|
Nuacht
Fáilte chuig eagrán a naoi de Ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta.
Níl aon ghanntanas nuachta orainn agus muid ag druidim le deireadh na bliana agus mar a fheicfidh sibh thíos beidh roinnt imeachtaí deasa ar bun ar fud na tíre, chomh maith le deiseanna shuimiúla le bheith ag smaoineamh orthu .
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh as bhur gcuid tacaíochta agus as na giotaí nuachta i rith na bliana.
Nollaig mhór mhaith agaibh agus guíonn Ealaín na Gaeltachta gach rath oraibh do 2007.
Iarratais á lorg
A) Scéim Fhorbartha na nEalaíon 2006 (Scéim Mhaoinithe)
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo tionscadail nó seirbhísí ealaíona a fhorbairt/a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Mar shampla: Tionscadail faoi stiúir ealaíontóra - treimhsí cónaithe – coimisiúin - ealaíon pobail – ceardlainn - siompósiamaí & taispeántais - leiriúcháin srl.
B) Scéim Sparanachtaí d'Ealaíontóirí 2006 Tá an scéim seo dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil d'Ealaíontóirí i bhforbairt a gceird.
Spriocdháta: 2 Feabhra 2007.
Tuilleadh eolais, foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíona
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe (091)503100/ 503220 m.nidhroighneain@udaras.ie
An Daingean, Co. Chiarraí (066) 9150100 / (026) 453942 m.hearty@udaras.ie
Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall (074) 9560100 m.fearraigh@udaras.ie
Tá eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo dírithe ar phobal na Gaeltachta a chuir ar an eolas faoi ealaíontóirí atá sásta seirbhís a chuir ar fáil trí mheán na Gaeilge. Más ealaíontóir tú nó grúpa ealaíona sibh, atá ag feidhmiú in aon cheann de na réimsí ealaíona dúchasacha nó comhaimseartha, agus é ar bhur gcumas seirbhísí ealaíona a sholáthar trí mheán na Gaeilge ba mhaith linn deis a thabhairt daoibh bhur gcuid sonraí a chur ar Eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo, ar an suíomh www.ealain.ie Dóibh seo atá cláraithe leis an suíomh cheanna féin is deis é seo chomh maith le bhur sonraí a thabhairt suas chun dáta.
Téigh i dteagmháil linn ag 091/503220 nó seol chugainn iad ag ealain@udaras.ie .
Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie freisin má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.
An Chomhairle Ealaíon:
€2 Mhilliún ar fáil do Chamchuairteanna D'fhógair an Chomhairle Ealaíon clár nua tamall ó shin a thacóidh le camchuairteanna sna réimsí ealaíne ar fad, arbh ainm dó "Turgnamh na Camchuairte". Is é an spriocdháta d'iarratais don chiste turgnamhach seo ná 20 Nollaig 2006 agus 23 Feabhra 2007. Fógrófar spriocdhátaí eile do 2007 go luath san athbhliain. Tá sonraí maidir leis na hiarratais ar shuíomh idirlín na Comhairle Ealaíon faoi láthair
Teil: + 353 1 6180 235 Fón póca: +353 87 4108751 Ríomhphost: joe.stuart@artscouncil.ieSuíomh Idirlín: http://www.artscouncil.ie
Spriocdhátaí 2007
Dámhachtain Sparánachta- Chun deis níos mó ama, spáis agus saoirse a thabhairt d'ealaíontóirí díriú ar chleachtas nó corpas saothair a fhorbairt. 2 Feabhra 22 Meitheamh
Tionscadail: Nua Eabhrac. Chun tionscadail a fhorbairt a shíneann thar theorainneacha foirmeacha ealaíne 2 Márta 17 Lúnasa
Tionscadail: Aonuaire. Cur ar chumas daoine aonair nó eagraíochtaí tionscadail aonuaire a chur ar bun. 2 Márta 17 Lúnasa
Coimisiúin Comhpháirtíocht chruthaitheach a spreagadh idir raon éagsúil coimisinéirí agus ealaíontóirí 23 Márta 21 Meán Fómhair
Tuilleadh eolais ón gComhairle Ealaíon 01 6180200
An Dámhachtain Taistil agus Sothghluaisteachta Spriocdháta leanúnach
DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach
Deiseanna eile
Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag cuir painéal d’ealaíontóirí le chéile faoi láthair maidir leis an scéim Céadatáin don Ealaíon, maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Beidh siad ag tarraingt ó na réimsí seo a leanas, damhsa, ceol, drámaíocht, na dearc ealaíon, litríocht, na gníomh ealaíon agus scannánaíocht. Is idir €10,000 agus €64,000 a bhéas na coimisiúin. Tuilleadh eolais le fáil ó www.mayococo.ie nó ó Sally O’Leary af 094 90 47561 / soleary@mayococo.ie
Foláireamh – Spriocdháta do dheontais Cultúr Éirinn 15 Feabhra 2007 http://www.cultureireland.com
Tá Cultúir 2007 -2013 togra maoinithe an tAontas Eorpach fógraithe anois agus tá deireadh le Cultúir 2000 Tá na foirmeacha iarratais, spriocdhátaí eile, agus eolas ar fáil faoi láthair ón ngréasáin http://deadline.culture.info An Chéad spriocdháta eile 28 Feabhra 2007.
Tá Páirc Náisiúnta Gleann Bheatha, Dún na nGall, ag ofráil dhá thréimhse Cónaithe d’ealaíontóirí proifisiúnta maidir le chuile ghnéith de na healaíona. Mairfidh na tréimhsí seo ar feadh trí mhí, ó Mhí Feabhra agus deireadh Mí Aibreáin, agus ó Bealtaine go Deireadh Iúil 2007. Clúdaíonn an tairiscint seo lóistín álainn i dteachín ar thaillte Gleann Bheatha gus liúntas seachtainiúil €400. Is é an aidhm atá leis ná deis a thabhairt d’ealaíontóirí maireachtáil sa bPáirc Náisiúnta agus saothar a chruthú mar fhreagra ar an áit. Tuilleadh eolais agus crítéir na scéime ó Tres Connaghan ag talcorn@duchas.ie Tel. 074 9137090. Spriocdháta 12 Eanair 2007
Tá Scoil Náísiúnta Naomh Olibhéar Phluincéad ag cuardach iarratais do Choimisiún Ealaíon Pobal atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíocht faoi an scéim Céadatáin donEalaín. Spiocdháta do na hiarratais 12 Eanair 2007. Tuileadh eolais ó ‘Arts Project Co-Mulach Íde, Co. Bhaile Ath Cliath. T: 01 8452052 http://www.iol.ie/~stopscod/’ ‘
Dealramh faon spéir
Beidh Féile Dealbhadóireachta Páirc Náisiúnta Uganda Taipei 2007 ar siúil ó 22 Aibreán - 31 October.
Tugtar cuireadh do chuile thír iarratais a sheoladh isteach maidir le dealraibh taibhshuite a bheadh feiliúnach do pháirc náisiúnta agus a dhéanann tagairt don nádúr agus do cheisteanna timpeallachta agus caomhnú. Spriocdháta Eanair 2007 Tuilleadh eolais ó
http://www.gdpark.org
Gailearaí Binary Lane Iarratais á lorg don dánlann ar líne ag Binary Lane 6 – 12 griangraif daite ar ard chaighdeán agus CV de do chuid oibre. Spriocdháta 1 Feabhra 2007 Seol iarratais chuig Send Hazel McCrann, 17 Norseman Place, Stoneybatter, BÁC 7: hazel@binarylane.com
Comórtas Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí 2007 Duaiseanna - €4,000, €2,000 €1,000. Spriocdháta 31 Eanair 2007. Tuilleadh eolais agus foirmeacha iontrála ó www.strokestownpoetry.org 078 33759
|
Clabhsúr ar bhliain Chomóradh Céid Mháirtín Uí Chadhain. Dé hAoine 1 Nollaig. Óstán na Páirce, An Spidéal. Oíche amhranaíochta, ceoil agus seanchais a bheas ann tráth a ndéanfar ceiliúradh ar Mháirtín mar bhailitheoir béaloidis. Sarah Ghriallais, Johnny Connolly, Charlie Lennon, Áine Ní Dhroighneáin, Maidhc P Ó Conaola, Máirtín PheaitsÓ Cualáin agus TomásÓ Neachtain na haíonna a bheas ann
Premiére an Scannán Cré na Cille léirithe ag ROSG i gcomhair le TG4 agus an BCI Amharclann na Cathrach Gaillimh 02 Nollaig 2006.
Ócáid Chuimhneacháin cois uaigh Mháirtín Uí Chadhain Reilig Chnocán Jerome, Crois Araild, Baile Átha Cliath 6W 3.00 p.m., Dé Domhnaigh, 10 Nollaig 2006 (beimid ag casadh le chéile ag 2.45 p.m. taobh amuigh de gheata na Reilige) Léifidh na haisteoirí Mac Dara Ó Fathartha agus Bríd Ní Neachtain míreanna as saothar an Chadhnaigh agus seinnfidh Néillidh Mulligan ceol ar an bpíb uilleann. Leanfar leis an gCuimhneachán i gClub Chonradh na Gaeilge, ag tosú ag 4.30 p.m. Taispeánfar scannán nua a rinne Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoin gCadhnach, léifidh Mac Dara Ó Fathartha agus Bríd Ní Neachtain míreanna as a shaothar, déarfaidh Éamonn Ó Donnchú amhráin, agus seinnfear ceol.Tuilleadh eolais: Máirtín Ó Cadhain, (01) 8372800; Seán Ó Cadhain (01) 8479279, Iontaobhas Uí Chadhain
Imeachtaí Ionad Cultúrtha Baile Bhúirne
- 1ú Mí na Nollag - Miceál O Rourke agus an Stravinsky Quartet (eolas ó Music Network agus jpeg ceangailte le seo)
- 15ú Mí na Nollag - Londubh (eolas agus jpeg ceangailte le seo)
- 18ú Mí na Nollag - Ceolchoirm na Nollag le rannpáirtithe ranganna ceol, drámaíochta, rince agus amhranaíocht ar an sean-nóis.
- 19ú Mí Eanair - Ceolchoirm Traidisiúnta le Music Network - Niamh de Búrca, Michael Rooney agus June Mc Cormack (eolas ó Music Network agus jpeg ceangailte le seo)
Chomh maith le sin: Beidh Taispéantas na hÉigse ar siúl ar feadh Mí na Nollag agus Mi Eanair. 'Siad an ghrúpa, 'Ealaiontóiri Mhúscraí', a bheidh ag taispeáint a gcuid saothair - Bernadette Ni Choitir, Bob Rasmussen, Luc Racine, Maura Whelan, Máire Ní Shúilleabháin, Pauline Dodds, Helen Quill agus Suzanne O Sullivan.
'Casadh' - ar siúil ón 26ú Samhain - 5ú Mí na Nollag - maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta
Idir Eatartha' - ar siúl ar an 30ú Samhain maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta
Leabhar DVD idir ar siúl comh maith ar an 30ú Samhain maoinithe Comhairle Chontae Chorcaí agusMFG
Tionól Ceoil na Rinne Feabhra 16-18 Píobaireacht, amhránaíocht agus damhsa ar an sean nós den scoth! Ranganna, ceardlanna, ceadail agus ceolchoirm. Gach eolas ó MhacDara Mac Donncha: 086.8565569
Beidh AnnÓg (Amharclann na nÓg, Corca Dhuibhne) ag cur dráma nua le Maria Ní Mhurchú dár teideal ‘An Preachán Bán’ i láthair in Ollmhargadh Centra ar phríomhshráid An Daingin ar na dátaí seo leanas: 6ú, 7ú, 13ú, 14ú Nollag (Céadaoin agus Déardaoin) ag 1pm agus 4pm .Gearrdráma (15 nóiméid) scríofa ar choimisiún d’AnnÓg agus go speisialta don suíomh thuas luaite isea ‘An Préachán Bán’. Cuireann sé Rianna in aithne dúinn, déagóir atá suaite agus cráite, ach go bhfuil féith na samhlaíochta agus na filíochta go smior inti.
Beidh an léacht deireanach de chuid Léachtaí Uí Chadhain ar siúl ar an Máirt, 5 Nollaig nuair a thabharfaidh an Dr Máirín Nic Eoin léacht ar Ó Cadhain, Kafka agus Litríocht Uirbeach na Gaeilge. Sólaistí roimh ré ó 6pm agus tosóidh an léacht ag 7pm. Ionad: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, BÁC 2 Aistriúchán comhuaineach ar fail. Tuilleadh eolais: www.gaelport.com nó eolas@gaelport.com
Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin i Múscraí ón 1ú go dtí an 3ú lá de mhí na Nollag. Tá meascán breá d’imeachtaí curtha le chéile ag an gcoiste mar a bhíonn i gcónaí. Fáiltiú in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha ar an Aoine ag a 8.00i.n. Beidh dhá oíche seiteanna le linn na deireadh seachtaine. Ceardlanna do dhaoine óga ar an Satharn uirlisi ceoil, rince ar an sean-nós agus den chéad uair i mbliana – dhá rang amhránaíochta, ceann ar an sean-nós agus ceann ar an dtraidisiún Béarla. Coirm mhór ceoil istoíche Dé Sathairn, Tuilleadh eolais ó Rachel 087/2439776, Nóirín ag 066 7126201, Eilís ag 026 45236 nó 087/2841220. Seoladh gréasáin : www.eigse.ie.
Beidh GYT ag leiriú Country Music le Simon Stephens aris ar an 11-17 Nollaig i Studio Nun’s Island. Fuair Andy Kellegher, an príomhaisteoir, an ghradaim aisteoir is fearr sa bhféile Togra ’06 leis an drama céanna. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Galway Arts Centre 091-566241
Seachtain na Gaeilge 2007: Dátaí Tábhachtacha SnaG 2007: I mbliana tá coicís iomlán i gceist don fhéile ón 3ú - 17ú Márta. Spriocdhátaí: Dáta deiridh le foirmeacha imeachtaí a bheith istigh, nó imeachtaí a bheith cláraithe ar an Suíomh
22-12-06
Dáta deiridh le hathraithe a dhéanamh don chlár
19-01-07
Dáta deiridh d'ordaithe ar ábhair thacaíochta
26-01-07
Dáta deiridh le haghaidh iarratais na gcomórtas
29-03-07
Cláraigh ó mhí na Samhna ar aghaidh ar an Suíomh www.snag.ie
Déan cinnte go gcláraíonn tú luath go leor ionas go mbeimid in ann poiblíocht a dhéanamh ar do chuid ócáidí san fhorlíonadh 'Sult' a bheidh san Irish Daily Star.
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, Dé Céadaoin ó 27ú Nollag 2006 go dtí Dé Máirt 2ú Eanáir 2007. Beidh na himeachtaí uilig ag tarlú i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus beidh dhá ionad á n-usáid –Ionad Cois Locha i nDún Lúiche agus Ostán Gaoth Dobhair i Machaire Clochair. Ranganna sna réimsí seo leanas: feadóg mhór, fidil, píob uillinn, feadóg stáin, bocsa ceoil, amhránaíocht ar an sean-nós, damhsa agus tionlacan (giotár/bouzouki). Tabhair faoi deara nach mbeidh bunranganna ar fáil ar chor ar bith. Táille de €85 atá ar na ranganna i mbliana agus thig leat áirithint a dhéanamh ar ranganna agus ar choirmeacha ceoil ach teagmháil a dhéanamh le:
Ríomhphost: beanana@eircom.net Guthán: +353 74 95 60392 nó +353 87 930 9656 Tuilleadh Eolas: www.frankiekennedy.com
Tá VAI ag cuardach ionadaí san Iarthair mar chuid dá dualgaisí freastal ar an tír ina iomláine. Tá VAI ag iarraidh teacht ar bhealaí éagsúla agus suimiúla chun teagmháil a dhéanamh le healaíontóirí sna réigiúin timpeall na tíre. Ní post oifige, riarthóireachta ná bord atá i gceist leis an ról seo. Stocaire agus comhairleoir atá uathu a spreagfaidh agus a dhéanfaidh áisitheoireacht ar chlár agus ar sheirbhísí VAI i measc pobal na nealaíon. Spriocdháta Dé hAoine 8 Nollaig. Tuilleadh eolais http://www.visualartists.ie/sfr_artistic_opps.html
Post nua á fhógairt ag Amharclann Náisiúnta Damhsa na hÉireann (Dance Theatre of Ireland ) Tuilleadh eolais ó recruitdance@iol.ie http://www.dancetheatreireland.com
The Ark ar thóir Bainisteoir Tiomsaithe Airgid agus Oifigeach Margaíochta agus Preas Oifigeach
Chun eolas sonraithe a fháil le treoirlínte aighneachta, seol ríomhphost le do thoil chun Bainisteoir Ginearálta The Ark ag recruitment@ark.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil ar The Ark féach www.ark.ie
Tá an Dáta Deiridh don phost mar Bhainisteoir Tiomsaithe Airgid agus Oifigeach Margaíochta agus Preas Oifigeach sínte chuig an Aoine 1 Nollaig ag 5in
Tá Music Network ag lorg comhordaitheora/foirne tionscadail oideachais ceoil i gcomhair thréimhse 6 mhí, Eanáir – Meitheamh 2007
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas agus cáipéisí tacaíochta ná 5i.n. an Aoine 8 Nollaig 2006
Ealaíontóir Rince Cónaitheach le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, ag tabhairt cuireadh spéis a nochtadh i bpost mar Ealaíontóir Rince Cónaitheach Dáta Deiridh
Is é an dáta deiridh le nochtadh spéise ná an Aoine 11 Nollaig 2006 Teileafón: +353 1 222 5455
Facs + 353 1 8178985
Ríomhphost: catherine.neville@dubincity.ie
Tá ACCESS CINEMA ag cuardach riarthóir oifige. Tuilleadh eolais ó http:://www.accesscinema.ie
Cuireann Dánlann Joan Clancy taispeántas na Nollag ‘Féile na bPictiúr 06’ i láthair
Pictiúir nua ó Arthur K. Maderson, Rayleen Clancy, Sinéad Ní Chionaola, Blawnin Clancy, Andrea Jameson, John Cullinan, Wishy Martin, Katarzyna Gajewska, Sandra Norris, Eileen McGoldrick agus daoine eile nach iad.
Joan Clancy Gallery, Maoil a’ Chóirne, An Rinn, Co. Phort Láirge
Déardaoin 7 Nollaig go dtí an Domhnach 10 Nollaig 2006 Oscailte go laethúil ó 11 r.n. go dtí 5 i.n. (058) 46205; (086) 813 4597; info@joanclancygallery.com; www.joanclancygallery.com
An Gailearaí, Ceardlann na gCroisbhealach Teo, Fál Carrach Taispeántas na Nollaig d'Ealaíontóirí Thír Chonaill. 09 - 21 Nollaig.
Gailearaí Stronach, Fermoyle Lodge, Seanadh Phéistín, Casla, Conamara. www.stronachgallery.com
Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise |
Creative Edge (Audio) - iris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl.Tuilleadh eolais: Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com
Albam nua ó John Spillane agus Louis de Paor - The Gaelic Hit Factory
The Gaelic Hit Factory is teideal d’albam nua le John Spillane agus Louis de Paor atá eisithe ar lipéad EMI agus tá sé ar fáil sna siopaí anois.
JMI - Iris Ceoil na hÉireann. Iris chuimsitheach le haltanna suimiúla maidir le chuile genre ceoil sa tír. Tá eagrán Samhain/Nollaig ar fáil anois. Tuilleadh eolais ó http://www.thejmi.com
Ar Thóir Hy Brasil – TG4 10 Nollaig ag a 10in agus athchraoladh ar an 15/12/06. Clár faisnéise gleoite a chíorann scéal an oileáin draíochtúil Hy Brasil – Atlantis na hÉireann, agus scéalta eachtrúla iad siúd a chonaic é.. Turas atá i gceist sa chlár seo, turas tríd ár miotaseolaíocht, ár n-ealaíon, ár stair, ár mbéaloideas agus ár samhlaíocht féin mar Ghaeil go dtí’n ceannscríbe an oileán mistéireach, rúnda draíochtiúil Hy Brasil atá i mbéal phobal na tíre seo le os cionn míle bliain. Sé seo an dara clár faisnéise léirithe ag Páid Ó Neachtain agus Stiúrtha ag Bróna Ní Uallacháin do TG4
Cinegael - Tá saothar scannánaíochta Cinegael (BobQuinn) ar fáil don chéad uair ar DVD - a leithéid Phoitín, Atlantean, Budawanny, Splanc Dheireadh na Gaeltachta, Damhsa an Deoraí, Cloch, ó www.conamara.org nó óCinegael, Tuairín, Béal an Daingin, Conamara.
Soiscéal Pháraic 8 i.n gach Déardaoin ar TG4. Tá Soisceal Pháraic ar an bhfód le ceithre shéasúr anois agus is é an taon chlár ealaíona sa tír a bhfuil á chraoladh ag príomh am ar an dteilifís. Clár seachtainiúil léirmheasa ar shaol na n-ealaíon in Éirinn agus a mbaineann leis. Is é Páraic Breathnach a bhíonn sa chathaoir agus ní chuireann sé féin ná a phainéal saineolaithe fiacail ina mbreithiúnas. Tagann idir ealaín, institiúidí, eagrais, údair agus ealaíontóirí faoina mbreithiúnas agus beidh tuairiscí rialta ó gach cearn den tír ar fáil i gcláir an tséasúir seo mar aon le hoirfidigh stiúideo nuair a bhíonn sin ar fáil. Leiritheoir Sraithe Martina Durac. Má bhíonn tuilleaadh eolas ni gá ach glaoch ar Loopline Film 01 6676617 nó chur riomhphost ag ssceal@loopline.com.
Gloine Daite Chois Fharraige - Ceardlanna Gloine Daite Tosnaitheoirí agus Feabhsaitheoirí Cúrsa A 4 dheire seachtaine ( 24 uair an chloig) Eanair 13/14 & 27/28 Feabhra 10/11 Márta 3 / 4 10 r.n - 1 i.n Satharn & Domhnach
Cúrsa B ( 20 uair ) 8 Seachtainí Ag tosnú 16 Eanair 7 i.n - 9.30 i.n Gach eolas – 091 593719 /087 7937235
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon
http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir le chuile ghné de na healaíona
http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ieSuíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh
|