|
|
Nuacht
Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.
Tá Ealaín na Gaeltachta i bpáirtnéireacht
leis An gComhairle Ealaíne, ag eagrú deireadh
seachtaine ceardlanna do scríbhneoirí óga
a bhfuil féith na scríbhneoireachta léirithe
acu. Is Máistir ranganna iad seo
agus is é an aidhm atá leis na ceardlanna
ná grúpa scríbhneoirí Gaeilge
idir 18 agus 25 mbliana d’aois a thabhairt le chéile
faoi stiúir scríbhneoirí aitheanta,
agus an deis a thabhairt dóibh díriú
ar shaothar a fhorbairt i measc a gcomhpháirtithe,
i dtimpeallacht chuidiúil, spreagúil. Beidh
na ceardlanna faoi stiúr Louis de Paor
agus Éilis Ní Dhuibhne, agus
reachtálfar iad i dtearmann cruthaitheachta Cnoc
Suain, sa Spidéal thar na deireadh seachtaine
23 -25 Deireadh Fómhair 2009. Bronnfar
an deis seo ar dheichniúr. Má tá spéis
agat is féidir C.V gearr a sheoladh isteach maidir
le do thaithí scríbhneoireachta agus trí
shampla de do shaothar. (pros nó filíocht).
Is é an Aoine 28 Lúnasa an spriocdháta.
Tuilleadh eolais le fáil ó Mhuireann Ní
Dhroighneáin ag m.nidhroighneain@udaras.ie
Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta freisin
a fhógairt go mbeidh muid ag reachtáil an
triú Seimineár Poiblíochta,
dírithe orthu siúd atá ag oibriú
in earnáil na n-ealaíon, i Seanscoil
Sailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe, Dé
Satharn, 19 Meán Fómhair, 10.30 r.n.
Tá sé i gceist trí na ceardlanna seo
treoir a chur ar fáil d’ealaíontóirí
agus do ghrúpaí ealaíne agus iad ag
déileáil leis na meáin cumarsáide.
Déanfar cur síos ar na slite is fearr le caidreamh
a chothú le hiriseoirí ar leith agus le lucht
na meán trí chéile. Leagfar béim
ar riachtanais áirithe na n-ealaíontóirí
agus na ngrúpaí ealaíne a bheidh ag
freastal ar an seimineár. Déan teagmháil
liom chomh luath agus is féidir leat le háit
a dheimhniú, ag (091) 503100 nó ag m.nidhroighneain@udaras.ie
Aoí-chainteoirí
Natasha Fennell, Stiúrthóir
ar Stillwater Communications, Tomás Hardiman
Stiúrthóir ar a chomhlacht léiriúcháin
Parzival Productions. Harry McGee Iriseoir
leis an Irish Times. Táille: Ealaíontóir
aonair €15. Grúpa ealaíne €30. N.B
Ní mór áit a chur in áireamh
roimh ré.
Athsheoladh an suíomh idirlín www.publicart.ie
an mhí seo caite. Tugann an suíomh seo gach
eolas faoi coimisiúin agus tógraí
ealaíona poiblí, mar aon leis eolas
faoi scéimeanna % ealaíona.
Beidh an Oíche Cultúrtha
ar siúl i mbliana ar an 25 Meán Fómhair.
Beidh an fhéile ar siúl in aon dhéag
baile ar fud na tíre. Eagraítear imeachtaí
cultúrtha agus ealaíona saor in aisce ar an
óiche seo, agus fanann na hamharclanna, na gailearaithe,
na hionaid ealaíne agus chultúrtha, na stiúideóanna,
na museáim, srl oscailte go dtí meán
oíche agus iad saor in aisce don phobal chomh mhaith.
Beidh on Oíche Cultúrtha ar siúl i
mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Leitir Ceanainn, Trá
Lí, Port Láirge, Luimneach, Sligeach, Maigh
Eo agus Ros Comáin. Beidh ealaíontóirí
Gaeltachta páirteach agus neart imeachtaí
I nGaeilge freisin. Is iad Iontaobhas Cultúrtha Bharr
an Teamaill a eagraíonn an ocáid seo. Breis
eolais ag www.culturenight.ie nó www.templebar.ie
Beidh an Gréasán Ceoil (Music Network) ag
eagrú Lá Náisiúnta Ceoil ar
an Aoine 16 Aibreán, 2010. Is é an sprioc
atá ag an bhféile ná ceiliúradh
a dhéanamh ar gach réimse den cheol sa tír
seo, breis spéise a chothú agus breis deiseanna
a chruthú do dhaoine ionas go mbeidh sé de
acmhainn acu a bheith páirteach i gcúrsaí
ceoil. Tá sé mar aidhm go mbeadh na céadta
imeachtaí ceoil ilghnéithigh ar siúl
saor in aisce ar fud na tíre. Fáiltíonn
an Gréasán Ceoil roimh ceoltóirí,
bannaí ceoil, gníomhairí ceoil, ionaid,
grúpaí pobail, srl, a bheadh spéis
acu a bheith páirteach. Is iad an Gréasán
Ceoil a eagróidh an Lá Náisiúnta
Ceoil. Is féidir breis eolais a fháil ó
Aisling Ryan ag 01 671 9429 nó ag capitalscheme@musicnetwork.ie
Mar is gnáth, tá neart deiseanna deontas agus
deiseanna eile d’ealaíontóirí
ar fáil an mhí seo; trí scéim
de chuid na comhairle ealaíona ach go háirithe.
Tá neart féiltí agus imeachtaí
ar siúl an mhí seo chomh maith. Tá
an t-eolas uilig le fáil thíos.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Oiliúint
| Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh
|
Níl ach cúpla áit fágtha
ar na cúrsaí seo a leanas le hAcadamh
na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil
na hÉireann, Gaillimh:
An Dioplóma sna Dána
(Cóiriú agus Stáitsiú
an Cheoil Thraidisiúnta) - cúrsa fochéime
lánaimsire bliana agus An tArd-Dioplóma
sa Drámaíocht - cúrsa
Iarchéime páirtaimsire thar dhá
bhliain.
Tá cúpla áit fágtha ar
an dá cúrsa agus táimid ag iarraidh
go mbeidh siad líonta roimh deireadh na seachtaine.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil
faoin dá cúrsa nó cur isteach
ar na cúrsaí ar líne ach logáil
isteach ar www.acadamh.ie
nó www.acadamh.ie/cursai.
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Teil:
Marianne Ní Chinnéide ar 087 9080194.
Suíomh idirlín:
www.acadamh.ie nó
www.acadamh.ie/cursai
|
| Físelaíontóirí
na hÉireann (VAI) agus an National Sculpture
Factory
|
Ealaíontóirí Radharcacha
Éire (VAI) & an National Sculpture Factory;
Ceardlann Oiliúna an Fhómhair –
Forbairt Phroifisiúnta d’fhísealaíontóirí.
Beidh Físelaíontóirí
na hÉireann (VAI) agus an National Sculpture
Factory ag eagrú sraith de cheardlanna d’fhísealaíontóirí
i gcaitheamh an Fhómair. Bheadh na ceardlanna
seo feiliúnach d’fhísealíontóirí
atá, nó a bheidh, ag saothrú
fhísealaíontóir gairimúla.
I measc na gceardlann, beidh ‘Cúntasaíocht
don fhísealaíontóir’ le
Gaby Smyth & Co, ‘Cúrsaí Airgeadais
do fhísealíontóirí’
Patricia Clyne-Kelly, agus go leor eile. Is féidir
na sonraí uilig agus clár ama do na
ceardlanna a fháil ag: www.visualartists.ie/Services/sfr_current_prog.html |
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Visual Artists Ireland
Teil: 01 8722296
R-phost: monica@visualartists.ie
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie
National Sculpture Factory
Teil: 021 4314353
R-phost: elma@thenationalsculpturefactory.com
|
| Comhairle Náisiúnta
na nÓg
|
Teastas Náisiúnta an NYCI san
Ealaíon don Aos Óg, 2009/2010.
Is cúrsa bliana é an Teastas san Ealaíon don Aos Óg
a chuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg
ar fáil. Faigheann an cúrsa aitheantas
ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann,
Máigh Nuaid. Tá an cúrsa dírithe
orthu siúd atá ag obair go neamhfhoirmeálta
san earnáil oideachais. Foghlaimeoidh na rainnpháirtithe
na buntheoiricí, coincheapanna agus modhanna
cleachtais a bhaineann leis an ealaíon do dhaoine
óga. Beidh an cúrsa ar siúil
i mBaile Átha Cliath ó mhí Dheireadh
Fómhair 2009 – Bealtaine 2010. Is cúrsa
páirt aimseartha é. Is féidir
gach eolas faoin gcúrsa agus faoin bpróiseas
iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála
thíos. |
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Teil: 01 4784122
R-phost: emmet@nyci.ie
Suíomh idirlín: www.youtharts.ie
|
| Create & Common Ground
- Forám ar an togra taighde ar an meantóireacht
sna healaíona tiomsaithe.
|
Create & Common Ground - Forám
ar an togra taighde ar an meantóireacht sna
healaíona tiomsaithe.
Chuir Create, an eagraíocht náisiúnta
le freagracht do na healaíona tiomsaithe, tús
le togra taighde an mhí seo caite. Tá
sé mar aidhm ag an togra iniuchadh a dhéanamh
ar an meantóireacht mar modh cleachtais i réimse
na n-ealaíon tiomsaithe. Beidh an togra a reachtáil
i gcomhair le Common Ground, grúpa ealaíne
atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Déanfar staideár ar ról an mheantóir
ealaíne agus an chaoi is fearr is féidir
leis an meantóir ealaíne tacaíocht
agus cabhair a thabhairt d’ealaíontóirí
proifisiúnta i réimse na n-ealaíon
tiomsaithe. Is é ‘Connect’ an teideal
atá ar an tionscnamh seo. Eagrófar Fóraim
phoiblí mar chuid den tionscnamh. Beidh Forám
ar siúl i Luimneach ar an 15 Deireadh Fómhair
agus i mBaile Átha Cliath ar an 15 Eanair.
Tá breis eolais faoin togra le fáil ag http://www.guiding-lights.org.uk/2008/
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín: http://www.guiding-lights.org.uk/2008/
|
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
|
Eagraíochtaí Maoinithe Rialta
Is í an aidhm atá ag an gclár
Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go
Rialta ná eochairghrúpa d’eagraíochtaí
ealaíon a neartú agus a dhaingniú,
trí chabhrú lena gcostais oibriúcháin
agus lena gcostais cláir ealaíonta.
Leithdháiltear maoiniú go bliantúil
agus bíonn sé faoi réir na n-acmhainní
atá ar fáil don Chomhairle Ealaíon.
. Ní mór d’eagraíochtaí
ar iarratasóirí iad togra a sheoladh
isteach ag leagan amach a gcuid pleananna don tréimhse
3 bliana ina dhiaidh sin. Is é an spriocdháta
diontrálacha i mbliana ná 1 Meán
Fómhair 2009.
|
|
Spriocdháta
|
1 Meán Fómhair
2009
|
|
Eolas
|
Teil: Jennifer Lawless ag 01 618 02 14
R-phost: rfo@artscouncil.ie
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Maoiniú bliantúil
Is é an príomhchuspóir atá le Maoiniú Bliantúil
ná tacú le heagraíochtaí
ealaíon seachas tacú le daoine aonair.
Ba chóir d’eagraíochtaí
ar mian leo iarratas a dhéanamh ar thacaíocht
airgeadais comhairle a fháil ó fhoireann
na Comhairle Ealaíon maidir leis an gclár
maoinithe is fearr a d’oirfeadh dá gcuid
riachtanas.Tá eagraíochtaí a
bhfuil cláir ardcháilíochta ealaíne
mar chuid dá ngníomhaíochtaí
i dteideal cur isteach ar mhaoiniú. Beidh fáilte
roimh eagraíochtaí a fuair Maoiniú
Ioncaim Reatha roimhe seo agus roimh iarratasóirí
nua cur isteach ar mhaoiniú ar choinníoll:
go ndeachaigh siad i gcomhairle faoina n-iarratas
le foireann na Comhairle Ealaíon, agus gur
mhol siadsan dóibh cur isteach ar an gclár
seo. Ba chóir foirm iarratais na Comhairle
Ealaíon a úsáid chun iarratas
a dhéanamh. Is é 5.30 i.n., Déardaoin
17 Meán Fómhair 2009 an spriocdháta
le haghaidh iarratas.
|
|
Spriocdháta
|
17 Meán Fómhair
2009
|
|
Eolas
|
Teil: Jennifer Lawless (Grants executive
)ag 01 618 02 14
R-phost: annualfunding@artscouncil.ie
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon, 70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim na bhFéilte Ealaíon
Beaga
Tá Scéim na bhFéilte Beaga ar fáil d’eagraíochtaí
a dhéanann féilte nó imeachtaí
a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta
acu a chur chun cinn, agus a bheidh ar siúl
i rith na bliana féilire 2010. ?Is féidir
go mbeadh cineál amháin ealaíne
nó réimse leathan d’fhoirmeacha
ealaíne difriúla i gceist le féile.
Is é atá i gceist le "imeachtaí"
ná tionscadail aon ócáide nó
cláir a thiteann amach thar roinnt míonna
(m.sh. sraith ceolchoirmeacha). Cuirfidh an scéim
deontais suas le €20,000 ar fáil. Déanfar
measúnú ar na hiarratais de réir
na gcritéar foilsithe. Tá scéim
na bhFéilte Ealaíon Beaga ann chun tacaíocht
agus deiseanna a chur ar fáil d’fhéilte
ealaíon beaga nó d’imeachtaí
a bhfuil maoiniú suas le €20,000 á
lorg acu, den chuid is mó. Tá sé
i gceist go bhfuil Scéim na bhFéilte
Beaga solúbtha go maith le freastal ar an réimse
leathan d’eagraíochtaí ealaíne
a chuireann isteach ar an scéim seo, idir imeachtaí
áitiúla le ham ullmhúcháin
gearr agus maoiniú ar mhéid beag de
dhíth orthu, agus thionscnaimh níos
uaillmhianaí lena mbaineann sraith ullmhúcháin
níos faide agus a bhfuil níos mó
airgid maoinithe de dhíth orthu. Is mian linn
gur scéim sho-úsáidte a bheidh
inti, a spreagfaidh iarratais nua ó an-chuid
daoine a mbíonn imeachtaí beaga nó
imeachtaí áitiúla á n-eagrú
acu. Is féidir le himeachtaí a bheith
ina dtionscadail aon uaire nó ina gcláir
a thiteann amach thar roinnt míonna. Is é
an 25 Meán Fómhair an spriocdháta.
|
|
Spriocdháta
|
25 Meán Fómhair
2009
|
|
Eolas
|
Teil: Regina O’ Shea(Festivals,
Local Arts and Venues Officer ) ag 01 618 02 60
R-phost: smallfestivals@artscouncil.ie
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon, 70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
|
| An Greásán
Ceoil
|
Scéim Chapitil Ceoil 2009
Tugtar maoiniú faoin scéim seo d’ealaíontóirí
aonair, buíon ceoil, bannaí ceoil, ceolfhoireann
agus eagras a thugann tacaíocht agus árdán
don cheol. Tá dhá chineál maoiniú
ar fáil. Sa chéad réimse, bronntar
deontas ar eagraíochtaí deonacha agus
neamhphroifisiúnta chun úirlisí
ceoil a cheannacht. Tá ciste iomlán
de €113,000 ar fáil i 200 don chuid seo
den scéim. Sa dara réimse, bronntar
deontas ar cheoltóirí aonarach atá
ag iarraidh uirlis ceoil ardchostasaigh a cheannacht.
Tá gach eolas faoin scéim le fáil
ar an suíomh idirlín.
|
|
Spriocdháta
|
2 Samhain 2009
|
|
Eolas
|
Teil: 01 6719429
R-phost: capitalscheme@musicnetwork.ie
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
|
| An Greásán
Ceoil & An
Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtain um thaibhiú agus
chamchuairt
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an
scéim seo, ach is Music Newtork a riarann í.
Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain
um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú
le ceoltóirí Éireannacha agus
ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn
deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna
fostaíochta méadaithe a thairiscint
do cheoltóirí Éireannacha; bonn
scileanna ealaíontóirí Éireannacha
i réimsí mar phleanáil tionscadail
agus riarachán, féin-phoiblíocht
agus féin-bhainistíocht; agus foinse
nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí
ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon
ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe
tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha
agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit
ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá
treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha
ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí
a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur
isteach. Féach ar láithreán gréasáin
www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil
leis an eagraíocht Seoladh: Clár-Bhainisteoir
Taibhithe, Music Network, Teach an Chóiste
, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile
Átha Cliath 2.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Teil: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430
R-phost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
|
Deiseanna
Eile
| Taibhdhearc na Gaillimhe:-
Gradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí
Mhaicín
|
Fáiltíonn Taibhdhearc na Gaillimhe
roimh scripteanna drámaíochta don chomórtas
‘Gradam Scríbhneoireachta Bháitear
Uí Mhaicín. Leis an duaischiste is mó
sa tír ó thaobh na scríbhneoireachta
de, beidh muintir na Taibhdheirce ag súil go
dtabharfaidh an gradam spreagadh do ghlúin
nua peann a chuir le pár. Beidh €7,500
le buachan don fhad-dhráma is fearr chomh maith
le €1,000 don ghearrdhráma is fearr. |
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Teil: (091) 563600/562024
Ríomhphost: eolas@antaibhdhearc.com
Suíomh idirlín; www.antaibhdhearc.com
|
| Pléaráca
– Deiseanna d’Áisitheoirí
Ealaíona.
|
Maoinithe
ag Ealaín na Gaeltachta, tá Clár
Litríochta & Drámaíochta
don Óige faoi lán tseoil ag Pléaráca
Teo arís i mbliana, clár a bhfuil sé
mar aidhm aige ceardlanna d’ard chaighdéan
drámaíocht agus litríocht a chur
ar fáil, scríbhneoireacht chruthaitheach
na Gaeilge a chothú don todhchaí agus
misneach a thabhairt do’s na scoláirí
ina gcuid cruthaíochta féin. Is iad
seo a leanas na himeachtaí atá á
reachtáil acu faoi an gclár seo.
o Ciorcal Scríbhneoireachta
o Scríbhneoireacht Amhrán
o Féile Leabhar Bricíní
o Féile Litríochta Fuint Focal
o Léitheoireacht le Beartla Broc
o Club Léitheoireachta do dheagóirí
o Scríbhneoir Conaitheach sna Bunscoileanna
o Drámaíocht sna Bunscoileanna &
Realtóga
o Club Drámaíochta do ghasúir
óga
o Deireadh seachtaine traenála do Aisitheoirí
Scríbhneoireachta & Drámaíochta
Tá Pléaráca freisin ag cur painéal
Áisitheoirí Ealaíona le chéile,
painéal do dhaoine cáilithe a mbeadh
suim acu oibriú ar thograí ealaíona
an Phléaráca i rith na bliana sna réimsí
thuas luaite agus iad seo a leanas.
• Campaí Samhradh
• Féile Phléaráca Chonamara
• Ealaín & ceardaíochta do
dhaoine fásta.
Ní mhór Gaeilge líofa a bheith
agat.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Téil: 091-574346/574882
Suíomh idirlín; www.plearaca.ie
|
| Rough Magic Theatre Company
- AIB SEEDS Programme, 2010-11.
|
Is
clár forbartha gairimúla do scríbhneoirí
é an AIB Seeds Programme a eagraíonn
Rough Magic Theatre Company. Tugfar deis do dhrámadóirí
oibriú le compántas gairimiúil
agus faoi stiúir drámadóirí
cáilithe. Tá an clár oscailte
do dhrámadóirí a bhíonn
ag plé I ngach réimse den drámaíocht
(scríbhneoirí, aisteoirí, léiritheoirí,
srl) Maireann an clár ar feadh ocht mí.
Is é an Aoine an 23 Deireadh Fómhair
an spriocdháta d’iarratais. Tá
tuilleadh eolais faoin gclár forbartha le fáil
ag na sonraí teagmhála thíos:
Seoladh: Cian O’Brien, Associate Producer, Rough
Magic Theatre Company, 5-6 South Great George’s
Street, Dublin 2.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Téil: 01 671 9278
Suíomh idirlín; cian@rough-magic.com
|
% Ealaíona
|
Scéim Ealaíon Poiblí: Comhairle
Cathrach na Gaillimhe
|
Tugann
Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh d’ealaíontóirí
moltaí a sheoladh isteach maidir le coimisiún
ealaín poiblí a tharlóidh i láithreán,
ar bhóthar Áth Cinn, Gaillimh. €
15,000 buiséad an choimisún.
Fáilteofar roimh na réimsí ealaíona
uile, iad seo san áireamh Drámaíocht/Ceo/Damhsa/Litríocht/Dealbhadóireacht/
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Seoladh: Megs Morley, Oifigeach Ealaíon
Poiblí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Teileafón: +353 91 536588
Ríomhphost: megs.morley@galwaycity.ie
Suíomh Idirlín: http://www.galwaycity.ie/AllServices/ArtsandCulture/PublicArt/
|
Folúntais
|
An tSeanbheairic, Co. Dhún na nGall.
|
Bainisteoir
Is ionad turasóireachta agus cultúrtha
é an tSeanbheairic atá lonnaithe ar
an bhFál Carrach i nGaeltacht Thír Chonaill.
Tá folúntas ann faoi láthair
do bhainisteoir ar an ionad. Beidh freagracht ag an
té a roghnófar ar gach gné de
smachtú airgeadais, riarachán, comhfhreagras
agus fiosrúcháin an ionaid. Beidh sé
de dhualgas ar an mbainisteoir bainistiú a
dhéanamh ar chaifé na gcuairteoirí,
an siopa ceirde,iarsmalann, seirbhís leabharlainne
Taobh Tíre agus na seomraí cruinnithe
. Beidh air nó í, bainistiú a
dhéanamh ar fhoireann an ionaid mar aon leis
pleanáil, forbairt agus comhoiriniú
a dhéanamh ar chlár bhliantúil
imeachtaí sóisialta, cultúrtha,
caitheamh aimsire agus ealaíne. Caithfidh Gaeilge
líofa a bheith ag an té a cheapfar.
Breis eolais le fáil ón Rúnaí,
an tSeanbheairic, An Fál Carrach, Co. Dhún
na nGall.
|
|
Dáta
|
4 Meán Fómhair
|
|
Eolas
|
Seoladh: Rúnaí, an tSeanbheairic,
An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall.
|
Imeachtaí
Arás Éanna, Inis
Oirr – Imeachtaí Meán Fómhair
Tá clár leathan d’imeachtaí eagraithe
ag Áras Éanna don mhí seo, idir ceol,
fhísealaíon agus drámaíocht.
Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín:
www.araseanna.ie
Teil:099/ 75150.
Aras Inis Ghluaire: Béal
an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Léiriú drámaíochta: ‘100
More Like These’ Seó aonair le Larry O’
Loughlin á chur i láthair ag Stephen Jones.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones,
Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair
7.30i.n
Tuilleadh eolais le fáil ó http://www.arasinisgluaire.ie/
An Cabaret Craicáilte
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí.
Tugann an Caberat Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda,
reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor
eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna
ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht
bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte
den scoth.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com
Teileafón: 097 81079 / 087 2785593
Ionad an Bhlascaoid, Dún
Chaoin/ Féile na Bealtaine
Tuilleadh eolais ar imeachtaí an ionaid:
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie
Teil: (066) 9151082 (066) 9156444
Ionad Cultúrtha Bhaile
Bhuirne
Carducci Quartet: 25/09/09
Cumann Scannán Dhoire ‘a Chuilinn 08/10/09
Breis eolais ar imeachtaí éagsúla,
agus sonraí teagmhála
Suíomh Idirlín: http://www.ionadculturtha.ie/index.php
Teileafón: 026/ 45733
Féiltí
Féile
Bhá Dhún na nGall agus na gCruach
Féile idirnáisiúnta agus ilghnéitheach
ealaíona le raon leathan d’imeachtaí
ar fud deisceart Thír Chonaill.
Breis eolais agus data na bliana seo ag: www.donegalcoco.ie
Féile Scannánaíochta
an Daingin,
An Daingean, Co Chiarraí.
Féile scannánaíochta idirnáisiúnta
le blas láidir Ghaelach. Is é ‘an greann’
téama na bliana seo. Taispeánfar rogha de
na scannáin greannmhara is fearr sa domhan
10- 13 Meán Fómhair 2009
Breis Eolais:
Suíomh Idirlín:www.kerryiff.com
12ú Féile Idirnáisiúnta
Cheoil Aireagail, Contae Chiarraí
Féile cheoil Aireagail. Cuirtear béim ar cheol
nuachumtha agus nuálach. In ionaid éagsúla
i gCiarraí Theas agus i gCiarraí Thiar.
28 Meán Fómhair – 4 Deireadh Fómhair
2009
Breis eolais :
Suíomh Idirlín:www.cmrl.ie
Daonscoil an Fhómhair
Guagán Barra, Corcaigh.
Seachtain chaidrimh agus oideachais do dhaoine fásta
a labhraíonn an Ghaeilge - seacht lá ina shnaidhmfí
forbairt chultúrtha agus foghlaim, cairdeas agus
canadh, ceol agus cadráil, éisteacht le malairt
tuairime agus lorg fios fátha.
15 – 22 Meán Fómhair, 2009.
Suíomh Idirlín:
www.daonscoil.com
Ceiliúradh an Bhlascaoid,
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co Chiarraí
Féile a dhéanann comóradh ar phobal
an Bhlascaoid Mhóir, an t-oileán amach ó
chósta Chiarraí a tréigeadh sa bhliain
1953 agus a d'fhág oidhreacht shaibhir litríochta
ina ndiaidh.
9 – 11 Deireadh Fómhair, 2009.
Suíomh Idirlín:
www.ceiliuradh.com
Éigse Dharach Uí Chatháin
Féile amhránaíochta ar an sean-nós
a cheiliúrann saol Dharach Uí Chatháin,
dlúth chara agus páirtí amhráin
Sheáin Uí Riada
9 - 11 Deireadh Fómhair, 2009
Suíomh Idirlín:www.rathcairn.com
Féile Scéalaíocht Oileán
Cléire, Co. Chorcaigh.
4 Meán Fómhair – 6 Meán Fómhair
Is féile í seo a dhéanann ceiliúradh
ar an traidisiún láidir scéalaíochta
a bhí ar an oileán. Cuirfear béim freisin
ar an scéalaíocht comhaimseartha agus ar an
scéalaíocht idirnáisiúnta.
Teil: 087 971 1223
Ríomhphost: director@capeclearstorytelling.com
:
Suíomh Idirlín: http://www.capeclearstorytellingfestival.com
IMRAM Féile Litríochta Gaeilge 2009
Ní hamháin gur spéis le IMRAM gach
gné dár ndúchas; nithe atá lasmuigh
dár ndúchas déantar iad a dhúchasú,
a ghaelú agus a thabhairt abhaile. Bhí féile
thar na bearta againn anuraidh agus na tithe lán
gach oíche. Tá clár uaillmhianach curtha
le chéile do fhéile na bliana a shásóidh
gach éinne: léitheoireachtaí mar is
gnáth, díospóireachtaí, ceardlanna,
imeachtaí do na scoileanna, scannán, lainseálacha
leabhar, coirmeacha ceoil. I measc na n-imeachtaí
móra beidh oíche ómóis do phríomhéigeas
na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi; mórfhilí
Rúiseacha ón Ré Airgid tiontaithe go
Gaeilge agus go Béarla agus, ar ndóigh, Tionscadal
Dylan, amhráin de chuid an Bhaird aistrithe go Gaeilge
ag cuid de mhórfhilí ár linne agus
á gcur i láthair ag réaltóga
glioscarnacha, ina measc Liam Ó Maonlaí agus
Steve Cooney.
Breis eolais:
Teil: Liam Carson ag 01-8944922 nó
087-2912797
Ríomhphost:
liamog62@mac.com
Suíomh Idirlín: http://www.poetryireland.ie/whats-on/imram.html
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://artsaudiences.ie/
- Gréasán margaíochta/forbairt lucht
féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle
Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)
http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach
ar Ealaín Phoiblí “
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie - Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie - Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|