Tá sraith de spriocdhátaí
fógraithe ag An Chomhairle Ealaíon. Is féidir
breathnú ar na mionsonraí a bhaineann leis
scéimeanna uilligh na bliana seo ar leathach baile
na Comhairle www.artscouncil.ie
Níor mhór don ealaíontóir
aonarach go háirithe a bheith aireach
mar go bhfuil formhór na spriocdhátaí
ábharach idir seo agus lár na míosa
seo chugainn. Dóibh siúd a bheidh ag eagrú
féile nó imeacht tar éis
1 Iúil, sé an spriocdháta
do Scéim na bhFéilte Beaga
ná 29 Feabhra. Ina theannta sin,
tá An Chomhairle Ealaíon i mbun athbhreithnithe
ar spáis oibre d’fhísealaíontóirí.
Cuirtear fáilte roimh eolas ó fhísealaíontóirí
agus ó sholáthróirí spásanna
stiúideo atá ar fáil sa tír,
féach www.artscouncil.ie
Anois an t-am le bheith ag féachaint
romhat má tá sé i gceist agat imeacht
a eagrú mar chuid de Bhealtaine – ag ceiliúradh
na cruthaitheachta i measc an aosaigh. Má
theastaíonn uait go mbeadh d’immeacht ar an bhféilire
náisiúnta ní mór na sonraí
a bheith deimhnithe agus seolta agat faoin 14
Feabhra www.olderinireland.ie
Ag cloí le ‘spriocdhátaí’, sé
an 18ú Feabhra an dáta deireanach go nglacfaidh
An Gréasán Ceoi/Music Network
le hiarratais faoin Scéim Camchuairte.
Beidh Stiúrthóir na heagraíochta,
Deirdre McCrea sa Daingean 12 Feabhra
le léargas a thabhairt ar obair na heagraíochta.
Tá cairn imeachtaí éagsúla
ar siúl ó cheann ceann na Gaeltachta don
gcuid eile de Mhí Feabhra. Ó dheas sa Rinn
beidh Tionól Ceoil ar siúl 8ú
– 10ú agus Scoil Cheoil an Earraigh
ar siúl i gCorca Dhuibhne 13ú – 17ú.
I measc na n-údar a bheidh páirteach i bhFéile
Fuint Focail ag Pléaráca Chonamara
ag deireadh na míosa, beidh Máire Holmes,
Jackie Mac Donnacha, Seán Ó hÉanaigh
agus Bridget Bhreathnach. (féach Imeachtaí)
Má tá suim agat san Ealaíon
Poiblí, beidh comhdháil suimiúil
ar siúl i mBaile Átha Cliath i dtreo dheireadh
na míosa i curtha i láthair ag Breaking
Ground, an Clár % don Ealaíon i mBaile Munna.
AR an dtéama céanna, tá tús
curtha le sraith cainteanna neamhfhoirmeálta in
Ollscoil Luimnigh ag Cumann Ailtireachta na Mic
Léinn agus Dámh Ailtireachta na
hOllscoile. (féach Imeachtaí) Tá
suíomh nua seolta ar a bhfuil an-chuid eolais maidir
le cúrsaí ealaíon in Éirinn
www.artsmanagement.ie
Mar fhocal scoir, fógraíodh
le déanaí go bhfuil beirt ealaíontóirí
Gaeltachta ainmithe ina measc siúd go bhfuil Gradam
Ceoil TG4 le bronnadh orthu níos déanaí
i mbliana. Siad sin Peadar Ó Riada
atá ainmithe mar Chumadóir na Bliana
agus Iarla Ó Lionaird a ainmíodh
mar Amhránaí na Bliana;
tréaslaímid a ngradam leo. Beidh na Gradaim
uilligh á mbronnadh ar an 21 Márta in Ostán
Gleann an Iolair, i gCill Airne tuilleadh eolais www.tg4.ie
Fáilte roimh aon bhlúirín
nuachta don gcéad r-litir eile roimh 29 Feabhra.
An Chomhairle Ealaíon:
Deiseanna d’Ealaíontóirí
I measc na spriocanna atá fógraithe
ag An Chomhairle Ealaíon tá
Dámhachtain Sparánachta 14
Feabhra
Comhaltacht Location One 21 Feabhra
Cónaitheacht Banff 13 Márta
Chomh maith leis táthar ag glacadh le
hIarratais faoin scéim Taisitil &
Oiliúna agus Deis ar bhunús leanúnach
Scéimeanna Eile
Scéim na bhFéilte Beaga 29
Feabhra
Tionscadail: Dámhachtain Saothair Nua
& Tionscadail: Damhachtainí Aonuaire
6 Márta
Dámhachtain Coimisiúin: 20 Márta
Eagraíochtaí le Maoiniú
Reatha: 27 Márta
Le haghaidh tuilleadh eolais ar
aon cheann de na cláir mhaoinithe seo
téigh le do thoil cúig an gcuid
tacaíocht airgeadais de láithreán
gréasáin na Comhairle Ealaíon:
www.artscouncil.ie
An Gréasán
Ceoil (Music Network)
Dámhachtain Camchuairte
Maoinithe ag An Chomhairle Ealaíon, forbairt
déanta ag Music Network le deis a thabhairt
do cheoltóirí atá lonnaithe
in Éirinn turasanna agus sraitheanna
ceolchoirmeacha a eagrú dóibh
féin.
Spriocdháta: 18 Feabhra
Tuilleadh eolais: Louise Walsh, 01 6719429 www.musicnetwork.ie
Nb Beidh Oíche Eolais
faoi stiúir Deirdre McCrea ag Oifigí
Údarás na Gaeltachta, Baile an
Mhuilinn, An Daingean ar an Mháirt, 12
Feabhra ag 8 i.n. tuilleadh eolais 066 91 50100
Bord Scannán na hÉireann
Scéim gearrscannán beoite
Frameworks – glaoch ar iarratais
Spriocdháta 12 Márta 2008
Scéim le haghaidh forbairt a dhéanamh
ar ghearrscannáin bheoite (animated short
films).
Ní mór don togra a bheith tarraingteach
do lucht féachana leathan. Tá
comhmhaoiniú curtha ar fáil don
scéim trí Bhord Scannán
na hÉireann, an Chomhairle Ealaíon
agus R.T.É. Glacfar le scannáin
i mBéarla nó i nGaeilge.
Uasmhéid: €50,000
Fad: 6 nóiméad ar a mhéad
Tuilleadh eolais: An Comhordaitheoir Scéimeanna
& Iarratas, Bord Scannan na hÉireann,
23 Bóthar na nDuganna, Gaillimh
Teil: 091 561398
r-phost: info@irishfilmboard.ie
www.irishfilmboard.ie
Deiseanna eile:
Nòs Ùr a chiallaíonn
stíl nua i nGaidhilg na hAlban, an t-ainm
atá ar Chomórtas Cumadh Amhráin
nua-bhunaithe. Beidh sé mar bhabhta réigiúnach
ar chomórtas mhionteangacha a reachtáilfear
sa tSualainn i Mí Deireadh Fómhair.
Glacfar le hiarratais i nGaeilge, i nGaidhilg,
i mBreatanais, i mBriotánais, in Albainis
agus Manannais, Albainis Uladh Tuilleadh eolais:
www.nos-ur.eu
Sprioc dháta: 14 Márta,
2008
An Chomhairle Ealaíon
Athbhreithniú ar spáis oibre
físealaíontóirí
Tá taighde tábhachtach idir lámhaibh
ag An Chomhairle Ealaíon maidir le spáis
oibre físealaíontóírí
ar fuaid na tíre. Tá foireann taighde
i mbun oibre le suirbhé a chur le chéile
ar sholáthar reatha spás oibre d’ealaíontóirí.
Cuirfear moltaí os comhair na Comhairle
bunaithe ar an taighde seo leis an tionchar is
mó a chinntiú trína mbeidh
spáis oibre buan ar fáil d’fhísealaíontóirí
sa todhchaí.
Más físealaíontóir
tú nó stiúideo á chur
ar fáil agat tá fáilte romhat
aiseolas a chur ar fáil don bhfoireann
taighde trí ríomhphost a sheoladh
go dtí smacmahon@chl.ie
Bealtaine 2008
Ceiliúradh na cruthaitheachta i measc
an aosaigh
Má tá fonn ort a bheith páirteach
mar chuid de cheiliúradh na bliana seo
a bheidh ar siúl ó cheann ceann
na bliana i Mí na Bealtaine, anois an t-am
na socraithe a dheimhniú má tá
sé uait a bheith san áireamh sa
bhféilire Náisiúnta
Spriocdháta: 14 Feabhra
Teil: 01 8057709
R-phost: ageandop@mie.ie
Dánlann Joan Clancy; glaoch ar
iarratais
Tá Dánlann Joan Clancy i Maoil a’
Choirne, An Rinn ag glacadh le hiarratais ó
ealaíontóirí gur mian leo
a taispeántas a bheith acu don tréimhse
2008-09. Seol sonraí an ealaíontóra,
íomhánna i bhfoirm J-peg go info@joanclancygallery.com
Tuilleadh eolais - Teil: 086 8134597 www.joanclancygallery.com
Centre Culturel Irlandais / Coláiste
na nGael, Páras
Fáilteofar roimh iarratais ó ealaíontóirí
le tréimhse cónaitheach a chaitheamh
ag an Coláiste na hÉireann, Páras.
Tuilleadh eolais: www.centreculturelirlandais.com
Stiúrthóir: Sheila Pratschke, spratschke@centreculturelirlandais.com
Spriocdháta: Dé hAoine 22ú
Feabhra, do thréimhse cónaitheach
Meán Fómhair 08 – Iúil 09
Banc na hÉireann – Fondúireacht
Scoláireachta na Míolaoise
Tá sé i gceist trín duais
seo deis a thabhairt do dhaoine go bhfuil tálann
acu, ach de dheasca cúinsí eacnamaíochta
nó bac eile, nach bhfuil ar a gcumas tairbhe
iomlán a bhaint as an dtálann sin
Spriocdhátaí: 3ú
Leibhéal Iontráileach – 3ú
Márta, 2008 / 3ú Leibhéal
leanúnach – 3ú Márta, 2008
Na hEalaíon Cruthaitheach / Taibhléireach
– 1 Aibreán
Tuilleadh eolais: www.bankofireland.com/in_the_community/sponsorships/millenium_scholars_trus/index.html
Sraith Ceardlann le Pléaráca
Chonamara
1) Gloine Daite le Ceara Conway (2 lá)
Áit: Ionad Fiontair, Rosmuc
Dé Sathairn 23/2/08 agus 1/3/08
11:00 r.n.– 3:00 i.n.
Táille: €20 (ábhar san áireamh)
2) Caoladóireacht le Joe Hogan (Deireadh
seachtaine)
Áit: Ionad Fiontair, Rosmuc
Satharn/Domhnach 5ú – 6ú Aibreán
10:00 r.n. – 5:00 i.n.
Táille: €50 (ábhar san áireamh)
|
| |
Cumann Ailtireachta na Mic Léinn &
Dámh Ailtireachta Ollscoil Luimní
Sraith ceardlanna a ‘Cá dtosaíonn do shaothair?’
(Where does your work begin?)
Gach oíche 6 i.n., cuirfear sólaistí
ar fáil ina dhiaidh
I measc na n-aoi chainteoirí beidh Michael Pike
(GKMP Architects, BÁC), Louise Cotter (Carr, Cotter,
Naessens Artchitects), Alastar Hall (Hackett & Hall
Architects, Béal Feirste), Micheál Ó
Súilleabháin (Ionad Ceol na Cruinne)
Tuilleadh Eolais: www.ul.ie/architecture
Ionad Ealaíon an Linenhall, Caisleán
a Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
1 Feabhra – 1 Márta
Saothar Dealbhóireachta le John McHugh, a mhaireann
in Acaill, i dtuaisceart an chontae
Tá rian an cheantair agus cultúr na háite
le brath ar shaothar an ealaíontóra agus
Tuilleadh eolais: www.thelinenhall.com
Ionad Cultúrtha, Baile Mhuirne, Co. Chorcaí
8 Feabhra Ceathráid Contempo (ceol clasaiceach)
22 Feabhra Noel Hill (consairtín), Tony
Linnane (fidil), Alec Finn (bouzouki), le Lillis Ó
Laoghaire (amhránaí sean-nóis)
‘SeaNua’ taispeántas ealaíon leis an ealaíontóir
óg Helen Quill ar thaispeáint, Eanair/Feabhra08
22 Feabhra – 31 Márta Taispeántas
ealaíon le Sarah Lewtas,
Iontas sa bhaile
Taispeántas le hEalaíontóirí
Mhúscraí ag Foirgneamh na nInnealtóir
Leictreach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Á Oscailt go hoifigiúil ag John Spillane,
Déardaoin 7ú Feabhra ag 6:30 i.n. ar siúl
go dtí 29ú Feabhra
Tionól Ceoil na Rinne
8ú – 10ú Feabhra
Dé hAoine: Oscailt Oifigiúil le
Peadar Ó Riada, Tigh an Cheoil – oíche ceoil
& amhránaíochta
Dé Sathairn: 10:00 r.n. – 12:30 i.n. Meánscoil
San Nioclás
Ranganna píobaireachta le Micheál Ó
Briain & Tommy Keane
Rang déanta giolcaigh le David Power
Rang ar an bhFeadóg Mhór le Conal Ó
Gráda
1 i.n. Ceadal Píobaireachta & Feadóige
Móire
2 i.n. – 3:30 i.n. Ceardlann rince ar an sean-nós
le Seosamh Ó Neachtain
3:45 i.n. – 5 i.n. Ceardlann amhránaíochta
le Ann Mulqueen i dTigh Uí Mhaonaigh
5:30 i.n. – 7:00 i.n. Lúibíní i dTigh
Uí Mhaonaigh
7:30 i.n. Ceolchoirm an Tionóil Meánscoil
San Nioclás leo siúd thuasluaite & mórán
eile nach iad m.sh. Peadar Ó Ceannabháin,
Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin,
Áine, Aodán & Irial Ó Ceallaigh,
Seán & Caoimhín Ó Fearghail &
r.l.
Dé Domhnaigh 12 meán lae Tigh Tabhairne
an Marine Clabhsúr
Tuilleadh eolais ó Mac Dara Mac Donncha 086 8565569
Fíbín Teo ar chamchuairt leis An
Triail le Mairéad Ní Ghráda
Léiritheoir: Darach Ó Tuairisg
Stiúirthóir: Brendan Murray
Grace Kiely
Fiachra Ó Dubhghaill
Síomha Murray
Micheál Ó Dubhghaill
Courtesy of the National Library of Ireland [Eleanor Wiltshire
collection] Design: A&D
Civic Theatre, B.Á.C. 05/02/08
– 08/02/08
Linen Hall, Caisleán an Bharraigh 18/02/08 – 22/02/08
Axis Theatre, B.Á.C. 25/02/08 – 29/02/08
Tuar Ard Arts Centre, Móta 03/03/08 – 07/03/08
The Belltable, Luimneach 10/03/08 – 12/03/08
An Grianán, Leitir Ceanainn 02/04/08 – 04/04/08
Briery Gap, Maigh Chromtha 07/04/08 – 11/04/08
Scoil Cheoil an Earraigh
13ú – 17ú Feabhra
Féile ceoil thraidisiúnta i mBaile an Fheirtéaraigh
i gCorca Dhuibhne
I measc na múinteoirí
Breanndan Ó Beaglaoich & Michelle Uí
Shé (Bosca Ceoil); Cillian Ó Briain (Píob
Uileann); Allan MacDonal (Píob Mhór); Colm
Murphy (Bodhrán); Aoife Grainbhéal (Feadóg
Mhór); Bríd Donnelly & Deirdre Grainbhéal
(Feadóg Stáin); Fergus Ó Flaitheartaigh
(Bainseó); John/Pip Murphy (Orgán Béil);
Eithne Ní Chatháin & Úna Ní
Chíosáin (Veidhlín); Cormac Ó
Beaglaoich & Micheál Ó Raghallaigh (Consairtín)
Reachtáilfear ceardlann amhránaíochta
le hÁine Uí Laoithe, Lillis Ó Laoghaire,
Maidhc Dainín Ó Sé, Róisin
White maraon le Damhsa ar an Sean-nós le Seosamh
Ó Neachtain ó Chonamara agus ceardlann rince
seite
Beidh dhá cheolchoirmeacha mhóra in Halla
Feothanaí le leithéidí Tommy &
Siobhán Peoples, Joe Derrane, Páidí
Mhárthan Mac Gearailt, Joe Burke & Anne Conroy,
Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha,
Liam O’Connor & Sean McKeon & r.l.
Clár Iomlán & Tuilleadh Eolais ar fáil
ag www.scoilcheoil.com
Comhdháil & Taispeántas curtha
i láthair ag Breaking Ground*
Art in the Life World – Feabhra 28ú & 29ú
Comhdháil a dhéanfaidh scrúdú
ar ghnéithe áirithe maidir le neamhspleáchas
sa chleachtas ealaíon. I measc na gcainteoirí
beidh an tOllamh Tony Bennett, JJ Charlseworth, Daniel
Jewesbury, Lu Jie, Maria Lind, Amanda McDonald Crowley,
Ailbhe Murphy, Tim Scott & Mitsuhiro Yoshimoto.
Le hais na comhdhála, eagrófar taispeántas
i linn snámh tréigthe i mBaile Munna, a
mhairfidh go dtí an 12ú Aibreán.
Tuilleadh eolais: Paul McAree, Breaking Ground, Príomh
Sráid, Baile Munna teil: 01 8832173 www.breakingground.ie
; www.artinthelifeworld.com
*Breaking Ground is ainm don gClár % don Ealaíon
de chuid Clár Athghinte Bhaile Munna (Ballymun
Regeneration Ltd )
Fuint Focal - Deireadh Seachtaine Litríochta
do Dhaoine Óga
Árus Uí Chadhain, An Cheathrú Rua
29 Feabhra & 1-2 Márta
Ceardlann i bPrós, Filíocht, Scríobh
Scripte, Cumadóireacht amhráin agus Iriseoireacht
Siad na húdair a bheidh páirteach mar áisitheoirí
ná Máire Holmes, Jackie Mac Donnacha, Seán
Ó hÉanaigh & Bridget Bhreathnach
Seoladh oifigiúil le Trevor Ó Clochartaigh
8:00 i.n. ar an Aoine
Oíche Shaimsaíochta i Halla an Acadaimh
– ceol le Tadhg Mac Donnagáin & John Ryan,
amhránaíocht le Yvonne Ní Loideáin
agus dámha le Micheál Seoige & Ros Ní
Mháille le Risteard Ó hEadhra ina Fhear
a Tí – Fáilte roimh cách
Tuilleadh eolais: Máire Áine Ní Mháille,
Pléaráca Chonamara
Teil: 091 574882
Airfield, Baile Átha Cliath
Oifigeach Ealaíon
Freagrach as clár imeachta séasúrach
a chur le chéile agus a bhainistiú. Beidh
an té a cheapfar ag obair mar bhall den bhfoireann
Oideachais & Cláir. Léireoidh an duine
cumas oibriú as a stuaim féin agus mar chuid
de mheitheal oibre.
Spriocdháta: 14 Feabhra 2008
Tuilleadh eolais: Kathy Purcell - Kathy@airfield.ie
Music Network
Cúntóir Caidreamh Poiblí
& Margaíochta
Post dúshlánach ina mbeidh dualgaisí
éagsúla i gceist; i dteagmháil le
ceoltóirí agus lucht eagraithe ceolchoirmeacha
go háitiúil; teagmháil le clódóirí
maidir le hábhar poiblíochta; réiteach
preasráitis; ag obair in oifig ghnóthach;
ag tabhairt tacaíochta don Oifigeach Airgeadais
ar ábhar éagsúla; roinnt obair rúnaíochta.
Beidh an té a cheapfar freagrach don mBainisteoir
Caidreamh Poiblí agus don bPríomh Stiúrthóir.
Spriocdháta: 15 Feabhra 2008
Tuilleadh eolais: Music Network, Teach an Chóiste,
Caisleán Átha Cliath, Baile Átha
Cliath 2
Teil: 01 6719429
r-phost: admin@musicnetwork.ie
Féile Ealaíon an Earagail
Riarthóir (saoire máithreachais)
Aibreán – Deireadh Fómhair 2008
Freagrach as riarthóireacht agus taifid airgeadais
na Féile. Ní mór d’iarrthóirí
taithí 3 bliana a bheith acu agus fios mhaith ar
phacáistí ríomhaireachta cuntasaíochta.
Spriocdháta: 8ú Feabhra
Tuilleadh eolais: info@eaf.ie
Teil: 074 9168800
West Cork Music
Oifigeach Caidreamh Poiblí/Margaíochta
(saoire máithreachais)
Eagraíocht ealaíon a riarann Féile
Ceoil Aireagail (West Cork Chamber Music Festival), Féile
Ceathráid i gcathair Chorcaí, Féile
Cheoil Traidisiúnta (Masters of Tradition) chomh
maith le ceolchoirmeacha eile i gcaitheamh na bliana agus
tograí éagsúla in scoileanna.
Ní mór scileanna cumarsáide (scríofa
& labhartha) a bheith ag iarrthóirí,
maraon le taithí 3 bliana.
Tuilleadh eolais: Sara O’Donovan, sarawcm@eircom.net
/ www.westcorkmusic.ie
| Naisc
/ Achmhainní/Eolas bhreise |
Tá na suíomhanna idirlín
seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna
eagsúla.
http://www.artscouncil.ie/irish/index.html
An Chomhairle Ealaíon
http://www.musicnetwork.ie/
- Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,
camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí
ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org/
Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie/
Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/
Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie/
Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com/
Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie./
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht
idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire
in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie/
- eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona
agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir
an Aontais Eorpaigh
www.artsmanagement.ie
seoladh suíomh le déanaí de chuid
Emily Mark FitzGerald, léachtóir i gColáiste
na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar an gCúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais
suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.