EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

3 Nollaig 08
Imleabhar 2 Eagrán 12

 

 

 

Nuacht .

 

Nollaig Shona agus ath-bhliain faoi mhaise díobh go léir

Ba mhaith le hEalaín na Gaeltachta buíochas a ghlacadh le gach grúpa agus duine a chur isteach iarratas do Scéim Forbartha na nEalaíon agus an Scéim Sparántachta le déanaí. Tháinig ardú suntasach ar líon na n-iarratas i mbliana, rud a léiríonn go bhfuil cúrsaí ealaíne beo beathaíoch sa Ghaeltacht. Geobhaidh na hiarratasóirí scéal maidir leis na scéimeanna gan mhoill.

D’fhógraigh An Chomhairle Ealaíne roinnt deiseanna deontas le gairid. Fógraíodh an scéim Tionscadail: Saothair nua agus an scéim Tionscadail: Aonuaire mar aon leis Dámhachtain Coimisiún. Is fiú súil a choinneál ar shuíomh idirlín an chomhairle www.artscouncil.ie mar go mbeidh an critéar a bhaineann leis na scéimeanna thuasluaite, mar aon leis na foirm iarratais, ar fáil air go luath. Fógrófar breis scéimeanna deontais ar an suíomh go luath san athbhliain freisin.

Tá neart féilte agus imeachtaí ealaíona illdánacha ar siúl sna míonna amach romhainn. Reachtálfar trí chinn de na féilte is fearr Gaeltachta sa tréimhse seo. Tá ardghradam ag baint leis na féilte seo agus is seod iad ó thaobh shaibhreas cultúrtha agus caighdeán ealaíne de.
Beidh Féile Chóilín Sheáin Dharach ar siúl i Ros Muc ag deireadh mí Eanair. Is Féile i gcuimhe ar an ndamhsóir iomráití, Chóilín Sheáin Dharach í. Déanan an fhéile ceiliúradh ar thraidisiún ceoil agus ar an damhsa ar an sean nós. Beidh Scoil Cheoil Frankie Kennedy ar siúil i nGaoth Dobhair ag deireadh na bliana seo. Is Féile í seo a mheallann cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír agus bíonn atmaspheár álainn ann! Is féile spleodrach cheoil eile í Scoil Cheoil an Earraigh Iarthar Dhuibhneach, a déanann ceiliúradh ar an gceol agus na amhráin thraidisiúnta atá comhcheangailte le Chorca Dhuibhne.. Lena hais sin, beidh taispeántais ar siúl in ionaid ealaíne éagsúla ar fud na Gaeltachta. Rachaidh Fíbín ar chamchuairt náisiúnta leis an dráma An Cearrbhach Mac Cába / Fiche Bliain ag Fás. Dráma bríomhar, dúslanach a bhéas ann agus mar is gnáth le Fíbín beidh puipeadóireacht ealaíonta i gceist.

Beidh cúrsa páirt aimsearach fíor spéisiúil, An Ealaíon Pobail i gComhthéasc Tuaithe, ag tosnú san GMIT i nGaillimh i mí Eanair. Bhainfeadh riarthóirí agus iad siúd a bhíonn ag ple le cúrsaí ealaíne i gceantair thuaithe an-thairbe as an gcúrsa seo.

Tá comhdháil tábhachtach á eagrú i mBaile Átha Cliath ar an 14 Eanair. Tá an Forum for Music in Ireland ag eagrú comhdháil dar dteideal ‘Ceol, Fiontraíocht agus an Eacnamaíocht Eolais’. Tá an cúrsa dírithe ar cheoltóirí a bhfuil spéis acu barrfheabhas a chur ar a gcuid scileanna airgeadais agus fiontraíochta.

D’eirigh thar bharr leis an seimineár poiblíochta d’earnáil Ealaíne a d’eagraigh Ealaín na Gaeltachta i nGaoth Dobhair le gairid. Fuair na rainnpháirtithe léargas agus tuiscint chuimsitheach ar chúrsaí poiblíochta agus margaíochta. Beidh súil ag Ealaín na Gaeltachta semineáir den chineál seo a eagrú amach anseo.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


Comhdháil

Forum for Music in Ireland

Semineár - ‘Ceol, Fiontraíocht agus an Eacnamaíocht Eolais’


Semineár faoin gcaidreamh idir an gceol agus an bhfíontraíocht, agus an gaol atá acu leis an ‘knowledge economy’. Is iad seo an leanas na haoíchainteoirí a bheás i láthair: An Seandaóir Dan Boyle (An Comhaontas Glas), Nicholas Carolan (Ceartlann an cheoil Traidisiúnta), Rosemary Collier (An Chomhairle Ealaíona), Carmel Dunne (Tionscnamh ‘Ceol na hÉireann’), Ian Kilroy (Irish Examiner) and Dr. Geoffrey Spratt (Scoil Cheol an CIT, Corcaigh). Beidh an chomhdháil ar siúl ar an Luan 14 Eanair. Is i gcomhpháirtíocht le Scoil Cheol an CIT, Corcaigh atá an chomhdháil seo á eagrú.


dáta

6-8 Samhain

Eolas

Chris Cull - Administrator,
Forum for Music in Ireland,
19 Fishamble Street,
Temple Bar,
Dublin 8.

Guthán: 01-648 9100
r-phost: info@forumformusic.ie
Idirlíon: www.forumformusic.ie


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon.

Tionscadail: Saothair nua

Suim a dámhadh: €50000

Foirm ealaíne: Ailtireacht, Sorcas, Téatar, Na hEalaíona traidisiúnta,Na Físealaíona

Cineál lucht éisteachta: Ealaíontóir, Eagraíocht
Comhoibriú: Sea

Beidh nótaí treoracha mar aon le foirmeacha iarratais nua ar fáil ar líne go luath ag www.artscouncil.ie

Spriocdháta

05/02/2009

Eolas

 

Teileafón: 01 618 02 00
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie

 

An Chomhairle Ealaíon.

Dámhachtain Coimisiún

Suim a dámhadh: €10000

Foirm ealaíne: Ailtireacht, Na healaíona rannpháirteachais, Rince, Ceol, Seónna, Sráidealaine, Téatar, Na hEalaíona traidisiúnta, Na Físealaíona

Cineál lucht éisteachta: Gach cineál.
Comhoibriú: Sea

Beidh nótaí treoracha mar aon le foirmeacha iarratais nua ar fáil ar líne go luath ag www.artscouncil.ie

Spriocdháta

26/03/2009

Eolas

 

Teileafón: 01 618 02 00
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie

 

An Chomhairle Ealaíon.

Tionscadail: Aonuaire

Suim a dámhadh: €100000

Foirm ealaíne: , Na hEealaíona rannpháirteachais, Rince, Scannáin, Ceol, Na físealaíona

Cineál lucht éisteachta: Ealaíontóir, Eagraíocht
Comhoibriú: Sea

Beidh nótaí treoracha mar aon le foirmeacha iarratais nua ar fáil ar líne go luath ag www.artscouncil.ie

Spriocdháta

12/02/2009

Eolas

 

Teileafón: 01 618 02 00
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie

 

An Chomhairle Ealaíon.

Dámhachtana Taistil agus Oiliúna

Suim a dámhadh: €12000

Foirm ealaíne: Gach ceann díobh

Cineál lucht éisteachta: Ealaíontóir, Eagraíocht
Comhoibriú: Yes

Is é príomhchuspóir na Dámhachtana Taistil agus Oiliúna ná tacú le hoiliúint agus le deiseanna forbartha gairmiúla eile trí thaisteal idirnáisiúnta.
Breis eolais: Culture Ireland, Seomra 3.32, Foirgnimh Fhreidric, Sráid Fhreidric Theas, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353 1 631 3905
Facs: +353 1 631 3956
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie.
Gréasán: www.cultureireland.gov.ie

Spriocdháta

Leanúnach

Eolas

 

Teileafón: 01 618 02 00
Ríomhphost: travelandtraining@artscouncil.ie

 


Deiseanna Eile

Comórtas Filíochta Bheál na mBuillí, 2009 / The Strokestown Poetry Prizes 2009 Festival

1- 3 Bealtaine 2009
Is í Máire Ní Annracháin atá mar mholtóir ar Chomórtas Cholmcille don fhilíocht is fearr i nGaeilge, agus is iad John F. Deane, Penelope Shuttle agus Joe Woods a bhéas mar mholtóirí ar an gcomórtas Bhéarla. Déanfaidh Declan O'Brien moltóireacht ar an gcomórtas sa fhilíocht ghrinn.
Bronnfar duaiseanna de €4,000 ar na buaiteoirí. Ní mhór nár fhoilsíodh na dánta cheana. Is féidir leis na dánta a bheith i mBéarla, Gaeilge nó i nGaeilge na hAlbaine. Fógrófar na buaiteoirí i rith na féile. Mar aon leis sin, cuirfear 12 dán ar ghearrliosta, agus tabharfar cuireadh d’údair na ndánta iad a léamh i rith na féile. Bronnfar duais de €450 ar na daoine a roghnófar.

Spriocdháta

Déardaoin 22 Eanair 2009

Eolas


Guthán: 071 9633759
Suíomh Idirlín: www.strokestownpoetry.org/

 

Cló Ceardlann na gCnoc

Scéim Ealaíontóir Cónaithe 2009

Tá Cló Cearlann na gCnoc, eagras físealaíne i nGaeltacht Thír Chonaill, ag glacadh le hiarratais don ‘Scéim Chónaithe do Fhíealaíontóirí, 2009’. Ní mhór d’iarratas mar aon leis C.V, plean oibre, agus samplaí de shaothar ealaíne i bhfoirmeád jpg a sheoladh isteach chuig Cló Ceardlann na gCnoc. Tá an scéim oscailte do fhísealaíontóirí a bhfuil spéis acu san fhísealaíon comhaimseartha, agus a bhfuil spéis ar leith acu i dtírdhreach, teanga agus cultúr na Gaeltachta.
Breis eolais agus sonraí faoi chritéar na scéime le fáíl uaidh Marjorie Doohan ag: Cló Ceardlann na gCnoc, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair, Co. Thír Chonaill.

Spriocdháta

Eolas

Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net.
Suíomh Idirlín: www.clo.ie

 

Centre Culturel Irlandais

Deis do fhísealaíontóirí Éireannacha seal a a chaitheamh mar Ealaíontóirí cónaithe sa Choláiste Gaelach i bParás i rith 2009 agus 2010.
Mhaireann an tréimhse cónaithe trí mhí. Cuirtear lósitín, cothú agus costais thaistil ar fáil mar aon leis íocaíocht de €600 sa mhí.
Breis eolais, eolas faoi chritéar na scéime agus foirm iarratais le fáil ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

30 Eanair 2009.

Eolas

Suíomh idirlín: www.centreculturelirlandais.com
Ríomhphost: spratschke@centreculturelirlandais.com

Seoladh: Centre Culturel Irlandais, 5 rue des Irlandais, 75005 Paris, France



 

Tionscnamh um Mhalartú – TÍR – Ealaíontóirí Cónaithe

Chomhpháirtíocht idir Oriel Plas Glyn-y-Weddw, Pen Llþn, Áras Éanna, Inis Oírr agus Taigh Cheasabhagh, North Uist

Trína gclár d’Ealaíontóirí Cónaithe tá Tionscnamh um Mhalartú d’Ealaíontóirí TÍr dírithe ar chur chun cinn obair na n-amharc-ealaíontóirí a labhraíonn nó atá eolasach ar theanga dhúchais Cheilteach.
Le linn dóibh bheith mar ealaíontóirí cónaithe cuirfidh na healaíontóirí a roghnófar comhbheart oibre le chéile a chuirfear ar taispeáint sna 3 thír chomhpháirtíochta..
Faigheann gach ealaíontóir stiúideo le háit chónaithe saor in aisce, scoláireacht de £5,000. I measc meán na n-ealaíontóirí glacfar le dealbhóireacht, péinteáil, déanamh priontaí, ealaín dhigiteach, meán measctha, griangrafadóireacht agus scannán nó físeán.
Sa bhliain 2010, cuirfear taispeántas d’obair na n-ealaíontóirí ar siúl sna gailearaithe/hionaid ealaíon inár oibrigh siad. Tabharfar an taispeántas ansin thart ag ionaid roghnaithe i bpríomhchathracha na Breataine Bige, na hÉireann agus na hAlban. Tabharfar ranníocaíocht de £500 le haghaidh costas frámaí ar mhaithe leis an gceardaíocht ghairmiúil is airde a chinntiú.
Breis eolais agus critéar na scéime ar fáil uaidh Áras Éanna:


Spriocdháta

Eolas


Suíomh Idirlín: www.araseanna.ie
Guthán: 099 75150

 


Oiliúint

Ealaíon Pobail i gComhthéasc Tuaithe’. GMIT (Gaillimh)

Cúrsa páirt aimsearach ag tosnú sa GMIT i nGaillimh ar an 26 Eanair, 2006. Is é aidhm an cúrsa seo ná scileanna agus saineolas a sheacadadh do na rainnpháirtithe ionas go mbeidh siad in ann tionscnaimh físealaíne agus oidreachta a fhorbairt i gcomhtheásc tuaithe. Cuirfear an cúrsa i láthair trí shraith léachtaí, ranganna, shemineáir agus obair phraicticiúil.
Leanfaidh an cúrsa ar feadh 13 seachtain agus beidh sé ar siúl gach Luain óna 6 – 9 i.n. Is í Deirdre O Mahony an teagascóir Táille don cúrsa: €150.


Breis eolais agus foirm Iarratais le fáil uaidh an GMIT.

Dáta

11 Deireadh Fómhair 2008

Eolas

Seoladh: The Lifelong Learning Centre, GMIT, Dublin Road, Galway City


Ríomhphost: mary.maccague@gmit.ie
mary.creaven@gmit.ie
Guthán: 091 742257 / 742496 / 742412
Suíomh idirlín: www.gmit.ie



Ealaíon Poiblí

Shamrock Plaza,Ceatharlach.: Ealaíon Pobail – Comórtas / Coimisiún

Ta Monaco Properties ag tairiscint coimisiúin le píosa ealaíne a chruthú do spás poiblí os comhair Áras na Seamróige i mBaile Cheatharlaigh. Is é an aidhm atá leis an togra seo ná píosa ealaíne poilbí a chruthú a chuirfidh go mór le saol poiblí Cheatharlaigh agus a bhainfidh pobal Ceatharlaigh leas agus tairbhe asti. Ní mhór go dtabharfaidh an píosa ealaíne léargas ar chultúr, ar thimpeallacht agus ar stair eacnamaíochta an cheantair Tá ciste de €30,000 curtha ar fáil don togra. Beidh táillí an ealaíontóra, dearadh, bunábhair agus an costas déantúsaíochta mar chuid den táille seo, CBL san áireamh.
Tá dhá chéim ag baint leis an bpróiseas roghnúcháin: Roghnófar coiste stiúrtha le measnú a dhéanamh ar na hiarratais. Beidh baill de Monaco Properties, Comhairle Cheatharlaigh agus oifig ealaíne Cheatharlaigh mar rainnpháirtithe ar an gcoiste. Breis eolais faoi chritéar na scéíme ar fáil ar an suíomh idirlín Monaco Properties.
Is comhpháirtíocht an tionscnamh seo idir Chomhairle Bhaile Cheatharlaigh agus Monaco properties

Dáta

12 meánlae, Déardaoin 31 Eanair 2009

Eolas


Suíomh idirlín: www.monaco.ie
Ríomhphost: LGough@monaco.ie or ATobin@monaco.ie



Coiste Ghairmoideachas Mhaigh Eo: Coimisiún.

Tá Coiste Ghairmoideachas Mhaigh Eo ag tairscint dhá choimisiún mar chuid den scéim % Ealaíon Poiblí.
Baineann an dhá choimisiún le méadú a rinneadh ar fhoirgnimh i dhá mheánscoil i gCo. Mhaigh Eo; Choláiste Naomh Pádraic, Crosaire Leacán agus Coláiste Naomh Bhreándáin, Béal an Mhuirthead
Tá ciste €34,800 curtha ar fáil don tionscnamh i gColáiste Naomh Pádraic, agus €36,500 curtha ar fáíl don tionscnamh i gColáiste Naomh Bhreandáin. Beidh táillí an ealaíontóra, dearadh, bunábhair agus an costas déantúsaíochta mar chuid den táille seo, CBL san áireamh.
Tá dhá chéim ag baint leis an bpróiseas roghnúcháin. Déanfaidh ‘Coiste Stiúrtha na Scéime % Ealaíon poiblí’ agus Coiste Ghairmoideachas Mhaigh Eo measnú ar na hiarratais.
Breis eolais faoin chritéar na scéime ó: Sharon Moore, Mayo VEC, Newtown, Castlebar, Co Mayo

 

Dáta

Dé hAone, 27 Feabhara 2009

Eolas


Guthán: 094 9024188, extension 245
Ríomhphost: smoore@mayovec.ie




Folúntais

Éigse - Carlow Arts Festival

Stiúirthór Féile


Tá folúntas ag Éigse Cheatharlaigh do stiúirthóir ar Fhéile Ealaíona an Cheatharlaigh.
Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistíocht agus riarachán na Féile. Ní mhór sár scileanna bainistíochta, riaracháin, airgeadais agus bainistíocht daonna a bheith ag an iarratasóir, mar aon leis dian-thuiscint ar chúrsaí Ealaíne agus reachtáil Féilte Ealaíne. Turastail: €42,000


Dáta

19 Nollaig.

Eolas


Breis eolais ag www.eigsecarlow.ie
Ríomhphost: recruitment@eigsecarlow.ie




Ard-Mhúsaem na hÉireann

Oifigeach Oideachais

Tá folúntas ag Ard-Mhúsaem na hÉireann d’Oifigeach Oideachais. Beidh an post seo bunaithe sa rannóg Seandálaíochta agus an Stair Nádúrtha san Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath. Beidh an té a cheapfar freagrach as forbairt, bainistíocht agus feidhmiú an pholasaí oideachais atá ag an Ard-Mhúsaem.
Breis Eolais faoin bpost agus foirm iarratais le fáil uaidh:
Mrs Mary Dowling, Bainisteoir Acmhainní Daonna, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Sráid Benburb, Baile Átha Cliath 7.

 

Dáta

19 Nollaig 2008 ag 5.00 i.n.

Eolas

Guthán: 01 6486442 (Lo-call 1890 687386, extension 442)
Ríomhphost: recruitment@museums.ie
Suíomh idirlín: www.museum.ie



Imeachtaí

Féile Chóilín Sheáin Dharach,
Ros Muc, Conamara.
Féile i gcuimhe ar an ndamhsóir iomráití, Chóilín Sheáin Dharach. Déantar ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha, (an damhsa ar an sean-nós ach go háirithe). Ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, cainteanna agus léachtaí oidhreachta, ceardlanna damhsa agus amhránaíochta.
30 Eanair – 1 Feabhra, 2009

Breis Eolais www.damhsoir.ie


Scoil Cheoil Frankie Kennedy
Féile a déanann ceiliúradh ar cheol agus amhránaíocht Ghaeltacht Uladh, agus a thugann árdán do na hEalaíona Dúchasacha. Ceol den chéad scoth, ranganna, léachtaí, cainteanna agus ceolchoirmeacha. Meallann an fhéile seo cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír. Beidh na himeachtaí uilig ag tarlú i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus beidh trí ionad á n-usáid: Brú na hEaragaile, Dún Lúiche; Ionad Cois Locha; agus Ionad Naomh Pádraig, Dobhair. Beidh ceoltóirí agus bannaí ceoil den scoth ar an gclár i mbliana, ina measc, beidh Altan, Máirtín Ó Connor, Tommy Peoples, Conal Ó Gráda, Frankie Gavin agus go leor eile.
27 Nollaig 2008 – 2 Eanair 2009.

Breis eolais www.frankiekennedy.com


Scoil Cheoil an Earraigh Iarthar Dhuibhneach
Scoil Cheoil Traidisiúnta thar téimhse cúig lá a thugann aire faoi leith do cheol, stíl agus amhráin thraidisiúnta Chorca Dhuibhne. Ranganna ceoluirlise, amhránaíochta & rince, ceolchoirmeacha.
Céadaoin 18 Feabhra - Domhnach 22 Feabhra 2009

Breis Eolais www.scoilcheoil.com


Gailearaí Cheardlann na gCroisbhealach.
Taispeántas físealaíne – Saothar Nua le Marie O'Donoghue agus Turas Samhlaíoch leis an tSiúr Clair Dillon
Is “Saothar Nua” an teideal atá ag an taispeántas spreagúil leis an ealaíontóir iomráiteach áitiúil, Marie O’Donoghue. Duine ar bith atá eolach ar shaothar Marie, aithneoidh siad athrú suntasach ina cuid oibre, pailéad glé grinn, lorg láidir mín scuaibe agus léirstean úr.
Sa ghailearaí thuas staighre a bheás an taispeántas “Turas Samhlaíoch”, leis an tSiúr Clair Dillon, ar siúl. Ba é an Chéad Sraith Dordveidhle de chuid Bach a thug inspreagadh do shaothar Clair. Trasnaíonn an turas láidir radharcach seo mórán meán agus teicnící macasamhail saothar péinteáilte, cruain agus teicstíle.
Beidh an taispeántas seo ar siúl go dtí an Satharn 17 Eanáir 2009.
Bíonn An Gailearaí oscailte Dé Luain – Dé hAoine,ón 10 r.n.go 5 i.n., agus Dé Sathairn ón 12 i.n. go dtí an 5 i.n.

Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.gailearai.com
Guthán: 074 9165594


An tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne

‘Le Chéile’ – Taispeántas Físealaíne le hEalaíontóirí Mhúscraí.
Beidh an taispeántas seo ar siúl san Ionad Cultúrtha in Baile Mhúirne i rith mhí na Nollag agus mí Eanair. Is iad seo a leans na hEalaíontóirí a bheás páirteach: Bernadette Ní Choitir, Helen Ní Chuill, Pauline Dodds, Meredith Flandreau, Máire Ní Shúilleabháin, Suzanne O’Sullivan, Luc Racine, An tAthair Diarmuid Ó Riordáin, Bob Rasmussen, Maura Whelan, Helene Willems Bogels agus Peadar Ó Riada.

“Casadh Arís”
Tréimhse chónaitheach á dhéanamh ag Fearghus Ó Conchúir (córagrafóir comh-aimseartha) agus Rachel Holstead (cumadóir comh-aimseartha) chun saothar idir-disciplíneach a cruthú. Beidh an saothar seo ar stáiste san Ionad Cultúrtha ar an 16ú Eanair 2009.
Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Guthán: 026 45733



Aras Éanna, Inis Oírr
'Ealaíon Inis Oírr' (Taispeántas Ealaíne Mhuintir an Oileáin) Nollaig 2008

Neil Smith (Ealaíontóir cónaithe) Cearlanna damhsa do dhaoine óga agus fásta Nollaig 2008 - Feabhra 2009

Guthán: 099 75150
Suíomh Idirlín: www.araseanna.ie
Ríomhphost: araseanna@eircom.net


Fibín Teo.
'An Cearrbhach Mac Cába & Fiche Bliain ag Fás.'

Beidh an dráma úr leis an gcompántas illdánach drámaíochta, Fibín, ‘An Cearrbhach Mac Cába & Fiche Bliain ag Fás’ ar chamchuairt ar fud na tíre san athbhliain.
Tá sé mar aidhm ag Fíbín, drámaíocht den scoth a chur ar fáil do scoileanna na tíre. Beidh deis ag na mic léinn atá i mbun staidéir, briseadh amach as srianta an tseomra ranga agus tuiscint níos leithne a fháil ar na saothair seo i bhfóram taitneamhach agus grinn.

Dátaí na camchuairte:
Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Connamara 091 505855 Céad 14 - Aoine 16 Ean
Briery Gap, Maigh Chromtha, Co. Chorcaigh 026 41793 Luan 19 - Aoine 23 Ean
Friars Gate Cill Mocheallóg, Luimneach 063 98727 Luan 26 - Aoi 30 Ean
Iontas, Baile na Lorgan, Co Muineahcáin 042 9753400 Luan 2 - Cead 4 Feabh
Tuar Ard Arts Centre, Móta, Co. na hIarmhí 0906482042 Luan 9 - Aoine 13 Feabh
Port Láirge, Garter Lane Arts Centre 051855038 Luan 23 - Máirt 24 Feabh
Loch Garmáin, Wexford Arts Centre 0539123764 Déardaoin 26 - Aoine 27
Axis Arts Centre, Baile Muna, Baile Átha Cliath 01 8832100 Luan 2 - Aoine 6 Márta
Dubhlann, Gaillimh 091569777 Máirt 10 - Aoine 13 Márta
Watergate, Cill Chainnigh 0567761674 Céad 18 - Aoine 20 Márta
An Grianán, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall 0749120777 Luan 23 - Máirt 24 Márta
Linen Hall, Caislán na Mhara 094 9023733 Luan 30 - Aoine 3 Aibreán

Breis eolais:
Suíomh Idirlín: www.fibin.com
Ríomhphost: fibin@eircom.net
Guthán: (091) 553033


Fuint Focal
Beidh an Fhéile Litríochta do dhéagóirí Fuint Focail ag tarlú i Mí Feabhra 2009 i nGaoth Dobhair. Deireadh seachtaine lán le ceardlanna, cruthaíocht agus siamsaíocht a bhéas ann. Cuirfear lóistín ar fáil dóibh siúd a dhéanann an turas go Gaoth Dobhair agus tabharfar liúntas do dhéagóirí a bhfuil ag iarraidh taistil go dtí an bhféile. Má tá suim agat beidh páirteach is féídir dul i dteagmháil le Máire Áine Ní Mháille ag Pléaráca Teo.


Guthán: 091 574882.


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.modelart.ie/newspaces.html- Model Arts & Niland Gallery, Sligeach

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.vaireland.org - Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.