EalaÍn na Gaeltachta

 

-

Nuacht

-

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

-

Cuir leis an liosta

-

Bain den liosta

-

Seol chuig cara

 

 

 

 

-

Teagmháil

 

-

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

Ealaín na Gaeltachta

 

 

 Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

Chríochnaigh an físealaíontóir, Ceara Conway, tréimshe cónaithe le RTÉ Raidió na Gaeltachta le gairid. Cruthaíodh saothar ealaíne le linn an tréimshe seo darb teideal, ‘Ealaín na héisteachta’. Tá an saothar ar thaispeántas i bpríomháras an Raidió i gCasla faoi látháir. Rinne Ceara iniuchádh ar an gcaidrimh idir an stáisiún ceannródaíoch agus a gcuid éisteoirí agus ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus pobal na Gaeltachta. Taispeantas illmheáin atá ann, idir dhealbha, fuaimrian agus eile. Thug RTÉ, Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon tacaíocht don tionscnamh. Tá an saothar le feiceáil ar www.rte.ie/rnag.

Roghnaíodh an Ghaeltacht mar cheann de na háiteanna le bheidh páirteach san Oíche Chultúir i mbliana. Is mórfhéile náisiúnta í an Óiche Chultúir ina gcuirtear imeachtaí cultúrtha ar siúl saor in aisce in aon oíche amháin. Is mór an gradam agus an t-aitheantas atá bainte amach ag an bhféile go náisúnta. Tá Ealaín na Gaeltachta ag déanamh co-ordnú ar an ócáid sa Ghaeltacht i mbliana. Tá súil go gcuirfidh gach eagraíocht agus grúpa cultúrtha imeacht nó ócáid cultúrtha ar siúl ar an oíche, is cuma cé chomh beag nó mór is atá sé, (nó is féidir imeacht atá le bheith ann a cheangailt leis an ócáid). Má tá spéis agat nó ag d’eagraíocht imeacht a eagrú, ní mhór na sonraí a sheoadh chuig na háisitheoirí ealaíne gan mhoill. Ní mhór go mbeadh sonraí an imeachta seolta isteach chuig na háisitheoirí roimh am 11 Iuil. Má tá breis eolais uait, téigh i dteagmháil leis an áisitheoir i do cheantar - Cúige Chonnacht & Co. na Mí: Muireann Ní Dhroighneáin. m.nidhroighneain@udaras.ie 091 503 220. Cúige Mumhan: Eibhlín de Paor. e.depaor@udaras.ie 066 9150100 / 026 45366. Cúige Uladh: Micheál Mac Aoidh m.macaoidh@udaras.ie 074 95 60100. Tá breis eolais faoin Oíche Cultúir le fáil ag www.culturenight.ie

Tá neart deiseanna d’ealaíontóirí le feiceáil in eagrán na míosa seo. Tá ceithre thionscnamh % ealaíonealaíon pobal fógraithe le gairid. Tionscnamh sách uaillmhianaigh is ea iad agus is deis mhaith d’fhísealaíontóirí iad. Lena chois sin, feictear go bhfuil neart cursaí curtha ar fáil an mhí seo chomh maith; idir chúrsaí d’ealaíontóir gairimiúla agus chúrsaí samhraidh.

Ní haon údar iontais é go bhfuil rogha mór de fhéiltí ar siúl ag an am seo den bhliain. D’eirigh le geal le cuid de mhórfhéiltí na Gaeltachta le roinnt míonna beaga anuas, leithead Féile na Bealtaine i gCiarraí, Guth Gafa i nDún na nGall agus Féile an Pléarárca agus Féile Joe Éinniú i gConamara. Árist an mhí seo tá rogha ilghnéitheach de fhéiltí ar siúl sa Ghaeltacht. Tá réimse leathan d’imeacthaí ar siúl ag an Féile idirnáisiúnta Iorrais i mbliana. Beidh dhá fhéile ar siúil in Acail, Cumann Bádóirí Acla agus Féile Bia na Mara. Beidh os cionn 15 imeacht ar siúl sa Ghaeltacth mar chuid de Féile Ealaíon an Earagail, mórfhéile náisiúnta a bhíonn ar siúl i nDún na nGall gach bliain. Eagraítear Féile Soilse Thoraí mar chuid de Fhéile an Earagail, tri deireadh seachtaine de imeachtaí ealaíne, siamsaíochta agus culturtha ar oileán Thoraigh. Is é an phríomhsprioc atá ag ‘Ceol sa Ghleann’ ná an traidisiún saibhir ceoil agus na healaíona traidisúnta a chaomhnú agus a chothú i ndeisceart Thír Chonaill. Is í an fhéile Scoil Samhraidh Ghleann Cholm Cille atá ar siúl an mhí seo, ceann de na hócáidí is mó a eagraíonn an eagraíocht. Beidh Féile Thraidisúnta Chnoc Fola ar siúl i nDún na nGall ag deireadh na míosa. Is féile í a dhéanann ceiliúradh ar an seansaol traidisiúnta. Tá neart féiltí eile le blas Gaelach ar siúl ar fud na tíre, mar aon leis neart imeachtaí ealaíona ilghéitheacha agus ildánacha eile. Tá eolas futhu uilig le fáil sa ríomhlitir.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Oiliúint

Cúrsa grianghrafadóireachta ar Inis Mór

Cúrsa grianghrafadóireachta ar Inis Mór

Cúrsa deireadh seachtaine dóibh siúd ar mhian leo barrslacht a chur ar a gcuid scileanna grianghrafadóireachta. Deis an ghrianghrafadóireacht a fhoghlaim i gceann de na áiteanna is deise sa tír.

Dáta

10-11 Iúil, 2010

Eolas

Teileafón: 097 81079
Ríomhphost: patrick@patrickmchugh.com
Ríomhphost: www.patrickmchugh.com

 

Business to Arts – Cúrsaí oiliúna

Is féidir le heagraíochtaí ealaíne atá mar bhaill de Buisness to Arts lascaine shuntasach a fháil ar na cúrsaí oiliúna a eagraíonn an Irish Times agus an comhlacht, Sureskills. Cuireann an Irish Times agus Sureskills clár leathan de chúrsaí gnó, margaíochta agus gairmiúla ar fáil. Is cúrsaí iad seo a bhainfeadh gniomhairí ealaíne an-thairbe astu. Cuireann Business to Arts réimse leathan de chúrsaí sainspeisialta ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne chomh maith. Gach eolas le fáil ar an suíomh idirlín.

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón: 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh idirlín: www.businesstoarts.ie

 

Comhairle Náisiúnta na nÓg – Cúrsaí Oiliúna sna hEalaíona.

Cuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg réimse leathan de chúrsaí ar fáil i réimsí éagsúla de na healaíona, le béim ar leith ar na healaíona don aos óg. Is féidir liosta de na cúrsaí agus gach eolas a fháil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Dáta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: 3 Sráid Mhontague, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 4784122
Ríomhphost: training@nyci.ie
Suíomh idirlín: www.youth.ie

 

Cló Cheardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall –

Cúrsaí Oilúna – Samhradh 2010.

Tá Cló (Ceardlann amharcealaíne) ag reachtáil scoil samhraidh sna físealaíne. Beidh na cúrsaí agus na ceardlanna ar siúl sa bharrionad físealaíne atá ag an eagraíocht i nGaeltacht Thír Chonaill. Is é seo a leanas an t-amchlár:.
• 10ú – 11ú Iúil 2010 Cúrsa eitseáil le dath (le Aoife Mc Garrigle.
• 17ú – 18ú Iúil 2010: Cúrsa Photo Eitseáil; “exploring polymer and photec etching” le Aoife Mc Garrigle.
• 16ú – 20ú Lúnasa 2010 Cúrsa í péinteáil radharc tíre le Heidi Nguyen. (10 – 4)

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Teileafón: 353 (0) 7491 - 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh idirlín: www.clo.ie
Seoladh: Cló Ceardlann na gCnoc, Mín an Leá, Gort a Choirce, Co. Dhún na nGall.

 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI)

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI) - Cúrsa sa Fhorbairt Ghairimiúil 2010

Tá an CCOI ag eagrú sraith cheardlanna i ngach ceann de mór réigiún na tíre. Díreoidh na ceardlanna ar cheardaithe gairimúla agus ar eagraíochtaí a chuireann béim ar an bhfiontair. I measc na n-ábhar, tá Díolachán agus Margaíocht; Airgeadas; agus Fiontraíocht.

Curifear na ceardlanna ar siúl i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh, agus bronnfar teastas ag deireadh an chúrsa.

Dáta

Dátaí éagsúla go dtí an 2 Samhain

Eolas

Seoladh: Emer Ferran, Education, Training & Development Officer, Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland
Teileafón: 353 (0)56 7761804
Ríomhphost: info@ccoi.ie emer@ccoi.ie
Suíomh idirlín: www.ccoi.ie

 

Oideas Gael

Ranganna Ealaíne, Ceoil & Ceardaíochta

Tá Oideas Gael ag eagrú sraith de cheardlanna agus cúrsaí san Ealaíon, sa Cheol agus sa Cheardaíochta sna míonna amach romhainn. Is iad seo a leanas na cúrsaí a bheidh siad ag cur ar fáíl:
• Scoil Samhraidh Péintéireachta Mara agus Tírdhreach:
• Fí Táipéise.
• Cláirseach
• An Fheadóg
Chomh maith le sin, cuireann Oideas Gael clár leathan imeachtaí ar siúil i rith an tsamhraidh, idir cheol, chúrsaí teanga agus cultúr, agus chúrsaí ealaíne. Gach eolas faoi na cúrsaí le fáil ar shuíomh idirlín Oideas Gael. Tá suíomh Facebook ag Oideas Gael.

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
Teileafón: +353 (0)74 973 0248
Ríomhphost: eolas@oideas-gael.com
Suíomh idirlín: www.Oideas-Gael.com

 

Ollscoil na hÉireann / Comhaire Náisiútna na nÓg

Ollscoil na hÉireann - Teastas Náisiúnta san Ealaíon don Óige, 2010/11.

Is cúrsa bliana é an Teastas Náisiúnta san Ealaíon don Óige a reachtáltar ar bhun páirtaimseartha. Tugann Rannóg na Staideár Sóisialta, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, aitheantas oifigiuil don chúrsa.

Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine atá ag obair go neamh-fhoirmiúil san earnáil oideachais agus feilfeadh sé dóibh siúd ar mhaith leo an ealaín a úsáid mar áis fhoghlamtha agus áis fhorbartha.
Gach eolais faoin gcúrsa mar aon leis na foirmeacha iarratais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

7 Iúil, 2010

Eolas

Seoladh: Anne O'Gorman, Senior Project Officer, Youth Arts, National Youth Council of Ireland, 3 Montague St, Dublin 2
Teileafón: 01 4784122
Suíomh idirlín: www.youth.ie

 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtán Sparántahta

Fáiltíonn An Chomhairle Ealaíona roimh iarratais ó ealaíontóirí do na Dámhachtáin Sparántachta seo a leanas:

• Dámhachtain sparánachta na nealaíon traidisiú
• Dámhachtain sparánachta damhsa
• Dámhachtain sparánachta na bhfísealaíon
• Dámhachtain sparánachta litríochta
• Dámhachtain sparánachta ailtireachta
• Dámhachtain sparánachta ceoldrámaíochta

Ní mór foirmeacha iarratais a chur isteach ar líne. Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh gréasáin nua i gcomhair seirbhísí ar líne a chuireann ar do chumas iarratais a chur isteach go hiomlán ar líne. Beidh tú in ann réimse leathan ábhar tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach mar aon le d’fhoirm iarratais. Beidh ort clárú leis an suíomh ar dtús sula mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne. D’fhéadfadh suas le cúig lá oibre a bheith i gceist sula ndéanfar do chlárúchán a dhearbhú agus ar an ábhar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá a luaithe agus is féidir. Le clárú agus le hiarratas a dhéanamh, téigh chuig suíomh gréasáin na seirbhísí ar line ag www.artscouncil.ie

Spriocdháta

15 Iúil, 2010.

Eolas

Seoladh: 70 Sráid Merrion, Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
Teileafón: 01 6180200

 

Íomhairt Colmcille.

Cothaíonn Colmcille caidreamh idir na pobail Ghaeilge in Éirinn agus in Albain ar bhealach a neartaíonn an teanga sa dá thír. San am i láthair, táimid ag iarraidh smaointí a nascfaidh an Ghaeilge sa dá thír, ar leibhéal an phobail, nó sna healaíon, nó san oideachas nó sa spórt. In imthosca ar bith ní dhéanfar maoiniú cúlghabhálach ar thionscadail. Ba cheart iarratais a bheith faighte ar a laghad sé seachtaine roimh an dáta a bhfuil imeacht le bheith ann ach amháin más deontais níos mó ná £10,000 a bhíonn á lorg. Sa chás sin tá sé riachtanach iarratais a chur isteach dhá mhí ar a laghad roimh dháta an tionscadail.
Is féidir iarratais suas go dtí £2,500 a chur isteach ag am ar bith. Más spéis leat iarratas a dhéanamh ar chabhair airgid, déan teagmháil, le do thoil, leis an oifigeach tionscnaimh i do réigiún fhéin ar dtús.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas



Seoladh:
Maolcholaim Scott, Colmcille, Foras na Gaeilge,
2 – 6 Sráid na Banríona, Béal Feirste. BT1 6ED
Teileafón: +44 (0) 28 90890983
Ríomhphost: mscott@forasnagaeilge.ie
Suíomh idirlín: http://www.colmcille.net/home-ge

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte). Is scéim leanúnach í Deis. Gach eolais faoin scéim agus faoi chriteár na scéime le fáil ag an sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

Scéim leanúnach.

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492

 

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtain taistil & oiliúna

Is cuspóir na Dámhachtana Taistil agus Oiliúna ná tacú le daoine aonair ar mian leo leas a bhaint as oiliúnt agus as deiseanna forbartha gairmiula eile thar lear, agus beifear ag diriú ar fhorbairt chleachtas ealaíne an duine féin. Is cuspóir eile na scéime ná tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair nó d’éagraíochtaí ar mian leo cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó thar lear oiliúnt nó meantóireacht ar léibheál ard a chur ar fáil i gcomhair forbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus daoine eile atá ag obair ar bhonn gairmiúil i gcúrsaí ealaíon in Éirinn. Tá criteár na scéíme agus gach eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

Scéim leanúnach.

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón:
+353 1 618 0200
Callsave: 1850 392 492
R-phost: travelandtraining@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.iehttp://onlineservices.artscouncil.ie

 

An Greásán Ceol

Dámhachtán Ceoil do Dhaoine Óga: deis do cheoltóir Jazz.

Tá an dámhactán seo oscailte d’ensemble jazz ar bith, le huasmhéad de 5 bhall. Cuirtear an dámhactán ar fáil do cheoltóirí óga atá ag tosnú amach mar cheoltóirí gairimiula. Tá gach eolais faoin scéim le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite


Spriocdháta

5 Iúil 2010.

Eolas



Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
Teileafón: (01) 671 9429.

 

 


Deiseanna Eile

An Clachán.

Spás stiúideó le fáil ar cíos.

Tá spás stiúideó ar fáil i ngailearaí agus ceardlann ‘An Clachán’. Tá an gailearí lonnaithe i gcroí lár Ghaeltacht Thír Chonaill. Spás mór atá ann agus feilfeadh sé do bheirt ealaíontóir. Tá neart áiseanna agus acmhainní san ionad. Tá siopa ceardaíochta agus ealaíne san ionad, mar sin, bíonn deis ag an ealaíontóir a c(h)uid saothair a dhíol. Breis eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Seoladh: Anna McLaughlin, An Clachán, An Chúirt, Gweedore, Donegal.
Ríomhphost: eolas@anclachan.ie
Teileafón: +353 (0)74 9560091
Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie

 

Branar (Compántas Drámaíochta)

Spás Cleachtaidh / Ceardlanna ar fáíl

Spás cleachtadh/ ceardlanna ar fáil i mBearna, i gContae na Gaillimhe. Seomra mór atá te, spás cistine agus leitreas leis. Tá an seomra ar fáil i rith an lae nó san oíche.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas

Seoladh: Marc Mac Lochlainn, Stiúrthóir Ealaíon, Branar, Áth an Ghlugair, Bearna,Co na Gaillimhe
Teileafón: 086 8546616
Ríomhphost: Marc@branar.ie
Suíomh Idirlín: http://www.branar.ie

 

Comhairle Contae Thiobraid Árainn Thuaidh

The Scale of Things

Fáiltíonn Comhairle Contae Thiobraid Árainn Thuaidh roimh ealaíontóir físeáin nó lionsa bunaithe iarratais a dhéanamh ar an scéim, ‘The Scale of Things’. Tá sé beartaithe 8 píosa ealaíon a chruthú in ocht láthair san Aonach mar chuid den scéim seo. Is taispeántas é The Scale of Things a bheidh ar siúl ón 1 – 7 Samhain, 2010. Íocfar táille de €250 do gach ealaíontóir a bheidh páirteach sa scéim. Gach eolas le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

18th Lúnasa 2010.

Eolas

Seoladh: The Arts Office, North Tipperary County Council, Civic Offices, Limerick Road, Nenagh, Co. Tipperary.
Teileafón: 067 - 44860
Ríomhphost: switch.information@gmail.com rgleeson@northtippcoco.ie
Suíomh Idirlín: http://www.s-w-i-t-c-h.org

 

 


 

Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún

FSS (Feidhmeannach Séirbhísí Sláinte)

FSS (Feidhmeannach Séirbhísí Sláinte) – Ealaín Poiblí / % Ealaíon

Cuireann an FSS fáilte roimh aighneachtaí chun rogha de phíosaí ealaíona a chrúthú a bheith curtha ar thaispeántas buan in Aonad na mBanaltraí i dTrá Lí. Ní srian nó laincís maidir leis an gcineál físealaíne a ghlacfar leis san iarratas Tá buiseád de €39,700 curtha ar fáil don tionscnamh. Tá gach eolas faoi chriteár na scéíme, na coinníollacha agus an tionscnamh féin le fáil ar suíomh gréasáin ríomhsholáthair an rialtais, eTenders www.etenders.gov.ie nó ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

23 Iúil, 2010.

Eolas

Seoladh : Fiona Geary, Projects Manager Kerry, Kerry Community Services, HSE South, Rathass, Tralee.
Teileafón: 353 (0)64 6637928 nó 086 787 1457
Ríomhphost: fiona.geary2@hse.ie
Suíomh idirlín: www.hse.ie

 

Coláiste na Sionna, Uibh Fáille

Coláiste na Sionna, Uibh Fáille - Comisiún Ealaíon Poiblí

Cuireann Bord Bainistíochta Coláiste na Sionna fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí ar choimisiún le píosa ealaíne buan a chruthú sa scoil faoin scéim % ealaíon. Is faoi choimirce an Roinn Oideachais agus Eolaíochta atá an scéim á reachtáíl. Tá buiseád de €58,00 curtha ar fáil, na costais uilig san áireamh. Tá gach eolas faoi chriteár na scéíme, na coinníollacha agus an tionscnamh féin le fáil ar an suíomh gréasáin www.bccns.ie nó teígh i dteagmháil leis an leas príomhoide, kevinjordanlsu@hotmail.com

Spriocdháta

23 Iúil, 2010.

Eolas


Suíomh idirlín: www.bccns.ie
Ríomhphost: kevinjordanlsu@hotmail.com

Clár Ealaíon Poilblí Chontae Uibh Fháillí

Groundwork Coimisiún Ealaíon Poiblí i dTuaisceart Éireann.

Fáiltíonn Groundwork le hiarratas ó ealaíontóirí ar dhá choimisiún ealaíne atá á thairiscint le dhá phíosa ealaíne a chruthú a bheidh suite go buan i dhá láthair éagsúil i dTuaisceart Bheál Féirste. Múrmhaisiú agus píosa miotalóireachta atá i gceist.Tá buiseád de £15,500 curtha ar fáil don phíosa miotalóireachta agus buiseád de €3,500 curtha ar fáil don mhúrmhaisiú. Tá gach eolas faoi chriteár na scéíme, na coinníollacha agus an tionscnamh féin le fáil ar an suíomh gréasáin www.groundworkni.org.uk.

Spriocdháta

23 Iúil, 2010.

Eolas



Suíomh Idirlín: www.groundworkni.org.uk

 

Céibh Oileán Raithlin agus Cuan Bhaile an Chaistil. Coimisiún Ealaíon Poiblí.

Céibh Oileán Raithlin agus Cuan Bhaile an Chaistil. Coimisiún Ealaíon Poiblí.

Fáiltíonn Comhairle áitiúil Maighne roimh iarratais ó ealaíontóirí nó grúpaí ealaíontóir ar choimisiún le dhá píosa físealaíon a chruthú. Beidh ceann amháin curtha i láthair speisialta ar chéibh Oileán Raithlin agus cuirfear agus beidh an ceann eile ar ché Bhaile an Chaistil. Tá ciste de £95,000 GBP ar fáil don tionscnamh agus is féidir gach eolais faoin gcoimisiún agus an próiseas iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Seoladh: Moyle District Council, Ballycastle & Rathlin Public Art, Moyle District Council, Sheskburn House, 7 Mary Street, Ballycastle, Co. Antrim, BT54 6QH
Teileafón: +44 (0)28 2076 2225
Ríomhphost: dev@moyle-council.org

Spriocdháta

23 Iúil, 2010.

Eolas


Seoladh: Public Art Panel, Offaly County Council, Arts Office, Charleville Road, Tullamore, Co. Offaly
Teileafón: 057 9357400

 

Comhairle Chontae Chorcaigh
Coimisiún Fort Camden


Coimisiún Fort Camden

Cuireann Comhairle Chontae Chorcaigh fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóir ar shraith coimisiún a bheidh an chomhairle a tharisicnt sna míonna amach romhainn. Tá buiseád de €10,000 curtha ar fáil do gach coimisiún. Tá an scéim oscailte do gach cineál ealaíontóir agus do gach réimse ealaíne. Foirgneamh ón 19ú haois déag is ea Fort Camden agus is eiseamlár de fhoirgneamh cosanta cósta an ré sin é. Tá Fort Camden suite in iarthar Chorcaigh. Is mar chuid de chlár físealaíne Fort Camden iad na coimisiúin

Tá gach eolais faoin scéim mar aon leis criteár na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

23 Iúil, 2010

Eolas

Seoladh: Arts Office, Cork County Council.
Teileafón: 021 4346210
Ríomhphost: arts@corkcoco.ie
Suíomh Idirlín: www.corkcoco.ie

 

Comhairle Contae na hIar Mhí


Scéim Ealaíon Pobail: Dealbh do Timpeallán an Mhuillin Ghearr.

Mar chuid de phlean ealaíne chontae na hIarmhí, fáiltíonn Comhairle contae na hIarmhí roimh iarratais ó ealaíontóirí a bheith ar phaineál ar choimisiúin a bheidh an chomhairle a thairiscint san 5 cúig bhliain amach romhainn. Tá sé ar intinn ag an gcomhairle greásán de dhealbha a chruthú ar na timpealláin sa Mhuilleann Gearr. Cuirfear €45,000 ar fáil do gach coimisiún. Tá tuilleadh eolais faoi chriteár na scéime agus gach eolas eile le fáil ag na sonraí thíosluaite.

Spriocdháta

30 Meán Fómhair. 2010.

Eolas

Teileafón: 044-9332140
Ríomhphost: arts@westmeathcoco.ie
Suíomh Idirlín: www.westmeathcoco.ie

 


 

Folúntas

Visual Centre for Contemporary Arts and the GB Shaw Theatre, Ceatharlach.

Bainisteoir Díolacháin, Poiblíochta agus Margaíochta

Is ionad Ealaíne agus amharclann nua é an Visual Centre for Contemporary Art and the George Bernard Shaw Theatre. Fáiltíonn an t-ionad roimh iarratas ó dhaoine cáilithe do phost úr atá fógraithe: An Bainisteoir Díolacháin, Poiblíochta agus Margaíochta

Tá breis eolais le fáíl ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

30 Iúil, 2010

Eolas

Teileafón: 01 678-7920
Ríomhphost: rmcgarr@gbshawtheatre.ie
Suíomh idirlín: www.gbshawtheatre.ie

 

Dublin Contemporary

Folúntais – Postanna Éagsúla

Is mórfhéile agus semineár do na físealaíona é an Dublin Contemporary a thugann árdán do fhísealaíontóirí agus earnáil na físealaíne. Beidh an mór ócáid ar siúil i mBaile Átha Claith sa Fhómhair. Ócáid mhór chultúrtha a bheidh ann a chuirfidh go mór le gradam na n-ealaíon sa tír.
Tá roinnt folúntais ag Dublin Contemporary faoi láthair. Fáiltíonn an choiste roimh iarratais ó dhaoine atá paiseanta agus gníomhach, agus a bhfuil ardscileanna agus taithí chuimsitheach acu.

• Bainisteor Tionscnamh
• Cuaramóirí.
• Ceannasaí ar Mhargaíocht, Chumarsáid agus Dhíolacháin.
• Bainisteoir Forbartha agus Tiomsaíochta.

Tá breis eolais le fáíl ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

1 Iúil, 2010

Eolas


Teileafón: 01 678-7920
Ríomhphost: daniela@dublincontemporary.com

Scoil Cheoil Frankie Kennedy

Seirbhís comhordú agus riaracháin a chur ar fáíl

Tá seirbhís comhordú agus riaracháin á lorg ag Scoil Cheoil Frankie Kennedy 2010/2011, scoil samhraidh ceoil a eagraítear go bliantiúil i nGaoth Dobhair. Scríobh chuig an bhféile roimh an 2 Iúil má tá suim agat san obair seo.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas

Seoladh : Scoil Cheoil Frankie Kennedy Teo, An Chrannóg, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Teileafón: 087 9309656
Ríomhphost: eolas@frankiekennedy.com
Suíomh idirlín: www.frankiekennedy.com

 


 

Comhdháil / Seimeanár

Taisce Cultúrtha Bharr an Teampaill

Fóram ar thodchaí na hEarnála Cultúrtha agus na Tionscala Cultúrtha.

Cén ról atá ag an tionscail cultúrtha sa tír seo? Cén ról atá ag an gcultúr i réimsí eile den shochaí? An chóir ról níos lárnaí a bheith ag an gcultur i bhforbairt na tíre? Tá Taisce Cultúrtha Barr an Teampaill ag lorg freagraí ar an ceisteanna sin, agus ba mhaith acu cuireadh go mbeadh tú páirteach. Cuige sin, tá suíomh idirlín cruthaithe le plé a dhéanamh ar ról an chultúir sa tír. Tugann an suíomh idirlín deis duit do chuid tuairimí a nochtú agus a bheith páirteach sa diospóireacht. Téigh go: www.icce.ie Mar aon leis sin, tá fóram á eagrú ag Taisce Barr an Theampaill i mBaile Átha Cliath an mhí seo chun iniúchadh a dhéanamh ar ról an chultúir sa tír.

Spriocdháta

7 Iúil, 2010

Eolas

Seoladh: Temple Bar Cultural Trust, 12 East Essex Street, Temple Bar, Dublin 2, Ireland
Teileafón: +353 1 677 2255
Ríomhphost: info@templebar.ie
Suíomh idirlín: www.templebar.ie

 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne ná na healaiona d'árd chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá clár dushlánach leagtha amach ag an ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reachtáiltear na himeachtaí go léir san Ionad.
Tá Clár an Fhómhair á ullmhú againn i láthair na h-uaire agus beidh an t-eolas seo ar fáil go luath. Beidh neart ceolchoimreacha, taispeántaisí agus imeachtaí don scoth ar siúl sa Fhómhair! Is féidir eolas faoi na himeachtaí atá ar siúl san Ionad le linn an tsamhraidh a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.


Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


Arás Éanna, Inis Oirr
Is Ionad Ealaíne é Áras Éanna atá suite ar Inis Oirr. Cuireann an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí ealaíne agus cultúrtha ar siúl.
Taispeántas le hAnita Murphy, “I’ll live ‘til I die”, Seó cuimhneacháin faoin amhránaí iomráiteach as Maigh Eo, Delia Murphy. Oscailt ar an 2 Iúil.

9-11 Iúil: Deireadh seachtaine Dráma agus Jazz. I measc na n-imeactaí beidh an dráma, The Tailor and Ansty, le Eric Cross a bheidh curtha ar stáiste ag an Call Back Theatre. Dráma grinn ar ardchaighdeán; Ceoltóirí Ollscoile as Meiriceá / Berkley Jazz Quartet

Dé Sathairn 17 Iúil Ceolchoirm le/ Lumiere. Amhránaithe den scoth, Pauline Scanlan agus Eilis Ní Chinnéide.

Dé Sathairn 24 Iúil: Ceolchoirm le Caladh Nua, ón Rinn, i bPort Láirge

Dé Domhnaigh 25 Iúil/Sunday 25th July: Head of Red O.Brien. Drama leis an True West Theatre Company

Dé Sathairn, 31 Iúil/Saturday 31st July. The Tinker.s Curse. Dráma nua chumtha scríofa agus curtha i láthair ag Michael Harding.

Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní Ghallchóir:
Ríomhphost:araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann, Co Na Gaillimhe.


Gailearaí Joan Clancy, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar ó Dhún Garbhán. Tá stádas á bhaint amach aige de réir a chéile mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.
30ú Iúil – 15ú Lunasa. The Clancy Brothers & Tommy Makem – Ómós dá nOidhreacht Chultúrtha. Deireadh ré ba ea bás Liam Clancy, i Mí na Nollag 09 agus is taispeántas é a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha na Clancy’s agus Tommy Makem. I measc na bpíosaí a chuirfear i láthair le linn an Taispeántas Ómósach, beidh saothar de chuid na bhfísealaíontóirí Orla Clancy iníon le Paddy agus Mary, Blawnin agus Rayleen Clancy iníonacha Tom agus Joan, Arthur Maderson, Bernadette Kiely, Una Sealy, Tom Climent, Katarzyna Gajewska, Dave West, Mary Clancy (ná fuil gaolta), Paul Flynn, Andrea Jameson, John Cullinan, Laura Fitzgerald agus eile.
Iúil 8 – 25 Taispeántas le hAnn Dunphy. Is Ealaíontóir aitheanta í Ann atá an-éíleamh ar a cuid saothair.

30ú Iúil – 15ú Lunasa. Taispeántas Grúpa. Taispeántas leis na healaíontóirí: Arthur Maderson, Tom Climent, Mary Clancy, Bernadette Kiely, Blawnin Clancy, Una Sealy, Rayleen Clancy, Katarzyna Gajewska, Orla Clancy, Paul Flynn, Andrea Jameson, Dave West, John Cullinan, Laura Fitzgerald.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó 086 8134597
Seoladh : Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge


Taibhdhearc na Gaillimhe: “Éistigí Caithfear Éisteacht” - Máirtín Ó Cadhain, a shaol agus a shaothar
Mar chuid de Fhéile Ealaíon na Gaillimhe Céiliúradh ar shaol agus saothar Mháirtín Ó Cadhain, sárscríobhneoir na Gaeilge sa 20ú aois. Seó ilmheánach, fuinniúil, le scoth na n’aisteoirí, ceoltóirí agus damhsóirí Conamarach. Seo scéal scríobhneoir tréitheach a thuig a mhuintir agus a cheantar. Tabharfear ar ais muid tríd scéal Mhairtín Uí Chadhain trína shúile géara féin lé scéalaíocht, ceol agus damhsa na ndaoine.

Léiritheoir: Maidhc P. Ó Conaola. Scríobhneoir Scripte: Joe Steve Ó Neachtain. Dearadh Seite / Set Seán Ó Flatharta.

Ionad: Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Dáta : 19 – 25 Iúil / July 2010
Ám : 8.00 pm
Ticéid : www.galwayartsfestival.ie (091) 566577 €15 / €10

Tuilleadh Eolas
Seoladh: Áine Ní Chuaig. Oifigeach Riaracháin, Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh
Teileafón: 091-562024
Faics: 091-563195
Suíomh Idirlín:www.antaibhdhearc.com


Imeachtaí ceol - Tionscnamh Lugh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Trad Tráthnóna
Ionad Cois Locha, Dun Luiche. De Mairt 13 Iúil/Tue 13 July 8.30 p.m.
Oíche eile de cheol agus amhránaíocht traidisiúnta le h-aíonna speisialta L’Angelus ó Louisiana a chur i láthair ag Tionscnamh Lugh. Bíonn meascán de cheoltóirí agus amhránaithe áitiúla le cloisteáil ag na hoícheanta traidisiúnta seo a bhíonn ar siúl gach oíche Mhairt le linn mí Iúil agus Lúnasa. Cuirtear ar fáil ceardlann ealaíona don aos óg ar an oíche.

Eddi Reader agus a Banna ceoil.
Ionad Cois Locha, Dun Luiche. Luain 12 Iúil, 8.30 p.m.
Cuireann Tionscnam Lugh i láthair coirmceoil leis an cheoltóir clúiteach as Albain Eddi Reader lena banna ceoil, Boo Hewerdine [giotár, amhránaíocht] Alan Kelly[Bosca Ceoil]. Is buaiteoir í Eddi de bhean amhránaí is fearr i gcomórtas Brit agus rinne sí a h-ainm ar dtús mar bhall den bhanna ceoil Fairground Attraction.

Trad Tráthnóna
Ionad Cois Locha, Dun Luiche, De Máirt 6 Iúil I8-30pm.
Tráthnóna de cheol agus amhránaíocht traidisiúnta le meascán de bhuaiteoirí Oireachtais 2009 ina measc Doimnic Mac Giolla Bhríde buaiteoir Chorn Uí Riada. D’éirigh le Doimnic Corn Uí Riada a thabhairt na bhaile go Gaoth Dobhair i mbliana agus beidh se i mbun ceoil i gcuideachta roinnt de bhuaiteoirí eile an Oireachtais ó cheantar Ghaoth Dobhair, Cloich Cheann Fhaola agus na Rosa. Cuirtear ar fáil ceardlann ealaíona don aos óg ar an oíche.

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín: www.tlugh.com
Ríomhphost:info@tlugh.com


Éigse Éireann – Léamh Filíochta le Celie de Fréine.
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cearnóg Muirfeann, BÁC 2
21 Iúil, 2010. 1.05 i.n.

Cuireann Éigse Éireann léamh filíochta leis an mbanfhile Celie De Fréine i láthair. Tá clú agus cáil ar Chelie mar scríbhneoir cumasach

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 01 4789974
Ríomhphost: info@poetryireland.ie
Suíomh Idirlín: www.poetryireland.ie


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair,
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Breis eolais ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie www.ceiliuradh.com


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Gráda:Sraith Cheoil an tSamhraidh 2010, le Comhairle Contae Mhaigh Eo - tá lúcháir mhór ar Áras Inis Gluaire (mBéal an Mhuirthead) fáilte a chur roimh Gráda ar an Satharn, 10ú Iúil, ag 8.00 i.n. De réir an ‘Washington Post’, “Gráda is to Irish music what Arcade Fire is to Indie – informal, prodigious and full of spirit.” Ardmholadh go deo – bigí ann! Cead isteach saor in aisce ach ní mhór áit a chur in áirithe! Tuilleadh eolais: An Oifig Ealaíon, Comhairle Contae Mhaigh Eo - ríomhphost mayoarts@mayococo.ie , teileafón 094 90 24444, fo-líne 7558 agus 7471.

Campa Samhraidh: Beidh Campa Samhraidh trí mheán na Gaeilge ar siúl in Áras Inis Gluaire, ó 12ú Iúil go 16ú Iúil, do pháistí bunscoile atá ós cionn 6 bliana d’aois ón 1ú Eanáir. Le linn na seachtaine, beidh imeachtaí éagsúla oideachasúla, spórtúla agus cultúrtha eagraithe. Ní mór áit a chur in áirithe láithreach! Táillí: €25 páiste amháin, €45 beirt páistí agus €60 triúir nó níos mó ón gclann céanna. Teagmháil: 097 81079.

Féile Iorrais 2010: Tosóidh an 15ú bliain de fhéile ealaíon-tíre idirnáisiúnta, Féile Iorrais, ar an 16ú Iúil ag 8.30 i.n., leis an cnagbhanna Cachimbo. Logáil ar www.errisevents.com (cliceáil ar ‘Féilte’) chun níos mó a fhoghlaim faoin fhéile – ceolchoirmeacha, ceardlainn agus scannáin idirnáisiúnta. Táille €7 / €5.

Anxo Lorenzo – Píobaire: Ceaptar go bhfuil na píobaí teoranta go hÉireann agus an Albain ach is a mhalairt a thaispeánann Anxo Lorenzo. Tá na píobaí láidir i nGalicia ar chósta na Spáinne agus is í seo a chuireann sé i láthair. Lena bhanna ceoil tá Anxo ag tabhairt a cheol go hIorrais don chéad uair ar riamh mar chuid de Fhéile Iorrais 2010 – Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Déardaoin, 22ú Iúil, ag 8.30 i.n. Táille €7 / €5.

Ceardlann Damhsa Sean-Nós : Déaradoin, 22ú Iúil, beidh ceardlann damhsa ar an tsean-nós leis an clann Devane, ó Chárna, Connemara. Mar chuid den Fhéile Iorrais 2010 – Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, ag 11.00 r.n. Cead isteach saor in aisce, ach chun áit a chur in áirithe téigh i dteagmháil le hÁras Inis Gluaire – 097 81079.

Bannaí Nua – Sárthaispeántas: Le grúpa nua ó Bhaile Átha Cliath Sleepwalker mar aon le bannaí áitiúla. Mar chuid den Féile Iorrais 2010 - 8.30 i.n. in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Dé Sathairn, 24ú Iúil. Saor chead isteach.

Ceardlann Ceoil Meiriceánach agus Briotanach: Dé Sathairn, 24ú Iúil, beidh ceardlann ceoil le Sara Grey – seanachaí agus ceoltóir sean nós bainseo ó Mheiriceá. Mar chuid de Fhéile Iorrais 2010 - in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, ag 11.00 r.n. Cead isteach saor in aisce, ach chun áit a chur in áirithe téigh i dteagmháil le hÁras Inis Gluaire – 097 81079.

Scannáin Idirnáisiúnta: Beidh 5 scannáin idirnáisiúnta á thaispeaint in Áras Inis Gluaire le linn Féile Iorrais 2010. Saor chead isteach do bhaill Erris Film Club. Ballraíocht €5.
Waveriders [Éire 2008] - 5.00 i.n. Satharn, 17 Iúil .
Låt den rätte komma in [Sweden 2008] - 3.00 i.n. Domhnach, 18 Iúil
Night of the Hunter [USA 1955] - 8.30 i.n. Luan, 19 Iúil
Dean Spanley [New Zealand 2008] - 2.00 i.n. Mháirt, 20 Iúil
Katyn [Poland 2007] - 8.30 i.n. Céadaoin, 21 Iúil

Banna David Munnelly : Beidh ceolchoirm le The David Munnelly Band ag 8.00 i.n., Dé hAoine, 30ú Iúil. Tá lúcháir mhór ar Áras Inis Gluaire (i mBéal an Mhuirthead) fáilte a chur roimh David arís - back by popular demand! Bigí ann - book your tickets now – teagmháil: 097 81079.

Seisiúin Ceol Traidisiúnta: Beidh seisiún ceol traidisiúnta in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, gach Déardaoin – ó 15ú Iúil go dtí 26ú Lúnasa.

Taispeántas Ealaíon: Beidh taispeántas le Mary Foudy O’Halloran (ó Ghaillimh) - First Intent – i ndánlann Áras Inis Gluaire i rith Féile Iorrais 2010.

Tuilleadh eolais.
Teileafón: 097 – 81079
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/
Seoladh : Áislann Bhéal an Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.


Taispeántas Ealaíne: le Maurice Galway
An Gailearaí /Ceardlann na gCroisbhealach An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
.
4 Iúil – 31 Lúnasa – Mar chuid de Fhéile an Earagail.
Taispeántas leis an gCiarraíoch ildánach, Mauirce Galway. Taispeántas ina bhfuil suiteáíl scannáin, ‘Drying in the Rain’ (a choimisúnaíodh go speisialta d’Fhéile Ealaíne an Earagail i mbliana) mar bunchloch an togra. Tá líníochtaí mín, simplí, a chuirfeadh saothar Matisse nó Picasso i gcuimhne duit, mar chuid den taispeántas chomh maith.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: 074 9165594
Seoladh:
An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com/


Imeachtaí Cultúrtha ar Oileán Thoraigh
Is iad seo a leanas na himeachtaí atá eagraithe ag Coiste Sóisialta agus Cultúrtha Thoraigh i mí an Mheithimh.
3 - 18 Iúil: imeachtaí ar an oileán mar chuid de Fhéile an Earagail. Ina measc, tá Duke Special, céilithe agus go leor eile eagraithe.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: Daniel ag 086 8763754 nó Majella ag 086 2620154


Ó Bhéal: Léamh Filíochta le Seosamh Ó Guairim
26 Iúil 2010, 9.00 i.n
The Hayloft, The Long Valley, Sráíd Winthrop, Corcaigh

Léamh filíochta le Seosamh Ó Guairim. Tá Ó Bhéal ag eagrú an ócáid I gcomhar le Foras na Gaeilge

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 085 712 6299
Suíomh Idirlín: www.obheal.ie
Ríomhphost: info@obheal.ie


Féiltí

Féile Iorrais,
Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo.
Dé hAoine 23 – Dé Domhnaigh 31 Iúil

Féile idirnáisiúnta sna hEalaíona Tuaithe. Réimse leathan d’imeachtaí ealaíne agus ceoil. Grúpaí idirnáisiúnta, ceoltóirí áitiúla, dearc-ealaíon agus neart imeachtaí eile.

Breis eolais
Teileafón: 097-81079
Ríomhphost: feileiorras@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.feileiorras.org


Féile Ealaíne an Earagail
Féile spleodrach Ealaíne le hurraim idirnáisiúnta atá ag fás gach bliain. Bíonn imeachtaí ealaíne de gach cineál eagraithe ar fud chontae Dhún na nGall ar feadh coicíse, idir cheol, dhrámaíocht, thaispeántais físealaíne, shiamsaíocht agus go leor eile. I measc na n-imeachtí ar siúl sa Ghaeltacht, tá Ó Bheál go Béal, oíche sceálaíochta le seanchaithe an chontae, Aintín Searlás le hAisteoiri Ghaoth Dobhair, Loinnir leis an Cosán Glas an Rón Dall le Fibín agus go leor imeachtaí ceoil agus ealaíne eile. GAch eolas le fáil ag www.eaf.ie

Dé Sathairn 3 Iúil – Dé Sathairn 17 Iúil

Breis eolais
Teileafón: 07 916 8800
Ríomhphost: info@eaf.ie
Suíomh Idirlín: www.eaf.ie


Soilse Thoraí
Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall.
Dé hAoine 16 – Dé Domhnaigh 20 Iúil, 2010.

Féile cheoil, ealaíne agus amhránaíochta a eagraítear mar chuid d’Fhéile Ealaíne an Earagail. Déantar ceiliúradh ar shaibhreas cultúrtha an oileáin agus cuirtear imeachtaí ealaíne comhaimseartha ar siúl chomh maith. Bíonn ilghéitheacht ag baint leis na himeachtaí a eagraítear; taispeántais, drámaí, rásaí curach, ceol, damhsa agus go leor eile.


Breis eolais
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Teileafón: 074 9165594
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com/


Féile Thraidisiúnta Chnoc Fola
Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall.
Dé hAoine 30 Iúil – Dé Luain 2 Lúnasa

Féile chultúrtha a dhéanann ceiliúradh ar an seansaol traidisiúnta, ar cheirdeanna traidisiúnta agus ar ghnásanna traidisiúnta an cheantair.

Breis eolais
Teileafón: Cumann Forbartha Ghaoth Dobhair. (074) 9532208


Féile Lúnasa Ghaeltacht an Leith Triúigh
Halla Le Chéile, Bréanainn, Co. Chiarraí

Déanann an fhéile spleodrach seo ceiliúradh ar an traidisiún agus ar an oidhreacht a bhaineann le ceantar Chlocháin Bréanainn, Crom Dubh agus ar na traidisiúin a bhaineann le ceiliúradh an Fhómhair.

Breis eolais agus dátaí na bliana seo

Breis eolais
Teileafón: 066 7138173
Ríomhphost: eolas@cflt.ie
Suíomh Idirlín: http://www.cflt.ie


Scoil Samhraidh Fidléireachta Ghleann Cholm Cille
Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall
Iúil 25 – 30, 2010.
Scoil cheoil agus féile cheoil thraidisiúnta a bhfuil oidhreacht shaibhir ceoil dheisceart Thír Chonaill mar fhoinse inspioráide aige. Ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlanna agus seisiúin cheoil. Eagraíonn Ceol sa Ghleann an fhéile.


Breis eolais
Teileafón: 087 2873576
Ríomhphost: info@ceolsaghleann.com
Suíomh Idirlín: http://www.ceolsaghleann.com


Cumann Bádoirí Acla
Acaill, Co. Mhaigh Eo
10 Iúil – 30 Iúil
Ta Cumann Badoiri Acla ag iarraidh cultuir agus traidisiuin seoltoireachta an yawl a chosaint agus a leanu amach. Ag cur leis an aidhm seo, eagraíonn an choiste féile thar thréimse míosa a déanann ceiliúradh ar na báid thraidisiúnta atá le fáil ar Oileán Acla. Eagraítear rásanna bád agus neart imeachtaí cultúrtha, ealaíona agus spóirt. Is féile í a chuireann béim ar an teanga agus an Gaeltachas. Clár na n-imeachtaí agus na sonraí uilig le fáil r shuíomh idirlín an bhféile.


Breis eolais
Teileafón: 353 (0) 87 2249691
Ríomhphost: mulrmayo@iol.ie
Suíomh Idirlín: http://www.mayo-ireland.ie/Mayo/Towns/Achill/Badoiri.htm


Féile Bia Na Mara
Acaill, Co. Mhaigh Eo
15 – 18 Iúil

Féile ilghéitneach a bhainfidh an chlann uilig sult as. Déantar ceiliúradh ar chultúr na mara agus ar an mbia mara blasta atá ar fáil in Acaill. Clár na n-imeachtaí agus na sonraí uilig le fáil r shuíomh idirlín an bhféile.

Breis eolais
Teileafón: 098 47353
Ríomhphost: info@achilltourism.com
Suíomh Idirlín: www.achilltourism.com


Féile An Phobail - Iarthar Bhéal Féirste
31 Iúil – 8 Lúnasa

An fhéile Ealaíne pobail is mó san Eoraip! Imeachtaí ar árdchaighdeán, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ceann de mhórfhéiltí na tíre, le béim láidir ar an teanga agus an traidisiún. Clár na n-imeachtaí agus na sonraí uilig le fáil r shuíomh idirlín an bhféile.

Breis eolais
Seoladh: Sean Paul O'Hare, 473 Bóthar na bhFál, Béal Féirste BT12 6DD
Teileafón: 048 903 13440 nó 048 9031 9150
Ríomhphost: info@feilebelfast.com
Suíomh Idirlín: http://www.feilebelfast.com


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

http://www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.