EalaÍn na Gaeltachta
Nuacht
Deiseanna / Deontais
Imeachtaí Ealaíon
Cuir leis an liosta
Bain den liosta
Seol chuig cara
Teagmháil
Séanadh
 
           The Arts Council Logo
 
Údarás na Gaeltachta Logo
  Iúil 2006
Imleabhar 1 Eagrán 4
 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig an gceathrú eagrán de Ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta. Bíonn fáilte againn roimh eolas agus ceisteanna i gcónaí. Tá nasc ar chlé má tá scéilín agat nó má tá fonn ort ceist a ardú linn.

Cuirimid fáilte roimh Mhuireann Ní Dhroighneáin agus roimh Mháire Hearty atá i mbun a gcuid dualgas mar Áisitheoirí Ealaíne le hEalaín na Gaeltachta Teo.

 

Tá Máistreacht i mBainistiú na nEalaíon agus Polasaithe Cultúrtha bainteach amach ag Muireann ó Choláiste na hOllscoile BAC agus bhí sí fostaithe mar Oifigeach Ealaíon le Pléaráca Teo le blianta beaga anuas. D’oibrigh sí mar bhainisteoir léirithe ar feadh roinnt blianta le comhlacht léiriúchán teilifíse, Macalla Teo, i mBaile Áth Cliath agus tá Dioplóma i Léiriúchán Scannánaíochta aici ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe Maigh Eo.

Is as Ciarraí i Máire Hearty ó dhúchas agus tá sí ag plé leis na healaíona go hidirnáisiúnta le 25 bliana. Tá cáilíocht iarchéime bainte aici ó Choláiste Naisiúnta na hÉireann agus ón Eoraip i mBainistíocht na nEalaíon. Chaith sí tréimhse ag obair mar chomhairleoir leis an gComhairle Ealaíon, le ‘Creative Hawke’s Bay’ mar stiúrthóir cruthaitheach, le “Samhlaíocht” mar Stiúrthóir Ealaíne, le ‘Beacha’ mar photadóir agus le Josie agus Maidhc mar mháthair agus mar bhean a’ tí.

Beidh Muireann lonnaithe san Ardoifig agus í ag feidhmiú i nGaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí. Beidh Máire lonnaithe in Oifig Réigiúnach an Deiscirt agus ag feidhmiú i nGaeltacht Chiarraí, Chorcaigh agus Phort Láirge.

Dé Luain 19 Meitheamh, d'fhógair an tUasal Michael Ahern TD, Aire Stáit ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (atá freagrach as Trádáil agus Tráchtáil), gur síníodh rialúcháin a dhaingníonn Treoir 2001/84/AE de chuid an Aontais Eorpaigh i ndlí na hÉireann. Baineann an Treoir le cearta athdhíolacháin iad siúd a chuireann bunsaothair ealaíne ar fáil. Chun breathnú ar an bhfógra a rinne an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar 19 Meitheamh, féach rannóg preasa a suímh ghréasáin: www.entemp.ie.

Tá muid ag cur snas ar Eolaire Ealaíon an suíomh www.ealain.ie faoi láthair. Má tá aon athrú tagtha ar do shonraí le tamall anuas, seol chugainn iad. Mura bhfuil do shonraí againn agus más mian leat iad a chuir suas ar an suíomh, téigh i dteagmháil linn.

Tá go leor imeachtaí spéisiúla ar bun ar fud na tíre i rith an tsamhraidh agus tá blaiseadh d’imeachtaí mhí Iúil le feiceáil thíos.

 Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie má tá aon bhlúirín eolais agat go mba mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.

 

 

Deiseanna / Deontais

.

              

  • Deontais agus Dámhachtainí    An Chomhairle Ealaíon http://www.artscouncil.ie/irish/index.html

    Tá am fós agaibh chun iarratas a sheoladh isteach maidir le Scéim clár faisnéise Splanc! 2006. Don bhliain 2006, tá Splanc! ag déanamh coimisiúnú ar an tsraith seo, a chraolfar ar TG4 i 2007, ina mbeifear ag díriú ar réimse ealaíne amháin – An Litríocht Bheo. Tá cuireadh á thabhairt do dhéantóirí scannán agus do chomhlachtaí léiriúcháin iarratais a dhéanamh faoin tionscnamh maoinithe Splanc! - scéim do chláir faisnéise teilifíse i nGaeilge. Tá cómhaoiniú á dhéanamh ar an scéim ag TG4, an Chomhairle Ealaíon agus Bord na Leabhar Gaeilge. Déanfar maoiniú ar shraith de shé chlár leathuaire i 2006 agus caithfear €180,000 san iomlán ar an tionscadal i mbliana. Táthar ag lorg iarratas, dá réir, ar an tsraith sé chuid seo a bhfuil sé mar chuspóir aici léiriú físiúil a thabhairt ar fhoirmeacha uile na scríbhneoireachta comhaimseartha i nGaeilge: mar shampla, d’fhéadfadh déantóirí scannán agus comhlachtaí léiriúcháin atá ag déanamh iarratas ar an tsraith saothar úrscéalaithe, gearrscéalaithe, filí, lucht agallamh beirte agus lúibíní, drámadóirí agus scríbhneoirí don scáileán a chur san áireamh d'ábhar na gclár. Is é an dáta deiridh d'iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ar scéim na bliana seo Dé Luain 31 Iúil 2006. Tuilleadh eolais ó splanc@filmbase.ie

Foirmeacha coimisiúnaithe Splanc! atá ar fáil ach iad a íoslódáil ó http://www.tg4.ie

  • Dámhachtain Taistil agus Soghluaisteachta (Leanúnach; ach ní mór iarratas a dhéanamh ar a laghad ceithre seachtaine roimh imeacht: travelandmobility@artscouncil.ie

  • DEIS Ag cloí leis an gComhairle Ealaíon, táthar fós ag glacadh le hiarratais sna hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ieSpriocdháta: Leanúnach

 

  • Comhairle Chontae na Gaillimhe: Deiseanna nua don Ealaíontóir Aonair: Réimsí - scannáin, litríocht ceol agus na dearcealaíona, tuilleadh eolais ó Oifigeach Ealaíon na Comhairle Contae 091/746880 artsoffice@galwaycoco.ie
  • Cúrsa nua san Aisteoireacht trí Ghaeilge Beidh cúrsa spreagúil á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i réimse na haisteoireachta ar an gCeathrú Rua an bhliain seo chugainn. Is cúrsa an-phraiticiúil a bheidh ann a thabharfaidh oiliúint san aisteoireacht agus sa phuipéadóireacht agus beidh deis ag baill an chúrsa a gcuid scileanna a chur i bhfeidhm nuair a chruthóidh siad dráma le chéile. Glacfar suas le fiche duine ar an gcúrsa. Ní gá taithí aisteoireachta a bheith ag iarratasóirí. Ní mór iarratas a dhéanamh go luath le háit a chinntiú. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa cuir glaoch ar Nora Nic Con Ultaigh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag 091 495381 nó seol ríomhphost chuig nora.nicconultaigh@oegaillimh.ie.

 

 

Imeachtaí Ealaíon

Dánlann Joan Clancy Maoil a’ Chóirne, An Rinn, Co Phort Láirge

Cois Farraige 06 - Taispeántas an tSamhraidh, le Arthur Maderson, Michael Mulcahy, Blawnin Clancy, Rayleen Clancy agus daoine eile nach iad.

Joan Clancy (058) 46205 (086) 813 4597 jclancy1@eircom.net

Scoil SamhraidhJohn Hewitt Ionad Ealaíon Amharclann an Market Place Ard Mhacha - Téama na bliana seo ‘Finding the Nation: New Entities & New Identities’

Imeachtaí in Áras Éanna

17 Meitheamh – 2 Iúil Taispeántas Grianghrafanna le CélineSeoighe

07 – 12 Iúil Scoil Shamhraidh: Athbheochan Cheilteach na hÉireann

17 -30 Iúil Féile Ealaíon na Gaillimhe – Taispeántas Hughie O’Donoghue

Scoil Samhraidh Stiúrthóireacht Cór - Cumann Náisiúnta na Cór: tuilleadh eolais le fail ó www.cnc.ieinfo@cnc.ie

Tá daonscoil air suil i mBrúna Gráige – eolas o Máire Uí Shíthigh ag 066-9156100.

Tuar Mhic Éadaigh

Beidh ranganna líníochta agus péintéireachta ar siúl sa samhradh 2006 le Andrew Newland mar chuid den fhéile 'Ceol na Locha' i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.

Dé Luain - Dé hAoine 10.00 am - 1.30 p.m. 14 - 18 Lúnasa 2006.
Táille € 50 faoi 16, € 70 os cionn 16.
Ag Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.
Reáchtálfar na ranganna trí Ghaeilge. Freastalóidh an cúrsa ar pháistí agus ar dhaoine fásta.
Cuimseoidh an cúrsa leagan amach an phictiúir, meascadh dathanna agus péinteáil le dathanna aicrileacha.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an láithreán www.andrewnewland.com/gaeilge/teagasc/ranganna/ceolnalocha/ceolnalocha.html

Is féidir tuilleadh eolais a aimsigh maidir leis an bhféile'Ceol na Locha' ag www.tourmakeady.com/ceolnalocha.htm

Labyrinth Players Cocktails

Club Kharma , Gaillimh, Luain 24- Máirt 25 Iúil 7 p.m. € 7/5

Giotaí de dhrámaí éagsúla measctha le chéile sa léiriúchán úr seo Tuilleadh Eolais Fón: Halla na Cathrach 091/ 569777. Mar chuid de Thogra 06.

Foras Cultúir Uladh, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall 074 97 30248

22 Meitheamh go 21 Iúil, Taispeántas Ealaíne le Caoimhghín Ó Croidheáin, 'Ceannairí na hÉireann ó Chath Cionn tSáile

22 Iúil go 28 Lúnasa, Taispeántas Ealaíne ó ealaíontóirí Ghleann Cholm Cille. Pictiúir éagsúla.

Gach Céadaoin i rith an tSamhraidh, ag tosú 5ú Iúil. Ceolchoirm ceol traidisiúnta le ceoltóirí iardheiscirt Dhún na nGall, ina measc: James Byrne, Rónán Ó Geallabhán, Mick Browne, Seán Mac Guidhir, Collette Nic Dháibhéid agus cairde eile. Tuilleadh eolais ó 085 7390 341

Drámaíocht don Óige : Tá Beocht ar ais arís i mbliana le Campaí Drámaíochta ar fud na Gaillimhe. Dírithe ar dhaoine óga idir 7 agus 12 bhliain d’aois, a bhfuil suim acu sa drámaíocht agus san ealaín, beidh na campaí ar siúl i rith mhí Iúil ar fad. Beidh béim ar ardchaighdeán amharclannaíochta agus neart spraoi do na gasúir uilig.

Le freastal ar na campaí i Sailearna nó sa chathair, cuir glaoch ar Shinéad ag 582744.

Le freastal ar na campaí sna hOileáin, féadfar gach eolas a fháil ach glaoch ar Mhuintearas ag 091 551145.

Le freastal ar na campaí i Ros Muc, glaoigh ar Phléaráca ag 091 574346

Na Síóga agus an Gréasaí le Marc Mac Lochlainn - Léiriú de chuid Branar Stiúrtha ag: Miquel Barceló

Tá aithne ag páistí ar fud an domhain ar scéal Na Síóga agus an Gréasaí. Insítear an leagan nua seo den scéal trí shúile na síóg, áfach. Beirt shíóg atá bocht ach atá sásta, agus a thagann i gcabhair ar sheanghréasaí atá i bponc. Cuireann an ceol beo agus na puipéid dhraíochtúla spleodar leis an léiriú samhlaíoch seo a ghabhfaidh i gcionn go mór ar an lucht féachana óg. Feiliúnach do pháistí idir 4 – 10 mbliana d’aois. Mar chuid de Thogra 06.

Ionad: An Stiúideo, An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh Dátaí: Aoine 21 – Domhnach 30 Iúil, 2006 Amanna: 11.00, 13.00 gach lá Ticéid: €5.00 Uimhir Ticéid: 091 569777 Eolas Breise: branar@eircom.net 091 582082/086 8546616

Taispeántais

Beidh taispeántas le "4 Ealaíontóirí Chonamara" ar siúl in Áras Chonradh na Gaeilge

17-30 Iúil mar chuid do Thogra 06. Ón dúlra agus an timpeallacht a thógann muid inspioráid. Dán Choil Ó Flatharta: Péintéir, Aoife Casby: Péintéir, Ceara Conway: Dealradóir, Éilis Ní Dhúil: Físeán

Taispeántas “Samhraidh 2” le Bob Ó Cathail ag tosú ag 7.30 Dé Satharn, an 5ú Lúnasa in Eaglais Naomh Shéamais, An Phríomhshráid, An Daingean, Co. Chiarraí agus ag leanúint ar aghaidh ar feadh coicíse go dtí an 19ú. Breis eolais: cuir glaoch ar Fón/Faics:- 066 9159716

Gailearaí Stronach, Fermoyle Lodge, Casla Conamara. www.stronachgallery.com

Tír Chonnaill. Beidh Taispéantais Ealaíne le pictiúiri ó bhaill de'n phobal a dhfreastal ar ranganna i rith na bliana  le tacaíocht ó Chlár Oideachais Pobail  an Choiste Ghairm Oideachais ar siúil i gcúig cinn de Oifigí Sheirbhísí Poiblí na gComhairle Condae i rith Mí Iúil. Is iad na h-ionaid atá i gceist na an Clochan Liath, Leitir Ceanainn, Baile Dhún na nGall, Carn Domhnaigh agus Baile na nGallógach.

Féilte

Féile Earagail 10-13 Iúil www.eaf.ie

Féile Iorrais Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo 21 – 30 Iúil http://www.feileiorras.org

Féile Litríochta Iorrais: Béal An Mhuirthead 30 Meitheamh – 02 Iúil

Scoil Acla 24 Iúil – 30 Iúil Tuilleadh eolais ach glaoch ar 098 43414, info@scoilacla.com nó féach ar www.scoilacla.com

Togra 06/Project 06 http://project06.com

Féile Scannánaíochta na Gaillimhe http://www.galwayfilmfleadh.com

Féile Ealaíon na Gaillimhe www.galwayartsfestival.ie

Mar eolas - Féile Scannánaíochta Marbella http://www.marbellafilmfestival.com

Comórtas

 

Comórtas Grianghrafadóireachta AIB 2006 calenderviews@aib.ie Spriocdháta 14 Iúil; Duais € 5,000.

Naisc / Achmhainní

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm

lAn Chomhairle Ealaíon

http://www.vaireland.org

Suíomh acmhainneach maidir le chuile ghné de na healaíona

http://www.visualartists.ie/

Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie

Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/

Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com

Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.

Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa