|
|
Nuacht
Fáilte go nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta
D’fhógair Ealaín na Gaeltachta
Teo an Scéim Sparánachta sna healaíona,
2011/2012 le gairid. Tá iarratais á
lorg don scéim seo atá dírithe ar thacaíocht
a chur ar fáil d’ealaíontóirí
bhforbairt a gceird. Is é an spriocdháta ná,
Dé hAoine 11 Samhain 2011. Tuilleadh
eolais maidir le foirm iarratais, critéar srl. ar
fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon
ag na seoltaí thíos:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe (091) 503 100 m.nidhroighneain@udaras.ie
An Daingean, Co. Chiarraí (066) 9150100 / (026) 45366
e.depaor@udaras.ie
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall (074)9560100
m.macaoidh@udaras.ie
Tá réimse leathan d’ imeachtaí
agus de fheiltí ar siúl ar fud na
Gaeltachta i rith mí Dheireadh Fómhair. Tá
tuilleadh eolais fúthu uile ar fáil sa ríomhlitir.
Lena hais sin, tá eolas faoina deiseanna éagsúla
atá ar fáil d’ealaíontóirí
agus d’eagraíochtaí ealaíne,
idir dheontas, oiliúint, fholúntais agus eile.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Folúntas
| Dublin Fringe Festival.
|
Bainisteoir ar an Dublin Fringe Festival
seeks – tréimhse sealadach
Tá folúntas ag an Dublin Fringe Festival
do bhainisteoir ginearálta. Beidh an té
a cheapfar i gceannas ar cheann de mhórfhéilte
drámaíochta na tíre. Ní
mhór go mbeadh an taithí cuí
ag an iarratasóir agus dhá bhliain taithí
acu ag obair mar bhainisteoir ar eagraíocht
ealaíne aitheanta.
Is ar feadh tréimhse 6 mí atá
an post - ón 9 Eanáir 2012 – 8
Iúil 2012.
Tuarastal: €35,000 sa bhliain pro rata
Is féidir gach eolas faoin bpost a fháil
ó Róise Goan ag roise@fringefest.com
|
|
Dáta
|
4 Samhain,
2011
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín:
www.fringefest.com
Ríomhphost: roise@fringefest.com
Teileafón: +353 1 676 1749
|
| Éigse: Féile
Ealaíona Cheatharlaigh
|
Conradh ar sheirbhísí - Bainistíocht
ar Scéim Ealaíon Poiblí de chuid
Chomhairle Chontae BÁC
Fáiltíonn Comhairle Chontae Bhaile Átha
Cliath roimh tairiscint ar chonradh chun seirbhísí
bainistíochta a dhéanamh ar a gclár
ealaíon poiblí. Is conradh dhá
bhliain atá á tairiscint.
Tá na cáipéisí tairisceana
agus tuilleadh eolais le fáil ag www.etenders.gov.ie
|
|
Dáta
|
9 Samhain,
2011
|
|
Eolas
|
Teileafón: 353 59 9140491
Suíomh Idirlín: www.etenders.gov.ie
Ríomhphost: gary.sullivan@dublincity.ie
|
Deiseanna
Deontais
| Ealaín na
Gaeltachta
|
Scéim Sparánachta sna healaíona.
Cuirtear fáilte roimh ealaíontóirí
iarratas a dhéanamh ar Sparánacht sna
healaíona 2011. Tá sé i gceist
trín scéim seo deis a chur ar fáil
don ealaíontóir, am a chur ar leataobh
le forbairt ealaíona a bhaint amach. Cé
go mbeidh deis ann obair nua a bheith cruthaithe níl
sé seo mar choinníoll scéime.
Bronnfar dámhachtain bunaithe ar an gcaighdeán
ealaíona atá léirithe agus ar
an luach cultúrtha a bhaineann leis, seachas
ar aon chúis eile. Scéim atá
dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil
d’ealaíontóirí bhforbairt
a gceird
Tuilleadh eolais maidir le foirm iarratais, critéar
srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí
Ealaíon sna réigiúin.
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe (091) 503 100 m.nidhroighneain@udaras.ie
An Daingean, Co. Chiarraí (066) 9150100 / (026)
45366 e.depaor@udaras.ie
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall (074)9560100
m.macaoidh@udaras.ie
|
|
Spriocdháta
|
11 Samhain, 2011.
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín:
www.ealain.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtainí Taistil agus
Oilúna
Tá dhá shraith ag baint leis an dámhachtain
seo. Is í an phríomhshraith ná
Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici
sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú
ar fáil; is í an dara sraith ná
Taisteal agus Oiliúint Isteach.
Uasmhéid Bronnta: €12,000
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Suíomh idirlín:
http://www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Maoiniú bliantúil
Is é cuspóir na scéime ná
maoiniú leanúnach a bhronnadh ar eagraíochtaí
ealaíona ar bhun bliantúil. Is féidir
maoiniú a bhronnadh ar chlár ealaíne
agus i dtreo costas bainistíochta agus riaracháin.
Gach eolais le fáil ar an suíomh www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
24 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 618 02 14
Ríomhphost: annualfunding@artscouncil.ie
Teagmhálaí: Gillian
Drew
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Eagraíochtaí Maoinithe Rialta.
Is é cuspóir na scéime ná
maoiniú a bhronnadh ar phríomh eagraíochtaí
ealaíona chun iad a neartú go fadthéarmach.
Is iad an Chomhairle Ealaíona a thugann cuireadh
do na heagraíochtaí áirithe iarratas
a déanamh.
Gach eolais le fáil ar an suíomh www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
24 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 618 02 14
Ríomhphost: rfo@artscouncil.ie
Teagmhálaí: Gillian
Drew
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Deontas Chláreagraithe Bhliantúla
Is cuspóir an chláir seo ná maoiniú
a bhronnadh ar eagraíochtaí le clár
ealaíona a fhorbairt. Ní bhronntar maoiniú
i dtaobh chostais riaracháin, oifige nó
bainistíochta.
Gach eolais le fáil ar an suíomh www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
24 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: 01 618 02 14
Ríomhphost: apq@artscouncil.ie
Teagmhálaí: Gillian
Drew
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim na Scríbhneoirí
sa Scoileanna
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú
ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann
a riarann Í Cuireann an scéim ar chumas
d’ealaíontóirí oibriú
le príosúnaithe i bpríosún/ionaid
choinneála ar feadh thréimhse 8-10 lá
agus comhlánaíonn sí clár
ealaíon agus oideachais atá ann cheana
féin sna Aonaid Oideachais laistigh de chóras
na bpríosún
Uasmhéid Bronnta: €2,400
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
aspx http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: writersinschools@poetryireland.ie
Suíomh Idirlín : www.poetryireland.ie/education nó www.artscouncil.ie
|
| Cultúr Éireann
|
Cultúr Éireann – Deontas.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú
ar eagraíochtaí ealaíona nó
ealaíontóirí chun sár-imeachtaí
cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl
thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh
ócáidí (m.sh. léiriúcháin,
taispeántais, léachtaí), ócáidí
nach mbíonn an eagraíocht ná
an léiriúchán féin in
ann na costais ina leith a íoc. Tá foirmeacha
agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh
gréasáin.
|
|
Spriocdháta
|
15 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh : Cultúr Éireann,
Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353
1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh
Idirlín: www.cultureireland.gov.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Splanc, 2011
Fáilteoidh TG4 agus An Chomhairle Ealaíon
roimh iarratais don 7ú séasúr
den togra nuálaíoch seo faoina maoinítear
cláracha cruthaitheacha faisnéise teilifíse
a léiríonn saol na n-ealaíon
agus cruthú na n-ealaíon in Éirinn.
Tá mar aidhm le scéim na bliana seo
tacú le roinnt cláracha faisnéise
ar raon cineálacha ealaíon a thabharfaidh
léargas agus tuiscint ar chruthú na
healaíne in Éirinn sa lá atá
inniu ann.
Níl aon chineál ealaíne taobh
amuigh de scóip na scéime seo agus tabharfar
tús áite do chláracha faisnéise
ina bhfuil físiúlacht ar leith, paisean
agus cur chuige ceannródaíoch.
Tá ciste €120,000 san iomlán ar
fáil.
Is é TG4 a riarfaidh coimisiúnú
na gclár, a bheidh de réir Téarmaí
Trádála TG4.
Molann TG4 agus An Chomhairle Ealaíon oibrithe
scannán a oibríonn trí mheán
na Gaeilge.
|
|
Spriocdháta
|
11 Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: TG4 Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
Teagmhálaí:
Proinsias Ní Ghráinne
Teileafón: 091 505050
Ríomhphost: proinsias.ni.ghrainne@tg4.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
nó www.tg4.ie
|
Deiseanna
Eile
| Scoil Phéintéireachta
Thoraí.
|
Galearaí
Dixon, Oileán Thoraí – Crannchur.
Tá clú agus cáil ar Scoil Phéintéireacht
Thoraí agus sa la atá inniu ann bíonn
naonúr ag péinteáil. Tá
na céadta i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Dhánlann
James Dixon a osclaíodh i 1992. Ar an drochuair,
le blianta beag anuas tá drochbhail tagtha
ar an fhoirgneamh, de thairbhe a suímh agus
anois tá athchóiriú de dhíobháil
go géar. Mar atá, ní thig pictiúir
a choinneáil ná a thaispeáint
ann. Tá sé i gceist ag ealaíontóirí
Thoraí airgead go leor a thógáil
le go dtig leo an dánlann a chóiriu
agus an traidisiún seo de phéintéireacht
bundhúchasach a chaomhnú. Chuige sin,
cuirfear crannchur ar siúl. Is iad naoi bpictiúr
sainiúil ó ealaíontóirí
Thoraí na duaiseanna agus beidh €10 ar
an ticéad. Tarraingeofar na buaiteoirí
ar an 6ú lá d’Eanair 2012 ar clár
Rónán Beo.
Más mhian leat cuidiú a thabhairt déan
teagmháil le Daniel Ó Cuillin ag 086
8763754 nó Majella ag 086 2620154.
|
|
Spriocdháta
|
31
Nollaig, 2011
|
|
Eolas
|
Teileafón
: Daniel Ó Cuillin ag 086 8763754
nó Majella ag 086 2620154.
|
| Siansa Gael Linn
|
Siansa
Gael Linn- Comórtas do grúpaí
traidisiúnta óga.
Comórtas do ghrúpaí traidisiúnta,
le tacaíocht ó RTÉ Raidió
na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Irish Music Magazine
chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid
is fearr de ógthallann ceoil agus amhránaíochta
traidisiúnta na tíre. Tá an comórtas
oscailte do dhaoine óga atá ós
cionn 12 agus faoi bhun 19 mbliana d’aois. Bíonn
idir cúigear agus ochtar i ngach grúpa.
Tá duaischiste €4,500 curtha ar fáil.
Beidh craobh Siansa 2012 á chraoladh beo ag
RTÉ Raidió na Gaeltachta ón gCeoláras
Náisiúnta, Bailte Átha Cliath
ar an Domhnach 29 Aibreán 2012.
|
|
Spriocdháta
|
7
Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Suíomh
Idirlín: www.gael-linn.ie
Teileafón : Niamh de Búrca
ag 01 6753303
|
| Coláiste
Pádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath.
|
Forbairt
Litríocht agus Chultúr na nÓg:
An Dara Comhdháil Idirnáisiúnta
– aigneachtaí á lorg.
Beidh an dara comhdháil idirnáisiúnta
ar fhorbairt Litríocht agus cultúr na
n-óg ar siúl i gColáiste Phádraig,
Drom Conrach ar an 23 & 24 Márta, 2012.
Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil
ardán a thabhairt d’oideachasóirí,
do scoláirí, d’fhoilsitheoirí
agus d’ealaíontóirí den
uile chineál chun a dtuairimí maidir
le litríocht agus cultúr Gaelach na
n-óg a phlé. Díreofar ar stair
chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh
reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint
a thabhairt ar aon ghné de litríocht
nó de chultúr na n-óg, teideal
na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh
isteach.
D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas
a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile
freisin: Stair litríocht na n-óg; Sealbhú
teanga; An Óige sa Bhéaloideas; Óige
na Gaeltachta; Freastal na Meán Cumarsáide
Gaeilge ar an Óige; Cartúin agus Cláir
Ghaeilge do pháistí; Drámaíocht
agus na Taibhealaíona i measc na n-óg;
An óige agus Gluaiseachtaí na Gaeilge.
Seol teideal an pháipéir agus achoimre
(250 focal) chuig litriochtnanog@gmail.com
Is í An Dr Ríona Nic Congáil
riarthóir na comhdhála.
|
|
Spriocdháta
|
19
Nollaig, 2011
|
|
Eolas
|
Suíomh
Idirlín: http://litriochtnanog.blogspot.com
Teileafón : Niamh de Búrca
ag 01 6753303.
|
| Pobal
|
An
ealaíontóir tú? An oibríonn
tú san earnáil ealaíon?
Tugann POBAL cuireadh duit do shonraí a chlárú
le suíomh ealaíon na Gaeilge nua a bheidh
dírithe ar na healaíona Gaeilge. Rinne
POBAL iniúchadh ar na healaíona Gaeilge
agus fuarthas amach go mbíonn sé deacair
go minic do dhaoine ar suim leo ealaíona Gaeilge
teacht ar ealaíontóirí nó
daoine teicniúla san earnáil le Gaeilge.
Tá obair mhór mhaith déanta ar
an cheist seo, ach go fóill tá bearnaí
san eolas maidir le healaíontóirí
Gaeilge. Ba mhaith le POBAL roinnt de na bearnaí
seo a dhruidim agus a chur le poiblíocht agus
le heolas ar na healaíona Gaeilge. Is féidir
do shonraí a chlárú ag www.pobal.org
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Seoladh: Aonad
6, Teach Uí Chorráin, Ionad an Dá
Spuaic, 155 Sráid Northumberland, Béal
Feirste, BT13 2JF
Suíomh Idirlín: www.pobal.org
Ríomhphost: eolas@pobal.org
Teileafón : 0044-(0)28-9043-8132
|
| Éisge Éireann
|
Tairiscintí
á Lorg don Poetry Ireland Review
Fáiltíonn Éigse Éireann
roimh iarratais don iris Poetry Ireland Review. Glacfar
le saothar filíochta, altanna nó léirmheasanna
. Foisítear an iris ceithre uair sa bhliain
agus fáilteofar roimh ábhar i nGaeilge.
Tá tuilleadh eolas ar chritéar agus
treorlínte le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.poetryireland.ie
Ríomhphost: info@poetryireland.ie
Teileafón : 01 4789974
|
| Gradam an Golden Fleece
|
Gradam
an Golden Fleece
Is deis é an gradam d’fhísealaíontóirí
nó ceardaithe as Éireann atá
ag obair i réimse na ceardaíochta traidisiúnta
nó an péinteál fíoracha
(teicstíle, ceirmeach, adhmadóireachta,
ealaíon gloine, sníomhadóireacht
agus saorchloch san áireamh)
Tá an fhoirm iarratais, critéar na scéime
agus treorlínte le fáíl ag www.goldenfleeceaward.com
|
|
Spriocdháta
|
18
Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.poetryireland.ie
Ríomhphost: goldenfleece@ireland.com
Seoladh:
The Golden Fleece Award, 26-28 North Wall Quay, Dublin
1.
|
| Alliance Francaise
|
Gradam
Grianghrafadóireachta Alliance Francaise.
Fáilteofar roimh iarratais ó ealaíontóirí
ar ghradam ghrianghrafadóireachta atá
á reachtáil ag Alliance Francaise. Beidh
na grianghrafanna is fearr a roghnófar mar
chuid de thaispeántas in ionad an Alliance
i mBÁC Roghnófar grianghraf amháin
ón taispeántas sin mar bhuaiteoir ar
an gcomórtas. Tá duais de €500
curtha ar fáil don bhuaiteoir mar aon leis
turas chun na Fraince le lóistín coicíse
sa Centre Culturel Irlandais.
Tá tuilleadh eolais agus treorlínte
an chomórtais le fáil ag www.alliance-francaise.ie
|
|
Spriocdháta
|
1
Nollaig, 2011
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.alliance-francaise.ie
Ríomhphost: gallery@alliance-francaise.ie
Teileafón : (01)638 1447
Seoladh: Françoise Brung,
Alliance Française Dublin , 1 Kildare Street
, Dublin 2
|
Seimineáir
| Meitheal na mBeag
|
Comhdháil
2011. ‘Fás agus Éabhlóid’
18 agus 19 Samhain 2011, in OÉ Gaillimh
Beidh Comhdháil Mheitheal na mBeag ar siúl
an 18 agus 19 Samhain 2011, in OÉ Gaillimh.
Ag tógáil ar chomhdháil straitéiseach
agus spreagúil na bliana seo caite, is é
téama na bliana seo ‘Fás agus
Éabhlóid’.
Tá Meitheal na mBeag ag súil le fáilte
a chur roimh Ruth Little mar spreagchainteoir na comhdhála.
Is dramaturg, scríbhneoir agus smaointeoir
spreagúil ar chúrsaí ealaíon
í Ruth Little, a dhéanann cíoradh
ar na ceangail idir drámaíocht, sochaí
agus an timpeallacht.
I measc na seisiún eile i rith na comhdhála
beidh léirithe ó bhaill Mheitheal na
mBeag, plé ar éabhlóid na réimse
agus deiseanna ag na rannpháirtithe aghaidh
a thabhairt ar an todhchaí i gcomhoibriú
cruthaitheach agus praiticiúil. Tá súil
againn dhá lá den scoth a chur ar siúl
agus cur le hobair fhiúntach chomhdháil
na bliana seo caite!
|
|
Spriocdháta |
Níl
spriocdháta i gceist |
|
Eolas |
Ríomhphost: meithealnambeag@gmail.com
Teileafón: 01 661 5133
Suíomh Idirlín: www.meithealnambeag.ie/
|
| Gailearaí Náisiúnta
na hÉireann |
Sraith
léachtáí an Fhómhair
Sraith léachtaí ina ndéanfar
iniúchadh ar cheird na bpórtráidí
agus na bhféinportráidí. Bí
i gcomhluadar cáirdiúil, ól gloine
fíona agus éist le léachtaí
spreagúla curtha i láthair ag saineolaithe
bríomhara.
Ticéid: €10 nó €50 don tsraith
iomlán Is féidir ticéidí
a cur in áireamh ag: www.theboxoffice.ie
An clár le fáíl ag www.nationalgallery.ie
|
|
Spriocdháta |
Níl
spriocdháta i gceist |
|
Eolas |
Ríomhphost: meithealnambeag@gmail.com
Teileafón: 01 661 5133
Seoladh: National Gallery of Ireland,
Merrion Square West, Dublin 2, Ireland
|
Oiliúint
| Business to Arts
|
Conas
suíomh idirlín a chrúthú
agus a bhainsitiú i gcomhair le Everyman Training.
Clár dhá lá a reachtáltar
gach Déardaoin agus Aoine i mBaile Átha
Cliath. Cuirtear an cúrsa seo ar fáil
do dhaoine nach bhfuil aon scileanna teicniúla
nó ríomhaireachta acu. Is féidir
gach eolas ar shiollabas an chúrsa a fháil
ag: http://www.online365.ie/training.htm
Is eagraíocht é Buisness to Arts a
cothaíonn nascanna idir an lucht gnó
agus an earnáil ealaíne.Tugar lascaine
do bhaill de Buisness to Arts ar chúrsaí
oiliúna An Irish Times agus Sureskills. Is
féidir clár na gcúrsaí
seo a fheiceáil ag www.businesstoarts.ie
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla. |
|
Eolas |
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦
Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie
Seoladh: Rowena Neville, Director
of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex
St, Temple Bar, Dublin 2. |
| Físealaíontóirí
na hÉireann (Visual Arts Ireland)
|
Forbairt
Ghairmiúil d’fhís ealaíontóirí
2011.
Sraith de léachtáí agus cúrsaí
sa bhainistíocht, riaracháin, cleachtas
ealaíne agus gnéithe eile atá
áisiúil d’fhísealaíontóirí
ar mhian leo a slí bheatha a bhaint amach ina
ealaíontóirí gairmiúla.
Is féidir liosta de na cúrsaí
a fháil ag; www.visualartists.ie
Is féidir clárú do na cúrsaí
ag:
http://visualartists.ie/education/register-for-our-events/
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla. |
|
Eolas |
Teileafón: 00353 (0) 1 672 9488
Ríomhphost: monica@visualartists.ie
Suíomh Idirlín: www.visualartists.ie
Seoladh: Monica
Flynn, Education Officer, Visual Artists Ireland,
Ground Floor, Central Hotel Chambers, Dame Court,
Dublin 2 |
Ealaíon Poiblí,
% Ealaíon & Coimisiún
|
Scoil Náisiúnta Naomh
Lorcáin Naofa, Cill Dara.
|
%
Ealaíon – S.N. Naomh Lorcáin Naofa,
na Solláin, Co. Chill Dara
Cuireann S.N. Naomh Lorcáin Naofa, na Solláin,
Co. Chill Dara fáilte roimh iarratais le píosa
físealaíne a chruthú a bheidh
curtha ar láthair sa scoil. Ní mhór
go mbeadh an saothar íogaireach do fhealsúnacht
agus d’ éiteas na scoile agus ní
mhór go mbeidh an píosa ealaíne
feiliúnach do thimpeallacht na scoile. Tá
an tionscnamh maoinithe ag an Roinn Oideachais agus
Eolaíochta
Tá ciste de €30,000 ar fáil.
Tá tuilleadh eolais agus treorlínte le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
24
Samhain, 2011
|
|
Eolas
|
Ríomhphost:
rinawhyte@yahoo.com
Teileafón: 353 87 2389591
Suíomh idirlín: http://sallinsns.scoilnet.ie/
|
Imeachtaí
Ionad Cultúrtha,
Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile
Mhúirne ná na healaíona d'árd
chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon
a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá
clár dúshlánach leagtha amach ag an
ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí
rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí
ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo
i gceart lár saol ealaíona Ghaeltacht Mhúscraí.
Is é trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear
na himeachtaí go léir san Ionad.
Is féidir gach eolais ar imeachaí an ionaid a fhaíl ag
www.ionadculturtha.ie
11.11.11
Ceolchoirm Traidisiúnta - Danny
O’Mahony le Cyril O’Donoghue, Patsy Broderick
agus Johnny Ringo Mac Donagh.
25.11.11 - Ceiliúradh Oireachtas na Samhna
2011
09.12.11
Ceolchoirm Traidisiúnta - Máirtín
O’Connor, Cathal Hayden agus Seamie O’Dowd.
17.12.11 & 18.12.11
Ceadal Piano - Daltaí Ailín
Ní Fhlannagáin
20.12.11
Ceolchoirm Deireadh na Bliana
Daltaí na múinteoirí ceoil, rince agus
amhránaíochta. Ceolchoirm seo ar siúl
i Halla Chúil 17.9.11 - 17.10.11
1.12.11 – 19.12.11
Loinnir
Taispeántas le Ealaíontóirí
Mhúscraí
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh
Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net
Arás Éanna, Inis
Oirr
Ionad Ealaíne in Inis Oirr is ea Áras Éanna.
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thiosluaite.
Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní
Ghallchóir:
Ríomhphost :araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad
Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann,
Co Na Gaillimhe.
Gailearaí Joan Clancy,
An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa
Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar
ó Dhún Garbhán. Tá stádas
á bhaint amach aige de réir a chéile
mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon
comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.
Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn
i nGaeltacht Phort Láirge.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh
Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó
086 8134597
Seoladh
: Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne,
An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol ann - rap, snagcheol,
ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil
agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú,
filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile
ar an gclár fosta Oíche chraiceáilte
den scoth.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó
097 81079 Ríomhphost:
Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh
Idirlín:
www.craiceailte.com
Gigeanna Ceoil le Breandán Ó hEaghra.
Roinnt ceolchoirmeacha leis an albam nua le Breandán
a chur in aithne!
Dé hAoine 11ú Samhain, Club Chonradh Bhaile
Átha Cliath
Dé Sathairn 26ú Samhain, Tigh Hiúdaí
Beag, Club Craiceáilte.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost:
breandan.oheaghra@galwaycity.ie
Ceardlanna do scríbhneoirí Gaeilge
á n-eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
Beidh na ceardlanna seo dírithe den chuid is mó
ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil
aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn
cumas scríbhneoireachta. Tabharfar áit ar
na ceardlanna freisin áfach do dhornán scríbhneoirí
aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí
óga agus na scríbhneoirí aitheanta
araon. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar
mhaith leo a bheith páirteach i gceann de na ceardlanna
sampla dá saothar: gearrscéal, cúig
nó sé de dhánta nó mír
ghearr as úrscéal (úrscéalta
do dhéagóirí san áireamh) a
sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine
Ní Cholchúin ag an seoladh thíos roimh
na spriocdhátaí atá luaite leis na
hionaid éagsúla.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí
agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag na
ceardlanna. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig
gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann
áirithe) roimh ré ionas go mbeidh deis acu
iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh
na hiarrthóirí ar fad in ann páirt
ghníomhach a ghlacadh sna ceardlanna, agus foghlaim
ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
Beidh áit do dheichniúr ar gach ceardlann.
Níl aon táille i gceist do na ceardlanna seo
ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid
costas taistil féin agus lóistín sa
chás go mbeadh a leithéid i gceist.
Ceardlann na Gaillimhe
Á heagrú i gcomhar le Comhaltas na Mac Léinn,
OÉ Gaillimh
Ionad: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh
Dáta: Dé hAoine, 11 Samhain, 2011
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál
Ó Conghaile agus Pádraig Ó Cíobháin
Spriocdháta d’iarratais: 28 Deireadh Fómhair,
2011
Ceardlann Bhéal Feirste
Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Dáta: Dé Sathairn, 19 Samhain, 2011
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál
Ó Conghaile agus Gearóid Mac Lochlainn
Spriocdháta d’iarratais: 4 Samhain, 2011
Tuilleadh Eolais
Teileafón: (091) 593307
Facs: (091) 593362
Seoladh: Áine Ní Cholchúin
nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Conamara, Co.
na Gaillimhe
Ríomhphost: aine@cic.ie
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reáchtálann an tIonad imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ó ham go chéile, mar
aon leis imeachtaí oidhreachta. Téigh i dteagmháil
leis an ionad chun eolas a fháil ar na himeachtaí
atá ar siúl faoi láthair.
Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh
Idirlín: http://www.heritageireland.ie
nó www.ceiliuradh.com
Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead,
Co Mhaigh Eo
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fháil ag
na sonraí teagmhála thíos.
Taispeántas
Seolfar taispeántas le Kristian Olsen aaju dár
teideal ‘IIulissat Marluk Akornanni’ (Between
Two Icebergs) in Áras Inis Gluaire ar an Aoine 3
Samhain ag 8.00pm. Ó 1973, nuair a sheoladh an chéad
taispeántas aonréid leis, tá an iliomad
taispeántas curtha ar siúl ag Aaju - sa Ghraonlainn,
sa Danmhairg san Iorua, sa tSualainn, sa Ghearmháin
agus i dtíortha nach iad. Seo é an chéad
taispeántas dá chuid in Éirinn. Tá
an taispeántas a chur i láthair i gcomhchaidreamh
le Kalaalit Nunaannut Atassuteqaat (The Greenland Connection).
Fáilte roimh chách.
Ranganna Ceoil Gheimhridh
Beidh ranganna ceoil ar siúl gach Céadaoin
i rith an geimhridh. Beidh teagasc den scoth le fáil
sa giotár, méarchlár, fidil, feadóg
agus sa cairdín. Beidh na ranganna ar siúl
ó 7pm – 8pm do thosaitheoirí agus ó
8pm – 9pm do iar-dhaltaí. Beidh ranganna canadh
tradisiúnta ar siúl freisin, ó 7pm-
8.
Cineclub na n-óg
Beidh Cineclub ar siúl ar an Satharn 5 Samhain ag
1.00 p.m. Club scannán sóisearach do pháistí
idir 5 agus 12 bliain d’aois is ea Cineclub na nÓg.
Sé an aidhm atá ag an gclub seo ná
léirthuiscint do scannáin a chothú
i measc páistí óga i slí atá
spraíúil agus oideachasúil. Beidh siad
in ann taitneamh a bhaint as scannáin san amharclann
úrscothach, Áras Inis Gluaire agus tar éis
sin beidh caint agus comhrá dhátheangach ar
siúl, le héascaitheoir, i dtaobh an scannáin
agus beidh seans ag na paistí pictiúir a tharraingt
agus dathú a dhéanamh. Beidh na páistí
faoi stiúir an t-am ar fad. Deis iontach é
seo do ghasúir óga a gcuid tuairimí
a nochtadh as Gaeilge agus as Béarla taobh amuigh
don scoil i slí neamhfhoirmiúil sultmhar.
Caithfear páisti a bhailliú ag 3.30 p.m. Cead
isteach €10 gach páiste ach tá lascaine
clainne de 15% ar fáil. Ta sé tábhachtach
go mbeadh páistí cláraithe linn roimh
an Deardaoin, 3 Samhain. Ríomhphoist Lisa ag l.padden@arasinisgluaire.ie
nó glaoigh ar 097 81079.
Club Scannán Iorrais
Tá Club Scannán Iorrais faoi shiúl
anois! Tar éis tinreamh iontach ag an gcéad
agus dara scannán beidh an chéad ceann eile
ar siúl Dé Máirt 1 Samhain is ea Jigs
and Reels. Beidh sólaistí ar fáil agus
beidh fáilte roimh chách agus a dtuairimí.
Na déan dearmad! Dé Mairt 1 Samhain, 7.00pm
Scoil Damhsa Redmond
Tá Scoil Damhsa Ghaelaigh Redmond ar ais linn arís
i mbliana, agus beidh sé ar siúl gach Máirt
ó 3.00 pm – 5.00 pm.
Yoga le Lucy
Tá ranganna yoga ar siúl in Áras Inis
Gluaire, Béal an Mhuirthead, gach Deardaoin ó
7.30 p.m. go dtí 9.15 p.m. €10 gach rang. Tá
ranganna bunleibhéil ar siúl freisin gach
Máirt ó 7.30 p.m go dtí 8.45 p.m. Deonuithe
ar fáil. Tabhair mata leat. Tuilleadh eolais 097
81205 nó logáil isteach ar www.looseyoga.com
Áras Inis Gluaire – Tionscnamh Pobail do
Fhir
Do fhir os cionn 55 : Ag tosú ar an Déardaoin
27 Deireadh Fómhair ó 2.00pm go 4.00pm táimid
ag tairiscint cumaisc “Swim agus Gym” in Ionad
Fóillíochta Éalú in Ostán
an Broadhaven Bay. Beidh teagasc snámha ar fáil
ar feadh uair a’ chloig agus tar éis sin beidh
aclaíocht sa gym faoi stiúradh feitheóra
ar feadh uair a ’chloig eile. €10 an costas ata
ar seisiún nó €70 don cúrsa ina
iomlán. Is gá áit a chur in áirithe.
Tuilleadh eolais ó Lorraine 097 81079.
“Siar an Bóthar”
Táthar fós ag lorg saorálaithe don
clár “Siar an Bóthar” atá
ar siúl go rialta ar Iorras FM. Seo clár a
bhíonn ag dearcadh siar ar stair na háite
agus ag trácht ar an am atá thart. Mas maith
leat bheith páirteach sa chlár seo cuir glaoch
ar Tony nó Lorraine 097 81079
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an
Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/
Facebook: www.facebook.com/ArasInisGluaire
Cuisle, Tír Chonaill – Deis cuairt
a thabhairt ar ealaíontóirí agus ceardaithe
agus iad i mbun oibre.
Beidh na healaíontóir agus ceardaithe ón
grúpa Cuisle ag obair ina gcuid stiúideonna
agus ceardlann i gcaitheamh na míosa. Is féidir
cuairt a thabhairt orthu agus foghlaim faoina gcuid ceirde
agus na próiseas oibre.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Nora ag 087 939 2494
Suíomh Idirlín: http://www.cuisle.net
Ranganna damhsa ar an sean nós
Ionad: Campbell’s Tavern,
Cloughanover, Áth Cinn, Gaillimh
Gasúir: 7.45 - 8.30
Daoine fásta: 8.45 - 9.45
Costas: gasúir €30 / Daoine Fásta: €50
Data tosaigh: 21ú Mean Fómhair, 2011 ar feadh
6 seachtaine
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Marian ag 086 8533397
Le Grá – Stiúideo agus Gailearaí,
Baile an Chláir, Co na Gaillimhe.
Ionad Siopadóireachta Bhaile an Chláir.
Saothar le healaíontóirí, dearthóirí
agus ceardaithe as Contae na Gaillimhe. Cuirtear ceardlanna
ar fáil don phobal chomh maith leis ranganna ealaíona.
Grianghrafadóireacht, ceirmeach teicstíle,
adhmadóireacht, priontáil, ealaíon
gloine, gallúnach, seodóireacht agus go leor
ceirdeanna eile ar díol san ionad.
Tá an Gailearaí agus an Siopa ar oscailt ón
Luain go hAoine 10.00 go 15.00.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Ester Kiely ag 087 6193870
Suíomh
Idirlín:
www.legracraftstudioandgallery.blogspot.com
Cló Ceardlann na gCnoc – Cúrsaí
agus imeachtaí
Tionscnamh Samkura
Go Mi na Nollaig 2012
Tionscnamh nua idir-náisiúnta do Ealeantóirí
on Gaeltacht, an Gréig, Armenia, an t-Seoirsí
agus an Phortaingéil ata ag tosnú i mi Aibreáin.
Beidh se ag dhul ar aghaidh go dtí mi na Nollaig
2012. Is malartú idir-náisiúnta cónaithe
atá ann agus beidh taispeántas mhór
ar siúl tríd Samkura. Is é seo an chead
togra mar seo in Éireann go deo. Le breis eolas dul
go www.samkura.net
Cumann Eitseála
Gach De Céadaoin 2011
Ta cumann eitseáil ag dul ar aghaidh gach de Céadaoin
do ealaíontóirí on gceantar. Ta fáilte
ríomh daoine nua i gcónaí.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9162800
Suíomh
Idirlín:
www.clo.ie
Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean
An Lab, Sráid Eoin, An Daingean
Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean is ea An Lab.
Tá amharclann dea-chóirithe ann le seachtó
suíocháin, seomraí le haghaidh taispeántaisí,
insealbhaithe agus cruinnithe, chomh maith le spás
le haghaidh cleachtaithe agus ceardlanna. Tá sé
ar fáil le haghaidh imeachtaí cultúrtha
a chuirtear i láthair tré mheán na
Gaeilge.‘Sé an comhlacht cónaithe amharclannaíochta
ann ná AnnÓg Ar Aghaidh, a léiríonn
drámaí Gaeilge agus a chuireann traenáil
i scileanna amharclannaíochta ar fáil do dhaoine
óga.
Is féidir eolas a fháil ar chlár na
n-imeachtaí ar an suíomh idirlín.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net
Suíomh idirlíon: www.anlab.ie
. Bí linn ar Facebook – AnnÓg/An Lab
Culturlann Uí Channáín, Doire
- Imeachtaí
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thios.
Féile na Samhna
31 Deireadh Fómhair An Lá go léir.
Bí páirteach i spiorad na Samhna ag Cultúrlann
Uí Chanáin le seanchaithe ag reacaireacht
scéalta, miotais agus finscéalta. Beidh péintéireacht
aghaidhe ar fáil do na páistí agus
beidh fáilte roimh bréigéidí.
Cead isteach £2
Rua Mac Millan Trio, Damien O'Kane, Gerard Thompson &
John Joe Kelly,
25 Samhna. 8.00 i.n.
Ligean: £10.00
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Teileafón: 02871264132
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
Cuireann Oideas Gael réimse leathan de chúrsaí
cultúrtha agus teanga ar fáil i rith an tsamhraidh.
Siúl Sléibhe Péintéireacht Fharraige,
ranganna ceoil (bodhrán, fliúit, cláirseach,
srl), amhránaíocht & damhsa ar an sean-nós,
grianghrafadóireacht dhigiteach, seandálaíocht
agus go leor eile.
Imeachtaí san ionad le fáil ag www.oideas-gael.com
Tuilleadh Eolais
Teileafón 074 97 30248
Suíomh Idirlín: www.oideas-gael.com
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Le Chéile” - Taispeántas Ealaíne.
Tá taispeántas tábhachtach den tionscnamh
“Le Chéile” ar siúl in Oriel Yns
Mon, Llangefni, Anglesey, i dtuaisceart na Breataine Bige
go dtí an Domhnach, 6ú Samhain.
Is comhoibriú leanúnach é “Le
Chéile” a thugann déantóirí
priontaí ó Stiúideo Déanamh
Priontaí Laighean, (L.P.S. www.leinsterprintstudio.com)
Claonadh, Contae Chill Dara agus ón Ionad Réigiúnach
Priontála, Coláiste Yale, Wrecsam, le chéile.
Tá na healaíontóirí, ag freagairt
ar bhealach comhoibritheach do na héagsúlachtaí
agus do na cónaisc idir an Bhreatain Bheag agus Éirinn.
Nuair a thosaigh an tionscnamh i 2006 tháinig téamaí
ar nós talamh, teanga agus dúchas chun cinn
mar thús-phointí. Malartaíodh an obair,
agus malartaítear fós í tríd
an bpost nó trí ríomhphost, i leabhair
nótaí nó mar chéad profaí,
nó i gcásanna áirithe, trí na
bunphlátaí a mhalartú. Cruthaíodh
móiminteam atá mall ach seasmhach. Léiríonn
an taispeántas in Oriel Ynys Mon, a osclaíodh
ar an Satharn 24ú Meán Fómhair ag 12.00
meán lae, an obair go dtí seo.
Tá tacaíocht airgeadais faighte ag an LPS
ó Chultúr Éireann chun an taispeántas
a thabhairt go dtí an Bhreatain Bheag.
Tá suíomh tiomnaithe ag Le Chéile a
thugann cuntas ar amlíne an tionscnaimh agus ar na
healaíontóirí atá bainteach
leis: : www.lecheileprintproject.blogspot.com
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 0876616863
Ríomhphost: pameladebri@gmail.com
Suíomh idirlín: www.lecheileprintproject.blogspot.com
Séasúr nua Scannán sa Seanscoil,
Indreabhán
Le linn an Fhómhair beidh séasúr scannán
idirnáisiúnta den scoth i dteangacha éagsúla
á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna
sa Seanscoil in Indreabhán. Chomh maith le scannáin
nua déanta ón Fhrainc, ón Spáin,
ón Ailgéir agus ón tSualann taispeánfar
an scannán iontach clasaiceach, Padre Padrone (1977).
Tosnaíonn an séasúr nua scannán
ar an gcéad Chéadaoin de Dheire Fómhair
(5ú lá) i Seanscoil Sailearna ag 8.15pm, leis
an scannán Francach "My Afternoons with Marguerite"
ina bhfuil an aisteoir cáiliúl Gérard
Depardieu sa phríomh páirt. Céadaoin
ina dhiaidh (12ú lá) taispeánfar “The
Girl who Kicked the Hornets' Nest”, scannán
ón tSualann, bunaithe ar an tríú leabhar
de chuid Stieg Larsson den ainm chéanna.
Seo leanas an clár iomlán don séasúr:
09 Samhain: “Biutiful” (An Spáinn);
16 Samhain: “Outside the Law” (Ailgéir);
23 Samhain: “Padre Padrone” (An Iodáil);
30 Samhain: “Little White Lies” (An Fhrainc).
Sé Club Scannán Sailearna, atá cláraithe
leis an eagraíocht náisiúnta Access
Cinema, a eagraíonn an séasúr scannán.
Le ceithre bhliain anuas tá an club scannán
ag cur scoth scannán ó thíortha éagsúla
ar fud ar domhain ar fail do lucht féachana i gceantar
Chois Fharraige i nGaeltacht Chonamara.
Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub
scannán a thógáil amach don séasúr
ar €25 (€20), a thugann cead isteach do gach scannán
ar an gclár, nó is féidir €7 (€6)
a íoc ag an doras ar an oíche.
Tá níos mó eolais faoina scannáin
le fáil ar an suíomh www.clubscannan.ie nó
is féidir cóip den bróiséar
a fháil ón nasc seo a leanas:
http://www.clubscannan.ie/priontailte/ClubScannan-SeasurAnFhomhair2011-isealtaifigh.pdf
Ar an gCarraig / Ócáidí teanga
– Éigse Éireann agus The Market Café
Cuireann The Market Café, i gcomhpháirtíocht
le hÉigse Éireann, sraith nua de oícheanta
filíochta ar siúl sa chaife i rith an Fhómhair.
Cuirfear béile blasta, filíocht agus ceol
i láthair. €15 an táille.
Dé hAoine 25 Samhain, 7:30pm: an file, Micheál
Ó hUanacháin & an fidléir Máire
Bhreathnach
Dé hAoine 16 Nollaig, 7:30pm: an file Declan
Collinge & Aoife O'Connor ar an gconcertín.
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 086 3151786
Ríomhphost: blackrockmarketcafe@gmail.com
Ceolchoirm leis An Raw Bar Collective –
Dún Garbháin, Co. Phort Láirge.
Halla Cúil na Sméar sna Comaraigh gar do
Dún Garbháin Co Phort Láirge
5ú Samhain 8.30pm
Ceolchoirm leis An Raw Bar Collective -Conal Ó Gráda
fliút, Benny Mc Carthy bosca, Dave Sheridan veidhlín
Colm Murphy bodhrán.
Céilí agus Damhsa dhá lámh.
Halla Paróiste Chill Chartha
Gach Déardaoin @ 8.30 Meán Fómhair
2011 - Márta 2012
Fear an tí: Clement Gallagher
Fáilte roimh gach duine!
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.cill-chartha-kilcar.com
Ríomhphost: kilcar.fleadh@gmail.com
Tionscnamh Lugh – Trad Tráthnóna
agus ceolchoirmeacha
Ionad Cois Locha, Dún Luiche, Co Dhún na nGall
Cuireadh Tionscnamh Lugh ar bun in 1993 leis an cheol tradisiúnta
a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Bíonn clár
iomlán ceoil a reachtáil ag Tionscnamh Lugh
idir Trad Tráthnóna agus ceolchoirmeacha.
Dermot Byrne agus aoíanna speisialta.
De Aoine/11 Samhain
Ceol Amhrán @ Singers Club. Deireadh Fómhair/
Samhain
Brian [Danny Minnie] O Domhnaill, Sean Nós, &
Eugene Ginty, Opera /Classical .Lillis O Leary Sean Nós,
& Miranda Rosenberg, Blues/Soul
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 086 6050110
Suíomh Idirlín: http://www.tlugh.com
Seoladh ; Tionscnamh Lugh, Tra an Chéidigh,
Ailt an Chorrain, Co. Dhún na nGall, Ireland.
Club na Gaeilge, Dún Dealgan
Club ar siúl uair sa mhí i nDún Dealgan.
Bíonn imeachtaí ar nós ceardlann ealaíne,
ceol,damhsa,cocaireachta,againn.(ag díriú
ar phaistí). Chomh maith leis sin bíonn ócáidí
sóisialta le babhláil, siúlóidí,
sléibhteoireacht, cóisirí le haghaidh
na Nollag, Oíche Shamhna srl.
Ar an 18u la den mhí seo beidh an grúpa ag
dul ag sléibhteoireacht i bpáirc Kilbroney
i gCo. an Dúin. Buailfidh an grúpa lena cheile
ar a 11.30 in aice leis an ait súgartha, ait a mbeadh
deis ag na paistí spraoi a bheith acu agus nuair
a bheidh gach clann ann rachaimid ar an siúlóid.
Tar eis sin beidh picnic againn. Fáilte roimh cách.
Ardán: Ócáid cheoil agus
shiamsaíochta sa Tobar sa Spidéal
Sraith oícheanta comhluadair agus ceoil áit
a dtabharfar tús áite don chruthaitheacht
ó thaobh amhrán, ceoil agus cainte de atá
i gceist le Ardán.
Beidh sé ar siúl ar an tríú
Aoine den mhí ar feadh an gheimhridh. Leagan amach
club le béim ar an éisteacht a bheas ann,
áit a dtabharfar deis don phobal casadh agus éisteacht
le haos ceoil agus cumadóireachta an cheantair.
Beidh maidhc oscailte mar chuid lárnach den oíche
chomh maith agus tabharfar cuireadh don lucht éisteachta
deis a thapú le amhráin, ceol, filíocht,
agallaimh beirte, damhsa agus rl. a chur i láthair.
Seo ardán do dhaoine nach bhfuil ábhar foilsithe
acu fós saothar a chur i láthair lucht éisteachta,
agus is ardán é dóibh siúd atá
ar an mbóthar le scaitheamh ábhar nua a thriail
agus a sheoladh.
Ní ghearrfar aon táille ar an doras. Cuirfear
tús le himeachtaí ag 8.30 i.n.
Tuilleadh eolais:
Teileafón: Tadhg Mac Dhonnagáin
087-9037779 nó Deirdre Nic Chonaonaigh: 091-553124
Cosán – taispeántas ilmheáin
le Ceaití Ní Bheildiúin
City Arts, Baile Átha Cliath
Taispeántas ilmheáin leis an bhfile, Ceaití
Ní Bheildiúin’s. Ag baint úsáide
as clocha mar mheafar, déantar iniúchadh ar
an gcaoi a spreagann an tírdhreach agus an dúlra
an duine.
Suíomh Idirlín: www.cityarts.ie
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Togra cultúir is oidhreachta is ea Oidhreacht Chorca
Dhuibhne atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh,
i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, in Iardheisceart
Cho. Chiarraí. Tá an Oidhreacht ann ó
1980 agus é ar cheann d’fho-chomhlachtaí
Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.
Imeachtaí an fhómhair
Oíche Airneáin Óstán Benner
An tSráid Mhór 8.00pm
Abair amhrán, seinn port, léigh dán,
… abair! Do rogha!
Dé Céadaoin 9 Samhain
Dé Céadaoin 30 Samhain
Ionad Buail Isteach
Caint Cuideachta is Cupa Tae
Turas ar an Oireachtas an Aoine 4 Samhain
18 Samhain 11.30-2.00pm
9 Nollaig 11.30 - 2.00pm
Tuileadh Eolais
Teileafón: 066 9156348
Suíomh Idirlín: http://oidhreacht.ie
Ríomhphost: eolas@cfcd.ie
Léamh liteartha le Micheál Ó
Conghaile, Jackie MacDonncha, Joe Steve Ó Neachtáin.
Léamh Peregrine le Mícheál Ó
Conghaile, Joe Steve Ó Neachtáin agus Jackie
Mac Donncha (Mícheál Ó Ruairc - Fear
an Tí )
Dé Máirt 22 Samhain, 7.30pm
Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg
Pharnell, Baile Átha Cliath
Tuileadh Eolais
Teileafón: 01 8721302
Suíomh Idirlín: http://www.writerscentre.ie
Ríomhphost: info@writerscentre.ie
Na Comharsain Cheilteacha: Tír – Taispeántas
Ealaíne, Doire
The Void, Cathair Doire, ón 4 Samhain.
Trína gclár d'Ealaíontóirí
Cónaithe bhí an Tionscnamh um Mhalartú
d'Ealaíontóirí TIR dírithe ar
chur chun cinn obair na n-amharc-ealaíontóirí
a labhraíonn nó atá eolasach ar theanga
dhúchais Cheilteach. Le linn dóibh bheith
mar ealaíontóirí cónaithe chuir
na healaíontóirí a roghnaíodh
comhbheart oibre le chéile.
Sa bhliain 2010, cuireadh taispeántas d'obair na
n-ealaíontóirí ar siúl sna gailearaithe/hionaid
ealaíon inár oibrigh siad sna tíortha
Ceilteachta éagsúla. Osclóidh an taispeántas
seo i nDoire ar an 4 Samhain, 2011. Beidh saothar le Catrin
Williams, Ben Stammers agus Tess Urbanska (an Bhreatain
Bhig) le feiceáil; saothar le, Jonathan MacLeod agus
Sandra Kennedy ón Alban, agus le Dan O'Flatharta
as Gaeltacht Chonamara
Tuileadh Eolais
Teileafón: +44(0)28 7130 8080
Suíomh Idirlín: http://www.derryvoid.ie
Seoladh : Patrick Street, Derry BT48 7EL
Féiltí
Oireachtas na Samhna
Cill Áirne, Co. Chiarraí,
1-6 Samhna, 2011
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí
chun na healaíona dúchasacha, trí mheán
na Gaeilge, a cheiliúradh. Dírítear
ar gach aon ealaín thraidisiúnta - amhránaíocht,
ceol, rince, scéalaíocht, lúibíní,
agallaimh beirte agus drámaíocht ag Oireachtas
na Samhna.
Breis eolais
Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie
Teileafón: 01 475 3857
Suíomh Idirlín: www.antoireachtas.ie
Féile Bheag Fhilíochta
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.
11-13 Mí na Samhna
Ceardlann filíochta trí Ghaeilge. Irish festival
of poetry. Le Peadar Ó hUallaigh, Nuala Ní
Dhomhnaill, An Dr Pádraig Ó hÉalaí,
Máire Begley, Louis de Paor, Domhnall Mac Síthigh
agus go leor eile.
Tá an clár iomlán na féile le
fáil ar PDF ag:
http://www.feilebheagfiliochta.com/downloads/Féile%20Bheag%20Filíochta%20clár%202011.pdf
Breis eolais
Seoladh: Mairín Feirtéar,
Féile Bheag Filíochta, Baile 'n Fheirtéaraigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí.
Teileafón: 0871309800
Suíomh Idirlín: www.feilebheagfiliochta.com
Féile na Mí 2011 – Rath Cairn,
Co na Mí.
Aoine 11ú Samhain 2011: Oscailt Oifigiúil
i mBaile Átha Buí san Inn Moderation ag 8in
Ceol, Amhráin agus Damhsa. Greim le n-ithe. Bronnadh
Fáinní
Déardaoin 17 Samhain. Dinnéar na Féile
i Dunderry Lodge 8in / Bronnfar Gradam Uí Ghramhnaigh
agus Gradam Chultúrtha na Gaeltachta ann. Seisiúin
Cheoil
I measc na n-imeachtaí, tá:
• Comórtas Amhránaíochta do Dhaoine
Óga i Ráth Chairn - Corm Mhaggie Tim
• Comórtas Damhsa do Dhaoine Óga- Corn
Mhicí Sheanín
• Comórtas Damhsa do Dhaoine Fásta.
-Corn Stiofán Seoighe
• Comórtas Amhránaíochta do Dhaoine
Fásta - Corn Choil Neaine Pháidín
• Comórtas Bodhrán do Dhaoine ós
Cionn Sé Bliana Déag. Corn i gcuimhne Martin
Kerrane
Breis eolais
Ríomhphost: rathcairn@eircom.net
Teileafón: 046 9432381
Suíomh Idirlín: http://www.rathchairn.net/events.html
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
http://www.artsmanagement.ie
- Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon &
Polasaí Cultúrtha. Tá mórán
eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie
- Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,
camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí
ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie
- Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com
Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht
idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire
in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
- eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus
gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir
an Aontais Eorpaigh
Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta
ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas
a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá
sa nuachtlitir seo. |
|