|
|
Nuacht
Fáilte chuig R-nuachtlitir Eal na Gael na míosa
seo.
Mar is gnáth, tá neart deiseanna deontais
ar fáil an mhí seo. Tá spriocdhataí
fógraithe do thrí scéím de chuid
An Chomhairle Ealaíona, agus ina dteannta sin tá
roinnt deiseanna eile d’ealaíontóirí
aonair - idir scéimeanna do scríbhneoirí,
tréimhsí cónaithe, dámhacháin
agus coimisiúin. Fógraíodh trí
chomórtas a bheadh spéis ag ealaíontóirí
Gaeltactha iontu; comórtas amhráin nua-chumtha
le Raidió na Gaeltachta, comórtas filíochta
‘An Chuairt’ agus na Gradam
“Gnó agus na hEalaíona” Allianz
2009. D’fhógraigh roinnt Comhairlí
Contae a gcuid scéimeanna deontais ealaíon
an mhí seo agus tá formhór na spriocdhataí
a bhaineann leo ag teacht suas i mí an Mhárta.
Bheadh spéis ar leith ag ealaíontóirí
Gaeltachta as Dún na nGall san Scéim
Dheontais Ealaíne atá fógraithe
ag Comhairle Chontae Dhún na nGall.
Tá eolas faoi na deiseanna seo agus na scéimeanna
go léir le fáil sa ríomhlitir seo.
Tá folúntas ag an iris liteartha iomráiteach
Gaeilge, Comhar d’eagarthóir.
Is post dushlánach é seo do dhuine atá
báite i gcúrsaí liteartha agus atá
dianthuiscint acu ar an litríocht na Ghaeilge.
Aithníonn Ealaín na Gaeltachta an tábhacht
leis an aos óg a diriú agus a ghríosú
i dtreo na nEalaíon Gaeltachta, agus tugann siad
tacaíocht láidir d’imeachtaí,
straitéisí agus tionscnaimh ealaíne
a fhreastalaíonn ar na nglúin óg. Is
féile thábhachtach d’aos óg na
Gaeltachta í Fuint Focail a bhí
ar siúl i nGaoth Dobhair tamall anuas. Bhailligh
na céadta déagóirí as gach Gaeltacht
le chéile le sult a bhaint as an bhféile ealaíne
spleodraigh a d'eagraighan Pléarárca. Lena
hais sin, eagraíonn Údarás na Gaeltachta
‘Comórtas Liteartha do Mheánscoileanna
na Gaeltachta’ i ngach ceantar Gaeltacht
gach uile bliain. Tá na spriochdátaí
don bhliain seo ag tarraingt orainn go luath. Is comórtas
fíor thábhachtach é an Comórtas
Liteartha a ghríosann daoine óga chun peann
a chur le pár, agus a chothaíonn spéis
agus dúil iontu sa scríbhneoireacht Ghaeilge
Tá an comórtas oscailte do dhaltaí
meánscoile na Gaeltachta. Is iad seo a leanas na
ranna éagsúla sa chomórtas:
Iarracht Filíochta (faoi 16 agus faoi 21); Gearrscéal
(faoi 16 agus faoi 21); Amhrán (faoi 16 agus faoi
21); Iriseoireacht (faoi 16 agus faoi 21); Iriseoireacht
don Idirlíon (aoisghrúpa 15 -18); Agallamh
Beirte (faoi 21); agus Aiste (faoi 16 agus faoi 21).
Bronnfar teastas agus €100 don chéad duais agus
teastas agus €50 don dara duais i ngach roinn i ngach
ceantar. Seolfar iarrachtaí na mbuaiteoirí
ar aghaidh chuig Comórtas Liteartha an Oireachtais,
áit a mbeidh siad san iomaíocht le haghaidh
duaiseanna náisiúnta. Tá tuilleadh
eolais faoin gcomórtas agus na spriocdhátaí
éagsúla le fáíl óna áisitheoirí
Ealaíne. I
Le teacht an earraigh, tá borradh mór taghta
faoi líon na n-imeachtaí ealaíona atá
ar siúl ar fud na Gaeltachta agus faoi na himeachtaí
a bheadh spéis ag pobal na Gaeilge iontu. Tá
rogha ilghnéitheach de imeachtaí ar siúl;
idir dhrámaíocht, scribhneoireacht agus imeachtaí
liteartha, thaispeántas físealaíne,
cheol agus cheolchoirmeacha agus fhéiltí ceoil.
Thugann na himeachtaí seo léargas ar shaibhreas,
ar ilghnéitheacht agus ar éagsúlacht
na nEalaíon sa Ghaeltacht. Beidh scoth den cheol
le cloisteáil ag Éigse an Spideál,
féile a thugann aitheantas agus ardán d’oidhreacht
agus saibhreas ceol na Gaeltachta. Lena hais sin, feictear
go bhfuil neart imeachtaí éagsúla eile
ar siúlar fud na Gaeltachta.
Ní fada uainn Lá Fhéile Phádraig
agus gan dabt beidh neart imeachtaí ar siúil
le linn Sheachtain na Gaeilge.
Is ón 2 - 17 Márta a bheidh an fhéile
i mbliana agus mar is gnáth tá imeachtaí
ealaíne, cultúrtha agus siamsaíochta
de gach cineál ar siúl ar fud na tíre,
agus thar sáile. Féile ollmhór í
seo a déanann ceiliúradh ar chultúr
agus ar theanga na tíre. Tá gach breis eolais
agus clár na n-imeachtaí le fáil ar
an suíomh Idirlín: www.snag.iewww.snag.ie
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Oiliúint
|
Clár Ealaíne an NYCI–
Oiliúnt- “Staitéis chruthaíoch
d’ áisitheoireacht le grúpaí”.
|
Is d’áisitheoirí ealaíona
a bhíonn ag obair le grúpaí atá
an cúrsa seo dírithe go príomha.
Tugann an cúrsa deis don na rainnpháirtithe
a gcuid scileanna áisitheoireachta, pleanála
agus bainistíochta a fhorbairt.. Is iad saineolaithe
ealaíne as Artsplan i Sasana atá ag
stiúradh an chúrsa agus a bheás
i mbun an teagaisc. Tá an cúrsa seo
feiliúnach dóibh siúd a bhíonn
ag obair leis an aos óg i réimse na
n-ealaíon ach go háirithe.
Dancehouse, Sráid Uí Amhlaoidh, Baile
Átha Cliath 1.
Costas: €50.00 (Lón san áireamh)
|
|
Dáta
|
Déardaoin, 26 Márta
2009. 10.00-4.00 i.n.
|
|
Eolas
|
Teileafón: (01) 4784122
Ríomhphost: emmet@nyci.ieemmet@nyci.ie
|
Deiseanna
Deontais
| ‘Frameworks’
– An Chomhairle Ealaíona agus Bord Scannán
na hÉireann.
|
An Chomhairle Ealaíona -
‘Frameworks’
Suim a dámhadh: €50000
Foirm ealaíne: Scannáin.
Is scéim bhunaithe é Frameworks i gcomhair
gearrscannáin bheoite a dhéanamh. Déantar
cómhaoiniú ar an scéim seo ag
an gComhairle Ealaíon, Bord Scannán
na hÉireann agus RTÉ. Féadfaidh
scannáin a dhéanamh as Gaeilge nó
as Béarla. Líon na scannán: suas
le sé cinn in aghaidh na bliana. Fad: sé
nóiméad ar a mhéad. Buiséad
do gach scannán: suas le €50,000. Formáid:
tionscnamh ag baint úsáide as teicníc
nó formáid ar bith. Seachadadh ar digi-beta
Tuilleadh eolais faoi chritéar na scéime,
an próiseas iarratais agus treorlínte
le fáil:
Seoladh: Comhordaitheoir Scéimeanna agus Iarratas,
Bord Scannán na hÉireann , Queensgate,
23 Bóthar an Duga, Gaillimh.
|
|
Spriocdháta
|
1 Márta.
|
|
Eolas
|
Teil: +353 91 561 398
Suíomh Idirlín: http://www.irishfilmboard.ie
Teagmhálaí: Jill McGregor
Ríomhphost: info@irishfilmboard.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
An Chomhairle Ealaíona -
Dámhachtain coimisiún
Suim a dámhadh: €10000
Foirm ealaíne: Ailtireacht, Na healaíona
rannpháirteachais,Rince, Ceol, Seónna,
Sráidealaine,Téatar, Na healaíona
traidisiúnta, Na físealaíona.
Tá an Dámhachtain Coimisiún dírithe
ar chomhpháirtíochtaí. I gcomhthéacs
na dámhachtana seo. Is é an sainmhíniú
atá ar choimisiún ná duine nó
comhlacht amháin (an coimisinéir) ag
tabhairt tacaíochta do, agus ag íoc
ealaíontóir nó grúpa ealaíontóirí
chun saothar nó tionscadal ealaíonta
a chruthú nó a sheachadadh a tharlaíonn
taobh istigh de shraith teorainneacha atá aontaithe
ag an dá pháirtí.
|
|
Spriocdháta
|
26/03/2009
|
|
Eolas
|
Tuilleadh eolais faoi chritéar na scéime,
an próiseas iarratais agus treorlínte
le fáil:
Teil: +353 1 618 0200
Suíomh Idirlín: www.artscouncil.ie
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon.
|
An Chomhairle Ealaíona -
Scéim Ensembles na n Óg
Suim a dámhadh: €20000
Foirm ealaíne: Ailtireacht, Sorcas, Rince,
Féilte agus imeachtaí, Scannáin,
Litríocht an Bhéarla, Litríocht
na Gaeilge, Na healaíona áitiúla,
Na healaíona ildisciplíneacha, Ceol,Ceoldráma,Compántais
léiriúcháin, An Ealaín
Phoiblí, Eagraíochtaí acmhainne,
Seónna,Sráidealaine, Téatar,
Na hEalaíona Traidisiúnta, Ionaid Tionóil,Na
físealaíona, Daoine óga, páistí
agus na healaíona
Is é príomhchuspóir na dámhachtana
seo ná tacú le ensembles na n-óg
chun a gcleachtas ealaíonta a fhorbairt i gcomhthéacs
lasmuigh den scoil. Tugann sí tosaíocht
do thionscnaimh a léiríonn fís
ealaíonta soiléir san fhoirm/sna foirmeacha
ealaíne ar leith a léirítear,
in éineacht le próiseas a bhraitheann
fiúntas i rannpháirtíocht agus
i gcruthaitheacht na ndaoine óga, agus i mbaint
chriticiúil a bheith acu leis na healaíona.
|
|
Spriocdháta
|
20/03/2009
|
|
Eolas
|
Tuilleadh eolais faoi chritéar na scéime,
an próiseas iarratais agus treorlínte
le fáil:
Teagmhálaí: Mathilde Veldt, Assistant,
Young People Children & Education
Teileafón: 01 618 02 50
Ríomhphost: mathilde.veldt@artscouncil.ie
Suíomh Idirlín: www.artscouncil.ie
R-phost: awards@artscouncil.ie
|
| Comhairle Chontae Dhún
na nGall
|
Scéim Dheontais Ealaíne 2009
Lorgaítear iarratais ó ealaíontóirí proifisiúnta
gníomhacha nó oibrithe-ealaíona,
nó ealaíontóirí aonair
do scéim dheontas ealaíne de chuid Comhairle
Chontae Dhún na nGall. Cuirfear deontaisí
ar fáil d'ealaíontóirí
agus d'eagraíochtaí ealaíne a
chomhlíonann na coinníollacha ealaíne
‘s airgidiúla atá leagtha síos
ag Comhairle Chontae Dhún na nGall agus a dhéanann
fósta cursíos beacht ar na heachtraí
atá á phleanáil acu. Beidh tacaíocht
le fáil i dtaobh ócáidí
nó gníomhartha a chuireann go mór
le saol chultúrtha an chontae. |
|
Spriocdháta
|
Dé Luan, 2ú Márta,
2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Scéim Dheontais Ealaíne 2009,
Comhairle Chontae Dhún na nGall, f/c Traolach
Ó Fionnáin, Leabharlann an Chontae,
Rosemount, Leitir Ceanainn
Ríomhphost :traolach@donegalcoco.ie nó
maura.logue@donegalcoco.ie
Suíomh Idirlín: www.donegal.ie
|
| Art@work 2009 –
Comhairle Chontae Ros Comáin
|
Scéím Ealaíontóir
Cónaithe
Is scéim cónaithe é Art@work
ina dtugar deis d’ealaíontóir
tréimhse ama a chaitheamh i gcomhlacht gnó
nó le heagras pobail i gContae Ros Comáin.
Cruthaíonn an t-ealaíontóir saothar
ealaíne bunaithe ar an eispéaras agus
taithi a bhíonn aige nó aici leis an
gcomhlacht nó eagras sin. Tá an scéim
oscailte d’ealaíontóirí
aonair i ngach réimse ealaíne.
|
|
Spriocdháta
|
31 Márta 2009
|
|
Eolas
|
Ríomhphost; artsoffice@roscommoncoco.ie
Teileafón: 09066 37285
Suíomh Idirlín; www.roscommonarts.com
|
Deiseanna
Eile
| Foras na Gaeilge
/ Oireachtas na Gaeilge
|
Scéimeanna Scríbhneoireachta
Reachtáiltear Leabhar na Bliana, Gradam Uí
Shúilleabháin agus Gradam Réics
Carló, i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge
chun foilsitheoirí agus scríbhneoirí
na Gaeilge a spreagadh agus suim an phobail go ginearálta
i leabhair Ghaeilge a mhúscailt.Tuilleadh eolais
le fáil ar shuíomh idirlín an
Fhorais agus ar shuíomh idirlín an Oireachtais. |
|
Spriocdháta
|
Dé Máirt,
24 Márta, 2009.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg
Mhuirfean,, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 6398400
Ríomhphost: eolas@forasnagaeilge.ie
Suíomh Idirlín: www.gaeilge.ie
|
| Dámhachtain Chuimhneacháin
Thomas Damman Junior, 2009 – An RHA
|
Bhunaigh
an Thomas Dammann Junior Memorial Trust an gradam
seo le cuimhneachán a dhéanamh ar shaol
agus ar shaothar Thomas Dammann Junior. Is iad an
tAcadamh Ríoga Hibernia a reachtálann
an comórtas. Tugann an gradam deis do fhísealaíontóir
a gcuid scileanna agus modhanna cleachtais a fhorbairt
. Is féidir gach eolas faoi chritéar
agus sonraí na scéime a fháíl
ar shuíomh idirlín an Acadaimh.
|
|
Spriocdháta
|
13
Márta 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Ciara Timlin, RHA, Gallagher
Gallery, 15 Ely Place, Dublin 2
Teileafón: 01 661 2558
Ríomhphost: ciara@rhagallery.ie
Suíomh Idirlín: www.royalhibernianacademy.ie
|
| Gailearaí de Bhuitléir,
Cill Cheannaigh: Clár taispeántais 2010/2011
|
Tá
Gailearaí de Bhuitléir ag réitiú
clár taispeantais don bhliain 2010/2011. Fáiltíonn
an gailearaí roimh iarratais ó fhísealaíontóirí
atá ag lorg áit chun a saothar ealaíne
a chur ar thaispeántas le linn an tréimshe
seo. Má tá breis eolas uait faoin bpróiseas
iarratais, na coinníollacha uilig nó
faoin ngailearaí féin, is féidir
dul i gteagmháil leis an ngailearaí.
|
|
Spriocdháta
|
27
Márta 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Director, The Butler Gallery,
The Castle, Kilkenny
Teileafón: 056 7761106
Suíomh Idirlín: www.butlergallery.com
|
| ‘Seachtain na Scríbhneoirí
– Lios Tuathail/ Listowel Writers Week’
- Duais Foras na Gaeilge
|
Comórtas
liteartha do scríbhneoirí Gaeilge atá
eagraithe mar chuid de ‘Seachtain na Scríbhneoirí
– Féile Liteartha Lios Tuathail, 2009’.
Ta dhá chatagóir Gaeilge ann: an Gearrsceál
(níos lú ná 1500 focal) agus
an Fhilíocht (Dán Gearr níos
lú ná 70 líne). Bronnfar duais
€1,500 ar an mbuaiteoir. Tá táille
de €10 ar gach iontráil. Tá an
comórtas seo urraithe ag Foras na Gaeilge agus
is é Paddy Bushe an moltóir.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín:http://www.writersweek.ie/competitions.htm
|
| Áras Inis Gluaire
– Coimisiún –Taispeántas
físealaíona.
|
Is
Ionad Ealaíona Pobail i mBéal an Mhuirthead,
Co. Mhaigh Eo, é Áras Inis Gluaire.
Tá an t-ionad ag ullmhú clár
oibre agus clár imeachtaí don bhliain
amach romhainn. Fáiltíonn an gailearaí
roimh iarratais ó fhísealaíontóirí
atá ag lorg áit chun a saothar ealaíne
a chur ar thaispeántas le linn an tréimshe
seo. Is féidir breis eolais agus sonraí
uilig na scéime seo a fháil ach teagmháil
a dhéanamh leis an ionad.
|
|
Spriocdháta
|
3
Aibreán 2009.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Visual Art 2009, Áras
Inis Gluaire, Belmullet Civic Centre, Belmullet, Co.
Mayo
Teileafón: 097 81079
Ríomhphost: rita@arasinisgluaire.ie
|
| ‘Comhpháirtíocht:
Éire – Talamh na nÉisc’.
Treímse cónaithe.
|
Cuireann
an Reardon’s Artists Retreat i Tilting, Talamh
na nÉisc, fáilte roimh iarratais ó
ealaíontóirí Éireannacha
(scríbhneoir nó físealaíontóir)
do thréimse cónaithe san ionad ó
mhí Iúil go mí Mheán Fómhair,
2009. Is eagras é an Chompháirtíocht:
Éire – Talamh na nÉisc a thugann
aitheantas don nasc stairiúil idir Éireann
agus Talamh na nÉisc agus a chothaíonn
comhoibriú láidir idir an dhá
thír..
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Riomhphost: kristy.clarke@inp.ie
Suíomh idirlín: www.inp.ie/?q=node/255
nó www.townoftilting.com
|
Comórtais
|
Comórtas Ceoil Rónán
Beo – Radio na Gaeltachta. |
Tá comórtas náisiúnta
amhránaíochta do cheoltóirí
aonair, nó do ghrúpaí ceoil,
fógraithe ar an gclár Rónán
Beo@3.
Tá iarratais ag lorg d’ amhrán
nua chumtha i nGaeilge, a dhéanfas an fód
a sheasamh i gcomórtas amhránaíochta
na dteangacha Ceilteacha. Is féidir leat amhrán
a sheoladh isteach ar CD nó mp3.
|
|
Dáta |
: De hAoine, 27 Feabhra,. |
| Eolas |
Seoladh: Ronan Beo, RTÉ, Raidio
na Gaeltachta, Doire Beag, Leitir Ceanainn, Co. Dhún
na nGall.
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teil: 074 9531244.
|
|
Gradam “Gnó agus na hEalaíona”
le hAllianz 2009 / Allianz Buisness to Arts Awards
2009. |
Tugann na Allianz Business to Arts Awards aitheantas
agus gradam do tionscnamh agus grúpaí
a dhéanann comhcheangal ildánach agus
ilchumasach idir saol an ghnó agus saol na
nEalaíon.
Tá na Allianz Business to Arts Awards ag lorg
ainmnúchán do chomórtas 2009.
Tá naoi gcatagór sa chomórtas
le duaischiste de €10,000 curtha ar fáil
do Sparántacht Jim McNaughton / TileStyle.
Bronntar comisiún de €10,000 ar Ealaíontóir
aonair faoin scéim seo. Is feidir gach eolas
faoi shonraí agus criteár na gcomórtas
uilig a fháil ar an suíomh idirlín.
|
|
Dáta |
20 Márta 2009. |
| Eolas |
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie/awards2009
|
|
Comórtas Filíochta ”An
Chuairt’’ 2009 |
Tá Comhdháil Náisiúnta
na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas
Filíochta le linn Chuairt na bhFilí
Albanacha ar Éirinn arís i mbliana.
Is comórtas filíochta dátheangach
atá i gceist, agus is féidir le filí
dánta nuachumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig
na hAlban a chur isteach ar an gcomórtas, ach
leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith.
Roghnófar na hocht ndán nuachumtha is
fearr in cibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig)
agus gheobhaidh an t-údar deis a d(h)án
a léamh ag oíche mhór an Chomórtais
in Áras Chomhdháil Náisiúnta
na Gaeilge. Roghnófar buaiteoir iomlán
an chomórtais ar an oíche sin, bronnfar
duais de EUR 500 air/uirthi, agus foilseofar an dán
i nuachtlitir na Comhdhála i mí Bealtaine
agus san irisleabhar Comhar. Is scéim cheilteach
sheanbhunaithe thábhachtach í An Chuairt,
atá ar siúl i mbliana ón 20-25
Aibreán 2009. Eagraíonn Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge An Chuairt le cúnamh
airgid ó Fhoras na Gaeilge.
|
|
Dáta |
|
| Eolas |
Teileafón: 01 679 4780.
Ríomhphost: sile@comhdhail.ie,
nó ag an
Seoladh: Síle Ní Chatháin,
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge,
46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
2
|
Comhdháil
|
An Chomhdháil Náisiúnta
Ceoil - “Knowing the Score- Na hÚdaráisí
áitiúla agus an Ceol “
|
Cuirfear na moltaí agus na torthaí
a bhain leis an tuarascáil ‘”Knowing
the Score- Na hÚdaráisí áitiúla
agus an Ceol” i láthair ag an ‘’Comhdháil
Náisiúnta Ceoil’ i gColásite
Naomh Pádraig ar an 24 Márta. Is í
Ailbhe Kenny a scríobh an tuarascáil.
Rinneadh iniúchadh ar an gcaidreamh idir na
húdaráis áitiúla agus
shaol an cheoil sa tuarascáil. I measc na n-aoíchainteoirí
a dhéanfaidh plé ar na moltaí
agus ceisteanna a d’eascraigh ón tuarascáil,
beidh Marc Jaffery (Music Manifesto, Sasana), Dr Pauric
Travers (Uachtarán, Coláiste Naomh Pádraig),
Kay Sheehy, (RTÉ) agus Martin Drury (An Chomhailre
Ealaíona). Cuirfear clár imeachtaí
agus ceolchoirmeacha ar siúl chomh maith.
Beidh an comhdháil ar siúl i gCóláiste
Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath 9 ar
an Máirt 24ú Márta ó 10.30
rn – 4.00 in.
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Seoladh: Arscope, 7 Elm Close, Lucan.
Co. Dublin
Teileafón: 01 505 9582
Ríomhphost: info@artscope.ie
|
|
Ionad Ollscoil na Trionóide - Clár
Oideachais sa Bhainistíocht Neamhbhrabúiseach
do Thiomsaitheoirí Maoiniú. (Trinity
College Centre for Nonprofit Management Education
Programme for Fundraisers)
|
Cuirfidh Ionad Ollscoil na Trionóide, i gcomhpháirtíocht
leis an Centre on Philanthrophy at Indiana University,
cúrsa, ar fáil i staideár na
tiomsaíochta maoiniú agus san daonchairdeas
(philantrophy). Is é seo an chéad clár
oiliúna sa tír ar an ábhar seo
atá ar chaighdeán ollscoile. Reachtálfar
bunchúrsa sna hábhair thuasluaite, (
cruthaite ag saineolaithe as Stáit Aontaith
Meiriceá agus ón tír seo), in
ollscoil na Trionóide ón 18ú
– 22ú Bealtaine. Cuirfear breis cúrsaí
ar fáil ina dhiaidh sin. Tá gach eolas
faoin gcúrsa agus na foirm iarratais le fáil
ar an suíomh idirlín.
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: http://www.cnm.tcd.ie/education/executive-education/index.php
nó www.imi.ie
|
Ealaíon
Poiblí & Coimisiún
| Comhairle Chontae
Chill Dara – Paineál do choimisiúin
Ealaíona.
|
Beidh Comhairle Chontae Chill Dara ag reachtáil roinnt tionscnamh %
Ealaíona sa thodhchaí agus beidh siad
ag tairiscint coimisiún ar ealaíontóirí
mar chuid de na tionscnaimh seo. Mar chuid den phróiseas
coimisiniú, cuireann an chomhairle fáilte
roimh iarratais ó ealaíontóirí
a bheadh spéis acu a bheith ar phaineál
d’ealaíontóirí ar feadh
tréimhse dhá bhliain. Roghnófar
na healaíontóirí a bhronntar
na coimisiúin orthu ón bpaineál
seo. Fáilteofar le hiarratais óna réimsí
ealaíne uilig. Is féidir tuilleadh eolais
faoin tairiscint seo a fháil ón oifig
ealaíona.
|
|
Spriocdháta
|
6 Márta 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Rina Whyte, Public Art
Coordinator, Kildare County Arts Service, Kildare
County Council, Riverbank, Main Street, Newbridge,
Co. Kildare
Teileafón: 045 448316
Ríomhphost: rwhyte@kildarecoco.ie
Suíomh Idirlín: http://lists.visualartists.ie/lt/t_go.php?i=200&e=NzEzNw==&l=
http://www.kildare.ie/artsservicewww.kildare.ie/artsservice
|
Folúntais
|
12 Finglas Artsquad – Ealaíontóir
pobail
|
Tá folúntas ag an Artsquad, Fionn Ghlas
d’ealaíontóir pobail. Fostófar
an té a cheapfar faoi scéim fhostaíocht
pobail. Ní mhór do na hiarratasóirí
a bheith os cionn 25 bliain d’aois. Is post
páirt aimsearach é seo (19.5 uair sa
tseachtain). Beidh an té a roghnófar
ag obair le páistí idir 7 agus 11 bliain
d’aois, agus ag teagasc ranganna ealaíne
do dhaoine fásta.
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Seoladh: Bobby Borwick, Finglas Artsquad, Unit 14b
Main Shopping Centre, Finglas,Dublin,11
Ríomhphost: finglasartsquad@eircom.net
|
|
Comhar – Eagarthóir Buan
|
Is iris liteartha Gaeilge í Comhar atá
i gcroílár litríocht agus léann
na Gaeige. Fáilteoidh Bord Comhar roimh iarratas
ó aon duine cáilithe don chúram
páirtaimseartha mar eagarthóir go dtí
Nollaig 2010. Duine freagrach, fuinniúil, beoga,
seifteach atáthar a iarraidh. Tá Comhar
maoinithe ag Foras na Gaeilge
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: comhar.iris@gmail.ie
|
|
Opera Theatre Company – Riarthóir
Ealaíne
|
Is compántas náisiúnta iad an
Opera Theatre company a téann ar chamchuairteanna
rialta ar fud na hÉireann agus thar sáile.
Tá folútas ag an gcompántas do
riarthóir ealaíne; duine fuinniúil
atá dianthuiscint acu ar chúrsaí
ceoldrámaíochta agus atá sé
d’acmhainn acu an compántas a fhorbairt
agus a fhás.
|
|
Dáta
|
3 Márta 2009
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: info@opera.ie
Teileafón: 01 6794962
Suíomh Idirlín: www.opera.ie
|
Imeachtaí
An tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne
13 Márta: Oíche Amhránaíochta
- Aisling Gheal. Ceolchoirm le buathoirí Chorn Uí
Riada thar na blianta
27 Márta: Ceolchoirm Traidisiúnta le Michelle
O’Brien (fidil), Leonard Barry (piopaí) agus
Gearóid Ó Duinnín (giotár)
27ú Feabhra - 28ú Aibreán: Taispeántas
Ealaíne le Peadar Ó Riada, John Kelly, Mick
O’Connor agus Aoife O’Connor
.Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Guthán: 026 45733
Ceardlann Scríbhneoireachta – Áras
na nGael, Gaillimh.
Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl
in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh,
ag na Scríbhneoirí Gaeilge, ar an Satharn,
21 Feabhra: 10.30am go dtí 5pm. Stiúrthóirí
ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file &
staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí
& Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta.
Táille cláraithe 20 euro, mic léinn
5 euro, lón san áireamh sa táille,
1.00pm – 2.15pm. NB Cóipeanna den saothar ata
le plé: 3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal,
úrscéal, dráma nó eile, go dtí
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co Chiarraí
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: feasta@eircom.net
An Ciorcal Scríbhneoireachta – Gaoth
Dobhair
Tá ceardlann scríbhneoireachta ar siúl
uair sa mhí in Acadamh na hOllscolaíochta,
Gaoth Dobhair. Eagraíonn an Ciorcal Scríbhneoireachta
na ceardlanna seo. Dírítear ar an bhfilíocht
agus ar an bprós agus bíonn scríobhneoirí
aitheanta cosúil le Eoghan Mac Giolla Bhríde
agus Collette Ní Ghallchóir i mbun na ranganna.
Tuilleadh eolais
Teileafón: Máire Wren ag
086 3165591
Ríomhphost: mairewren@yahoo.co.uk
Fibín Teo. An Cearrbhach Mac Cába
& Fiche Bliain ag Fás.
Tá an dráma úr leis an gcompántas
illdánach drámaíochta, Fibín,
‘An Cearrbhach Mac Cába & Fiche Bliain
ag Fás’ ar chamchuairt ar fud na tíre
faoi láthair.
Dátaí na camchuairte:
Axis Arts Centre, Baile Muna, Baile Átha Cliath 01
8832100 Luan 2 - Aoine 6 Márta
Dubhlann, Gaillimh 091569777 Máirt 10 - Aoine 13
Márta
Watergate, Cill Chainnigh 0567761674 Céad 18 - Aoine
20 Márta
An Grianán, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
0749120777 Luan 23 - Máirt 24 Márta
Linen Hall, Caislán na Mhara 094 9023733 Luan 30
- Aoine 3 Aibreán
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.fibin.com
Ríomhphost: fibin@eircom.net
Guthán: (091) 553033
Straith Léitheoireachta Liteartha, ‘Ó
Bhéal’ - Gréagóir Ó Dúill
& Nuala Ní Dhomhnaill
Tá dhá ócáid filíochta
Gaeilge á eagrú i mBaile Átha Cliath
mar chuid den sraith liteartha, Ó Bhéa a bhíonn
ar siúl go seachtainiúil san Long Valley i
mBaile Átha Cliath. Tabharfaidh an file Gréagóir
Ó Dúil léamh filíochta sa Hayloft,
suas staighre san Long Valley, Winthrop Street, Baile Átha
Cliath, ar an 2 Márta ag 9.00 i.n. Léifidh
Nuala Ní Dhomhnaill ag an ionad céanna ar
an 16 Márta ag 8.30 i.n. Tugtar deis don phobal a
saothar a léamh os comhair an lucht féachana
ag na hócáidí seo, agus eagraítear
ceardlann agus seisiúin aischothú.
Tuilleadh Eolais.
Teileafón: 085 712 6299
Ríomhphost: info@obheal.ie
Suíomh Idirlín: http://www.obheal.ie/blog/
Féile Liteartha Club Leabhair Inis. (Ennis
Book Club Festival 2009)
6 Márta – 9 Márta.
Eagrófar neart imeachtaí Gaeilge agus Gaelacha
mar chuid den fhéile liteartha seo. Tabharfaidh
Donncha Ó Dúlaing léacht faoin gcairdeas
a bhí aige le scríbhneoirí móra
le rá cosúil le John Steinbeck agus Micheál
Mac Liammóir, agus scríbbneoirí eile.
Léifidh Manchán Magan sliochtanna as leabhair
thaistil éagsúla agus beidh Anna Heuseff ag
tabhairt léargas spéisiúil ar na leabhair
Ghaeilge is suntasaí a bhfuil ann leis an léacht
dar teideal, “Deich leabhar ar son pléisiúir”.
Tá léamh filíochta leis an bhfile Micheal
O’Siadhail ar chlár na n-imeachtaí chomh
maith.
Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín: www.ennisbookclubfestival.com
Riómhphost: info@ennisbookclubfestival.com
Teileafón: 087 972 3647 nó
085 784 2822
Gailearaí Cheardlann na gCroisbhealach.
Taispéantas – Ian Gordon.
Taispeántas físealaíne – Saothar
Nua leis an físealaíontóir iomráiteach
as Dún Lúiche, Ian Gordon. ‘Beside my
Buried Embroidery’ an teideal atá ar an taispeántas.
Beidh an taispeántas seo ar siúl go dtí
an 21 Márta.
Bíonn An Gailearaí oscailte Dé Luain
– Dé hAoine,ón 10 r.n.go 5 i.n., agus
Dé Sathairn ón 12 i.n. go dtí an 5
i.n.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.gailearai.com
Guthán: 074 9165594
Naimhid an Phobail
An Dubhlann, Gaillimh.
5ú Márta – De Dómhnaigh 8ú
Márta
Léireofar an dráma clasaiceach le Henrik Ibsen
sa Dubhlann i nGaillimh ón. Is comhléiriú
idir Moonfish Theatre agus an Taibhdhearc é an léiriú
seo. I measc an gcliar tá Pádraig Ó
Tuairisg, Séamus Ó hAodha, Brendan Conroy,
Bríd Ní Neachtain agus Darach Ó Dubháin.
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín; www.antaibhdhearc.com
Ríomhphost: moonfishtheatre@gmail.com
Elaine Ní Chonghaile - Taispeántas
de olaphictiúir
Tá taispeántas de olaphictiúir leis
an ealaíontóir Gaeltachta, Elaine Uí
Chonghaile, ar siúil in Músaem Cathrach na
Gaillimhe faoi láthair. Tá cuid mhaith de
na pictiúir bunaithe ar radharcanna agus thírdhreach
Chois Fharraige. Tá cónaí ar Elaine
féin in Indreabhán. Leanfaidh an taispeántas
go dtí 21 Márta.
‘Fidil’ – Ceolchoirm le Ciarán
Ó Maonaigh, Aidan O Donnell agus Damien McGeehan
An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir
Ceanainn.
Ceolchoirm curtha i láthair ag an Ionad Réigiúnach
Cultúrtha, Leitir Ceanainn agus Music Network. Beidh
triúir de na ceoltóirí óga traidisiúnta
is fearr sa tír, Ciarán Ó Maonaigh,
Aidan O Donnell agus Damien McGeehan, ar stáitse
le ceol beo, bríomhar a sheinnt. Ceol fáiscithe
as oidhreacht cheoil Thír Chonaill ach le culaith
chomhaimseartha curtha air. Dé Céadaoin 4
Márta, 8 i.n. Cead isteach: €15 /€12
Ceolchoirm le John Spillane Liam ó Maonlaí
– An Chultúrann, Béal Feirste
Ceolchoirm le John Spillane agus Liam Ó Maonlaí
mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Eagaraithe ag an ngrúpa,
‘An Droichead’.
Déardaoin, 5ú Márta, 8.00 i.n. Ticéid
, £15.00
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Jim / Ray ar 02890288818,
Ríomhphost: imeachtai@androichead.com
nó www.wegottickets.com
Ceardlann scríbhneoireachta – Seanchai:
Ionad Liteartha agus Cultúrtha Chontae Chiarraí
Ceardlann scribhneoireachta an Earraigh ar siúl i
Seanchai, An t-ionad Liteartha agus Cultúrtha, 24
An Cearnóg, Lios Tuaithail, Co. Chiarraí:
Eagrófar trí cheardlann sam Earrach: ‘Ag
scríobh don Amharclann’ le Miriam Gallagher
ar an 4ú agus 5ú Aibreáín; ‘An
tÚrscéal’ le Martina Devlin ar an 25ú
agus 26ú Aibreáin, agus ‘Cén
chaoi cuimhní cinn (memoirs) a Scríobh’
le Ivy Bannister ar an 14ú agus 15ú Márta.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 068 6822212.
Ríomhphost: info@kerrywritersmuseum.com
Suíomh Idirlín: www.kerrywritersmuseum.com
Fuint Focal 2009 – Gaoth Dobhair.
Beidh an fhéíle Litríochta spleodraí
do dhéagóirí ar siúl in Ionad
Naomh Phádraig, Dobhair ón 27ú Feabhra
– 1 Márta. Baileoidh déagóirí
na Gaeltachtaí uilig le chéile le sult a bhaint
as deireadh seachtaine lán de phrós, filiocht,
ceardlanna, iriseoireacht, scriobheoireacht scripte, amhránaíocht,
ceol agus neart siamsaíochta. Ceardlanna éagsúla
le Rónán MacAodh Bhuí, Máire
Wren, Maighreád Dinny, Eoghan Mac Giolla Bhríde
agus Michelle Nic Pháidín. Eagraithe ag Pléarárca
Chonamhra.
Féile Raifteirí ‘09.
Tá comóradh leagtha amach in ómós
Raifteirí le linn 'Féile Raifteirí'
i mBaile Locha Riach thar dheireadh na seachtaine 27-29
Márta i mbliana. Déanfar ceiliúradh
ar na tréithe éagsúla a bhí
ag an fhile ildánach agus aird ar leith tugtha dá
bhuanna ealaíonta; i. Bua na filíochta, bua
na hamhránaíochta, bua na fidléireachta
is an ceoil go ginearálta.. Ina measc iad siúd
a beidh ag glacadh páirte sa fhéile tá
na hamhránaithe Tim Lyons, Éamonn Ó
Bróithe agus Úna Ní Fhlannagáin.
Chomh maith leis sin, beidh muintir Mhannion, teaghlach
lán-ceoil, mar aon le Éamonn Carty agus Frank
Brophy, seanchaí is cumadóir amhráin
uilig ar an ardán le linn na féile.Beidh ceardlanna
amhránaíochta, filíochta is ar ar an
fhidil. Beidh ciorcail amhránaíochta, seisiúin
ceoil is filíochta, léacht ar Raifteirí
agus ceolchoirm mhór na féile ina mbeidh Máiréad
Ní Mhaonaigh, Manus Lunny, Joe Burke, Ann Conroy
Burke, Louis De Paor, Paul O'Shaughnessy, Seosamh Ó
Neachtain agus Antaine Ó Faracháin ag glacadh
páirte.
Tuilleadh Eolais:
Teileafón: 091 870718
Ríomhphost: prua@lochariach.com
Caberet Craicáilte:
Cabearet Craicáilte an Fheabhra: Tigh Hiudai Beag,
Gaoth Dobhair De Sathairn 28 Feabhra 2009 : BRÉAG
(Reggae/Ska Ghaelach) agus An Bhanna Tigh Craiceáilte
(Bríd, Cíarán, Líam, Doiminic
agus Danny). Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag,
Gaoth Dobhair, De Sathairn 28 Feabhra 10pm. Cead Isteach
: €5
Cabaret Craicáilte i mBaile Áth Cliath: Dé
Luain 16 Márta 2009:MC MUIPEID & The Hideous
Penguin ( Rapcheol Ghaelach)BUBBA SHAKESPEARE(Rapcheol/R&B
Ghaelach)Enda O Reilly ( Ceol tíre Ghaelach)Máire
Áine Ní Íarnáín ( Damhsa
ar an sean nós)An Banna Tigh: Doiminic Mac Giolla
Bhrighde ( sean nós); Bríd Ní hIcí
( nua/sean nós);Ciaran Mac Fheidhlimidh ( An Píobaire
Mór); Líam Mac Giolla Bhrighde (amhráin)
& Danny Boy Mac Eamharcaigh ( amhráin grinn nua
chumtha).Ceoltóirí eile le fógairt
go fóill.
Tuilleadh Eolais:
Ríomhphost: ronan@rte.ie
Suíomh Idirlín: http://www.stpatricksday.ie/cms/events_gaelspraoi.html
Éigse an Spidéil.
An Spidéal, Co. na Gaillimhe. 5 – 8 Márta.
Féile pobail agus cultúrtha ilghnéitheach
a thugann áit lárnach do na healaíona
traidisiúnta sa chlár agus a mbíonn
blas ilchultúrtha uirthi. Imeachtaí cultúrtha
agus ealaíona, ceol agus ceolchoirmeacha, litríocht
agus léachtaí. Tá an fhéile
faoi stiúir an Gaelacadamh.
Tuilleadh eolais ón nGaelacadamh: 091-553124
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.modelart.ie/newspaces.html- Model Arts & Niland
Gallery, Sligeach
http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie - Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org - Suíomh
acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie - Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|