EalaÍn na Gaeltachta

 

-

Nuacht

-

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

-

Cuir leis an liosta

-

Bain den liosta

-

Seol chuig cara

 

 

 

 

-

Teagmháil

 

-

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

Ealaín na Gaeltachta

 

 

Nuacht

Fáilte go nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta

Tá rogha leathan d’ imeachtaí agus de fheiltí ar siúl ar fud na Gaeltachta i rith mí Iúil agus Lúnasa. Tugann na himeachtaí agus na féíltí árdán do cheol agus d’oidhreacht shaibhir na Gaeltachta. Tá neart féiltí le blas Gaelach ar siúl ar fud na tíre chomh maith, mar aon leis neart imeachtaí ealaíona ilghéitheacha agus ildánacha eile. Tá tuilleadh eolais fúthu uilig ar fáil sa ríomhlitir. Lena hais sin, tá eolas faoina deiseanna éagsúla atá ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíne, trí coimisiún ealaíon pobail san áireamh.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Folúntas

 

Ionad ealaíne An Aonaigh

Teicneoir Amharchlannaíochta. (Páirt aimseartha)

Ní mhór go mbeadh cumas agus saineolas ag an iarratasóir ar chúrsaí soilse agus fuaime. Ní mhór go mbeadh sé nó sí ábalta córas fuaime agus soilse a úsáid agus go mbeadh sé nó sí ábalta seirbhís teicniúil a chur ar fáil san ionad. Is post páirt-aimsearach é seo.


Dáta

10 Iúil, 2011

Eolas

Seoladh: Ionad Ealaín an Aonaigh, An tAonach, Co Thiobhaird Árainn.
Ríomhphost: manager@nenagharts.com
Suíomh Idirlín: www.nenagharts.com

 

Féile Drámaíochta Banc Ulaidh Bhaile Átha Cliath

Stiúirthóir Ealaíne / príomhfheidhmeannach

Tá folúntas ag Féile Drámaíochta Banc Ulaidh Bhaile Átha Cliath, ceann de na féilte is tábhachtaí sa tír, do Stiúirthóir Ealaíne / príomhfheidhmeannach. Téarma 5 bhliain atá i gceist. Ní mhór go mbeadh taithí chuimsitheach ag an iarratasóir i gcúrsaí drámaíochta agus i gcúrsaí gnó.

Tá gach eolas faoin bpost mar aon leis an bpróiseas iarratais le fáil ag: www.dublintheatrefestival.com

Dáta

20 Iúil, 2011

Eolas

Suíomh Idirlín: www.dublintheatrefestival.com
Ríomhphost: sarahdurcan@dublintheatrefestival.com

 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtainí Taistil agus Oilúna

Tá dhá shraith ag baint leis an dámhachtain seo. Is í an phríomhshraith ná Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil; is í an dara sraith ná Taisteal agus Oiliúint Isteach.

Uasmhéid Bronnta: €12,000
Tá sonraí teagmhála le fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx

Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne a úsáid http://onlineservices.artscouncil.ie


Spriocdháta

Leanúnach

Eolas

Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Suíomh idirlín: http://www.artscouncil.ie

 

An Chomhairle Ealaíon


Dámhachtán Sparántachaí

Tá na sparántachtaí seo a leanas ag tairiscint ag an gComhairle Ealaíona:

• Dámhachtán Sparántachta -Damhsa.
• Dámhachtán Sparántachta- Litríocht
• Dámhachtán Sparántachta- Ealaín Sráide agus taibhléiriú.
• Dámhachtán Sparántachta - Ceoldrámaíocht.
• Dámhachtán Sparántachta - Daoine óga, páistí agus na healaíona.

Tá gach eolais le fáil ar shuíomh idirlín na comhairle: www.artscouncil.ie

Beidh fáil ar na treoirlínte le híoslódáil go luath.

Spriocdháta

14 Iúil , 2011

Eolas

Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte). Gach eolais faoin scéim agus faoi chriteár na scéime le fáil ag an sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

9 Meitheamh, 2011

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492

 

Cultúr Éireann

Cultúr Éireann – Deontas.

Bronnann Cultúr Éireann maoiniú ar eagraíochtaí ealaíona nó ealaíontóirí chun sár-imeachtaí cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh ócáidí (m.sh. léiriúcháin, taispeántais, léachtaí), ócáidí nach mbíonn an eagraíocht ná an léiriúchán féin in ann na costais ina leith a íoc. Tá foirmeacha agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin

Spriocdháta

15 Lúnasa, 2011

Eolas

Seoladh : Cultúr Éireann, Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 00 353 1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh Idirlín: www.cultureireland.gov.ie

 

An Chomhairle Ealaíon

Scéím na Scríbhneoirí sa Scoileanna

Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann a riarann Í Cuireann an scéim ar chumas dealaíontóirí oibriú le príosúnaithe i bpríosún/ionaid choinneála ar feadh thréimhse 8-10 lá agus comhlánaíonn sí clár ealaíon agus oideachais atá ann cheana féin sna Aonaid Oideachais laistigh de chóras na bpríosún
Uasmhéid Bronnta: €2,400

Tá sonraí teagmhála le fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx

Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne a úsáid aspx http://onlineservices.artscouncil.ie

Spriocdháta

Leanúnach

Eolas

Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: writersinschools@poetryireland.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

An Chomhairle Ealaíon


An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht

Is é aidhm na scéime tionscnaimh uaillmhianacha, nuálacha agus chruthaitheacha ar ardchaighdeán a bhfuil sé mar aidhm sonrach acu cur le taithí an phobail ar an ailtireacht agus a rannpháirtíocht léi, agus an taithí agus an rannpháirtíocht sin a leathnú. Is scéim chomhpháirtíochta í seo idir an Chomhairle Ealaíon agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, faoi Chlár Feidhmiúcháin Bheartas an Rialtais i leith an hAiltireachta 2009-2015.

Uasmhéid Bronnta: €20,000

Spriocdháta

21 Iúil, 2011

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

Co-ordinóirí Ealaíona agus Sláinte na hÉíreann/ Cumann na hÚdaráis Ealaíona áitiúla


Dámachtán meantóirechta sna hEalaíona agus an tSláinte.

Tá lúcháir ar na Co-ordinóirí Ealaíona agus Sláinte na hÉíreann, i gcomhar leis Cumann na hÚdaráis Ealaíona áitiúla, Dámachtán Meantóireachta sna hEalaíona agus an tSláinte a fhógairt.

Tríd an scéim seo, cuirfear deiseanna meantóireachta ar fáil d’ealaíontóirí agus do ghníomhairí ealaíne agus cothófar deiseanna le dioscúra criticiúil a chothú idir ealaíontóirí agus ghíomhairí ealaíne. Is í cuspóir na scéime ná maoiniú a thabhairt do bhunú agus do bhuanú na meantóireachta i réimse na healaíona agus an tsláinte. Tá ciste de €1,000 curtha ar fáil.

Tá gach eolais faoin scéim seo le fáil ag:
http://dialogueartsandhealth.wordpress.com/

Spriocdháta

4 Iúil, 2011

Eolas


Seoladh:
Dialogues Arts + Health Mentoring Award, Arts and Health Coordinators Ireland (AHCI), c/o Create, 10-11 Earl Street, South, Dublin 8.
Teileafón: +353 (0)51 842 664
Ríomhphost: mary.grehan@hse.ie
Suíomh idirlín: http://dialogueartsandhealth.wordpress.com/

 

Fáilte Ireland


Scéim Taibhléiriúcháin ag Láthair Chultúrtha, Thurasóireachta nó Staire.

Clár nua le tacaíocht a thabhairt taibhléiriú a dhéanamh láithreacha turasóireachta, cultúrtha, oidhreachta, nó staire. Glacfar le hiarratais i ngach réimse ealaíne (ceol, dráma, scéalaíocht, léamh liteartha, athstáitsiú stairiúil, srl) fad is go gcuireann an taibhléiriú leis na scéalta, seanchais nó an stair a bhaineann leis an láthair. Cuirfear 80% maoiniú ar fáil don tionscadal. Tá an scéim oscailte do ghrúpaí pobail, do ghrúpaí deonacha agus don earnáil príobháideach.

Tá gach eolais le fáil ag; www.failteireland.ie


Spriocdháta

5 Iúil, 2011

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 (0)1 8847115
Ríomhphost: animationfund@failteireland.ie Maeve.mckeever@failteireland.ie

 

An Greásán Ceoil


Scéim Taifid Ceoil, 2011

Reactálann an Gréasán Ceoil an Scéím Taifid Ceoil i gcomhair leis an gComhairle Ealaíon. Tugann an scéim tacaíocht do cheoltóirí agus do chumadóirí ceoil le taifid a dhéanamh ar a gcuid ceoil (san earnáil neamh-brabúsach, de ghnáth). Is é priomhchuspóir na scéime ná cinntiú go gcaomhnófar ceol na tíre seo, go mór mór ceoil atá tábhacht ar leith ag baint leis nó ceol a atá i mbaol.

Bronnfar dámhactán suas go €10,000.

Tuilleadh eolais ar chriteár na scéime agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh idirlín na heagraíochta.


Spriocdháta

19 Meán Fómhair, 2011

Eolas


Seoladh:
Andreas Ziemons
Performance Programme Administrator
Music Network , Teach an Chóiste, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 6719429.
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie

 

An Greásán Ceoil


Making Overtures – clár forbartha do cheoltóirí.

Is clár i bhforbairt phroifisiúnta do cheoltóirí agus do chumadóirí gairimúla é Making overtures. Cuirtear saineolas gnó agus bainistíocht mar aon les tacaíocht proifisiúnta ar faíl do na rainnpháirtithe ionas go mbeidh siad ábalta saothrú mar cheoltóirí gairimiúla. I measc na n-ábhar ar an gcúrsa tá airgeadas agus cúrsaí canach; bainistíocht; margaíocht, cóipcheart ceoil; bainistíocht léiriúcháin agus ar eile.

Láthair an chúrsa: Centre for Creative Practices, 15 Pembroke Street Lower, Dublin 2

Dátaí an chúrsa: 1-4 Samhain.

Spriocdháta

26 Meán Fómhair, 2011

Eolas


Seoladh:
Music Network , Teach an Chóiste, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 6719429.
Ríomhphost: development@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie

 

An Gréasán Ceoil


Scéim Chaipiteal Ceoil

Tugann an scéim seo tacaíocht do cheoltóirí agus do bhuíon cheoil uirlisí ceoil a cheannacht. Tá dhá phríomhsruth sa scéim:

Sruth 1: Ceannacht Uirlisí Ceoil do bhuíon Ceoil (neamh-brabúsach) (Ciste €200,000)

Sruth 2: Ceannacht uirlisí Ceoil do cheoltóirí aonaracha. (Ciste €100,000)
Tuilleadh eolais ar chriteár na scéime agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh idirlín na heagraíochta.

Spriocdháta

4 Deireadh Fómhair, 2011.

Eolas


Seoladh:
Andreas Ziemons, Performance Programme Administrator, Music Network , Teach an Chóiste, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 016719249
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie

 


Deiseanna Eile

 

An Greásán Ceoil

Damhachtán Náisiúnta na gCeoltóirí óga

Fáiltíonn an Gréasán Ceoil roimh iarratais ar an dámahachtán náisiúnta do cheoltóirí óga. Fáilteofar roimh iarratais ó ghrúpaí traidisiúnta ar mhian leo slí bheatha a bhaint amach san earnáil ceoil ar bhun gairimiúil. Tré an scéim, cuirfear deiseanna meantóireachta, taifead agus forbairt gairmiúil ar fáil ar feadh tréimhse trí bhliain mar aon leis roinnt deiseanna eile.

Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

Níl spriochdháta i gceist

Eolas

Seoladh: The Coach house, Dublin Castle. Baile Átha Cliath 2.
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie

 

Irishart.com agus Irishartblog.com

Deis bolscaireachta d’ fhísealaíontóirí

Cuireann www.irish-art.com spás idirlíne ar fáil saor in aisce d’fhísealaíontóírí ar shuíomh idirlín na heagraíochta. Is féidir le físealaíontóirí a spás féin chruthú ar an suíomh, agus bolscaireactha a dhéanamh ar a saothair. Tugtar deis poiblíochta d’fhísealaíontóirí ar an suíomh www.irishartblog.com freisin.

Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.


Spriocdháta

Níl spriochdháta i gceist

Eolas

Suíomh Idirlín: www.irish-art.com agus www.irishartblog.com

 

Féile Raifeartaí, Maigh Eo.

Gradam Raiftearaí 2011

Comórtas nua filíochta a eagrófar mar chuid de Fhéile Raifeartaí.

Céad áit: € 750
Dara áit: € 500
Triú áit: € 250

Glacfar le hiarratas i nGaeilge. Déanfar gearrliosta de na 6 iarratas is fearr i nGaeilge. Tabharfar lóistín saor in aisce don sheisiúr sin mar aon leis costais cothála ar fiú €50 é. Beidh deis ag na filí sin a saothar a léamh ag an bhféile i gCoillte Mach, Co Mhaigh Eo i mí na Samhna 2011. Fógrófar buaiteoirí an chomórtais ag an bhféile.

Tuilleadh eolais mar aon leis foirm iarratais agus rialacha an chomórtais le fáil ag an suíomh idirlín:
http://www.rafteryfestival.com/en/therafteryaward2011

Spriocdháta

31 Lúnasa, 2011

Eolas

Suíomh Idirlín: http://www.rafteryfestival.com/en/therafteryaward2011
Seoladh:
Ms. Louise Lawrence, 33, Rathcluain Village, Kiltimagh, Co. Mayo

 

Siamsa Tíre

Gailearaí Shiamsa Tire– Dámhachtán Forbartha d’Ealaíontóir atá ag teacht in inmhe.

Tabharfaidh an gradam aitheantas do chéimí a léiríonn go bhfuil talann, bua agus cumas aige nó aici i réimse na bhfíseaíon. Bronnfar €2,500 don té a roghnófar mar aon leis deis i ngailearaí Shiamsa Tíre. Is i mí Mheán Fómhair a bheidh an taispeántas.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.siamsatire.com/page/gallery_news

Ní mhór iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig: director@siamsatire.com

Spriocdháta

17 Iúil, 2011

Eolas

Seoladh: Méabh NicAlastair, Fíbín Teo., na hAille, Indréabhán, Co. na Gaillimhe.
Ríomhphost: director@siamsatire.com
Teileafón: 066 712 3055.
Suíomh Idirlín: www.siamsatire.com

 

Sky Arts

Scéim Ignition le Sky Arts

Cuireann Sky Arts cúig dhámachtán ar fáil d’ealaíontóirí óga gach bliain. Is fiú £30,000 gach dámhachtán agus fáilteofar roimh iarrtais ó ealaíontóirí atá ag obair sna réimsí seo a leanas: Drámaíocht, físealaíon, litríocht, taibhléiriú, damhsa, ceol nó scannán. Ní mhór a bheith idir 18-30 bliain d’aois. Bronntar an dámhachtán ionas go mbeidh sé ar chumas an ealaíontóra díriú ar a c(h)uid saothar ar feadh tréimhse bliana.

Spriocdháta

19 Meán Fómhair, 2011

Eolas

Seoladh: IdeasTap Limited, Woolyard, 54 Bermondsey Street, London, SE1 3UD
Suíomh Idirlín: http://www.ideastap.com


Oiliúint

An Lab, Baile Átha Cliath.

Teastas i Léiritheoireacht Drámaíochta

Meán Fómhair 2011 - Bealtaine 2012

Cúrsa praicticiúl a díríonn ar mhodhanna, teicnicí agus teoiricí drámaíochta agus a thugann forléargas ar an drámaíocht sa tír seo, agus ar an léiritheoireacht i gcoiteann. Beidh cuid de na léiritheoirí is aitheanta sa tír ina teagascóirí ar an gcúrsa. Feileann an cúrsa do mhicléinn aibí nó dóibh siúd atá spéis acu slí bheatha a bhaint amach mar léiritheoirí sa thodhchaí.

Láthair: The Lab, Foley Street, Dublin

Costas: €950

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Teileafón: 087 2759420
Ríomhphost: info@crookedhouse.ie
Seoladh: The Lab, Foley Street, Dublin

 

Cló Ceardlann na gCnoc, Dún na nGall

Cúrsaí Samhraidh - Cló Ceardlann2011

Cúrsa Samhraidh do phaistí le John Doohan:
Iúil 11ú –15ú.. 10.30 r.n. – 3.00 i.n
Beidh scileanna úra a fhoghlaim gach lá, ina measc péintéireacht agus líníocht, ag déanamh deilbh ag baint úsáide as ábhair athchúrsáilte agus páipéar maché, déanamh féin phortráidí agus ag úsáid marla.

Eitseáil Grianghrafadóireacht (Photo-Etching)-le Aoife Mc Garrigle:
Iúil 9/10ú 10 r.n. – 4 i.n.
Foghlaim bunús na scile seo agus “photo polymer printmaking”. Costas €70 (baill den chlub Eitseáil €60),

Liteagrafaíocht Cloiche (Stone Lithography) le Aoife Mc Garrigle:
Iúil 17ú. 10 r.n. – 4 i.n.
Foghlaim ealaín na liteagrafaíocht cloiche. Is próiseas idéalach é seo dóibh súid a maith leo oibriú díreach ar an dromchla péinteála. Baintear úsáid as dromchla na gcloch chun pictiúr a dhéanamh air.Costas €70 (baill den chlub Eitseáil €60),

Péintéireacht tírdhreacha (Landscape Painting) le Heidi Nguyen:
Iúil 23 & 24ú. 10 r.n. – 5 i.n.
Ceardlann dhá lá leis an ealaíontóir Héidí Nguyen. Is é an téama ná an dóigh le péintéireacht tírdhreacha a phleanáil ó thús go deireadh. Costas€70 , €35 an lá (baill den chlub Eitseáil €60),

Ceardlann ealaín do phaistí (aois 6 -11) le Fotini Kariotaki
1ú – 5ú Lúnasa. 10.30 r.n. – 3.00 i.n

Ceardlann Grianghrafadóireachta (Photo Workshop) le Ingo Dünnebier
5-7ú Lúnasa., 10 r.n. – 4 i.n.
Foghlaim an dóigh le smaointí a fhorbairt agus coincheap do shraith grianghraif a oibriú amach. Cuir feabhas ar scileanna teicniúla, choincheapúil srl. Ag obair le teicnicí éagsúla “exposure” chun toradh níos fearr a fháil ar do shaothar. Fáilte roimh chur chuige digiteach, analógach nó hibrid. Costas: (€120, €100 baill den chlub Eitseáil)

Ealaín lasmuigh agus laistigh (In and Outdoor Art) le Fotini Kariotaki.
5-7ú Lunasa. 10 r.n. – 4 i.n.

Struchtúr agus ábhar i gcleachtas Ealaíne le Fotini Kariotaki & Ingo Dünnebier .
13 & 14ú Lúnasa. 10 r.n. – 4 i.n.


Tuilleamh eolais ar ábhar na gcúrsaí agus chun ait a chur san áireamh déan teagmháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

Dátaí éagsúla

Eolas

Teileafón: 074 9162800
Seoladh: Mín an Leá, Gort a Choirce, Co. Dhún na nGall
Suíomh Idirlín: www.clo.ie

 

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ceardlann ar scileanna raidió

Tá deis a thabhairt freastal ar cheardlann scileanna raidió i mBaile Átha Cliath ar Déardaoin, 22 Meán Fómhair 2011.

Is i halla Fhoras na Gaeilge agus stiúideo Raidió na Life atá lonnaithe i bhfoirgneamh Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfeann, Baile Átha Cliath 2 a bheidh an cheardlann seo á reáchtáil idir 10:30r.n - 4:00 i.n. ar Déardaoin, 22 Meán Fómhair 2011.

Is ceardlann phraiticiúil a bheidh i gceist agus beidh na rannpháirtithe ag tabhairt faoi bhréag-agallamh le linn na ceardlainne.

Ní ghearrfar aon táille ar an gceardlann seo ach tá spas teoranta do 16 duine.

Iarrtar ar rannpháirtithe preasráiteas a d’eisigh a n-eagraíocht le déanaí a sheoladh isteach chuig Brígíd i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh an 30 Iúil 2011 mar ábhar don bhréag-agallamh.

Spriocdháta

30 Iúil 2011

Eolas

Teileafón: 01 678 4780
Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfeann, Baile Átha Cliath
Ríomhphost: brighid@comhdhail.ie

 

Business to Arts

Conas suíomh idirlín a chrúthú agus a bhainsitiú i gcomhair le Everyman Training.

Clár dhá lá a reachtáltar gach Déardaoin agus Aoine i mBaile Átha Cliath. Cuirtear an cúrsa seo ar fáil do dhaoine nach bhfuil aon scileanna teicniúla nó ríomhaireachta acu. Is féidir gach eolas ar shiollabas an chúrsa a fháil ag: http://www.online365.ie/training.htm

Is eagraíocht é Buisness to Arts a cothaíonn nascanna idir an lucht gnó agus an earnáil ealaíne.Tugar lascaine do bhaill de Buisness to Arts ar chúrsaí oiliúna An Irish Times agus Sureskills. Is féidir clár na gcúrsaí seo a fheiceáil ag www.businesstoarts.ie

Spriocdháta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie
Seoladh: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.

 

Co-Chumann na Páirc

Cúrsa Gàidhlig i gcroílár Eilean Leòdhais

Beidh deis ag cainteoirí Gaeilge as Éirinn Gaeilge na hAlban a fhoghlaim in Pàirc i gcroílár Eilean Leòdhais. Cúrsa píolóta atá ann a úsáideann modhanna teagaisc ULPAN, siostam a bhfuil ina bhfuil aird ar leith ar an chaint agus ar an éisteacht. Tá an cúrsa á eagrú ag Co-chumann na Pàirce i bpáirt le Colàist a’ Chaistil, Steòrnabhagh.

Is deis ar leith é seo ar chúrsa Gàidhlig a dhéanamh i ceantar ina labhraítear Gàidhlig, agus beidh deiseanna ann fanacht ag teaghlaigh a labhraíonn an teanga.

£295 luach an chúrsa, agus lóistín san áireamh. Tá cuidiú áirithe ar fáil le taisteal as Éireann nó as tír mór na hAlban is na Breataine.

Spriocdháta

Níl spriocdháta I gceist.

Eolas

Seoladh: Margaret MacLennan, CO-CHOMUNN NA PÀIRC, Ravenspoint, Kershader, South Lochs
Isle of Lewis
Teileafón: 01851-880236
Ríomhphost: info@ravenspoint.net
Suíomh Idirlín: www.ravenspoint.net

 

Fiontar DCU

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil do Mháistreachtaí Fiontar DCU

Dhá chéim páirt-aimseartha a bhfoghlaimeoidh na rainnpháirtithe scileanna a bheadh úsáideach dóibh siúd atá ag obair go gairimiúil in earnáil na n-ealaíon.

Tá deich scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais agus ar an MA sa Ghaeilge (Sochaí agus Teanga). Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den dá chúrsa. Bronnfar na scoláireachtaí ag deireadh na chéad bhliana. Le tacaíocht ón gclár Ganntanas Scileanna tá táillí laghdaithe de €2,500 ar an MSc. Fágann seo go gclúdóidh an scoláireacht mórchuid de na táillí iomlána don chéad bhliain den chúrsa sin. Gearrtar táille de €3,286 sa bhliain ar an MA. Clar páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa dá chúrsa.

Freastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar 8 deireadh seachtaine sa bhliain, rud a thugann deis do dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa. Is féidir le mic léinn a roghnaíonn gan an tráchtas a dhéanamh ag deireadh na gcúrsaí Dioplóma Iarchéime a ghnóthú. Tá deis Teastas Iarchéime a ghnóthú ar an MA tar éis bliana. Gné tharraingteach den dá chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na mic léinn i rith na bliaina. Is minic go mbíonn an obair bunaithe ar an jab ina bhfuil siad. Bíonn an rud céanna i gceist leis an tráchtas.

Spriocdháta

31 Iúil, 2011.

Eolas

Teileafón: 01 700 8101
Ríomhphost: mairead.nicgiollamhichil@dcu.ie
Suíomh Idirlín: www.dcu.ie/fiontar

 

Acadamh na hOllscolaíochta, Gaeilge.

BA Gaeilge Fheidhmeach (Páirtaimseartha)

Cúrsa feiliúnach do dhaoine atá ag obair san earnáil ealaíne.

Is céim nua í seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá sí á tairiscint igcomhpháirt ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is é aidhm na céime spéis an mhic léinn a mhúscailt agus a threisiú i léann agus i saol na Gaeilge. Beidh modh seachadta an chúrsa solúbtha ionas nach gcuirfear ualach míréasúnta taistil ar dhaoine.

Tá an clár seo dírithe go háirithe ar fhoghlaimeoirí lánfhásta nach bhfuil aon cháilíocht tríú leibhéal acu. Is féidir le daoine a mbíonn teastas nó dioplóma faighte acu cheana an clár seo a dhéanamh chun céim a bhaint amach agus tabharfar aitheantas cuí do na cáilíochtaí atá acu. Cuirfear fáilte roimh dhaoine a bhfuil céim acu cheana faoin scéim Dána Ócáideacha.

Na hionaid ina mbeidh na ranganna teanga ar siúl go seachtainiúil (ag brath ar éileamh):

• Campas na hOllscoile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
• Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
• Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirc Ghnó an Údaráis,Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
• Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. Na Gaillimhe
• Inis
• Cora Droma Rúisc
• Caisleán an Bharraigh
• Ráth Cairn
• Béal Feirste
• Baile Átha Cliath
• Ciarraí
• Ceatharlach
• Ionaid eile ag brath ar éileamh.


Spriocdháta

31 Iúil, 2011.

Eolas

Teileafón: +353 91 493802 T +353 91 492564
Ríomhphost: eamon.ocofaigh@oegaillimh.iefiona.depaor@nuigalway.ie
Suíomh Idirlín: www.oegaillimh.ie/acadamh www.oegaillimh.ie//gaeilge

 

 


 

Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún

 

Coláiste Na Maighdine, Port Láirge

Comisiún % Ealaíon – Coláiste na Maighdine, Pórt Láirge.

Fáitíonn Coláiste Na Maighdine roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí chun dealbh buan a chruthú ar láthair ag geataí na scoile. Ní mhór go dtabharfaidh an dealbh léargas ar thraidisiún agus ar fhealsúnacht na scoile.

Tá ciste de €25,000 ar fáil.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais, cuspóir na scéime agus na coinníollacha le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.


Spriocdháta

7 Iúil, 2011

Eolas

Suíomh Idirlín: www.presentationsecondarywaterford.ie
Ríomhphost:rgallen@preswaterford.ie
Seoladh: Per cent for Art Scheme, Presentation Secondary School, Cannon Street, Waterford.

 

Comhairle Contae Laoise

Comisiún Ealaíon Poiblí – Mórbhealach M7/M8

Fáitíonn Comhairle Chontate Laoise roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí ar dhá choimisiún ealaíne atá á thairiscint mar chuid den mórthogra bóthair, mórbhealach an M7 agus mórbhealach an M8. Beidh na píosaí ealaíne a roghnófar suite ar dhá láthair ar na mórbhealaí.

Coimisiún A:
M7/M8 Port Laoise go Baile an Chaisil. Scéim PPP. Buiseád €55,000

Coimisiún B
M7 – Baile an Chaisil go dtí an Aonach – Buiseád €55,000

Tá PDF leis an eolas go léir ar an tionscnamh le fáil ag http://www.laois.ie/rss/media/Media,7357,en.pdf


Spriocdháta

14 Iúil, 2011

Eolas

Suíomh Idirlín: http://www.laois.ie/rss/media/Media,7357,en.pdf

 

Comhairle Contae Laoise

Comisiún Ealaíon Poiblí – Mórbhealach an M8 – Mainistir Fhearmuí go Baile Mhisteála.

Fáitíonn Comhairle Chontate Chorcaí roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí ar choimisiún ealaíne le dealbh buan a chruthú a bheith suite I láthair idir Mainistir Fhearmuí agus Baile Mhisteála ar thaobh an mhórbhealaigh an M8. Tá an mhórbhealach seo á thógáil faoi láthair.
Tá ciste de €60,00 curtha ar fáil don tionscnamh.


Tá gach eolais faoin gcoimisiún le fáil ar PDF ag: http://www.corkcoco.ie/co/pdf/41580796.pdf


Spriocdháta

17 Meitheamh, 2011

Eolas

Suíomh Idirlín: http://www.corkcoco.ie/co/pdf/41580796.pdf
Ríomhphost:arts@corkcoco.ie

 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne ná na healaíona d'árd chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá clár dúshlánach leagtha amach ag an ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealaíona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear na himeachtaí go léir san Ionad.

Is féidir gach eolais ar imeachaí an ionaid a fhaíl ag www.ionadculturtha.ie

Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


Arás Éanna, Inis Oirr
Ionad Ealaíne in Inis Oirr is ea Áras Éanna. Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí teagmhála thiosluaite.

SUPER8 SHOTS ÁRANN: FÉILE SCANNÁN ÁRANN 8MM
02 Iúil go 03 Iúil
Féile Super8 Árainn Bí chugainn don chéad taispeáint phoiblí ar lón scannánaíochta8mm as Árainn agus Iarthar na hÉireann. Beidh saotharcomhaimseartha ann leis na ealaíontóir Gareth Kennedy chomhmaith le ceol á ...

SEANSTÍL ÉADAIGH INIS OIRR
8 Iúil - 31 Lúnasa.
Oscailt Oifigiúl ar Taispeántas Tír & Taispeántas Éadaigh Thraidisiúnta Thugadh cuairteoirí ar Oileáin Árann suntas don bhealach a mbíodh na daoine gléasta.

TÍR
15 Iúil go 31 Lúnasa
Oscailt Oifigiúl ar Taispeántas “Tír” in Amharclann Halla na Cathrach Tógadh seisear físealaíontóirí tríd an togra seoóna bpobal dúchais féin – sa Ghaeltacht, snahOileáin Thiar in Albain agus i gceantracha

CEOLCHOIRM/CONCERT: “JOHN SPILLANE”
31 Iúil, 8.00 i.n.
Rug John Spillane an Gradam Meteor leis faoidhó sa chatagóir folk/trad agus is minic é archamchuairt na hÉireann agus thar lear ag cursiamsa chun cinn le meascán de cheolta deasa,scéalta suimiúla agus filíocht ina chuid ...

"SILENT" STARRING PAT KINEVANE
23 Iúil ag 8.00 i.n. Tráth den saol, tharlódh aon ní dáfheabhas ag Tino McGoldrig, ach tá sinuilig caillte anois aige – agus a mheabhairchomh maith. Déantar gáire faoin uafássa léiriúchán dána, duairc, dea-chumtha

"FORGOTTEN" le Fishamble Theatre
22 Iúil ag 20:30
Dráma: Cuirtear ceathrar aosach in árais dosheandaoine i láthair trí chumasc dhamhsaKabuki na Seapáine agus scéalaíocht nahÉireann.

CEOLCHOIRM/CONCERT: “ELEANOR SHANLEY WITH FRANKIE LANE & PAUL KELLY”
16 Iúil 20:30
Eleanor Shanley,Frankie Lane agus Paul Kelly Tá ceann de na glórtha is glé agus is suntasaaíin Éirinn ag Eleanor Shanley as Liatroim agusis teist an saol ceoil atá caite aici ar an measa shíleann ceoltóirí agus an ...

“LOVE & FURY - THE PASSION OF JONATHAN SWIFT” le David Heap.
09 Iúil ag 20:30
Dráma “Hope and Passion” le David Heap. Oirfideach / Performer: David HeapSoprano: Michelle WagsjoCeoltóir /Musician: Mal WhyteDearthóir / Designer: Jeni RoddyLéiritheoir / Producer: Paul HayesSoilse / ...

CEOLCHOIRM/CONCERT: “JOHN FAULKNER & DERMOT BYRNE”
27 Lunasa ag 20:30
John Faulkner agus Dermot Byrne D’oibrigh an t-amhránaí agus an cumadóiramhrán John Faulkner le leithéidí De Danann,Kevin Burke agus Dolores Keane. Tá anboscadóir Dermot Byrne leis an ngrúpa Altanó 1994 i ...

FÉILE CEOIL INIS OÍRR/ ÁRAINN
- 29/31 Iúil:
Déanfar ceileiúradh ar cheol agus ar oidhreacht na n-oileán.

CEOLCHOIRM/CONCERT: “JOHNNY CONNOLLY, MARCUS Ó hIARNÁIN & A CHLANN”
26 Lúnasa ag 20:30
Ceol den scoth I stíl Chonamara.

CEOLCHOIRM LEIS AN HENRY MCCOULLAGH BAND
20 Lúnasa ag 20:30
Ceolchoirm leis an Henry McCoullagh Band Percy RobinsonRoe ButcherPeter McKinney Seo í an chéad chuairt ag an Henry McCulloughBand go hIonad Ealaíne Áras Éanna. Ní hiontasoiread den cháil ar Henry i ...

FÉILE NA GCURACH - RÁSAÍ INIS OÍRR
13 Lúnasa ag 12:00
Is fada an fhéile seo á rith le lá spóirt do leanaí ar an Satharn, spraoi agus drámaíochtle “The Gombeens” mar chuid de, rásaí do dhaoine fásta ar an bpáirc imeartha ar anDomhnach ...

“NA GOMBEENS AR STRAE IN INIS OÍRR”
13 Lúnasa ag 12:00
” Cuirtear fáilte ar ais go hInis Oírr roimhJohnathon agus Miguel, ríthe na bhfeargrinn i nGaillimh. Tá na “Gombeens” ara mbealach ar ais le seó faoin spéir adhéanamh ar ...

FÉILE JOE MHÁIRTÍN: “RÍSCÉALAÍ INIS OÍRR”
08 Lúnasa ag 10:00
Féile Joe Mháirtín – Seanchaí Inis Oírr. 8/12 Lúnasa Beidh an Fhéile á heagrú don chéad uair in InisOírr i mbliana. Séard atá sa tseachtain seo náceiliúradh ar sheanchas, ar dhúchas agus ar stair anoileáin. ...

CEOLCHOIRM LE ‘AT THE RACKET’
06 Lúnasa ag 20:30
Ceolchoirm le "At the Racket" John Carty, Brian McGrath, Séamus O’Donnell agusMichael McCague na ceoltóirí in At the Racket.Cruthaíonn siad fuaim mar a bheadh ag ceol swingagus ceol na hÉireann le chéile, ceol a ...

Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní Ghallchóir:
Ríomhphost :araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann, Co Na Gaillimhe.


Gailearaí Joan Clancy, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar ó Dhún Garbhán. Tá stádas á bhaint amach aige de réir a chéile mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint. Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge

Sinéad Hehir: A Different View
Iúil 15 – 29 - 11am – 5pm gach lá.
Taispeántas le Sinéad Hehir. Tugtar léargas sa taispeántas ar thírdhreach Dhun Gharbháin agus ar an aeráid tuaithe. Is ealaíontóir í Sineád Hehir atá ag teacht in inmhe. Eolas: 086 8134597

Taispeántas an tSamhraidh –Grúpa ealaíontóirí.
Lúnasa 9 – 16
Is iad seo a leanas na healaíontóirí a bheidh páirteach sa thaispeántas seo: Arthur Maderson, Blawnin Clancy, Katarzyna Gajewska, Conor O’Mahony, Andrea Jameson, Rayleen Clancy, Ross Stewart, Olive Watkins, agus eile.

Tá Joan Clancy Gallery lonnaithe sa Rinn in aice le Coláiste na Rinne.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó 086 8134597
Seoladh : Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.

Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.


Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol ann - rap, snagcheol, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile ar an gclár fosta Oíche chraiceáilte den scoth.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reáchtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Téigh i dteagmháil leis an ionad chun eolas a fháil ar na himeachtaí atá ar siúl faoi láthair.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie www.ceiliuradh.com


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo


Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Comhaltas Ceoltóirí Éireann – seisiún an tSamhraidh
21 agus an 28 Iúil. 4, 11, 18 & 25 Lúnasa ag a 9.00 i.n.

Cuireann an Music Network I láthair: This is How we Fly
16 Iuil ag 8.30 i.n.
Is banna ceoil traidisiúnta le blas comhaimseartha iad This is how we Fly. Is iad Caoimhín Ó Raghallaigh (fidil), Seán Mac Erlaine (bass clarinet, saxophones & live electronics), Nic Gareiss (damhsa) agus Petter Berndalen (drumaí) baill an ghrúpa.

Féile Iorrais.
15 -24 Iúil
Féile a dhéanann ceiliúradh ar cheoil agus ar chultúir na tíre.

Don’t dress for Dinner
24 Iúil ag 8.00 i.n.
Dráma spleodrach, grinn leis an Beezneez Theatre Company.

David Munnelly Band
1 Lúnasa ag 8.00 i.n.
Leis an sár bhoscadóir ceoil David Munelly mar bhunchloch an ghrúpa, is grúpa ceoil spleodrach agus ildánach iad an banna ceoil seo.

Taispeántas físealaíne le healaíontóirí áitiúla.
3 Lúnasa ag 8.00 i.n.

Ceolchoirm le Brian Kennedy
20 Lúnasa ag 8.00 i.n.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/


Tráthnónta siamsaíochta san Ardchathair – Gael Linn

An aidhm atá leis na tráthnónta seo ná deis a thabhairt do lucht na Gaeilge san Ardchathair teacht le chéile tar éis lá oibre nó lá siopadóireachta, scaoileadh leis an trácht, deoch a ól, greim beag a bheith acu le n-ithe agus sult a bhaint as ceol den scoth!

Is in Amharclann Bewley’s, sa chaifé stairiúil ar Shráid Ghrafton, a bhíonn an chraic ar oícheanta Mháirt go míosúil ó 6p.m. go 8p.m. I measc na n-oirfideach a bhí linn go dtí seo bhí Jimmy Crowley, Cormac, Fionán agus Éamonn de Barra, Mac Dara Ó Conaola agus a chairde, Mick O’ Brien,Mark Kelly agus Niamh de Búrca, Tadhg Mac Dhonnagáin, Feargal Ó Murchú agus Conal Early ón seó Ragús, Seán Ó hÉanaigh agus baill den ghrúpa ‘Téada’, Oisín Mac Diarmada, Paul Finn agus Tristan Rosenstock.

Tá blaisíní bia deá-mhéine san áireamh sa táille iontrála €15 agus tá fáil ar tae, caifé agus deochanna ag an mbeár.

Le fáil amach cé hiad na ceoltóirí a bheidh linn an chéad mhí eile cliceáil ar Nuacht ar an leathanach baile, nó is féidir gach eolas a fháil ag an uimhir thíos.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087-2547574
Ríomhphost: niamh@gael-linn.ie


Cló Ceardlann na gCnoc – Cúrsaí agus imeachtaí

Tionscnamh Samkura
Aibreán 2011-Mi na Nollaig 2012
Tionscnamh nua idir-náisiúnta do Ealeantóirí on Gaeltacht, an Gréig, Armenia, an t-Seoirsí agus an Phortaingéil ata ag tosnú i mi Aibreáin. Beidh se ag dhul ar aghaidh go dtí mi na Nollaig 2012. Is malartú idir-náisiúnta cónaithe atá ann agus beidh taispeántas mhór ar siúl tríd Samkura. Is é seo an chead togra mar seo in Éireann go deo. Le breis eolas dul go www.samkura.net


Taispeántas Ceardlainne - Togra Malartú
Iúil 2011
Thug an malartú nuálaíocht deis agus am do na healaíontóirí modhanna úra ealaíne a iniúchadh agus a fhiosrú agus is as a tháinig na saothair chumasacha agus spreagúla a fheictear romhainn. Beidh se an chead taispeántas sa ionad úr i Min an Lea. Ta an taispeántas seo ag ceiliúradh an chlár buan ealaíne agus cultúrtha idir Albain agus Eire sna blianta atá le teacht. Dátaí le teacht.

Cumann Eitseála
Gach De Céadaoin 2011
Ta cumann eitseáil ag dul ar aghaidh gach de Céadaoin do ealaíontóirí on gceantar. Ta fáilte ríomh daoine nua i gcónaí.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9162800
Suíomh Idirlín: www.clo.ie


Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean

An Lab, Sráid Eoin, An Daingean
Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean is ea An Lab atá lonnaithe in iar-lab eolaíochta sa Mhainistir, Sr. Eoin, An Daingean. Tá amharclann dea-chóirithe ann le seachtó suíocháin, seomraí le haghaidh taispeántaisí, insealbhaithe agus cruinnithe, chomh maith le spás le haghaidh cleachtaithe agus ceardlanna. Tá sé ar fáil le haghaidh imeachtaí cultúrtha a chuirtear i láthair tré mheán na gaeilge.
‘Sé an comhlucht cónaithe amharclannaíochta ann ná AnnÓg Ar Aghaidh, a léiríonn drámaí gaeilge agus a chuireann traenáil i scileanna amharclannaíochta ar fáil do dhaoine óga.

NIALL NAESSENS AGUS DÉANTÓIRÍ PRIONTA EILE

Go 29ú Iúil – Luan go hAoine 9am – 5pm

Léiríonn an taispeántas in An Lab saothar Niall Naessens agus roinnt saothar d’ealaiontóirí eile Éireannacha i bprionta atá ag Niall. San áireamh tá saothair de chuid Michael Farrell, John Kindness, Tony O’Malley, William Crozier agus Stephen Lawlor. Tá an saothar seo ar taispeáint i dteannta saothar An Mheithil Eitseála, Laistíos den gCnoc. Tá sé mar chuspóir fadtéarmach ag Niall taispeántas náisiúnta i ndéanamh priontaí a bhunú mar chuid d’Fhéile na Bealtaine ag léiriú déanaimh priontaí d’ealaíontóirí Chiarraí agus náisiúnta i dteannta ealaiontóirí idirnáisiúnta.

Tá obair réamh-léirithe ar siúl faoi láthair ar Branwen – seó trí-theangach bunaithe ar scéal ón Mabinogian (miotaseolaíocht na Breataine Bige) ina mbeidh AnnÓg páirteach i dteannta le Theatr Felinfach sa Bhreatain Bhig agus Feisean nan Gaidheal ó Alba. Tosnóidh cleachtaithe sa bhFómhair. Más déagóir tú agus fonn ort bheith páirteach sa tionsnamh spreagúil seo déan teangmháil linn.

D’éirigh go hiontach le Oíche Chultúir 2010 in An Lab. Tá clár á chur le chéile againn don bhliain seo. Má tá smaointí agat bí ag caint linn.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net
Suíomh idirlíon: www.anlab.ie . Bí linn ar Facebook – AnnÓg/An Lab


Culturlann Uí Channáín, Doire - Imeachtaí

Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí teagmhála thios.

Tá clár na n-imeachtaí do shéasúr an tSamhraidh le fáil ag www.culturlann-doire.ie

Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Teileafón: 02871264132
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF


Amharchlann Chois Fharraige.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe

“Bás Taismeach Ainrialaí” – drama le Dario Fo
18 -24 Iúil, 2011.
Beidh Taibhdhearc na Gaillimhe ag cur an dráma Dario Fo “Bás Taismeach Ainrialaí”ar stáitse in Amharchlann Chois Fharraige mar pháirt do Féile Ealaíon na Gaillimhe (18-24 Iúil) Ticéidí ar fáil ón Box office ar Foster court nó ar líne

Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín: https://galwayartsfestival.ticketsolve.com/shows/126516425/events


An Gailearaí – Talamh Dóite: Taispeántas ealaíne le Seán Ó Flaithearta

An Gailearí, Áislann Gaoth Dobhair

14 Iúil go dtí an 3 Meán Fómhair. Meanlae – 5.00 i.n.

Talamh Dóite: An nós atá ann tine a lasadh ar an chaorán leis an talamh a ghlanadh is bun leis an bhailiúchán úr seo de shaothair ealaíne ilmheán. Tá ár agus lot fite tríd. Fiosraíonn an chré dhúloiscthe an dearcadh atá ann faoi cheisteanna timpeallachta agus pobail. Nochtann an talamh dóite sraitheanna staire, ama agus brí; pailmseist de rian an dhuine.

Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín: www.gailearai.com

 


Pléararca

Ceangal Chonamara & Nis

Bunaíodh Ceangal Chonamara & Nis sa mbliain 2000 nuair a fuair Pléaráca cuireadh grúpa ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí as Conamara a thabhairt go Nis le bheith páirteach sa bhféile “Ceilidh san Iar Thuaidh”. Féile a bhí bunaithe ar mhúnla Fhéile Phléaráca Chonamara. Is baile beag tuaithe é Nis sa gceantar thiar thuaidh de Oileán Leidhais na h-Alban. Ceantar a bhfuil an Gaidhlig go láidir fós ann agus atá an-chosúil le Conamara ó thaobh cultúr agus traidisiún. Chomh maith le muintir Chonamara a bheith ag dul go Nis, tá na Niseacha tagtha go Conamara go rialta leis na blianta le páirt a thógáil i gcomórtais agus in imeachtaí Fhéile Phléaráca Chonamara.

I mí Iúil tá Pléaráca ag tabhairt a n-aghaidh arís ar Nis ón 25 - 30 Iúil 2011. Beidh grúpa daoine óga idir 12 – 14 bliain d’aois as ceantair éagsúla i gConamara ag caitheamh seachtain ar champa samhraidh i dteannta grúpa daoine óga as Nis. Beidh teagascóirí as Conamara agus as Nis ag obair leis an dream óg i rith na seachtaine. Tá clár leathan ceardlainn eagraithe don tseachtain: ceol, filíocht, damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, fíodóireacht agus ranganna Gaeilge agus Gaidhlig chomh maith le imeachtaí shóisialta agus chultúrtha. Beidh imeachtaí an champa ar fad trí Ghaeilge agus Gaidhlig.

Beidh an grúpa ag dul ag Feis nan Eilean, feis do dhéagóirí a bheidh ar siúl i Stornabhaigh. Beidh deis ag na daoine óga as Conamara páirt a ghlacadh sna comórtais a bheidh ar siúl.

Is le tacaíocht ón eagraíocht Colmcille Éirinn is Alba, comhpháirtíocht idir Bord na Gaidhlig agus Foras na Gaeilge, atá an imeacht seo dá eagrú.

Ár ndóigh is de bharr an tacaíocht a thug “Colmcille” atá ag éirí chomh maith leis an nasc atá ag dul ó neart go neart. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine a deirtear agus is dócha gur feidir an rud céanna a rá faoi an teanga agus faoin gcultúr, agus nach i dteannta a chéile is fearr an dá chultúr.

Tá muid an-bhuíoch do Pheadar Ó Maoláin oifigeach Seirbhísí Teanga do Údarás na Gaeltachta a raibh baint mhór aige leis an nasc a bhunú ar dtús. Tá muid an-bhuíoch as ucht an urraíocht atá an tÚdarás ag tabhairt i gcomhar na ranganna Gaeilge agus Gaidhlig.

Nuair a bhíonn togra thart ní shin le rá go mbíonn deireadh le caidreamh idir an dá dhream. Is tairbhe don Ghaeilge agus don Gaidhlig an caidreamh agus an teagmháil a bhíonn idir muintir Nis agus muintir Chonamara i rith na bliana ó bunaíodh an nasc i 2000.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 091-574346 / 574021
Ríomhphost: plearaca@eircom.net


Oideas Gael, Gleann Cholm Cille

Cuireann Oideas Gael réimse leathan de chúrsaí cultúrtha agus teanga ar fáíl i rith an tsamhraidh. Siúl Sléibhe Péintéireacht Fharraige, ranganna ceoil (bodhrán, fliúit, cláirseach, srl), amhránaíocht & damhsa ar an sean-nós, grianghrafadóireacht dhigiteach, seandálaíocht agus go leor eile. Is féidir bróisiúir na bliana seo a íoslóadáíl ag http://www.oideas-gael.com/Oideas-Gael-2011-brochure.pdf

2-9 Iúil
Gaeilge do Dhaoine Fásta (gach leibhéal)
Cruinneas sa Ghaeilge
Táipéis – dearadh, cardáil, sníomh, fíodóireacht
Cúrsa Péintéireacht Mara le Kenneth King
Timpeallacht & Cultúr na Gaeltachta

9-16 Iúil
Gaeilge do Dhaoine Fásta (gach leribhéal)
Siúlóidí ar na Sléibhte

16-23 Iúil
Gaeilge do Dhaoine Fásta (gach leibhéal)
Ó Bhéarla go Gaeilge – cúrsa aistriúchán le hAntain Mac Lochlainn
Siúl ar na Sléibhte
Cláirseach le Oisín Morrison; Fliút agus Feadóg le Máirín McGrattan

23-30 Iúil
Scoil Shamhraidh i dTeanga agus Cultúr (ranganna, ceardlanna, Ceolchoirmeacha.
Cúrsa Gaeilge (gach leibhéal) sa Choimín, Gleann Fhinne.

Ceolchoirmeacha sa Ghleann
Ceoltóirí Traidisiúnta Iardheiscirt Dhún na nGall – 6ú Iúil
Ashley Davis agus a cairde - Céadaoin 13ú Iúil
Fidil – Céadaoin 20ú
Martin Hayes & Dennis Cahill – Céadaoin 27ú


Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 97 30248
Suíomh Idirlín: www.oideas-gael.com
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net


Ealaíontóirí Chois Fharraige – Cuisle: Taispeántas Físealaíne

Connemara Coast Hotel, na Forbaracha, Co. na Gaillimhe
25 Iúil go dtí an 31 Iúil.
Taipseántas ealaíne le grúpa físealaíontóiri atá ina cónaí agus ag obair i gCois Fharraige. Is iad seo a leanas na healaíontóirí: Andrea Rossi, Diarmuid Russel, Lisa Ui Choistealbha, Tom Byrne, Maebhdh Ni Eidhin, Julia Schurda, agus Dara Mc Gee.


Ceol na gConallach

Cill Chártha, Co. Dhún na nGall
Beidh Áislann Chill Chartha ag eagrú seisiún cheol traidisiúnta - Ceol na gConallach i mí Iúil / Lúnasa / Meán Fómhair 2011

Dé Sathairn, 2ú Iúil 2011
Danny Meehan (fiddle), Collette McDevitt (songs), Martin Wilson
(Accordion) & Aidan O’Donnell (fiddle)

Dé Sathairn, 9ú Iúil 2011
Laoise Kelly (harp) & Michelle O’Brien (fiddle); Ellie & Catherine
McGinley (fiddle & songs)

Dé Sathairn, 16ú Iúil 2011
Don Stiffe (guitar & songs) Stephen & Clare Gallagher

Dé Sathairn, 23ú Iúil 2011
Fidil (Aidan O’Donnell, Ciarán Ó Maonaigh & Damien McGeehan) plus local
Musicians

Dé Sathain, 30ú Iúil 2011
Dermot & Tara Diamond; Connie Drost & the Byrne Family

Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: eolas@aislann.ie
Teileafón: 074 9738376


Futa Fata - Nuacht

Dúshlán Léamh an tSamhraidh
Agus laethanta saoire an tSamhraidh ag teannadh linn is cinnte go bhfuil gasúir ag súil go mór leis an briseadh. Ach, deir saineolaithe oideachais go mbíonn titim i gcaighdeán na léitheoireachta i rith an ama seo.
Is mar gheall air seo go n-eagraítear Dúshlán Léamh an tSamhraidh. Siad na gComhairlí Contae, i gcomhar le leabhrannaí aitiúla a eagraíonn an scéim. Bíonn téama ar leith ann gach uile bhlian agus sé ceann na bliana seo ná “An Sorcas”. An aidhm atá leis ná go léann páistí sé leabhar éagsúla le linn thréimhse na saoire scoile. Is féidir clarú i do leabharlann áitiúil, áit a gheobhfas gach páiste cárta speisialta.Do gach leabhar a léann siad faigheann siad stampa. Ag deireadh an tSamhradh bíonn cóisir agus bronntar teastas orthu siúd a bhaineann an dúshlán amach.Deir Maureen Moran ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe linn gur ghlac breis is 3,000 páiste ón gcontae sin amháin páirt sa bhfeachtas anuraidh. Ní amháin go gcothaíonn an scéim seo na scileanna leitheoireachta atá foghlamtha ag páistí ar scoil, ach tugann sé le fios dóibh gur rud taitneamhach é an léamh. Bíonn an scéim ar siúl nach mór ar fud na tíre.Bíonn sé saor in aisce agus tá tuilleadh eolais le fáil ó do leabharlann áitúil.

Éist agus Léigh
Ag fanacht le cursaí saoire, meastar go dtógfaidh formhór daoine Éireannacha saoire sa mbaile i mbliana. Agus daoine ag taisteal timpeall na tíre, uaireanta bíonn sé deacair páiste a choinneáil gnóthach agus sásta.Tá réiteach na faidhbe seo ag Futa Fata leis an tsraith Éist agus Léigh - Frog sa Spéir agus Eileanór an Eilifint Éagsúil nó más amhranaí atá á thógáil agat tá léir CDanna ar fáil ar nós Gugalaí Gug! agus Ceol na Mara, ábhar a choinneoidh sásta na daoine beaga. Tá cóip an ceann de na teideal thuasluaite le buachan ach ríomhphoist a chur chugainn faoin ábhar “Saoire” chuig eolas@futafata.com.
Ná dean dearmad d’ainm agus seoladh a lua. Bainigí sult as an mbriseadh.
http://www.futafata.com/Gaeilge/eileanor.html#anchor

Tá trí phictiúrleabhar nua á chur i gcló ar an aimsir seo ag Futa Fata.
Bígí ag faire amach dóibh as seo go ceann cúpla mí!



Tuilleadh Eolais
Seoladh: Futa Fata, An Spidéal, Co.na Gaillimhe
Teileafón: 091-504612
Ríomhphost: eolas@futafata.com
Suíomh Idirlín: www.futafata.com


Ranganna seite agus damhsa ar an sean-nós

Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin.
Gach Aoine. 7.45 i.n.

Bíonn ranganna seite agus damhsa ar an sean-nós ar siúl gach oíche Aoine in Áras Chrónáin i mBaile Átha Cliath. Deis do muintir na cathrach cúpla steip a fhoghlaim! Is é Jim Monaghan an teagascóir.

Tuilleadh eolais:
Seoladh: Áras Crónáín, Ionad Cúlturtha, Bóthar na Goirte, Cluain Dolcáin, BÁC 22.
Teileafón: +353 (0) 1 4574847
Ríomhphost: idirlin@araschronain.com


Tionscnamh Lugh – Trad Tráthnóna agus ceolchoirmeacha

Ionad Cois Locha, Dún Luiche, Co Dhún na nGall

Cuireadh Tionscnamh Lugh ar bun in 1993 leis an cheol tradisiúnta a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Bíonn clár iomlán ceoil a reachtáil ag Tionscnamh Lugh idir Trad Tráthnóna agus ceolchoirmeacha.

Tá clár ‘Trad Tráthnóna 2011’ fógraithe. Beidh na himeachtaí uilig ar siúl in Ionad Cois Locha, Dún Luiche, Co Dhún na nGall ag 8.30 i.n.

5 Iúil: Trad Tráthnóna - Crannóg
12 Iúil: Trad Tráthnóna - Aoife Ní Fhearraigh
19 Iúil: Trad Tráthnóna - Dermot Mc Laughlin/ Ciaran Tourish
26 Iúil: Trad Tráthnóna - Martin Hayes/ Denis Cahill
2 Lúnasa: Trad Tráthnóna - Emma Sweeney / Matt Griffin
9 Lúnasa: Trad Tráthnóna- Domnic Mac Giolla Bhríde
16 August: Trad Tráthnóna Le socrú
23 August: Trad Tráthnóna - Tríona Ní Dhomhnaill
30 August: Trad Tráthnóna- Mairtin O Connor/ Donal Lunny/Roisin Elsafty
Coirmceoil Concerts
12 Lúnasa: Donal Lunny/ Paddy Glackin

Tuilleadh eolais:
Teileafón: 086 6050110
Suíomh Idirlín: http://www.tlugh.com
Seoladh ; Tionscnamh Lugh, Tra an Chéidigh, Ailt an Chorrain, Co. Dhún na nGall, Ireland.


Táirgeoirí Ceardaíochta Chiarraí / Original Kerry

Cuireann Original Kerry (www.originalkerry.ie) buntáirgeoirí chun cinn agus oibríonn sé le heagrais a chuidíonn le forbairt thionscal na ceardaíochta i gContae Chiarraí. Tá tacaíocht aige ó Bhord Fiontraíochta Chontae Chiarraí, Comhairle Chontae Chiarraí agus Údarás na Gaeltachta agus tá os cionn ceithre scór táirgeoirí míncheardaíochta a bhfuil a gcuid stiúideonna agus ceardlann lonnaithe ar fud Chontae Chiarraí á gcur chun cinn ag Original Kerry. Is tionscnamh turasóireacht cheardaíochta ar son Original Kerry atá i gConairí Ceardaíochta Chiarraí.

Is é Original Kerry – brateagraíocht nua a bhunaigh Bord Fiontraíochta Chontae Chiarraí, Comhairle Chontae Chiarraí agus Udarás na Gaeltachta – a d’fhorbair Conairí Ceardaíochta Chiarraí chun tacú le ceardaíocht dhúchasach agus í a chur chun cinn i gContae Chiarraí. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh aird na dturasóirí a thagann ar cuairt ar an gcontae gach bliain a tharraingt ar an gceardaíocht agus a dtáirgeoirí atá lonnaithe i gCiarraí, trí thrí chonaire ceardaíochta ar leith a sholáthar do na cuairteoirí i nDeisceart, in Iarthar agus i dTuaisceart & Oirthear an Chontae faoi seach. Cuimsítear 48 táirgeoir éagsúil sna trí chonair, an potaire Louis Mulcahy a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus muintir Eadie ó Kerry Woollen Mills ina measc. Tá a gcuid doirse agus a n-aigne oscailte chomh maith do thurasóirí, a bhfuil spéis acu ann, ag ceardaithe gairmiúla atá chomh hoilte céanna ach nach bhfuil an aithne chéanna orthu ar feadh na gconairí. Cé nach bhfuil siad oscailte do chuairteoirí, tá 31 gnó ceardaíochta eile atá lonnaithe i gCiarraí bainteach leis an tionscadal chomh maith.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Deirdre Johnston, Fruition. Fón póca: 086 8524222Comheagraí Original Kerry – tionscnamh branda tomhaltais de chuid Kerry Craft & Food Forum LTD T/A Original Kerry www.originalkerry.com


Cuisle – taispeántais.

Is comharchumann de cheardaithe agus d’ealaíontóirí iad Cuisle atá ag obair i nGaeltacht Thír Chonaill.

CUISLE ag Féile EARTHCORE, Gaoth Dobhair
Satharn 16 Iúil :.
Beidh saothar déanta ag ceardaithe agus ealaíontóirí Cuisle le feiceáil an imeacht seo agus deis agat breathnú orthu agus iad i mbun oibre.

Cuisle ag Féile an Earagail
Dé hAoine 22 agus Dé Satharn 23 Iúil: Mar chuid de Fhéile an Earagail beidh saothar Cuisle le feiceáil sa Shean Bhearaic, ar an bhFál Carrach. Is féidir amharc ar na healaíontóirí agus iad i mbun a gcuid oibre.


Léamh filíohcta le Pádraig Breandán Ó Laighin

The Hayloft, The Long Valley, Winthrop Street, Corcaí.
25 Iúil ag 9.00 i.n.

Is i nGaeilge a scríobhann Pádraig Breandán Ó Laighin a chuid filíochta. Chaith sé na blianta fada i Montréal mar ollamh le socheolaíocht. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1996, agus tá sé ag plé fós le socheolaíocht acadúil. Foilsíodh a chéad chnuasach filíochta sa bhliain 1990. Ina chnuasach nua, Ní Iontas go bhFuil an Spideog ag Gearán(2011), tugann sé camchuairt ar léirmhíniú is ar thnúthán, ar phlandaí á gciapadh ag reitric a gheallann dul chun cinn, agus ar chuimhní a scaoileann uathu réaltaí eolais. Cuimsíonn an cnuasach seo chomh maith leaganacha Gaeilge de dhánta ón bhFraincis, ón Laidin, agus ón tSean-Ghréigis. Bhailigh sé, chuir sé in eagar, agus chuir sé féin dánta ar fáil do Catullus Gaelach(2010), aistriúchán le filí comhaimseartha de shaothar Catullus go Gaeilge – Gaeilge na hÉireann go príomha, ach le roinnt dánta i nGaeilge na hAlban, i nGaeilge Cheap Breatainn, agus i nGaeilge Mhanann freisin. Ina réamhrá sa leabhar déanann sé ceiliúradh ar thraidisiún ársa a chuir leaganacha den litríocht chlasaiceach ar fáil i nGaeilge sula raibh a leithéid ann in aon teanga labhartha Eorpach eile.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 085 712 6299


Léamh Litríochta. Dairena Ní Chinnéide agus Peadar Ó hUallaigh i gcomhluadar Rónán Ó Snodaigh

Bialinn Over the Brick, Beanntraí, Co. Chorcaí.

4 Iuil, 2011. 6.30 i.n
Oíche liteartha agus cheoil leis an mbanfhile as Corca Dhuibhne, Dairena Ní Chinnéide. Léifidh sí as a cnuasach filíochta agus curirfidh an ceoltóir iomráití, Rónán Ó Snodaigh ceol leis na bhfocail. Beidh léamh freisin leis an scribhneoir Peadar Ó hUallaigh. Léifidh sé óna shaothar Tír Tairngre. Bhuaidh an leabhar seo an 2010 Rupert and Eithne Strong Award. Is ceoltóir cumasach é Peadar agus seinnfidh sé an fliúit ag an ócáid.

Saor in aisce


Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.westcorkliteraryfestival.ie
Teileafón: 027 55987 / 52788


Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge / Raidió na Gaeltachta - TRIAN LE SCÉALAÍOCHT: Tionscnamh scéalaíochta

Scéalta Fiannaíochta –

Seo iad na cineáil scéil a bhíodh le cloisteáil sna tithe fadó le linn an airneáin, sul má tháinig an raidio nó an teilifís, agus ba mhinic le Máirín Mhic Lochlainn titim ina codladh agus í ag samhlú Mac Rí as Éireann agus é ag crochtha suas na seolta móra pucóideacha pacóideacha ó bhun go barr na gcrann’. Seo abairt a chloistear go minic sna scéalta fiannaíochta, scéalta atá Máirín a chlóscríobh an samhradh seo. Seo abairt eile a chloistí go minic sna scéalta fiannaíochta:

Chaith siad an oíche sin, trian le scéalaíocht, trian le fiannaíocht, agus trian le togha na bia, rogha na dí agus sár chodlaidh go maidin. Seo ceann do na habairtí atá le cloisteáil aríst agus aríst eile sna scéalta fiannaíochta. Sí an spigeoigín a thugann misneach do mhac an Rí as Éirinn, in go leor acu freisin - nuair a bhíonn fathach mór éigin as an domhan thoir ag fáil an láimh in uachtar air. Baineann mórchuid do na Scéalta Fiannaíochta seo le Mac na Baintrí, nó Mac Rí as Éirinn. Seo iad na cineál scéalta a chuala mise ó mo athair Beairtle Ó Maoileoin agus mé mo chailín beag i Ros a’ Mhíl.

Tá liosta fada do na Scéalta Fiannaíochta a ndearna Raidio na Gaeltachta taifeadadh orthu i lár na 1970idí anois le fáil i gCartlann Acadadh na hOllscoilíochta Gaeilge in Aras Mháirtín Ó Cadhain. Siad Ealaín na Gaeltachta atá ag cur maoiniú ar fáil don tógra seo. Tá na scéalta is iomráití leis an scéalaithe is iomráití le fáil sa cartlann seo.


Ceol agus filíochta leis an gCiorcal Scríbhneoireachta, Gaoth Dobhair.

Oíche Ceol agus filíochta

Déardaoin 14 Iúil. Teach Huidí Bhig, Gaoth Dobhair. 8. 30 i.n. Saor in aisce
Ceol agus filíochta le scríbhneoirí Ghaoth Dobhair agus aíonna speisialta.

Ceardlann Scríbhneoreachta

Dé Sathairn 16 Iúil. 10.00 am – 3.00 i.n.
Ceardlann scríbhneoireachta i dTeach Chathail Uí Shearchaigh i nGort a Choirce.

Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.eaf.ie


Féiltí

Féile Bia na Mara – Oileán Acla

14- 17 Iúil
Se an aidhm atá ag Féile Bia na Mara ná cur chun cinn a dhéanamh ar bia éisc áitúila, eachtraí na mara agus céiluíradh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht cultúrtha ar Oileán Acla, agus an Ghaeltacht. Is féidir gach eolais faoin deireadh seachtaine spraoíuil seo a fháil ar an suíomh idirlín: http://www.feilebianamara.ie/

Breis eolais
Suíomh Idirlín: http://www.feilebianamara.ie/


Féile Iorrais

15 – 24 Iúil. Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo.

Féile idirnáisiúnta sna hEalaíona Tuaithe. Réimse leathan d’imeachtaí ealaíne agus ceoil. Grúpaí idirnáisiúnta, ceoltóirí áitiúla, dearc-ealaíon agus neart imeachtaí eile.
I measc na n-imeachtaí atá ar siúl i mbliana, tá an banna ceoil This is the way; ceolchoirm le Moya Brenann agus Cormac deBarra; agus Session Americana.

Breis eolais
Ríomhphost: feileiorras@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.feileiorras.org
Teileafón: 097-81079

 


Féile Ceoil Ghaoth Dobhair

26 – 29 Lúnasa 2011.

Tá Féile Ceoil Ghaoth Dobhair a eagrú arís i mbliana le ceiliúir a dhéanamh ar an oidhreacht ceoil ollmhór atá i gceantar Ghaoth Dobhair. Tá clár de imeachtaí éagsúla a shocrú againn idir seisiún ceol traidisiúnta, bannaí máirseála, comórtas buscála, damhsa set srl., chomh maith le imeachtaí teaghlaigh agus ceardlainne ceoil do pháistí. Tá ceolchoirm fosta le Donal Lunny & Paddy Glackin chomh maith le seiminéir faoi dhúchas ceoil an cheantar le carlannaí ceol RTE Ian Lee .Tá có-oibriú mhór a thabhairt ag úinéirí óstain agus tithe tábhairne agus beidh ceol ar fail iontu uilig chun freastail ar gach blas ceoil. Is deis atá ann seo le aird a tharraingt ar an tallann mhór, agus an oidhreacht ceoil atá againn, chomh maith le turasóirí a mhealladh chun an cheantair.

Breis eolais
Ríomhphost: loinneog@yahoo.ie


Féile Ealaíne an Earagail

9 – 24 Iúil. Dún na nGall.

Féile ealaíne spleodrach, ilghnéitheach le gradam idirnáisiúnta atá ag fás gach bliain. Bíonn imeachtaí ealaíne de gach cineál eagraithe ar fud chontae Dhún na nGall, idir cheol, dhrámaíocht, thaispeántais físealaíne, shiamsaíocht agus go leor eile. Bíonn réimse leathan d’imeachtaí i nGaeilge ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na Gaeltacha.

Breis eolais

Teileafón: 074 916 8800
Ríomhphost: info@eaf.ie
Suíomh Idirlín: www.eaf.ie


Cruinniu Badoiri Acla

Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo.

Ta Cumann Badoiri Acla ag iarraidh cultuir agus traidisiuin seoltoireachta an yawl a chosaint agus a leanu amach. Beidh beim dha chur ar labhairt na Gaeilge insna h-imeachtai seo.
Le cupla bliain anuas ta uimhir na mbad ardai o 3 go 13. 'Se an cuspoir ata againn cur leis an bfas iontach seo. Tuigeann Cumann Badoiri Acla an tabhacht ata leis an chultuir agus an teanga a chaomhnu. Beidh imeachtai na Feile dha reachtail tre mhean na Gaeilge. Baineann na sluaite a bhionn i lathair ag na rasai an-tsasamh as an sport arsa seo, as an scil iontach a bhaineann le gabhail na Yawlta agus an choimhlint ghear a bhionn ann le ceann scribe a bhaint amach.

Tá imeachtaí ar siúl ar na dátaí seo a leanas:
Dé Satharn 10 agus 11 Iúil
Dé hAoine 23 Iúil go dtí an Luain 26 Iúil
Dé Domhnach 1 Lúnasa
Dé Sathairn 7 Lúnasa


Breis eolais
Ríomhphost: mulrmayo@iol.iejcowley@mulranny.com


Scoil Samhraidh Fidléireachta James Byrne

17 -23 Iúil. Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall

Scoil cheoil agus féile cheoil thraidisiúnta a bhfuil oidhreacht shaibhir ceoil dheisceart Thír Chonaill mar fhoinse inspioráide aige. Ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlanna agus seisiúin cheoil. Eagraíonn Ceol sa Ghleann an fhéile.

Breis eolais
Ríomhphost: info@ceolsaghleann.com
Suíomh Idirlín: www.ceolsaghleann.com
Teilefón: 087 2873576


Féile Forbartha an Dísirt

3 Iúil. An Díseart, Co. Chiarraí.

Beidh Féile Forbartha an Dísirt ar 3 Iúil. Tá Oscailt an Ardaitheora go dtí an dara urlár maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, foilsiú leabhar, agus nochtadh an frescó den Suipéar Deirineach le Eleanor E. Yates á cheiliúradh againn. Tá na himeachtaí sin go léir dlúite le chéile againn ar an aon lá agus ar siúl i ngairdíní an Dísirt agus sa Díseart féin. Ó 3pm Taispeántas Video de shaothar an ealaíontóra sna Stáit Aontaithe, An Aifric, An Áis agus Éire.

4pm Jugláil nó Lámhchleasaíocht, Ceol, Amhráin. Turasanna faoi threoir. Taispeántas Ealaín na Scoileanna sa Dara Urlár. Duaiseanna á mbronnadh ag Liam Ó Néill.

4.30pm BBQ saor do chách. Oscalaíonn an tAire Jimmy Deenihan an t-ardaitheoir agus nochtann an Frescó. Aithisc Buíochais agus Molta.
6.30pm Clabhsúr Ceoil agus Siamsa.

Breis eolais
Ríomhphost: pof@diseart.ie


Féíle Lios Póil, Ciarraí

29 Iúil – 3 Lúnasa.
Ceiliúradh ar an saol faoin tuaithe. Béim ana-mhór ardteanga dúchais agus ar ár gcultúr. Réimse leathan d’imeacthaí agus ócáidí

Breis eolais
Seoladh: Ms. Marie Uí Ghrifín, An Mhinaird Thoir, Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí.
Teileafón: 066 915 7213 nó 087 924 8640
Ríomhphost: armat10@yahoo.com


Scoil Acla

Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo.

25ú Iúil -31ú Iúil 2011.
Bunaíodh Scoil Acla i 1910. Scoil Samhraidh Gaeilge a bhí ann agus bhí sé mar chuspóir ag an bhféile an ceol agus an damhsa traidisiúnta a chothú, an píopaireacht ach go háirithe. Athbhunaíodh an scoil I 1985 agus glacadh leis an bunchuspóirí a bhí ag an bhféile.

Oscailte Oifigiúil leis An Taoiseach, Enda Kenny T.D ar an Luan, 25 Iúil i Gielty’s Dooagh, 7:00 pm.

Im measc na n-imeachtaí beidh ceolchoirmeacha, seisiún ceoil, ranganna ceoil, ltiriocht, amhrán ar an sean-nós, damhsa, cúrsa i nGaeilg’ acla, imeachtaí oidhreachta, Seisúin Na nÓg, Oiche Gaelach le Ceol, Craic agus amhráin agus an Dooagh Pipe Band., Laoise Kelly, P.J Hernon agus go leor eile.

Tá gach eolas agus clár na n-imeacthaí le fáil ag: http://www.scoilacla.com

Breis eolais
Seoladh: Scoil Acla, c/o Achill Tourism Office, Achill Sound, Co Mayo
Teileafón:00353 9847353
Ríomhphost: info@scoilacla.com
Suíomh Idirlín: http://www.scoilacla.com


Féile Shoise Thoraí

Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall

De hAoine 15 Iúil – Dé Domhnaigh 17 Iúil
De hAoine 22 Iúil – Dé Domhnaigh 24 Iúil

Féile cheoil, ealaíne agus amhránaíochta a eagraítear mar chuid d’Fhéile Ealaíne an Earagail. Déantar ceiliúradh ar shaibhreas cultúrtha an oileáin agus cuirtear imeachtaí ealaíne comhaimseartha ar siúl chomh maith. Bíonn ilghéitheacht ag baint leis na himeachtaí a eagraítear; taispeántais, drámaí, rásaí curach, ceol, damhsa agus go leor eile. Cuirfear tús leis an bhféile le hoscailt oifigiúil taispeántais de shaothar Derek Hill.


Féile Thraidisiúnta Chnoc Fola

Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall
Dé hAoine 29 Iúil – Dé Luain 1 Lúnasa

Féile chultúrtha a dhéanann ceiliúradh ar an seansaol traidisiúnta, ar cheirdeanna traidisiúnta agus ar ghnásanna traidisiúnta an cheantair.


Tuilleadh Eolais
Seoladh: Cumann Forbartha Ghaoth Dobhair, An Chrannóg, Doire Beaga, Gaoth Dobhair, Co. DHún na nGall.
Teileafón: (074) 9532208


Féile Sráide Cill Chartha

28 Iúil – 2 Lúnasa, 2011.
Cill Chártha, Dún na nGall

Imeachtaí ceoil, gailf, rásaí, imeachtaí oidreachta agus spóirt. Is féidir eolas agus clár an n-imeachtaí a fháíl ar www.kilcaronline.com


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

http://www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.