EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

Bliain nua mhaith agus guíonn Ealaín na Gaeltachta gach rath oraibh i 2010.
Rinne Ealaín na Gaeltachta mór-iniúchadh ar ghníomhaíocht agus ar acmhainní na heagraíochta i 2009. Is é an aidhm atá leis an iniúchadh ná eolas agus bunlíne a bhailiú i dtaobh infrastructúr, gníomhaíochtaí, seirbhísí agus staid reatha ginearálta na n-ealaíon sa Ghaeltachta faoi láthair, agus an t-eolas a úsáid i gcomhair pleanála do fhorbairt na nEalaín sa Ghaeltacht sna blianta amach romhainn. Tá an chéad dhreácht den tuarascáil críochnaithe anois agus is díol suntas iad na torthaí agus na fíricí a eascraíonn as. Cuirfear an tuarascáil ar fáil sna míonna amach romhainnn.
D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon dhá tuairisc taighde le gairid,iniúchadh ar na spáis agus na láthair oibre atá ar fáil san earnáil ealaíne agus staideár ar an rainnpháirtíocht san Ailtireacht. Má tá spéis agat breathnú ar na tuairiscí, is féidir breis eolais a fháil ag: www.visualartists.ie/Services/sfr_news.html
Tá an comhlacht teilifíse Dovina ag lorg ealaíontóir le Gaeilge líofa atá bheadh spéis aige nó aici a bheith páirteach i sraith ealaíne taitneamhaí a rachaidh amach ar TG4. Má tá suim agatsa togra, cur email le CV chuig Brenda Ni Shuilleabhain ag doviniateo@gmail.com

Beidh an Gréasán Ceoil ag eagrú Lá Náisiúnta Ceoil ar an 16 Aibreán, 2010. Reachtálfar imeachtaí ceoil agus ceolchoirmeacha ar fud na tíre. Má tá spéis agat nó ag d’eagraíocht a bheith páirteach, nó má tá spéis agat imeacht ceoil a eagrú, is féidir breus eolais a fháil ag: www.musicnetwork.ie
Bíonn roinnt eolais faoi imeachtaí ealaíne le fáil ar an nuachtán idirlín, Nuacht24. Brúigh faoi dhó ar mheirg Nuacht24 ag www.andrumamornuacht.blogspot.com.
Comhghairdeas le Máire Wren atá mar bhaill den ‘Ciorcal Scríbhneoirechta’ i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhuaidh Máire duais i gcomórtas filíochta, ‘Samhain’. Is féile liteartha í ‘Samhain’ a eagraítear i dTír Chonaill gach bliain.
Mar is iondúil, tá deiseanna deontas agus neart deiseanna eile fógraithe i ríomhlitir na míosa seo. Ina measc, tá aighneachtaí á lorg do cheithre thionscnamh san ealaíon pobai, roinnt folúntas agus eolas ar imeachtaí agus ócáidí ealaíne atá ar siúl ar fud na Gaeltachta.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Comhdháil

IMMA – Sraith Léachtaí agus Cainteanna.

Reachtálann IMMA léachtaí agus cainteanna ar réímsí éagsúla de na físealaíona ar bun rialta. Bíonn na léachtaí ar siúl in ionad IMMA san Ospideál Ríoga i gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath. Bíonn físealaíontóirí, scannánaí, staraithe agus saoineolaí ealaíne iomráití mar aoichainteorí agus pléitear téamaí a bhaineann leis na físealaíona. Tá gach eolas agus amchlár le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas

Seoladh: IMMA, An Ospideál Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
Teil: 01 6129900
Suíomh idirlín: www.imma.ie
R-phost: sophie.byrne@imma.ie



 


Oiliúint

Cló Cheardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall - Cúrsaí deireadh seachtaine í liteagrafaíocht cloiche (Stone lithography)

Tá Cló, ceardlann amharcealaíne i nGaeltacht Dhún na nGall, ag reachtáil dhá chúrsa deireadh seachtaine í liteagrafaíocht cloiche í mí Feabhra 2010. Ceardlann a haon: Dé Sathairn 6ú agus De Domhnaigh 7ú Feabhra 2010 (10 – 4 ). Áiteanna 8, costas €200 ábhar clúdaithe. Ceardlann a dhó: Dé Sathairn 6ú agus De Domhnaigh. 7ú Feabhra 2010 (10 – 4 ). Áiteanna 8. Costas: €200, ábhar san áireamh.
Beidh Heidi Lau as Macau ó dhúchas agus atá anois bunaithe í Brooklyn Nua Eabhrac ag teagasc na gcúrsaí. Ta Heidi ina ealaíontóir cónaithe ag Cló ó mí Eanáir agus beidh sí ag fanacht go Aibreán 2010.
Fa choinne tuilleadh eolas ar na cúrsaí atá sceidealta fa choinne 2010 ag Cló agus le háit a chur in áirithe bi í dteagmháil le: cloceardlann@eircom.net


Dáta

Ní spriocdháta i gceist.

Eolas

R-phost: cloceardlann@eircom.net
Teil: 353 (0) 7491 - 62800
Suíomh idirlín: www.clo.ie

 

Business to Arts – Deiseann Oiliúna

Is féidir le heagraíochtaí ealaíne atá mar bhaill de Buisness to Arts lascaine shuntasach a fháil ar na cúrsaí oiliúna a eagraíonn an Irish Times agus an comhlacht, Sureskills. Cuireann na an dhá eagras clár leathan de chúrsaí gnó, margaíochta agus gairmiúla ar fáil. Bhainfeadh gniomhairí ealaíne an-thairbe as na cúrsaí seo I measc na gcúrsaí tá, Scileanna ‘Cur i láthair’, Scileanna cumarsáide, Excel agus Access, Poiblíocht agus Brandáil, srl. Cuireann Business to Arts cúrsaí sainspeisialta ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne faoin Bespoke Training Programme chomh maith.

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladhl: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.
Teil: + 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Fón Póca: + 86 830 9424 ¦ Facs : + 353 1 672 5373
R-phost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh idirlín: www.businesstoarts.ie

 


Deiseanna Deontais

Éigse Éireann / An Chomhairle Ealaíon

Scéim na scríbhneoirí sna scoileanna

Tá sé mar aidhm ag Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna an rannpháirtíocht a chumasú tríd eachtra atá draíochtach agus a mhairfidh i gcuimhne a thabhairt isteach sa seomra ranga ag baint úsáide as an bhfuinneamh samhlaíoch, mothúchánach agus intleachtach agus creideamh i dteanga. Soláthraíonn Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna páirtchistiú do chuairteanna ó scríbhneoirí agus scéalaithe ag scoileanna ar fud Poblacht na hÉireann. Tá rogha de os cionn 250 scríbhneoir agus scéalaí ann in Eolaire Gréasáin na Scéime Scríbhneoirí sna Scoileanna (WIS). Is é €304 an tsuim is mó a dámhtar in aghaidh na cuairte. Is féidir le Scoileanna (bunscoileanna agus meánscoileanna) agus ionaid Ógtheagmhála maoiniú a lorg faoin scéim seo. Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann a riarann í. Is scéim leanúnach í an scéim seo.


Spriocdháta

Scéim leanúnach

Eolas


Seoladh:
Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna, Éigse Éireann, 2 Lána an Phrútaigh (cois Faiche Stiabhna), Baile Átha Cliath 2, Éire
R-phost: writersinschools@poetryireland.ie
Teil:+353 1 475 8601
Suíomh idirlín: www.poetryireland.ie/education

 

CREATE / An Chomhairle Ealaíon

Scéim na nEalaíontóirí sa phobal

Tugann Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal tacaíocht d’ealaíontóirí agus grúpaí pobail atá ag obair lena chéile le tionscadal agus/nó ócáid ealaíonta a bhaint amach. Tá dhá chéim sa scéim seo: Tá Céim a hAon oscailte d’ealaíontóirí gur mian leo taighde agus forbairt a dhéanamh ar thionscadal i gcomhthéacs pobail. Is é an t-uasmhéid ama a cheadófar ná trí mhí. Is é an t-uasmhéid a thugtar i gCéim a hAon ná €1,000. An chéim sheachadadh atá i gCéim a Dó. Tá sé ar oscailt do phobail/áiteanna leasmhara agus/nó a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha. Tá dhá leibhéal dámhachtain ar fáil i gCéim a Dó: uasluach na dámhachtana de €5,000 do thionscadal a mhairfidh ó 6 seachtaine go 5 mhí, agus uasluach na dámhachtana de €10,000 do thionscadal de 6 mhí go 9 mí. Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Create a riarann í.


Spriocdháta

26 Feabhra 2009

Eolas


Seoladh:
Create, Project Support and Professional Development, 10/11 Sráid an Iarla Theas, Baile Átha Cliath 8
Teil: +353 1 473 6600
Facs: +353 1 473 6599
R-phost: support@create-ireland.ie
Suíomh idirlín: www.create-ireland.ie

 

Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa

Scéím Taistil

Cuireann Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí, gníomhairí cultúrtha, iriseoirí, taighdeoirí, aistritheoirí agus eagraíochtaí cultúrtha tríd an Scéím Taistil. Tugann an scéim tacaíocht do tionscnamh a chothaíonn comhoibriú agus a chruthaíonn gréasán idir Eorpaigh óga. Tá criteár na scéime agus gach eolail le fáil ar shuíomh idirlín na fondúireachta. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an scéim seo ocht seachtain roimh tús an tionscnaimh.

Spriocdháta

Níl spriocdháta ag baint leis an scéim seo.

Eolas


Suíomh idirlín:
www.eurocult.org

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Is scéim í Deis a bunaíodh faoi Thionscnamh na Comhairle Ealaíon um na hEalaíona Traidisiúnta, 2005-2008. Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte).
Is í cuspóir na scéime Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne, atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta. Is do thionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis tacaíocht, agus ní chuirfear bunchistiú ar fáil faoin scéim seo. Tabharfar tús áite do thionscadail a léiríonn: aird ar chaighdeán, ealaíonta nuálaíocht agus tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta. Is scéim leanúnach í Deis.



Spriocdháta

Scéim leanúnach ach is é an 26 Márta an spriocdháta don scéim Deis i leith taifid sna hEalaíona Traidisúnta

Eolas


Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teil:
+353 1 618 0200
Callsave: 1850 392 492
R-phost: traditionalarts@artscouncil.ieeimear.harte@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

 


Deiseanna Eile

Gradam Colmcille- Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

Is ar phíosa filíochta nua i nGaeilge nó i nGadhlig (nár foilsíodh riamh cheana) a bhronntar Duais Cholmcille/ Béal Átha na mBuillí. Arís i mbliana, le tacaíocht na heagraíochta, Cholmcille, beidh an duais is luachmhaire atá ar fáil do dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig á thairiscint ag Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí. Tá príomhdhuais €4,000 á thairiscint, dara duais €2,000 agus triú duais €1,000. Chomh maith leis sin beidh táille léitheoireachta agus taistil €400 ar fáil don dtriúr eile ar an ngearrliosta.

Spriocdháta

5 Feabhra 2010

Eolas

Ríomhphost: scda@eircom.net
Teil: 071 9633690
Suíomh Idirlín: www.strokestownpoetry.org


 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI)

Eagraíonn an CCOI sraitheanna ranganna agus ceardlanna ar bun rialta, mar aon leis cúrsaí oiliúna, léachtaí agus imeachtaí. Tugann siad comhairle agus cabhair d’ealaíontóirí ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna eile a chuireann siad ar fáil. Bíonn eolas reatha le fáil ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

Eolas

Seoladh: Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland
Teil: +353 (0)56 7761804
Ríomhphost: info@ccoi.ie
Suíomh Idirlín: www.ccoi.ie

 

Fiontar Éireann / Enterprise Ireland - Scéim na nDearbhán don Nuálachas.

Is é aidhm an scéim seo ná nasc agus caidreamh a chothú idir gnóanna beaga agus an earnáil fáisnéise pobail. Bronntar deontas beaga i bhfoirm dearbhán ar chomhlachtaí beaga atá ag iarraidh deiseanna nua gnó a aimsiú nó atá ag iarraidh réiteach a fháil ar fhadhbanna atá a chur bac agus laincís ar fhás an comhlachta. Is féidir na dearbháin (luach €5,000) a úsáid chun saineolas agus comhairle a fháil ó soláthraí fáisnéise agus eolais. Feilfeadh an scéim d’eagraíochtaí ealaíne atá cláraithe mar chomlacht nó gnó.


Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas

Seoladh: Enterprise Ireland, The Plaza, East Point Business Park, Dublin 3
Teil: 01 - 727 2000
Suíomh Idirlín: http://www.innovationvouchers.ie/http://www.enterprise-ireland.com/

 

BT – Gradam Cumarsáide Poiblí.

Is scéim í an Gradam Cumarsáide Poiblí a thugann deis do ghrúpaí nó d’eagraíochtaí pobail (grúpaí ealaíne san áireamh) úsáid a bhaint as an teicneolaíocht cumarsáide agus fáisnéise, (ICT). Is féidir le grúpa ar bith iarratas a dhéanamh chun ríomhaire glúine a fháil saor in aisce mar aon leis nasc idirlín a fháil saor in aisce ar feadh bliana. Tá níos mó ná 1,000 gradam ar fáil. Ní mhór don iarrthóir léiriú a thabhairt ar an tionchar atá ag an ngrúpa ar an bpobal, mar aon leis an éifeacht a bhaineann le hobair an ghrúpa.

Spriocdháta

5 Feabhra, 2010

Eolas

Suíomh idirlín:http://www.btcommunityconnections.com

 

Ionad Ealaíne na Gaillimhe: Deis ar Spás Stiúideó a fháil saor in aisce.

Fáitíonn Ionad Ealaíne na Gaillimhe roimh aighneachtaí ó fhísealaíontóirí a bheadh spéis acu tréimhse a chaitheamh ag obair sa stiúideó físealaíne atá san Ionad. Cuirfear an stiúdieó ar fáil saor in aisce ó mí an Mhárta go mí Lúnasa, 2010. Cuirfear áiseanna oifige, teileafón agus seirbhísí ríomhaireachta ar fáil don ealaíontóir saor in aisce chomh maith. Tá tuilleadh eolais le fáil ó Mhaeve Mulrennan ag an Ionad.


Spriocdháta

12 Feabhra, 2010.

Eolas

Seoladh: Galway Arts Centre, 47 Dominick Street, Galway
Ríomhphost: maeve@galwayartscentre.ie
Suíomh Idirlín: www.galwayartscentre.ie

 

Féíle Phan-Cheilteach 2010 – Comórtas Amhrán Nua-Chumtha.

Tá Comhairle Phan-Cheilteach na hÉireann ag lorg Amhrán Nua-Chumtha i nGaeilge, idir cheol agus fhocail, do chomórtas náisiúnta na hÉireann. Ta duais €750 le gnóthú ag an mbuaiteoir, a bheidh ag dul ar aghaidh ar son na hÉireann i bhFéile Phan-Cheilteach 2010, i mBaile an Daingin. Tá comórtas eile sa fhéile chomh maith agus is feidir gach eolais a fháil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.


Spriocdháta

12 Feabhra, 2010.

Eolas

Teil: 066 9152476
Ríomhphost: panceilteachcd@gmail.com
Seoladh: Oifig na Féile Pan-Cheiltech, Díseart, Sráid an Doirnín, An Daingean, Co. Chiarraí.

 


 

% Ealaíona / Ealaíon Poiblí

Scoil Náisiúnta Leamhcáin – Coimisiún: Ealaíon Pobail.

Is bunscoil stáit é Bunscoil Leamhcháin atá faoi chúram Oideachas le Chéile, (Lucan East Educate Together National School (LEETNS). Fáiltíonn an scoil roimh iarratais ó fhísealaíontóirí cur isteach ar choimisiún chun píosa ealaíne buaine a chruthú sa scoil. Ní mhór go dtabharfar aidhmeanna agus spriocanna na scoile san áireamh san iarratas. Cuirfear buiseád de E23,000 ar fáil don tionscnamh. Comórtas oscailte atá ann agus tá gach eolas faoin bpróiseas iarratais agus criteár an choimisiúin le fáil ag na sonraí thíosluaite

Spriocdháta

1 Márta 2010

Eolas

Seoladh: Per Cent for Art Committee, Lucan East Educate Together National School, Kishogue Cross, Griffeen Ave, Lucan, Co Dublin
Suíomh Idirlín: www.lucaneastet.com




 

Comhairle Contae Dhún na nGall – Coimisún Frances Browne do na bunscoileanna.

Is mian le hoifig na n-ealaíon poiblí de Chomhairle Chontae Dhún na nGall coimisiún a chur ar fáil i gcóir taibhléiriú nó dráma idirghníomach do pháistí bunscoile. Ní mhór go mbeidh an píosa ealaíne bunaithe ar na téamaí a bhí lárnach i saothar Frances Browne, ‘banfhile dall Sraith an Úrlaír”. Bronnfar tréimshe cónaithe de 10 seachtain ar an té a roghnófar, agus beidh sé nó sí ag obair i mbunscoileanna i mBaile Bó Féich agus i Sraith an Úrláir. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí nó ó ghrúpaí a bhíonn ag plé leis an litríocht, an t-anamúlacht, na healaíona pobail, drámaíocht, srl. Breis eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

11 Feabhra, 2010

Eolas


Suíomh Idirlín: www.donegalpublicart.ie

Ríomhphost: declan.sheehan@donegalcoco.ie

 

Coimisiún Ealaín Poiblí – Comhpháirtiocht Oirthear Bhéal Feirste

Fáilteofar roimh iarratais ó fhísealaíontóirí cur isteach ar choimisiún le píosa ealaíona poiblí a chruthú a bheidh suite go buan in oirthear Bhéal Féirste. Is ar oidhreacht tionsclaíochta Bheál Féirste a bheidh an píosa ealaíne bunaithe agus ní mhor go mbeadh sé mar lárpointe feiceáilach ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda. Gach eolas faoin bpróiseas iarratais agus critéar na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíos:

Spriocdháta

2 Feabhra 2010

Eolas


Suíomh Idirlín: www.eastbelfastpartnership.org

Ríomhphost: cailin@eastbelfast.com

 

Comhairle Chathrach Bhéal Féirste – Coimisiún Ealaíon Poiblí.

Fáiltíonn Comhairle Chathrach Bhéal Féirste roimh iarratais ó fhísealaíontóirí chun píosa ealaíona poiblí a chruthú. Beidh an píosa ealaíne suite go buan ar láthair i Halla Cathrach Bhéal Féirte. Ní mhór go léiríonn an píosa ealaíne a roghnaíthear gur ar an bpobal uilg a fhreastalaíonn an halla cathrach. Ní mhór go gcuirfear na téamaí seo a leanas san áireamh: an Fhinnscéalaíocht nó miotaiseolaíocht na hÉireann / an tOrnáideachas agus an siombalachas Ceilteach / An Ghaeilge / an Ealaín Ghaelach Thraidisiúnta / Ceol, damhsa agus litríocht Ghaelach / Scéalaíocht / foinsí ailtireachta dúchasaí. Gach eolas faoin bpróiseas iarratais agus critéar na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíos: Is é GBP20,000 an buiseád.

Spriocdháta

5 Feabhra 2010

Eolas


Suíomh Idirlín: www.belfastcity.gov.uk/culture/cityhallartwork.asp


 


 

Folúntas

Ionad Ealaíne an Linenhall, Caislean an Bharraigh

Áistitheoir Ealaíne

Tá folúntas ag Ionad Ealaíne an Linenhall d’áisitheoir ealaíne. Beidh an té a roghnófar ag obair ar scéim físealaíne sna bunscoileanna. Cuireann FÁS tacaíocht ar fáil don phost seo faoin scéim fostaíochta comhphobail. Ní mhór go mbeadh scileanna maithe cumarsáide agus saineolas ar na físealaíona ag an iarrthóir. Breis eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

12 Feabhra

Eolas

Suíomh idirlín: www.thelinenhall.com
Ríomhphost: linenhall@anu.ie
Seoladh: Visual Art Programme for Schools, Linenhall Arts Centre, Linenhall Street, Castlebar, Co. Mayo


 

VISUAL Centre for Contemporary Art & the George Bernard Shaw Theatre

Folúntas d’Intéirneach

Tá folúntas ag an VISUAL Centre for Contemporary Art & The George Bernard Shaw Theatre i gcontae Cheatharlaigh d’intéireach. Beidh an té a roghnófar ag obair mar chúramóir san dánlann ar feadh tréímhse sé mhí nó ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag. Is féidir breis eolais a fháil ó Carissa Farrell, stiúirthóir ar VISUAL. Tá na sonraí teagmhála le fáil thíos.

Spriocdháta

Níl spriocdháta luaite leis an bpost.

Eolas

Ríómhphost: intern@visualcarlow.ie
Teileafón: 059 9172438
Suíomh Idirlín: www.visualcarlow.ie


 

Compántas Drámaíochta Corcadorca

Oibrí Oifige

Deis do dhuine atá scileanna maithe cúntasaíochta agus ríomhaireachta acu, mar aon leis scileanna cumasacha oifige. Beidh an té a roghnófar ag obair in oifig Corcadorca le curamaí éagsúla orthu. Breis eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

1 Feabhra, 2010

Eolas

Suíomh idirlín: www.corcadorca.com
Ríómhphost: fin@corcadorca.com

 

Cork Midsummer Festival

Dhá phost. 1. Bainisteoir Margaíochta agus Forbartha. 2. Léiritheoir Feidhmeannach.

Is ceann de na féiltí is iomráití sa tír é an Cork Midsummer Festival agus cuirtear imeachtaí ealaíne agus cultúrtha ilghnéithigh agus ar ardchaighdeán ar siúl gach bliain. Tá an Cork Midsummer Festival ag tairiscint dhá phost sinsearach. Breis eolais le fáil faoi churamaí agus faoi dhualgaisí na bpostanna le fáíl ag na sonraí teagmhála thíosluaite. Teagmhálaí: Jane Twomey.

Spriocdháta

Eolas

Ríomhphost: jane@corkmidsummer.com
Seoladh: Cork Midsummer Festival, Civic Trust House, 50 Popes Quay Cork.
Teil: 021 4215134.
Suíomh Idirlín: www.corkmidsummer.com

 

 

Cork Midsummer Festival

Dhá phost. 1. Bainisteoir Margaíochta agus Forbartha. 2. Léiritheoir Feidhmeannach.

Is ceann de na féiltí is iomráití sa tír é an Cork Midsummer Festival agus cuirtear imeachtaí ealaíne agus cultúrtha ilghnéithigh agus ar ardchaighdeán ar siúl gach bliain. Tá an Cork Midsummer Festival ag tairiscint dhá phost sinsearach. Breis eolais le fáil faoi churamaí agus faoi dhualgaisí na bpostanna le fáíl ag na sonraí teagmhála thíosluaite. Teagmhálaí: Jane Twomey.

Spriocdháta

Eolas

Ríomhphost: jane@corkmidsummer.com
Seoladh: Cork Midsummer Festival, Civic Trust House, 50 Popes Quay Cork.
Teil: 021 4215134.
Suíomh Idirlín: www.corkmidsummer.com


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm an tIonad Cultúrtha ná na h-ealaion d'árd chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobal. Chuige san, tá clár dubhshlánach leagtha amach ag Ionad Cultúrtha - idir ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha, taispeántaisí rince comh-aimseartha agus taispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reachtáiltear na h-imeachtaí go léir san Ionad Cultúrtha..
Tá clár illghnéitheach d’’imeachtaí ar siúl san Ionad Cultúrtha mar chuid de Clár an Earraigh’.
Imeachtaí
11 Feabhra: The Grocer’s Son. Scannán le Cumann Scannáin Dhoire ‘n Chuilin. Scannán Francach.
12 Feabhra: Ceolchoirm Traidisiúnta le Maireád Ní Mhaonaigh & Manus Lunny.
11 Márta: Mesrine – Killer. Scannán le Cumann Scannáin Dhoire ‘n Chuilin. Scannán Francach.
12 Márta: Ceolchoirm Traidisiúnta le Gavin Whelan (Feadóga, Piopaí) / Deirdre Smith (Fidil)/ Dominich Keogh (Bodhrán) / James Ryan (giotár & Mandóla)
19 Márta: Aisling Gheal - Ceolchoirm Amhránaíochta.
10 Aibreán: Ollcheolchoirm Chruinniú na bhFliúite: Catherine McEvoy, Tara Diamond, Conal Ó Gráda, Hammy Hamilton, John Blake, Colm Murphy.
30 Aibreán: Ceolchoirm Traidisiúnta: Peadar Ó Riada, Martin Hayes & Caoimhín Ó Raghallaigh. Seoladh dlúthdiosca ag an ceolchoirm.
21 Bealtaine: Ceolchoirm Traidisiúnta leis an Music Network: Fionn Mac Giolla Chuda, David Power and Ciaran Sommers.


Ranganna agus ceardlanna
Tá na ranganna agus ceardlanna seo a leanas ar siúl i rith an Earraigh:-
Ranganna Ceoil Traidisiúnta le Henry Cronin; Ranganna flúite le Conal Ó Gráda; Rangannna conseartín agus bosca le Mary Tisdal;. Ceardlanna dearc ealaíne do seanóirí le Bernadette Ní Choitir & Pauline Dodds Hyland; Cleachtaithe cór le Peadar Ó Riada.
Taispéantais Ealaíne: 14 Eanair – 8 Márta Portráidí Dubh & Bán le Con Kelleher. 11 Márta – 3 Bealtaine: Taispeantas Gloine le Maura Whelan.6 Bealtaine Ealaíon don Aosach. Rannpháírtithe Tacaois.
Tá gach eolas faoi na imeachtaí ealaíona agus cultúrtha a bhíonn ar siúl san ionad, mar aon leis na ranganna agus ceardlanna a chuireann a chuirtear ar fáil, le fáil ón ionad.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teil: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


An Clachán. Ionad Ceardaíóchta, Gaoth Dobhair.
Is ionad físealaíne agus ceardaíochta é an Clachán. Cuirtear imeachtaí agus taispeántais ar siúl ar bhun rialta. Is féidir gach eolas a fháil ón ionad.

Tuilleadh Eolais
Suíomh Idirlín:www.anclachan.ie
Ríomhphost:eolas@anclachan.ie
Teil: 00 353 (0) 74 9560091
Seoladh: An Clachán – Dánlann ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair,
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teil: 087 2785593 nó 097 81079
Suíomh Idirlín:www.craiceailte.com


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie www.ceiliuradh.com
Teil: (066) 9151082 / (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE


An Gailearaí, An Fál Carrach /Ceardlann na gCroisbhealach.
Reachtálann an Gailearaí imeachtaí ealaíne agus taispeántas físealaíne ar bun rialta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Teil: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín:www.angailearai.com


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones, Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair 7.30i.n

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín:http://www.arasinisgluaire.ie/


Cló Ceardlann na gCnoc, Gaeltacht Thír Chonaill
Bíonn ceardlanna agus ranganna á eagrú ag an eagraíocht físealaíona seo atá lonnaithe i mbarrionad ealaíona i Mín an Leá, Gort a Choirce. Cuirtear taispeántas agus imeachtaí eile ar siúl chomh maith. Tá gach eolas le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Tuilleadh Eolas
Teil: 074 9162800
Ríomhphost:cloceardlann@eircom.net
Seoladh: Mín a’ Leá, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.
Suíomh Idirlín: www.clo.ie


Gailearaí, An Fál Carrach /Ceardlann na gCroisbhealach - ""Dinnseanchas II – Snáithín Áine"
De Sathairn 31 Deireadh Fómhair - De Sathairn 12. Nollag 2009: “Dinnseanchas II”
Chuir an bhanfhile iomráití, Nuala Ní Dhomhnaill agus an físealaíontóir Corcaíoch, Bernadette Cotter an dara chuid den tionscnamh ‘Dinnseanchas’ ar thaispeántas sa Ghailearaí. I nGleann Cholm Cille a chuireadh tús leis an chéad tionscnamh Dinnseanchas, áit ar thug Nuala agus Bernadette cúl taca do bhunadh na háite le Béaloideas áitiúil a bhailiú, agus le taispeántas a chur ar siúl, bunaithe ar an ábhar a bhailíodh. Nochtaigh an taispeántas sin an léargas agus an tuiscint a bhí ag an phobal áitiúil ar Dhinnsheanchas an cheantair. Sa taispeántas seo, léirítear, go cruthaíoch, an tusicint atá ag Nuala agus Bernadette ar an Dinnsheanchas agus nochtaítear an léargas atá ag an mbeirt acu ar phróiseas cruthaíoch an tionscnaimh.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com/
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones, Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair 7.30i.n


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/


Cló Ceardlann na gCnoc, Gaeltacht Thír Chonaill
Bíonn ceardlanna agus ranganna á eagrú ag an eagraíocht físealaíona seo atá lonnaithe i mbarrionad ealaíona i Mín an Leá, Gort a Choirce. Cuirtear taispeántas agus imeachtaí eile ar siúl chomh maith. Tá gach eolas le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.clo.ie
Teileafón: 07491 – 62800
Ríomhphost :cloceardlann@eircom.net
Seoladh: Mín a’ Leá, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.


Pléaráca Chonamara Teo.
Tá sraith de cheardlanna Ceardlanna Ealaíona & Ceardaíochta á eagrú ag Pléaráca.
do Dhaoine Fástale tacaíocht ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Péintéireachta Uiscedhath & Ola(Gach oíche Dé Luain ar feadh 8 seachtainí) le Gwen Uí Ghaora. Ionad Fiontair, Rosmuc. (Gach oíche Dé Luain ar feadh 8 seachtainí) 25 Eanair 2010 07.00 - 09.00 i.n. Ionad Fiontair, Rosmuc €55.00 don téarma ar fad
Caoladóireacht Ceardlann Deireadh Seachtaine le Joe Hogan27 & 28 Márta 2010. 10.00 - 05.00 i.n. Ionad Fiontair, Ros Muc €55.00
Péintéireacht ar GhloineCeardlann deireadh seachtaine le Meta Uí Mháille. 6 & 7 Feabhra 02.00 - 04.00 i.n. Ionad Fiontair, Rosmuc. €25.00
Ta teora leis an méid gur féidir freastal ar chuid de na ceardlanna seo, ní mór glaoch ar an oifig agus áit a chuir in áirithe roimhré. Cuirfear ábhar ar fáil.

Tuilleadh Eolais
Teil: 091-574346/574021
Faics: 091-574346
Ríomhphost :plearaca@eircom.net


An Béal Binn – Cearlanna Amhránaíocht ar an Sean-nós.
Tugann an Béal Binn cuireadh duit freastal ar chiethre cinn de cheardlanna Sean-nóis in aghaidh na míosa go hAibreán, 2010. Beidh na ceardlann á reáchtáil ar an dara Déardaoin gach mí, ag 8.00 i.n in Óstán Ramada, Bré, Co. Chill Mhantáin. Beidh aoí-theagascóírí gach mí, ina measc, Lillis Ó Laoire, Saileóg Ní Cheannabháin agus Éilis Ní Shúilleabháin.

Tuilleadh Eolais
Teil: 085 77823411
Suíomh Idirlín: www.anbealbinn.com


An Ciorcal Scríbhneoireachta, Gaoth Dobhair
Beidh ceardlann sa ghearrscéal ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair ar an Satharn 27 Feabhra óna 2.00 – 5.00 i.n. Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde an t-áistitheoir. Tá fáilte roimh chách.


An Lab – An Daingean, Co. Chiarraí.
Mí Feabhra in Lab na Mainistreach: Dhá ghearr-dhráma léirithe ag AnnÓg Ar Aghaidh: 13/14 Feabhra (Sath./Domh.)ag 8pm: Chun na Farraige Síos le JM Synge & Port na Mammies le Ceaití ní Bheldúin. céidí i Siopa Cheoil an Daingin nó ag an doras: €10. aghaidh leath an teacht isteach i dtreo Haiti). 1 Feabhra (Domh.) ag 8pm:Ceolchoirm de chuid Music Network: PORTICO QUARTET
Bhí a gcéad album Knee Deep in The North Sea ainmnithe le haghaidh Mercury Music Prize. Chuir Mojo síos ar Isla - an t-album is déanaí uathu: 'Steve Reich mathematics, Radiohead dread, African desert grooves and ECM northern melancholy...a chiming cavernous sound-world that is both exotic and hypnotic.'


Tuilleadh eolais.

Teileafón: Áine Moynihan - Stiúrthóir Ealaíne AnnÓg : 087 8546572
Ríomhphost :ainemoy@eircom.net


Féiltí

Scoil Cheoil an Earraigh, Iarthar Dhuibhneach
Scoil Cheoil Thraidisiúnta thar thréimhse cúig lá a dhíríonn aird faoi leith ar cheol, ar stíl agus ar amhráin thraidisiúnta Chorca Dhuibhne. Ar siúl in ionaid éagsúla i gCorca Dhuibhne. Ranganna ceoil uirlise, amhránaíochta & rince, ceolchoirmeacha. Tá clár na bhféile le fáil ag www.scoilcheoil.com
Dé Céadaoin 17 - Dé Domhnaigh 21 Feabhra


Breis eolais
Suíomh Idirlín: www.scoilcheoil.com
Ríomhphost: eolas@scoilcheoil.com


Éigse na Brídeoige, Gaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas.
Dé hAoine 5 Feabhra - Dé Domhnaigh 7 Feabhra
Féile cultúrtha is ea Éigse na Brídeoige a eagraítear gach bliain. Bíónn téama éagsúíl ann gach bliain a dheineann ceiliúradh agus iniúchadh ar ghné éigin de oidhreacht shaibhir chultúrtha agus soisialta an cheantair. Eagraítear an Éigse ag an dtráth seo bliana mar cheiliúradh ar thraidisiún na Brídeoige, gur ceiliúradh í freisin ar theacht an earraigh, athnuachan agus athfhás. I mbliana, beimid ag díriú ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire, an caoineadh clúiteach a chum Eibhlín Dubh Ní Chonaill ar bhás a fhir chéile Art.


Breis eolais
Pádraig de Buis An Coireán / Co Chiarraí
Fón: 066 9474123
Facs: 066 9478955
Ríomhphost: pdebuis@eircom.net


Féile an Earraigh, Béal Féirste.
4 -7 Feabhra.
Féile le blas láidir Gaelach. Cuirtear béim ar an teanga agus an ceol traidisiúnta.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i mbliaina, tá Duke Special, Lau, Beoga, Penguin Cafe, The JJKs, David Munnelly Band, Transatlantic Sessions (Cara Dillon, Eddi Reader, Karen Matheson) mar aon leis na céadta imeachtaí ealaíne pobail. Breis eolais agus clár na féile le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.


Breis eolais
Ríomhphost: info@feilebelfast.com
Suíomh Idirlín: http://www.feilebelfast.com
Fón: 048 90313440
Fón: 077 36251570


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://artsaudiences.ie/ - Gréasán margaíochta/forbairt lucht féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)

http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach ar Ealaín Phoiblí “

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.ccoi.ie Comhairle Ceardaíochta na hÉireann: Suíomh achmhainneach maidir leis deontais, cúrsaí oiliúna agus eolas ginearáilta faoi chúrsaí ceardaíochta.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.