|
|
Nuacht .
Le comóradh a dhéanamh ar dheich
mbliain d’Ealaín na Gaeltachta –
an chomhpairtíocht idir Údarás na Gaeltachta
agus An Chomhairle Ealaíon, leis na healaíon
a spreagadh sa Ghaeltacht – eagrófar CEILIÚRADH,
sa Ghaillimh 25-27 Meán Fómhair
seo chugainn. Tá sé i gceist blaiseadh de
thograí éagsúla atá maoinithe
faoin gclár forbartha ealaíon go dtí
seo, a chur os comhair an phobail. Ag an am gcéanna,
beidh deis ag ealaíontóirí ó
cheann ceann na Gaeltachta teacht le chéile agus
tuairimí a roinnt lena chéile faoina gcleachtas
agus faoi shaothar a chéile. Chomh maith le himeachtaí
sna meáin ealaíon éagsúil, eagrófar
Comhdháil leath lae trína
dhéanfar réamh-phlé ar na gnéithe
is mó a bheidh le forbairt mar chuid den gcéad
Straitéis Forbartha Ealaíona
eile, a bheidh á dhréachtadh an bhliain seo
chugainn.
’Sé Dé hAoine 17ú Deireadh
Fómhair an spriocdháta le haghaidh
Iarratais go dtí Ealaín na Gaeltachta faoi
Scéim Forbartha na nEalaíon 2009
agus Dé hAoine 31ú Deireadh Fómhair
an spriocdháta do Scéim Sparánachta
d’Ealaíontóirí 2009.
Tá foirmeacha iarratas agus critéir le fáil
ar íoslódáil ón suíomh
www.ealain.ie nó ón Áisitheoir Ealaíon
áitiúil id’ cheantar féin. Idir
an dá linn, eagrófar clinicí eolais
i ngach ceantar Gaeltachta le deis a thabhairt don bpobal
agus d’ealaíontóirí moltaí
le haghaidh tograí, a phlé leis an Áisitheoir
Ealaíon.
Le déanaí d’fhógair An
Chomhairle Ealaíon, Iontabhas IRMA agus An Gréasán
Ceoil (Music Network) an scéim píolótach
Maoiniú Caipitil d’Uirlisí Ceoil,
tionscnamh gnímh-taighde atá deartha chun
tacaíocht a chur ar fáil le huirlisí
ceoil a cheannach. Tá €350,000
ar fáil i bhfoirm deontais go deireadh 2008. Feidhmeoidh
an scéim atá á bhainistiú ag
An nGréasán Ceoil agus an
tionscadal taighde ar bhonn treoirscéime in 2008.
Beidh struchtúir do thacaíocht leanúnach
sa réimse seo, le moladh i ndiaidh 2008. Tuilleadh
eolais féach Deiseanna Deontais.
Tá measúnú á dhéanamh
ar Scéim Deis na Comhairle Ealaíon
faoi láthair. Faoin scéim togra bunaithe seo
tá os cionn €1.5 milliún curtha ar fáil
do níos mó ná 220 tionscadal sna hEalaíon
Traidisiúnta ó Meán Fómhair
2005 i leith. Cuirfidh torthaí an mheasúnaithe
treoir ar fáil maidir le todhchaí na scéime,
chomh maith le moltaí praiticiúla chun tacú
leis na healaíona traidisiúnta. Tuilleadh
eolais www.artscounci.ie , r-phost traditionalarts@artscouncil.ie
D’fhísealaíontóirí ghairmiúla
tá clár oiliúna fíor shuimiúil
a thairiscint ag Ealaíontóirí Radharcacha
Éireann (V.A.I.) agus ag an gCumann Náisiúnta
Dealbhóireachta (N.S.F.), i gCorcaigh agus i mBaile
Átha Cliath le linn Mí Meán Fómhair.
Féach Oiliúint.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Comhdháil
|
CEILIÚRADH
Ealaín na Gaeltachta 1998-2008
|
Gaillimh
Ceiliúradh ar bhunú na comhpháirtíochta
idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle
Ealaíon leis na healaíon a chur chun
cinn sa Ghaeltacht
I measc na n-imeachtaí eagrófar Comhdháil
ag díriú ar na gnéithe is tábhachtaí
a bheidh san áireamh don gcéad Straitéis
Forbartha Ealaíona eile. Beidh taispeántais
físealaíon, drámaíocht,
filíocht, ceolchoirm & r.l. mar chuid den
gceiliúradh chomh maith.
|
|
dáta
|
25-27 Meán Fómhair
|
|
Eolas
|
Tír Chonaill:
Micheál Mac Aoidh
Teil: (074) 9560100
m.macaoidh@udaras.ie
Cúige Chonnacht & Co. na Mí:
Muireann Ní Dhroighneáin
Teil: (091) 91503220
m.nidhroighneain@udaras.ie
Cúige Mumhan:
Eibhlín de Paor
Teil: (066) 9150100
e.depaor@udaras.ie
Ríomh-phost: ealain@udaras.ie
Suíomh idirlín : www.ealain.ie
|
Deiseanna
Deontais
| Ealaín na Gaeltachta
|
Scéim Forbartha na nEalaíon
2009
Oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine
aonair sna ceantair Gaeltachta le deis a thabhairt
dóibh forbairt a dhéanamh ar thionscnamh
ealaíon a chuirfear ar siúl sa Ghaeltacht.
Tacaíocht aon uaire a bhíonn i gceist
seachas cúnamh leanúnach. D’fhéadfaí
tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí/eagrais
taobh amuigh den Ghaeltacht ar bhunús eisceachtúil,
má tá saineolas agus taithí léirithe
acu sna réimsí seo cheana féin
agus má cheaptar go rachadh an togra chun tairbhe
d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht.
Tá foirmeacha iarratas agus critéir
le fáil ar íoslódáil ón
suíomh www.ealain.ie
Meán Ealaíon - Gach meán
Ciste - € 15,000
|
|
Spriocdháta
|
Dé hAoine, 31ú
Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Tír Chonaill:
Micheál Mac Aoidh
Teil: (074) 9560100
m.macaoidh@udaras.ie
Cúige Chonnacht & Co. na Mí:
Muireann Ní Dhroighneáin
Teil: (091) 91503220
m.nidhroighneain@udaras.ie
Cúige Mumhan:
Eibhlín de Paor
Teil: (066) 9150100
e.depaor@udaras.ie
Ríomh-phost: ealain@udaras.ie
Suíomh idirlín : www.ealain.ie
|
| Ealaín na Gaeltachta
|
Scéim
Sparánachta d’Ealaíontóirí
2009
Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí
gairmiúla. Ní gá go mbeadh ioncam
leanúnach agat ón gcleachtas ealaíon,
ach is gá cuntas beatha a chur ar fáil
a thugann léargas ar do shaothar ealaíon
go dáta.
Scéim le deis a thabhairt don ealaíontóir,
am a chur ar leataobh le díriú ar shaothar
áirithe ealaíon. Tá cead ag an
ealaíontóir, iarratas a dhéanamh
ar chostaisí maireachtála agus ábhar.
Tá foirmeacha iarratas agus critéir
le fáil ar íoslódáil ón
suíomh www.ealain.ie
Meán Ealaíon - Gach meán
Ciste - € 12,500
|
|
Spriocdháta
|
Dé hAoine, 31ú Deireadh Fómhair
|
|
Eolas
|
Tír Chonaill:
Micheál Mac Aoidh
Teil: (074) 9560100
m.macaoidh@udaras.ie
Cúige Chonnacht & Co. na Mí:
Muireann Ní Dhroighneáin
Teil: (091) 91503220
m.nidhroighneain@udaras.ie
Cúige Mumhan:
Eibhlín de Paor
Teil: (066) 9150100
e.depaor@udaras.ie
Ríomh-phost: ealain@udaras.ie
Suíomh idirlín : www.ealain.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon
|
Maoiniú Caipitil d’Uirlisí
Ceoil
Scéim pháirtíochta idir ACE,
An Gréasán Ceoil (Music Network) agus
Iontaobhas IRMA
Scéim le tacú i gceannach uirlisí
ceoil agus trealamh cleachtaidh faoi thrí chatagóir,
Sraith I) Stórtha Uirlisí
Dírithe ar stórtha uirlisí a
fhorbairt do ghrúpaí ceoil neamhghairmiúla
mar shampla: bannaí práis & airgid,
bannaí ceolchoirme, bannaí céilí,
ceolfhoirne agus ensembles óige agus amaitéaracha
agus ceol fífe agus druma & r.l.
Luach iomlán na scéime: € 138,000
Sraith II) Uirlisí Aonair
Uirlisí ceoil d’ardluach. Is féidir
dámhachtain amháin nó níos
mó a bhronnadh chun tacaíocht a thabhairt
maidir le suas go 50% de luach na huirlise. Ar fáil
d’ealaíontóirí aonair ardoilte
amháin.
Luach iomlán na scéime: € 79,000
Sraith III) Scéim um Threlamh Cleachtaidh
Tá sé d’aidhm ag an gciste seo
trealamh cleachtaidh a chur ar fáil do spásanna
cleachtaidh a bhíonn in úsáid
ag bannaí ceoil óga.
Luach iomlán na scéime: €130,000
|
|
Spriocdháta
|
Dé Luain, 29ú Meán
Fómhair
|
|
Eolas
|
Bainisteoir
na Scéime Caipitil Ceoil
Teil: 01 6719429
R-phost: capitalscheme@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín www.musicnetwork.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim
na bhFéilte Beaga
Scéim tacaíochta d’fhéilte
a bheidh ag tarlú roimh 30 Meitheamh 2009.
Is féidir le himeachtaí a bheith ina
dtionscadail aon uaire nó ina gcláir
a thiteann amach thar roinnt míonna.
Uasmhéid: €20,000
N.b. Moltar d’iarratasóirí
nua, teagmháil a dhéanamh le Úna
McCarthy, sula seoltar foirm iarratais
Teil: (01) 6180272 nó r-phost firsttime@artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Dé hAoine, 19ú Meán Fómhair
|
|
Eolas
|
Regina O’Shea
Teil: 01 6180260
r-phost: smallfestivals@artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtain
Coimisiún
Is é an cuspóir leis an scéim
seo ná comhpháirtíochtaí
cruthaitheacha a éascú idir coimisinéirí
agus ealaíontóirí ó réimsí
éagsúla ar a mbeidh saothar nua nó
athnuachan stór saothair mar thoradh. Ba chóir
go dtiocfadh léiriú poiblí, foilseachán,
taispeántas nó roirm eile de scaipeadh
an tsaothair choimisiúnaithe in Éirinn
nó thar lear ó na comhpairtíochtaí
seo.
Uasmhéid: €10,000
N.b. Moltar d’iarratasóirí
nua, teagmháil a dhéanamh le Úna
McCarthy, sula seoltar foirm iarratais
Teil: (01) 6180272 nó r-phost firsttime@artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Déardaoin, 11ú Meán Fómhair
|
|
Eolas
|
Sara Stokes
Teil: 01 6180249
r-phost: awards@artscouncil.ie
|
Deiseanna
Eile
| Físealaíontóirí
- Glaoch ar Iarratais
|
‘Split Screens’, taispeántas ag
a bhfuil Jennifer Cramton Barnes i bhfeighil. Beidh
sé á thaispeáint in Nua Eabhrac
20ú -23ú Feabhra 2009.
Fáilteofar roimh iarratais ó ealaíontóirí
I ngach meán, teicníc agus próiséis
a dhíreoidh ar ghaol na gcultúir éagsúil
ar fuaid an domhain.
|
|
Spriocdháta
|
31ú Lúnasa 2008
|
|
Eolas
|
r-phost: JenCBarnes@gmail.com
|
| Samhlaíocht Chiarraí:
Glaoch ar Iarratais
|
Tá
sraith thaispeántais le béim ar dhealbhóireacht,
beartaithe ag Gailearaí Shamhlaíocht
mar chuid dá chlár imeachta 2009. Fáilteofar
roimh iarratais ó ealaíontóirí
in aon mheán a oirfidh mar chuid de na sraitheanna
seo.
|
|
Spriocdháta
|
Dé
hAoine, 8ú Lúnasa
|
|
Eolas
|
Trish Thompson, Comhordaitheoir
Teil: 066 7129934
R-phost: trish@samhlaiocht.com
Suíomh: www.samhlaiocht.com
|
Oiliúint
|
Ealaíontóirí Radharcacha
Éireann & Cumann Náisiúnta
Dealbhóireachta NSF
|
Meán Fómhair 2008
Clár oiliúna á thairiscint i
mBaile Átha Cliath & i gCorcaigh
I measc na gceardlann beidh Meastóireacht comhchleacaí,
grianghrafadóireacht, Cuntasaíocht,
Scileanna láithriú & r.l.
Tá an sraith seo mar chuid de chlár
oiliúna níos iomláine a fhógrófar
le linn Mí Lúnasa.
|
|
Dáta
|
Meán Fómhair
2008
|
|
Eolas
|
Teil: 01 872 2296
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie
r-phost: monica@visualartists.ie
|
Imeachtaí
|
Aras Éanna, Inis Oírr
|
8 Lúnasa Alec O’Leary
Ceolchoirm Giotár Clasaiceach
9-31 Lúnasa Seán Ó Flaithearta
Taispeántas ealaíne
12-13 Lúnasa
Ar an mBeet & Conneely’s Choice
Scannáin
16 Lúnasa
Last Train to Holyhead
Dráma le Compántas Amharclainne Haw
|
|
Dáta
|
Lúnasa 2008
|
|
Eolas
|
www.araseanna.ie
Teil: 099 75150
r-phost: araseanna@eircom.net
|
|
An tIonad Cultúrtha,
Baile Bhuirne
|
12 Meán Fómhair
Oíche Scannánaíochta Súil
Lán
19 Mean Fómhair
Ceolchoirm Traidisiúnta
Cora Smyth (fidil) & Breda Smyth (fidil), Pauline
Scanlon (amhránaí), Donagh Hennessy
(giotár)
26 Meán Fómhair
Mad Cap
Dráma ag meascadh an sean saol & an saol
comhaimseartha le scéalta grá, scéalta
grinn, piseoga & scéalta fíor
|
|
Dáta
|
Meán Fómhair
2008
|
|
Eolas
|
www.ionadculturtha.ie
r-phost: ionadculturtha@eircom.net
Teil: 026 45733
|
|
Féile Scannán
an Daingin
|
Léirithe scannáin, ceardlainn, léachtaí
& r.l. aoi speisialta Cecilia Peck, iníon
le Gregory, gurb í Caitríona Ághas
ón Daingean a shean-mháthair
|
|
Dáta
|
11 -14 Meán Fómhair
|
|
Eolas
|
www.kerryiff.com
|
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus
deiseanna eagsúla.
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org Suíomh
acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|