|
|
Nuacht
Fáilte go nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta
Mar is gnáth, tá neart eolais eile faoi
deiseanna ealaíne curtha ar fáil
sa r-litir seo. Ina measc, tá folúntais, fhógraí
le eolas ar choimisiún ealaíon pobail, deiseanna
deontas agus neart ábhar a mbeidh spéís
ag ealaíontóirí agus eagraíochtaí
ealaíona na Gaeltachta iontu. D’fhógraigh
an Chomhairle Ealaíon an scéim bliaintiúl
do thionscnamh ealaíne. Bronntar dámhachtáin
faoin scéim seo ar thionscnamh sna réimsí
éagsúla ealaíne.Lena chois sin, d’fhógraigh
an Chomhairle an Dámhachtán Taifeadta Deis
an mhí seo. Fógraíodh roinnt scéimeanna
ealaíon pobail le déanaí agus mar thoradh
leis sin tá roinnt deiseanna coimisiún ar
fáil faoi láthair. Tá fáisnéis
faoi trí choimisiún sa nuachtlitir seo. Tá
clár imeachtaí don Earrach fógraithe
ag formhór na n-ionad ealaíne sa Ghaeltacht.
D’ainneoin an géarchéim eacnamaíochta,
tá clár láidir ealaíne á
reachtáil ag na hionaid le riar maith d’imeachtaí
ceoil, taibhléirithe, drámaíochta agus
eile. Tá neart imeachtaí agus féiltí
ealaíne ilghéitheacha agus ildánacha
ar siúl ar fud na Gaeltachta an mhí seo chomh
maith agus tá eolas futhu uilig le fáil thíos.
Beidh an Gréasán Ceoil ag
eagrú Lá Náisiúnta Ceoil
ar an 16 Aibreán, 2010. Reachtálfar imeachtaí
ceoil agus ceolchoirmeacha ar fud na tíre. Má
tá spéis agat nó ag do grúpa
a bheith páirteach, nó má tá
spéis agat imeacht ceoil a eagrú, is féidir
breus eolais a fháil ag: www.musicnetwork.ie
B’iris dhátheangach riamh é Irish
Pages/Duillí Éireann, tiománta
go láidir d’fhoilsiú saothair i nGaeilge
ar bhonn rialta. Roimhe seo, is i nGaeilge a bhí
idir 5% agus 10% de gach eagrán – ar an dóigh
sin ag tabhairt chomhurraim teanga agus cultúir don
Ghaeilge, murb ionann agus spas eagarthóireachta.
Déanann ár n-eagrán úr,
An tEagrán Gaeilge (Vol 5, No 2), athnuachan
agus doimhniú ar an tiomantas sin, ag léiriú
leithead agus dhoimhneacht na scríbhneoireachta Gaeilge.
Tá istigh ann saothar le Máire Mhac
an tSaoi, Liam Mac Cóil, Louis de Paor, Aifric Mac
Aodha, Liam Ó Muirthile, Biddy Jenkinson, Micheál
Ó Conghaile, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel
Rosenstock, Alan Titley & a lán eile.
Thig an t-eagrán seo a cheannach i ngach dea-shiopa
leabhar in Éirinn, siopaí Eason san áireamh.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Folúntas
| Origin and Urban
Retreat Galleries
|
Oibrí Ealaíne (Intéirneacht).
Tá folúntas ag Origin and Urban Retreat
Galleries d’oibrí ealaíne (intéirneacht).
Ní mhór go mbeadh spéis ag an
iarrathóir i gcúrsaí ealaíne
agus go mbeadh cumas maith ríomhaireachta aige
nó aici. Is deis mhaith é seo do dhuine
a bhfuil ag iarraidh scileanna riaracháin,
margaíochta agus físealaíne a
fhoghlaim. Cuirfear lóistín ar fáíl.
Tuilleadh eolais óna sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Dáta
|
31 Márta,
2011
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: urbanretreatgallery@gmail.com
|
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéímeanna do thionscnamh
ealaíne
Bronnfaidh an Chomailre Ealaíon dámachtáin
d’ealaíontóírí aonaracha
agus d’eagraíochtaí le tacaíocht
a thabhairt dóibh thionscnaimh a fhorbairt
sna réimsí seo a leanas:
• Dámachtáin do thionscnaimh –rainnpháirtíocht
sna healaíona.
• Dámachtáin do thionscnamh sorcais.
• Dámachtáin do thionscnamh damhsa.
• Dámachtáin do thionscnamh Ceoil.
• Dámachtáin do thionscnamh Drámaíochta.
• Dámachtáin do thionscnamh sna
healaíona traidisiúnta.
• Dámachtáin do thionscnamh físealaíne.
• Dámachtáin do thionscnamh damhsa.
• Dámachtáin do thionscnamh scannáin.
• Dámachtáin do tionscnamh taibhléiriú
agus ealaíon sráide
Tá gach eolais faoin scéim, faoi chriteár
na scéime agus faoi na coinníollacha
le fáil ag www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
31 Márta, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,
70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 6180 260
Ríomhphost: smallfestivals@artscouncil.ie
Suíomh idirlín:
www.artscouncil.ie
Callsave:
1850 392 492 |
| An Greásán
Ceoil
|
Dámachtáin Taifeadta Deis
Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta
Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail
taifeadta sna healaíona traidisiúnta
nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht
na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú
i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne,
atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon
i leith na n-ealaíon traidisiúnta. Tabharfar
tús áite do thionscadail a léiríonn:
• aird ar chaighdeán ealaíonta
nuálaíocht
• tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon
traidisiúnta
(Sa bhliain 2010, mhaoinigh an Chomhairle Ealaíon
20 togra faoi scáth na dámhachtana seo.
Ar an meán, is €3,000 a dámhadh)
Tuilleadh eolais le fáil ag an suíomh
idirlín.
|
|
Spriocdháta
|
8 Aibreáin, 2011
|
|
Eolas
|
Teileafón: 01 6197807
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Suíomh idirlín:
www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Deis
Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon
traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú
tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon
le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann
a gcuid tograí go rómhaith do na cláir
mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag
an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí
ó gach réimse de na healaíona
traidisiúnta (ceol, amhránaíocht
agus rince traidisiúnta agus na healaíona
béil, cosúil leis an scéalaíocht
agus an t-agallamh beirte). Is scéim leanúnach
í Deis. Gach eolais faoin scéim agus
faoi chriteár na scéime le fáil
ag an sonraí teagmhála thíosluaite.
|
|
Spriocdháta
|
Scéim leanúnach.
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámachtán: Comisiniú Ceoil.
Tugann an dámahctán tacaíocht
d’ealaíontóirí trí
choimisiún a dámadh cheoil. Is é
príomhchuspóir na scéime ná
pairtnéireachtaí cruthaitheacha a spreagadh
i measc ealaíontóirí agus luch
coimisiúnaithe.
Tá tuilleadh eolais faoi chriteár agus
próiseas iarratais le fáíl ag
na sonraí teagmhála thíos agus
ag www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
3 Márta, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 6180 200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh
Idirlín: www.artscouncil.ie
|
| Cultúr Éireann
|
Cultúr Éireann – Deontas.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú
ar eagraíochtaí ealaíona nó
ealaíontóirí chun sár-imeachtaí
cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl
thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh
ócáidí (m.sh. léiriúcháin,
taispeántais, léachtaí), nach
mbíonn an eagraíocht ná an léiriúchán
féin in ann na costais ina leith a íoc.
Tá foirmeacha agus tuilleadh eolais ar fáil
ar an suíomh gréasáin
|
|
Spriocdháta
|
15 Bealtaine 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: Cultúr Éireann, Seomra
315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353 1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh
Idirlín: www.cultureireland.gov.ie
|
| An Greásán
Ceoil
|
Dámachtán sa Cheol - taibhléiriú
agus camchuairteanna –
Is é cuspóir na scéime ná
deiseanna a chruthú do cheoltóirí
agus do bhuíon ceoil camchuairteanna agus ceolchoirmeacha
a reachtáil ionas gur féidir leo a gcuid
ceoil a léiriú os chomhair an phobail.
Tá an scéim á reachtáil
i gcomhair leis an gComhairle Ealaíon.
Tuilleadh eolais le fáil ag an suíomh
idirlín.
|
|
Spriocdháta
|
13 Meitheamh 2011
|
|
Eolas
|
Teileafón: 01 6719429
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh
Idirlín: www.musicnetwork.ie
|
Deiseanna
Eile
| Cill Rialaig
|
Tréimshe
cónaithe i gCill Rialaig
Cuireann tionscnamh Cill Rialaig fáilte roimh
aighneachtaí ó ealaíontóirí
do na tréismhsí cónaithe a bheidh
á reachtáil ó Meán Fómhair
2011 go dtí Nollaig 2012.
Is deis iontach é seo d’ealaíontóirí
tréimshe a chaitheamh i mbarr ionad ealaíne
sa Ghaeltacht. Tá an t-ionad lonnaithe i gceantar
álainn, suaimhneach. Tá tuilleadh eolais
le fáil ag na sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Spriocdháta
|
15
Márta 2015
|
|
Eolas
|
Seoladh: Mary
O Connell, Ionad Cill Rialag, Baile na Sceillige,
Co. Chiarraí.
Teileafón: +353 (0)66 9479277
Ríomhphost: cillrialaigarts@gmail.com
|
| Irishart.com agus Irishartblog.com
|
Deis
bolscaireachta d’ fhísealaíontóirí
Cuireann www.irish-art.com
spás idirlíne ar fáil saor in
aisce d’fhísealaíontóírí
ar shuíomh idirlín na heagraíochta.
Is féidir le físealaíontóirí
a spás féin chruthú ar an suíomh,
agus bolscaireactha a dhéanamh ar a saothair.
Tugtar deis poiblíochta d’fhísealaíontóirí
ar an suíomh www.irishartblog.com
freisin.
Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.irish-art.com
agus www.irishartblog.com
|
| Comórtas Filíochta
Uí Néill
|
Comórtas
Filíochta Uí Néill
Ó 2008 i leith, reáchtáil Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge comórtas
filíochta le linn Chuairt na bhFilí
Albanacha ar Éireann. Tá Comórtas
Uí Néill 2011, oscailte anois d'iarratais,
ón 8 Feabhra 2011 go dtí 16 Márta
2011.
Is comórtas dátheangach é seo
áit ar féidir le hiarratasóirí
dán scríofa i nGaeilge na hÉireann
nó Gaeilge na hAlban a sheoladh isteach ach
aistriúchán Béarla a chuir ar
fáil chomh maith.
Níl aon chostas ag baint leis an gcomórtas
seo ná níl aon srian ar na dánta
ó thaobh téama de ach oiread.
Beidh príomhdhuais de €500 á thairiscint
don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar
an dán buacach ar an irisleabhar Comhar, Gaelport.com
agus sa nuachtlitir Eolas.
Reáchtálfar craobh Chomórtas
Uí Néill ar 7 Aibreán 2011, Cois
Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta
na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2.
Tá eolas ar rialacha an chomórtais
mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ag
na naisc thíos:
Comórtas Filíochta - Foirm Iontrála
2011.doc
Comórtas Filíochta Rialacha 2011.doc
|
|
Spriocdháta
|
16
Márta, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Máire Ní Phuirséil, Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid
Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Suíomh Idirlín: http://www.gaelport.com/
Teileafón: 01 6794780
|
| Love:live Music, 2011
|
Rainnpháirtíocht
i bhféile Love: Live Music 2011.
Féile náisiúnta is ea an Love:live
music a dhéanann ceiliúradh ar an gceol
beo sa tír seo. Beidh an fhéile ar siúl
ar an 8 Aibreáin, 2011. Iarrtar ar eagrais
ceoil, bannaí ceoil, ceolfhoireann, ceoltóirí,
srl, imeacht ceoil a eagrú ar an lá,
is cuma cé chomh mór nó beag.
Má tá spéis agat a bheith páírteach
nó má tá tuilleadh eolais faoin
bhféile de dhíth, téígh
i dteagmháil le Aisling Ryan ag 01 6719429
nó info@lovelivemusic.ie
|
|
Spriocdháta
|
8
Aibreán, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Music Network , Teach an Chóiste,
Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: info@lovelivemusic.ie
Teileafón: 01 6719429
Suíomh Idirlín:www.musicnetwork.ie
|
Oiliúint
| Comhairle Náisiúnta
na nÓg |
Cúrsaí Oiliúna sna hEalaíona.
Cuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg
réimse leathan de chúrsaí ar
fáil i réimsí éagsúla
de na healaíona, le béim ar leith ar
na healaíona don aos óg.
I measc na gcúrsaí a chuirtear ar fáil,
tá:
-cúrsaí éagsúla i gcosaint
leanaí.
- an Teastas -Náisiúnta san Ealaíon
don aos óg
- an scoil samhraidh san Ealaín don Aos óg.
Tá an t-eolas uilig le fáil sa leabhrán,
‘Training and development brochure, 2011’
Is féidir liosta de na cúrsaí
agus gach eolas a fháil ar shuíomh idirlín
na heagraíochta, nó is féidir
an leabhrán a fháil ón seoladh
thíos.
|
|
Spriocdháta |
Dátaí Éagsúla |
|
Eolas |
Seoladh: 3 Sráid
Mhontague, Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost: training@nyci.ie
Suíomh Idirlín: www.youth.ie
Teileafón: 01 4784122 |
| Físealaíontóirí
na hÉireann
|
Clár
oiliúna sa fhorbairt ghairimiúl d’fhísealaíontóirí
(Professional Development Training Program)
Deis mhaith d’fhísealaíontóirí
cur lena gcuid scileanna gairimiúla agus gnó.
Is mór an méid ábhar a chuirtear
ar fáil faoin gclár: Peer critique,
airgeadais; srl. Is féidir an t-amchlár
agus na sonraí uilig a fháil ar shuíomh
idirlín na heagraíochta.
Á reachtáil ag Físealaíontóirí
na hÉireann (Visual Artists Ireland) i gcomhair
leis Digital Art Studios, Béal Féirste,
An oifig ealaíon, Ards Arts Centre, the National
Sculpture Factory, Comhairle Chontae Bhaile Átha
Cliath agus Oifig Ealaíne, Comhairle Chontae
Chiarraí.
Cuirfear an clár ar siúl sna hÁrdaigh
(Tuaisceart Éireann), Béal Féirste,
Corcaigh, Oileán Chiarraí agus Baile
Átha Cliath i rith an Earraigh.
Siollabus an chláir agus gach eolas le fáil
ag http://visualartists.ie/education/2011-2/
|
|
Spriocdháta |
Níl
spriocdháta i gceist. |
|
Eolas |
Teileafón: (01) 872 2296
Ríomhphost: monica@visualartists.ie
Suíomh Idirlín: http://visualartists.ie/education/2011-2/
|
| Business to Arts
|
Conas
suíomh idirlín a chrúthú
agus a bhainsitiú i gcomhair le Everyman Training.
Clár dhá lá a reachtáltar
gach Déardaoin agus Aoine i mBaile Átha
Cliath. Cuirtear an cúrsa seo ar fáil
do dhaoine nach bhfuil aon scileanna teicniúla
nó ríomhaireachta acu. Is féidir
gach eolas ar shiollabas an chúrsa a fháil
ag: http://www.online365.ie/training.htm
Is eagrais é Buisness to Arts a cothaíonn
nascanna idir an lucht gnó agus an earnáil
ealaíne.Tugar lascaine do bhaill Buisness to
Arts ar chúrsaí oiliúna An Irish
Times agus Sureskills. Is féidir clár
na gcúrsaí seo a fheiceáil ag
www.businesstoarts.ie
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla. |
|
Eolas |
Seoladh: Rowena Neville, Director
of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex
St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦
Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie
|
Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún
|
Scoil Náisúnta na Croise
Naofa, An Trá Mór, Co. Phort Láirge
|
Scéim
% Ealaíon: Scoil Náisúnta na
Croise Naofa, An Trá Mór, Co. Phort
Láirge
Scoil Chaitliceach le 651 dalta is ea Scoil Náisiúnta
na Croise Naofa. Tá foirgneamh nua á
thógáil faoi láthair le 24 seomra
ranga. Fáiltíonn bord bainistíochta
na scoile roimh iarratais ar choimisiún le
píosa físealaíne buan a chruthú
a bheidh ar thaispeántas i bhfaiche dúnta
sa scoil nua. Seomra ranga “amuigh faoin aer”
atá sa fhaiche seo. Ní mhór go
mbeadh daltaí na scoile ábalta abhár
inspioráide agus spreagadh a fháil ón
saothar físealaíne. Ní mhór
go mbeadh suíocháin mar chuid den dearadh.
Is fiú €20,000 an coimisiún.
Tuilleadh eolais le fáil ag blag na scoile:
http://holycrossnstramore.scoilnet.ie/blog/percent-for-art-info/
|
|
Spriocdháta
|
21
Márta, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: Scoil
na Croise Naofa, Baile an Charnáin, an Trá
Mór, Co. Phort Láirge.
Blag: http://holycrossnstramore.scoilnet.ie/blog/percent-for-art-info/
Ríomhphost:info@colaistechoilmtullamore.ie
Teileafón: 051-381036
|
|
Pobalscoil Naomh Nessáin, Co.
Luimhnigh
|
Scéim
% Ealaíon: Pobalscoil Naomh Nessáin,
Co. Luimhnigh
Tá Pobalscoil Naomh Nessáin ag tairiscint
Scéim % Ealaíon. Fáiltíonn
bord bainistíochta na scoile roimh iarratais
ar choimisiún le saothar ealaíne a chruthú.
Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí i
ngach réimse ealaíne. Is fiú
€64,000 an coimisiún, gach costais a bhaineann
leis an tionscnamh san áireamh.
Tuilleadh eolais faoin scéim mar aon leis foirm
Iarratais / pacáiste eolais le fáil
ag www.publicart.ie
|
|
Spriocdháta
|
11
Márta, 2011
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: aileenosullivan@clvec.ie
|
|
Coláiste na Toirbhearta, Ceatharlach
|
Scéim
% Ealaíon: Deis d’fhísealaíontóirí
agus ealaíontóirí cló.
Fáiltíonn bord bainistíochta
na scoile roimh iarratais ar choimisiún le
píosa ealaíne buan a chruthú
i bhfoirm péinteála nó píosa
ealaíone cló. Is fiú €28,000
an coimisiún. Tá gach eolas faoin gcoimisiún
seo le fáil ag:
publicartpresentation@gmail.com.
|
|
Spriocdháta
|
25
Márta, 2011
|
|
Eolas
|
Teileafón: 086 8164983
Ríomhphost: publicartpresentation@gmail.com
Suíomh Idirlín: www.presentationcollegecarlow.com
|
Imeachtaí
Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne,
Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile
Mhúirne ná na healaiona d'árd chaighdeán
a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt
i measc an phobail. Chuige san, tá clár dushlánach
leagtha amach ag an ionad - idir ranganna, cheardlanna,
cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha
agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann
an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona
Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí
mheán na Gaeilge a reachtáiltear na himeachtaí
go léir san Ionad.
Taispeántas ealaíne le Geraldine O Riordan
Aoine 4ú Márta @ 7.00 i.n.
Taisepántas físealaíne á oscailt
ag Peadar O Riada @ 7.30. Tá an taispeántas
seo ag leanúint ar aghaidh go dtí 2ú
Mí Bealtaine
(A game of) Two Halves - dhá ceolchoirm i ceann
amháin!
Aoine 11ú Márta:
Ceolchoirm le Caoimhín O Raghallaigh agus ceolchoirm
eile ina dhiaidh le Fíona Kelleher id teannta Caoimhín
Vallelly & Eleanor Healy
Oíche Mhór Amhránaíochta
Aoine 25ú Márta
OÍche amhránaíochta le muintir Chill
na Martra agus Ré na nDoirí i gcómh-pháirtíocht
le Aisling Gheal
Dian chúrsa scríobhnóireacht cruthaitheach
le Ré O Laighléis
Máirt 1ú Márta, 8ú,15ú,
22ú & 29ú - do dhaltaí meánscoile
san Ionad Aise óna 10.00-12.30 r.n
Luan (28ú Feabhra), 1ú Márta,7ú,14ú,21ú
& 28ú - do dhaoine fásta san Ionad Lae,
Baile Mhúine óna 7.30-9.30 i.n.(breis eolais
ar an chúrsa seo le fáil san Ionad Cultúrtha
- 026.45733) *
Ranganna amhránaiochta & ceoil
Ranganna amhránaíochta sean nóis le
Máire Ní Chéilleachair @ Ceadaoin
Ranganna Ceoil le Henry Cronin @ Luan/ Ceadaoin/ Ceardaoin
Ranganna Fliúite le Conal O Grada @ Luan
Ranganna Conseartín le Triona Ní hAodh @ Déardaoin
Ranganna Veidhlín le Geraldine O Callaghan @ Dé
Máirt
Ceardlanna dearc ealaíne
Tacaois le Bernadette Ní Coitir @ Deardaoin san Ionad
Cultúrtha
Ealaoin le Pauline Dodds @ Luan i gCuan Barra 2 –
4 02640999
Ealaíon le Pauline Dodds @Máirt i gCois Cille
2 - 4 026 47777
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh
Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net
Arás Éanna, Inis
Oirr
Is Ionad Ealaíne é Áras Éanna
atá suite ar Inis Oirr. Cuireann an t-ionad réimse
leathan d’imeachtaí ealaíne agus cultúrtha
ar siúl.
Tá gach eolas faoi na himeachtaí agus cúrsaí
atá ar siúl ar Áras Éanna le
fáíl ag an suíomh idirlín, www.araseanna.ie
Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní
Ghallchóir:
Ríomhphost :araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad
Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann,
Co Na Gaillimhe.
Fibín
Compántas drámaíoc
An Triall le Maireád Ní Ghráda
ar chamchuairt náisiúnta
Leagan ildánach agus dúshlánach de
dhráma Mhaireád Uí Ghráda ar
chamchuairt ar fud na tíre. Aisteoireacht ar ardchaigdheán,
puipéid, mascanna , An Triall curtha ar stáitse
ar bhealach samhlaíochta.
21 – 25 Márta: An Briery Gap. Maigh Chromtha.
28 Márta – 1 Aibreáin: An Axis, BÁC.
4 – 6 Aibreáin. Belltable, Luimhneach
11 -12 Aibreáin: Town Hall Theatre, Gaillimh.
14-15 Aibreáin: Tuar Ard, Móata.
Cead isteach 10 do dhaoine fásta/5 Euro do mhicléinn.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: fibin@eircom.net
Teileafón: +353 091 505855
Suíomh idirlín: www.fibin.com
Gailearaí Joan Clancy,
An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa
Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar
ó Dhún Garbhán. Tá stádas
á bhaint amach aige de réir a chéile
mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon
comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.
Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn
i nGaeltacht Phort Láirge gairid do Choláiste
na Rinne, 10k ó Dhún Garbhán agus 12k
ón Aird Mhór.
Grúpa Thaispeántas na Cásca i Joan
Clancy Gallery
22– 25 Aibreán. Oscailte 11r.n – 5i.n
le linn na laethanta atá luaite agus trí choinne
chomh maith.
Tá bailiúchán iontach sa Gailearaí,
ina measc saothair úrnua ó Arthur Maderson,
Katarzyna Gajewska, Blawnin Clancy, Dave West, Andrea Jameson,
Rayleen Clancy, John Cullinan, Mary Clancy agus ó
bhuaiteoir IFTA Ross Stewart, a bhí mar Stiúrthóir
Ealaíne ar an scannán ‘The Secret of
Kells’, a ainmníodh I gcomhair Academy Award.
Ní féidir na praghasanna a shárú
agus is am iontach anois é chun saothar ealaíne
a cheannach.“Is fiú go mór turas a thabhairt
ar Thaispeántas na Cásca i Joan Clancy Gallery”
arsa Con Power san Irish Arts Review.
Tá Joan Clancy Gallery lonnaithe sa Rinn in aice
le Coláiste na Rinne.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh
Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó
086 8134597
Seoladh
: Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne,
An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda,
reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor
eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht
bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte
den scoth.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó
097 81079
Ríomhphost:
Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh
Idirlín:
www.craiceailte.com
Aos Cró - Club filíochta agus focail
labhartha
Aoí speisialta: Micheál Ó Ruairc
16 Márta, 2011. 8.30 i.n.
Beidh an chéad oíche eile den gclub filíochta
agus focail labhartha, Aos Cró ar siúl Céadaoin
an 16ú lá de mhí Márta i Siar
ó Thuaidh, Tigh Uí Chatháin, Baile
an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, Co Chiarraí
ag tosnú ag a 8.30 i.n. Sé aoi speisialta
na hoíche ná an file agus úrscéalaí
Mícheál Ó Ruairc.
Cuirtear fáilte roimh baill den lucht éisteachta
gur mhaith leo rud ar bith – prós nó
filíocht, a saothar féinig nó saothar
duine eile – a léamh i gcomhluadar cáirdiúil
neamhfhoirméalta. Saorchead isteach.
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ó ham go chéile, mar
aon leis imeachtaí oidhreachta. Téígh
i dteagmháil leis an ionad chun eolas a fháil
ar na himeachtaí atá ar siúl faoi láthair.
Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh
Idirlín: http://www.heritageireland.ie
nó www.ceiliuradh.com
Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead,
Co Mhaigh Eo
"Alas, poor Yorick!"
Tá Áras Inis Gluaire thar a bheith sásta
bheith ag óstáil leagan giorraithe, fad uaire,
den dráma Hamlet agus tar éis an dráma
ar feadh uair a’ chloig eile, beidh ceardlann ar siúl
chun an dráma a phlé agus a shuaitheadh. Seans
iontach é seo do scoláirí Ardteistiméireachta
casadh leis na haisteoirí agus spiorad Hamlet a bhraith
agus a thuiscint dóibh féin. Beidh an seó
seo ar siúl ar an Deardaoin 10 Márta. Cead
isteach €10. Beidh dhá seó ar siúl
i rith an lae agus moltar do scoileanna áiteanna
a chur in airithe gan mhoill. Glaoigh ar 097 81079. [Is
ar bhíthin Ionad Oideachais Mhaigh Eo, Siamsaíocht
Chathair na Mart agus Compántas Drámaíochta
Aisteoirí na Breataine atá an léiriú
seo á chur i láthair.]
Message of Peace
Scéal é seo a léiríonn beatha
laoich Gaelaigh neamhiomráitigh arbh ainm dó
John Boyle O’Reilly. Sa seó seo tugann Sean
Tyrrell léaráid dúinn ar shaol an laoich,
ag taisteal leis gan dua ó thús a shaoil tríd
an nGorta, trí réabhlóid, tríd
an bhFíníneachas go dtí pianseirbhís
saoil san Astráil nó gur éalaigh se
faoi dheireadh go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá grá Tyrrell don ceol traidisiúnta
thar a bheith follasach tríd an seó agus é
ag insint an scéil - snáitheanna an scéil
fite fuaite le chéile ag úsáid poirt
agus ríleanna, máirseáil, cúpla
tiúin mhall - ceol, scéalaíocht agus
amhránaíocht agus gach gné den seó
curtha i láthair go cliste. Is féidir Message
of Peace a fheiceáil in Áras Inis Gluaire
ar an Aoine 11 Márta ag 8.30 p.m. Táille €10.
Seachtain na Gaeilge in Áras Inis Gluaire
I mbliana 2011 in Áras Inis Gluaire táimid
ag óstáil a lán imeachtaí éagsúla
chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.
Cineclub na n-Óg
Chun tús a chur leis an gcomóradh ar an Satharn
12 Márta beidh Cineclub na n-Óg ag tosú
ag 12.00 meán lae agus leanúint ar aghaidh
go dtí 4.00pm. Seachas an scannán beidh Tráth
na gCeist agus cluichí, spraoi agus craic! Táille
€10.
Lón le Gaeilge
Dé Máirt, 15 Márta ó 12.00 meán
lae go dtí 2.00 pm beidh Lón le Gaeilge –
saghas ciorcal comhrá Gaeilge ag am lóin!
Beidh tae agus caife ar fáil agus beidh fáilte
roimh cách – cuma tú a bheith líofa
nó cúpla focal a bheith agat! Tá seans
anseo ag daoine rud difriúil a dhéanamh ag
am lóin agus ag an am céanna casadh le daoine
agus cúpla focal a chleachtadh!
Aonach ealaíon agus ceardaíochta
Ar Lá le Padhraig, 17 Márta, beidh aonach
ealaíon agus ceardaíochta Déanta in
Éirinn ar siúl – rud atá oiriúnach
don clann ar fad. Beidh an t-aonach ar siúl ó
11.00am go dtí tús na paráide (timpeall
3.00pm) agus arís ar an Aoine, 18 Márta, ó
10.00am go dtí 5.00pm. Beidh cnuasach ealaíon
agus ceardaíochta de gach saghas ar díol:
seodra, cártaí, éadaí, grianghraif,
earaí cniotáilte agus rudaí nach iad.
B’fhéidir gur seans maith é seo bronntanas
a fháil i gcomhair Lá na Máthar.
Oíche siamsaíochta
Chun deireadh a chur le tarluithe na seachtaine beidh oíche
siamsaíochta againn le Craobh Clann Lir – craobh
Iorrais de Comhaltas Ceoltóirí Éireann
– ar an Aoine 18 Márta. Ina theannta sin beidh
ceoltóirí áitiúla agus damhsóirí
ó Scoil Damhsa Redmond. Beidh an ceolchoirm ag tosú
ag 8.30pm. Beidh cupán tae ar fáil agus beidh
fáilte roimh cách!
Ríomhphoist Rosemarie ag r.mangan@arasinisgluaire.ie
nó glaoigh ar 097 81079.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an
Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/
Tráthnónta siamsaíochta san
Ardchathair – Gael Linn
Chuir Gael Linn tús i mí Eanáir 2008
le sraith de thráthnónta siamsaíochta
faoin teideal ‘Bewley’s @ 6!’. An aidhm
atá leis na tráthnónta seo ná
deis a thabhairt do lucht na Gaeilge san Ardchathair teacht
le chéile tar éis lá oibre nó
lá siopadóireachta, scaoileadh leis an trácht,
deoch a ól, greim beag a bheith acu le n-ithe agus
sult a bhaint as ceol den scoth!
Is in Amharclann Bewley’s, sa chaifé stairiúil
ar Shráid Ghrafton, a bhíonn an chraic ar
oícheantaí Mháirt go míosúil
ó 6p.m. go 8p.m. I measc na n-oirfideach a bhí
linn go dtí seo bhí Jimmy Crowley, Cormac,
Fionán agus Éamonn de Barra, Mac Dara Ó
Conaola agus a chairde, Mick O’ Brien,Mark Kelly agus
Niamh de Búrca, Tadhg Mac Dhonnagáin, Feargal
Ó Murchú agus Conal Early ón seó
Ragús, Seán Ó hÉanaigh agus
baill den ghrúpa ‘Téada’, Oisín
Mac Diarmada, Paul Finn agus Tristan Rosenstock.
Tá blaisíní bia deá-mhéine
san áireamh sa táille iontrála €15
agus tá fáil ar tae, caifé agus deochanna
ag an mbeár.
Le fáil amach cé hiad na ceoltóirí
a bheidh linn an chéad mhí eile cliceáil
ar Nuacht ar an leathanach baile, nó is féidir
gach eolas a fháil ag an uimhir thíos.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087-2547574
Ríomhphost: niamh@gael-linn.ie
Cló Ceardlann na gCnoc – Cúrsaí
agus imeachtaí
Tionscnamh Malartú, Úist, Tuaisceart
na Albainna
8-16th Márta
Clár malartaithe d’ealaíontóirí
is ea Malartú. Is éard atá i gceist
leis an chlár úr, nuálaíoch
seo ná malartú idir Cló Ceardlann na
gCnoc, Co. Dhún na nGall agus Taigh Chearsabhagh,
Úist Thuaidh, Albain.
Ceiliúradh Scannán Satyajit Ray
19-20th Márta
Beidh scannánaí ar súil ó Satyajit
Ray ag ceiliúradh an teaghmháil idir Éireann
agus an Inde, agus Tír Chonaill. Beidh scannánaí
ar nós Charulata (114 nóiméad) agus
Gare-Baire (131 nóiméad) , le neart scannail
eile ar súil.
Tionscnamh Samkura
Aibreán 2011-Mi na Nollaig 2012
Tionscnamh nua idir-náisiúnta do Ealeantóirí
on Gaeltacht, an Gréig, Armenia, an t-Seoirsí
agus an Phortaingéil ata ag tosnú i mi Aibreáin.
Beidh se ag dhul ar aghaidh go dtí mi na Nollaig
2012. Is malartú idir-náisiúnta cónaithe
atá ann agus beidh taispeántas mhór
ar siúl tríd Samkura. Is é seo an chead
togra mar seo in Éireann go deo. Le breis eolas dul
go www.samkura.net
Seachtaine na Gaeilge, Ógras, Halla Ur i Rannafeirdse.
4th Márta
Foscáilte do saothar úr do Ian Joyce agus
grúpa Ógras ag 8 a chloig.
Taispeántas Ceardlainne - Togra Malartú
Iúil 2011
Thug an malartú nuálaíocht deis agus
am do na healaíontóirí modhanna úra
ealaíne a iniúchadh agus a fhiosrú
agus is as a tháinig na saothair chumasacha agus
spreagúla a fheictear romhainn. Beidh se an chead
taispeántas sa ionad úr i Min an Lea. Ta an
taispeántas seo ag ceiliúradh an chlár
buan ealaíne agus cultúrtha idir Albain agus
Eire sna blianta atá le teacht. Dátaí
le teacht.
Éanlaith ar Strae, Arts Centre eiitir Ceanainn
14th Bealtaine
Beidh oíche i Leitir Ceanainn le filíocht
Tagore á leabh ag Cathal O’ Searcaigh agus
Gabriel Rosenstock, ceoil ó Derek Ball agus an Donegal
Chamber Orchestra agus ealaíon ó Ian Joyce.
Comóradh Scannán Lá Fheile an
Aifrí
25th Bealtaine
Beidh scannánaí éagsúla on Aifrí
ar taispeáint I dteagmháil le Lá na
hAifreach, co maith le scannánaí ó
Wanjiru Kinyanjui.
Cumann Eitseála
Gach De Céadaoin 2011
Ta cumann eitseáil ag dul ar aghaidh gach de Céadaoin
do ealaíontóirí on gceantar. Ta fáilte
ríomh daoine nua i gcónaí.
Ceardlann Fótagrafaíocht, Eitseáil
agus Liteagrafaíocht Clocha le Aoife McGarrigle
9th/10th & 16th/17th Iúil
Beidh dhá cúrsaí ealaíon le
Aoife McGarrigle ar súil sa samhraidh. Beidh breis
eolas le fhail ar an idirlinn no chuir scairt orainn ar
074 9162800
www.aoifemcgarrigle.com
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9162800
Suíomh
Idirlín:
www.clo.ie
Taispeántas físealaíne leis
an ealaíontóir Gaeltachta Andrew Duggan
Irish Arts Center Gallery, Nua Eabhrach. Go dtí an
28 Márta
Tionscnamh illmheán leis an bhfísealaíontóir
Andrew Duggan. Déanann an tionscnamh seo iniúchadh
ar na difríochtaí idir na pinniúir
liathróíd láimhe atá i Nua Eabhrach
agus in Éirinn. Tá Andrew Dugann ina chónaí
agus ag obair i nGaeltacht Choirce Dhuibhne.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: jen@irishartscenter.org
Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean
Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean is ea An
Lab. Tá amharclann dea-chóirithe ann le seachtó
suíocháin, seomraí le haghaidh taispeántaisí,
insealbhaithe agus cruinnithe, chomh maith le spás
le haghaidh cleachtaithe agus ceardlanna. Tá sé
ar fáil le haghaidh imeachtaí cultúrtha
a chuirtear i láthair tré mheán na
gaeilge.
‘Sé an comhlucht cónaithe amharclannaíochta
ann ná AnnÓg Ar Aghaidh, a léiríonn
drámaí gaeilge agus a chuireann traenáil
i scileanna amharclannaíochta ar fáil do dhaoine
óga.
11/12.03.11 Féile Fuint Focal
Deireadh seachtain spreagúil do dhaoine óga
gur spéis leo an scríbhneoireacht.
Beidh ceardlanna bprós, filíocht, iriseoireacht,
scríobh scripte, cumadóireacht amhrán,
agallamh beirte, tráth na gceist, siúlóid
chulturtha, oíche siamsaíochta.
Seoladh oifigiúil ag Micheál de Mórdha,
7.30 i.n. Aoine 11ú Márta
Eagraithe ag Pléaraca Teo. Tuilleadh eolais ó
091-574882/574346,
plearaca@eircom.net www.plearaca.ie
12.03.11 Ceolchoirm le Caoimhín Ó Raghallaigh,
Fiona Kelliher, Caoimhín Vallely, Eleanor Healy
Ceol leis an veidhleadóir clúíteach
Caoimhín Ó Raghallaigh i dteannta leis an
amhránaí Fiona Kelliher le Caoimhín
Vallely (píano) agus Eleanor Healy (dord agus guth)
8pm Ticéidí ag Siopa Cheoil an Daingin agus
ag an doras.
31.03.11 Ceolchirm le Mick Hanley, Nollaig Ní
Chathasaigh, Arty Mc Glynn
Ceol agus amránaíocht le Mick Hanley, Nollaig
Ní Chathasaigh agus Arty Mc Glynn 8pm. Ticéidí
ag Siopa Cheoil an Daingin agus ag an doras.
Imeachtaí Reath:
Eitseálacha le Tomás Ó Cíobháin
(1970 – 2000):
Seomra na dTaispeántaisí. Luan go hAoine idir
9am agus 5pm agus le linn léirithe san amharclann.
Taispeántas Grianghrafanna le Gearóid
Ó Cáthasaigh
An Cúilín Quartet:
Cleachtaithe seachtainiúil in An Lab
Ceardlanna Amharclannaíóchta
AnnÓg: Gach Céadaoin 4 – 6pm
Suíomh nua idirlíon: www.anlab.ie
. Bí linn ar Facebook – AnnÓg/An Lab
Tá An Lab/AnnÓg ar Aghaidh le fáil
ar Facebook. Beidh ár suíomh idirlíon
nua á sheoladh go luath. Tá An Lab ar fáil
le haghaidh léirithe, ceolchoirmeacha, insealbhaithe,
taispeántaisí ealaíne agus ócáidí
eile. Deinimid freastal ar gach aois-ghrúpa tré
mheán na Gaoluinne.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net
Clubscannán Sailearna, Indreabhán,
Co. na Gaillimhe.
Séasúr Nua Scannán ag tosnú
lár mí Eanáir in Indreabhán.
Tosnóidh an chéad séasúr eile
scannán ar an gCéadaoin, 12 Eanáir,
nuair a thaispeánfar “The Girl who Played with
Fire”, bunaithe ar leabhar cáiliúl Stieg
Larsson. Seo leanas liosta iomlán na scannán
atá beartaithe don séasúr:
02/03/11 - Vincere ( An Iodáil)
09/03/11 - Storm (An Gearmáin)
30/03/11 - The Secret in Their Eyes (An Airgintín)
06/04/11 - The Concert (An Fhrainc/ An Rúis)
Tig le daoine ar spéis leo go leor de na scannáin
a fheiceáil ballraíocht a thógáil
amach ar €25 (€20) don séasúr nó
is féidir €7 (€6) a íoc ar an doras
do réir an scannáin. Tosnaíonn na scannáin
ag 8.15 gach oíche. Tá níos mó
eolais le fáil faoina scannán ar fad a bhéas
á dtaispeáint idir an Nollaig is an Cháisc
ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie
Tuilleadh Eolais
Suíomh
Idirlín:
www.clubscannan.ie
Seanscoil Sailearna , Indreabhán, Co. na
Gaillimhe.
Na Crosáin - Drámaíocht don Óige
Taibhdhearc. Eolas le fáil ón tSeanscoil.
8-10 Márta - Féile Scoildrámaíocht
(Cúige)
28 Aibreán - 1 Bealtaine - Feile Náisiúnta
Drámaíochta
Club Scannán ar siúl gach Céadaoin.
Scannáin idirnáisiúnta.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: cst@eircom.net
Teileafón: 091-593017
Facebook: Comharchumann Shailearna=facebook
Culturlann Uí Channáín, Doire
- Imeachtaí
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thios.
Lá Siamsaíochta do Pháistí
Bunscoile (Eochairchéim 2 – Rang 5, 6, 7)
Déardaoin 10ú Márta / Thursday 10th
March, 10am-12.30pm
Scéim na bhFáinní – (Do
Fhoghlaimeoirí Choláiste an Phobail, Doire)
Máirt 8ú Márta / Tuesday 8th March,
10am-1pm
Scéim na bhFáinní – (Do
Fhoghlaimeoirí Chomhairle Cathrach Dhoire)
Lá Fhéile Pádraig
Céadaoin 9ú Márta / Wednesday 9th March,
10am-1pm
Féile Phádraig
Ar an Déardaoin 17ú Márta, , beidh
ceiliúradh faoi lánsheol againn i gCultúrlann
Uí Chanáin. Beidh Lá Teaghlaigh againn
le péintéireacht aghaidhe, ceardlann damhsa
agus réimse imeachtaí eile. Beidh seisiúin
cheoil sa Chaife i rith an lae.
Beidh na himeachtaí i rith an lae saor in aisce.
Beidh céilí ar siúl ar 9:30 san oíche
(Copperplate Céilí Band). Táille isteach
– £5
Fáilte roimh chách!
Ranganna
Fidil / Bainseó / Feadóg Stáin / Píb
Uilleann / Amhránaíocht Traidisiúnta
/ Damhsa ar an sean-nós / Damhsa Céilí
/ Tai Chi
Seoladh: George Murphy "Still in One Piece" CD
Satharn 12ú ag 8pm
Seoladh: George Murphy "Still in One Piece" CD
le haoi-taibheoirí Brian Mullen agus Comhaltas Chraobh
Dhoire
Ceardlanna Ceoil Traidisiúnta
Cúrsa Feasacht Chultúrtha 10 seachtain ag
tosú roimh i bhfad. Clúdófar ábhair
mar logainmneacha, sloinntí, ceol agus stair na teanga.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 02871264132
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Suíomh
Idirlín:
www.culturlann-doire.ie
Seoladh : Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Scéim Scríbhneoireacht Cónaitheach-
‘Cluas Cleite’
Is mór is cúis áthais ag an Ionad
Cultúrtha é a fhógairt go reachtáilfear
dhá chúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach
– ceann do dhaoine fásta agus ceann eile do
dhaltaí dara leibhéal – i nGaeltacht
Mhúscraí an tEarrach seo. Is faoi stiúir
an scríbhneora dátheangaigh Ré Ó
Laighléis a bheas na cúrsaí.
Cuirfear cúrsa sé seisiún i ‘Scríobh
an Ghearrscéil agus an Úrscéil’
ar fáil do dhaoine fásta an cheantair ar gach
oíche Dé Luain idir 28ú Feabhra agus
4ú Aibreán. Agus, i gcás na ndaltaí
dara leibhéal, tabharfar sé seisiún
ar an mbonn céanna gach maidin Dé Máirt,
ón 1ú Márta go dtí an 5ú
Aibreán. Roghnófar 12 dalta – seisear
as Coláiste Ghobnatan, Baile Bhúirne, agus
seisear as Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh
– chun freastal ar an gcúrsa.
Is í is aidhm leis an gcúrsa sa dá
chás go mbeidh tuiscint soiléir ag na rannpháirtithe
ar nádúr agus eilimintí an dá
genre (gearrscéal agus úrscéal) agus
ar an gcur chuige is gá len iad a shaothrú
go héifeachtach. Is dianchúrsa a bheidh i
gceist, ina mbeidh spriocanna seachtainiúla le baint
amach ag na rannpháirtithe síos tríd.
In imeacht na gcúrsaí, tabharfar aghaidh agus
léargas cuimsitheach ar bhun-eilimintí agus
scileanna riachtanacha na scríbhneoireachta cruthaithí,
m.sh., struchtúr, plota, carachtracht, inseoireacht,
comhrá agus stíl, agus é mar sprioc
go mbeidh sé ar a gcumas ag na rannpháirtithe
scéal ar ardchaighdeán a chruthú.
Cuirfear tús leis an gcúrsa do dhaoine fásta
ar an Luan 28ú Feabhra agus tosófar ar chursa
na ndaltaí dara leibhéal ar Dé Máirt
1ú Márta.
Tá an scéim seo, ‘Cluas Cleite’
faoi stiúir Ionad Cultúrtha agus maoinithe
ag Ealaín na Gaeltachta agus ag Coiste Gairmodeachais
Chontae Chorcaí.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 026.45733
Ríomhphost: eolas@ionadculturtha.ie
Suíomh
Idirlín:
www.ionadculturtha.ie
Seoladh : Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcai
Branar - Clann Lir.
Tá grá athar dá pháistí
ag croílár na hathinsnte seo den sean scéal
clúiteach CLANN LIR. Sa léiriú beoga
seo, díríonn BRANAR ar an seanscéal
mar shíscéal. Feiceann muid-Tóraíocht
Lir a pháistí;Claochlú draíochta;Trí
dheis chun an gheis a bhriseadh!; Agus go leor eile.
Insítear an scéal draíochta seo le
puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla
agus ceol aoibhinn nua- chumtha. Arna stiúradh ag
Marc Mac Lochlainn.
Ceol le Micheal Chang agus Freda Nic Giolla Chatháín.
Buíochas le Deis as tacaíocht a thabhairt
don tógra seo.
Dataí: Mí Feabhra ar aghaidh
Aoisghrúpa: 6-10
Ar fáil i nGaeilge/ Dátheangach/ Béarla
Gach eolas maidir le dátaí agus ionaid le
fáil thíos
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 091 590999/ 091 442360/
0868546616
Ríomhphost: info@branar.ie
Rang Ceamara Digiteach - Ancaire, Dún na
nGall
Mar pháirt do shráith ranganna atá
a reachtáil ag Comharchumann na nOileán Beag
i mbliana, beidh rang ceamara digiteach a reachtáil
in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair
ar an Mháirt, an 1 Marta.
Beidh an rang ag tosnú ag 3.00 - 5.00 agus beidh
táille do dheich euro ar an rang.
Má tá suim agat freastail a dhéanamh
ar an rang seo, déan teagbháil le oifig an
Chomharchumainn
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 95 32571
Ríomhphost: ancaire@eircom.net
An Díseart, An Daingean, - Nuacht
Tá Ella Yates sa Daingean réidh le tosú
ar an gcéim dheireanach den saothar mór, an
fresco den tSéire Dheireanach i bproinnsheomra an
chlochair mar a bhí. Is Halla mór léachta
an seomra sin anois. Tá an sinopa reidh le tamall,
na hAspail agus ár dTiarna timpeall an bhoird agus
Íosa i lár baill ag tairiscint na comaoineach
dóibh. Is pearsana a bhuail léi ar an tsráid
a sheas mar chuspaí do na pearsana. Díthreabhach
atá do Pheadar. Sagart d'Eaglais na hÉireann
atá mar Philip. Bhí breis agus a dóthain
aicí ar deireadh agus beidh díomá ar
dhaoine áirithe mar ná beidh siad le feiscint.
Tá an falla mór ard go léir faoin saothar
ealaíne seo. Táthar á mholadh dom a
iarraidh ar an gCairdinéal Puppard, Uachtarán
an Choiste um Ealaín agus Creideamh agus údar
an leabhair bhreá La Voie de la Beauté an
saothar a nochtadh, 29 Iúil, Aoine Fhéile
na Lúnasa. Muran féidir leis siúd teacht
iarraimid ar Easpag Luimnigh, Dónal Ó Muirí,
an t-aon Éireannach amháin atá ar an
gCoiste an gnó a dhéanamh. Tá an Pápa
féin an-láidir ag tacú leis an séú
slí chun Dé. via pulchritudinis; Tá
leabhar nua dá chuid ar an ábhar le foilsiú
go luath. Cuireann an Díseart béim mhór
ar tábhacht na healaíne agus seo an t-éacht
is mó atá déanta aige maidir leis seo.
Tá Ella Yates ag teacht don Dainean le deich mbliana
ag cur le háille an tséipéil, thigh
na Sagart, agus go háirithe an Dísirt. Roimhe
seo ba é Seomra Nanó Nagle an rud is tábhachtaí
a rinne sí. Tháinig Máthair Ghinearálta
an OIrd, an tSr. Terri Abraham ó Kerala do nochtadh
an tsaothair mhúrealaíne seo.Táimid
buíoch don urraí príobháideach
atá at maoiniú an tsaothair seo. Go gcúití
a Día na hÁille agus na Glóire a fhéile
leis
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: pof@diseart.ie
Fuint Focal 2011
Lab na Mainistreach, An Daingean ón 11 – 13
Márta
Beidh Fuint Focal, deireadh seachtaine litríochta
do dhaoine óga, ar siúl i Lab na Mainistreach,
An Daingean ón 11 – 13 Márta. Eagraíonn
Pléaráca Teo. an deireadh seachtaine seo gach
bliain mar chuid den Chlár Litríochta agus
Drámaíochta don Óige atá maoinithe
ag Ealaín na Gaeltachta. Tugann an deireadh seachtaine
deis do dhéagóirí as iar-bhunscoileanna
na Gaeltachta agus Gaelscoileanna, freastal ar cheardlanna
scríbhneoireachta le scríbhneoirí agus
cumadóirí den scoth. I mbliana beidh ceardlanna
le Jackie MacDonncha; Dairena Ní Chinnéide;
Bríd Ní Mhóráin; Sharon Ní
Chonchúr; Eithne Ní Chatháin; Seosamh
Ó Críodáin agus Seán Ó
Muineacháin.
Is é seo an chéad uair do Fuint Focal a bheith
ar siúl sa Daingean. Seolfaidh Mícheál
Ó Mórdha an deireadh seachtaine ag 8i.n. Dé
hAoine, 11 Márta, i Lab na Mainistreach. Tá
na ceardlanna teoranta do dhéagóirí
atá cláraithe roimh ré.
Tuilleadh eolais:
Seoladh: Pléaráca Teo. Ionad
Fiontair Rosmuc, Co. na Gaillimhe
Teileafón: 091-574346
Suíomh Idirlín: http://www.plearaca.ie
Ceili, Damhsa dhá lámh agus Damhsa
Set
Le Clement Gallagher
Gach Déardaoin @ 8.30
Halla Paróiste Chill Chartha
Bia agus deoch ar fáil
Fáilte roimh gach duine!
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: kilcar.fleadh@gmail.com
Suíomh Idirlín: http://www.kilcaronline.com
Tionscnamh Lugh - Ceol Amhran - Singers Club
Tigh Hudaí Bheag, Gaoth Dobhair - 9.30 p.m.
Oíche amhránaíochta á reachtáil
ag tionscnamh Lugh. Fáilte roimh amhránaithe
nó lucht éisteachta. Amhrán ar an sean-nós,
amhráin chomhaimseartha agus gach cineál stile
le cloisteáil!
Uair sa mhí ar an dara chéadaoin.
9 Márta 2011
13 Aibreáin 2011
11 Bealtaine 2011
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: http://www.tlugh.com/
Futa Fata – Eolas.
Lúlú Síneach
Fuair Futa Fata deá-scéala ag tús na
míosa seo go bhfoilseofar an
pictúirleabhar Lúlú agus an Oíche
Ghlórach i Sinís i mí Meitheamh 2011.
Seo é an chéad leabhar atá foilsithe
ag an údar Bridget Bhreathnach as Ros Muc, Co. na
Gaillimhe. Cur síos atá sa scéal ar
an gcaoi go n-éiríonn le Lúlú,
an moncaí beag, dul i ngleic leis an eagla a bhíonn
uirthi san oíche roimh na glórtha ar fad a
bhíonn le cloisteáil ina timpeall san fhoraois.
Is é Steve Simpson a mhaisigh an leabhar agus bhí
go leor
foilsitheoirí a chonaic an leabhar ag Aonach Leabhar
Frankfurt an-tógtha leis na
pictiúir áille a chruthaigh sé don
scéal. www.stevesimpsom.com
Gugalaí Gug!
Bronnann IRMA, an Irish Recorded Music Association dioscaí
óir ar albaim Gugalaí Gug mar aitheantas ar
dhíolachán os cionn 7,500 cóip agus
tá an t-aitheantas sin tuillte go hoifigiúil
anois ag Gugalaí Gug!
Mar cheiliúradh ar an éacht díolacháin
seo, beidh bronnadh diosca óir orthu siúd
a bhí páirteach sa tógra i Seanscoil
Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe ar an 04ú
Márta 2011. Is é an Coimisinéir Teanga,
Seán Ó Cuirreáin, a dhéanfaidh
an bronnadh agus beidh Aoife Ní Thuairisg ó
TG4 mar bean an tí ar an oíche mhór.
Beidh fáilte roimh an bpobal ar fad a bheith i láthair
– ach bígí ann breá luath!
An Domhnach dar gcionn, an 6ú lá, beidh Gugalaí
Gug Beo ar siúl in Áras Pobail Ráth
Chairn, Co. na Mí ag 4pm. Cuireadh an seó
seo i Ráth Chairn ar ceal roimh Nollaig i ngeall
ar an drochaimsir.
Scrabble as Gaeilge
Cé go bhfuil muid fíorghnóthach ag
forbairt scéalta nua do leitheoirí óga
na tíre, is maith le foireann Futa Fata briseadh
a thógáil anois is arís agus cluiche
Scrabble as Gaeilge a imirt. Bíonn muid uilig in
iomaíocht lena chéile an scór is airde
a bhaint amach! Dúshlán mór dúinn
é sin. Cluiche iontach é seo do pháistí
10+ agus do dhaoine fásta!
Cití Cearc + Comórtas
Is breá le Futa Fata cearca! Nuair a bhéic
Cití gur goideadh ubh uaithi ní dhearna
sí aon mhoill ach imeacht sa tóir ar an nGadaí
Gránna!
Ach cén sórt Gadaí Gránna a
ghoidfeadh ubh ar chearc chomh deas, cineálta le
Cití? Le deis cóip den leabhar nua seo scríofa
ag Patricia Forde a bhuachan, tarraing pictiúr den
Ghadaí acheapann tusa a ghoid ubh Chití. Seol
do phictiúr chugainn le Ainm, Seoladh, Scoil agus
Aois ag:
Futa Fata, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
www.patriciaforde.com
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 091 504 612
Ríomhphost: eolas@futafata.com
Suíomh
Idirlín:
www.futafata.com
Seoladh :Futa Fata, An Spidéal,
Co. na Gaillimhe, Éire
Gemma Breathnach ag gemma@futafata.com
nó 091 505800, 086 0703193
Oíche Spáinneach i Ráth Cairn
Áras Pobail Ráth Chairn
5 Márta 2011 ag 9in
Las Fallas. Oíche Spáinneach i Ráth
Cairn! Fíon, Paella, Pinata, Ceol, Craic
Caith Éadaí Dearg nó Buí
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 046 943 2068
Ríomhphost: rathcairn@eircom.net
Suíomh
Idirlín:
http://www.rathchairn.net/
Féiltí
Éigse an Spidéil
An Déardaoin 3– Dé Domhnaigh 6 Márta
Spidéal, Co. na Gaillimhe.
Féile phobail agus chultúrtha ilghnéitheach
a thugann áit lárnach do na healaíona
traidisiúnta sa chlár agus a mbíonn
blas ilchultúrtha uirthi. Imeachtaí cultúrtha
agus ealaíne, ceol agus ceolchoirmeacha, litríocht
agus léachtaí.
Breis eolais
Teileafón: An Gaelacadamh: 091-553124
Féile an Léith Triúigh
Bréanainn, Co. Chiarraí.
10-17 Márta, 2011
Féile ilghnéitheach a dhéanann ceiliúradh
ar na hEalaíona Traidisiúnta agus ar shaibhreas
cultúrtha an cheantair.
Breis eolais
Ríomhphost: eolas@cflt.ie
Teileafón: 066 7138173
Suíomh Idirlín: www.cflt.ie
Seoladh: Siobhan Uí Chonchubhair,
Coiste Glór na nGael, f/ch Halla le Chéile,
Bréanainn, Trá Lí.
Féile Scannán an Daingin
17 -20 Márta, 2011.
An Daingean, Co Chiarraí.
Féile scannánaíochta idirnáisiúnta
le blas láidir Gaelach. Cuirtear scannáin
aitheanta idirnáisiúnta mar aon le scannáin
ón tír seo i láthair. Cuirtear réimse
leathan d’imeachtaí cultúrtha agus ealaíne
ar siúl chomh maith. Bíonn Gradam Gregory
Peck mar chuid den fhéile.
Breis eolais
Ríomhphost: maurice@dinglefilmfestival.com
Suíomh Idirlín: http://www.dinglefilmfestival.com
Féile: An Comóradh ar Díshealbhú
Dhoire Bheithe
Aoine 8ú Aibreán
7.00i.n. Aifreann i Séipéal Ghleann Domhain
le mórshiúl go Ionad Oidhreachta Cholmcille
(ag brath ar an aimsir)
8. 30i.n. Cuir síos ar an eachtra ag Ionad Oidhreachta
Cholmcille
Téamaí & Aoichainteoirí
Cogadh na gCaorach/Joe Kelly
Díshealbhú Dhoire Bheithe / an tUasal Tómas
MacSuibhne Taoiseach na dTuath
Scolaíocht sa Tréimhse/ An tAthair MacAodha
Slí na Díshealbhaithe/ May McClintock &
Pádraig Ó Frighil
Sathairn 9ú Aibreán
12 meán lae & 2. 00 i.n. Turais treoraithe chuig
láithreach an díshealbhú
Busanna ag fágáil ó Ionad Oidhreachta
Cholmcille
(cuir in áirithe riachtanach)
1.00 i.n. 3.00 Ceardlann de Pháistí ag Ionad
Oidhreachta Cholmcille
(cuir in áirithe riachtanach)
4.00i.n. – 4.15i.n. Cumann Dhrámaíocht
Ghleann tSúilí ag léiriú, i
nGaeilge
“Briseadh an Teallaigh”
(oscailte dó chách)
8.00i.n. Oíche Shóisialta in Ionad Oidhreachta
Cholmcille (cuir in áirithe riachtanach)
Sólaistí ag 10i.n.
Sathairn 27ú Lúnasa
“Siúlóid Chuimhneacháin”
Siúl i coiscéimeacha na díshealbhaithe
ó Doire Bheithe go Mín an Lábán.
Chun urraim a thaispeáint de na íobartaí,
teaghlaigh agus a muintir
(Socruithe le cinntiú go fóill)
Críochnóidh an tsiúlóid le ómós
speisialta
Tá siúlóid urraithe eagraithe don
Domhnach 13ú Márta, iarrtar ar aon duine ar
mhaith leo a bheith páirteach teagmháil a
dhéanamh le Micheál MacSuibhne ag 087 2168350
Beidh deontais á chruinniú ar an dá
thráthnóna
Chun imeachtaí a chur in áirithe cuir scairt
ar 074 91 37090 síniú 3609
Cuirfidh an coiste fáilte roimh aon smaointigh nó
moltaí atá ag an phobal, ach teagmháil
a dhéanamh leis an Chathaoirleach ná an Rúnaí
luaite thíos roimh an Mháirt 18ú Feabhra.
Pádraig Ó Canainn (Cathaoirleach/ 08683690590
& Trés bn.Mhic Chonnacháin (Rúnaí
/ 087 6805173)
Féile Chiaráin-Oileán Chléire
Tráthchlár Imeachtaí –
3.00 pm – Beannú na mBád i dTrá
Chiarain agus paidreacha ag an nGrotto.
4.30 pm – Aifreann sa Seipéil
5.30 pm Cóisir sa Chlub, Tae, Ceapairí, Ceol
& Craic.
Bí Línn le haghaidh Féile Traidisiunta
Oileán Chléire
Fáilte roimh chách
Breis eolais
Ríomhphost: Eibhlin Uí Lionáin ag
eibhlinccteo@hotmail.com
Seachtain na Gaeilge
5 -17 Márta, 2011.
Féíle náisiúnta le himeachtaí
Gaeilge ar siúl ar fud na tíre. Is féidir
gach eolas a fháil faoi na himeachtaí a bheidh
ar siúl i do cheantair óna sonraí teagmhála
thíos nó ag an suíomh idirlín
www.snag.ie
Breis eolais
Ríomhphost: caitriona@snag.ie
Suíomh Idirlín: http://www.snag.ie
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
http://www.artsmanagement.ie
- Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon &
Polasaí Cultúrtha. Tá mórán
eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie
- Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,
camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí
ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie
- Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com
Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht
idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire
in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
- eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus
gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir
an Aontais Eorpaigh
Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta
ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas
a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá
sa nuachtlitir seo. |
|