EalaÍn na Gaeltachta

 

-

Nuacht

-

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

-

Cuir leis an liosta

-

Bain den liosta

-

Seol chuig cara

 

 

 

 

-

Teagmháil

 

-

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

 Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

D’fhógraigh Ealaín na Gaeltachta Scéim na bPríomhréímsí an tseachtain seo. Glacfar lle hiarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí leasmhara ar suim leo tionscadail nó seirbhísí ealaíon a fhorbhairt nó a sholáthar sa Ghaeltacht sna príomh réimsí forbartha atá leagtha amach ag an eagraíocht. The breis eolas sa nuachlitir nó téigh i dteagmháil leis an áisitheoir ealaíne i do cheantar.

Mar eolas, foilsíodh an céad r-leabhar riamh i nGaeilge Nova Scotia ar an 19 Bealtaine. “Sheena’s Garden” (An Gàradh aig Sine) an teideal atá air, agus is féidir eolas a fháil faoin leabhar ar shuíomh idirlín ‘Leabharlann Réigiúnach Pictou-Antigonish’, ag: http://www.parl.ns.ca/ebooks/sheenas-garden-ebook.htm Tá dhá thuarascáil foilsithe ag an gComhairle Ealaíon mar chuid den scéim Lucht Féachana na nEalaíon. Cuirfidh eagraíochtaí nó ealaíontóirí ar mhaith leo suíomh idirlín a fhorbairt nó a athfhorbairt spéis i dtuarascáil a réitigh Aoife Flynn mar chuid den scéim meantóireachta a ghlac sí páirt ann le Gailearaí Teampaill Barra. Tá an turascáil le fáil ar suíomh idirlín Lucht Féachana na nEalaíon ag:http://artsaudiences.ie/2010/05/developing-a-brief-for-a-website . Bainfidh eagraíochtaí nó ealaíontóirí a bhfuil spéis acu sna meáin shóisialta an-thairbhe as an turascáil eile a fhoilsíodh. Foilsíodh é mar chuid den tionscnamh meantóireachta atá ar bun ag an rannóg foilsitheoireachta in RTÉ i gcomhair le hEmmet Sheerin agus Anne O’Gorman ó Chomhairle Náisúnta na nÓg. Léiríonn an tuarascáil an bealach le feachtas poiblíochta sna meáin shóisialta a fhorbairt. Tá neart eolais sa tuarascáil faoin mblagáil, faoin líonra sóisialta agus faoi na háiseanna boscaireachta ‘ar-líne’ atá ar fáíl. Is féidir teacht ar an tuarascáil ag: http://artsaudiences.ie/2010/05/re-evaluating-your-web-strategy-nyci-report-on-mentoring-from-rte-publishing/

Bíonn an eagrais Óige na Gaeltachta i gconaí ag lorg daoine fásta chun obair leis na daoine óga chun scil nó céird a mhuineadh ina gclubanna nó campaí samhraidh. Tá siad ag iarraidh bunachar sonraí a chur le cheile go náisiúnta ins na Gaeltachtaí do d’ealaíontóirí agus d’áisitheoirí. Is gá dóibh ach a bheith toilteanach obair le daoine óga agus Gaeilge a bheith ar a dtoil acu. Tuilleadh eolais ó Ultán Ó hAodha, Oifigeach Forbartha na Mumhan, Óige na Gaeltachta, Baile Bhuirne , Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. Fón 026-65883. Rphost: ultan@onag.ie

Cuirfidh drámadóírí na Gaeilge an-spéis in acmhainn úr atá ar an bhfód. Sheol Tony Ó Dálaigh Playography na Gaeilge in Institiúid Téatair na hÉireann (ITÉ) i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath le déanaí. Bunachar sonraí lánchuimsitheach atá in Playography na Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon agus teacht ann ar shonraí faoi gach dráma Gaeilge ar tugadh an chéad léiriú air idir an bhliain 1975 agus an bhliain 2009. Tá 256 dráma ar fad i gceist agus saothar le Eilís Ní Dhuibhne, Liam Ó Muirthile, Alan Titley, Antoine Ó Flatharta, Darach Ó Scolaí agus Joe Steve Ó Neachtain ina measc. Tá rún ag Institiúid Téatair na hÉireann tús a chur anois leis an dara cuid den obair thaighde, chomh fada siar leis an mbliain 1900, a thabhairt chun críche agus cinnteofar go gcuirtear sonraí faoi gach dráma nua Gaeilge leis an mbunachar de réir mar a thugtar an chéad léiriú air. Tá Playography na Gaeilge le breathnú anois arwww.irishplayography.com

Roghnaíodh an Ghaeltacht mar cheann de na háiteanna a bheidh páirteach san Oíche Chultúir i mbliana. Is mórfhéile náisiúnta í an Óiche Chultúir ina cuirtear imeachtaí cultúrtha ar siúl saor in aisce don phobail in aon oíche amháin. Is mór an gradam agus an t-aitheantas atá bainte amach ag an bhféile go náisúnta. Tá Ealaín na Gaeltachta ag déanamh co-ordnú ar an ócáid sa Ghaeltacht i mbliana. Tá súil go gcuirfidh gach eagraíocht agus grúpa cultúrtha imeacht nó ócáid cultúrtha ar siúl ar an oíche, is cuma cé chomh beag nó mór is atá sé, (nó is féidir imeacht a bhí le bheith ann a cheangailt leis an ócáid). Má tá spéis agat nó ag d’eagraíocht imeacht a eagrú, ní mhór na sonraí a sheoadh chuig na háisitheoirí ealaíne gan mhoill. Má tá breis eolais uait, téigh i dteagmháil leis an áisitheoir i do cheantar - Cúige Chonnacht & Co. na Mí: Muireann Ní Dhroighneáin. m.nidhroighneain@udaras.ie 091 503 220. Cúige Mumhan: Eibhlín de Paor. e.depaor@udaras.ie 066 9150100 / 026 45366. Cúige Uladh: Micheál Mac Aoidh m.macaoidh@udaras.ie 074 95 60100. Tá breis eolais faoin Oíche Cultúir le fáil ag www.culturenight.ie

Agus an samhradh ag tarraingt orainn, ní haon údar iontais é go bhfuil rogha mór de fhéiltí ar siúl ag an am seo den bhliain. Thíos i gCorcaigh, beidh Féile Tine Ghugán Barra ar siúl ón 18 -21 Meitheamh. Is ón tobar Ceilteach agus na deasghnátha págantachta a tharraingníonn an fhéile a chuid inspioráide. Cuirtear béím ar an gceol agus ar an siamsaíocht agus bíonn rogha leathan d’ imeachtaí ealaíne ar siúl, na healaíona dúchasacha, ach go háirithe. Is é an phríomhsprioc atá ag ‘Ceol sa Ghleann’ ná an traidisiún saibhir ceoil agus na healaíona traidisúnta a chaomhnú agus a chothú i ndeisceart Thír Chonaill. Is í an fhéile Scoil Samhraidh Ghleann Cholm Cille atá ar siúl an mhí seo, ceann de na hócáidí is mó a eagraíonn an eagraíocht. Eagraítear ceolchoirmeacha, seisiún, ceardlanna agus ranganna ceoil. Beidh an fhéile scannán fáisnéise, Guth Gafa ar siúl i nGort a Choirce, Thír Chonaill an mhí seo chomh maith. Féile le blas idirnáisiúnta í a thugann árdán do scannáin fháisnéise dúshlánacha agus méinleacha. Bíonn scannánaí as chuile carn den domhain i láthair agus tugtar deis do scannánaí a gcuid saothair a phlé agus a mheas. Tá neart féiltí eile le blas Gaelach ar siúl ar fud na tíre, mar aon leis neart imeachtaí ealaíona ilghéitheacha agus ildánacha eile. Tá eolas futhu uilig le fáil sa ríomhlitir.
Mar is iondúil, tá neart deiseanna deontas agus deiseanna eile fógraithe. Ina measc tá coimisiún, folúntais agus deiseanna oiliúna.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Oiliúint

Áras Inis Gluaire, Béal a Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.

Teastas an dTaibh Ealaíon

Leibheál 5 FETAC – 8 Modúl. Cúrsa i Léiriú Amharclainne: Cúrsa Lan aimsireach 6 mhí ag tosnú i lár mí Meitheamh 2010. Is iad seo leanas na hábhair: Bainistiú Imeachtaí. Cumarsáid. Taithí Oibre. Sláinte & Sábháilteacht. Innealtóireacht Fuaime. Bainistiú / Riarachán Stáitse. Táirgeadh Clár Raidió. Tuilleadh eolais: Ian, Áras Inis Gluaire.

Dáta

Beidh an cúrsa ar siúl i mí an Mheithimh

Eolas

Teileafón: 097 81079
Ríomhphost: i.macaindriu@arasinisgluaire.ie
Suíomh idirlín: www.arasinisgluaire.ie

 

Business to Arts – Cúrsaí oiliúna

Is féidir le heagraíochtaí ealaíne atá mar bhaill de Buisness to Arts lascaine shuntasach a fháil ar na cúrsaí oiliúna a eagraíonn an Irish Times agus an comhlacht, Sureskills. Cuireann an Irish Times agus Sureskills clár leathan de chúrsaí gnó, margaíochta agus gairmiúla ar fáil. Is cúrsaí iad seo a bhainfeadh gniomhairí ealaíne an-thairbe astu. Cuireann Business to Arts réimse leathan de chúrsaí sainspeisialta ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne chomh maith. Gach eolas le fáil ar an suíomh idirlín.

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón:+ 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh idirlín: www.businesstoarts.ie

 

Comhairle Náisiúnta na nÓg – Cúrsaí Oiliúna sna hEalaíona.

Cúrsaí Oiliúna sna hEalaíona

Cuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg réimse leathan de chúrsaí ar fáil i réimsí éagsúla de na healaíona, le béim ar leith ar na healaíona don aos óg. Is féidir liosta de na cúrsaí agus gach eolas a fháil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Dáta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: 3 Sráid Mhontague, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 4784122
Ríomhphost: training@nyci.ie
Suíomh idirlín: www.youth.ie

 

Cló Cheardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall.

Cúrsaí Oilúna – Samhradh 2010.

Tá Cló (Ceardlann amharcealaíne) ag reáchtáil roinnt cúrsaí sna míonna amach romhainn. Beidh Annie Silverman as Somerville, Massachusetts ag teagasc ar an gcúrsa priondáil “Woodblock” agus beidh Seán Ó Dhubhchon as Machaire Rabhartaigh ag teagasc ar an gcúrsa ealaíon do phaistí. (Beidh Annie Silverman ina ealaíontóir cónaithe ag Cló le linn mhí Meitheamh 2010). Beidh na cúrsaí agus na ceardlanna ar siúl sa bharrionad físealaíne atá ag an eagraíocht i nGaeltacht Thír Chonaill. Is é seo a leanas an t-amchlár:

26ú – 27ú Meitheamh 2010: Cúrsa í priontáil le Annie Silverman.
28ú Meitheamh – 2ú Iúil 2010: Cúrsa ealaíon do phaistí le John Doohan.
10ú – 11ú Iúil 2010: Cúrsa eitseáil le dath (le Aoife Mc Garrigle.
17ú – 18ú Iúil 2010: Cúrsa Photo Eitseáil; “exploring polymer and photec etching” le Aoife Mc Garrigle.
16ú – 20ú Lúnasa 2010: Cúrsa í péinteáil radharc tíre le Heidi Nguyen. (10 – 4)


Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: Cló Ceardlann na gCnoc, Mín an Leá, Gort a Choirce, Co. Dhún na nGall.
Teileafón: 353 (0) 7491 - 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh idirlín: www.clo.ie

 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI)

Scéim Meantóireachta agus Scéim Forbairt Ghairmiúil do cheardaithe.

Tá dhá scéim fógraithe ag an CCOI. Díríonn an Scéim Meantóireachta ar ghnóanna ceardaíochta. Cuirtear meantóir ar fáil le cabhair agus tacaíocht a thabhairt do ghnóanna ceardaíochta ionas go mbeidh siad ábalta fás agus fhorbairt. Díríonn an ‘Scéim: Forbairt Ghairimiúil’ ar cheardaithe atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna ceardaíochta. Cuirtear ciste de €500 ar fáil do gach ceardaí a éiríonn leo sa scéim áirithe seo. Mar aon leis sin, eagraíonn an CCOI ranganna agus ceardlanna ar bhun rialta chomh maith. Lena chois sin, reachtálann siad cúrsaí oiliúna, léachtaí agus imeachtaí. Tugann an CCOI comhairle agus cabhair d’ealaíontóirí ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna eile a chuireann siad ar fáil. Tá gach eolas le fáil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Dáta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland
Teileafón: 353 (0)56 7761804
Ríomhphost: info@ccoi.ie
Suíomh idirlín: www.ccoi.ie

 

Oideas Gael

Ranganna Ealaíne, Ceoil & Ceardaíochta

Tá Oideas Gael ag eagrú sraith de cheardlanna agus cúrsaí san Ealaíon, sa Cheol agus sa Cheardaíochta sna míonna amach romhainn.

Scoil Samhraidh Péintéireachta Mara agus Tírdhreach: Is iad tírdhreach agus imeallbhord cósta an limistéir is suíomh do na cúrsaí phéintéireachta atá a dtairiscint do thosaitheoirí agus don dream a bhfuil feabhas uathu.

Fí Táipéise. Beidh an cúrsa seo a thairiscint i mbliana le deis a thabhairt do rannpháirtithe a bheith ag foghlaim ó bheirt de na h-ealaíontóirí a bhí mar chuid de Táipéis Gael ó 1993 ar aghaidh.

Cláirseach: Beidh an cúrsa seo dírithe ar fhoghlaimeoirí agus ar fheabhsóirí a bhfuil suim acu bunscileanna ceol an chláirsigh a fhoghlaim ó theagascóir agus múinteoir proifisiúnta.

An Fheadóg:Tá an cúrsa ceoil seo dírithe ar mhúinteoirí agus daoine gur spéis leo na gnéithe éagsúla de cheol na hÉireann a fhiosrú agus a fhoghlam. Is í Maureen Mc Grattan, ceoltóir den scoth, a bhéas mar theagascóir.
Gach eolas faoi na cúrsaí le fáil ar shuíomh idirlín Oideas Gael

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh:Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
Teileafón: +353 (0)74 973 0248
Ríomhphost: eolas@oideas-gael.com
Suíomh idirlín: www.Oideas-Gael.com

 

Físealaíontóirí na hÉireann (Visual Artists Irleand)

Reachtálann Físealaíontóirí na hÉireann deiseannna oiliúna, sraith cheardlanna, srl do fhísealaíontóirí go rialta. Is deis é d’fhísealaíontóirí agus do ghrúpaí físealaíne cur lena gcuid scileanna gairimiúla agus gnó. Is mór an méid ábhar a chuirtear ar fáil: Peer critique, Cúrsaí airgeadais don fhísealaíontóir, an chaoi le do saothar a chur os comhair an phobail, srl. Is féidir an t-amchlár agus na sonraí uilig a fháil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh :Kate Mc Loughlin, Education Assistant, at:
Visual Artists Ireland, 37 Nth Great Georges Street, Dublin 1
Teileafón: 00353 (0)1 8722296
Ríomhphost: kate@visualartists.ie
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie

 


Deiseanna Deontais

 

Ealaín na Gaeltactha

Scéim na bPríomhréimsí

Mar chuid de straitéis Forbairt na nEalaíon sa Ghaeltacht beidh Ealaíon na Gaeltachta Teo. ag . glacadh le hiarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí leasmhara ar suim leo tionscadail nó seirbhísí ealaíon a fhorbhairt nó a sholáthar sa Ghaeltacht sna príomh réimsí seo a leanas.

· Forbairt / Cothú sraith imeachtaí ealaíon do lucht spéise na nEalaíon.

· Na healaíona a eascraíonn as Traidisiún Béil na Gaeltachta.

· Litríocht na Gaeilge.

· Ealaíon don Aosach.

· Drámaíocht na Gaeilge.

Fáilteofar roimh iarratas i rith Dé hAoine 11ú Meitheamh ach réamh phlé a bheith déanta leis an Áisitheoir Ealaíon i do cheantar roimh ré. Sonraí teagmhála le fáil ag www.ealaín.ie

Spriocdháta

11 Meitheamh, 2010.

Eolas

Teileafón: 091 503 100
Ríomhphost: ealain@udaras.ie
Suíomh idirlín: www.ealaín.ie

 

An Chomhairle Ealaíona

An scéim chomhpháirteachais Áitiúil

Tá an Chomhairle Ealaíon anois ag lorg moltaí ó Oifigí Ealaíon na nÚdarás Áitiúil i gcomhair tionscadal a thosóidh in 2010 a chothóidh coincheap an chomhpháirteachais ar bhealach gníomhach. Faoin Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla in 2010, is féidir maoiniú le haghaidh tionscadail, acmhainní nó seirbhísí ealaíon comhpháirteacha a lorg i leith ceachtar de dhá chéim de thionscadal: 1. Céim taighde agus forbartha, suas le huasmhéid de €10,000 agus 2. Céim chur i bhfeidhm an tionscadail, suas le huasmhéid de €20,000

Spriocdháta

3 Meitheamh, 2010.

Eolas

Seoladh: The Arts Council, 70 Merrion Square, Dublin 2
Ríomhphost: regina.oshea@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
Teileafón: 01 6180200

 

An Chomhairle Ealaíon / Create

Scéim na nEalaíontóirí sa phobal

(Arna feidhmiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach). Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Create a riarann í. Is í aidhm na scéime ná dian-chomhoibriú a spreagadh idir an pobal agus ealaíontóirí, áit a mbíonn saothar ealaíne nó tionscadal mar thoradh na hoibre. Tá Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha pobail, ag cur seirbhísí ar fáil i gcomhair forbartha ealaíon agus cleachtas ealaíne comhpháirteach in Éirinn. Gach eolais le fáil ar shuíomh idirlín na comhairle.

Spriocdháta

25 Meitheamh 2010

Eolas

Teagmhálaí: Katherine Atkinson
Seoladh:
Create, Project Support and Professional Development, 10/11 Sráid an Iarla Theas , Baile Átha Cliath 8
Teileafón: +353 1 473 6600
Facs: +353 1 473 6599
Ríomhphost: support@create-ireland.ie
Suíomh idirlín: www.create-ireland.ie

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte). Is í cuspóir na scéime Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne, atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta. Is do thionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis tacaíocht, agus ní chuirfear bunchistiú ar fáil faoin scéim seo. Tabharfar tús áite do thionscadail a léiríonn: aird ar chaighdeán, ealaíonta nuálaíocht agus tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta. Is scéim leanúnach í Deis.

Spriocdháta

Scéim leanúnach

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Callsave: 1850 392 492
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtain taistil & oiliúna

Is cuspóir na Dámhachtana Taistil agus Oiliúna ná tacú le daoine aonair ar mian leo leas a bhaint as oiliúnt agus as deiseanna forbartha gairmiula eile thar lear, agus beifear ag diriú ar fhorbairt chleachtas ealaíne an duine féin. Is cuspóir eile na scéime ná tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair nó d’éagraíochtaí ar mian leo cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó thar lear oiliúnt nó meantóireacht ar léibheál ard a chur ar fáil i gcomhair forbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus daoine eile atá ag obair ar bhonn gairmiúil i gcúrsaí ealaíon in Éirinn. Tá criteár na scéíme agus gach eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

Scéim leanúnach.

Eolas


Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Callsave: 1850 392 492
Ríomhphost: travelandtraining@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.iehttp://onlineservices.artscouncil.ie

 

 

An Gréasán Ceoil

Dámhachtán Ceoil do Dhaoine Óga: deis do cheoltóir Jazz.

Tá an dámhachtán seo oscailte d’ensemble jazz de gach cineál. Ní mhór nach mbeadh níos mó ná 5 bhall sa ghrúpa. Cuirtear an dámhactán ar fáil do cheoltóirí óga atá ag tosnú amach sa shaol mar cheoltóirí gairimiula. Tá gach eolais faoin scéim le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

5 Iúil 2010

Eolas


Teileafón:
(01) 671 9429
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie

 

 


Deiseanna Eile

An Clachán.

Spás stiúideó le fáil ar cíos.

Tá spás stiúideó ar fáil i ngailearaí agus ceardlann ‘An Clachán’. Tá an gailearí lonnaithe i gcroí lár Ghaeltacht Thír Chonaill. Spás mór atá ann agus feilfeadh sé do bheirt ealaíontóir. Tá neart áiseanna agus acmhainní san ionad. Tá siopa ceardaíochta agus ealaíne san ionad, mar sin, bíonn deis ag an ealaíontóir a c(h)uid saothair a dhíol. Breis eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.


Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas

Seoladh: Anna McLaughlin, An Clachán, An Chúirt, Gweedore, Donegal.
Teileafón: +353 (0)74 9560091
Ríomhphost: eolas@anclachan.ie
Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie


 

Stiúideó ‘Tulla Stables’

Spás stiúideó le fáil ar cíos.

Is barrionad físealaíne é na Tulla Stables atá mar chrann taca d’fhísealaíontóirí i gContae an Chláir. Tá sé stiúideó san ionad le háiseanna agus le hacmhainní den chéad scoth ar fáil do na healaíontóirí. Tá stiúideó amháin saor san ionad faoi láthair. Is féidir an t-eolas uilig a fháíl ón ionad.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Seoladh: Tulla Stables Application, Arts Office, County Library, Mill Road, Ennis, Co.Clare
Teileafón: 065-6899091 nó 065-6899091.
Ríomhphost: arts@clarelibrary.ie


 

An Bord Gáis

Ciste Fuinnimh an Chomhphobail

Fáiltíonn Bord Gáis Energy roimh iarratas ó eagraíochtaí neamhbhrabúis /deonacha (eagraíochtaí ealaíne agus cultúrtha san áireamh) ar an gCiste Fuinnimh atá curtha ar fáil le fuinneamh a sholáthrú saor in aisce (gáis nó leictreachas) d’eagraíochtaí neambhrabúis/deonacha. Is fiú €100,000 ina iomlán an ciste. Cuirfear deontas amháin ar fiú 25,000 ar fáil, chomh maith le cúig dheontais ar fiú €10,000 an ceann iad, mar aon leis 10 ndeontas ar fiú €2,500 an ceann iad. Tá na foirm iarratais, críteár na scéime agus leabhrán eolais ar fáil sna leabharlainn phoibli nó is féidir iad a íosloadáil ag www.bordgaisenergy.ie.

Spriocdháta

16 Meitheamh, 2010

Eolas

Teagmhálaí:Kate Candon, Fleishman-Hillard
Teileafón: 01 6188472 / 086 8654904
Suíomh Idirlín: www.bordgaisenergy.ie
Ríomhphost: kate.candon@fleishmaneurope.com

 

Ionad Dealbhóireachta Chontae Liatroma

Fáiltíonn an t-Ionad Dealbhóireachta Chontae Liatroma roimh iarratais ó fhísealaíontóirí do chlár cónaithe atá á eagrú acu. Tá cúig scéim cónaithe ar fáil ina iomlán agus bronnfar trí cheann acu sin ar fhísealaíontóir atá ina chónaí taobh amuigh den chontae. Is fiú €4,500 na tréimhse cónaithe seo. Beidh an t-ealaíontóirí a roghnófar lonnaithe in ionad na heagraíochta i gContae Liatroma. Gach eolas le fáil ón ionad.

Spriocdháta

18 Meitheamh, 2010.

Eolas


Suíomh Idirlín: www.leitrimsculpturecentre.ie
Ríomhphost: info@leitrimsculpturecentre.ie

 

 


 

% Ealaíona / Ealaíon Poiblí

Coiste Comóradh Hugh O’Flaherty – Coimisiún.

Coimisiún – Ealaíon Poiblí

Bunaíodh an coiste le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol Hugh O’Flaherty, an sagart a rinne gaiscí daonnúla le linn an dara cogadh domhanda. Cuireann an coiste fáile roimh iarratais ó ealaíontóirí le dealbh a chruthú i gcomóradh ar an bhFlaithearteach. Tá ciste le huasmhéad €70,00 curtha ar fáil don tionscnamh. Tá gach eolais faoin gcoimisiún agus an próiseas iarratais le fáil ag an sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

11 Meitheamh, 2010

Eolas


Seoladh: An Cathaoirleach, Hugh O’Flaherty Memorial Committee, c/o Killarney Chamber of Tourism & Commerce, Tourist Information Office, Beech Road, Killarney, Co. Kerry, Ireland.
Teileafón: 353 (0)64 6637928
Ríomhphost: jerry@killarney.ie (Jerry O'Grady)
Suíomh idirlín: www.killarney.ie

 

Scoil Phobail Gallen, Uibh Fáille

Coimisiún – Ealaíon Poiblí

Cuireann Bord Bainistíochta Scoil Phobail Gallen fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí chun dealbh buan a chruthú i gclós na scoile. Is fiú €58,000 an coimisiún. Is iad an Roinn Oideachas atá ag maoiniú an tionscnaimh faoin scéim % Ealaíon. Gach eolas le fáil óna sonraí teagmhála thíos

Spriocdháta

11 Meitheamh, 2010.

Eolas

Seoladh: Mrs .Ursula Finnegan, Per Cent for Art Commission, Gallen Community School, Ferbane, Co. Offaly.
Ríomhphost: fccdpr@eircom.net
Suíomh idirlín: www.gallencs.com

 

Feidhmeannacht Na Seirbhíse Sláinte

Coimisiún – Ealaíon Poiblí

Fáiltíonn an FSS roimh aighneachtaí faoin scéim ‘Public Art – Per Cent for Art Scheme’ i gcóir oibreacha ealaíne don Aonad Altranais Pobail i dTrá Lí. Is féidir aon disciplín, dearadh nó meán a úsáid agus an obair / na h-oibreacha ealaíne a chur ar fáil. Is é an buiséad iomláin ná circa €39,700 chun na costais go léir a bhaineann leis an obair / na h-oibreacha ealaína a ghlanadh. Beidh dhá chéim sa chomórtas a bhaineann leis an obair / na h-oibreacha ealaína. Ag Céim 1 beidh tairiscintí ar imlíne choincheapa ag teastáil. Ag céim 2 beidh tairiscintí mionsonraithe ag teastáil ó na healaíontóirí a dhéanfar gearrliosta dóibh.Is féidir sonraí breise agus faisnéis tionscadail a fháil ón suíomh idirlíne um sholáthar don earnáil phoiblí ag Rialtas na hÉireann nó ón duine ainmnithe thíos.


Spriocdháta

23 Iúil, 2010.

Eolas

Seoladh: Mrs .Ursula Finnegan, Per Cent for Art Commission, Gallen Community School, Ferbane, Co. Offaly.
Teileafón: 086 787 1457
Ríomhphost: fiona.geary2@hse.ie
Suíomh idirlín: www.etenders.gov.ie

 

Clár Ealaíon Poilblí Chontae Uibh Fháillí

Deis a bheith ar pháineál na healaíne poiblí

Fáiltíonn na húdaráis áitiúla i gcontae Uibh Fháillí (Comhairle Chontae Uibh Fháillí, agus na comhairlí áitiúila sa Tulach Mór, i mBiorra agus Eadán Doire) roimh iarratas ó ealaíontóirí (gach réimse ealaíon san áireamh) le bheith ar phaineál na n-ealaíontóirí ó 2010 – 2012. Is ón bpaineál seo a roghnófar na healaíontóirí do na coimisiúin phoiblí ealaíon a bheidh na húdaráis a tairiscint sna blianta beaga amach romhainn. Gach eolas le fáil óna sonraí teagmhála thíos


Spriocdháta

11 Meitheamh, 2010.

Eolas

Seoladh:Public Art Panel, Offaly County Council, Arts Office, Charleville Road, Tullamore, Co. Offaly
Teileafón: 057 9357400

 

 


 

Comhdháil

Ionad an Cheoil Comhaimseartha

'Toghchaí an Cheoil sa Shaol Digiteach

The Coach House, Baile Átha Cliath

Comhdháil idirnáisiúnta le hiniúchadh a dhéanamh ar an tionchar atá ag an gcultúr digiteach ar an gceol, ar an gcumadóir agus an ceoltóir, agus ag breathnú ar na himpleachtaí a chothaíonn an íosloadáil ón idirlín.

I measc na gcainteoirí beidh: Mary Hanafin TD an tAire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, Andrew Dubber, Ollscoil Birmingham; Gerd Leonhard, Saineolaí i meán na todhchaí agus scríbheoir,; Mícheál Ó Súilleabháin agus Bill Whelan.


Spriocdháta

11 Meitheamh, 2010

Eolas

Teileafón: +353-1-673 1922
Ríomhphost: conference@cmc.ie

 


 

Folúntas

Féile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Bainc Uladh

(Ulster Bank Dublin Theatre Festival)

Fáiltíonn Féile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath le hiarratais ar na postanna seo a leanas:

• Eagarthóir ar Chlár na n-Imeachtaí.
• Dearthóir ‘inhouse’
• Rúnaí Airgeadais
• Rúnaí oifige
• Giolla Léiriúcháín
• Bainisteor ar Oifig na dTicéidí
• Saoiste in Oifig na dTicéidí
• Giolla in Oifig na dTicéidí.
Is poist shéasúrach ar ghearrchonraithe iad seo. Tá gach eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

4 Meitheamh, 2010

Eolas

Teileafón: + 353 1 677 8439
Teileafón: + 353 1 679 7709
Ríomhphost: info@dublintheatrefestival.com
Suíomh idirlín: http://www.dublintheatrefestival.com/

 

Pobal

Co-ordaitheoir na nEalaíon Gaeilge

Tá Pobal – scátheagra Phobal na Gaeilge, ar lorg co-ordaitheoir na nEalaíon Gaeilge. Conradh bliana, ar dtús le síneadh ag brath ar mhaoiniú.

Turastal: 19,817, NHC Grád 22. Téann pinsin leis an phost seo. Tuilleadh eolais agus cur síos poist le fáil ach teaghmháil a dhénamh

Spriocdháta

11 Meitheamh, 2010

Eolas

Seoladh: Pobal, Cultúrlann MacAdam Ó FIach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Féirste, BT 12 6AH
Teileafón: 028 90 438132
Ríomhphost: eolas@pobal.org

 

Cultúr Éireann – Coimisinéir na hÉireann ag an Art Biennale i Venice, 2011.

Ceannasaí ar iarratas na hÉireann ag an Art Biennale

Tá folúntas ag Cultúr Éireann do phost mar cheannasaí ar iarratas na hÉireann ag an Art Biennale i Venice sa bhliain 2011. Déanfaidh an té a roghnófar bainistíocht ar an gclár agus ar an saothar a roghnófar don thaispeántas. Is ceann de na ócáidí is tábhachtaí i saol na n-ealaíon í an Biennale agus is deis iontach í árdán idirnáisiúnta a thabhairt do chultúr agus d’ealaín na tíre. Ní mhór go mbeadh taithi leathan bainistíochta, eagraíochta agus bainistíocht tionscnamh ag an iarratasóir mar aon leis scileanna maithe cumarsáide agus tuiscint mhaith ar saol na n-ealaíon. Tá gach eolas faoin bpost agus faoin bpróiseas iarratais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

1 Meitheamh, 2010

Eolas


Ríomhphost: christinesisk@cultureireland.gov.ie
Suíomh idirlín: www.cultureireland.gov.ie

 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne ná na healaiona d'árd chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá clár dushlánach leagtha amach ag an ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reachtáiltear na himeachtaí go léir san Ionad.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


Arás Éanna, Inis Oirr
28- 30 Meitheamh: Féile an Phlassy: Comóradh 50 mbliana i gcuimhneachán ar an bPlassy an bád a caitheadh i dtír in Inis Oírr, ar an 8 Márta 1960. I measc na n-imeachtaí beidh: Oscailt Oifigiúil agus taispeántas pictiúir an Phlassy; Scannán TG4 faoin bPlassy; Imeachtaí le Garda Cósta na hÉireann; Comórtas Amhrán faoin bPlassy; Ceol le Doimnic Mac Ghiolla Bhríde & Griogair Labhruidh; Ceardlann Ící Pící – Amhráin agus rannta le Doimnic MacGiolla Bhríde; Imeachtaí do pháistí i rith an lae.

5 Meitheamh. 8.30i.n.: Oscailt oifigiúil ar an Taispeántas Ealaíne le Breandán Ó Súilleabháin. Is é Liam Ó Maolaodha an t-aoí speisialta
12- 13 Meitheamh Féile Phatrún Inis Oírr. Féile naofa, ársa an oileáin. Rásaí Báid Mhóra Céilí sa Halla le Fóidín Meara; Ceoltóirí an Acadaimh An Cheathrú Rua agus go leor eile.

21-25 Meitheamh: Féile Idirnáisiúnta na mBodhrán “Craiceann” le Liam Ó Maonlaí. Ranganna agus ceolchoirmeach; Ceolchoirm le Téada; Ceolchoirm/Concert le Éalú. Breis eolas ag: 099 75067 nó www.craiceann.com

I rith mí Iúil: Taispeántas le hAnita Murphy, “I’ll live ‘til I die”, Seó cuimhneacháin faoin amhránaí iomráiteach as Maigh Eo, Delia Murphy.

9-11 Iúil: Deireadh seachtaine Dráma agus Jazz. I measc na n-imeactaí beidh an dráma, The Tailor and Ansty, le Eric Cross a bheidh curtha ar stáiste ag an Call Back Theatre. Dráma grinn ar ardchaighdeán; Ceoltóirí Ollscoile as Meiriceá / Berkley Jazz Quartet

Dé Sathairn 17 Iúil Ceolchoirm le/ Lumiere. Amhránaithe den scoth, Pauline Scanlan agus Eilis Ní Chinnéide.

Dé Sathairn 24 Iúil: Ceolchoirm le Caladh Nua, ón Rinn, i bPort Láirge

Dé Domhnaigh 25 Iúil/Sunday 25th July: Head of Red O.Brien. Drama leis an True West Theatre Company

Dé Sathairn, 31 Iúil/Saturday 31st July. The Tinker.s Curse. Dráma nua chumtha scríofa agus curtha i láthair ag Michael Harding.

Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní Ghallchóir:
Ríomhphost: araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann, Co Na Gaillimhe.


Gailearaí Joan Clancy, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar ó Dhún Garbhán. Tá stádas á bhaint amach aige de réir a chéile mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.

30ú Iúil – 15ú Lunasa. The Clancy Brothers & Tommy Makem – Ómós dá nOidhreacht Chultúrtha.
Deireadh ré ba ea bás Liam Clancy, i Mí na Nollag 09 agus is taispeántas é a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha na Clancy’s agus Tommy Makem. I measc na bpíosaí a chuirfear i láthair le linn an Taispeántas Ómósach, beidh saothar de chuid na bhfísealaíontóirí Orla Clancy iníon le Paddy agus Mary, Blawnin agus Rayleen Clancy iníonacha Tom agus Joan, Arthur Maderson, Bernadette Kiely, Una Sealy, Tom Climent, Katarzyna Gajewska, Dave West, Mary Clancy (ná fuil gaolta), Paul Flynn, Andrea Jameson, John Cullinan, Laura Fitzgerald agus eile.

Iúil 8 – 25 Taispeántas le hAnn Dunphy.

30ú Iúil – 15ú Lunasa. Taispeántas Grúpa.
Taispeántas leis na healaíontóirí: Arthur Maderson, Tom Climent, Mary Clancy, Bernadette Kiely, Blawnin Clancy, Una Sealy, Rayleen Clancy, Katarzyna Gajewska, Orla Clancy, Paul Flynn, Andrea Jameson, Dave West, John Cullinan, Laura Fitzgerald.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó 086 8134597
Seoladh : Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
Suíomh Idirlín: www.joanclancygallery.com


Léamh Filíochta agus seoladh leabhair le hAifric Mac Aodha
3 Meitheamh,, 6.30 i.n: Seolfaidh Éigse Éireann i gcomhar leis An Sagart an leabhar úr, Gabháil Syrinx le Aifric Mac Aodha san Unitarian Church, 112 Fáiche Naomh Stiofáin Thiar, Baile Átha Cliath 2.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@poetryireland.ie
Teileafón: 01 4789974
Suíomh Idirlín:www.poetryireland.ie


Léamh Filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo
3 Meitheamh, 1.15 in: Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo i láthair, léamh filíochta leis an mbanfhile, Nuala Ní Dhómhnaill. Beidh an léamh ar siúl i Leabharlann Bhéal an Átha, Sráid an Phiarsaigh, Béal an Átha.

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín: www.mayococo.ie
Teileafón: 094-9024444 Ext 7558 | 7471
Ríomhphost:mayoarts@mayococo.ie


Taispeántas Físealaíne le Patricia Conlin. An Clachán, Co. Dhún na nGall.
Is ionad físealaíne agus ceardaíochta é an Clachán. Cuirtear imeachtaí agus taispeántais ar siúl ar bun rialta. Faoi láthair, tá taispeántas leis an bhfísealaíontóir as Árd Mhaca, Patricia Conlin. Tá tionchar mór ag an tírdhreách Ceilteach agus ar fhiantas na timpeallachta ar shaothar Patricia, tionchar an tsolais, ach go háirithe. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 7 Meitheamh.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: An Clachán – Dánlann ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall
Teileafón: 00 353 (0) 74 9560091
Ríomhphost: eolas@anclachan.ie
Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie


Ceardlann Scríbhneoireachta le Pádraigh Ó Fiannachta – an Daingean.
Tá slí do bheirt nó triúr eile i i gceardlann scríbhneoireachta cruthaithi sa Díseart,
Sr. an Doirín sa Daingean, @6.30 go 8.30pm gach Máirt. Pádraig Ó Fiannachta féin
atá á stiurú i mbliana. Tá Mil na Ceardlainne agus Criathar Meala foilsithe de thoradh
cheardlann 2008 agus 2009.


Imeachtaí ceol - Tionscnamh Lugh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
De Máirt 6 Iúil - Trad Tráthnóna Tráthnóna de cheol agus amhránaíocht traidisiúnta. Ionad Cois Locha, Dun Luiche, 8-30 i.n. Tráthnóna de cheol agus amhránaíocht traidisiúnta le meascán de bhuaiteoirí Oireachtais 2009 ina measc Doimnic Mac Giolla Bhríde buaiteoir Chorn Uí Riada. Beidh se i mbun ceoil i gcuideachta roinnt de bhuaiteoirí eile an Oireachtais ó cheantar Ghaoth Dobhair, Cloich Cheann Fhaola agus na Rosa. Cuirtear ar fáil ceardlann ealaíona don aos óg ar an oíche.
9 Meitheamh, 2010. 9 .30 i.n: Ceol Amhrán – Ciorcal Amhránaíochta le Tionscnamh Lugh. An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Gaoth Dobhair. Ciorcal Amhránaíochta curtha i láthair ag Tionscnamh Lugh. Deis d’amhránaithe ón Iar-dheisceart le teacht le chéile go neamhfhoirmeálta le hamhráin a cheol agus comhrá agus craic a bheith acu. Fáilte roimh chách agus fáilte ar leith roimh amhránaithe as gach aon thraidisiún.

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín:http://www.tlugh.com
Ríomhphost: info@tlugh.com


Leabharlann Chorcaigh – Imeachtaí Gaeilge i mí an Mheitheamh

High Germany Dráma as Gaeilge, le Gerry MotherwaySúil siar ar Corn Eorpach 1988 le lucht leanta na hÉireann. Meitheamh 11, 7.30in sa leabharlann lárnach:


Seanad na Léitheoirí. Mise, Seán Ó Riordáin le Dr Neil Buttimer. Céiliuradh filíochta Sheáin Uí Ríordáin, curtha i láithair ag an Dr Neil Buttimer. 23 Meitheamh 7.00in i leabharlann an Tory Top

Tuilleadh Eolas
Teileafón: 4924900 - Fax: 4275684
Ríomhphost:libraries@corkcity.ie
Suíomh Idirlín: http://www.corkcitylibraries.ie/resourcesservices/cultureimagination


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair,
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.


Tuilleadh eolais.
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Ríomhphost:Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín:www.craiceailte.com


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí

Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Breis eolais ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh eolais.
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh Idirlín:http://www.heritageireland.iewww.ceiliuradh.com


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo

Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín:http://www.arasinisgluaire.ie/


An Gailearaí /Ceardlann na gCroisbhealach An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

Taispeántas Ealaíne: Cuisle Ag Ardú. Go dtí an 19 Meitheamh 2010.

Taispeántas fisealaíne faoin teideal ‘Cuilse ag Árdú’ le ceithre ealaíontóir atá ina gcónaí agus ag obair ar chósta thiar na hÉireann. Nochtann an seó comhoibrithe seo ‘cuisle’ láidir rathúil a bhaineann leis an dearcléiriú comhaimseatha atá i dtreis faoi chladaí an Iarthair. Is iad Tomasz Madajczak as an Fál Carrach, Séan Ó Flaithearta as Inis Mór, Maggie Morrison as Oileán Acla agus Úna Ní Shéa as Chorca Duibhne na healaíontóirí a bheidh páirteach sa taispeántas.


Tuilleadh eolais.
Seoladh : An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com


Leabharlann Chorcaigh - Scannáin na Gaeilge, Corcaigh
Sraith scannáin le linn am loin, ag tosnú ag 1.15in, ar Luan-Aoine, 8-12 Meitheamh. Ina measc tá scannáin faoi scríbhneoirí, agus scéalta athchóirithe mar scannáin, chomh maith leis Na Duganna, scannán a gcuireadh an seaman i gcuimhne duit. 8 – 12 Meitheamh.
Amhairghin [28 mins], Nuala Ní Dhomhnaill – Taibhsí i mbéal na Gaoithe [52 mins] Kings [87 mins], Poitín [65 mins], Na Duganna[30 mins]


Tuilleadh Eolas
Teileafón: 4924900 - Fax: 4275684
Ríomhphost:libraries@corkcity.ie
Suíomh Idirlín: http://www.corkcitylibraries.ie/resourcesservices/cultureimagination


Mná Céadfacha Dhún na nGall / Donegal Elemental Women

Camchuairt físealaíne sna tíortha Ceilteacha

Grúpa ealaíontóirí is ea Donegal Elemental Women (DEW) atá bunaithe sna Rossan i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá an tionscnamh fílealaíne ‘Ceiliúradh ar Chultúr an Chósta Ceiltigh’ faoi lánsheol faoi láthair. Meascán de phéintéireacht, seodóireacht, dearadh cultacha, ceirmeacht, ceardaíocht agus go leor réimsí físealaíne eile atá i gceist sa thaispeántas. Cuirfear an taispeántas ar siúl ar Oileán Mull, Uist agus Oban san Alban, in Anglesey agus Llyn sa Bhreatain Bheag, agus i nGaeltacht na hÉireann, dar ndóigh. Beidh aoí-ealaíontóirí agus ceoltóírí áitiúla páirteach i ngach ceantair.


Tuilleadh Eolais

Teileafón: 00353 877662624
Ríomhphost:liz-doyle@live.com
Suíomh Idirlín: www.donegaldew.com/
.


Imeachtaí Cultúrtha ar Oileán Thoraigh
Is iad seo a leanas na himeachtaí atá eagraithe ag Coiste Sóisialta agus Cultúrtha Thoraigh i mí an Mheithimh.

4 -6 Meitheamh: Féile na mBoscaí le Johnny Connolly agus an Cabaret Craicáilte.

11 Meitheamh: Josie Cannon

18 Meitheamh: DJ Vilar

3 - 18 Iúil: imeachtaí ar an oileán mar chuid de Fhéile an Earagail. Ina measc, tá Duke Special, céilithe agus go leor eile eagraithe.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: Daniel ag 086 8763754 nó Majella ag 086 2620154


Léacht - Michael Davitt & glúin INNTI - Leabharlann Chorcaigh
Léacht dhá-theangach faoi Michael Davitt agus filí eile ó ré na hirise INNTI, ó Theo Dorgan, file den ghlún chéanna. Chomh maith le sin, léifidh Dairena Ní Chinnéide, file óg ó Chorca Dhuibhne.
Dé hAoine, 19 Meitheamh, ag 7.30in san Lárleabharlann

Beidh an taispeántas ‘Filí INNTI agus Michael Davitt’ le feiscint ar feadh an mhí ar fad san Lárleabharlan.



Tuilleadh Eolas
Teileafón: 4924900 - Fax: 4275684
Ríomhphost:libraries@corkcity.ie
Suíomh Idirlín: http://www.corkcitylibraries.ie/resourcesservices/cultureimagination


Teach na bhFilí ag The Yard – Ceardlann Scríbhneoireachta. An Fál Carrach, Co. Thír Chonaill.

29 Bealtaine – 27 Meitheamh. The Yard, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall.

Ceardlanna scríbhneoireachta a reachtálfar i rith na deireadh seachtainí. Is iad na scríbhneoirí iomráiteacha le Janice Fitzpatrick Simmons agus Greagóir Ó Dúill a bheidh i gceannas ar na ceardlanna. Beidh siad ar siúl san Yard ar an bhFál Carrach. Díreofar ar an bhfilíócht i mBéarla agus i nGaeilge. Ní mhór clárú roimh deireadh mí Aibreáín.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: 074 9180728
Ríomhphost:poetshouse@eircom.net
Seoladh: The Poets House, Clonbarra, Falcarragh, Co. Donegal.


Coiste Forbartha Mhín an Aoire - Féile Cuimhneacháin Mick, Micheal agus Padraig Mac Giolla Chearra

4– 5 Meitheamh, 2010.

Beair Uí Dhomhnaill, Min an Aoire, Co. Dhun na nGall

Mick,Micheal and Pat Carr Memorial

Féíle i gcuimhne ar na sár cheoltóirí as Mhín an Aoire, Micheál, Mick agus Pádraig Mac Giolla Chearra. Aoíanna speisialta: Tom Byrne agus Martin Mc Ginely agus fáile ar leith roimh Mhártín Donoghue. Ceolchoirmeacha, seisiún, ranganna ceoil, ceardlanna agus go leor eile.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: (074) 9739297
Seoladh: Meenaneary, Carrick, Co. Donegal



Féiltí

Féile Tine Ghuagán Barra
Gugán Barra, Co. Chorcaí.

Dé hAoine 18 – Dé Domhnaigh 21 Meitheamh
Féile ilghnéitheach ealaíne agus ceoil. Eagraítear neart imeachtaí, idir cheol traidisiúnta, dhrámaíocht, thaispeántais ealaíne agus eile. Tugtar aitheantas do na healaíona dúchasacha.


Breis eolais
Ríomhphost: gouganebarrahotel@eircom.net
Teileafón: 026-47069


Féile Scannáin Faisnéise Ghuth Gafa
Gort a Choirce, Thír Chonaill.
Dé hAoine 11 – Dé Domhnaigh 13 Meitheamh
Féile idirnáisiúnta scannánaíochta a dhíríonn ar scannáin faisnéise. Eagraítear clár leathan de scannáin, léachtaí agus de sheimineáir agus taispeántar cuid de na scánáinn fáisnéise idirnáisiúnta is fearr a bhfuil.


Breis eolais
Teileafón: 074 9180730
Ríomhphost: info@guthgafa.com
Suíomh Idirlín: http://www.guthgafa.com/


Féíle na Scríbhneoirí, Lios Tuathail. Writers' Week Listowel
2 – 6 Meitheamh. Cuirtear roinnt imeachtaí liteartha i nGaeilge ar siúl le linn na féile seo. Is féile liteartha í a thugann áit lárnach do scríbhneoirí trí chomórtais agus ceardlanna a eagrú, agus deiseanna a thabhairt do scríbhneoirí lena saothar a chur os comhair an phobail.

Breis eolais
Seoladh: Ms. Marie Logue, 24 An Faiche, Lios Tuathail, Co. Chiarraí.
Teileafón: 068 21074
Ríomhphost: info@writersweek.ie
Suíomh Idirlín: http://www.writersweek.ie


Colmcille sa Ghleann
Gleann Cholm Ccille, Co. Dhún na nGall
4-7 Meitheamh

Féile d’imeachtaí ag ceiliúradh Colmcille i nGleann Cholm Cille.
Dé hAoine 4 Meitheamh, 8pm: Oscailt le Maolcholaim Scott (Colmcille) agus léacht ón Dr. Seosamh Watson. I measc na n- imeachtaí a bheidh ar siúil don chuid eile den deireadh seachtaine, beidh: Ranganna i nGaeilge na hAlbain do lucht Gaeilge na hÉireann, gur tosaitheoirí iad;Ceardlanna damhsa ar an tsean-nós le Joe McGuiggan;Ceolchoirm le Doiminic Mac Giolla Bhríde & Greagóir Labhraidh; Céilí Mór le Clement Ó Gallchóir agus a cheoltóirí; agus go leor eile.
Cuireann Oideas Gael cúrsaí Gaeilge agus laethe saoire cultúrtha ar siúl fosta. Breis eolais ag na sonraí teagmhála thíos.

Breis eolais
Teileafón: 074 97 30248
Suíomh Idirlín: www.Oideas-Gael.com http://www.gleanncholmcille.com/colmcille.htm


Scoil Samhraidh Fidléireachta Ghleann Cholm Cille
Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall
Iúil 25 – 30, 2010.
Scoil cheoil agus féile cheoil thraidisiúnta a bhfuil oidhreacht shaibhir ceoil dheisceart Thír Chonaill mar fhoinse inspioráide aige. Ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlanna agus seisiúin cheoil. Eagraíonn Ceol sa Ghleann an fhéile.


Breis eolais
Teileafón: 087 2873576.
Ríomhphost: info@ceolsaghleann.com
Suíomh Idirlín: www.ceolsaghleann.com


Féile na Gréine
Ciarraí Theas.
20 – 22 Meitheamh: Féile ilghnéitheach, ildána. Na réimsí uilig ealaíne le healaíontóirí áítiúla agus náisiúnta. Clár leathan, spéisiúl agus cruthaitheach.



Breis eolais
Seoladh: Fíona de Buis, An Coireán.
Teileafón: 066 94 78956
Ríomhphost: fdebuis@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.feilenagreine.com


Féile na mBoscaí – Oileán Thoraigh
OIleán Thoraigh, Co. Dhún na nGall.
4 -6 Meitheamh
Féile a déanann ceiliúradh ar an mbosca ceoil- uirlis ceoil atá comhcheangailte le ceoltóirí Thoraigh. Beidh scoth de na boscadóirí ceoil ag freastal ar an oileán, ina measc beidh Johnny Connolly. Beidh an Cabaret Craicáilte ar siúl mar chuid den fhéile fosta.

Breis eolais
Teileafón: Daniel ag 086 8763754 nó Majella ag 086 2620154


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

http://www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.