| |
Nuacht
Fáilte chuig eagrán a sé de Ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta. Bíonn fáilte againn roimh eolas agus cheisteanna i gcónaí. Tá nasc ar chlé má tá scéilín agat nó má tá fonn ort ceist a ardú linn.
Níl aon ghanntanas imeachtaí ná tograí suimiúla ar bun sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre an fómhar seo. Tá muid ag cur snas ar Eolaire Ealaíon an tsuímh www.ealain.ie faoi láthair. Má tá aon athrú tagtha ar do shonraí le tamall anuas, seol chugainn iad. Muna bhfuil do shonraí againn agus más mian leat iad a chur ar an suíomh, téigh i dteagmháil linn.
Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.
€16.4 milliún d'infheistíocht bhreise do na healaíona á fógairt ag an Aire O'Donoghue
Sochar ag scannáin, amharclanna, ionaid agus eagraíochtaí ealaíon sa bhliain 2006Déardaoin, 24 Lúnasa, 2006, d'fhógair an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue TD €16.4 milliún d'infheistíocht bhreise d'earnáil na n-ealaíon agus an chultúir agus tá an maoiniú le roinnt idir An Chomhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann agus eagraíochtaí amharclainne agus ealaíon ar fud na tíre. Rinneadh an leithdháileadh ba mhó, €7.5 milliún, ar an gComhairle Ealaíon mar bhuiséad caipitil sa bhreis agus leithdháileadh €2.3 milliún ar Bhord Scannán na hÉireann mar go gcreidtear go dtiocfaidh breis is €80 milliún as tionscal na scannán in Éirinn i mbliana. Tuilleadh eolais ó: http://www.arts-sporttourism.gov.ie/publications/release
An Chomhairle Ealaíon
Scéim na bhFéilte Beaga: Iarratais Á Lorg Ceapadh Scéim na bhFéilte Beaga chun tacú le féilte nó imeachtaí beaga ealaíne atá ag lorg maoinithe suas le €20,000. Faoi mar a bhí sna blianta atá caite, beidh dhá bhabhta iarratais sa scéim, d'fhonn freastal ar imeachtaí a tharlaíonn in amanna éagsúla le linn na bliana:
- Babhta a hAon: 15 Meán Fómhair 2006
- Babhta a Dó: 9 Márta 2007
Tuileadh eolais ón gComhairle Ealaíon: Fón:+ 353 1 618 0260
R.phost:smallfestivals@artscouncil.ie: Moltar d'iarratasóirí céad uaire dul i dteagmháil le hÚna McCarthy, Clár-Bhainisteoir: Féilte agus Imeachtaí, sula ndéanann siad iarratas.
Fón: + 353 1 618 0272 R.phost: firsttime@artscouncilBabhta a Dó: 9 Márta 2007
Déanfar Maoiniú Ioncaim Reatha, príomhchlár deontas na Comhairle Ealaíon, a thairiscint mar is gnách d'eagraíochtaí a lorgaíonn maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí i 2007.
Beidh foirmeacha iarratais le haghaidh maoiniú ioncaim reatha le fáil ó Dé Luain 18 Meán Fómhair 2006. Is féidir foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh isteach am ar bith tar éis an dáta oscailte agus roimh an spriocdháta Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair 2006.
DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach
Tacaíocht d’Ealaíontóirí
An Dámhachtain Taistil agus Sothghluaisteachta Spriocdháta leanúnach
Dámhachtain Coimisiúin. Spriocdháta: 29 Meán Fómhair.
Dámhachtain Title-by-Title. Spriocdháta: 17 Samhain
STFCEC II/ACCESS II - Is mian le John O’Donoghue TD, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an Dara scéim Tacaíochta Feabhais Chaipitil Ealaíon agus Cultúir (STFCEC II) a bheidh i bhfeidhm ó 2007 go 2008 a fhógairt. Déanfar tograí maidir le forbairt áiseanna ealaíne agus cultúir a mheas do mhaoiniú faoin scéim agus tabharfar tosaíocht d’fheabhsú agus athchóiriú ar áiseanna nuathógtha. Tá foirmeacha iarratais maidir le treoirlínte, téarmaí agus coinníollacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.dast.gov.ie nó trí iarratas r-phoist chuig ACCESS@dast.gov.ie nó glaoigh ar 01 6313912. Glacfar le hiarratais ó Dheireadh Fómhairgo dtí Samhain 2006
Scéim Thaifeadta Ceoil á Tairiscint ag Music Network
D'fhógair Music Network sonraí a Scéime Taifeadta Ceoil. Scéim aonuaire don bhliain 2006 is ea í atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon in ionad na Scéime Taifeadta Ceoil a bhí ag an gComhairle Ealaíon féin. Cuirfidh an scéim tacaíocht ar fáil do thaibheoirí agus do chumadóirí gairmiúla in Éirinn agus cuirfidh maoiniú ar fáil le haghaidh taifeadadh ceoil.
Tá €71,500 sa chiste dámhachtainí don bhliain 2006 agus bronnfar dámhachtainí suas le €10,000. Tá an scéim oscailte d'ealaíontóirí ceoil gairmiúla, do chumadóirí aitheanta a shaothraíonn an ceol comhaimseartha, an snagcheol nó ceol sainiúil éigin eile, agus do thaibheoirí aitheanta gairmiúla ar mian leo píosaí den repertoire a thaifeadadh.Chun pacáiste iarratais agus treoirlínte a ordú: Fón: +353 1 671 9429 R.phost: admin@musicnetwork.ie Íoslódáil pacáiste iarratais agus treoirlínte: http://www.musicnetwork.ie
Duais an Gréasán Ceoil i Leith Léiriúcháin (more production) agus Turais Ceoi. An Éireannach tú nó an bhfuil tú lonnaithe in Éirinn agus ag seinnt ceoil ar chaighdeán gharimiúil? An mbeadh spéis agat/do ghrúpa/ensemble leas a bhaint as tacaíocht airgid chun tógra (nó tionscanaimh) ceoil ar leith, nó turas ceolchorimeacha a chur i ngníomh? Más ea, seans go bhfuil tú i dteideal maoiniú do chuid Duais an Gréasán Ceoil i Leith Léiriúcháin (more production) agus Turais Ceoil. Na haidhmeanna atá leis an scéim seo ná
-
Breis deiseanna fostaíochta a thabhairt do cheoltóirí stáidse in Éirinn.
-
Bonn scileanna na gceoltóirí a fhorbairt i taobh conas tionscanamh a eagrú, riaracháin, conas féin poiblíocht a dhéanamh, agus féin bhainistíocht.
-
Foinse nua a ofráil i gclárú ceoil i ngach genre do bhunaitheoirí, agus do luchtanna féachanna ar fun na héireann.
-
Tá maoiniú €65,000 ar fáil i 2006. Glacfar le hiarratais ar thionscanaimh a bhaineann le léiríúcháin agus turais ceoil, sraitheanna léiriúcháin in ionad amháin nó níos mó, agus léiriúcháin aonair. Tá an duais seo oscailte to léiritheoirí i ngach genre ceoil, agus tá sé oscailte do thoinscanaimh il-gnéitheacha a bhfuil an ceol bheo ar an stáitse mar chuid lárnach don tionscanamh iomlán.Le breis eolais a fháil, nó chun pacáiste eolais a fháil deán teagmháil le Eimear Chaomhánach, Riarathóir Cláracha LéiriúcháinAn Gréasán Ceoil, An Coach House, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 2.Fón: (01) 671 9429Faics: (01) 671 9430 ríomh-phost Eimear Chaomhánach, Performance Programmes Administrator, Music Network, The Coach House, Dublin Castle, Dublin 2.nó téigh ar an suíomh idirlíon www.musicnetwork.ieCaithfidh na hiarratais a bheith ag an Gréasán Ceoil roimh 5i.n. Luain 25th Meán Fómhair (do thionbscanaim a cuircear ar an stáitse I 2007)
youtharts.ie - Ealaíontóir Cónaitheach -Obair Óige - Cothaíonn an deontas seo comhoibriú idir ealaíontóirí proifisiúnta agus daoine óga taobh amuigh den chóras foirmeálta oideachais. Tugann sé an deis do dhaoine óga taitneamh a bhaint as agus rochtain a fháil ar an ealaín agus iad ag obair le healaíontóir proifisiúnta. Spriocdháta: 5i.n Déardaoin, 21 Meán Fómhair 2006.
Deontas forbartha na nEalaíon do dhaoine óga - Tugann sé seo deis forbairt fhadtéarmach a chothú maidir le healaíona óige. An sprioc atá leis ná chomhpháirtíocht a chothú idir eagrais áitiúla. Spriocdháta: 5 Dé Luain, 4 Meán Fómhair 2006.
Inquiring minds. Comórtas do dhaoine óga bunaithe ar phíosa ealaíne. Tuilleadh eolais:http://www.youth.ie/arts/index.php
Deiseanna eile
Comórtas Idirnáisiúnta Féile Filíochta/ International Poetry Competition 2006 uais €5,000. Spriocdháta 11 Samhain 2006Liosta na moltóirí, rialacha agus foirmeacha iontrála le fáilach glaoch air 01 78 1788/00 353 (1) 278 1792 nó ó cpeoples@dlrcoco.ie; mkeyes@dlrcoco.ie Tuileadh eolais: http://www.dlrcoco.ie/feile/feile06/index.html
Comórtas Filíochta Idirnáisiúnta Arvon 2006, Spriocdháta – Meán Fómhair 15
Tá lucht an Chomórtais Fhilíochta Idirnáisiúnta in Arvon sa Ríocht Aontaithe ag glacadh le dánta i gcomhair Comórtais 2006. Tá an comórtas 25 bliain d'aois anois. Spriocdháta: 15 Meán Fómhair 2006. Cosnaíonn sé £7 dán amháin a chur isteach. £5 atá ar gach dán sa bhreis air sin. Bronnfar duaiseanna sa raon ó £500 go £5000.
Theatre Forum – Different Models of Production: Seminar 5 Meán Fómhair: 6.00i.n – 8.i.n . Conas is féidir le stiúrthóirí agus córagrafóirí neamhpleácha nach bhfuil ag iararidh compántas a thosnú feidhmiú agus tacú le chéile, achmhainní a roinnt agus a gcuid costaisí a laghdú, mar shampla: oifigí a roinnt, spásanna cleachtaidh a roinnt, costais riaracháin, bainistiú. Tuilleadh eolais ó; theatreforum@ireland.com nó 01 -8746582
Ionad Tyrone Guthrie – Bronnfar duaiseanna speisialta amach i 2006 mar cheiliúradh 25 bliain ar an bhfód ag Ionad Tyrone Guthrie, duaiseanna maidir leis an scríbhneoireacht chruthaitheach, an ceol, na dearc ealaíona, scríbhneoireacht scripte, agus go leor eile. Spriocdháta: 30 Meán Fómhair 2006. Tuilleadh eolais ó: www.tyroneguthrie.ie
Business2Arts: Deiseanna d'ealaíontóirí nó d'eagraíochtaí ealaíne atá ag teacht chun cinn
Bunaíodh Dámhachtain David Manley i 2003 chun an fhiontraíocht a chothú i measc lucht tráchtála. I mbliana, den chéad uair riamh, tá an Painéal Measúnaithe ag obair le Business2Arts agus Social Entrepreneurs Ireland chun scóip na Dámhachtana a leathnú agus chun creidiúint a thabhairt d'obair na bhfiontraithe ealaíne agus sóisialta. Tá luach €10,000 d'airgead tirim le bronnadh, chomh maith le luach €80,000 i seirbhísí meantóireachta i réimsí an airgeadais, na margaíochta, na céannachta agus an dlí. Cuirfear áiteanna ar fáil ar chláir oiliúna sa mhargaíocht agus sa bhainistíocht.
Tá Business2Arts ag iarraidh ar ealaíontóirí nó eagraíochtaí a bhfuil spéis acu sa dámhachtain, nó a mheasann iad a bheith incháilithe, dul i dteagmháil leo agus tuilleadh plé a dhéanamh ar an bpróiseas iarratais. Ba chóir go mbeadh daoine aonair nó eagraíochtaí i mbun gnó le bliain amháin ar a laghad, ach gan a bheith i mbun gnó níos faide ná trí bliana.
Spriocdháta: Dé hAoine 8 Meán Fómhair 2006.
Tuilleadh eolais
Rowena Neville, Stiúrthóir Margaíochta agus Caidrimh Phoiblí
Fón: +353 1 672 5336
R.phost: Rowena@business2arts.ie.
Gréasán: http://www.business2arts.ie/news_items.html
Arts & Disability Ireland 2006: Duaiseanna agus Lá Eolais agus Comhairle
Clár sparánachtaí is ea Arts & Disability Awards Ireland a fhreastalaíonn ar ealaíontóirí míchumasaithe i dTuaisceart agus i bPoblacht Éireann. Cuimsíonn sé na foirmeacha ealaíne go léir. Tá sé d'aidhm aige féith na cruthaitheachta agus na samhlaíochta a chothú agus cabhrú le healaíontóirí míchumasaithe a n-acmhainn iomlán a bhaint amach trí thiosncadail nuálacha a chur i gcrích agus sárchaighdeáin a bhaint amach sna healaíona. Is féidir le gach iarratasóir uasmhéid (timpeall.) 7000 euro a lorg.
Tá an clár á mhaoiniú ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ag an gComhairle Ealaíon abhus. Is é an Arts & Disability Forum i mBéal Feirste a dhéanann é a riar. Bronntar breis agus 71,000 euro in aghaidh na bliana ar ealaíontóirí míchumasaithe ar fud na hÉireann.
Is é an chéad spriocdháta iarratais eile Dé Céadaoin 22 Samhain 2006.
Tá Lá Eolais agus Comhairle le reáchtáil Déardaoin 12 Deireadh Fómhair 2006 ó 11am go 12.30pm san Arts & Disability Forum, 109-113 Royal Avenue, Béal Feirste. Tá saorchead isteach ann agus cuirfear lón ar fáil. Beidh seisiúin duine le duine le fáil ann freisin.
Tuilleadh eolais
Gillian Porter
Fón: 028 9023 9450
R.phost: gillian@adf.ie
Gréasán: http://www.adf.ie/awards.htm
Comórtas An Comórtas Grianghrafadóireachta ‘Saol na nGael’ chun duais luachmhar £2,000 a chur ar fáil Tá comórtas grianghrafadóireachta nua fógartha ag Colmcille agus cuirfear duais luachmhar £2,000 ar fáil. ‘Saol na nGael’ an t-ainm atá ar an gcomórtas chun iontrálacha a mhealladh a léiríonn an saol sa Ghaeltacht in Éirinn agus in Albain araon. Beidh an comórtas ar siúl go dtí mí Mheán Fómhair 2006 agus cuirfear rogha deireadh de ghrianghraif ar taispeáint i nDoire i rith Oireachtas na Gaeilge 2006.Tá an comórtas oscailte d’amaitéaraigh agus do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina ngrianghrafadóirí agus ba chóir go léireodh na grianghraif an saol sa Ghaeltacht in Éirinn agus in Albain. £2,000 an duais is luachmhaire sa chatagóir do dhaoine fásta, beidh luach £750 ar an dara duais agus £500 ar an tríú duais. Beidh £500 agus £250 faoi seach ar fáil don chéad agus don dara duais sa chatagóir Shóisearach. Seoladh d’iontrálacha: 6 – 10 Sráid Liam, Béal Feirste, BT1 1PR www.colmcille.net Fiosrúchaín: colmcille_sng@yahoo.co.uk
|
Tionól an Fhómhair/Éigse Shliabh gCua 2006: Reachtálfar Tionól an Fhómhair/Éigse Shliabh gCua ón 8-10 Meán Fómhair 2006 i mbliana, ar an téama “Sliabh gCua - Filí agus Scoláirí”. Seo é an cheathrú bhliain do Chomhairle Contae Phort Láirge an Tionól a reáchtáil agus táan Chomhairle agus Coiste Éigse Shliabh gCua tar éis teacht le chéile chun ócáid na bliana seo á reáchtáil mar chomhfhiontar.Chun clárú don Tionól, nó chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Contae Phort Láirge: (058) 20884 nó msbreathnach@waterfordcoco.ie.
Tionscadal na gComharsan Ceilteach agus Tionól Dhún na nGall ''Ceangal’ Beidh Tionól Dhún na nGall – ‘Ceangal’ – ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall ón Déardaoin 23ú go dtí an 25ú Samhain 2006. Le linn na tionóla, tabharfar chun suntais cuid de na samplaí is fearr de na gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha atá ag tarlú sa tsaol Gaelach – in Éirinn agus in Albain araon – agus i measc na bpobal Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Beidh sé mar phríomhchuspóir na Tionóla scileanna, dea-chleachtas agus smaointe cruthaitheacha a roinnt agus a mhalartú idir na grúpaí cultúrtha ó na trí réigiún, trí chur i láthair agus trí saincheisteanna a chaibidil, le béim ar leith ar an obair atáthar a dhéanamh sna teangacha dúchasascha Le tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Ceangal’ nó faoi Thionscadal na gComharsan Ceilteach, faigh i dteagmháil le: Mícheál Ó Fearraigh Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall Teil. (074) 9560100Ríomhphost: m.fearraigh@udaras.ie
Imeachtaí Mhí Mheán Fómhair in Ionad Cultúrtha Baile Mhúine, Co. Chorcaí
Ceolchoirmeacha 22.9.06- SLIDE Aogan Lynch, Daren Bracken, Mick Broderick & Éamonn de Barra
Taispeántais Ealaíne Meán Fómhair - Síle Kelleher
Imeachtaí Eile san Ionad Cultúrtha Amhránaíocht ar an sean-nós le Máire Ní Chéilleachair (Scéim Aisling Geal) Dearc-ealaíon do sheanóirí le Bernadette Ní Choitir (Tacaois) Drámaíocht do dhaoine fásta le Liam Ó Mathúna (Aisteoirí Ghobnatan)
Cór le Peadar Ó Riada (Cór Ban Chúil Aodha)
Casadh Clár taighde á dheanamh ag an gcóragrafóir comhaimseartha Fearghus Ó Conchúir agus an cumadóir comhaimseartha Rachel Holstead
Ealaíontóir sa Phobal An scríbhneoir Liam Ó Muirthile ag comhoibriú le hAisteoirí Ghobnatan chun dráma nua a scríobh agus a chur ar stáitse.Tuilleadh eolais ach glaoch air 026 45733
Féile Scéalaíochta Chléire 1, 2, 3 Meán Fómhair 2006: Tríona Ní Lionáin, Stiúrthóir na Féile. Is scéalaithe den scoth iad na scéalaithe a thagann go Cléire chuile bhliain, agus tá sé de chumas iontu tú a bhreith leo ar aistear aisteach na samhlaíochta. Is iad sin na treoraithe agus meallfaidh siad deor nó gáire uait gan aon stró. Ar na scéalaithe atá ag teacht tá, Jim May, Jan Blake, Jess Smith, Aideen MacBride agus an t-amhránaí Briege Murphy. Tá gach eolas faoin bhféile ar fail ó 028-39160 / 087 7735046/ stories@indigo.ie ó www.heritageweek.ie nó www.fáilteireland.ie nó ó http://indigo.ie/~stories.
AnnÓg CHEZ LULU Beidh dráma á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta ag AnnÓg (Amharclann na nÓg, Corca Dhuibhne) Dé Sathairn an 9 Meán Fomhair, 7.30pm. 'Chez Lulu' an teideal agus scríobh Biddy Jenkinson é don chompántas. Tá an dráma lonnaithe i Salon Gruagaireachta ina bhfuil na gruagairí ag cleachtadh don Chomórtas Barbershop Idirsalon. Tionscnamh de chuid Ealaín na Gaeltachta is ea AnnÓg a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaín agus Foras na Gaeilge. Comhléiríú is ea ‘Chez Lulu’ idir Raidió na Gaeltachta agus AnnÓg.
Féile Idirnáisiúnta Ceoil Aireagail (International Chamber Music Festival), Ciarraí 2006 11-16 Meán Fómhair. Ceiliúradh speisialta 250 bliain ó rugadh Mozart agus beidh ceolchoirmeacha ar siúil thart rimpeall an Chontae.
Féile Fringe Bhaile Átha Cliath 9-24 Meán Fómhair. Clár iontach suimiúil le feiceáil ar an suíomh http://www.fringefest.com nó tuilleadh eolais le fáil ó 01 817 16, info@fringefest.com
Taispeántas Ealaíne Response/ Freagra, le Ceara Conway agus Sean Campbell, Áras Éanna ón 2-20 Meán Fómhair
Gailearaí nua i gConamara - Gailearaí Stronach, Fermoyle Lodge, Casla Conamara. www.stronachgallery.com
AG LORG BAINISTEOIR AR IONAD EALAÍNE (INIS OÍRR)
Tá aitheantas forleathan bainte amach ag Áras Éanna, ar Inis Oírr, ceann de na hionaid ealaíne is faide siar san Eoraip. Tá duine bríomhar cumasach, le Gaeilge líofa scríofa agus labhartha, ag teastáil chun cur leis an dea-obair atá déanta go dtí seo chun an t-ionad a fhorbairt.
Seol iarratas mar aon le CV chuig Áras Éanna, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe roimh an 23 Meán Fomhair 2006. Eolas: 099 75150 nó araseanna@eircom.net
Folúntas mar Oifigeach Forbartha Lucht Féachana leis an Ródaí
Fochuideachta i seilbh iomlán Institiúid Scannán na hÉireann is ea Fís na Mílaoise Teoranta. Táthar ag lorg iarratas don phost mar Oifigeach Forbartha Lucht Féachana don Ródaí. Is é atá i gceist ná pobail féachana nua a fhorbairt sna réigiúin ina mbíonn an Ródaí: Pictiúrlann Taistil na hÉireann.
Spriocdháta iarratais: Dé hAoine 8 Meán Fómhair 2006.
Tuilleadh eolais
An Bainisteoir
Fís na Mílaoise
Cluain Mhuire
Bóthar Mhuine Mheá
Co. na Gaillimhe
R.phost: manager@cinemobile.ie
Business2Arts: Teastas i gCleachtais Bhainistíochta le haghaidh na nEalaíon
Don dara bliain as a chéile tá Business2Arts ag tairiscint an Ard-Dioplóma i gCleachtais Bhainistíochta le haghaidh na nEalaíon, atá creidiúnaithe ag Ollscoil Uladh. Is é aidhm an Ard-Dioplóma ná dul i ngleic le heasnaimh atá ann maidir le heochair-scileanna i measc oibrithe gairmiúla sna healaíona. Is é seo an t-aon chúrsa dá leithéid sa Stát a fhreastalaíonn ar dhaoine atá ag obair go lánaimseartha sna healaíona cheana féin. Clúdaíonn an cúrsa straitéis bhainistíochta, feidhmiú a fheabhsú, forbairt phearsanta, ceannaireacht agus tógáil foirne, chomh maith le margaíocht, cumarsáid, airgeadas, maoiniú agus urraíocht i gcomhthéacs na n-ealaíon.
Tuilleadh eolais
Fón: +353 1 672 5336
R.phost: karen@business2arts.ie.
Gréasán: http://www.business2arts.ie/news_items.html
Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise |
Creative Edge (Audio) - iris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl.
Tuilleadh eolais:
Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htmAn Chomhairle Ealaíon
http://www.vaireland.orgSuíomh acmhainneach maidir le chuile ghné de na healaíona
http://www.visualartists.ie/Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ieSuíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.comSuíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh
|
|