EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

Meitheamh 09
Imleabhar 3 Eagrán

 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir Eal na Gael na míosa seo.

D’eirigh go geal leis an seimineár poiblíochta a d’eagraigh Ealaín na Gaeltachta in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nGaeltacht Chiarraí an mhí seo caite. Bhí aoíchainteoirí den chéad scoth i láthair agus iad a sheachadadh a gcuid saineolas agus sainscileanna poiblíochta agus margaíochta don slua a bhí i láthair. Is léir go ndeachaigh an semineár go mór i bhfeidhm ar na rainnpháirtithe, go háirithe nuair a thugtar ardchaighdeán agus samhlaíocht an ábhar poiblíochta atá a chraobhscaoileadh ón deisceart le mí anuas san áireamh! Is gné thábhachtach d’obair Ealaín na Gaeltachta é an oiliúnt agus an t-oideachas agus i rith na míosa seo eagrófar Ceardlann Aon Lae sa Teagasc Ceoil in Óstán na Cúirte i nGaoth Dóbhair. Is é an aidhm atá ag an gcúrsa ná bunscileanna agus modhanna theagasc ceoil (& amhránaíochta) a mhúineadh do cheoltóirí & amhránaithe Gaeltachta ionas go mbeidh sé ar a gcumas an ceol a theagasc do dhaltaí ceoil trí mheán na Gaeige. Cuirfear béim ar na bealaí is féidir an tuiscint agus an cion atá ag an dalta don cheol a ghríosadh, agus an talann atá aige nó aici a chothú. Feileann an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh an oidhreacht agus traidisiún ceoil a sheachadadh. Is iad Mary Tisdall Uí Shúilleabháin, (múinteoir ceoil agus ceoltóir aitheanta as Corcaigh), Teresa Kavanagh, (ceoltóir traisisiúnta Connallach) agus Maura Logue (Oifigeach Ealaíon Poiblí) na teagascóirí. Tá an cheardlann á reachtáil ag Ealaín na Gaeltachta i gcomhar le Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Oideachas Thír Chonaill. Beidh cúrsá eile i dteagasc ceoil á reachtáil sa deisceart an mhí seo freisin. Beidh an cúrsa á reachtáil i Scoil Náisiúnta Chuil-Aodha agus is iad an grúpa Aisling Gheal atá ag eagrú an ócáid. Is Amhránaíocht agus Tobchumadh do Leanaí trí Ghaeilge atá i gceist. Cúrsa é seo a léireoidh do mhúinteoirí ar conas amhráin a mhúineadh do bhunranganna, do mheán ranganna, do ard ranganna agus amhráin do mhúinteoirí freisin. Tá tuilleadh eolais faoin dhá chúrsa le fáil thíos.
Beidh An Chomhairle Oidhreachta ag eagrú An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ón 22 Lúnasa – 30 Lúnasa. Má tá spéis agat, nó ag d’eagras, imeacht nó ócáid oidhreachta a eagrú le linn na seachtaine is féidir an imeacht a chlárú go hoifigiúil ag www.heritageweek.ie. Fáilteofar le himeachtaí ealaíne atá ceangal acu le cúrsaí oidhreachta. Cuirfear na himeachtaí a chlárófar isteach i bhféilire a fhoilseofar go náisiúnta.
Comhghairdeachas leis na ealaíontóirí agus na ceoltóirí Gaeltachta a ghlac páirt sna himeachtaí a eagraíodh mar chuid de Rás Seoltóireachta Volvo i nGaillimh le déanaí. Bhí ealaíontóirí na Gaeltachta, (ealaíontóirí Gaeltachta as Conamara ach go háirithe), i lár an aonaigh agus thugadar léargas don domhan mór ar shaibhreas agus ar éagsúlacht na n-ealaíon Gaeltachta.
D’éisigh Forám Cultúrtha Bhoird Forbartha Chontae Dhún na nGall an Achoimre Fheidhmeach de Togra Taighde Chompás Cultúrtha, 2007-2008 an mhí seo caite. Is doicimeád thar a bheith tábhachtach é seo a thugann léargas beacht, cuimsitheach ar chúrsaí cultúrtha i gContae Dhún na nGall mar atá siad faoi láthair. Bualadh faoin mórthogra taighde chun taifid a dhéanamh ar gach píosa den infrastructúr cultúrtha agus ar gach gníomhacht chultúrtha sa chontae. Lena hais sin, rinneadh staideár ar an ról lárnach atá ag an gcultúr i bhforbairt saol sóisialta agus eacnamaíoch an chontae. Bhí ionchuir láidir ag Ealaín na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta sa togra seo, agus is díol spéíse go nochtaíonn an taighde cé chomh láidir is atá Gaeltacht Thír Chonailó thaobh cúrsaí cultúrtha sa chontae de. Bheadh spéis ag éinne ata ag gníomhú san earnáil ealaíne sa mhórthurascáil seo. Is féidir an turascáil a léamh ag http://www.donegalcoco.ie/services/communityculturalenterprise/communityenterprise/The+Cultural+Compass+Project+2007.htm . Beidh Ealaín na Gaeltachta ag buladh faoi mhórthogra taighde iad féin i mbliana. Tá súil acu mórstaideár agus iniúchadh a dhéanamh ar gach gné de na healaíona sa Ghaeltacht. Baileofar gach cineál eolais faoi na ealaíona agus bheadh súil go n-eascróidh fís chuimsitheach don thodhchaí as an togra. Bheadh súil go gcurfidh torthaí an togra go mór le forbairt agus cothú na n-ealaíon san am atá le teacht.

Tá cáil bainte amach ag an iris filíochta ‘The Shop’. Cuirtear an iris ar fáil chun árdáin a thabairt do fhilí Éireannacha. Ó bhunaíodh an iris i 1999, foilsíodh danta le cuid de na fílí is mór le rá sa tír. Tugtar áit i gcónaí do fhilí Gaeltachta agus do fhíli Gaeilge san iris. Foilsíodh dánta le Gabriel Rosenstock, Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh, Aonghas Ó Dálaigh agus go leor filí Gaelacha eile thar na blianta. Faoi láthair, tá an iris ag fáiltiú roimh dhánta agus roimh phíosaí físealaíne ó fhilí agus ealaíontóirí nua. Fáilteofar roimh fhilíocht i nGaeilge. Is féidir tuilleadh eolais faoi ‘The Shop’ a fháil ag; http://www.theshop-poetry-magazine.ie/
Comhairle Ceardaíochta na hÉireann ag eagrú roinnt cúrsaí oiliúna sa sheodóireacht, sa cheirmeacht agus sa déantúsaíocht óir faoi láthair. Chomh maith le sin, tá eolas acu faoi neart cúrsaí ceardaíochta eile. Beidh na cúrsaí seo ag tosnú an mhí seo. Is gearrchúrsaí iad agus tá gach eolas le fáil ar shuíomh idirlín anan comhairle; www.ccoi.ie
Eagrófar an fhéile scannán, Guth Gafa, i nGort an Choirce, Dún na nGall, an mhí seo. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Guth Gafa 2009 an fhéile is fearr chun dáta le clár saibhir agus ilghnéitheach scannán faisnéise náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil an-chuid gradam buaite acu. Agus é ag díriú ar scannáin ón Ghearmáin, ón Eilvéis agus scannáin Ghaeilge, beidh clár Guth Gafa ag plé le ceisteanna sóisialta agus timpeallachta, scannáin phearsanta agus scannáin ag baint le cearta daonna. Mar is gnáth, beidh neart imeachtaí éagsúla ar siúl cosúil le Seimineáir & Máistir-Ranganna agus, déanfaidh Club na Féile scoth an cheoil áitiúil a chur os comhair na ndaoine, agus lárionad á chur ar fáil aige a dtig le lucht na féile casadh le chéile ann, comhrá nó díospóireacht a dhéanamh nó díreach a scíth a ligint agus deoch a bheith acu. Osclóidh An tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádútha, Eamon Ryan, an Fhéile 2009. Tá neart féiltí eile le blas Gaelach acu ar siúl ar fud na tíre, mar aon leis neart imeachtaí ealaíona ilghéitheacha agus ildánacha eile. Tá eolas futhu uilig le fáil thíos.

Tá sé beartaithe ag An Chomhairle Ealaíon, ‘Cúrsa Sábháilteacht d’Eagrais Ealaíona a bhíonn ag Obair le Daoine Óga agus Páistí’ a eagrú amach anseo. Ba mhaith leo fáil amach an mbeadh éileamh ar chúrsa den chineál seo agus ba mhaith leo fios a bheith acu ar na riachtanais atá ag eagrais ealaíona sa réimse seo. Tá tuilleadh eolais le fáíl ó Audrey Keane sa Chomhairle Ealaíon. (Teil: 01 6180256 Ríomhphost: audrey.keane@artscouncil.ie). Mar fhocal scoir, tá ‘ríomhfhéilire’ nua cruthaithe ag an gComhairle Ealaíona atá le fáil ar shuíomh idirlín na comhairle. Tugann an féilire seo gach eolas faoi imeachtaí ealaíne atá ar siúl ar fud na tire. Is féidir an féilire a fheiceáil ag:www.events.artscouncil.ie
Tá neart deiseanna san eagrán seo den r-nuachtlitir a chuirfidh físealaíontóirí an-spéis iontu- tá roinnt scéimeanna deontas d’fhísealaíontóirí fógraithe mar aon leis scéimeanna cónaithe, coimisiúin agus deiseanna eile. Mar is gnáth, tá neart eolais faoi dheiseanna deontas, imeachtaí ealaíne, faoi fhéilte agus eolas eile a bhaineann le cúrsaí ealaíne ar fáil.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Deontais Chláreagraithe Bhliantúla

Is é cuspóir an Deontais Chláreagraithe Bhliantúil ná cuidiú le hiarratasóirí le costas a gcláir ealaíne. Tá Deontais Chláreagraithe Bhliantúla dírithe go príomha ar thacaíocht d’eagraíochtaí ealaíon, seachas daoine aonair. Tairgtear maoiniú roimh ré don bhliain le teacht le cuidiú le heagraíochtaí le pleanáil ar aghaidh. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó iarratasóirí nua chomh maith le heagraíochtaí a fuair maoiniú ioncaim roimhe seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir atá foilsithe. Tá tuileadh eolais faoin gcritéar agus an próiseas iarratais le fáil ón gComhairle Ealaíon

Spriocdháta

25 Meitheamh 2008

Eolas

 

Seoladh: Gillian Drew, An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean , Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: rgu@artscouncil.ie
Suíomh idirlín:www.artscouncil.ie
Teileafón: +353 1 618 0200
R-phost: awards@artscouncil.ie

 

Dámhachtain um thaibhiú agus chamchuairt

Dámhachtain um thaibhiú agus chamchuairt

Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Music Newtork a riarann í. Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú le ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna fostaíochta méadaithe a thairiscint do cheoltóirí Éireannacha; bonn scileanna ealaíontóirí Éireannacha i réimsí mar phleanáil tionscadail agus riarachán, féin-phoiblíocht agus féin-bhainistíocht; agus foinse nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur isteach. Féach ar láithreán gréasáin www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil leis an eagraíocht

Spriocdháta

Eolas

Seoladh: Clár-Bhainisteoir Taibhithe, Music Network, Teach an Chóiste , Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie

 

Foras na Gaeilge

Scéim óige: Imeachtaí trí mheán na Gaeilge don Aos óg

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí le haghaidh imeachtaí óige trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2009 agus 30 Meitheamh 2010. Samplaí de na cineál imeachtaí: ceardaíocht, drámaíocht, ealaíon, ceol, seanchas.

Spriocdháta

5 Meitheamh

Eolas

Seoladh: An Rannóg Oideachas, Foras na Gaeilge, Teach an Gheata Thiar, 2-4 Sráid na Banríona, Béal Feirste BT1 6ED.
Teileafón: 01 639 8400.
Ríomhphost: oideachas@forasnagaeilge.ie
Suíomh Idirlín: www.gaeilge.ie

 

 


Deiseanna Eile

Lámha Inspioráide - Ag Lorg Ealaíontoirí agus Ceardaí

Tá Lamha inspioráide, gailearaí ceardaíochta agus ealíne atá lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill, ag lorg ealaíontoirí agus ceardaí atá suim acu ceardlann a theagasc in ábhar ealaíona ar bith, (ealaín súil, ceardeanna, litríocht, drámaíocht no ceoil.)
Seol do CV agus eolas ar an ábhar ar mhaith leat a theagase chuig lamhainspioraide@gmail.com

Spriocdháta

Eolas

Seoladh: Lámha Inspioráide, f/ch Óstán na Cúirte, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall.
Teileafón: 074 9560091

 

Scoláireacht Clandeboye – Ranganna Maistireachta do Cheoltóirí.

Tugtar deis do cheoltórí Éireannacha a rugadh tar-éis 1 Márta 1983 páirt a ghlacadh i ranganna máistireachta le healaíontóirí cónaithe le linn Fhéile Cheoil Idirnáisiúnta Clandeboye a bheidh ar siúl ón 17 -22 Lúnasa. Bronnfar 10 scoláireacht agus beidh lóistín agus cothú san áireamh.

Spriocdháta

1 Meitheamh, 2009

Eolas

Ríomhphost: masterclasses@camerata-ireland.com
Suíomh Idirlín: www.camerata-ireland.com/


 

Ionad Dealbhóireachta Liatroma & ‘Community Connections’: Coimisiún faoin scéim, 'PEACE III' .

Tá Ionad Dealbhóireachta Liatroma & ‘Community Connections’ ag tairscint ceithre choimisiún d’fhísealaíontóirí Is tionscnamh físealaíne tras-teorainn atá i gceist. Beidh an tionscnamh ag tosnú i mí Iúil, 2009 agus ag leanacht ar aghaidh go dtí mhí an Mheitheamh, 2010. Lonnófar an tionscnamh i dtuaisceart chontae Liatroma agus déanfar iniúchadh ar an gceantar seo i gcomhthéasc an tionchar a bhír ag an teorann ar stair, ar stair sóisialta agus ar fhorbairt an cheantair.

Spriocdháta

2 Meitheamh 2009

Eolas

Ríomhphost: info@leitrimsculpturecentre.ie
Suíomh Idirlín: www.leitrimsculpturecentre.ie




 

Gradam Ealaíne RDS do Mhicléinn, 2009.

Is é príomhsprioc an comórtas seo ná aitheantas a thabhairt do mhicléinn ealaíona a bhfuil ardchaighdeán ealaíne agus ardchaighdeán cleachtais amach acu. Ní mhór freisin go mbeadh ildánacht agus dánacht a bhaint le saothar ealaíne an iarratasóra. Tá an comórtas oscailte do mhicléinn Éireannacha atá ag freastal ar chúrsaí lán agus páirt aimseartha. Tá duaischiste de €22,400 curtha ar fáil, agus is é an Taylor Arts Award an príomhchomórtas le duaischiste de €10,000. Beidh tréimse cónaithe in ionad Tyrone Guthrie mar dhuais bhreise i mbliana chomh maith. Is é an 19 Meitheamh an spriocdháta. Tá gach eolas le fáil faoin gcomórtas ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

19 Meitheamh

Eolas

Ríomhphost: sara.ross@rds.ie
Teileafón: 01 2407255
Suíomh Idirlín: www.rds.ie/studentart


 

Dámhachtán do Fhísealaíontóirí - Artlink, Tír Chonaill.

Tabharfar deis do cheathrar físealíontóir taispeántas físealaíne, (ceann an duine), a chur ar siúl i bhFort Dunree, i mBun Cranncha, Dún an nGall. Is é seo an gailearaí iomadúil a reachtálann Artlink ar imeall an Atlantaigh. Tabharfar gach tacaíocht phroifisiúnta do na healaíontóirí a roghnófar agus iad i mbun a gcuid oibre, agus cuirfear béim freisin ar fhorbairt ghairimúil an ealaíontóra. Tá an comórtas oscailte do mhicléinn agus d’ealaíontóirí a bhain céim amach tar-éis 2004. Fáilteofar roimh iarratas ó ealaíontóirí atá ag cleachtadh i ngach réimse de na físealaíona. I measc na moltóirí don chomórtas, tá Mark Wallinger, iar-bhuaiteoir an Turner Prize

Spriocdháta

Dé Céadaoin 1 Iúil, 2009

Eolas


Seoladh: Artlink, Tullyarvan Mill, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall
Teileafón. + 087 6680107
Suíomh Idirlín: www.artlink.ie
Ríomhphost: info@artlink.ie


 

 

VAI / Stiúideo ‘Picture This’ - Scéim Cónaithe, 2009

Cuireann Visual Artists Ireland agus ‘Picture This’ fáilte roimh iarratais ó fhísealaíontóirí na tíre seo do scéim cónaithe i stiúideó Picture This i mBristol, Sasana. Tabharfar tacaíocht agus oiliúnt don fhísealaíontóir agus cuirfear acmhainní an stiúideo ar fáil chun scileanna fhíseán an ealaíontóra a fhorbairt. Ina dteannta sin, tabharfar deis don té a roghnófar iniúcadh a déanamh ar híomhánna físiúil a ghluaiseann, agus taithi a fháil ar an teicneolaíocht a bhaineann le híomhánna gluaiseachta. Bronnfar deontas taighde agus forbartha de €2,000 mar aon leis dámhachtán de €500 ar an té a roghnófar.

Spriocdháta

Eolas

Suíomh idirlín: www.picture-this.org.uk
Teileafón: 01 8722296
Ríomhphost: listings@visualartists.ieinfo@visualartists.ie


 

Dámhachtán Físealaíne d’Ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, 2009.

Is comhpháirtíocht é an Dámhachtán seo idir Ionad Ealaíne Loch Garmain agus Comhairle Chontae Loch Garmain i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Bronnfar dámhachtán de €5,000 ar fhísealaíontóir ag teacht chun cinn agus a chur barrfheabhas ar a cuid ceirde. Tugtar deis don ealaíontóir taispeántas aonarach a chur ar siúl in Ionad Ealaíne Loch Garmain chomh maith. Tá tuilleadh eolais faoin gcriteár agus na coinníollach le fáil ó Ionad Ealaíne Loch Garmain. Is é an 12 Meitheamh an spriocdháta. Fáilteofar roimh iarratas ó ealaíontóirí atá ag cleachtadh i ngach réimse de na físealaíona.

Spriocdháta

12 Meitheamh

Eolas

Ríomhphost: emergingvisualartistaward@gmail.com
Suíomh Idirlín: www.wexfordartscentre.ie.



 


Oiliúint

Cúrsa i dTeagasc Amhránaíocht agus Tobchumadh do Leanaí trí Ghaeilgele hAisling Gheal. Ar siúl i Scoil Náisiúnta Chuil-Aodha

Is cúrsa é seo a léireoidh do mhúinteoirí ar conas amhráin a mhúineadh do bhunranganna, do mheán ranganna, do ard ranganna agus amhráin do mhúinteoirí. Beidh Lúibíní agus agallamh beirte, ceapóga agus iad a chumadh, amhráin saothair agus iad a chuir i láthair. Beidh tobchumadh agus iomainn oiriúnach le haghaidh cóineartú agus céad chomaoinéadh chomh maith le eolas faoi ríomhairí maidir le tacaíocht san réimse seo. Beidh stair, cúlra agus samplaí do saibhreas amhránaíocht Mhúscraí á phlé le linn an cúrsa chomh maith. Beidh an cúrsa á reáchtáil i Scoil Náisiúnta Chuil-Aodha agus is iad Cathal O’ Riada, Sean O’ Muimheachain, Eibhlís Ni Shúilleabháin agus Maire Ní Cheilleachair a bheidh ag tabhairt an cúrsa, tá cáil ortha ar fad dá bharr a gcuid amhránaíocht agus saothair ar fud na tíre. Beidh an cúrsa á reachtáil ar ón 1 – 3 Iúil agus ar an 6 agus 7 Iúil.

Dáta

Eolas

Ríomhphost: seannos.ag@gmail.com
Teileafón: 023 56756

Ceardlann Aon Lae sa Teagasc Ceoil - Óstán na Cúirte i nGaoth Dóbhair

Tá an cúrsa seo á reachtáíl ag Ealaín na Gaeltachta i gcomhar le Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Oideachas Thír Chonaill. Is é an aidhm atá ag an gcúrsa ná bunscileanna agus modhanna theagasc ceoil (& amhránaíochta) a mhúineadh do cheoltóirí & amhránaithe Gaeltachta ionas go mbeidh sé ar a gcumas an ceol a theagasc do dhaltaí ceoil trí mheán na Gaeige. Is iad Mary Tisdall Uí Shúilleabháin, Teresa Kavanagh, (agus Maura Logue a bheidh ag teagasc. Beidh an cheardlann ar siúl ar an 6 Meitheamh.

Dáta

6 Meitheamh

Eolas

Ríomhphost: m.macaoidh@udaras.ie
Teileafón: 074 9560100
Suíomh Idirlín: www.ealain.ie

‘Scileanna praicticúla leis foirmeacha iarratais ar mhaoiniú a líonadh isteach’. – An NICVA - Béal Feirste.

Tugann an cúrsa léargas do na rainnpháirtithe ar an bpróiseas iarratais a bhaineann le deontas ealaíona. Tugtar leideanna agus comhairle phraicticiuil ar an bhfoclaíocht, ar an stíl scríbhneoireachta agus ar na sonraí a bhíonn ag teastáil chun foirm iarratais a lionadh isteach mar is cóir. Cuirfear béim ar phleanáil an tionscnaimh féin agus an chaoi is fearr leis na buachphointí a bhaineann le togra ealaíne a mhiniú sa fhoirm iarratais. Pléfar na cúiseanna nach eiríonn le hiarratais agus go leor moltaí agus comhairle eile. Beidh an cúrsa ar siúl ar an 16 Meitheamh 2009 ag an NICVA, 61 Duncairn Gardens, Béal Feirste BT15 2GB. Táille: €50. Is é James Laverty ón NICVA an teagascóir.

Dáta

Dé hAoine 30 Eanair, 2009.

Eolas

Suíomh Idirlín: www.nicva.org



% Ealaíon

 

Scoil Naomh Niochláis agus Scoil Naomh Daimhnait, Maigh Eo - Coimisiún % Ealaíona.

 

Mar chuid dá scéim % Ealaíon, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíocht ag tairscint coimisiúin do phíosa ealaíon poiblí a bheidh mar chuid de scoil nua atá á thógáil i mBéal An Átha. Beidh Scoil Naomh Niochláis agus Scoil Naomh Daimhnait, scoileanna do dhaoine le riachtanais speisialta, ag roinnt an fhoirghnimh. Freastalaíonn an dhá scoil ar dhaltaí idir 4 agus 18 bliain d’aois. Tá ciste €38,0000 curtha ar fáil don tionscnamh. Beidh táillí an ealaíontóra, dearadh, bunábhair, agus an costas déantúsaíochta mar chuid den táille seo, CBL san áireamh. Ní mhór don phíosa ealaíne a roghnófar a bheith feiceálach agus ní mhór dó a bheith buan. Tá dhá chéim ag baint leis an bpróiseas roghnúcháin. Is féidir gach eolas faoin gcoimisiún a fháil ó Chatherine Murray ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

30 Meitheamh

Eolas

 

Teileafón: 086 3614248 or 094 9024553
Ríomhphost: cathmurray50@hotmail.com

 


Folúntais

Institiúid Amharchlainne na hÉireann

Taighdeoir Drámeolaíochta


Tá folúntas ag an Institiúid do taighdeoir drámeolaíochta a fhostófar ar chonradh fadthéarmach,(ach a bheidh ag obair go páirtaimseartha). Tá an institiúid ag cruthú cheartlann drámaíochta a bheidh gach dráma Éireannach a fhoilsíodh ó 1904 ar fáil. Ní mhór go mbeadh scileanna ríomhaireachta, taithi taighde agus tuiscint ar an drámaíocht ag an té a cheapófar. Is buntáiste í an Ghaeilge mar go mbeidh an institiúid ag cruthú cartlainne de dhrámaí Gaeilge.



Dáta

Eolas


Ríomhphost: appointments@irishtheatreinstitute.ie
Irish Theatre Institute, 17 Sráid Eustace, Barr an Teampaill, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 670 4906/8
Suíomh Idirlín: www.irishtheatreinstitute.iewww.irishplayography.com






Acadamh Ríoga Ulaidh

Áisitheoir Oideachais

Is é an phríomhsprioc atá ag an Acadamh ná na físealaíona traidisiúnta agus comhaimseartha a chur chun cinn trí chlár leathan oideachais agus taispeántais a chur ar fáil. Tá folúntas ag an eagraíocht d’Áisitheori Oideachas faoi láthair. Is post sealadach é seo. Beidh taispeántas bliantúil an Acadaimh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair. Is é seo an 128ú bliain den thaispeántas agus beidh sé mar dhualgas ag an Áisitheoir Oideachtais clár cuimsitheach oideachas a cur ar siúl mar chuid den taispeántas seo. Tá tuilleadh eolais faoin bpost le fáil ar an suíomh idirlín.:

 

Dáta

Eolas

Seoladh: Royal Ulster Academy, 9 -13 Waring Street, Belfast BT1 2DX
Teileafón: 0044 (0)28 90320819
Ríomhphost: info@ruaonline.com
Suíomh idirlín: www.ruaonline.com



Imeachtaí

Taispeántas: Séan Ó Flaithearta Scoilt leis an Cnámh

Cuireanna an t-ealaíontóir Gaeltachta Séan Ó Flaithearta a shaothar ealaíne nua ar thaispeántas sa Norman Villa Gallery i gcathair na Gaillimhe. Is as Árainn do Sheán agus tá clú agus cáil bainte amach mar ealaíontóir dúshánach, turgnamhach thar na blianta. Tarraingníonn sé cuid dá inspioráid as tobar an dúchais. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 6 Meitheamh

Teileafón: 091 521131
Ríomhphost: info@nomanvillagallery.com
Suíomh Idirlín: www.normanvillagallery.com


Mairnéalaigh’ - Taispeántas Ealaíne le Deirdre McKenna

Seo taispeántas speisialta de shaothar ealaíona an ealaíontóra as Conamara a bheidh le feiscint le linn an tSamhraidh i mBéal Feirste, Beidh an taispeánteas ar siúl i Mí Lúanasa ag an Waterfront Hall mar chuid de cheiliúradh
an “Tall Ships Atlantic Challenge”. Baineann na píosaí seo le cúrsaí mara, iad ag tarraingt ar an bhfarraige agus ar aistir farraige . Léiríonn an taispeántas sean-thraidisiúin na farraige i gcomhthéacs comhaimseartha. Beidh an taispeántas ar siúl sa Seomra Cruinnithe, Ionad an Marina sa Daingean ón 30ú Bealtaine – 1 Meitheamh


An Cabaret Craicáilte

Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí.
Tugann an Caberat Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com


Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge – Baile Bhuirne.

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta deireadh seachtaine ar siúl ag na Scríbhneoirí Gaeilge in Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co Chorcaí ar na dátaí seo a leanas: Dé hAoine, 12 Meitheamh, 4.30 pm-6pm.Dé Sathairn, 13 Meitheamh, 10am-12am. Dé Domhnaigh, 14 Meitheamh, 11am-1pm. Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe teorainneofar a líon do naonúr. Is gá do rannpháirtithe leaba agus bricfeasta a chur in áirithe dóibh féin ag Óstán Ghobnatan, 026-45324. Íocfar 100 euro i dtreo na gcostas le rannpháirtithe ag deireadh na ceardlainne. Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Tuilleadh Eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí.
43 Na Cluainte, Trá Li, Co Chiarraí.
Ríomhphost: feasta@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.gaeilge.ie


‘Saothar Árainn Mhóir’ Taispeántas le James Fitzgearld - Ionad Cultúrtha Reigiúnach, Leitir Ceanainn.

Is mórthaispeántas é seo atá ceangal fíor láidir aige le Gaeltacht Thír Chonaill. Ba é James Fitzgearld (1899 to 1971) ar dhuine de na físealaíontóirí is cáiliúla agus is tábhachtaí i Meiriceá le linn a tsaoil. Chaith sé tréimshí ag taisteal ar fud Ghaeltacht Thír Chonaill agus tá mórchuid dá shaothar bunaithe ar an am a chaith sé sa Ghaeltacht. Cuireann an tIonad Cultúrtha Réígiúnach i gcomhar leis An Plattsburgh State Art Museum, State University of New York College at Plattsburgh, taispeántas de chuid Fitzgerald, ‘Saothar Árainn Mhóir, i láthair san ionad cultúrtha i Leitir Ceanainn. Is píosaí físealaíne a chruthaigh sé agus é in Árainn Mór sna blianta idir 1965-71 atá le feiceáil sa taispeántas agus léiríon siad an saol traidisiúnta ar an oileán. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 20 Meitheamh.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9129186
Ríomhphost: rcc@donegalcoco.ie
Suíomh Idirlín: www.donegalculture.com


'Crot'- Taispeántas Ealaíne le Domhnal Ó Bric & Bríd Ní Luasaigh - Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin.

Cuireadh tús le scéim nua ealaíne in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin, Iarthar Duibhneach ar an Aoine, 1 Bealtaine, le ceapadh beirt ealaíontóir, Domhnal Ó Bric & Bríd Ní Luasaigh, ina n-ealaíontóirí cónaitheach san Ionad do bhiaiste an Samhraidh. Is é aidhm an togra ná deis a thabhairt do ealaíontóirí óga a gcuid saothair a thaispeáint go poiblí ina gceantar dúchas. 'Crot' atá mar theideal ar thaispeántas na beirte. Saothar grianghrafadóireachta bunaithe ar charraigeacha agus an crotal a bhíonn ag fás orthu atá ag Bríd, agus líníochtaí bunaithe ar thraidisiún amhránaíochta Chorca Dhuibhne a bheidh ar taispeáint ag Domhnal. Osclaíodh an taispeántas ar Lá Bealtaine agus mairfidh sé ar feadh trí mhí. Chuir Ealaín na Gaeltachta maoiniú ar fáil don scéim seo.

Breis Eolais
Teileafón: (066) 9156444, 0879778871
Ríomhphost: daithi.demordha@opw.ie.
Suíomh Idirlín: http://www.dunchaoin.com/Ionadanbhlascaoidmhoir/Imeachtai.htm


An Fál Carrach le Chéile – An Gailearaí, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall.

Is taispeántas é "An Fál Carrach le Cheile" a thugann léargas ar stair an Fhál Charraigh. Cuirtear sraith ghrianghrafanna i láthair a thugann léargas dúinn ar stair sóisialta an bhaile, ar na hathruithe a tháinig le himeacht an ama agus ar an daoine a chónaí ann. Is seanghrianghrafanna ealaíonta agus cumachta atá iontu a bheidh mar díol spéise do mhuintir an cheantair agus dóibh siúd atá spéis acu sa ghrianghrafadóireacht. Mairfidh an taispeántas go dtí 13 Meitheamh, 2009.

Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com/AnTaispentaisLeTeacht.htm
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Teileafón: 074 9165594


Taispeántas –‘Bealtaine’ - Ionad Ealaíne Iarthar Choraigh.

Is taispeántas é seo a chruthaíodh mar chuid de scéim na n-aosach a reachtálann an t-ionad. Is iad seo a leanas na téamaí a roghnaíodh don taispeántas: na healaíona agus an inchinn beo; Ceol agus an inchinn beo; na healaíona agus cothú an tsláinte; Mise agus Oileán Chléire:ag sníomh le chéile agus carnivale na liopaí cainteacha! D’oibrigh na seandaoine le ealaíontóirí gairimúla ar nós Bernadette Cotter, Sarah Ruttle, Shelia Kellehera agus go leor eile. Eagraíodh an taispeántas seo mar chuid de fhéile ‘Bealtaine’. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 6 Meitheamh.

Tuilleadh Eolais;
Susan Harrington,Publicity & Exhibitions Co-ordinator, West Cork Arts Centre, Skibbereen, Co Chorcaigh
Teileafón: 028 22090
Ríomhphost: susan@westcorkartscentre.com
Suíomh Idirlín: www.westcorkartscentre.com


Taispeántas - Blawnin Clancy agus Rayleen Clancy, Ionad Acmhainne, Carraig-na-Siúire.

Is físealaíontóirí iad Blawnin Clancy agus Rayleen Clancy atá lonnaithe i nGaeltacht Phort Láirge. Cuireann siad a saothar úr ar thaispéantas mar chuid de Fhéile Ealaíne agus Cheoil ‘na Clancy Brothers’. Beidh sé ar siúl san Ionad Acmhainne, i gCarraig-na-Siúire, Co. Thiobhraid Árainn ón 11 – 15 Meitheamh. Is íníonacha le Tom Clancy, (nach maireann), iad beirt, agus ba é Tom duine de bhunadóirí na Clancy Brothers.

Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: enquiries@clancybrothersfestival.orginfo@joanclancygallery.com
Joan Clancy GalleryMaoil a’ Chóirne, An Rinn, Co Phort Láirge
Teileafón: (051) 645588
Suíomh Idirlín: www.joanclancygallery.comwww.clancymusicfestival.org


Glór - Taibhdhearc na Gaillimhe – Amharclann Náisiúnta na Gaeilge

Séipéal Choláisteach San Nioclás, Sráid na Lombardach, Gaillimh.
3 – 6 Meitheamh 2009 ag 8.00 i.n.
Oíche amhránaíochta agus cantóireachta le Cantóirí na Taibhdheirce. Beidh ceol aoibheann, álainn le cloisteáil i gceann de na séipeál is deise agus is draíochtúil sa tír. Beidh Ceol Cláirsí Traidisiúnta, Seoda ón Opera agus Ceol Clasaiceach Gaelach ar stáitse le linn an cheithre oíche.
Is í Pádraigín Ní Lileas an Stiúrthóir Ceoil, Tom Cullivan an cóiritheoir Ceoil agus is é an fear gealgháireach, Micheál Ó hAinnín a bheidh mar chomhordaitheoir agus mar Fhear an Tí. Ticéidí: €15 / €10
Eolas & Áirithintí:
Oifig na Taibhdheirce, Lána an Chláir, Sráid na gCeannaithe, Gaillimh.
Teileafón: (091) 563600
Ríomhphost: eolas@antaibhdhearc.com


Lámha Inspioráide, Gaoth Dobhair – Taispeántas le Paul Rooney.

Saothar úr físealaíne le Paul Rooney, físealaíontóir as Gaeltacht Thír Chonaill, ar thaispeántas i ngailearaí agus ionad ceardaíochta Lámha Inspioráide i gcroílár na gcnoc, i nGaeltacht Thír Chonaill. Mairfidh an taispeántas go dtí an 4 Meitheamh.
Teileafón: 074 9560091
Ríomhphost: lamhainspioraide@gmail.com


Féiltí

Féile Scannáin Faisnéise Ghuth Gafa

Gort a Choirce, Thír Chonaill.
Féile idirnáisiúnta scannánaíochta a díríonn ar scannáin fhaisnéise. Eagraítear clár leathan de scannáin, léachtaí agus seimineáir.
11 - 14 Meitheamh.
Suíomh Idirlín:http://www.guthgafa.com/


Féile Tine Ghuagán Barra

Féile ilghnéitheach ealaíne agus ceoil. Eagraítear neart imeachtaí, idir cheol traidisiúnta, drámaíocht, taispeántais ealaíne agus eile. Tugtar aitheantas do na healaíona dúchasacha i gceantar Ghuagán Barra.
19 – 21 Meitheamh.
Ríomhphost: gouganebarrahotel@eircom.net



Féile Immrama – Scríbhneoireacht thaistil.

Beidh spéis ag lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge i gcuid de na léachtaí a bheidh ar siul don fhéile seo a bheidh ar siúl i bPóirt Láirge ar an 12-14 Meitheamh. Beidh Áine Uí Fhoghlu, a scríobh Aistear Aonair (1999) agus An Liú sa Chuan (2007) ag reachtáil ceardlann filíochta, agus beidh léachtaí leis na taistealaí iomráití Manchán Magan agus Dermott Somers.
Teileafón: +353 58 54975
Ríomhphost: lismoreheritage@eircom.net
Suíomh Idirlín: lismoreimmrama.com


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.modelart.ie/newspaces.html- Model Arts & Niland Gallery, Sligeach

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.vaireland.org - Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.