|
|
Nuacht
Fáilte go nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta
Tá acmhainn poiblíochta nua á chur
ar fáil ag An Chomhairle Ealaion.
Beidh seirbhís nua d’arb teideal Culturefox
ar fáil saor in aisce d’eagraíochtaí
ealaíne. Is suíomh idirlín agus “app”
é Culturefox a fheidhmíonn ar ríomhairí
agus ar fhóin phócaí. Áis is
ea í a bhainfidh turasóirí agus an
pobal i gcoiteann úsáid as chun eolas a fháil
ar na himeachtaí ealaíona atá ar siúl
ar fud na tíre. Beidh an pobal ábalta teacht
ar an eolas seo go gasta agus go héasca. Foinse eolais
údarásach a bheidh ann agus tá sé
beartaithe go mbeidh Culturefox mar an bpríomhfhoinse
eolais ar imeachtaí cultúrtha sa tír.
Is féidir le heagraíochtaí cultúrtha
agus ealaíontóirí an tseirbhís
a úsáid saor in aisce agus tá sé
an-éasca eolas a chur ar an suíomh. Is féidir
tuilleadh eolais a fháil ag: http://prelaunch.culturefox.ie/
nó ar an suíomh fón póca: http://prelaunch.culturefox.ie/mobile/
Seolfar an suíomh go hoifigiúil ar an 1 Meitheamh.
Glacfar le haischothú ag admin@culturefox.ie
Chomhfhiontar idir an Chomhairle Ealaíona,
Fáílte Ireland agus an Roinn
Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta is
ea Culturefox.
Beidh an Seachtain Oidreachta Náisiúnta
ar siúl ón 21-18 Lúnasa,2011. Is féile
bliaintiúil í seo a eagraíonn
an Chomhairle Oidhreachta. Bíonn imeachtaí
oidreachta de gach cineál ar siúil le linn
na seachtaine agus is é cuspóir na féile
ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht
shaibhir na tíre. Má tá spéis
ag d’eagraíocht imeacht nó ócáid
a eagarú, ní mhór é a clárú
leis an gComhairle Oidhreachta ar an suíomh idirlín
www.heritageweek.ie no is féidir dul I dteagmháil
leis an gComhairle ag: heritageweek@heritagecouncil.ie
Tá rogha leathan d’ imeachtaí
agus de fheiltí ar siúl ar fud na
Gaeltachta i rith mí na Mheithimh. Tugann na himeachtaí
agus na féíltí árdán
d’oidhreacht shaibhir na Gaeltachta.
Tá neart féiltí le blas Gaelach ar
siúl ar fud na tíre chomh maiht, mar aon leis
neart imeachtaí ealaíona ilghéitheacha
agus ildánacha eile. Tá tuilleadh eolais fúthu
uilig ar fáil sa ríomhlitir. Lena hais sin,
tá eolas faoina deiseanna éagsúla atá
ar fáil d’ealaíontóirí
agus d’eagraíochtaí ealaíne.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Folúntas
| Ionad na Fuiseoige,
Béal Féirste
|
Áisitheoirí – Postanna
séasúracha
Tá folúntas ag Ionad na Fuiseoige d’áisitheoirí
ealaíona. Is ag teagasc ranganna agus ceardlanna
I rith an tsamhraidh a bhéas na háisitheoirí.
Ní mhór go mbeadh taithí chuí
ag iarratasóirí.
Tá an tIonad ag lorg áisitheoirí
leis ceardlanna sna réimsí seo a leanas
a theagasc:
• Faisiún
• Filíocht agus scríbhneoireacht
chruthaitheach.
• Dealbhóireacht
• Potadóíieacht
• Seodóireacht.
• Scannáin agus físeáin.
• Grianghrafadóireacht Dhigiteach
• Mascanna
• Graffiti
• Líneadóireacht agus dearadh
“comics”.
Beidh na postanna seo ar bhun páirtaimseartha
agus leanfaidh siad ar feadh tréimhse 6 -8
seachtain. Tuilleadh eolais ag an sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Dáta
|
10 Meitheamh,
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: 6 Summerhill Road, Twinbrook,
N. Ireland, BT17 0RL
Teileafón: 028 9062 0373
Ríomhphost: k.obrien@ionadnafuiseoige.com
|
| Compantas Drámaíochta
Kabosh
|
Bainisteoir ginearálta
Tá folúntas ag Compantas Drámaíochta
Kabosh do Bhainisteoir Ginearálta. Beidh an
bainisteoir ginearálta freagrach as bainistiú,
riarachán agus forbairt an chompántais.
Turastáil: £21,000 sa bhliain.
Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí
thíos.
|
|
Dáta
|
6 Meitheamh,
2011
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.kabosh.net
Ríomhphost: info@kabosh.net
Teileafón: +44 (0) 28 9024 3343
Seoladh: Kabosh, Imperial Buildings,
72 High Street, Belfast, BT1 2BE |
| Everyman Palace
Theatre
|
Stiúirthóir Ealaíne
Tá folúntas ag Amharclann Everyman Palace
do Stiúirthóir Ealaíne. Is compántas
iad Everyman Theatre atá ag forbairt agus ag
fás.. Ní mhór go mbeadh taithí
léiritheoireacht drámaíochta
ag an iarratasóir mar aon leis saineolas cuimsitheach
ar an drámaíocht, drámaíocht
na tíre seo ach go háirithe.
Tuilleadh eolas ar an bpost le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Dáta
|
3 Meitheamh,
2011
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.everymanpalacetheatre.com/
Seoladh: The Chairman, Everyman Palace
Theatre, 15 MacCurtain Street, Cork. |
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtainí Ealaíon
agus Míchumais na Éireann
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú
ar an scéim seo ach is The Arts and Disability
Forum (ADF) a riarann í.
Tá Dámhachtainí Ealaíon
agus Míchumais na hÉireann á
gcómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon
agus ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Tugann na Dámhachtainí Ealaíon
agus Míchumais tacaíocht airgeadais
dealaíontóirí faoi mhíchumas
agus cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann
agus i dTuaisceart Éireann atá ag obair
i ngach foirm ealaíne. Tá sí
mar aidhm ag an scéim seo dúshlán
a sholáthar agus spreagadh a thabhairt do chruthaitheacht,
thástáil agus scoth na n-ealaíon.
Is féidir le gach iarratasóir cur isteach
ar £5,000 nó a chomhluach in euro ar
an uasmhéid.
Tá pacáistí faisnéise
agus foirmeacha iarratais le fáil ó
shuíomh gréasáin an ADF, http://www.adf.ie
|
|
Spriocdháta
|
22 Meitheamh, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: The Arts and Disability
Forum
Ground Floor, 109/113 Royal Avenue, Béal Feirste
BT1 1FF
Teileafón: 048 9023 9450
Ríomhphost: gillian@adf.ie
Suíomh idirlín:
http://www.adf.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtán Sparántachaí
Tá na sparántachtaí seo a leanas
ag tairiscint ag an gComhairle Ealaíona:
• Dámhachtán Sparántachta
-Damhsa.
• Dámhachtán Sparántachta-
Litríocht
• Dámhachtán Sparántachta-
Ealaín Sráide agus taibhléiriú.
• Dámhachtán Sparántachta
- Ceoldrámaíocht.
• Dámhachtán Sparántachta
- Daoine óga, páistí agus na
healaíona.
Tá gach eolais le fáil ar shuíomh
idirlín na comhairle: www.artscouncil.ie
Beidh fáil ar na treoirlínte le híoslódáil
go luath.
|
|
Spriocdháta
|
14 Iúil , 2011
|
|
Eolas
|
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín:
www.artscouncil.ie
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Deis
Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon
traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú
tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon
le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann
a gcuid tograí go rómhaith do na cláir
mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag
an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí
ó gach réimse de na healaíona
traidisiúnta (ceol, amhránaíocht
agus rince traidisiúnta agus na healaíona
béil, cosúil leis an scéalaíocht
agus an t-agallamh beirte). Gach eolais faoin scéim
agus faoi chriteár na scéime le fáil
ag an sonraí teagmhála thíosluaite.
|
|
Spriocdháta
|
9 Meitheamh, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492
|
| Cultúr Éireann
|
Cultúr Éireann – Deontas.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú
ar eagraíochtaí ealaíona nó
ealaíontóirí chun sár-imeachtaí
cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl
thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh
ócáidí (m.sh. léiriúcháin,
taispeántais, léachtaí), ócáidí
nach mbíonn an eagraíocht ná
an léiriúchán féin in
ann na costais ina leith a íoc. Tá foirmeacha
agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh
gréasáin
|
|
Spriocdháta
|
15 Lúnasa, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh : Cultúr Éireann,
Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353
1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh
Idirlín: www.cultureireland.gov.ie
|
| An Greásán
Ceoil
|
Dámachtán sa Cheol - Taibhléiriú
agus Camchuairteanna.
Is é aidhm na scéime ná deiseanna
a chruthú do cheoltóirí agus
do bhuíon ceoil ionas go mbeidh sé ar
a gcumas dul ar chamchuairt nó sraith cheolchoirmeacha
a reachtáil. Is é cuspóir na
scéime ná deis a thabhairt do cheoltóirí
a saothar a léiriú do lucht féachana.
Tá an scéim á reachtáil
i gcomhair leis an gComhairle Ealaíon.
Tuilleadh eolais le fáil ag an suíomh
idirlín www.musicnetwork.ie
|
|
Spriocdháta
|
13 Meitheamh, 2011
|
|
Eolas
|
Teileafón: 01 6719429.
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie
|
| An Greásán
Ceoil
|
Scéim na nEalaíontóirí
sa phobal
Arna feidhmiú ag Create, an ghníomhaireacht
forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach.
Tugann Scéim na nEalaíontóirí
sa Phobal maoiniú chun tacaíocht a thabhairt
dealaíontóirí agus pobail atá
ag obair lena chéile le tionscadal agus/nó
ócáid ealaíonta a bhaint amach.
Tá dhá chéim sa scéim
seo:
Tá Céim a hAon oscailte d’ealaíontóirí
gur mian leo taighde agus forbairt a dhéanamh
ar thionscadal i gcomhthéacs pobail. Is é
an t-uasmhéid ama a cheadófar ná
trí mhí. Is é an t-uasmhéid
a thugtar i gCéim a hAon ná €1,000.
Tá gá le litir tacaíochta ón
bpobal ina mbeidh an tionscadal ar bun in iarratais
do Chéim a hAon.
Tá céim a dó ar oscailt do phobail/áiteanna
leasmhara agus/nó a gcuid eagraíochtaí
ionadaíocha. Tá dhá leibhéal
dámhachtain ar fáil i gCéim a
Dó: uasluach na dámhachtana de €5,000
do thionscadal a mhairfidh ó 6 seachtaine go
5 mhí, agus uasluach na dámhachtana
de €10,000 do thionscadal de 6 mhí go
9 mí. Caithfear go mbeadh na hiarratais comhshínithe
ag an ealaíontóir agus ag an bpobal.
|
|
Spriocdháta
|
27 Meitheamh, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: Create, Project Support and Professional
Development, 10/11 Sráid an Iarla Theas, Baile
Átha Cliath 8
Teileafón: +353 1 473 6600
Ríomhphost: support@create-ireland.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
nó www.create-ireland.ie
|
Deiseanna
Eile
| An Greásán
Ceoil
|
Damhachtán
Náisiúnta na gCeoltóirí
óga
Fáiltíonn an Gréasán Ceoil
roimh iarratais ar an dámahachtán náisiúnta
do cheoltóirí óga. Fáilteofar
roimh iarratais ó ghrúpaí traidisiúnta
ar mhian leo slí bheatha a bhaint amach san
earnáil ceoil ar bhun gairimiúil. Tré
an scéim, cuirfear deiseanna meantóireachta,
taifead agus forbairt gairmiúil ar fáil
ar feadh tréimhse trí bhliain mar aon
leis roinnt deiseanna eile.
Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Seoladh: The
Coach house, Dublin Castle. Baile Átha Cliath
2.
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
|
| Irishart.com agus Irishartblog.com
|
Deis
bolscaireachta d’ fhísealaíontóirí
Cuireann www.irish-art.com
spás idirlíne ar fáil saor in
aisce d’fhísealaíontóírí
ar shuíomh idirlín na heagraíochta.
Is féidir le físealaíontóirí
a spás féin chruthú ar an suíomh,
agus bolscaireactha a dhéanamh ar a saothair.
Tugtar deis poiblíochta d’fhísealaíontóirí
ar an suíomh www.irishartblog.com
freisin.
Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.irish-art.com
agus www.irishartblog.com
|
| Féile Raifeartaí,
Maigh Eo.
|
Gradam
Raiftearaí 2011
Comórtas nua filíochta a eagrófar
mar chuid de Fhéile Raifeartaí.
Céad áit: € 750
Dara áit: € 500
Triú áit: € 250
Glacfar le hiarratas i nGaeilge. Déanfar gearrliosta
de na 6 iarratas is fearr i nGaeilge. Tabharfar lóistín
saor in aisce don sheisiúr sin mar aon leis
costais cothála ar fiú €50 é.
Beidh deis ag na filí sin a saothar a léamh
ag an bhféile i gCoillte Mach, Co Mhaigh Eo
i mí na Samhna 2011. Fógrófar
buaiteoirí an chomórtais ag an bhféile.
Tuilleadh eolais mar aon leis foirm iarratais agus
rialacha an chomórtais le fáil ag an
suíomh idirlín:
http://www.rafteryfestival.com/en/therafteryaward2011
|
|
Spriocdháta
|
31
Lúnasa, 2011
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín:
http://www.rafteryfestival.com/en/therafteryaward2011
Seoladh: Ms.
Louise Lawrence, 33, Rathcluain Village, Kiltimagh,
Co. Mayo
|
| Fibiín Teo.
|
SárScoil
Dhrámaíochta Fíbín
Tá Fíbín ag cuartú aisteoirí
óga ó cheann ceann na tíre chun
páirt a ghlacadh sa SárScoil Dhrámaíochta
Fíbín. Tá an comhlacht ag iarraidh
deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga
ón nGalltacht agus ón nGaeltacht sárchúrsa
drámaíochta trí mheán
na Gaeilge a dhéanamh an samhradh seo. Gheobhaidh
na daoine óga taithí fhíorluachmhair
agus iad faoi oiliúint an scríbhneóra/stiúrthóra
Paul Mercier (Stiúrthóir den sraith
Aifric ar TG4) le linn na ceardainne a chuirfear ar
fáil. Beidh Fíbín ag socrú
éisteachtaí timpeall na tíre,
chun na haisteoirí óga is fearr a roghnú
don gceardlann samhraidh. Beidh an chéad bhabhta
ar siúl ar fud na tíre i Mí na
Bealtaine , beidh na héisteachtaí deireanacha
i lár Mhí Meithimh agus beidh an Sár-Scoil
Drámaíochta ar siúl idir 5 –
16 de Mhí Iúil.
Eolas Riachtanach faoin Sár-Scoil Drámaíochta
Beidh an Sár-Scoil Dhrámaíochta
ar oscailt le haghaidh mac léinn idir 15 –
17 mbliana d’aois ar an 1 Meán Fómhair.
Caithfear Gaeilge líofa a bheith ag na mic
léinn, agus suim mhór sa drámaíocht
ar ndóigh!
Éisteachtaí
Beidh éisteachtaí ar siúl i gConamara,
i nGaillimh, i Sligeach, i mBaile Átha Cliath,
i gCorcaigh, i gCiarraí agus i nDún
na nGall idir 10 -27 Bealtaine.
Costas
Beidh costas €400 ar an chúrsa, ach beidh
scolaireacht ar fáil do mhac léinn amháin
le haghaidh an chúrsa.
|
|
Spriocdháta
|
Dátaí
áirithe
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Méabh NicAlastair, Fíbín
Teo., na hAille, Indréabhán, Co. na
Gaillimhe.
Ríomhphost: meangadh@gmail.com
Teileafón: 091-505855.
Suíomh Idirlín:www.fibin.com
|
Oiliúint
| Nothern Irleand Screen/
An ciste craoltóireachta Gaeilge
|
Scéímeann
Oiliúna - Teilifís
Tá an ciste craoltóireachta Gaeilge
ag lorg iarratais ó chainteoirí Ghaeilge
do dhá scéim oiliúna.
• Scéim d’iontrálaithe nua
i scileanna léiriúcháin don teilifís.
(dírithe ar dhaoine atá nua don earnáil).
• Scéim do léiritheoirí
faoi oiliúnt (dírithe orhtu siúd
atáar a laghad bliain de thaithí acu
san earnáil léiriúcháin.
I rith na scéimeanna lánaimseartha (Meán
Fómhar 2011 – Lúnasa 2012) beidh
na hoiliúnaithe ag foghlaim na ceirde agus
iad ar shocrúchán le comhlacthaí
léiriúcháin teilifíse
agus le NvTV (an stáisiún áitiúil
teilifíse i mBéal Féirste).
Chun pacáiste iarratais agus tuilleadh eolais
a fháil déan teagmháil leis na
sonraí teagmhála thíos
|
|
Spriocdháta |
2
Meitheamh, 2011 |
|
Eolas |
Teileafón: 028 90232444
Ríomhphost: Brendan@northernirelandscreen.co.uk
Seoladh: Breandan Hehir, Scáileáin
Thuaisceart Éireann, 21 Sráid Alfred,
Béal Féirste BT2 8ED
Suíomh idirlín: www.northernirelandscreen.co.uk
|
| Cló Ceardlann
na gCnoc, Dún na nGall
|
Cúrsaí
Samhraidh - Cló Ceardlann2011
Cúrsa Samhraidh do phaistí le John
Doohan:
Iúil 11ú –15ú.. 10.30 r.n.
– 3.00 i.n
Beidh scileanna úra a fhoghlaim gach lá,
ina measc péintéireacht agus líníocht,
ag déanamh deilbh ag baint úsáide
as ábhair athchúrsáilte agus
páipéar maché, déanamh
féin phortráidí agus ag úsáid
marla.
Eitseáil Grianghrafadóireacht (Photo-Etching)-le
Aoife Mc Garrigle:
Iúil 9/10ú 10 r.n. – 4 i.n.
Foghlaim bunús na scile seo agus “photo
polymer printmaking”. Costas €70 (baill
den chlub Eitseáil €60),
Liteagrafaíocht Cloiche (Stone Lithography)
le Aoife Mc Garrigle:
Iúil 17ú. 10 r.n. – 4 i.n.
Foghlaim ealaín na liteagrafaíocht cloiche.
Is próiseas idéalach é seo dóibh
súid a maith leo oibriú díreach
ar an dromchla péinteála. Baintear úsáid
as dromchla na gcloch chun pictiúr a dhéanamh
air.Costas €70 (baill den chlub Eitseáil
€60),
Péintéireacht tírdhreacha
(Landscape Painting) le Heidi Nguyen:
Iúil 23 & 24ú. 10 r.n. – 5
i.n.
Ceardlann dhá lá leis an ealaíontóir
Héidí Nguyen. Is é an téama
ná an dóigh le péintéireacht
tírdhreacha a phleanáil ó thús
go deireadh. Costas€70 , €35 an lá
(baill den chlub Eitseáil €60),
Ceardlann ealaín do phaistí (aois
6 -11) le Fotini Kariotaki
1ú – 5ú Lúnasa. 10.30 r.n.
– 3.00 i.n
Ceardlann Grianghrafadóireachta (Photo
Workshop) le Ingo Dünnebier
5-7ú Lúnasa., 10 r.n. – 4 i.n.
Foghlaim an dóigh le smaointí a fhorbairt
agus coincheap do shraith grianghraif a oibriú
amach. Cuir feabhas ar scileanna teicniúla,
choincheapúil srl. Ag obair le teicnicí
éagsúla “exposure” chun
toradh níos fearr a fháil ar do shaothar.
Fáilte roimh chur chuige digiteach, analógach
nó hibrid. Costas: (€120, €100 baill
den chlub Eitseáil)
Ealaín lasmuigh agus laistigh (In and
Outdoor Art) le Fotini Kariotaki.
5-7ú Lunasa. 10 r.n. – 4 i.n.
Struchtúr agus ábhar i gcleachtas
Ealaíne le Fotini Kariotaki & Ingo Dünnebier
.
13 & 14ú Lúnasa. 10 r.n. –
4 i.n.
Tuilleamh eolais ar ábhar na gcúrsaí
agus chun ait a chur san áireamh déan
teagmháil ag na sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla |
|
Eolas |
Teileafón: 074 9162800
Seoladh: Mín an Leá,
Gort a Choirce, Co. Dhún na nGall
Suíomh Idirlín: www.clo.ie
|
| Cláirseach
agus Glóranna |
Ceardlann Amhránaíochta agus
Cláirsigh le Moya Brenann agus Cormac de Barra.
11/12 Meitheamh 2011
Tig Leo, An Croithshlí agus Ionad Naomh Pásraig
Dobhair, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Ceardlann amhránaíochta agus cláirsigh
faoi stiúir na ceoltóirí iomráití
Moya Brenann agus Cormac de Barra. Gach eolais faoi
na ceardlanna le fáil ag http://www.voicesandharps.com/
Beidh Seoladh ar an CD Voices & Harps le Moya
Brenanna agus Cormac de Barra ar siúl i dTigh
Leo ar an Aoine 10 Meitheamh ag 8.00 i.n. Beidh ceolchoirm
ina dhiaidh.
|
|
Spriocdháta |
10 – 12 Meitheamh |
|
Eolas |
Suíomh Idirlín:
http://www.voicesandharps.com/
|
| Business to Arts
|
Conas
suíomh idirlín a chrúthú
agus a bhainsitiú i gcomhair le Everyman Training.
Clár dhá lá a reachtáltar
gach Déardaoin agus Aoine i mBaile Átha
Cliath. Cuirtear an cúrsa seo ar fáil
do dhaoine nach bhfuil aon scileanna teicniúla
nó ríomhaireachta acu. Is féidir
gach eolas ar shiollabas an chúrsa a fháil
ag: http://www.online365.ie/training.htm
Is eagraíocht é Buisness to Arts a
cothaíonn nascanna idir an lucht gnó
agus an earnáil ealaíne.Tugar lascaine
do bhaill de Buisness to Arts ar chúrsaí
oiliúna An Irish Times agus Sureskills. Is
féidir clár na gcúrsaí
seo a fheiceáil ag www.businesstoarts.ie
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla. |
|
Eolas |
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦
Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie
Seoladh: Rowena Neville, Director
of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex
St, Temple Bar, Dublin 2. |
| Co-Chumann na Páirc
|
Cúrsa
Gàidhlig i gcroílár Eilean Leòdhais
Beidh deis ag cainteoirí Gaeilge as Éirinn
Gaeilge na hAlban a fhoghlaim in Pàirc i gcroílár
Eilean Leòdhais. Cúrsa píolóta
atá ann a úsáideann modhanna
teagaisc ULPAN, siostam a bhfuil ina bhfuil aird ar
leith ar an chaint agus ar an éisteacht. Tá
an cúrsa á eagrú ag Co-chumann
na Pàirce i bpáirt le Colàist
a’ Chaistil, Steòrnabhagh.
Is deis ar leith é seo ar chúrsa Gàidhlig
a dhéanamh i ceantar ina labhraítear
Gàidhlig, agus beidh deiseanna ann fanacht
ag teaghlaigh a labhraíonn an teanga.
£295 luach an chúrsa, agus lóistín
san áireamh. Tá cuidiú áirithe
ar fáil le taisteal as Éireann nó
as tír mór na hAlban is na Breataine.
|
|
Spriocdháta |
Níl
spriocdháta I gceist. |
|
Eolas |
Seoladh: Margaret MacLennan, CO-CHOMUNN
NA PÀIRC, Ravenspoint, Kershader, South Lochs
Isle of Lewis
Teileafón: 01851-880236
Ríomhphost: info@ravenspoint.net
Suíomh Idirlín: www.ravenspoint.net
|
Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún
|
Groundwork NI
|
Múrmhaisiú
– Scéim ealaíon poiblí
I Léím an Mhadaidh, Co Dhoire.
Fáitíonn Limavady Neighbourhood Renewal
Partnership Groundwork NI roimh aighneachtaí
ó ealaíontóirí chun múrmhaisiú
(mural) a chruthú. Ní mhór go
léiríonn an saothar íomhá
dearfach agus sonasach den cheantar. Beidh súil
go gcruthófar an múrmhaisiú i
gcomhar le grúpaí pobail ón gceantar.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais,
cuspóir na scéime agus na coinníollacha
le fáil ag na sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Spriocdháta
|
17
Meitheamh, 2011
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín:
www.groundworkni.org.uk
Ríomhphost:seancurran@groundworkni.co.uk
Teileafón: 028 71341844 /
07736131259
|
Imeachtaí
Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne,
Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile
Mhúirne ná na healaíona d'árd
chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon
a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá
clár dúshlánach leagtha amach ag an
ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí
rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí
ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo
i gceart lár saol ealaíona Ghaeltacht Mhúscraí.
Is é trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear
na himeachtaí go léir san Ionad.
Is féidir gach eolais ar imeachaí an ionaid
a fhaíl ag www.ionadculturtha.ie
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh
Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net
Arás Éanna, Inis
Oirr
Ionad Ealaíne in Inis Oirr is ea Áras Éanna.
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thiosluaite.
Scailpeacha le Hardy Langer
Bhí Hardy Langer ina “EalaíontóirCónaitheach”
in Inis Oírr i rith na bliana 2010.(Ina chuid saothair)
Bíonn an t-ábhar turasóireachtafaoi
scáthchulaith bhalla cloiche aige ionas gombíonn
doiléire de chineál sa ...
03 Meitheamh 11 19:30 to 30 Jun 11 21:00 –
CEOLCHOIRM/CONCERT: “PADDY KEENAN &
JAMES RILEY”
Ceolchoirm le Paddy Keenan agus James Riley Is é
Paddy Keenan an píobaire is fearr i meascphíobairí
uillinn an domhain. Beidh tionlacan aigesa cheolchoirm seo
in Áras Éanna ón máistir ar
anngiotár, James ...
04 Meitheamh 11 19:30 to 04 Jun 11 21:00 –
CEOLCHOIRM/CONCERT: “MICHELLE BURKE &
ALAN KELLY”
Ceolchoirm le Michelle Burke & Alan Kelly. Tá
fáilte in Áras Éanna roimh an amhránaí
iontachMichelle Burke (a bhíodh le Cherish the Ladies)agus
an boscadóir as Ros Comáin, Alan Kelly, átionlacan
ar an gcairdín ...
05 Meitheamh 11 19:30 to 05 Jun 11 21:00 -
RÍONACH UÍ ÓGÁIN, BÉALOIDEAS
UCD “INIS OÍRR TORADH NA HOIBRE”
Seo Léacht ar ábhar a bailíodh in Inis
Oírratá anois i gCnuasach Bhéaloideas
Éireannsa gColáiste Ollscoile, Baile Átha
Cliath –grianghraif, ábhar fuaime agus scríbhinní.Bhí
Leo Corduff agus Ciarán Bairéad ar ...
10 Meitheamh 11 19:30 to 10 Jun 11 21:00
FÉILE AN PHATRÚIN – PATRON
FESTIVAL
Féile an Phátrún – Huicéirí
Chonamara istigh – 11/12 Meitheamh Is í Féile
an Phátrúin, in onóir Naomh Caomhán,
pátrún an oileáin, an fhéile
isseanbhunaithe in Inis Oírr.
11 Jun 11 19:00 to 12 Jun 11 21:00 -
“GALWAY GIRL” DRÁMA LE TRUE
WEST & CORA FENTON
“Galway Girl” dráma le True West &
Cora Fenton Scríbhneoir / Written by: Geraldine AronAisteoir
/ Starring: Cora Fenton.Léitheoireacht
18 Meitheamh 11 19:30 to 18 Jun 11 21:00
CEOLCHOIRM/CONCERT: “TYRRELL /GLACKIN/BROWNE”
Ceolchoirm le Seán Tyrell, K Glackin, Rónán
Browne. Beidh seoladh faoin triúr cumasach spreagúil
seo,TyrrellGlackinBrowne, leis an seó speisialta
trínadtugtar le chéile na hamhráin
a chum Tyrell féin.
19 Meitheamh 11 19:30 to 19 Jun 11 21:00
FÉILE NA MBODHRÁN – “CRAICEANN”
Féile na mBodhrán – “Craiceann”
Coinnigh istigh na gabhair! Coinnigh istighan chlann iníon!Is
cúis áthais d’Ionad Ealaíne ÁrasÉanna
bheith ceangailte leis an bhféilebodhránaíochta
“Craiceann” a ...
20 Meitheamh 11 19:00 to 24 Jun 11 21:00
CEOLCHOIRM/CONCERT: “BEOGA”
Ceolchoirm le Beoga Scanróidís thú,
aclaíocht don chluais, nímóide go bhfuil
sé sábháilte.Tá Beoga chun tosaigh
ar an stíl nuaÉireannach. “Simply thrilling,
an auditory high-wire actwithout a ...
21 Meitheamh 11 19:30 to 21 Jun 11 21:00 -
CEOLCHOIRM/CONCERT: “FIDIL”
Ceolchoirm le Fidil Ceol Dhún na nGall ar an bhfidil
a bhíonnag “Fidil”. Tá beirt a
bhuaigh gradam ceoildo cheoltóirí óga,
Aidan O’Donnell agusCiarán Ó Maonaigh,
22 Meitheamh 11 19:30 to 22 Jun 11 21:00 -
CEOL/MUSIC: “DJ’S ALLE FARBEN &
WISEACRE”
Seo é an chéad uair ag Alle Farben, as Berlin,
agusDJ Wiseacre as L.A. ag casadh in Ionad Ealaíne
ÁrasÉanna. Ticéid teoranta, cuir do
thicéad in áirithe goluath ag www.araseanna.ie.
At Áras Éanna from 24 Jun 11 19:30 to 24 Jun
11 21:00 - Ceol / Music - Details
Gareth Kennedy-Fórsheomra-Front room Áras
Éanna Suiteála Ealaíne
01 Iúil 11 08:00 to 31 Jul 11 21:00
“Aran of the Saints” Fuaimrian
Beo / Live Sountrack
Féile Scannánaíochta Árainn
– 1/3 IúilSUPER8 SHOTS ÁRANN: FÉILE
SCANNÁN ÁRANN 8MM Ceoltóirí
/ Musicians:Micheál Ó hAlmhain • Caitríona
Ní Almhain • Dara Ó Conaola •Deirdre
Ní ChonghaileIs.
01 Iúil 11 19:00 to 07 Jul 11 21:00
SEÓ SAMHRAIDH INIS OÍRR
“Aran of the Saints” le ceol beo ar stáitse.
SEÓ SAMHRAIDH INIS OÍRR“Slánú
Inis Oírr” Scéal greannmhar faoi “Shlánú”
Inis Oírr.
01 Iúil 11 19:30 to 31 Aug 11 21:00
SUPER8 SHOTS ÁRANN: FÉILE SCANNÁN
ÁRANN 8MM
Féile Super8 Árainn Bí chugainn don
chéad taispeáint phoiblí ar lón
scannánaíochta8mm as Árainn agus Iarthar
na hÉireann. Beidh saotharcomhaimseartha ann leis
na ealaíontóir Gareth Kennedy.
02 Iúil 11 08:00 to 03 Jul 11 21:00
Seanstíl Éadaigh Inis Oírr
Oscailt Oifigiúl ar Taispeántas Tír
& Taispeántas Éadaigh Thraidisiúnta
Thugadh cuairteoirí ar Oileáin Árann
suntas don bhealach a mbíodh na daoine gléasta.
08 Iúil 11 19:30 to 31 Aug 11 21:00
“LOVE & FURY - THE PASSION OF JONATHAN
SWIFT” le David Heap.
Dráma “Hope and Passion” le David Heap.
Oirfideach / Performer: David HeapSoprano: Michelle WagsjoCeoltóir
/Musician: Mal WhyteDearthóir / Designer: Jeni RoddyLéiritheoir
/ Producer: Paul HayesSoilse / ...
09 Iúil 11 19:30 to 09 Jul 11 21:00
TÍR
Oscailt Oifigiúl ar Taispeántas “Tír”
in Amharclann Halla na Cathrach Tógadh seisear físealaíontóirí
tríd an togra seoóna bpobal dúchais
féin – sa Ghaeltacht, snahOileáin Thiar
in Albain agus i gceantracha eile ceilteacha.
15 Iúil 11 17:00 to 31 Aug 11 21:00
Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní
Ghallchóir:
Ríomhphost :araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad
Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann,
Co Na Gaillimhe.
Gailearaí Joan Clancy,
An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa
Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar
ó Dhún Garbhán. Tá stádas
á bhaint amach aige de réir a chéile
mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon
comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.
Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn
i nGaeltacht Phort Láirge
Tá bailiúchán iontach sa Gailearaí,
ina measc saothair úrnua ó Arthur Maderson,
Katarzyna Gajewska, Blawnin Clancy, Dave West, Andrea Jameson,
Rayleen Clancy, John Cullinan, Mary Clancy agus ó
bhuaiteoir IFTA Ross Stewart, a bhí mar Stiúrthóir
Ealaíne ar an scannán ‘The Secret of
Kells’, a ainmníodh I gcomhair Academy Award.
Ní féidir na praghasanna a shárú
agus is am iontach anois é chun saothar ealaíne
a cheannach.“Is fiú go mór turas a thabhairt
ar Thaispeántas na Cásca i Joan Clancy Gallery”
arsa Con Power san Irish Arts Review.
Tá Joan Clancy Gallery lonnaithe sa Rinn in aice
le Coláiste na Rinne.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh
Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó
086 8134597
Seoladh
: Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne,
An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol ann - rap, snagcheol,
ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil
agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú,
filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile
ar an gclár fosta Oíche chraiceáilte
den scoth.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó
097 81079
Ríomhphost:
Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh
Idirlín:
www.craiceailte.com
Aos Cró -Oíche filíochta
le Colm Breathnach
Domhnach 5ú Meitheamh @ 8.30in
Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh,
Co. Chiarraí.
An file Colm Breathnach curtha i láthair ag Aos Cró.
Cuirtear fáilte roimh baill den lucht éisteachta
gur mhaith leo rud ar bith – prós nó
filíocht, a saothar féinig nó saothar
duine eile – a léamh i gcomhluadar cáirdiúil
neamhfhoirméalta. Saorchead isteach agus braon fíona
nó caife saor in aisce. Bí linn!
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reáchtálann an tIonad imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ó ham go chéile, mar
aon leis imeachtaí oidhreachta. Téigh i dteagmháil
leis an ionad chun eolas a fháil ar na himeachtaí
atá ar siúl faoi láthair.
Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh
Idirlín: http://www.heritageireland.ie
nó www.ceiliuradh.com
Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead,
Co Mhaigh Eo
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fháil ag
na sonraí teagmhála thíos.
10 Meitheamh, 8.00 i.n. Frankie Gavin agus De Danann
15 -24 Iúil: Féile Iorrais.
Féile a dhéanann ceiliúradh ar thraidisiún
ceoil agus cultúir na tíre.
24 Iúil: Don’t dress for Dinner
Dráma spleodrach, grinn leis an Beezneez Theatre
Company.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an
Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/
Tráthnónta siamsaíochta san
Ardchathair – Gael Linn
An aidhm atá leis na tráthnónta seo
ná deis a thabhairt do lucht na Gaeilge san Ardchathair
teacht le chéile tar éis lá oibre nó
lá siopadóireachta, scaoileadh leis an trácht,
deoch a ól, greim beag a bheith acu le n-ithe agus
sult a bhaint as ceol den scoth!
Is in Amharclann Bewley’s, sa chaifé stairiúil
ar Shráid Ghrafton, a bhíonn an chraic ar
oícheanta Mháirt go míosúil
ó 6p.m. go 8p.m. I measc na n-oirfideach a bhí
linn go dtí seo bhí Jimmy Crowley, Cormac,
Fionán agus Éamonn de Barra, Mac Dara Ó
Conaola agus a chairde, Mick O’ Brien,Mark Kelly agus
Niamh de Búrca, Tadhg Mac Dhonnagáin, Feargal
Ó Murchú agus Conal Early ón seó
Ragús, Seán Ó hÉanaigh agus
baill den ghrúpa ‘Téada’, Oisín
Mac Diarmada, Paul Finn agus Tristan Rosenstock.
Tá blaisíní bia deá-mhéine
san áireamh sa táille iontrála €15
agus tá fáil ar tae, caifé agus deochanna
ag an mbeár.
Le fáil amach cé hiad na ceoltóirí
a bheidh linn an chéad mhí eile cliceáil
ar Nuacht ar an leathanach baile, nó is féidir
gach eolas a fháil ag an uimhir thíos.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087-2547574
Ríomhphost: niamh@gael-linn.ie
Cló Ceardlann na gCnoc – Cúrsaí
agus imeachtaí
Tionscnamh Samkura
Aibreán 2011-Mi na Nollaig 2012
Tionscnamh nua idir-náisiúnta do Ealeantóirí
on Gaeltacht, an Gréig, Armenia, an t-Seoirsí
agus an Phortaingéil ata ag tosnú i mi Aibreáin.
Beidh se ag dhul ar aghaidh go dtí mi na Nollaig
2012. Is malartú idir-náisiúnta cónaithe
atá ann agus beidh taispeántas mhór
ar siúl tríd Samkura. Is é seo an chead
togra mar seo in Éireann go deo. Le breis eolas dul
go www.samkura.net
Taispeántas Ceardlainne - Togra Malartú
Iúil 2011
Thug an malartú nuálaíocht deis agus
am do na healaíontóirí modhanna úra
ealaíne a iniúchadh agus a fhiosrú
agus is as a tháinig na saothair chumasacha agus
spreagúla a fheictear romhainn. Beidh se an chead
taispeántas sa ionad úr i Min an Lea. Ta an
taispeántas seo ag ceiliúradh an chlár
buan ealaíne agus cultúrtha idir Albain agus
Eire sna blianta atá le teacht. Dátaí
le teacht.
Cumann Eitseála
Gach De Céadaoin 2011
Ta cumann eitseáil ag dul ar aghaidh gach de Céadaoin
do ealaíontóirí on gceantar. Ta fáilte
ríomh daoine nua i gcónaí.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9162800
Suíomh
Idirlín:
www.clo.ie
Saol na Gaeilge- le fáil beo ar an idirlíon
anois.
Beidh athruithe suntasacha ar Saol na Gaeilge as seo amach.
Níos mó idirghníomhaíochta agus
páirt níos mó ag ár léitheoirí
i gceist. Chuige sin léireofar deiseanna breise díbhse
bheith i gcomhar linn i bplé, i dtuairimíocht
agus i soláthar ábhar. Táimid ag dúil
le heolas cuimsitheach a sholáthar faoi gach a bhaineann
le saol na Gaeilge ‘ar an dtalamh’. Leithéidí
ranganna, cúrsaí, ciorcail comhrá,
grúpaí cuideachta agus cainte, imeachtaí
éagsúla, idir chultúrtha agus shóisialta
na Gaeilge, in Éirinn agus i gcéin. Fáilteofar,
dá bhrí sin, le heolas uaibhse ag nuacht@saolnagaeilge.com
Beidh comórtais éagsúla i dteannta
le buanduais de €200 le buachaint. Ach beidh na sheanchomrádaithe
fós libh, Leathanach na bhFoghlaimeoirí, an
crosfhocal, na hagallaimh, Aerscéalta, Léirithe
Lárnacha, Saol na Gaeilge léirithe, thall
agus abhus, le neart grianghraf. Beidh Saol na Gaeilge beo
bríomhar agus i gcomharníos mó libhse
- ár léitheoirí
Bígí linn agus Cláraigh ag www.gaeilge.ie/saol
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: eolas@saolnagaeilge.com
Suíomh
Idirlín:www.gaeilge.ie/saol
Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean
An Lab, Sráid Eoin, An Daingean
Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean is ea An Lab
atá lonnaithe in iar-lab eolaíochta sa Mhainistir,
Sr. Eoin, An Daingean. Tá amharclann dea-chóirithe
ann le seachtó suíocháin, seomraí
le haghaidh taispeántaisí, insealbhaithe agus
cruinnithe, chomh maith le spás le haghaidh cleachtaithe
agus ceardlanna. Tá sé ar fáil le haghaidh
imeachtaí cultúrtha a chuirtear i láthair
tré mheán na gaeilge.
‘Sé an comhlucht cónaithe amharclannaíochta
ann ná AnnÓg Ar Aghaidh, a léiríonn
drámaí gaeilge agus a chuireann traenáil
i scileanna amharclannaíochta ar fáil do dhaoine
óga.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net
Suíomh idirlíon: www.anlab.ie
. Bí linn ar Facebook – AnnÓg/An Lab
Culturlann Uí Channáín, Doire
- Imeachtaí
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thios.
8-12ú Meitheamh 2011: Scoil Samhraidh Cholm Cille
08 Meitheamh - 8pm Sheila Stewart, Lorcán Mac
Mathúna, Daire Bracken & Kitty Seán Cunningham:
£5.00
09 Meitheamh - 7pm Jake Bowers: "Romanipen"
10 Meitheamh - 8pm Pictiúrlann na Cultúrlainne
(Eagrán Dúbailte): £5.00
11 Meitheamh - 8pm Seisiún Ceoil
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Teileafón: 02871264132
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Cumadóireacht chruthaitheach na Gaeilge
le Pádraig Ó Ciobáin.
Ceiliúrtar cumadóireacht chruthaitheach na Gaeilge gach Máirt
i Seanscoil Shailearna, Cois Fharraige, ar a leathuair tar
éis a seacht istoíche. Tagann Scríbhneoirí
Shailearna le chéile d'fhonn buille eile a chur innti
.i. in iomramh curaigh i litríocht na comhaimsire.
Fáilte roimh chách, mar nach neart go cur
le chéile. Pádraig Ó Cíobháin
an t-áisitheoir.
Tá teacht air ag: padraig.ociobhain@upcmail.ie
Comhdháil na bhFilí, Dhroim Ceatt
Radisson Hotel, Leim an Mhadaidh
12 Meitheamh, 2011. 7.30pm-9.30pm
Fiosróidh Comhdháil na bhFilí 2011
leagáid Cholmcille agus conas a d’fhabhraigh
filíocht ársa, amhráin agus ceol sa
traidisiún Gaelach. Bí páirteach sa
cheiliúradh seo de scoth ealaín agus chultúr
na gCeilteach ina mbeidh príomhfhilí, taibheoirí,
ceoltóirí agus amhránaithe.
Gabhann ócáid na bliana seo spiorad na linne
le filíocht, seanchas, ceol agus amhránaíocht
ó Alba agus ó Éireann. Eagna fhiáin
na seandaoine – scéalaíocht, finscéalaíocht
agus filíocht arna spreagadh ag an Chailleach, taibhithe
ag Aisteoir agus Seanchaí Nuala Hayes agus cláirseoir
agus an cumadóir Anne-Marie O Farrell.
Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
Cuireann Oideas Gael réimse leathan de chúrsaí
cultúrtha agus teanga ar fáíl i rith
an tsamhraidh. Siúl Sléibhe Péintéireacht
Fharraige, ranganna ceoil (bodhrán, fliúit,
cláirseach, srl), amhránaíocht &
damhsa ar an sean-nós, grianghrafadóireacht
dhigiteach, seandálaíocht agus go leor eile.
Is féidir bróisiúir na bliana seo a
íoslóadáíl ag http://www.oideas-gael.com/Oideas-Gael-2011-brochure.pdf
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 97 30248
Suíomh Idirlín: www.oideas-gael.com
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Scéalta ón Sagart
D’ainneoin gan a lán sna deontais anois, tá
An Sagart beagán níos torthúla ná
riamh. Sheolamar dhá leabhar le déanaí
sa Díseart sa Daingean, ‘Anois Tacht an Eala:
Filí Chorcaí Innti…,’ agus ‘Léachtaí
Cholm Cille XLI Filí Innti go hIontach.’ Bhí
Léachtaí Cholm Cille XLI seolta roimhe sin
i Maigh Nuad agus bígí ag faire amach do sheoladh
‘Anois Tacht an Eala’ in Ollscoil na hÉireann
Corcaigh sula fada. Tá an dá leabhar sin ar
fáil sna siopaí maithe leabhar cheana féin.
Is maith sin mar tá leabhar eile fós curtha
ar fáil ag An Sagart, ach gan é seolta go
hoifigiúil fós—Irisleabhar Mhá
Nuad 2011. Tugann eagarthóir an Irisleabhair seo
an comhfhreagras a bhí aige féin le michael
davitt agus le Conchúr Ó Drisceoil maidir
le cúpla dán dá chuid a bhí
le foilsiú agus a foilsíodh in Innti, lena
sheoladh sin sa West County Hotel agus leis an Aifreann
ceiliúrtha i Séipéal Honan lárna
mhárach. Tá an t-ádh le Corca Dhuibhne
go léir mar go bhfuil ár scéal féin
le foilsiú agus le léamh againn sa choicíseán
slachtmhar saor ‘Corca Dhuibhne Beo’ atá
á chur amach go rialta ag Lorcán agus Mossy
le seoladh Westkerrynews@gmail.com. Tá 92 mac léinn
ó Mheiriceá ag déanamh cúrsaí
sa Díseart faoi láthair. Is mór an
chomaoin atá á cur acu ar an mbaile agus ar
an dúiche faoi láthair.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: pof@diseart.ie
Ceili, Damhsa dhá lámh agus Damhsa
Seite
Le Clement Gallagher
Gach Déardaoin @ 8.30
Halla Paróiste Chill Chartha
Bia agus deoch ar fáil
Fáilte roimh gach duine!
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: kilcar.fleadh@gmail.com
Suíomh Idirlín: http:/www.kilcaronline.com
Futa Fata - Nuacht
Lógó Nua Futa Fata
Tá Futa Fata an-bhrodúil as ár lógó
nua a chruthaigh an t-ealaíontóir Steve Simpson
dúinn. Sé Steve a rinne a maisiú ar
leabhar Bhridget Bhreathnach “Lúlú agus
an Oíche Ghlórach” agus tá sé
gnóthach faoi láthair le “Cácá
don Rí” leabhar nua ó Ailbhe Nic Giolla
Bhrighde, leabhar a bheidh á fhoilsiú go luath
ag Futa Fata. Leis an lógo a fheiceáil téigh
go: www.futafata.com
nó www.stevesimpson.com
Uachtar Reoite HB agus Siondróm Down
Tá an Samhradh buailte linn agus aimsir an uachtar
reoite tagtha leis. Le cúpla blian anuas tá
feachtas eagraithe ag Siondróm Down na hÉireann
le tacaíocht ó HB Hazelbrook Farm chun airgead
a bhailiú don charthanacht. Cóisirí
atá i gceist le neart uachtar reoite agus go leor
spraoi! Is féidir le daoine a gceann féin
a eagrú le linn Mí an Mheitheamh, nó
coinnigí súil amach do cheann a bhéas
ar siúl i do cheantar fhéin. Le tuilleadh
eolais féach an suíomh idirlín www.downsyndrome.ie.
Má teastaíonn uait Siondróm Down a
mhíniú do do pháiste, tá leabhar
álainn foilsithe ag Futa Fata “Tá Siondróm
Down ar Lára”. Pléann sé na ceisteanna
ar fad a bhíonn ag páistí óga
faoi daoine leis an Siondróm. Tá trí
chóip don leabhar le tabhairt amach againn, níl
uait ach ríomhphost a chur chugainn faoin ábhar
“Siondróm Down” chuig eolas@futafata.com.
Gheobhfaidh an chéad triúr iarrthóir
cóip don leabhar álainn seo. Ná dean
dearmad d’ainm agus do seoladh a thabhairt dúinn!
Beo Fest 2011
An mhí seo chaite thuirling na sluaite ar an gCeathrú
Rua i gConamara don fhéile Beo Fest 2011. Seo é
an dárna bhlian don fhéile a bheith ar siúl,
le hairgead a bhailiú do Ospís na Gaillimhe
agus Cancer Care West. Ghlac Futa Fata páirt sa bhFéile,
ag cur siamsaíocht ar fáil do lucht féachána
óg le leagan bríomhar den seó '' Gugalaí
Gug Beofest''. Cé go bhfuil siad fós ag comhaireamh,
measann Tony Óg Mitchell, a d’eagraigh Beo
Fest i gcuimhne ar a thuismitheoirí Tony agus Agatha,
go bhfuil €30,000 bailithe acu don dhá carthanach
an-tábhachtach seo. www.beofest.ie
/ www.cancercarewest.ie
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Futa Fata, An Spidéal,
Co.na Gaillimhe
Teileafón: 091-504612
Ríomhphost: eolas@futafata.com
Suíomh Idirlín: www.futafata.com
Ranganna seite agus damhsa ar an sean-nós
Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin.
Gach Aoine. 7.45 i.n.
Bíonn ranganna seite agus damhsa ar an sean-nós
ar siúl gach oíche Aoine in Áras Chrónáin
i mBaile Átha Cliath. Deis do muintir na cathrach
cúpla steip a fhoghlaim! Is é Jim Monaghan
an teagascóir.
Tuilleadh eolais:
Seoladh: Áras Crónáín,
Ionad Cúlturtha, Bóthar na Goirte, Cluain
Dolcáin, BÁC 22.
Teileafón: +353 (0) 1 4574847
Ríomhphost: idirlin@araschronain.com
Tionscnamh Lugh – Trad Tráthnóna
agus ceolchoirmeacha
Ionad Cois Locha, Dún Luiche, Co Dhún na nGall
Cuireadh Tionscnamh Lugh ar bun in 1993 leis an cheol tradisiúnta
a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Bíonn clár
iomlán ceoil a reachtáil ag Tionscnamh Lugh
idir Trad Tráthnóna agus ceolchoirmeacha.
Tá clár ‘Trad Tráthnóna
2011’ fógraithe. Beidh na himeachtaí
uilig ar siúl in Ionad Cois Locha, Dún Luiche,
Co Dhún na nGall ag 8.30 i.n.
5 Iúil: Trad Tráthnóna - Crannóg
12 Iúil: Trad Tráthnóna - Aoife Ní
Fhearraigh
19 Iúil: Trad Tráthnóna - Dermot Mc
Laughlin/ Ciaran Tourish
26 Iúil: Trad Tráthnóna - Martin Hayes/
Denis Cahill
2 Lúnasa: Trad Tráthnóna - Emma Sweeney
/ Matt Griffin
9 Lúnasa: Trad Tráthnóna- Domnic Mac
Giolla Bhríde
16 August: Trad Tráthnóna Le socrú
23 August: Trad Tráthnóna - Tríona
Ní Dhomhnaill
30 August: Trad Tráthnóna- Mairtin O Connor/
Donal Lunny/Roisin Elsafty
Coirmceoil Concerts
12 Lúnasa: Donal Lunny/ Paddy Glackin
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 086 6050110
Suíomh Idirlín: http://www.tlugh.com
Seoladh ; Tionscnamh Lugh, Tra an Chéidigh, Ailt
an Chorrain, Co. Dhún na nGall, Ireland.
Coiscéím – Seoladh an leabhair
‘Uisce faoi Thalamh’ le Áine Ní
Fhoghlú.
Caisleán an Leasa Mhóir, Lios Mór,
Co. Phort Láirge
Déardaoin, 9ú Meitheamh, ar 8.00in.
Seolfaidh Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach
na Gaeilge, Comhairle Contae Phort Láirge An leabhar
nua-fhoilsithe ‘Uisce Faoi Thalamh’ le Áine
Ní Fhoghlú. Seo an dara úrscéilín
ag an údar agus bhuaigh sé an chéad
duais i gComórtas Litríochta an Oireachtais
2010 'Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta'.
Beidh an seoladh mar chuid de oscailt oifigiúil
Baineann an t-úrscéilín le hiriseoir
óg as Loch Garman dárb ainm Ailí atá
ar an mbád chun na Breataine Bige agus í ag
dul chun freastal ar shochraid a carad. Agus iad amach ó
Ros Láir, tagann uafás uirthi nuair a léimeann
fear sa bhfarraige. Cailleann sé a fhón póca
agus é ag léimt. Piocann Ailí suas
an fón agus tosaíonn nádúr an
iriseora ag obair inti nó go nochtann sí caimiléireacht
agus uisce faoi thalamh ar scála mór.......ach
tá duine éigin eile ag faire ar Ailí....!
Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín: www.coisceim.ie
Féile Ceoil Ghaoth Dobhair
26 – 29 Lúnasa 2011.
Tá Féile Ceoil Ghaoth Dobhair a eagrú
arís i mbliana le ceiliúir a dhéanamh
ar an oidhreacht ceoil ollmhór atá i gceantar
Ghaoth Dobhair. Tá clár de imeachtaí
éagsúla a shocrú againn idir seisiún
ceol traidisiúnta, bannaí máirseála,
comórtas buscála, damhsa set srl., chomh maith
le imeachtaí teaghlaigh agus ceardlainne ceoil do
pháistí. Tá ceolchoirm fosta le Donal
Lunny & Paddy Glackin chomh maith le seiminéir
faoi dhúchas ceoil an cheantar le carlannaí
ceol RTE Ian Lee .Tá có-oibriú mhór
a thabhairt ag úinéirí óstain
agus tithe tábhairne agus beidh ceol ar fail iontu
uilig chun freastail ar gach blas ceoil. Is deis atá
ann seo le aird a tharraingt ar an tallann mhór,
agus an oidhreacht ceoil atá againn, chomh maith
le turasóirí a mhealladh chun an cheantair.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: loinneog@yahoo.ie
Léamh Litríochta. Dairena Ní
Chinnéide agus Peadar Ó hUallaigh i gcomhluadar
Rónán Ó Snodaigh
Bialinn Over the Brick, Beanntraí, Co. Chorcaí.
4 Iuil, 2011. 6.30 i.n
Oíche liteartha agus cheoil leis an mbanfhile as
Corca Dhuibhne, Dairena Ní Chinnéide. Léifidh
sí as a cnuasach filíochta agus curirfidh
an ceoltóir iomráití, Rónán
Ó Snodaigh ceol leis na bhfocail. Beidh léamh
freisin leis an scribhneoir Peadar Ó hUallaigh. Léifidh
sé óna shaothar Tír Tairngre. Bhuaidh
an leabhar seo an 2010 Rupert and Eithne Strong Award. Is
ceoltóir cumasach é Peadar agus seinnfidh
sé an fliúit ag an ócáid.
Saor in aisce
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.westcorkliteraryfestival.ie
Teileafón: 027 55987 / 52788
Féiltí
Féile Scannáin Faisnéise Ghuth
Gafa
10 – 14 Meitheamh. Gort a Choirce, Thír Chonaill.
Féile idirnáisiúnta scannánaíochta
a dhíríonn ar scannáin faisnéise.
Eagraítear clár leathan de scannáin,
léachtaí agus de sheimineáir agus taispeántar
cuid de na scánáinn fáisnéise
idirnáisiúnta is fearr atá ann.
Tá Clár na féile ar faíl ar
PDF ag http://guthgafa.com/uploads/File/guthgafa2011_daybydayprogramme.pdf
Breis eolais
Ríomhphost: info@guthgafa.com
Teileafón: 074 9180730
Suíomh Idirlín: http://www.guthgafa.com/
Féile Iorrais
15 – 24 Iúil. Béal an Mhuirthead, Co
Mhaigh Eo.
Féile idirnáisiúnta sna hEalaíona
Tuaithe. Réimse leathan d’imeachtaí
ealaíne agus ceoil. Grúpaí idirnáisiúnta,
ceoltóirí áitiúla, dearc-ealaíon
agus neart
Breis eolais
Ríomhphost: feileiorras@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.feileiorras.org
Teileafón: 097-81079
Féile Ealaíne an Earagail
9 – 24 Iúil. Dún na nGall.
Féile ealaíne spleodrach, ilghnéitheach
le gradam idirnáisiúnta atá ag fás
gach bliain. Bíonn imeachtaí ealaíne
de gach cineál eagraithe ar fud chontae Dhún
na nGall, idir cheol, dhrámaíocht, thaispeántais
físealaíne, shiamsaíocht agus go leor
eile. Bíonn réimse leathan d’imeachtaí
i nGaeilge ar siúl in ionaid éagsúla
ar fud na Gaeltacha.
Breis eolais
Teileafón: 074 916 8800
Ríomhphost: info@eaf.ie
Suíomh Idirlín: www.eaf.ie
Seisiúin Thír Chonaill
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
3ú – 5ú Meitheamh, 2011
Is Ceiliúradh í an fhéile seo ar an
traidisiún a chothaigh ceoltóirí ar
nós Neillidh Boyle, Danny o Donnell, Alex Murphy
agus go leor eile.
I measc na n-imeachtaí, beidh: seisiún ceoil;
comórtais ceoil; barbeque sráide ar an bpríomhshráid
sa Chlochán Liath le ceoil agus craic; seisiún
leis ‘The Perfect Mix; taispeántas lá
iomlan na n-ealaíon agus ceardaíochta; ceochoirm
sráide le Ceoltóirí Dhún na
nGall (tá 25 ball sa ghrúpa seo); ceolchoirm
le Ragús; Ceoil ar an bpríomhshraid leis na
Henry Girls; agus go leor imeachtaí eile.
Ceardlanna le Rona Mc Laughlin – Concertina / bosca
ceoil; Stephen Doherty – Fliúit; David Doocey
– Fidil; Emma O’Sullivan damhsa ar an Sean nós
Breis eolais
Facebook:www.facebook.com/pages/Seisiun-Thir-Chonaill
Scoil Samhraidh Fidléireachta James Byrne
17 -23 Iúil. Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall
Scoil cheoil agus féile cheoil thraidisiúnta
a bhfuil oidhreacht shaibhir ceoil dheisceart Thír
Chonaill mar fhoinse inspioráide aige. Ceolchoirmeacha,
ranganna, ceardlanna agus seisiúin cheoil. Eagraíonn
Ceol sa Ghleann an fhéile.
Breis eolais
Ríomhphost: info@ceolsaghleann.com
Suíomh Idirlín: www.ceolsaghleann.com
Teilefón: 087 2873576
Féile Litríochta Immrama i Lios Mór,
Co. Phort Láirge.
9 -12 Meitheamh 2011.
Tá roinnt imeachtaí Gaeilge ar siúil
mar chuid de fhéile litríochta Immrama.
Beidh an scríbhneoir agus ceoltóir cáiliúil
Maidhc Dainín Ó Sé ar dhuine de na
haoichainteoirí a bheidh ag teacht go dtí
an Lios Mór, Co Phort Láirge i mbliana. Beidh
seisiún 'Caint agus Comhrá' i gcomhluadar
Mhaidhc Dainín idir a 11.00r.n. agus 2.00i.n.ar an
Satharn, 14 Meitheamh 2007 - saorchead isteach agus fáilte
roimh chách.
Ar an Aoine 10 Meitheamh, beidh ceardlanna filíochta
dátheangacha leis an scríbhneoir Áine
Ní Fhoghlú.ar bun agam do pháistí
bunscoile sa Leabharlann Poiblí, An Lios Mór.
Breis eolais
Suíomh Idirlín: http://www.lismoreimmrama.com/
Teileafón: +353 58 54975
Faics: +353 58 53009
Ríomhphost: lismoreheritage@eircom.net
Scoil Samhraidh Cholm Cille
Cultúrlann Uí Channáín, Doire
Cholmcille
8-12ú Meitheamh 2011
I measc na n-imeachtaí, tá:
• Scéalaíonaíocht leis na daoine
deireanacha i líne fhada de bhéaloideas saibhir
-Sheila Stewart agus Kitty Sean Cunningham agus iad i gcomhluadar
na ceoltóirí Lorcan MacMathuna agus Daire
Bracken;
• Léacht: le Jake Bowers (Romanipen);
• Scannáin - Ceol na bhfánaithe, in
ómós do Pecker Dunne, Gypsy Caravan;
• Oíche shóisialta le ceol, amhránaíocht
agus damhsa; filíocht, seanchas, ceol agus amhránaíocht
ó Alba agus ó Éireann leis Nuala Hayes,
Anne-Marie O'Farrell, Síle Denvir agus Griogair Labhruidh;
• Turas Bliantúil go Droimceatt agus Comhdháil
na bhFilí
Agus go leor eile.
Breis eolais
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Teileafón: 02871264132
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
http://www.artsmanagement.ie
- Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon &
Polasaí Cultúrtha. Tá mórán
eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie
- Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,
camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí
ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie
- Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com
Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht
idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire
in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
- eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus
gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir
an Aontais Eorpaigh
Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta
ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas
a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá
sa nuachtlitir seo. |
|