|
|
Nuacht .
Tá €220,000 bronnta ag Ealaín
na Gaeltachta Teo. ar 31 Tionscnamh Ealaíon
sa Ghaeltacht faoi Scéim
Forbartha na nEalaíon 2008. Scéim
maoinithe í seo atá dírithe ar thionscnaimh
faoi stiúr Ealaíontóirí, ar
chleachtas comhoibritheach agus ar imeachtaí ealaíon
sna gnéithe uile ealaíon dúchasach
agus comhaimseartha. Ina theannta sin, faoin Scéim
Sparánachta 2008, bronnadh €88,700
ar chúigear ealaíontóir déag–
seachtar fís ealaíontóir; ceathrar
ealaíontóir traidisiúnta; ceathrar
scríbhneoir. Sé an spriocdháta le hiarratas
don gcéad bhabhta eile de Scéim Forbartha
ná 17 Deireadh Fómhair 2008
agus don Scéim Sparánachta
ná 31 Deireadh Fómhair 2008.
Beidh a thuilleadh faoi seo níos gaire don am ach
idir an dá linn, tá fáilte romhat fiosrú
leis an Áisitheoir Ealaíon id’ cheantar
lena tuilleadh eolais d’fháil nó ag
www.ealain.ie
Cydymdeithio - Eagrófar Cruinniú
Mullaigh do ghníomhairí cultúrtha
agus ealaíona dírithe ar théama
an chultúir mhionlaigh, sa mBreatain Bheag
ón nDéardoin 24ú go dtí an Sathairn
26ú Aibreán seo chugainn. Déanfar
plé ar cheisteanna a bhaineann le forbairt agus deiseanna
a aimsiú. Chomh maith leis sin, tabharfar léargas
ar a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí cultúrtha
in Éirinn, in Albain agus sa mBreatain Bheag féin.
Tá líon teoranta sparánachtaí
taistil ar fáil má tá fonn ort a bheith
i láthair. Tuilleadh eolais thíos nó
ó www.ealain.ie
Tá Comhairleoir Litríochta Gaeilge
á lorg ag an gComhairle Ealaíon. Beidh ról
tábhachtach ag an té seo i bhforbairt na hearnála
seo agus i gcruthú deiseanna nua do scríbhneoirí
Gaeilge na tíre. Tuilleadh thíos agus ag www.artscouncil.ie
Ag trácht ar ACE, comhghairdeas leis an nDr.
Rachel Holstead, cumadóir ceoil ó
Chorca Dhuibhne, atá ceaptha mar Chomhairleoir
Ceoil leis an gComhairle Ealaíon. Guímíd
gach rath uirthi sa phost dúshlánach seo.
Eagrófar sraith d’oícheanta
eolas sa Daingean i gcomhair le Samhlaíocht
Chiarraí, a bheidh dírithe ar fhís
ealaíontóirí i gcaitheamh Mhí
Aibreán. Beidh aoianna speisialta i láthair
le healaíontóirí a chur ar an eolas
maidir le tograí a eagrú, cúrsaí
airgeadais, teagmháil le dánlann & r.l.
féach thíos
Cé go raibh tine in amharclann Taibhdhearc na Gaillimhe,
mí na Samhna seo caite, táid fós i
mbun léirithe. Tá an chéad léiriú
de chuid na bliana seo faoi lántseol go lár
na míosa i Seanscoil Sailearna. Dráma nua-scríofa
le Joe Steve Ó Neachtain, Faoi Dheireadh Thiar, atá
i gceist agus cheana féin tá an-tóir
ar fad ar thicéidí.
Beidh Féile na Cásca á reáchtáil
faoi choimirce Oidhreacht Chorca Dhuibhne le linn Seachtain
na Cásca agus is fiú breathnú ar an
dtaispeántas ealaíon atá á eagrú
go bliantúil ó thús na seachtóidí
i leith. Eagrófar ‘Ceol sa Ghleann’ Féile
Ealaíon Traidisiúnta i nGleann Cholmcille
le linn Seachtain na Cásca chomh maith. Beidh ceolchoirmeacha,
ceardlann ceoil & rl. le scoth na gceoltóirí
ó cheann ceann na tíre i láthair.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má
tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna &
r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín
nuachta don gcéad r-litir eile, roimh 28 Márta.
Comhdháil
|
Cruinniú Mullaigh do cheannairí
chultúrtha agus ealaíona
|
CYDMDEITHIO - Ag taisteal le chéile
Theatr Felin-fach
Cruinniú Mullaigh do cheannairí chultúrtha
agus ealaíona i gcroílár ceantar
Breatnaise
Le hionadaithe ó Éirinn, as Albain agus
ón mBreatain Bheag.
Táille cláraithe: £75 (lóistín
san áireamh);£25 gan lóistín
Sparánacht Thaistil ar fáil
|
|
dáta
|
24-26 Aibreán
|
|
Eolas
|
Muireann
Ní Dhroighneáin m.nidhroighneain@udaras.ie
/091 503220
Eibhlín de Paor e.depaor@udaras.ie /066 9150100
Micheál Ó Fearraigh m.fearraigh@udaras.ie
/074 9560100
|
Deiseanna
Deontais
|
An Chomhairle Ealaíon
|
An Dámhachtain Coimisiúin
Spriocdháta: Déardaoin 20 Márta
Eagraíochtaí le Maoiniú
Reatha
Spriocdháta: 27 Márta
|
|
Spriocdháta
|
20/03/2008
& 27/03/2008
|
|
Eolas
|
Le
haghaidh tuilleadh eolais ar aon cheann de na cláir
mhaoinithe seo téigh le do thoil cúig
an gcuid tacaíocht airgeadais de láithreán
gréasáin na Comhairle Ealaíon:
www.artscouncil.ie
|
| Comhairle Contae Chiarraí
|
Sparánachtaí Ealaíon 2008
Bronnfar
sparánachtaí faoi na cinn teidil seo
a leanas;
1. Sparánacht d’Ábhair/Fearais
2. Sparánacht i leith Saothair Cruthaitheach
a Fhorbairt
3. Sparánacht i leith Oideachas Breise Ealaíne
4. Sparánacht chun freastal ar Dhíseart
d’Ealaíontóirí in Éirinn
5. Dámhachtain d’Ealaíontóirí
sna Scoileanna
Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí
aonair sna réimsí thuas (1-4) iarratas
a dhéanamh; agus do scoileanna & ealaíontóirí
(5).
|
|
Spriocdháta
|
20 Márta 2008
|
|
Eolas
|
Foirmeacha iarratais & treoirlínte le
fáil ón Oifig Ealaíon, comhairle
Contae Chiarraí, An Ráth Theas, Trá
Lí
r-phost: arts@kerrycoco.ie Teil: 066 7183815
|
|
Cairde Mhúsaem Hunt
|
Scéim
Sparánachta
Le
deis a thabhairt d’ealaíontóir
chruthaitheach gné ar leith dá chleachtas
ealaíon a fhorbairt agus toradh praiticiúil
a bheith bainteach leis m.sh. trí fhoilseacháin
nó cur i láthair a bheith mar chríoch
leis. Cuirfear an saothar críochnaithe ar fáil
do Leabharlann Mhúsaem Hunt ar mhaithe le taighde.
Beidh an sparánacht seo ar fáil gach
re-bliain ag tosnú i 2008.
Méid: €3,000 (íoctha i ndá
sciar)
|
|
Spriocdháta
|
31
/03/ 2008.
|
|
Eolas
|
friends@huntsmuseum.com
teil: 061 312 960
www.huntmuseum.com
|
|
Artslinks 2008
|
Scéim Sparánachat
Oscailte d’ealaíontóirí ag cur fúthu
i gCeatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge,
Loch Garman agus Cill Mhantáin.
Fáilteofar roimh iarratais sna meán
ealaíon seo a leanas: Rince, Scannánaíocht,
Litríocht, Ceol, Drámaíocht/Amharclannaíocht,
Fís ealaíon
Méid: €8,000
|
|
Spriocdháta
|
31/03/2008
|
|
Eolas
|
www.artlinks.ie
|
|
Priontálaithe Chorcaí
Dámhachtain Cónaitheach Idirnáisiúnta
|
Deis á chur ar fáil d’ealaíontóirí
le forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas, smaointí
nua a oibriú amach agus dlús a chur
faoi líonrú idirnáisiúnta.
Spás ceardlanna ar fáil ar feadh ceithre
sheachtain maraon le liúntas €1,500 i
dtreo costaisí taistil agus maireachtála.
|
|
Spriocdháta
|
Dé
hAoine 25 Aibreán
|
|
Eolas
|
www.corkprintmakers.ie info@corkprintmakers.ie
|
Folúntais
|
An Chomhairle Ealaíon
|
Comhairleoir Litríochta (Gaeilge)
Mar chuid de chur i bhfeidhm a straitéise,
Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon,
tá An Chomhairle Ealaion ag lorg tairiscintí
le haghaidh ról an Chomhairleora Litríochta
(Gaeilge) ar bhonn comhairleach páirtaimseartha.
|
|
dáta
|
Dé hAoine,
28 Márta 2008
|
|
Eolas
|
r-phost:
maeve.whelan@artscouncil.ie
www.artscouncil.ie/ga/
|
|
Artlink, Co. Dhún na nGall
|
Stiúrthóir
Eagraíocht a dhíríonn ar imeachtaí
fís ealaíon d’ard chaighdeán
a reáchtáil agus a chur i láthair
an phobail. Lonnaithe i mBun Cranacha. Beidh an Stiúrthóir
freagrach as fhorbairt straitéiseach, clár
imeachta a chur le chéile, tiomsú airgid.
Freagrach as an eagraíocht a fhorbairt clár
imeachta séasúrach a chur le chéile
agus a bhainistiú agus as feachtais bailithe
airgid.
Tuarastal: €36,000
|
|
dáta
|
Déardaoin,
20 Márta 2008
|
|
Eolas
|
Artlink, Tullyarvan Mill, Bun
Cranach, Co. Dhún na nGall
r-phost: artlink@eircom.net
|
|
Samhlaíocht Chiarraí,
Trá Lí
|
Ceardlann Scríbhneoireachta Luan Cásca
Ostán Meadowlands,
10.30a.m. – 1.00p.m. & 2.30p.m. –
5.00p.m.
Stiúrthóirí
- Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir,
file, staraí
- Mícheál Ó Ruairc, file agus
gearrscéalaí,
- & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir
Feasta
Táille Cláraithe €20. Mic Léinn
€5.
|
|
dáta
|
21-24 Márta
2008
|
|
Eolas
|
Pádraig Mac Fhearghusa
Teil: 066 7124169 feasta@eircom.net
|
Oiliúint
|
Oícheanta Eolas d'Fhís ealaíontóirí
I gcomhair le Samhlaíocht Chiarraí
|
Oifigí Údarás na Gaeltachta,
An Daingean
I measc na n-ábhar a chlúdófar;
• Coimisiúin, Dámhachtain &
Sparánachtaí
• Do Shaothar á chur i láthair,
• Cúrsaí airgeadais
• Ag obair le Dánlanna
|
|
Dáta
|
7, 14, 21, 28 Aibreán
2008
|
|
Eolas
|
Eibhlín
de Paor Teil: 066 91 50100 r-phost: e.depaor@udaras.ie
www.ealain.ie
|
|
Ár nDualgas Cúraim
á reáchtáil ag Óige na Gaeltachta
|
Deis eile d’oibrithe deonacha & ealaíona
le dea-chleachtas agus nósanna imeachta um
chosaint leanaí a chur chun cinn. Tá
an clár oiliúna seo aitheanta ag Feidhmeannacht
na Seirbhíse Sláinte agus beidh teastas
le fáil ag daoine a chuireann an cúrsa
i gcrích go hiomlán.
|
|
Dáta
|
28-29 Márta
|
|
Eolas
|
Ultan Ó hAodha teil: 026 65883 nó / 085
7824842 r-phost: ultan@onag.ie
|
Imeachtaí
|
Oidhreacht Chorca Dhuibhne - Féile na Cásca
|
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Taispeántas dá oscailt ar Dhomhnach
Cásca 3 i.n. – mairfidh sé ar
feadh na seachtaine dár gcionn.
|
|
Dáta
|
23 Márta
2008
|
|
Eolas
|
Teil: 066 91 50100
|
|
Ceol sa Ghleann
|
Féile
Ealaíon Traidisiúnta Ghleann Cholmcille
Ceolchoirmeacha, claisceadal, ceardlann stíle Thír Chonaill ar an bhfidil, ranganna amhránaíochta, bosca ceoil.
Aoianna speisialta i mbliana ó Chonamara agus ó Cho. Ard Mhacha, an Norbhuaidh, an tSualainn.
|
|
Dáta
|
Dé Domhnaigh 23 - Dé
Sathairn 29 Márta 2008
|
|
Eolas
|
Teil: 087 2873576 info@ceolsaghleann.com www.ceolsaghleann.com
|
|
Ionad Cultúrtha, Baile Mhuirne, Co.
Chorcaí
|
14 Márta - Oíche
Mhór Amhránaíochta le Peadar
Ó Ceannabháin, Treasa Ní Mhiolláin,
Josie Sheáin Jeaic, Joe John, Muireann Nic
Amhlaoibh, Dominic Mac Giolla Bhríde, Máire
Ní Cheileachair, Eoiní Maidhcí
Ó Súilleabháin, Seán Ó
Liatháin agus a thuilleadh amhránaithe
le clos ar an oíche.
29 Márta - Coirm Cheoil Chruinniú
na bhFliúit le Jean Michel Veillon, Catherine
McEvoy, Tara Diamond, Harry Bradley, Aoife Granville,
Joe O’Sullivan, Michael King, Conal Ó Gráda
& Hammy Hamilton
11 Aibreán - Sliabh Notes
– Matt Cranitch (fidil), Dónal Murphy
(bosca ceoil) & Tommy O’Sullivan (giotár
& amhráin)
|
|
Dáta
|
14, 29 Márta & 11
Aibreán 2008
|
|
Eolas
|
|
|
Taibhdhearc na Gaillimhe
|
Seanscoil Sailearna, Conamara
Faoi Dheireadh Thiar – dráma Nua-scríofa
ó pheann Joe Steve Uí Neachtain
le Diarmuid Mac an Adhastair, Caitlin Ní Chonghaile,
Josie Chóilí Óg Ó Cualáin,
Brídín Nic Dhonnacha, Máire Uí
Dhroighneáin, Máirín Uí
Neachtain, Joe Steve Ó Neachtain. |
|
Dáta
|
12-14 Márta
2008
|
|
Eolas
|
Teil : 091 563600
|
|
Ceol sa Ghleann
|
Féile
Ealaíon Traidisiúnta Ghleann Cholmcille
Ceolchoirmeacha, claisceadal, ceardlann stíle Thír Chonaill ar an bhfidil, ranganna amhránaíochta, bosca ceoil.
Aoianna speisialta i mbliana ó Chonamara agus ó Cho. Ard Mhacha, an Norbhuaidh, an tSualainn.
|
|
Dáta
|
Dé Domhnaigh 23 - Dé
Sathairn 29 Márta 2008
|
|
Eolas
|
Teil: 087 2873576 info@ceolsaghleann.com www.ceolsaghleann.com
|
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus
deiseanna eagsúla.
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org Suíomh
acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
|
|