|
|
Nuacht
Bliain nua faoi shéan is faoi mhaise daoibh go
léir.
Mar is gnáth sa ríomhlitir, tá eolas
ar na deiseanna atá ar fáil d’eagraíochtaí
ealaíona agus d’ealaíontóirí.
Tá réimse leathan d’ imeachtaí
agus de fheiltí ar siúl ar fud na
Gaeltachta i rith mí Fheabhra.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Folúntas
| Cork Midsummer Festival
|
Bainisteoir ar Oifig na dTiceád
Tá folúntas ag an Cork Midsummer Festival
do bhainisteoir ar oifig na dticéad. Beidh
an té a cheapfar freagrach as gach gné
den oifig: bainistíocht agus riaradh na hoifige,
díolachán, seirbhís custaiméara,
agus eile. Ní mhór go mbeadh eolas ag
an iarratasóir ar an gcóras Ticketsolve.
Tá gach eolas ar an bpost le fáil ag
na sonraí teagmhála thíos.
Conradh sealadach atá i gceist, ó mí
an Mharta go mí Iúil 2012.
|
|
Dáta
|
10 Feabhra
2012.
|
|
Eolas
|
Teagmhálaí: Deirdre
Finn
Suíomh idirlín:
www.corkmidsummer.com
Ríomhphost: deirdre@corkmidsummer.com
Teileafón: 021 4215131 |
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
i gcomhar le CREATE
|
Scéim na n-ealaíontóirí
sa phobal
Tugann Scéim na nEalaíontóirí
sa Phobal maoiniú chun tacaíocht a thabhairt
d’ealaíontóirí agus pobail
atá ag obair lena chéile le tionscadal
agus/nó ócáid ealaíonta
a bhaint amach.
Ba cheart go léireofar comhoibriú dílis
idir an ealaíontóir agus an pobal ag
na tionscadail atá roghnaithe. Is féidir
go mbeadh pobail mar áiteanna agus/nó
leas. Go dtí seo, bhíodh iarratais ann
ó shaothar le daoine de gach aois, cumas agus
eitneacht, agus i gcomhthéacsanna cosúil
le pobail uirbeacha/tuaithe, timpeallacht chúram
sláinte, príosúin, clubanna nó
i dtimpeallacht na hoibre.
Suim a dámhadh: €10000
Tá dhá chéim sa scéim
seo:
An chéim taighde agus forbartha atá
i gCéim a hAon. Tá Céim a hAon
oscailte d’ealaíontóirí
gur mian leo taighde agus forbairt a dhéanamh
ar thionscadal i gcomhthéacs pobail.
An chéim sheachadadh atá i gCéim
a Dó. Tá sé ar oscailt do phobail/áiteanna
leasmhara agus/nó a gcuid eagraíochtaí
ionadaíocha.
Tuilleadh Eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú
ar an scéim seo ach is Create a riarann í.
Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha
iarratais a sheoladh go díreach chuig Create.
|
|
Spriocdháta
|
15 Marta, .2012.
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Project Support and Professional Development
, 10/11 Sráid an Iarla Theas, Baile Átha Cliath 8
Suíomh Idirlín: www.create-ireland.ie
Teileafón: +353 1 473 6600
Ríomhphost: support@create-ireland.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
/ Create.
|
Deis
Is scéim í Deis a bunaíodh faoi
Thionscnamh na Comhairle Ealaíon um na hEalaíona
Traidisiúnta, 2005-2008. Tá sé
mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta
a spreagadh chun maoiniú a lorg ón gComhairle
Ealaíon le haghaidh raon tionscnamh. Is é
cuspóir na dámhachtana Deis tacaíocht
a chur ar fáil do thionscadail ealaíon
traidisiúnta nó do thionscadail ina
mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta
ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile
ealaíne. Is do thionscadail aonuaire nó
ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis
tacaíocht, agus ní chuirfear aon mhaoiniú
eile ar fáil faoin scéim seo.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena
léirítear:
• Aird ar chaighdeán ealaíonta
• Nuálaíocht
• Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon
traidisiúntanscadal.
Suim a dámhadh: €20,000
Tuilleadh Eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
9 Feabhra, 2012.
|
|
Eolas
|
Ríomhphost:
traditionalarts@artscouncil.ie
Teileafón: 01 6180256
Suíomh idirlín:
http://www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtain Taistil agus Oiliúna
Tá dhá shraith ag baint leis an dámhachtain
seo. Is í an phríomhshraith ná
Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici
sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú
ar fáil; is í an dara sraith ná
Taisteal agus Oiliúint Isteach.
Uasmhéid Bronnta: €12,000
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Teileafón: +353
1 618 0200
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim na Scríbhneoirí
sa Scoileanna
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú
ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann
a riarann Í Cuireann an scéim ar chumas
d’ealaíontóirí oibriú
le príosúnaithe i bpríosún/ionaid
choinneála ar feadh thréimhse 8-10 lá
agus comhlánaíonn sí clár
ealaíon agus oideachais atá ann cheana
féin sna Aonaid Oideachais laistigh de chóras
na bpríosún
Uasmhéid Bronnta: €2,400
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh : An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353
1 618 0200
Ríomhphost: smallfestivals@artscouncil.ie
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
nó www.poetryireland.ie/education
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim na bhFéilte Ealaíon
Beaga
Tá Scéim na bhFéilte agus na
nImeachtaí Beaga ar fáil d’eagraíochtaí
a chuireann chun cinn féilte nó imeachtaí
a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta
acu, a bheidh ar siúl i rith na bliana 2012.
Is féidir go mbeadh cineál amháin
ealaíne nó réimse leathan d’fhoirmeacha
ealaíne difriúla i gceist le féile.
Is é atá i gceist le "imeachtaí"
ná tionscadail aon ócáide nó
cláir a bhíonn ar bun thar roinnt míonna
(m.sh. sraith ceolchoirmeacha).
Cuirfidh an scéim deontas suas le €20,000
ar fáil.
I gcomhair féilte/imeachtaí atá
le tarlú idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig
2012.
Tuilleadh Eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
10 Feabhra, 2012
|
|
Eolas
|
Teileafón: +353
1 618 0260
Ríomhphost: smallfestivals@artscouncil.ie
Suíomh Idirlín : www.artscouncil.ie
|
| Cultúr Éireann
|
Cultúr Éireann – Deontas.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú
ar eagraíochtaí ealaíona nó
ealaíontóirí chun sár-imeachtaí
cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl
thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh
ócáidí (m.sh. léiriúcháin,
taispeántais, léachtaí), ócáidí
nach mbíonn an eagraíocht ná
an léiriúchán féin in
ann na costais ina leith a íoc. Tá foirmeacha
agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh
gréasáin.
|
|
Spriocdháta
|
15 Márta, 2012
|
|
Eolas
|
Seoladh : Cultúr Éireann,
Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353
1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh
Idirlín: www.cultureireland.gov.ie
|
Deiseanna
Eile
| Pobal
|
An
ealaíontóir tú? An oibríonn
tú san earnáil ealaíon?
Tugann POBAL cuireadh duit do shonraí a chlárú
le suíomh ealaíon na Gaeilge nua a bheidh
dírithe ar na healaíona Gaeilge. Rinne
POBAL iniúchadh ar na healaíona Gaeilge
agus fuarthas amach go mbíonn sé deacair
go minic do dhaoine ar suim leo ealaíona Gaeilge
teacht ar ealaíontóirí nó
daoine teicniúla san earnáil le Gaeilge.
Tá obair mhór mhaith déanta ar
an cheist seo, ach go fóill tá bearnaí
san eolas maidir le healaíontóirí
Gaeilge. Ba mhaith le POBAL roinnt de na bearnaí
seo a dhruidim agus a chur le poiblíocht agus
le heolas ar na healaíona Gaeilge. Is féidir
do shonraí a chlárú ag www.pobal.org
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Seoladh: Aonad
6, Teach Uí Chorráin, Ionad an Dá
Spuaic, 155 Sráid Northumberland, Béal
Feirste, BT13 2JF
Suíomh Idirlín: www.pobal.org
Ríomhphost: eolas@pobal.org
Teileafón : 0044-(0)28-9043-8132
|
| Éisge Éireann
|
Tairiscintí
á Lorg don Poetry Ireland Review
Fáiltíonn Éigse Éireann
roimh iarratais don iris Poetry Ireland Review. Glacfar
le saothar filíochta, altanna nó léirmheasanna
. Foisítear an iris ceithre uair sa bhliain
agus fáilteofar roimh ábhar i nGaeilge.
Tá tuilleadh eolas ar chritéar agus
treorlínte le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.poetryireland.ie
Ríomhphost: info@poetryireland.ie
Teileafón : 01 4789974
|
| Cill Rialaig, Ciarraí.
|
Tréímhse
Cónaithe.
Cuireann tionscnamh Chill Rialaig fáilte roimh
iarratas ar an gclár tréimhse cónaithe
- Meán Fómhair 2012 go Nollaig 2013.
Tá an scéim oscailte do fhísealaíontóirí
go príomha, ach fáilteofar roimh iarratas
ó ghrianghrafadóirí, scríbhneoirí,
filí, ceoltóirí, cumadóirí
ceoil agus ailtirí.
Is barrionad físealaíne í Cill
Rialaig atá suite ar láthair aoibheann
i mBaile na Sceillige nGaeltacht Chiarraí.
Gach eolas ar an scéim le fáil ag cillrialaigarts@gmail.com
|
|
Spriocdháta
|
15
Márta, 2012.
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: cillrialaigarts@gmail.com
Teileafón : Mary O'Connell
ag 066 947 9297
|
| Féile Scannáin
an Daingin
|
Comórtas:
Duais don togra gearrscannán is fearr as Gaeilge.
Tá Féile Scannán an Daingin ag
tairiscint duais airgid €5,000 don Togra Gearrscannán
as Gaeilge is fearr. Tá áthas ar Fhéile
Scannán an Daingin an dara 'Físín'
a fhógairt. Fáiltímid roimh iarratais
ar thograí gearrscannán i nGaeilge.
Tá an deis seo á cur ar fáil
ag an bhféile chun spreagadh a thabhairt do
scríobh scripteanna scannán as Gaeilge.
Tá an comórtas dírithe orthu
siúd a bhfuil spéis speisialta i scannáin
maraon le díograis don Ghaeilge acu. Is mian
leis an bhféile tograí a fheiceáil
ó na canúintí áitiúla
go léir. Tá an comórtas oscailte
do dhaoine aonair nó grúpaí,
do mhic léinn na hIdirbhliana agus ar aghaidh
suas go dtí scannánóirí
gairmiúla. Tá foirm iarratais ar fáil
le híoslódáil ar www.dinglefilmfestival.com
nó is féidir rphost a sheoladh go fisin@dinglefilmfestival.com.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais
ná 31ú Eanáir, 2011.
Bronnfar duais airgid €5,000 agus luach €1,000
de threallamh soilsiúcháin ar chíos,
ar an gcur i láthair rathúil ag an bhféile
agus fillfidh siad ar an nDaingean lena scannán
críochnaithe i 2013. Bronnfar leabhar nótaí
cuimhneacháin leathair ar an gcúigear
scannánóir, leathar deartha ag Conor
Holden.
|
|
Spriocdháta
|
31ú
Eanáir, 2012.
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.dinglefilmfestival.com
Ríomhphost: fisin@dinglefilmfestival.com
Teileafón : Brenda Ní
Shúilleabháin ar 066 9152665/087 2999616
|
| An Guth, Iris liteartha.
|
Dánta
nua as Gaeilge nó Gaidhlig ag teastáil.
Tá dánta nua as Gaeilge nó Gàidhlig
ag teastáil le haghaidh na hirise An Guth 7.
Cuirtear dánta mar cheangatán in Word
2003 le bhur dtoil go Rody Gorman ag anguth@btinternet.com.
Go raibh maith agaibh.
Tha dàin ùra ann an Gàidhlig
no ann an Gaeilge a dhìth airson na h-irise
An Guth 7. Cuiribh dàin mar cheangal ann an
Word 2003 mas é do thoil é ag Rody Gorman
ag anguth@btinternet.com. Tapadh leibh.
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriocdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Ríomhphost: anguth@btinternet.com
|
| Ealaín na Gaeltachta
|
Lá
eolais ar ‘Doire: Cathair Chultúrtha,
2013’
An tSeanbheairic, An Fhál Carrach
Dé hAoine 24 Feabhra ag 11.00 r.n..
Lá eolais do ghrúpaí ealaíona,
oidhreachta agus cultúrtha ón Ghaeltacht.
Tabharfar deis do ghrúpaí ealaíona,
oidhreachta agus cultúrtha sa Ghaeltacht léargas
a fháil ar na deiseanna atá ar fáil
mar chuid de, ‘Doire, Cathair Chultúrtha,
2013’. Beidh cláraitheoirí imeachtaí
ón ‘Comhlacht Cultúir 2012 / Doire’,
‘Cathair Chultúir, 2013’ i láthair.
Déanfaidh siad cur i láthair agus beidh
deis ag na rainnpháirtithe dul i gcomhráití
leo.Tá teorann ar líon na ndaoine ar
féidir a bheith i láthair. Ní
mhór clárú don ócáid.
Téigh i dteagmháil le Micheál
Mac Aoidh ag 074 9558025 nó r-phost m.macaoidh@udaras.ie
|
|
Spriocdháta
|
24
Feabhra, 2012.
|
|
Eolas
|
Seoladh : Micheál Mac Aoidh,
Ealaín na Gaeltachta, Páirc Ghnó
Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ríomhphost: m.macaoidh@udaras.ie
Teileafón : 074 9558025
|
Oiliúint
| Ealaín na Gaeltachta
|
Ceardlann
aon lá don earnáil ealaíne sa
Ghaeltacht – Maoiniú & deontas
Ionad Pádraig, Dobhair, Co. Dhún na
nGall.
Dé Céadaoin 29 Feabhra, 2012. 10.00
am.
Céard iad na deiseanna maoiniú atá
ar fáil san earnáil ealaíne agus
d’eagraíochtaí ealaíona
agus d’ealaíontóirí na
Gaeltachta? Cén áit ar féidir
eolas a fháil ar na scéimeanna maoiniú
éagsúla? Cen fáth go n-éiríonn
le cuid iarratas agus go dteipeann ar cinn eile? Cén
bealach is fearr le hiarratas a fhorbairt?
Tabharfar freagra ar na ceisteanna seo, agus ar cheisteanna
eile, ag ceardlann aon lae ar deontais agus maoiniú
atá á reáchtáil ag Ealaín
na Gaeltachta. Is é príomhchuspóir
na ceardlainne ná scileanna na rannpháirtithe
a fhorbairt ionas go mbeidh sé ar a gcumas
iarratais ar ardchaighdeán a dhéanamh,
agus, go mbeidh seans níos fearr acu maoiniú
a fháil, dá réir . Tabharfar
léargas cruinn, sothuigthe ar na scéimeanna
éagsúla maoiniú atá ar
fáil go náisiúnta (agus go hidirnáisiúnta)
agus taispeánfar an chaoi is fearr le hearraíocht
a bhaint astu.
I measc na n- aoíchainteoirí, tá
Meic Llewellyn (Celtic Neighbours), Kevin Murphy (Voluntary
Arts Ireland), Marianne Ní Chinnéide
(Iar stiúirthóir Siamsa Tíre)
agus Maria Ferguson & Karl Margey (Eoraip agus
trasteorann).
Teorann ar áiteanna. Le háit a chur
in áireamh, glaoigh ar Micheál ag: 074
9558025
|
|
Spriocdháta |
29
Feabhra, 2012. |
|
Eolas |
Seoladh : Micheál Mac Aoidh,
Ealaín na Gaeltachta, Páirc Ghnó
Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ríomhphost: m.macaoidh@udaras.ie
Teileafón : 074 9558025
|
| Físealaíontóirí
na hÉireann (Visual Arts Ireland)
|
Forbairt
Ghairmiúil d’fhís ealaíontóirí
2011.
Sraith de léachtáí agus cúrsaí
sa bhainistíocht, riaracháin, cleachtas
ealaíne agus gnéithe eile atá
áisiúil d’fhísealaíontóirí
ar mhian leo a slí bheatha a bhaint amach ina
ealaíontóirí gairmiúla.
Is féidir liosta de na cúrsaí
a fháil ag; www.visualartists.ie
Is féidir clárú do na cúrsaí
ag:
http://visualartists.ie/education/register-for-our-events/
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla. |
|
Eolas |
Teileafón: 00353 (0) 1 672 9488
Ríomhphost: monica@visualartists.ie
Suíomh Idirlín: www.visualartists.ie
Seoladh: Monica
Flynn, Education Officer, Visual Artists Ireland,
Ground Floor, Central Hotel Chambers, Dame Court,
Dublin 2 |
| Cló Ceardlann
na gCnoc
|
Cúrsaí
í ndéantús leabhair d’ealaíontóirí
(Handmade artist’s books)
Beidh an cúrsa a reáchtáil ag
an ealaíontóir Sarah Lewtas í
Mín a’ Leá gach tráthnóna
dé Céadaoin ( 6 – 8.30 )ar feádh
6 seachtaine.
Tá an cúrsa seo páirt-mhaoinithe
ag an gClár tacaíochta Pobail Choiste
Gairmoideachais Chondae Dhún na nGall.
|
|
Spriocdháta |
Ag
tosnú ar an 25 Eanáir 2012. |
|
Eolas |
Teileafón: + 353 (0) 7491 - 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.clo.ie
|
Ealaíon Poiblí,
% Ealaíon & Coimisiún
Imeachtaí
Ionad Cultúrtha,
Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile
Mhúirne ná na healaíona d'árd
chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon
a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá
clár dúshlánach leagtha amach ag an
ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí
rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí
ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo
i gceart lár saol ealaíona Ghaeltacht Mhúscraí.
Is é trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear
na himeachtaí go léir san Ionad.
Mí Feabhra san Ionad Cultúrtha Baile
Bhuirne:
'Fonn Aniar' - Breanndán Ó Beaglaíoch,
Tommy Peoples, Laoise Kelly
3 Feabhra @ 8.30
Liam Ó Maonlaí - ceolchoirm
(mar chuid de Imbolc 2012
17 Feabhra @ 8.30
Imbolc - aon la amháinle cainteoirí den scoth
18 Feabhra @ 8.30 Breis eolais ar www.imbolc.ie
‘Foinsí’ – 29 saothair ealaíne
le daltaí na h-Idir Bhliana ó Choláiste
Ghobnatan, .Baile Mhúirne, Co Chorca
3 Feabhra, 2012 @ 7.00 Tá taispeántas na hIdir
Bhliana 2012 bunaithe ar foinsí suime agus samhlaíochta
na ndaltaí atá ag glacadh páirt.I measc
na foinsí inspioráideach, usáideadh
focail agus scriobhnóireacht mar chuid den aistir
cruthaitheach chun saothair eagsúla, indibhidiúlach
a cruthú. Taispeántas á oscailt ag
Ger Wolfe.
Ranganna ceoil & amhránaíochta do dhaoine
óga agus ealaín-don-aosach ar siúl
mar is gnáth.
Is féidir tuilleadh eolais ar imeachtaí an
ionaid a fhail ag www.ionadculturtha.ie
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh
Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net
Arás Éanna, Inis
Oirr
Ionad Ealaíne in Inis Oirr is ea Áras Éanna.
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thiosluaite.
Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní
Ghallchóir:
Ríomhphost :araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad
Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann,
Co Na Gaillimhe.
Gailearaí Joan Clancy,
An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa
Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar
ó Dhún Garbhán. Tá stádas
á bhaint amach aige de réir a chéile
mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon
comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.
Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn
i nGaeltacht Phort Láirge. Tá an Joan Clancy
Gallery lonnaithe sa Rinn in aice le Coláiste na
Rinne.
Tírdhreách Átha Cliath le Caoimhghin
O Croidheain.
Taispeántas ar siúl faoi láthair. Saothar
le Maderson, Blawnin Clancy, Andrea Jameson, Conor O'Mahony,
Rayleen Clancy, Katarzyna Gajewska, John Cullinan.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh
Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó
086 8134597
Seoladh
: Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne,
An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol ann - rap, snagcheol,
ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil
agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú,
filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile
ar an gclár fosta Oíche chraiceáilte
den scoth.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó
097 81079 Ríomhphost:
Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh
Idirlín:
www.craiceailte.com
Seán O'Flaithearta ag Áras Inis
Gluaire, Béal an Mhuiread.
'Talamh Dóite' /' Fired Ground'
Taispeántas físealaíne. Iniúchadh
ar an bportac.
Dates: 13 – 26 Eanáir 2012
Tuilleadh eolais ar an taispeántas seo ag: www.seanoflaithearta.blogspot.com
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reáchtálann an tIonad imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ó ham go chéile, mar
aon leis imeachtaí oidhreachta. Téigh i dteagmháil
leis an ionad chun eolas a fháil ar na himeachtaí
atá ar siúl faoi láthair.
Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh
Idirlín: http://www.heritageireland.ie
nó www.ceiliuradh.com
Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead,
Co Mhaigh Eo
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fháil ag
na sonraí teagmhála thíos.
Taispeántas - Talamh Dóite /Fired Ground
le Seán O'Flaithearta01-02-2012
Ón 1 Feabhra, 2012
Ceardlann san Ánálú
6 Feabhara ag18-30
It's the Real McCoy
Dráma grinn.
18 agus 19 Feabhra ag 22.00.
ClintE Specials
22 Feabhra ag 19.30.
Yoga Le Lucy
23 Feabhra ag 21.00
Tom Crean Antarctic Explorer
5 Márta ag 20.30.
Patrick Devane – Damhsóir cónaithe
- Sean-Nós
14 Márta ag 20.30 i.n.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an
Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/
Facebook: www.facebook.com/ArasInisGluaire
Fibiín Teo. Compántas drámaíochta.
Tá Fíbín Teo. a bhfuil tóir
an phobail orthu agus atá tar éis a bheith
ar chamchuairt le ceithre léiriúchán
i 2011 chun Finscéal Fíbín –
Stair ghearr de Theanga na Gaeilge a athbheochan i 2012.
Léiríodh an dráma ag roinnt féilte
timpeall na tíre, ó thuaidh agus ó
dheas, agus d’éirigh leo slua mór a
mhealladh chuig an bpuball amharclainne ag Electric Picnic
i mbliana.
Is féidir an dráma a chur in óiriúint
do réimse spásanna ó leabharlanna go
scoileanna chomh maith le hAmharclanna. Tá sé
feilliúnach do dhaoine ó 12 d’aois ar
aghaidh. Maireann sé thart ar chaoga nóiméad
agus togann sé thart ar dhá uair a chloig
an seit a shocrú suas. Déanann Finscéal
Fíbín cur sios greannmhar ar na rudaí
a mhunlaigh ár dteanga dhúicais thar na mílaoiseanna.
Léirítear é i stíl leithleach
Fíbín ag baint úsáid as púipéid,
maisc agus cur i láthair idirghníomhach a
dhéanann teanga na Gaeilge tarraingteach agus greannmhar.
Rinne Gaelchultúr cur síos ar an dráma
mar ‘seó den chéad scoth’.
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Fíbín Teo, Na hAille,
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Teileafón: 091 - 505 855
Suíomh Idirlín:
http://fibin.com/
Ríomhphost:eolas@fibin.com
Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean
An Lab, Sráid Eoin, An Daingean
Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean is ea An Lab.
Tá amharclann dea-chóirithe ann le seachtó
suíocháin, seomraí le haghaidh taispeántaisí,
insealbhaithe agus cruinnithe, chomh maith le spás
le haghaidh cleachtaithe agus ceardlanna. Tá sé
ar fáil le haghaidh imeachtaí cultúrtha
a chuirtear i láthair tré mheán na
Gaeilge.‘Sé an comhlacht cónaithe amharclannaíochta
ann ná AnnÓg Ar Aghaidh, a léiríonn
drámaí Gaeilge agus a chuireann traenáil
i scileanna amharclannaíochta ar fáil do dhaoine
óga.
Eitseálacha/Etchings le Tomás Ó Cíobháin.
Luan go hAoine idir 9am agus 5pm agus le linn léirithe
san amharclann.
Taispeántas Grianghrafanna le Gearóid Ó
Cáthasaigh
Is féidir eolas a fháil ar chlár na
n-imeachtaí ar an suíomh idirlín.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net
Suíomh idirlíon: www.anlab.ie
. Bí linn ar Facebook – AnnÓg/An Lab
Club Scannán – Indreabhán,
Co. na Gaillimhe.
Tosnóidh an chéad shéasúr eile
scannán ar an gCéadaoin seo, 25 Eanáir
leis an scannán faisnéise Bernadette: notes
on a political journey .
As sin go deire Márta taispeánfar scannán
den scoth gach Céadaoin sa tSeanscoil ag tosnú
ag 8.15in, mar is gnáth.
Seo leanas liosta iomlán na scannán a bhéas
le feiscint idir seo go deire mí na Márta:
• 01 Feabhra: Honey (An Ghearmáin / An Tuirc);
• 08 Feabhra: Beautiful Lies (An Fhrainc);
• 15 Feabhra: In a Better World (An Danmhairg);
• 22 Feabhra: Nader and Simin - A Separation (An Iaráin);
• 29 Feabhra: Fitzcarraldo (An Ghearmáin);
• 07 Márta: The Skin I Live In (An Spáinn);
• 14 Márta: Potiche (An Fhrainc);
• 21 Márta: Cell 211 (An Spáinn);
• 28 Márta: Sarah's Key (An Fhrainc).
Glacfar le ballraíocht óna 8.00pm, 25 Eanáir.
€25 (€20) a bhéas ar bhallraíocht
don séasúr, a chludaíonn cead isteach
do 10 scannán ar fad. Más fearr leat, is féidir
€7 (€6) a íoc per scannán ar an
oíche ag an doras. Tá ballraíocht do
chúplaí ar fáil ar €40. Is féidir
cóip den bróisiúr a fháil ón
nasc seo a leanas:
www.clubscannan.ie/priontailte/ClubScannan-SeasurAnEarraigh2012-isealtaifigh.pdf
.
Breis eolais ar fáil ón suíomh idirlíon
www.clubscannan.ie nó ón uimhir (086) 4048881.
Culturlann Uí Channáín, Doire
- Imeachtaí
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thios.
Féile Chaomhín Ui Dhochartaigh
9 -12 Feabhra.
Imeachtaí ceoil agus siamsaíochta i rith na
deireadh seachtaine.
Ceolchoirm: Kevin Burke, Paddy Keenan, Alan Burke &
Guidewires
11 Feabhara.
Seachtain na Gaeilge 2012 (7ú-17ú Márta)
Imeachtaí éagsúl i gcaitheamh na seachtaine.
Lá Idirnáisiúnta na mBan
Athbheochan: Fillim agus Fuala Seó Faisin
8 Márta, 2012.
Tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí
a fhail ag na sonraí teagmhála thios.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Teileafón: 02871264132
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
Cuireann Oideas Gael réimse leathan de chúrsaí
cultúrtha agus teanga ar fáil i rith an tsamhraidh.
Siúl Sléibhe Péintéireacht Fharraige,
ranganna ceoil (bodhrán, fliúit, cláirseach,
srl), amhránaíocht & damhsa ar an sean-nós,
grianghrafadóireacht dhigiteach, seandálaíocht
agus go leor eile.
Imeachtaí san ionad le fáil ag www.oideas-gael.com
Tuilleadh Eolais
Teileafón 074 97 30248
Suíomh Idirlín: www.oideas-gael.com
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Futa Fata. - Nuacht
Tá eolas anseo do dhaoine fásta, ach ó
tharla gur do pháistí agus do dhaoine óga
is mó a bhíonn Futa Fata ag foilsiú,tá
súil againn go gcuirfidh páistí suim
san eolas atá ar fáil anseo chomh maith.
Bliain Nua Mhaith Agaibh!
Blian ghnóthach atá roimh Futa Fata agus tá
muid ar bís ag súil le gach uile noiméad
de! Le linn 2012, tá súil againn dhá
pictúirleabhar nua a fhoilsiú, sraith leabhar
cairtchlár dár gcuid féin do pháistí
óga, aistriúcháin ar shraith álainn
úrscéalta do pháistí 7-9 mbliana
ón bhFrainc - agus cá bhfios céard
eile! Le coinneáil suas go dáta linn is féidir
muid a leanacht ar Facebook, Twitter agus ar ár suíomh
idirlín www.futafata.ie
You Tube!
Tá ár gcainéal féin againn anois
ar an suíomh físeán is mó ar
domhan. Rinneadh taifead beo ar an seó “Gugalaí
Gug!” i gConamara anuraidh agus is giotaí uaidh
seo atá le feiceáil anois ar an gcainéal.
Tá nasc chuige ar ár leathanach idirlín
(féach an cnaipe YouTube ar bharr an leathanaigh
bhaile) nó cuardaigh ‘Futa Fata’ ar www.youtube.com
Seachain!
Shackleton! An Titanic! Cluichí Oilimpeacha na sean-
Ghréige! An Gorta Mór! Apollo 13! Seachain
iad! D’fhéadfadh rud ar bith tarlú!
Sa tsraith nua seo a bheas ar fáil ag deireadh mí
Eanáir, tugtar deis do leitheoirí óga
dul siar san am le bheith páirteach in eachtraí
móra stairiúla an domhain. Faoin am go dtiocfaidh
na cluichí Oilimpeacha go Londain an Samhradh seo
chugainn, beidh léitheoirí óga na Gaeilge
ina saineolaithe ar stair na gcluichí agus beidh
gach ní ar eolas acu le páirt iomlán
eolach a ghlacadh i gomóradh céad bliain tragóid
an Titanic. Seachain! Tá siad ag teacht… www.futafata.ie
TAIRISCINT SPEISIALTA
Gach mí as seo amach, beidh tairiscint speisialta
againn. An mhí seo is féidir na hocht leabhair
sa sraith “Tá mé ag Fás”
a cheannacht ar €35. Sin sábháil €20.60
ar an gcostas clúdaigh!
Tuilleadh Eolais
Seoladh:Futa Fata, An Spidéal, Co.
na Gaillimhe
Teileafón 091-504612
Suíomh Idirlín: www.futafata.ie
Ríomhphost: eolas@futafata.ie
Teacht le Chéile Comórtais Béil
Óstán Harbour i nGaillimh.
Satharn, 4 Feabhra 2011 ó 12.00 – 4.00i.n
Teacht le chéile faoi na gcomórtas béil,
Comórtas Scéalaíocht , Dreas Cainte
, Lúibíní & Agallamh Beirte.
Athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha comórtais
an Oireachtais sa bhliain úr.Grúpa daoine
a bhfuil cur amach acu ar na comórtais seo a thabhairt
le chéile le moltaí agus tuairimí i
dtaobh cleachtais na traidisiúin bhéil a phlé
agus a chíoradh.
Más gá, ba mhaith le hOireachtas na Gaeilge
go leasófaí rialacha, riaradh, moltóireacht
agus poibliú na gcomórtas Scéalaíochta,
Dreas Cainte, Lúibíní agus Agallamh
Beirte.
D’fháilteoimis roimh mholtaí nó
tuairimí ó dhuine ar bith.
Labhairt faoi na scéimeanna atá ar bhun cosúil
leis an scéim atá ar bhun ag Gearóidín
Breathnach (ag tabhairt cúirt ar na scoileanna agus
ag insint agus ag plé scéalaíochta
leo).
Tá roinnt eolas bailithe againn faoi chleachtais
oiliúna agus múineadh na traidisiúin
bhéil i gceantair éagsúil. Ba mhaith
linn go mbeidh an t-eolas seo agus eolas ó cheantair
eile á roinnt le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
Ardán: Ócáid cheoil agus
shiamsaíochta sa Tobar sa Spidéal
Sraith oícheanta comhluadair agus ceoil áit
a dtabharfar tús áite don chruthaitheacht
ó thaobh amhrán, ceoil agus cainte de atá
i gceist le Ardán.
Beidh sé ar siúl ar an tríú
Aoine den mhí ar feadh an gheimhridh. Leagan amach
club le béim ar an éisteacht a bheas ann,
áit a dtabharfar deis don phobal casadh agus éisteacht
le haos ceoil agus cumadóireachta an cheantair.
Beidh maidhc oscailte mar chuid lárnach den oíche
chomh maith agus tabharfar cuireadh don lucht éisteachta
deis a thapú le amhráin, ceol, filíocht,
agallaimh beirte, damhsa agus rl. a chur i láthair.
Seo ardán do dhaoine nach bhfuil ábhar foilsithe
acu fós saothar a chur i láthair lucht éisteachta,
agus is ardán é dóibh siúd atá
ar an mbóthar le scaitheamh ábhar nua a thriail
agus a sheoladh.
Ní ghearrfar aon táille ar an doras. Cuirfear
tús le himeachtaí ag 8.30 i.n.
Tuilleadh eolais:
Teileafón : Tadhg Mac Dhonnagáin
087-9037779 nó Deirdre Nic Chonaonaigh: 091-553124
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Togra cultúir is oidhreachta is ea Oidhreacht Chorca
Dhuibhne atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh,
i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, in Iardheisceart
Cho. Chiarraí. Tá an Oidhreacht ann ó
1980 agus é ar cheann d’fho-chomhlachtaí
Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.
Tuileadh Eolais
Teileafón: 066 9156348
Suíomh Idirlín: http://oidhreacht.ie
Ríomhphost: eolas@cfcd.ie
‘Ceardlann Scéalaíochta/Drámaíochta
do pháistí óga le Máirín
Mhic Lochlainn
Ionad Tacaíochta Teaglaigh in Indreabhán
Ar feadh 8 seachtainí, ag tosnú ar an 13 Feabhra
Áisitheoir: Máirín Mhic Lochlainn,
nó Scéalaí Thóin
Beidh Máirín Mhic Lochlainn, nó Scéalaí
Thóin a’ Chnoic mar is maith léi a thabhairt
uirthi féin, ag déanamh Ceardlann Scéalaíochta/Drámaíochta
san Ionad Tacaíochta Teaglaigh in Indreabhán
ar feadh 8 seachtainí, ag tosnú ar an 13 Feabhra.
Beidh na ceardlanna seo dírithe ar an aois ghrúpa
6 go dtí 10. Beidh Máirín ag cur béime
ar sheanscéalta a chuir in oiriúint den stáitse,
agus ar an tábhachta a bhaineann le urlabhraíocht
chruinn agus gluaiseachtaí éifeachtúla.
Tá roinnt páistí cláraithe cheanna
féin, ach beidh féilte roimh a thuilleadh
– ní chuirfear aon duine ó dhoras.
Cé go bhfuil na ranganna féin saor, beifear
ag baint amach táille beag le haghaidh íoch
as teas agus leictreachas. Tuilleadh eolais ach glaoch ar
Mhairín ag 091 593799, nó ag an r.phost mmhiclochlainn@yahoo.com
Tá Scéalaí Thóin a’ Chnoic
páirteach freisin san tógra faoi na deartharacha
Grimm ón nGearmáin, an chéad dream
a chuir scéalta béaloideasa ar pharr céad
bliain ó shin, agus mar chuimhneachán orthu,
rinne Coiste FEST (seo bailiúchán de scéalaithe
as tíortha difriúla san Eoraip) taifeadadh
ar scéalaithe as tiortha difriúla san Eoraip,
ina measc Éirinn. Cheithre scéalaí
as an tír seo atá sa tógra, Máirín
Mhic Lochlainn agus Aideen McBride ag inseacht scéalta
de chuid na nGrimms i nGaeilge, agus Jack Lynch agus Brendan
Nolan ag inseacht scéalta i mBéarla.
Tá na scéalta seo ar fad agus scéalta
nach iad i dteangacha éagsúla le fáil
ar an suíomh idirlinn www.youtube.com/projectgrimm2012/Ireland
.
Go nuige seo - ~Ceardlann scríbhneoireachta
do dhaine fásta.
Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Gach Luain. 7.30 i.n.
Sé atá i Gon uige seo, díolaim den
ábhar a cumadh le linn shraith ceardlanna d’eagraigh
Pádraig Ó Cíobháin i Seanscoil
Shailearna i gCois Fharraige ó Shamhain 2010 go Bealtaine
2011. Litríocht phobail – sa chiall is leithne
– tá sa bhailiúchán so, óir
ní saothar éinne amháin a bhfuil fé
chlúid ach obair mheithil scríbhneoirí
a chuir a gcroí is a n-éirim go huile is go
hiomlán san obair a bhí idir lámha.
Ag seo a dtáirgíodar – ábhar
léitheoireachta is spreagtha dá bpobal féin,
agus do Ghaeil go bhfuil d’aidhm acu an teanga gur
dúchas agus gur de nádúir dóibh
í labhairt a chothabháil is a choinneáil
beo.
Bíonn ceardlanna ar siúl i Seanscoil Shailearna
sna hAille an uile Luan ar a leathuair tar éis a
seacht istoíche. Caint, cuileachta, comhluadar dhaoine
muinteartha an cheantair is an saibhreas teangan is cultúir
a roinnfd go fial ar pé thagann, maraon le cleachtadh
na cumadóireachta cruthaithí is aidhm don
dteacht le chéile seachtainiúil seo. Ionad
buail isteach Gaeilge is Gaelainne do Ghaelaibh atá
i gceist chomh maith. Bíonn fáilte againn
roimh chách, idir fhear is bhean, óg, meánaosta
is aosta ... is cuma ciocu, óir is mar a chéile
linne gach éinne is gach indibhid. I dteannta chéile
sea is fearr sinn! Beidh díolaim de chumadóireacht
na bliana 2010/11 á fhoilsiú go luath. Gon
uige seo a theideal. Má ritheann linn cuirfeam chun
an dara himleabhar a dh'fhoilsiú. A' dul i bhfeabhas
siar sinn!
Tuilleadh eolais: padraig o ciobhain ag padraig.ociobhain@upcmail.ie
Féiltí
Scoil Cheoil an Earraigh, Iarthar Dhuibhneach
15 - 19 Feabhra 2012
Féile ceoil thraidisiúnta i mBaile an Fheirtéaraigh,
i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, Éire i mí
Feabhra gach blian ina mbíonn ceardlanna ceoil agus
amhránaiochta, ceolchoirmeacha, léacht, seisiúin,
siúlóid, ciorcal comhrá, agus go leor
eile.
Breis eolais
Suíomh Idirlín: http://www.scoilcheoil.com
Ríomhphost: eolas@scoilcheoil.com
Féile Chaomhaín Uí Dhochartaigh,
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire.
An Déardaoin 9 – 12 Feabhra.
Seoladh ag am lóin le ceol agus sólaistí
An Aoine 10ú Feabhra 8pm
Ceolchoirm - Open House
Dianchúrsaí
An Satharn 11ú & An Domhnach 12ú Feabhra
Ceardlanna
An Satharn 11ú Feabhra 11-4pm
Ceolchoirm Mhór le Kevin Burke, Paddy Keenan,
Alan Burke agus Guidewires An Satharn 11ú Feabhra,
8pm
Comórtas Filíochta
An Domhnach 12ú Feabhra
Ceardlanna
An Domhnach 12ú Feabhra 11-4pm
Críoch-ceolchoirm
An Domhnach 12ú Feabhra ag 8pm
Breis eolais
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Teileafón: 02871264132
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Seoladh : Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
http://www.artsmanagement.ie
- Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon &
Polasaí Cultúrtha. Tá mórán
eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie
- Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,
camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí
ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie
- Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com
Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht
idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire
in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
- eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus
gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir
an Aontais Eorpaigh
Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta
ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas
a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá
sa nuachtlitir seo. |
|