann an Phoenix le linn na féile.

Tá an deis seo á chur ar fáil ag an bhféile chun spreagadh a thabhairt do scríobh scripteanna scannán as Gaeilge.

Tá an comórtas oscailte do dhaoine aonair nó grúpaí, do mhic léinn na hIdirbhliana agus ar aghaidh suas go dtí scannánóirí gairmiúla. Tá foirm iarratais ar fáil le híoslódáil ar www.dinglefilmfestival.com nó is féidir rphost a sheoladh go fisin@dinglefilmfestival.com.

Bronnfar duais airgid €3,000 agus luach €1,000 de threallamh soilsiúcháin ar chíos, ar an gcur i láthair rathúil ag an bhféile agus filfidh siad ar an nDaingean lena scannán críochnaithe i 2012. . Bronnfar duais airgid de €500 ar cheithre cur i láthair agus bronnfar leabhar nótaí leathair chuimhneacháin ar an gcúigear scannánóir agus iad deartha ag Conor Holden.

Spriocdháta

31 Eanair, 2010.

Eolas

Teileafón: 00 353 (0) 87 9139962
Ríomhphost: maurice@dinglefilmfestival.com.
Suíomh Idirlín: www.dinglefilmfestival.com

 

Ceardlann na gCroisbhealach – an Gailearaí

Ciall 2011 - Aigneachtaí á lorg – Taispeántas Físealaíne, Márta 2011.

An Chéad Duais €5,000 – Dhá dhuais bhreise €1,000

Mar chuid den chomórtas Ciall, ba mhaith leis An Ghailearaí, Co. Dhún na nGall, go ndéanfadh físealaíontóirí iniúchadh ar “Ciall” na Gaeltachta mar a bhaineann sé leis an bhfísealaíon agus iarrtar orthu machnamh agus scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas:

• An bhuil íogaireacht nó ‘Ciall’ar leith ann a chuimsíonn aigne nó tuiscint Ghaeltachta?
• Má tá, cé mar a chuirtear in iúl é go cruthaitheach?
• An bhfuil ‘Ciall’nó íogaireacht na Gaeltachta le brath i saothar na bhfísealaíontóirí comhaimseartha nó an féidir é a chur in iúl trí mheán na healaíne ar chor ar bith?

Cuirfear fáilte roimh fhísealaíóntóirí saothar físealaíne a chruthú a bhfuil ‘ciall’ nó íogaireacht Gaeltachta a bhaint leis. Tá cúig ionad roghnaithe don chomórtas, áit ar féidir le físealaíontóír a s[h]aothar físealaíne a fhágáil chun go mbaileofar é. Is iad Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Gaillimh agus Corcaigh na hionaid.

Beidh fáil ar an fhoirm chlárúcháin agus beidh tuilleadh eolais faoi shonraí an chomórtais tar éis 14 Eanair, 2011. Is é sin an dáta a sheolfar an comórtas. Sheolfar é sa Culture Box, i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Osclófar an taispeántas ar an 12 Márta, 2011.

Tá tuilleadh eolais agus sonraí eile faoin comórtas le fáil ag www.angailearai.com

Spriocdháta

Mí Fheabhra

Eolas

Seoladh: An Fál Carrach, Co Dhún na nGall
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com

 

The Guesthouse, Corcaigh.

Tréímhse Cónaithe

Tá An Guesthouse i gCorcaigh ag cur tréímhse cónaithe trí mhí ar fáil d’fhísealaíontóir atá lonnaithe in Éirinn. Is fiú €3,000 an dámhachtán agus beidh an t-ealaíontóir a roghnófar ag fanacht agus ag obair in ionad an Guesthouse i gcathair Chorcaigh.

Tuilleadh eolais faoin tréimhse cónaithe agus an próiseas iarratais le fáil ar www.theguesthouse.ie nó ag na sonráí teagmhála thíos.

Spriocdháta

14 Eanair, 2010

Eolas

Seoladh: The Guesthouse, 10 Chapel Street, Shandon,Cork
Ríomhphost: the.guesthouse.project@gmail.com
Suíomh Idirlín: www.theguesthouse.ie

 

Ionad Ealaíne an Blue Frog

Is ionad ealaíne nua in Inis Díomáin, Co an Chláir é an Blue Frog. Fáiltíonn an tIonad roimh aigneachtaí do chlár ealaíne an Blue Frog, 2011. Fáilteofar roimh aigneachtaí do léiriúcháin sna taibhealaíona, sa cheol, léiriúcháín puipéidí, scannáin agus scéalaíocht. Ní mhór meabhrú gur ionad beag é an Blue Frog (50 suíochán). Tuilleadh eolais ó Vicky Lennie, The Blue Frog Café, New Road, Ennistymon, Co. Clare.

Spriocdháta

31 Nollaig, 2010.

Eolas

Ríomhphost: bluefrogclare@gmail.com
Suíomh Idirlín: uefrogcafe.wordpress.com

 

Love:live Music, 2011

Rainnpháirtíocht i bhféile Love: Live Music 2011.

Féile náisiúnta is ea an Love:live music a dhéanann ceiliúradh ar an gceol beo sa tír seo. Beidh an fhéile ar siúl ar an 8 Aibreáin, 2011. Iarrtar ar eagrais ceoil, bannaí ceoil, ceolfhoireann, ceoltóirí, srl, imeacht ceoil a eagrú ar an lá, is cuma cé chomh mór nó beag. Má tá spéis agat a bheith páírteach nó má tá tuilleadh eolais faoin bhféile de dhíth, téígh i dteagmháil le Aisling Ryan ag 01 6719429 nó info@lovelivemusic.ie

Spriocdháta

8 Aibreán, 2011

Eolas

Seoladh: Music Network , Teach an Chóiste, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 6719429
Ríomhphost: info@lovelivemusic.ie
Suíomh Idirlín: http://www.musicnetwork.ie


Oiliúint

Ealaín na Gaeltachta

Oiliúint sa Tiomsaíochta d’Eagraíochtaí Ealaíona sa Ghaeltacht (i gCiarraí & sa Ghaillimh)

Léargas ar an mbealach is fearr le maoiniú a aimsiú ó fhoinsí príobháideacha.

Faoi stiúir: Rowena Neville agus Georgina Neal (Business to Arts)

• Údarás na Gaeltachta, An Daingean, Dé Sathairn, 15 Eanair 10.00 r.n.

• Údarás na Gaeltachta, na Forbacha, Dé Sathairn, 29 Eanair 10.00 r.n.

Le háit a chur in áireamh
Don Ghaillimh: Muireann ag 091/503100 nó m.nidhroighneain@udaras.ie
Do Chiarraí Eibhlín ag 066 9150100 nó e.depaor@udaras.ie

Táille: €25 duine aonair nó €35 an eagraíocht

Líon teoranta le bheith páirteach

 

Spriocdháta

15 Eanair (An Daingean) & 29 Eanair (Gaillimh)

Eolas

Teileafón: Muireann ag 091/503100 nó Eibhlín ag 066 9150100
Ríomhphost: e.depaor@udaras.iem.nidhroighneain@udaras.ie
Suíomh Idirlín: www.ealain.ie

 

Improvised Music Company

“Accelerando” -- Forbairt Ghairimiúil do Snagcheoltóirí in Éirinn.

Is í cuspóir ‘Accelerando’ ná forbairt a dhéanamh ar scileanna bainistíochta, riaracháin, gnó, airgeadais, srl, ionas go mbeidh sé ar cumas snagcheoltóirí slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóirí gairimúla.
Cuirfear áiteanna ar fáil ar an gcúrsa do sheisear shnagcheoltóirí agus tabharfar túsáite dóibh siúd atá ag teacht in inmhe mar cheoltóirí proifisiúnta.

Beidh an cúrsa ar siúl idir Aibreán agus Samhain, 2011. Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

14 Eanair, 2011

Eolas

Teileafón: (0)1 670 3885
Ríomhphost: info@improvisedmusic.ie
Suíomh Idirlín: http://www.improvisedmusic.ie/

 

Business to Arts

Conas suíomh idirlín a chrúthú agus a bhainsitiú i gcomhair le Everyman Training.

Clár dhá lá a reachtáltar gach Déardaoin agus Aoine i mBaile Átha Cliath. Cuirtear an cúrsa seo ar fáil do dhaoine nach bhfuil aon scileanna teicniúla nó ríomhaireachta acu. Is féidir gach eolas ar shiollabas an chúrsa a fháil ag: http://www.online365.ie/training.htm

Is eagrais é Buisness to Arts a cothaíonn nascanna idir an lucht gnó agus an earnáil ealaíne.Tugar lascaine do bhaill Buisness to Arts ar chúrsaí oiliúna An Irish Times agus Sureskills. Is féidir clár na gcúrsaí seo a fheiceáil ag www.businesstoarts.ie

Spriocdháta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie

 

 


 

Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún

 

Great Northern Haven, Dún Dealgan

Opportunity: Great Northern Haven public art commission, Dundalk - call for submissions

Fáitíonn na comhairlí áítiúla i gCo an Lú, i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus an Nestling Project, roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí chun píosa ealaíne a chruthú a bheith suite i láthair in Árasáin Great Northern Haven i nDún Dealgan. Is forbairt de 16 árasán don aosach is ea an Great Northern Haven atá tógtha sa sheanstáisiún iarnróid. Caithfidh an té a roghnófar tréimhse cónaithe sa Northern Haven agus cruthóidh sé nó sí an saotharealaíne roimh, nó ag deireadh, an tréímhse sin. Ní mhór go gcinnteoidh an ealaíontóir go mbeidh páirt ag na daoine atá ina chónaí sna árasáin sa tionscnamh. Tá ciste de €30,000 curtha ar fáil.

Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí thios.

Spriocdháta

11 Eanair, 2011

Eolas

Seoladh: Great Northern Haven Public Arts Commission, Arts Office, Louth County Council, Fairgreen, Ardee, Co an Lú.
Suíomh Idirlín: http://www.createlouth.ie/artist-opportunity-great-northern-haven-artwork
http://www.createlouth.ie/wp-content/uploads/2010/11/Great.pdf


Bunscoil Oideachas Le Chéile, Droichead Átha

Comisiún faoi scéim Ealaíon Pobail: Bunscoil Oideachas Le Chéile, Droichead Átha

Fáitíonn Bunscoil Oideachas Le Chéile, Droichead Átha roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí chun píosa ealaíne a chruthú a bheith suite i láthair ar champas na scoile (taobh istigh nó taobh amuigh). Beidh spéis ar leith ag an gcoiste i saothar ealaíne comhaimseartha atá spreagtha ag oidhreacht an cheantair agus a luíonn isteach leis an ráiteas, No Child is an Outsider/ Ní éisc aduain é an dalta - manna na scoile. Tá ciste de €38,000 curtha ar fáil don tionscnamh.

Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí thios.

Spriocdháta

31 Eanair, 2011

Eolas

Teileafón: 00353 041 9847427
Ríomhphost: lecheile.etns@gmail.com
Suíomh Idirlín: http://www.lecheileetns.com

 

Scoil Náisiúnta Bhaile Bhrigáín. (Oideachas Le Chéíle)

Comisiún faoi scéim Ealaíon Pobail - Scoil Oideachas Le Chéíle: Scoil Náisiúnta Bhaile Bhrigáín

Cuireann Scoil Oideachas Le Chéíle: Scoil Náisiúnta Bhaile Bhrigáin fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí chun píosa ealaíne buaine a chruthú a bheidh suite sa scoil. Ní mhór go dtabharfaidh an saothar ealaíne léargas ar fhealsúnacht agus ar chuspóirí na scoile. Tá an coimisiún oscailte do gach réimse físealaíona, ach ní mhór go mbeadh rainnpháirtíocht ag scoláirí na scoile sa tionscnamh. Tá ciste de €24,000 curtha ar fáil.

Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí thios.

Spriocdháta

20 Eanair, 2011

Eolas

Teileafón: 01 6904635
Ríomhphost: info@balbrigganetns.com
Suíomh Idirlín: http://www.balbrigganetns.com

 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne ná na healaiona d'árd chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá clár dushlánach leagtha amach ag an ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reachtáiltear na himeachtaí go léir san Ionad.

Comóradh 11 mbliana d'Ealaíontóirí Mhúscraí - 'Slí Bheatha'

Go dtí an 31 Eanair, 2011

Taispeántas le Bernadette Ní Choitir, Helen Ní Chuill, Pauline Dodds, Meredith Flandreau, Marie Foley, Robert Rasmussen, An tAthair Diarmuid O'Riordáin, Máire Ní Shúilleabháin, Tadhg Mac Suibhne, Suzanne O'Sullivan, Maura Whelan, Helen Willems Bogels.



Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


Arás Éanna, Inis Oirr
Is Ionad Ealaíne é Áras Éanna atá suite ar Inis Oirr. Cuireann an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí ealaíne agus cultúrtha ar siúl.

Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais agus clár na n-imeacthaí a fhail ag na sonraí teagmhála thiosluaite

Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní Ghallchóir:
Ríomhphost:araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann, Co Na Gaillimhe.


Gailearaí Joan Clancy, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar ó Dhún Garbhán. Tá stádas á bhaint amach aige de réir a chéile mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint. Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge gairid do Choláiste na Rinne, 10k ó Dhún Garbhán agus 12k ón Aird Mhór.

Christmas Show / Féile na bPictiúr:
Saothar leis na healaíontóirí Arthur Maderson, Andrea Jameson, Blawnin Clancy, Katarzyna Gajewska, Rayleen Clancy, Ross Stewart, Mary Clancy, Dave West.

Tá Joan Clancy Gallery suite idir Coláiste na Rinne agus Trá an Choinigéir. Ar oscailt 11 – 5pm i rith an taispeantais: deire seachtain Samhain 26-28, Nollaig 4-5, agus trí am a chur san áireamh. Fáilte roimh cách.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó 086 8134597
Seoladh : Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.

Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.


Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie www.ceiliuradh.com


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo

Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí a fháil ag na sonraí teagmhála thios.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/


Tráthnónta siamsaíochta san Ardchathair – Gael Linn

Chuir Gael Linn tús i mí Eanáir 2008 le sraith de thráthnónta siamsaíochta faoin teideal ‘Bewley’s @ 6!’. An aidhm atá leis na tráthnónta seo ná deis a thabhairt do lucht na Gaeilge san Ardchathair teacht le chéile tar éis lá oibre nó lá siopadóireachta, scaoileadh leis an trácht, deoch a ól, greim beag a bheith acu le n-ithe agus sult a bhaint as ceol den scoth!

Is in Amharclann Bewley’s, sa chaifé stairiúil ar Shráid Ghrafton, a bhíonn an chraic ar oícheantaí Mháirt go míosúil ó 6p.m. go 8p.m. I measc na n-oirfideach a bhí linn go dtí seo bhí Jimmy Crowley, Cormac, Fionán agus Éamonn de Barra, Mac Dara Ó Conaola agus a chairde, Mick O’ Brien,Mark Kelly agus Niamh de Búrca, Tadhg Mac Dhonnagáin, Feargal Ó Murchú agus Conal Early ón seó Ragús, Seán Ó hÉanaigh agus baill den ghrúpa ‘Téada’, Oisín Mac Diarmada, Paul Finn agus Tristan Rosenstock.

Tá blaisíní bia deá-mhéine san áireamh sa táille iontrála €15 agus tá fáil ar tae, caifé agus deochanna ag an mbeár.

Le fáil amach cé hiad na ceoltóirí a bheidh linn an chéad mhí eile cliceáil ar Nuacht ar an leathanach baile, nó is féidir gach eolas a fháil ag an uimhir thíos.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087-2547574
Ríomhphost: niamh@gael-linn.ie

 


Ranganna damhsa ar an sean nós le Marian Ní Chonghaile


Ionad: Stiúideo Maigh Cuileann (Le taobh Evergreen)
Gach Máirt. Do Ghasúir agus Daoine fásta Am: 6.00i.n. - 7.00i.n.

Ionad: Campbells Tavern, Ath Cinn
Do Daoine fásta. Gach Ceadaoin. Am: 8.30i.n. - 9.30i.n. Seisiúin breá ceol ina dhiaidh

Ionad: Maoin Cheoil na Gaillimhe, Coláiste Mhuire, Bóthar Mhuire, Gaillimh
Ranganna damhsa ar an sean nós le Marian Ní Chonghaile. Do Ghasúir agus Daoine fásta. Gach Luain. Am: 7.00i.n. - 8.00i.n.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: Marian @ 086 8533397
Suíomh Idirlín: www.cleiteach.wordpress.com


Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean

Ceolchoirm Traidisiúnta (Music Network)
Satharn, Eanair 15
Ag Trasnú na Sionainne/Crossing the Shannon le Muireann Nic Amhlaoibh (guth, flúit) John Wynne (flúit), John McEvoy (fidil), John Blake (giotár, flúit, bouzouki) 8pm

Ceardlann amhránaíochta do dhaone óga.

Bíonn ceardlanna i scileanna amharclannaíochta do dhaoine óga, cleachtaithe cheoil agus taispeántaisí ealaíne ar siúl go rialta in An Lab. Ag tosnú i Mí Eanair:
Smeidiú don Stáitse le Áine Ní Dhubháin

Taispeántas físealaíne.

Eitséálacha le Tomás Ó Cíobháin agus Griangrafanna le Gearóid Ó Cathasaigh

Tá An Lab/AnnÓg ar Aghaidh le fáil ar Facebook. Beidh ár suíomh idirlíon nua á sheoladh go luath. Tá An Lab ar fáil le haghaidh léirithe, ceolchoirmeacha, insealbhaithe, taispeántaisí ealaíne agus ócáidí eile. Deinimid freastal ar gach aois-ghrúpa tré mheán na Gaoluinne.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net


Culturlann Uí Channáín, Doire - Imeachtaí

Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí teagmhála thios.

Ranganna ar fáil sa Chultúrlann

Ranganna sna réimsí seo a leanas ar fáíl: Ranganna Gaeilge / Irish Classes. Fidil / Fiddle. Bainseó / Banjo. Feadóg Stáin / Tin Whistle. Píb Uilleann / Uillean Pipes. Amhránaíocht Traidisiúnta / Traditional Singing. Damhsa ar an sean-nós / Sean-nós dancing. Damhsa Céilí / Céilí Dancing. Tai Chi

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 02871264132
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Seoladh : Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF


Cumadóireacht chruthaitheach – Nuachumdóíreachta litríochta le Pádraig Ó Cíobháin.

Gach oíche Dé Máirt ar a leathuair tar éis a seacht istoíche, ceiliúrtar cumadóireacht chruthaitheach na Gaeilge i Seanscoil Shailearna i gCois Fharraige. Pádraig Ó Cíobháin, áisitheoir/seachadóir na ceardlainne seo. Tá d'aidhm againn adhmad a bhaint as oidhreacht liteartha Ghaeltacht Chonamara, na nGaeltachtaí eile agus na nGaelbhách a bhíonn ar an bpeann coitianta ar fuaid Fódla, d'fhonn píosaí nuachumadóireachta a chur ar fáil dár léitheoirí dílse. An uair dheireanach a chruinnigh an meitheal so le chéile Go nuige seo (Coiscéim, 2005) an táirge ba thoradh dá saothar. Tá súil le heagrán eile dá leithéid a chur amach de chionn obair cheardalainne 2010/2011. Ní cás a rá ná go bhfuil fáilte roimh chách. Ní neart go cur le chéile. Cruthú ar aon bheophobal a bhfuil dá scríobh ann. Is maith is fiú athmhachnamh a dhéanamh ar an maicseam a deir gur treise an peann ná an claíomh; ansan beart do dhéanamh de réir na mbriathra gaoiseacha san.

Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: padraig.ociobhain@upcmail.ie


Ionad Ealaíne Iarthar Chorcaigh agus Ionad Ealaíne Sirius.

People of the Sea – Taispeántas grianghrafadóireachta le Gilles Perrin.
Is grianghrafadóir ón bhFrainc é Gilles Perrin. Déanann an saothar staideár ar chósta Chorcaigh, ar an daoine atá ag obair sa tionscail mhara, ar an gcéanna, na báid agus ar an saol a fhásann thart ar thionscail na mara. Grianghrafanna ollmhóra atá iontu a thugann forléargas ar an ábhar faoi iamh an ghrianghrafadóra. Is i ndubh agus bán agus i bhfoirm diptych nó triptych atá na híomhánna.
Beidh an taispeántas ar siúl go deireadh mí Eanair.

Tuilleadh Eolais
Sirius Arts Centre: (021) 481 3790 nó http://www.siriusartscentre.ie
West Cork Arts Centre: (028) 22090 nó http://www.westcorkartscentre.com
Suíomh idirlín Gilles Perrin; http://gilles-perrin.com


Branar - Clann Lir.

Tá grá athar dá pháistí ag croílár na hathinsnte seo den sean scéal clúiteach CLANN LIR. Sa léiriú beoga seo, díríonn BRANAR ar an seanscéal mar shíscéal. Feiceann muid-Tóraíocht Lir a pháistí;Claochlú draíochta;Trí dheis chun an gheis a bhriseadh!; Agus go leor eile.

Insítear an scéal draíochta seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nua- chumtha. Arna stiúradh ag Marc Mac Lochlainn.

Ceol le Micheal Chang agus Freda Nic Giolla Chatháín.
Buíochas le Deis as tacaíocht a thabhairt don tógra seo.
Dataí: Mí Feabhra ar aghaidh
Aoisghrúpa: 6-10
Ar fáil i nGaeilge/ Dátheangach/ Béarla

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 091 590999/ 091 442360/ 0868546616
Ríomhphost: info@branar.ie


Coirm Cheoil na Nollag - An Díseart.

6 Eanair,2011. 8.00 i.n. Séipeál an Dísirt.

Beidh Coirm Cheoil na Nollag i Séipéal an Dísirt @ 8.00pm 6 Eanáir. Páirteach beidh Mossie Ó Scanláin, Mike Dainín Ó Sé, Cian Ó Móráin agus Pádraig Ó Fiannachta.
Cead isteach €10. Ceol, amhráin, agus Filíocht.

Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: pof@diseart.ie


Féiltí

Féile Chóilín Sheáin Dharach

Dé hAoine 28 – Dé Domhnaigh 30 Eanáir
Ros Muc, Co. na Gaillimhe

Féile i gcuimhne ar an damhsóir iomráiteach, Cóilín Sheáin Dharach. Déantar ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha agus ar an damhsa ar an sean-nós, ach go háirithe. Ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, léachtaí oidhreachta, ceardlanna damhsa agus amhránaíochta.

Breis eolais
Suíomh Idirlín: http://www.damhsoir.ie
Ríomhphost: damhsoir@eircom.net


Féile Cheoil Thraidisiúnta agus Cultúrtha, Barr an Teampaill, Baile Átha Cliath.

26 -30 Eanair
Bunaíodh an fhéile i 2004 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Déantar ceiliúradh ar cheol agus ar chultúr na tíre. Ceolchoirmeacha, scannáin, na físealaíona, drámaíocht agus neart imeachtaí cultúrtha eile i gcroí lár na hardcathrach.

Breis eolais
Teileafón: 01 677 2397
Ríomhphost: fiona@tascq.ie
Suíomh Idirlín: www.templebartrad.com


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

http://www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.