|
|
Nuacht
Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo
Tá clár leathan d’imeachtaí
eagraithe do Féíle na Bealtaine
atá ar siúl ar fud na tíre an mhí
seo. Is Féile Ealaíne náisiúnta
do sheandhaoine í Féile na
Bealtaine. Tugann an fhéile deis do sheanóirí
an fhéith ealaíonta atá iontu a chraobhscaoileadh
agus spreagtar iad le páirt a ghlacadh go cruthaitheach
in imeachtaí ealaíona de gach cineál.
Cuireann eagrais, ionaid agus eagraíochtaí
ealaíona imeachtaí ilghnéitheacha ar
siúl, agus tá clár leathan d’imeachtaí
cultúrtha curtha ar siúl i mbliana. D’eagraigh
337 eagraíocht agus grúpa níos mó
ná 1300 imeacht anuraidh, agus ghlac suas le 55,000
duine páirt iontu. Is é ‘Amach
leat agus oscail an doras’ téama na
bliana seo. Bunaíodh an téama ar an dán
leis an bhfile Miroslav Holub, áit a dtugtar cuireadh
do dhuine siúl amach an doras go dtí áit
nua nach raibh siad ann cheana agus dul i ngleic le heachtra
nó le heispéaras nua. Eagrófar imeachtaí
ar fud na Gaeltachta le linn na féile seo
chomh maith. Tá breis eolais faoin bhféile
agus na himeachtaí Gaeltachta/Gaeilge le fáil
ag: http://www.olderinireland.ie/artsandculture/bealtaine/bealtaine-2009.htm.
D’fhógraigh An Chomhairle Ealaíne
roinnt scéimeanna deontas le déanaí.
Tá Deontais Chláreagraithe Bhliantúla
Tionscadail: Aonuaire agus Tionscadail: Saothair nua
fógraithe mar aon leis an Comhaltacht chumadóireachta
Elizabeth Maconchy agus an Deontais Chláreagraithe
Bhliantúla. Tá roinnt deiseanna deontas
eile ag leitheadh Cultúr Éireann
agus an Gréasán Ceoil.
Tá Comhairle Ceardaíochta na hÉireann
ag eagrú roinnt cúrsaí oiliúna
sa sheodóireacht, sa cheirmeacht agus sa déantúsaíocht
óir. Chomh maith le sin, tá eolas acu faoi
neart cúrsaí ceardaíochta
eile. Beidh na cúrsaí seo ag tosnú
an mhí seo. Is gearrchúrsaí iad seo,
agus tá gach eolas le fáil ar shuíomh
idirlín an chomhairle; www.ccoi.ie
Tá rogha leathan de fhéiltí ar siúl
ar fud na Gaeltachta an mhí seo. Is féile
tábhacht i bhféilire na Gaeltachta í
an fhéile ilghnéitheach, spleodarach, Féile
na Bealtaine. Bíonn an fhéile ar
siúl sa Daingean ag tús na míosa seo.
Cuirtear imeachtaí ar ardchaighdeán ar siúl
agus meallann an fhéile ealaíontóirí
áitiúla, náísiúnta agus
idirnáisiúnta. Bhíonn blas polaitiúil
agus fealsúntachta curtha leis an bhféile
chomh maith. Lena hais sin, beidh Féile Chomórtha
Joe Éinniú ar siúl i gCarna.
Féile í seo a déanann comóradh
ar laoch mór na hamhránaíochta ar an
sean-nós, Joe Éinniú agus cloistear
scoth den amhránaíocht agus an ceol. Bíonn
oidhreacht shaibhir an cheoil le brath go láidir
ag Aonach Ceoil Bhaile Bhuirne freisin;
féile eile a thugann árdán do cheol
agus oidhreacht shaibhir na Gaeltachta. Thuas i dTír
Chonaill, eagrófar an fhéile scannán,
Guth Gafa, féile a thaispeánann
na scánnáin fháisnéise is fearr
a bhfuil ann agus a thugann deis do scannánaí
a saothar a phlé. Tá neart féiltí
eile le blas Gaelach acu, ar siúl ar fud na tíre,
mar aon leis neart imeachtaí ealaíona ilghéitheacha
agus ildánacha eile. Tá eolas futhu uilig
le fáil thíos.
Tá sladmhargadh ag an bhfoilsitheoir liteartha,
Clo Iar-Chonnachta faoi láthair. Is féidir
gach teideal de leabhar Sáirséal • Ó
Marcaigh / Sáirséal agus Dill a cheannacht
mar aon leis roinnt leabhar ó Chló Chois Fharraige
agus ó Chló Mercier/Oideas Mercier ar €290.
Tá lion mhór leabhar sa phacáiste seo.
Tá cuid de na leabhair is tábhachtaí
i gcanón liteartha na Gaeilge le fáil sa bhailiúchán
seo, idir litríocht, léirmheastóireacht,
leabhair polaitiúla, stair, sóisialta agus
go leor eile. Tá gach eolas faoin sladmhargadh seo
le fáil ar an suíomh idirlín, www.cic.ie
nó glaoch a chur ar 091-593307. Bheadh dúil
ag scoláirí atá spéís
acu i litríocht na Gaeilge i gclár
úr a bheidh ar siúl ar Raidió
na Life gach seachtaine. Díríonn
an clár ar fhilíocht na hArdteistiméireachta
agus déanfar iniúchadh ar shaothar Nuala
Ní Dhomhnaill, Deirdre Brennan, Cathal Ó Searcaigh,
Seán Ó Ríordáin agus
filí Gaeilge eile. Bíonn an clár Scéal
Eile ar siúl ar an Máirt agus an Aoine ag
12.30 i.n. Athchraoltar an clár ar an Satharn ag
5.00pm.I measc na n-aoíanna a bheidh páirteach,
tá Aingeal Seoighe, Reuben Ó Conluain, Treasa
Ní Chonghaile, Lorcán S Ó Treasaigh,
Áine Ní Ghlinn, Diarmaid Ó Tuama, Mary
Ó Gruagáinm, Ruaidhrí Ó Báille,
Íde Ní Uallacháin, Micheál Ó
Ruairc, Aingeal Seoighe agus Reuben Ó Conluain.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
|
Deontais Chláreagraithe Bhliantúla
Is é cuspóir an Deontais Chláreagraithe
Bhliantúil ná cuidiú le hiarratasóirí
le costas a gcláir ealaíne. Tá
Deontais Chláreagraithe Bhliantúla dírithe
go príomha ar thacaíocht d’eagraíochtaí
ealaíon, seachas daoine aonair. Tairgtear maoiniú
roimh ré don bhliain le teacht le cuidiú
le heagraíochtaí le pleanáil
ar aghaidh. Cuirtear fáilte roimh iarratais
ó iarratasóirí nua chomh maith
le heagraíochtaí a fuair maoiniú
ioncaim roimhe seo, ar choinníoll go gcomhlíonann
siad na critéir atá foilsithe. Tá
tuileadh eolais faoin gcritéar agus an próiseas
iarratais le fáil ón gComhairle Ealaíon
|
|
Spriocdháta
|
25/06/2009
|
|
Eolas
|
Teil: +353 1 618 0200
R-phost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
|
| Comhaltacht chumadóireachta
Elizabeth Maconchy
|
Comhaltacht chumadóireachta Elizabeth
Maconchy
Déantar an dámhachtain seo a thairiscint
uair amháin gach trí bliana, mar cheiliúradh
ar shaol agus saothar an chumadóra Éireannaigh,
Elizabeth Maconchy. Is í an Chomhairle Ealaíon
a thairgeann an dámhachtain chun cur le ard-traenáil
agus forbairt na gcumadóirí tríd
deis a thabhairt don chumadóir clár
dochtúireachta a chríochnú sa
chumadóireacht in ollscoil aitheanta. Is fiú
€16,000 sa bhliain ar feadh trí bliana
í an Chomhaltacht. Tá táillí
an chúrsa iniata leis seo.
Suim a dámhadh: €48000
|
|
Spriocdháta
|
8 Bealtaine, 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Music Team, An Chomhairle
Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean , Baile
Átha Cliath 2
Teil: +353 1 618 0254
Callsave: 1850 392 492
Ríomhphost: aine.kelly@artscouncil.ie
|
| Deontais Chláreagraithe
Bhliantúla
|
Deontais Chláreagraithe Bhliantúla
Is é cuspóir an Deontais Chláreagraithe Bhliantúil
ná cuidiú le hiarratasóirí
le costas a gcláir ealaíne. Dírítear
an scéim ar eagraíochtaí nach
mbeadh cúnamh airgeadais de dhíth orthu
de ghnáth ón Chomhairle Ealaíon
le tacú le costais riaracháin leanúnacha.
Ach nuair a bhaineann siad go díreach lena
gclár oibre ealaíne, áfach, is
féidir le hiarratasóirí tacaíocht
éigin le haghaidh costais comhréireacha
riaracháin a iarraidh . Tá Deontais
Chláreagraithe Bhliantúla dírithe
go príomha ar thacaíocht d’eagraíochtaí
ealaíon, seachas daoine aonair. Ba chóir
deagraíochtaí ar mian leo cur isteach
ar chúnamh airgeadais comhairle a fháil
ar dtús ón Chomhairle Ealaíon
maidir le cén clár is oiriúnaí
dá riachtanais. Tá eagraíochtaí
a bhfuil cláir ealaíon ardcháilíochta
ar siúl acu mar chuid dá ngníomhaíochtaí
incháilithe le hiarratas a dhéanamh.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó iarratasóirí
nua chomh maith le heagraíochtaí a fuair
maoiniú ioncaim roimhe seo, ar choinníoll
go gcomhlíonann siad na critéir atá
foilsithe. Chun léiriú a thabhairt faoi
mar a dáileadh Maoiniú Ioncaim in 2007:
maidir le 315 deontas, tairgeadh EUR 100,000 nó
níos lú do 180 eagraíocht, tairgeadh
idir EUR 100,000 - 500,000 do 120 eagraíocht
agus tairgeadh níos mó ná EUR
500,000 do 15 eagraíocht. |
|
Spriocdháta
|
25/06/2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Gillian Drew, An Chomhairle
Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean , Baile
Átha Cliath 2
Teileafón: 01 618 02 14
Ríomhphost: rgu@artscouncil.ie
|
| Cultúr Éireann
|
Cultúr Éireann
Is é an 15 Bealtaine an spriocdháta
don chéad bhabhta eile de dheontas Culture
Ireland. Is é an phríomhsprioc atá
ag Culture Ireland ná árdán idirnáisiúnta
a thabhairt do na hEalaíona Gaelacha agus an
cultúr Éireannach, agus iad a fhorbairt
sa chomhthéasc idirnáisiúnta.
Déantar seo trí chiste maoiniú,
(curtha ar fáil ag an Aire Ealaíon,
Spóirt agus Turasóireachta), a bhronnadh
ar ealaíontóirí agus eagraíochtaí
ealaíona agus cultúrtha. Tugtar maoiniú
d’ealaíontóirí nó
d’eagraíochtaí Ealaíona
le páirt a ghlacadh in imeachtaí nó
féilte ealaíona thar lear. Tugtar maoiniú
freisin d’eagraíochtaí chun bainistiú
a dhéanamh ar imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ar leith. Tá gach eolas
faoi chriteár na scéime ar fáil
ag na sonraí thíosluaite. |
|
Spriocdháta
|
15 Bealtaine, 2009
|
|
Eolas
|
Seoladh: Culture Ireland, Seomra
315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353 1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh Idirlín: www.cultureirleand.gov.ie
|
| Dámhachtain um
thaibhiú agus chamchuairt
|
Dámhachtain um thaibhiú agus
chamchuairt
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú
ar an scéim seo ach is Music Newtork a riarann
í. Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain
um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú
le ceoltóirí Éireannacha agus
ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn
deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna
fostaíochta méadaithe a thairiscint
do cheoltóirí Éireannacha; bonn
scileanna ealaíontóirí Éireannacha
i réimsí mar phleanáil tionscadail
agus riarachán, féin-phoiblíocht
agus féin-bhainistíocht; agus foinse
nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí
ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon
ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe
tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha
agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit
ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá
treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha
ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí
a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur
isteach. Féach ar láithreán gréasáin
www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil
leis an eagraíocht |
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Seoladh: Clár-Bhainisteoir
Taibhithe, Music Network, Teach an Chóiste
, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile
Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Gréasán: www.musicnetwork.ie
|
| Dámhachtainí
Ealaíon agus Míchumais na Éireann
|
Dámhachtainí Ealaíon
agus Míchumais na Éireann
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhmhaoiniú
ar an scéim seo ach is The Arts and Disability
Forum (ADF) a riarann í. Tá Dámhachtainí
Ealaíon agus Míchumais na hÉireann
á gcómhaoiniú ag an gComhairle
Ealaíon agus ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart
Éireann. Tugann na Dámhachtainí
Ealaíon agus Míchumais tacaíocht
airgeadais d’ealaíontóirí
faoi mhíchumas agus cónaí orthu
i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart
Éireann atá ag obair i ngach foirm ealaíne.
Tá sí mar aidhm ag an scéim seo
dúshlán a sholáthar agus spreagadh
a thabhairt do chruthaitheacht, thástáil
agus scoth na n-ealaíon. Is féidir le
gach iarratasóir cur isteach ar £5,000
nó a chomhluach in euro ar an uasmhéid.
Suim a dámhadh: €7000. Foirm ealaíne:
Na healaíona agus míchumas
|
|
Spriocdháta
|
18 Bealtaine
|
|
Eolas
|
Seoladh: The Arts and Disability
Forum, Ground Floor, 109/113 Royal Avenue , Béal
Feirste BT1 1FF
Tuaisceart Éireann
Teil: +44 28 9023 9450 (048 9023
9450 ó Phoblacht na hÉireann)
Facs: +44 28 9024 7770 (048 9024
7770 ó Phoblacht na hÉireann)
Fón téacs: +44 28 9032
5744 (048 9032 5744 ó Phoblacht na hÉireann)
Ríomhphost: gillian@adf.ie
Suíomh gréasáin:
www.adf.ie
|
Deiseanna
Eile
| Comórtas
Ceardaíochta Náisiúnta an RDS.
|
Cuireann an RDS, i gcomhpháirtíocht
le Comhairle Ceardaíochta na hÉireann,
fáilte roimh iarratais don chomórtas
náisiúnta ceardaíochta a bheidh
ar siúl san RDS i mí Lúnasa.
Tá €30,000 sa dhuaischiste agus tugann
an comórtas aitheantas d’ealaíontóirí
ceardaíochta le hardscileanna agus le hardchaighdeán
ealaíne. Tá 20 rannóg éagsúil
sa chomórtas. Ina measc, tá an cheardaíocht
sna réimsí déantúsaíochta
seo a leanas: ór, gloine, airgead, miotal,
iarann, adhmad, cloch agus leathar. Chomh maith leis
sin, tá comórtas sa cheirmeacht, i ndéantúsaíocht
troscáin, i ndéantúsaíocth
úirlisí ceoil, sa fhíodóireacht,
sa theicstíl, sa challagrafaíocht agus
eile. Tá gach eolas faoin gcomórtas
le fáil ar an suíomh idirlín. |
|
Spriocdháta
|
18 Bealtaine
|
|
Eolas
|
Seoladh: Sarah Ross, Arts Development
Execuitve, RDS, Ballsbridge, Dublin 4.
Ríomhphost: arts@rds.ie
Suíomh idirlín; www.rds.ie/crafts
Teileafón: 01 2407255
|
| Short Shorts –
Scéim gearrscannán.
|
Fáíltíonn
Bord Scannán na hEireann/The Irish Film Board
roimh iarratais don chéad bhabhta eile den
scéim ‘Short Shorts’. Roghnófar
seacht ngearrscannán mar bhuaiteoirí
agus cuirfear na gearrscannáin ar siúl
ag féilte ar fud na tíre. Ní
mhór na gearrscannáin a bheith idir
3 agus 5 nóimeád ar fhad agus cuirfear
fáilte roimh ghearrscannáin dhúshlánach,
dhána agus thurgnamhach. Is é téama
na bliana seo ná ‘Scannáin bhalbha’.
|
|
Spriocdháta
|
8ú Bealtaine
|
|
Eolas
|
suíomh idirlín:
http://www.irishfilmboard.ie
|
| Comórtas: Scríbhneoireacht
chriticiúil sna hEalaíona Ceardaíochta,
2009.
|
Is
iad príomhaidhmeanna na scéime ná
barrfheabhas a chur ar an scríbhneoireacht
chriticiúil a déantar faoin gceardaíocht
sa tír seo agus criticeoirí ceardaíochta
a fhorbairt . Is comhfhiontar idir Comhairle Ceardaíochta
na hÉíreann agus an Irish Arts Review
é an scéim seo. Bronnfar €500 ar
bhuaiteoir an chomórtais agus foilseofar an
t-aiste san iris, 'Irish Craft 2009'.
Fáilteofar roimh aistí nár foilsíodh
cheana sna ábhair seo a leanas::
- An Cheardaíocht mar Ealaíon físiúil.
- An missing link – An Cheardaíocht,
an Oidhreacht Cultúrtha agus an Fhéiniúlacht’.
- 'An cheardaíocht san 21ú haois –
an cruth a chuirfear ar an todhchaí’.
- Aiste chriticiúil ar shaothar ceardealaíontóra.
Is é 1,200 focal an t-uasmheád do na
haistí.
|
|
Spriocdháta
|
30
Meitheamh 2009
|
|
Eolas
|
Ríomhphost; awards@ccoi.ie
Suíomh Idirlín: www.ccoi.ie
nó www.irishartsreview.com
|
| Taispeántais oscailte
Chlár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo.
|
Beidh
taispeántas ealaíne Chlár Chlainne
Mhuiris ar siúl ón 5ú go dtí
an 26ú Meán Fómhair, 2009. Is
é seo an 32ú bliain a chuireadh an taispeántas
ar siúl. Cuirfear píosaí físealíne
de gach cineál ar thaispeántais in ionad
agus spásanna éagsúla ar fud
an bhaile, idir fhoirgnimh phoiblí, ionad phoiblí,
agus ghnóanna príobháideacha.
Cuirtear fáilte roimh iarratais do thaispeántas
na bliana seo. Tá an comórtas oscailte
do gach modh agus stíl físealaíne:
físeán, fuaim agus taibhseoireacht san
áireamh. Is é Tom Morton, caomhnóir
físealaíne leis an Hayward Galleries
Project Space agus comhchaomnóir ar an British
Art Show a bheidh mar mholtóir ar an gcomórtas
agus mar chaomhnóir fisealaíne ar an
taispeántais.
|
|
Spriocdháta
|
29
Bealtaine
|
|
Eolas
|
Seoladh: COE 2009 Office, Claremorris,
Co. Mayo, Ireland
Teileafón. + 087 6680107
info@coearts.org
www.coearts.org
|
| VAI / Stiúideo
‘Picture This’ - Scéim Cónaithe,
2009
|
Cuireann
Visual Artists Ireland agus Picture This fáilte
roimh iarratais ó fhísealaíontóirí
na tíre seo do scéim cónaithe
i stiúideó Picture This i mBristol,
Sasana. Tabharfar tacaíocht agus oiliúnt
don fhísealaíontóir agus cuirfear
acmhainní an stiúideo ar fáil
dó nó di chun a scileanna físeáin
a fhorbairt. Ina dteannta sin, tabharfar deis dó
nó di iniúcadh a déanamh ar híomhánna
a ghluaiseann, agus taithi a fháil ar an teicneolaíocht
a bhaineann leis. Bronnfar deontas taighde agus forbartha
de €2,000 mar aon leis táille de €500
ar an té a roghnófar.
|
|
Spriocdháta
|
|
|
Eolas
|
Suíomh idirlín: www.picture-this.org.uk
Teileafón: 01 8722296
Ríomhphost: listings@visualartists.ie
nó info@visualartists.ie
|
| Ionad Ealaíne
na Gaillimhe- Deis taispeántais
|
Fáiltíonn
Ionad Ealaíne na Gaillimhe roimh iarratais
ó fhísealaíontóir don
thaispeántais, 'Ealaíon at Lúnasa',
taispeántas a bheidh ar siúl in ionaid
éagsúla i gcathair na Gaillimhe. Beidh
an taispeántas ar siúl ón 30
Iúil go dtí an 29 Lúnasa. Tá
an comórtas oscailte do gach cineál
físealaíontóir agus cuirfear
fáilte roimh iarratais as gach réimse
den fhísealaíon.
|
|
Spriocdháta
|
8ú
Bealtaine
|
|
Eolas
|
Seoladh: 'Ealaíon at Lúnasa',
Galway Arts Centre, 47 Dominick Street, Galway
Teileafón: 091 565886
Ríomhphost: maeve@galwayartscentre.ie
|
Oiliúint
|
An Greásan Ceoil/ Music Network
– “Making Overtures”, 2009.
|
Is cúrsa cuimsitheach, proifisiúnta
é an cúrsa forbartha ‘Making Overtures’
atá dírithe ar cheoltóirí
agus ar chumadóirí gairimúla
ón tír seo. Cuireann an cúrsa
béim ar réimsí éagsúla
a luíonn taobh amuigh den cheol, ach a chabhraíonn
le ceoltóirí nó cumadóirí
slí beatha a bhaint amach dóibh féin.
Is é aidhm an chursá ná scileanna
cuí a theagasc agus saineolas a sheacadadh
do na ceoltóirí agus na cumadóirí
ionas go mbeidh siad ábalta slí maireachtála
a bhaint amach i saol proifisiúnta an cheoil.
Is iad seo a leanas cuid de na hábhair a bheidh
á theagasc: an mhargaíocht, an airgeadas,
bainistíocht, cúrsaí cánach,
srl. Gearrfarr táille de €175. Má
tá spéis agat sa chúrsa ní
mhór iarratas a sheoladh isteach chuig Music
Network roimh an 15 Meitheamh.
|
|
Dáta
|
15 Meitheamh.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Aisling Roche, Development
Programmes Manager, Music Network, The Coach House,
Dublin Castle, Dublin 2.
Ríomhphost: development@musicnetwork.ie
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
Teileafón: 01 6718429
|
|
Ionad Ollscoil na Trionóide -
Clár Oideachais sa Bhainistíocht Neamhbhrabúiseach
do Thiomsaitheoirí Maoiniú. (Trinity
College Centre for Nonprofit Management Education
Programme for Fundraisers)
|
Cuirfidh
Ionad Ollscoil na Trionóide, i gcomhpháirtíocht
leis an Centre on Philanthrophy at Indiana University,
cúrsa, ar fáil i staideár na
tiomsaíochta maoiniú agus san daonchairdeas
(philantrophy). Is é seo an chéad clár
oiliúna ar an ábhar seo atá ar
chaighdeán ollscoile a reachtáladh sa
tír. Reachtálfar bunchúrsa sna
hábhair thuasluaite, ( cruthaite ag saineolaithe
ar na ábhar as Stáit Aontaithe Meiriceá
agus ón tír seo), in ollscoil na Trionóide
ón 18ú – 22ú Bealtaine.
Cuirfear breis cúrsaí ar fáil
ina dhiaidh sin. Tá gach eolas faoin gcúrsa
agus na foirm iarratais le fáil ar an suíomh
idirlín.
|
|
Dáta
|
18ú –
22ú Bealtaine
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: http://www.cnm.tcd.ie/education/executive-education/index.php
nó www.imi.ie
|
|
Conarthaí agus Comhraití
Gnó – Cúrsa Oiliúna. -
Northern Ireland Theatre Association
|
An
tIonad Ealaíona, Dún Phádraig,
Co an Dún; 19 Bealtaine 2009.
Is é an aidhmatá ag an gcúrsa
seo ná scileanna gnó a theagasc do na
rainnpháirtithe ionas go mbeidh siad ábalta
dul i gcomhráití le cliaint agus conarthaí
dhleathúla a dréachtú. Feileann
an cúrsa seo do dhaoine san earnáil
drámaíochta a bhíonn ag plé
le conarthaí ina gcuid oibre.
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Teileafón: Bronwen on 07940
563978
Ríomhphost: info@nitatheatre.org
Suíomh Idirlín: www.nitatheatre.org
Seoladh: 12 Islandboy Road, Ballycastle,
Co Aontroma, BT54 6JP
|
Ealaíon
Poiblí & Coimisiún
| Tionscnamh Ealaíon
Poiblí -Cora Droma Rúisc, Co Liatroma
|
Cuireann Comhairle Contae Liatroma fáilte
roimh iarratas uaidh ealaíontóirí
do choimisiún chun píosa ealaíne
poiblí a chruthú. Tá an coimisiún
oscailte d’ealaíontóirí
as gach réimse ealaíne. Beidh ar an
ealaíontóir a roghnófar oibriú
ar an togra ar feadh tréimhse 6 mhí
i Shannside View, stiúideo/ceardlann/láthair
oibre i gCora Droma Rúsic. Bheadh súil
go cothódh an ealaíontóir caidrimh
leis an bpobal agus le grupaí pobail agus go
gcruthódh sé píosa ealaíne
(píosa físealaíne, scannán,
leabhar, taispeántas, ceolchoirm nó
imeacht ealaíne eile). Is fiú suas le
€34,000 an comisiún. Tá súil
go mbeidh an togra ar siúl ó Mheán
Fómhair 2009 – Aibreán 2010.
|
|
Spriocdháta
|
13 Bealtaine 2009
|
|
Eolas
|
Teileafón: Kate McCarthy
071 9621694
Ríomhphost:
kmccarthy@leitrimcoc.ie
|
| Tionscnamh Ealaíon
Poiblí - Groundwork (Tuaisceart Éireann)
|
Tá Comhairle Cathrach Larne i gcomhar le Comhphobal
Forbartha Tullygarley agus le Groundwork NI ag tairiscint
coimisiúin do dhealbh miotail a bheith tógtha
i Tulach Ghairbhe. Tá busieád 11,000
punt curtha ar fáil don tionscnamh. Breis eolais
le fáil ar an suíomh idirlín.
|
|
Spriocdháta
|
11 Bealtaine
|
|
Eolas
|
Teileafón: 0044 (0)28 9074
9494
Ríomhphost: melanierintoul@groundworkni.co.uk
Suíomh Idirlín: www.groundworkni.org.uk
|
Folúntais
|
Aoife
|
Taithi oibre ag Féile Éireannach
Milwaukee
Aithnítear Féile Milwaukee mar an bhféile
chultúrta agus cheoil Gaelaigh is mó
ar domhain. Tugtar deis do 4 duine óg, (os
cionn 21 bliain d’aois) tréimhse oibre
coicise a chaitheamh ag obair ag pleanáil agus
ag reachtáil na féile. Is deis iontach
í seo do dhuine óg scileanna bainistíochta
agus eagraíochta a fhoghlaim, agus léargas
a fháil ar bhainistiú agus ar eagrú
féile mhór idirnáisiúnta.
Reachtálann AOIFE i gcomhar leis an bhféile
agus an Chomhairle Ealíona an scéim
seo. Is féidr breis eolais a fháil faoin
scéim agus faoin bpróiseas iarratais
uaidh Croffy, Executive Director , AOIFE, Enterprise
& Technology Centre, Ballinasloe, Co. Galway
|
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: info@aoifeonline.com
|
|
Acadamh Ríoga Ulaidh
|
Áisitheoir Oideachais
Is é an phríomhsprioc atá ag
an Acadamh ná na físealaíona
traidisiúnta agus comhaimseartha a chur chun
cinn trí chlár leathan oideachais agus
taispeántais a chur ar fáil. Tá
folúntas ag an eagraíocht d’Áisitheori
Oideachas faoi láthair. Is post sealadach é
seo. Beidh taispeántas bliantúil an
Acadaimh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair.
Is é seo an 128ú bliain den thaispeántas
agus beidh sé mar dhualgas ag an Áisitheoir
Oideachtais clár cuimsitheach oideachas a cur
ar siúl mar chuid den taispeántas seo.
Tá tuilleadh eolais faoin bpost le fáil
ar an suíomh idirlín.: |
|
Dáta
|
|
|
Eolas
|
Seoladh: Royal Ulster Academy, 9
-13 Waring Street, Belfast BT1 2DX
Teileafón: 0044 (0)28 90320819
Ríomhphost: info@ruaonline.com
Suíomh idirlín: www.ruaonline.com
|
Imeachtaí
An tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne - Imeachtaí.
2 Bealtaine: Ollcheolchoirm mór, “Aonach Ceoil
Bhaile Mhúirne” , le ceoltóirí
den scoth.
15 Bealtaine. Ceolchoirm i gcomhar leis an Music Network
le Tony MacMahon (bosca), Angelina Carberry (banjo) agus
Allan MacDonald (píopaí).
22.Bealtaine: Ceolchoirm clabhsúra scéim chónaitheach
amhránaiochta 'Ó Bhéal Guth Béal
' le Ger Wolfe - le amhráin nua-chumtha a scríobh
sé le seanóirí Ghaeltacht Mhúscraí
le cúpla mí anuas.
Taispeántas Físealaíne: Tacaois (Ealaín
don Aosach)
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Guthán: 026 45733
An Cabaret Craicáilte.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí.
Tugann an Caberat Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ealaíne agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda,
reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor
eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna
ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht
bheo agus go leor imeachtaí eile.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teileafón: 087 2785593
Áras Inis Gluaire – Béal an
Mhuirthead.
29 Bealtaine, 9.00 i.n. Ceolchoirm leis an an grupa ceol
"Triocca". Tá an ceolchoirm seo curtha
i láthair i gcomhar leis an Music Network. Is iad
Triocca ná Riona Ó’ Duinínn ar
an bhfliúit, Geraldine O’Doherty ar an gcláirseach
agus Nancy Johnson ar an Viola. Bhuaidh Triocca gradam ceoltóirí
óga na bliana i gcomórtas an Music Network
i 2006. Is féidir eolas faoi na imeachtaí
eile atá ar siúl san Áras a fhail ar
an suíomh idirlín.
Tuilleadh eolais:
Seoladh: Áislann Bhéal an
Mhuirthead, Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
Suíomh Idirlín: www.arasinisgluaire.ie
Teileafón: 097 81079
Toraí Beo - An Gailearí, Ceardlann
na gCroisbhealach.
Cuireann an taispeántas seo i láthair an chuid
is saibhre de na himeachtaí cultúrtha atá
ag tarlú ar oileán Thoraí. Tá
taispeántas físealaíne thíos
staighre le péintéirí Thoraí,
idir fhísealaíontóirí aitheanta
agus iad siúd atá ag teacht chun tosaigh.
Ina dteannta sin, ta ‘Selkie’, 2008; togra ealaíne
pobail, ‘ Ceardlann na rógairí’;
togra beochana an Oileáin, suíomh gréasáin
agus cartlann an Oileáin agus Togra sean-nós
nua 2007. Mairfidh an taispeántas go dtí an
16 Bealtaine.
Tuilleadh eolais:
Seoladh: An Gailearaí, An Fál
Carrach, Co. Dhún na nGall.
Ríomhphost: Ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.angailearaí.com
Teileafón: 074 9165594
Lámha Inspioráide – Taispeántas
le Marvin D Baldemor.
Cuireann Lámha Inspioráide, an t-ionad úr
ealaíne i nGaeltacht Thír Chonaill, saothar
úr ealaíne Marvin D Baldemor ar thaispeántas
sa ghailearaí in Ionad Lámha Inspioráide.
Is as cultúr agus tírdhreach Ghaeltacht Thír
Chonaill a tharraingníonn an t-ealaíontóir
a cuid inspioráide agus tá sé seo le
feiceáíl sa shaothar ildanach atá ar
thaispeántas. Beidh an taispeántas ar siúl
go dtí and 13 Bealtaine.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: lamhainspioraide@gmail.com
Teileafón: 074 9560091
Féiltí
Ealaín
ar Oileán.
Inis
Oirr, Contae na Gaillimhe
22 – 24 Bealtaine. Tionól a thugann ardán
d’ealaíontóirí chun ceisteanna
a bhaineann leis na healaíona a phlé i sraith
cainteanna agus taispeántas poiblí. Déanfar
ceiliúradh ar na healaíona le himeachtaí
éagsúla dearc-ealaíne, drámaíochta,
agus ceoil.
Breis eolais agus dátaí na bliana seo ag www.ealainaroilean.com
Féile Chomórtha
Joe Éinniú.
Carna, Co na Gaillimhe
Bhí Joe Éinniú ar dhuine d’amhránaithe
traidisiúnta sean-nóis ab fhearr a bhí
in Éirinn. Reáchtáiltear féile
i gCarna, a cheantar dúchais i nDeisceart Chonamara,
gach bliain. Díríonn an fhéile seo
ar na stíleanna amhránaíochta agus
ceoil a thaitin go mór leis an laoch Gaelach seo
1 – 3 Bealtaine.
Breis eolais ag: michealochuaig@hotmail.com
Féile Scannáin Faisnéise Ghuth
Gafa.
Gort a Choirce, Thír Chonaill.
Féile idirnáisiúnta scannánaíochta
a díríonn ar scannáin fhaisnéise.
Eagraítear clár leathan de scannáin,
léachtaí agus seimineáir.
11 - 14 Meitheamh.
Breis eolais: http://www.guthgafa.com/
Aonach Ceoil Bhaile Bhuirne.
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí.
Deireadh seachtaine d’imeachtaí ceoil agus
ealaíona le ceardlanna ar an bhfidil, bosca, giotár,
feadóg, rince & amhránaíocht. Ceolchoirm
le haíonna speisialta, seisiúin cheoil agus
comórtas amhránaíochta Chorn Dr. Uí
Loinsigh.
1– 4 Bealtaine, 2009
Breis Eolais: www.ionadculturtha.ie
Féile Damhsa Gaeltach - Ghort a Choirce.
21 – 24 Bealtaine in Óstán Loch Altan,
Gort a Choirce. Damhsa seit, damhsa céilí,
damhsa ar an sean-nós, ceolchoirmeacha, seisiúin
cheoil, ceardlanna damhsa agus eile. I mbliana beidh clár
leathan d’imeachtaí: ceolchoirmeacha leis an
Brian Ború Céilí Band, an Copperplate
Ceilí Band agus an Annaly Céilí Band.
ostanaltan@estatclear.ie
074 9135267
www.ostanlochaltan.com
Féile na Déise.
3 - 7 Bealtaine. Dún Gairbháin, Co. Phort
Láirge. Féile ealaíona agus siamsaíochta.
Tá roinnt imeachtaí Gaelacha agus i nGaeilge
ar an gclár; dráma le hAisteoirí an
tSeanphobail san áireamh.
http://www.feilenandeise.com/programme2007.shtml
info@feilenandeise.com
Teileafón: 058 41741
Fleadh Átha Cliath.
Baile Átha Cliath. 5 Bealtaine – 10 Bealtaine
Féile a thugann árdan don cheol traidisiúnta,
an damhsa Gaelach agus an amhránaíocht. Eagraítear
imeachtaí do gach aois ghrúpa agus tá
clár leathan leagtha amach do fhéile na bliana
seo.
Seoladh: Ms. Thelma Ní Mhuineacháin, 6 Clarinda
Park East, Dun Laoghaire.
Teileafón: 01 2223662
Ríomhphost: dublin@comhaltas.net
Féíle na Scríbhneoirí,
Lios Tuathail. Writers' Week Listowel.
27 Bealtaine – 31 Bealtaine. Cuirtear roinnt imeachtaí
liteartha i nGaeilge ar siúl le linn na féile
seo . Is féile liteartha í Féile na
Scríbhneoirí a thugann áit lárnach
do scríbhneoirí trí chomórtais
agus ceardlanna a eagrú dóibh, agus deiseanna
a thabhairt dóibh lena saothar a chur os comhair
an phobail.
Seoladh: Ms. Marie Logue, 24 An Faiche, Lios Tuathail, Co.
Chiarraí.
County: Kerry
Teilefón: 068 21074
Ríomhphost: info@writersweek.ie
Suíomh Idirlín; http://www.writersweek.ie
Féile na Bealtaine
An Daingean, Co Chiarraí
Féile ilghnéitheach ealaíon ar leithinis
Chorcha Dhuibhne atá ag dul ó neart go neart
gach bliain. Imeachtaí ealaíona de gach cineál.
Freastalaítear ar na hEalaíona dúchasacha
agus comhaimseartha agus tá blas láidir idirnáisiúnta
ag an bhféíle.
29 Aibreáin – 4 Bealtaine
http://www.feilenabealtaine.ie
Féile Idirnáisiúnta Filíochta
Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin.
Tugann Féile Filíochta Bhéal Átha
na mBuillí ardán don fhilíocht Bhéarla
agus Gaeilge agus déantar iarracht lucht tacaíochta
nua a aimsiú don fhilíocht. Tá clár
leathan d’imeachtaí beartaithe do fhéile
na bliana seo. Cuirtear neart imeachtaí Gaeilge ar
siúl freisin agus fógraítear buaiteoirí
an comórtais fhilíochta Gaeilge le linn na
Feíle. Beidh an fhéile ar siúl ón
1- 3 Bealtaine. Bíonn na himeachtaí ar fad
saor in aisce. Tá clár na bliana seo le fáil
ar an suíomh idirlín.
Suíomh idirlín: www.strokestownpoetry.org
Ríomhphost; m@harpur.org
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie - Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie - Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|