EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

 

Nuacht

Nollaig Shona agus ath-bhliain faoi mhaise díobh go léir ó fhoireann Ealaín na Gaeltacht.

Comhghairdeas le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus Oidhreacht Chorca Dhuibhneach a sheol dhá dhlúthdisosca álainn d’amhránaíocht thraidisiúnta don aos óg agus leabhar amhrán an mhí seo. ‘Tídil Eidil Éró’ is ea an teideal, agus fobraíodh iad mar thoradh ar tionscnamh amhránaíochta agus ceoil a reachtáladh faoi stiúir Áine Uí Laoithe. Comhghairdeas fresin le muintir Rann na Féirste a sheol CD úr de cheol agus d’amhránaíocht dúchasach an cheantar le gairid. Tá na dlúthdhioscaí ar díol faoi láthair.

Míle buíochas do na heagraíochtaí a chur iarratas itseach do Scéim Fhorbartha na nEalaíon/Scéim na bhFéilte Ealaíon 2010. Tháinig ardú ar líon na n-iarratas i mbliana, rud a léiríonn go bhfuil cúrsaí ealaíne beo beathaíoch sa Ghaeltacht. Ní mhór do na hiarrthóirí a bheith ar an airdeall faoin foláireamh tábhachtach a bhaineann leis na scéimeanna i mbliana. Tá maoiniú na scéimeanna ag brath ar an leibhéal maoinithe a bheith ar fáil d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ón Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta don bhliain 2010, agus déanfar athbhreithníú ar na scéimeanna dá réir. Cé go mbeidh sé tús na bliana 2010 sula mbeidh sé ar chumas na bpáirtnéirí thuasluaite an leibhéal maoinithe sin a dheimhniú, chinn Ealaín (na Gaeltachta) Teo., iarratais a lorg ag an am seo le go mbeifear ullmhaithe i gcomhair meastóireachta nuair a bheidh an deimhniú sin ar fáil.

Beidh an Gréasán Ceoil ag eagrú Lá Náisiúnta Ceoil ar an 16 Aibreán, 2010. Reachtálfar imeachtaí ceoil agus ceolchoirmeacha ar fud na tíre. Tá an Gréasán Ceoil ag iarraidh dul i dteagmháil le haon cheoltóir nó eagraíocht ealaíne atá spéis acu a bheith páirteach san ócáid seo. Is féidir gach eolais a fháil ag: www.musicnetwork.ie
Tá neart féilte agus imeachtaí ealaíona illdánacha ar siúl sa bhliain úr. Reachtálfar dhá chinn de na féilte Gaeltachta is fearr sa mhí romhainn. Tá ardghradam ag baint leis na féilte seo, agus is seod iad ó thaobh shaibhreas cultúrtha agus caighdeán ealaíne de.
Beidh Féile Chóilín Sheáin Dharach ar siúl i Ros Muc ag deireadh mí Eanair. Is Féile i gcuimhe ar an ndamhsóir iomráití, Chóilín Sheáin Dharach í. Déanan an fhéile ceiliúradh ar thraidisiún ceoil an cheantair agus ar an damhsa ar an sean nós, ach go háirithe. Beidh Scoil Cheoil Frankie Kennedy ar siúil i nGaoth Dobhair ag deireadh na bliana seo. Is Féile í seo a mheallann cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír agus bíonn atmaspheár álainn le brath ann!
Is mór an méid deiseanna deontas agus deiseanna eile atá fógraithe i ríomhlitir na míosa seo. Le hais sin, tá eolas ar na himeachtaí ealaíona agus cultúrtha a bheidh ar siúl sa mhí amach romhainn.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Comhdháil

Scoil Cheoil Gheimhridh Frankie Kennedy, Gaoth Dobhair

Eagrófar an léacht mar chuid de Scoil cheoil Gheimhridh Frankie Kennedy. Léacht faoin tionchar mór a bhí ag RnaG ar an cheol traidisiúnta agus ar cheol na hÉireann i gcoiteann.
An Chrannóg, Gaoth Dobhair.


Dáta

28 Nollaig

Eolas

Teil: 087 9309656
R-phost: eolas@frankiekennedy.com



 

IMMA – Léachtáí agus cainteanna, Geimhreadh 2009.

Tá sraith de léachtaí agus cainteanna ar réímsí éagsúla de na físealaíona eagraithe ag IMMA i rith an gheimhridh. Beidh siad ar siúl in ionad IMMA san Ospideál Ríoga i gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath. Tá sraith léachtaí le físealaíontóirí ar nós Alan Phelan, Philippe Parreno agus Lunda Benglis eagraithe agus pléfar téamaí éagsúla agus na cineálacha físealaíona éagsúla. Tá gach eolas agus amchlár le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

Eolas


IMMA, An Ospideál Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
Teil: 01 6129900
Suíomh idirlín: www.imma.ie
R-phost: sophie.byrne@imma.ie



 


Oiliúint

Ceardlanna Oiliúna sa Fhorbairt Ghairmiúil – Físealaíontóiri na hÉireann agus An Monarcha Náisiúnta Dealbhóireachta.

Ta clár leathan de cheardlanna oiliúna eagraithe don fhómhar ag an dhá eagraíocht seo dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna cleachtais agus scileanna praicticúla. Tá na cúrsaí feiliúnach d’ fhísealaíontóirí atá ag iarraidh feabhais a chur ar a gcuid modhanna cleachtais agus díreoidh sé ar chúrsaí bainistíochta, riaracháin agus gnó chomh maith. Léachtóirí den cheád scoth a bheidh ag teagasc ar na ranganna. I measc na n-ábhar a chuirfear ar fáil, beidh an Chuntasaíocht; Airgeadas; Dlí agus an Físealaíontóir; poiblíocht agus margaíocht; An t-idirlíon agus an Físealaíontóir; Peer critique; agus go leor ábhair eile. Ta breis eolais faoi na cúrsaí uilig agus cóip den churaclam le fáil ag: www.visualartists.ie/Services/sfr_current_prog.html

Dáta

Spriocdhátaí do na cúrsaí éagsúla le fáil ón eagraíocht.

Eolas

Visual Artists Ireland
Teil: 01 8722296
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie
R-phost: monica@visualartists.ie

National Sculpture Factory
Teil: 021 4314353
R-phost: elma@thenationalsculpturefactory.com

 

Business to Arts - New Stream. Cúrsaí Oilúna i dTiomsaíocht airgid.

Is é aidhmeanna an cúrsa seo ná scileanna tiomsaithe airgid a neartú i measc eagraíochtaí ealaíne agus saineolas a roinnt ionas go mbeidh eagraíochtaí ealaíne ábalta maoiniú a aimsiú ó fhoinisí priobáideacha. Is cúrsa cuimsitheach agus fadthéarmach é a díríonn ar riachtanais na n-eagraíochtaí ealaíne. Reachtálfar an chéad chéim den chúrsa, ‘For Impact Training’ ar an 14 agus 15 Eanair. Tá gach eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

14 -15 Eanair, 2009

Eolas

4 East Essex Street, Temple Bar , Dublin 2
Suíomh idirlín: www.businesstoarts.ie
R-phost: info@businesstoarts.ie
Teil: 01 672 5336

 

Ranganna ceardaíochta: Ionad Bhalor: Oileán Thoraí, Co. Dhún na nGall

Is ionad Ceardaíochta agus eolas do Thurasóirí é Ionad Bhalor atá lonnaite ar Thoraigh.
Tá an t-ionad, i gcomhair le Comhair le Comhar Chumann Thoraí, ag reáchtáil ranganna ceardaíochta i Coláiste na ranganna a chuifear ar fáil:
Casadh adhmad - Dé Sathairn 10ú & Dé Domhnaigh 11ú Eanair 2010
Ceardlann sa seodraíocht - De Sathairn 16ú & Dé Domhnaigh 17ú Eanáir


Dáta

Níl Spriocdháta i gceist.

Eolas

Teil: +353 87 2280310
R-phost: ionadbhalor@live.com
Suíomh idirlín: www.ionadbhalor.com


 

 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtain sparánachta

Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta don chéad bhabhta eile de na dámhachtainí Sparánachta (5 Samhain 2009 a bhí ann ar dtús) á an 21 Eanáir 2010 an spriocdháta nua.

Seo a leanas na foirm ealaíne atá faoi réir: Ailtireacht, Na healaíona rannpháirteachais, Rince, Scannáin, Litríocht an Bhéarla, Litríocht na Gaeilge, Ceol, Téatar, Na healaíona traidisiúnta, Na físealaíona

Suim a dámhadh: €15000


Spriocdháta

Eolas


Teil:
Kate ODonnell (Awards Officer)
R-phost: awards@artscouncil.ie
Teil: 01 618 02 36

 

An Chomhairle Ealaíon / Music Network

Dámhachtain um thaibhiú agus chamchuairt

Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is iad Music Newtork a riarann í. Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú le ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna fostaíochta méadaithe a thairiscint do cheoltóirí Éireannacha; bonn scileanna ealaíontóirí Éireannacha i réimsí mar phleanáil tionscadail agus riarachán, féin-phoiblíocht agus féin-bhainistíocht; agus foinse nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur isteach. Féach ar láithreán gréasáin www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil leis an eagraíocht


Spriocdháta

15 Feabhra.

Eolas


Seoladh:
Clár-Bhainisteoir Taibhithe, Music Network, Teach an Chóiste , Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
R-phost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín:www.musicnetwork.ie
Teil: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430

 

Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa

Scéím Taistil

Cuireann Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí, do ghníomhairí cultúrtha, d’iriseoirí, do thaighdeoirí, d’aistritheoirí agus d’eagraíochtaí cultúrtha tríd an Scéím Taistil. Tugann an scéim tacaíocht do tionscnamh a chothaíonn comhoibriú agus a chruthaíonn gréasán oibre idir Eorpaigh óga. Tá criteár na scéime agus gach eolail le fáil ar shuíomh idirlín na fondúireachta. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an scéim seo ocht seachtain roimh tús an tionscnaimh.


Spriocdháta

Níl spriocdháta ag baint leis an scéim seo.

Eolas

Suíomh idirlín: www.eurocult.org

 

 


Deiseanna Eile

Dráiocht – tionscnamh pobail / tréimhse Cónaithe. 2010/2011

Is cúis áthais do Draíocht, (i gcomhar leis an oifig ealaíne, Comhairle Contae Fine Ghall), tréimhse cónaithe d’ealaíontóirí a fhógairt. Is tionscnamh comhphobail é seo a mhairfidh ar feadh tréimshe 15 mí. Cuirfear tús leis an tionscamh ar an 1 Márta, 2010. Iarrfar ar an té a roghnófar tionscnamh ealaíne do dhaoine óga a chruthú agus a chur i gcrích. Ní mhór go mbainfeadh an t-aos óg leas agus tairbhe as an tionscnamh a chruthaítear. Lena hais sin, cuirfidh an té a roghnófar a s(h)aothar ar thaispeántas le linn Spréacha, fhéile ealaíona a bhíonn ar siúl i bhFine Gall.

Spriocdháta

15 Eanair 2010

Eolas

Teil: 01 8098026
Ríomhphost: niamh@draiocht.ie
Suíomh idirlín:www.fingalarts.ie

 

Centre Culturel Irlandais, Páras - Tréimshe cónaithe. 2010/2011

Fáiltíonn Centre Culturel Irlandais i bParás, An Fhrainc roimh iarratais do scéimeanna tréimshe cónaithe atá ag reachtáil acu ó mhí Mheán Fómhair 2010 – Mí Iúil, 2011. Is deis iontach é d’ealaíontóir seal a chaitheamh ag obair mar ealaíontóir i gcathair spreagúil agus spleodrach. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóírí Gaelacha atá ag saothrú mar ealaíontóir, gach cineál ealaíne san áireamh. Cuirfear costais taistil, lóistín agus cothú san áireamh agus bronnfar sparántacht de €700 an mhí ar na daoine a roghnófar.

Spriocdháta

29 Eanáir 2010

Eolas

Seoladh: Sheila Pratschke, Director, at:
Centre Culturel Irlandais, 5, rue des Irlandais, 75005 Paris
Suíomh idirlín: www.centreculturelirlandais.com
Ríomhphost: spratschke@centreculturelirlandais.com

 

Gradam Colmcille- Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

Is ar phíosa filíochta nua i nGaeilge nó i nGadhlig (nár foilsíodh riamh cheana) a bhrronntar Duais Cholmcille/ Béal Átha na mBuillí. Bronnfar €4,000 don chéad áit, €2,000 don dara háit agus €1,000 don triú háit. Tabharfar cuireadh do na buaiteoirí na dánta a léamh ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí i 2010 agus bronnfar táille €400 orthu dá bharr.


Spriocdháta

5 Feabhra 2010

Eolas

Téil: 01 671 9278
Suíomh idirlín; http://www.poetryireland.ie/resources/
competitions.php?id=762

 

Comórtas Idirnáisiúnta Cumadóireacht Ceoil Leictreofhuaimiúil (Electroacoustic)

Is comhfhiontar idir RTÉ lyric fm agus The Centre for Computational Musicology and Computer Music (CCMCM, Ollscoil Luimnigh) é an comórtas idirnáisiúnta seo. Tugann an comórtas árdán do chumadóirí ceoil atá ag teacht in inmhe i saol an cheoil. Bronntar coimisiúin ceoil, ar fiú €3,000 é, ar an mbuaiteoir. Cumfaidh an buaiteoir píosa ceoil leictreofhuaimiúil idir 8 – 10 noimeád ar fhad . Léireofar an píosa ceoil ar stáite mar chuid den shraith ceolchoirmeacha, ‘Soundings’ a eagraíonn an CCMCM. Craolfar an ceol ar RTÉ lyric fm freisin.

Spriocdháta

22 Eanair 2010

Eolas

Suíomh idirlín; www.rte.ie/lyricfm/nova

 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI)

Eagraíonn an CCOI sraitheanna ranganna agus ceardlanna ar bun rialta, mar aon leis cúrsaí oiliúna, léachtaí agus imeachtaí. Tugann siad comhairle agus cabhair d’ealaíontóirí ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna eile a chuireann siad ar fáil. Tá an t-eolas uilig le fáil ar an suíomh idirlín.


Spriocdháta

Eolas

Téil: +353 (0)56 7761804
Facs: +353 (0)56 7763754
Ríomhphost:
info@ccoi.ie
Seoladh: Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland

 


 

% Ealaíona

Duganna Bhéal Féirste - Coimisiún - Ealaíon Poiblí

Fáilteofar roimh iarratais ó fhísealaíontóirí chun píosa ealaíona poiblí a chruthú a bheidh suite go buan i nduganna Bhéal Féirste. Is fiú GBP100,000 an coimisiún, gach costas san áireamh. Gach eolas faoin bpróiseas iarratais agus critéar na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíos:

Spriocdháta

11 Eanair, 2010

Eolas

Suíomh idirlín: www.belfastharbourart.com
Ríomhphost: hm.mulholland@ulster.ac.uk



 

Cathair Ard Mhacha – Coimisiún - Ealaíon Poiblí

Fáiltíonn Cuireann Comhairle na gCathrach, Ard Mhacha roimh iarratais ar choimisiún ó ealaíontóirí le píosa ealaíona poiblí a chruthú a bheidh suite go buan i gceantar na margaí i lár chathair Ard Mhacha. Is fiú GBP75,000 an coimisiún. Gach eolas faoin bpróiseas iarratais agus critéar na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíos:

Spriocdháta

8 Eanair, 2009

Eolas


Teil: 0044 (0)28 37529632 nó 0044 (0)28 42729011

Ríomhphost: dawn.park@armagh.gov.uk
cathie@culturalmanagementservices.com

 

Comhairle Contae Dhún na nGall – Coimisún Frances Browne do na bunscoileanna.

Is mian le hoifig na n-ealaíon poiblí de Chomhairle Contae Dhún na nGall coimisiún a chur ar fáil i gcóir taibhléiriú nó dráma idirghníomach do pháistí bunscoile. Ní mhór go mbeidh an píosa ealaíne bunaithe ar an téamaí a bhí lárnach i saothar Frances Browne, ‘banfhile dall Sraith an Úrlaír”. Caithfidh an té a roghnófar tréimshe cónaithe de 10 seachtain ag obair i mbunscoileanna i mBaile Bó Féich agus i Sraith an Úrláir mar chuid den choimisiún.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí nó ó ghrúpaí a bhíonn ag plé leis an litríocht, an t-anamúlacht, na healaíona pobail,an drámaíocht, srl.. Breis eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

11 Feabhra, 2010

Eolas


Suíomh idirlín:
www.donegalpublicart.ie
Ríomhphost: declan.sheehan@donegalcoco.ie

 


 

Folúntas

 

Zoogon TV

Léiritheoir Sinsearach

Tá folúntas ar fáil do léiritheoir Sinsearach leis an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse, Zoogon, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Ní mhór Gaeilge líofa a bheith ag an iarratasóir mar aon leis scileanna i léiriúcháin teilifíse, san airgeadas agus sa bhainistíocht. Tá gach eolas faoin bpost le fáil ag : www.zoogon.tv/www.telegael.com

Spriocdháta

Níl spriocdháta luaite leis an bpost.

Eolas

Suíomh idirlín: www.zoogon.tv/www.telegael.com

 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne . Clár an Fómhair.
Tá gach eolas faoi na imeachtaí ealaíona agus cultúrtha a bhíonn ar siúl san ionad, mar aon leis na ranganna agus ceardlanna a chuireann a chuirtear ar fáil, le fáil ón ionad.

Tuilleadh eolais.
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teil: 00 353 (0)26 45733
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.ionadculturtha.ie


An Clachán. Gaoth Dobhair.
Is ionad físealaíne agus ceardaíochta é an Clachán. Cuirtear imeachtaí agus taispeántais ar siúl ar bhun rialta. Is féidir gach eolas a fháil ón ionad.
Beidh Big Ideas, taispeántas mionshaothar le healaíontóirí Conallacha ar siúl go dtí an 28 Eanair, 2010.


Tuilleadh eolais.
Seoladh: An Clachán – Dánlann ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall
Teil: 00 353 (0) 74 9560091
Ríomhphost: eolas@anclachan.ie
Suíomh Idirlín: http://www.anclachan.ie


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair,
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Caberat Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.craiceailte.com
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Ríomhphost:Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.iehttp://www.ceiliuradh.com
Teileafón: (066) 9151082 nó (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE


Gailearaí, An Fál Carrach /Ceardlann na gCroisbhealach
Reachtálann an Gailearaí imeachtaí ealaíne agus taispeántas físealaíne ar bun rialta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com/
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones, Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair 7.30i.n

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/


Siamsóir na Mí
Ráth Cairn, Co na Mí.
10ú Eanáir 2010
Is comórtas faoi leith é seo chun teacht ar "Siamsóir na Mí". Caithfidh na daoine a ghlacann páirt ann trí chinn de na míreanna seo a leanas a dhéanamh: amhrán Gaeilge a rá, scéal nó dán a aithris, damhsa, uirlis a sheinm, agus/nó aon bheart eile a léiriú a meastar na breithiúna é a bheith feiliúnach ar an oíche.


Cló Ceardlann na gCnoc, Gaeltacht Thír Chonaill
Bíonn ceardlanna agus ranganna á eagrú ag an eagraíocht físealaíona seo atá lonnaithe i mbarrionad ealaíona i Mín an Leá, Gort a Choirce. Cuirtear taispeántas agus imeachtaí eile ar siúl chomh maith. Tá gach eolas le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.clo.ie
Teileafón: 07491 – 62800
Ríomhphost :cloceardlann@eircom.net
Seoladh: Mín a’ Leá, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.


Féiltí

Féile Chóilín Sheáin Dharach
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Féile i gcuimhne ar an damhsóir iomráiteach, Cóilín Sheáin Dharach. Déantar ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha agus ar an damhsa ar an sean-nós, ach go háirithe. Ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, léachtaí oidhreachta, ceardlanna damhsa agus amhránaíochta.
Dé hAoine 29 – Dé Domhnaigh 31 Eanáir /Friday 29th – Sunday 31st January.

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín: www.damhsoir.ie
Ríomhphost : damhsoir@eircom.net


Scoil Cheoil Frankie Kennedy
28 Nollaig 2009 – 2 Eanair 2010
Féile a dhéanann ceiliúradh ar cheol agus amhránaíocht Ghaeltacht Uladh, agus a thugann ardán do na healaíona dúchasacha. Ceol den chéad scoth, ranganna, léachtaí, cainteanna agus ceolchoirmeacha. Meallann an fhéile seo cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír.
An tseachtain deireanach de mhí na Nollag. Buacphointí na féile:
28 Nollaig: West Ocean String Quartet le Maighreád Ní Dhomhnaill.
29 Nollaig: Fidil
30 Nollaig: Liaom Ó Maonlaí
1 Eanair: Altan.

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín :www.frankiekennedy.com
Ríomhphost : eolas@frankiekennedy.com
Teil : 087 9309656


Féile Cheoil Thraidisiúnta agus culthúrtha Barr an Teampaill, Baile Átha Cliath.Temple Bar Trad Irish Music & Cultural Festival
Bunaíodh an fhéile i 2006 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Déantar ceiliúradh ar cheol agus ar chultúr na tíre.
27 -31 Eanair

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín: http://www.templebartrad.com
Teileafón: 01 677 2397
Ríomhphost : fiona@tascq.ie


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://artsaudiences.ie/ - Gréasán margaíochta/forbairt lucht féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)

http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach ar Ealaín Phoiblí “

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.ccoi.ie Comhairle Ceardaíochta na hÉireann: Suíomh achmhainneach maidir leis deontais, cúrsaí oiliúna agus eolas ginearáilta faoi chúrsaí ceardaíochta.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.