EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

Iúil 09
'09 Imleabhar 3 Eagrán

 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

Beidh Ealaín na Gaeltachta ag cur tús le mhórthógra taighde an mhí seo. Tá súil ag an eagraíocht iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh ar ghníomhaíocht agus ar acmhainní ealaíona na Gaeltachta. Tá sé mar aidhm ag an iniúchadh seo eolas agus bunlíne a bhailiú i dtaobh infrastructúr, gníomhaíochtaí’ seirbhísí agus staid reatha ginearálta na n-ealaíon sa Ghaeltachta faoi láthair. Beidh an t-eolas seo a úsáid i gcomhair pleanála do fhorbairt na nEalaín sa Ghaeltacht sna blianta amach romhainn. Déanfar iniúchadh ar an leibhéal gníomhaíochta atá sna healaíona san am i láthair agus le líon agus sonraí na n-ealaíontóirí agus na n-eagras ealaíne atá ina gcónaí agus ag saothrú a mbeatha sa Ghaeltacht a fháil amach. Déanfar staideár freisin ar an tionchar atá ag na healaíona ar eacnamaíocht agus ar shochaí na Gaeltachta, mar aon leis an tionchar atá aici ar an teanga agus ar an gcultúr. Beidh ceistneoir a sheoladh amach chuig ealaíontóirí, gníomhairí ealaíne agus eagras ealaíne sna seachtainí atá amach romhainn, agus tugtar cuireadh do gach éinne atá baint acu le cúrsaí ealaíne a bheith páirteach. Cuirfear tús le sraith chomhairliúcháin le geallsealbhóirí ábhartha acmhainneachta agus próiseas comhairliúcháin poiblí sa fhómhar. Is í Majella Ní Chríocháin a bheidh ag stiúradh an togra taighde. Is sainchomhairleoir ealaíne í atá na blianta fada taithi aici ag obair san earnáil. Mholtar do gach ealaíontóir agus do gach ghníomhaí ealaíne sa Ghaeltacht páirt a ghlacadh sa togra tábhachtach seo.

D’eagraigh Ealaín na Gaeltachta Semineár Béaloidis i nGaillimh an mhí seo caite. Dírigh an semineár seo isteach ar an scéalaíocht agus bhí saineolaithe agus scéalaithe as gach ceantar Gaeltachta i láthair chun an ábhair a phlé. Ba é an príomhsprioc a bhí ag na rainnpháirithe ná teacht ar na bealaí is éifeachtaí chun borradh a chur faoi chúrsaí scéalaíochta. D’eascraigh go leor moltaí fiúntacha as an seimineár agus bheadh súil ag Ealaín na Gaeltachta go gcuirfear na moltaí seo i bhfeidhm sna míonna atá amach romhainn. D’eagraigh Ealaín na Gaeltacha Ceardlann Aon Lae sa Teagasc Ceoil i nGaeltacht Thír Chonaill an mhí seo caite chomh maith. Ba é príomhaidhm an chúrsa ná bunscileanna agus modhanna theagasc ceoil (& amhránaíochta) a mhúineadh do cheoltóirí & amhránaithe Gaeltachta ionas go mbeidh sé ar a gcumas an ceol a theagasc do dhaltaí ceoil trí mheán na Gaeige. D’fhreastail líon mór daoine ar an gceardlann agus bhain na rainnpháirtithe an leas as. Cuireadh an cheardlann ar siúl i gcomhar le Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Oideachas Thír Chonaill.
Tá dhá dhráma do pháistí, ar chamchuairt ar fud na tire faoi láthair. Is iad na compántais Fibín agus Branar atá ag léiriú na drámaí seo. Beidh Branar ag leiriú An Seanfhear Beag le Marc Mac Lochlainn. Tá an dráma bunaithe ar scéal cáiliúil leis an údar Súlanach Barbro Lindgren agus cóirithe don stáitse ag Marc Mac Lochlainn. Baintear leas as puipéidí álainn déanta ag Suse Reibesch agus ceol nua chumtha le Morgan Cooke. Is iad Marc Mac Lochlainn, Máire Greaney Daly agus Ionia Ní Chróinín atá páirteach sa dráma. Tá Fibín ag léiriú An Rón Dall, dráma atá bunaithe ar scéal béaloidis. Déantar cumasc idir an ceol, na físealaíona agus an scéalaíocht sa dráma seo. Is iad an aisteoir Darach Ó Tuairisg, an físealaíontóir Dara McGee agus an ceoltóir Vinny Kilduff (a bhí sna Waterboys) atá páirteach sa dráma álainn seo. Breis eolas ag: www.fibin.com agus www.branar.ie
Comhghairdeachas le Cathal Mac Fhionnghaile as Machaire Rabhartaigh, Tír Chonaill a bhuaidh Gradam Físealaíne Uí Laoighaire. Is iad Comhairle Chontae Shligigh a eagraíonn an comórtas i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta Shligigh agus Ionad Ealaíona Shligigh. Bhronnadh an gradam ar Chathal de bharr, “líofacht, íogaireacht agus samhlaíocht” a chuid oibre. Bíonn Cathal páirteach sa mhórthionscnamh físealaíne, ‘Loinnir’ a léiríonn an grúpa físealaíne An Cosán Glas ar thrá Mhachaire Rabhartaigh gach bliain le linn Fhéile an Earagail.

D’fhógraigh Acadamh na hOllscolaíochta, Gaillimh dhá chúrsa ollscoile le déanaí a bheadh spéis ag drámadóirí agus ceoltóirí iontu. Beidh na cúrsaí ar siúl i gcampús an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, i gContae na Gaillimhhe. Cuireann Aonad na dTaibhealaíon de chuid an Acadaimh, an Árd-Dioplóma sa Drámaíocht agus an Dioplóma i gCóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta ar fáil gach bliain. Cúrsaí páirtaimseartha atá iontu. Is ceoltóirí agus drámadóirí den cheád scoth a bhíonn ag teagasc ar na cúrsaí agus tá aitheantas bainte amach ag an dá chúrsa. Tá slí maireachtála bainte amach i saol an cheoil nó i saol na healaíne ag formhór na ndaltaí a d’fhreastail ar na cúrsaí. Más uait breis eolais faoi cheachtar den dá chúrsa, buail isteach chuig an suíomh idirlín, www.acadamh.ie nó glaoigh ar an riathóir, Marianne, ar 087 9080194, nó Diarmuid ar 086 8139289. Ríomhphost: Marianne.nichinneide@oegaillimh.ie, diarmuid.defaoite@oegaillimh.ie
an Chomairle Ealaíon ag réítiú doiciméad faoi thodhchaí na drámaíochta faoi láthair. Is mian leo éisteacht le tuairimí ó dhaoine atá spéis acu nó atá ag obair in earnáil na hamharclannaíochta sula socraíonn siad ar phlean cuimsitheach a chruthú chun na drámaíochta sa tír seo a fhorbairt sa todhchaí. Béifear an-sásta tuairimí a fháil maidir leis an doiciméad seo, bídís á gcur ar fáil go pearsanta nó i scríbhinn. Reáchtálfar roinnt seisiún comhairliúcháin éascaithe go deireanach i Meitheamh/go luath in Iúil 2009. Breis eolais le fáil ag: Aiseolas ar Comhairliúchán Amharclannaíochta, An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean , Baile Átha Cliath 2, nó dul i dteagmháil le Maeve Whelan ag: maeve.whelan@artscouncil.ie.
Tá neart imeachtaí agus féiltí ealaíne ilghéitheacha agus ildánacha ar siúl ar fud na Gaeltachta an mhí seo agus tá eolas futhu uilig le fáil thíos.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


Comhdháil

Tionól An Chonartha Sa Ríocht Ghaeltachta

Tionól An Chonartha Sa Ríocht Ghaeltachta

Beidh Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl ón 2 - 5 Iúil i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Choirce Dhuibhne i mbliana. Déanfar plé ar chuid d’fhadhbanna an ceantar Gaeltachta ag seimineár an Tionóil dar teideal ‘I dTreo Polasaí Oideachais’ in Ionad an Bhlascaoid ar an Aoine 3 Iúil 2009, áit a dhéanfar scrúdú ar chuid de na cúinsí atá ag cur brú ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne go háirithe agus ar na Gaeltachtaí eile trí chéile. Tá rogha imeachtaí eile gur féidir a dhéanamh sa cheantar i rith deireadh seachtaine an Tionóil chomh maith - ceardlann potadóireachta, marcaíocht capall, cluichí gailf, iascaireacht fharraige agus seoltóireacht timpeall chuan Dhún Chaoin san áireamh. Tá an deireadh seachtaine saoire á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhair le hIonad an Bhlascaoid agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Spriocdháta

Eolas

Seoladh: Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Pádraig Mac Fhearghusa.
R-phost: eolas@cnag.ie
Teil: 353 (0)1 4757401
Suíomh idirlín:www.cnag.ie

 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Deis – Scéim de chuid na Chomhairle Ealaíona

Is scéim í Deis a bunaíodh faoi Thionscnamh na Comhairle Ealaíon um na hEalaíona Traidisiúnta, 2005-2008. Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon.
Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte).
Ar na tionscadail ar a mbronnadh cistiú cheana tá tionscadal le béim ar ábhar cartlainne, forbairt luchtanna féachana, craobhscaoileadh, léiriú agus taibhléiriú, forbairt phroifisiúnta, clársceidealú agus taighde. Is scéim leanúnach í Deis agus glactar le tograí ar bhonn atrátha ach ba cheart go mbeadh do thogra curtha isteach ar a laghad deich seachtaine roimh duit tús a chur leis an tionscadal féin Breis eolais faoi conas iarratas a dhéanamh agus nótaí treorach le fáil ó na foinsí teagmhála thíos.
Is í an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €50,000.

Spriocdháta

Eolas

Seoladh: An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teil:
+353 1 618 0200
Callsave:
1850 392 492
R-phost: traditionalarts@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtain taistil & oiliúna

Tá dhá shraith sa scéim seo. Is í an príomhshraith ná Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is di seo atá an chuid is mó den chistiúchán ar fáil; is í an dara sraith ná Taisteal agus Oiliúint Isteach. Is é príomhchuspóir na Dámhachtana Taistil agus Oiliúna Amach ná tacú le daoine aonair gur mian leo leas a bhaint as oiliúint agus deiseanna forbartha gairmiúla eile thar lear, agus an fócas a bheith ar fhorbairt chleachtas ealaíne an duine féin. Déanfaidh an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna Amach rannpháirtíocht i ndeiseanna oiliúna aonuaire, i gcúrsaí nó i máistir-ranganna speisialta a éascú. Is é an príomhchuspóir atá le Taisteal agus Oiliúint Isteach ná tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair nó deagraíochtaí gur mian leo cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó thar lear oiliúint nó meantóireacht ar leibhéal ard a chur ar fáil i gcomhair forbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus dhaoine eile atá ag obair go gairmiúil sna healaíona in Éirinn. Sa chás gur mian le duine aonair nó le heagraíocht saineolaithe a thabhairt isteach ó thar lear, is féidir leis an duine nó an eagraíocht iarratas a dhéanamh chun costas taistil agus lóistín an aoi (na n-aíonna) idirnáisiúnta a íoc. Is mian leis an gComhairle Ealaíon a chur in iúl go bhfuil an buiséad atá leagtha amach le haghaidh na Dámhachtana Taistil agus Oiliúna in 2009 laghdaithe go mór i gcás mórán foirmeacha ealaíne agus réimsí cleachtais ealaíon. Breis eolais faoi conas iarratas a dhéanamh an Critéir Mheasúnaithe, na Coinníollacha dámhachtanaagus nótaí treorach le fáil ó na foinsí teagmhála thíos. Níl aon spriocdhátaí foirmeálta ann don Dámhachtain Taistil agus Oiliúna. Tógfaidh an próiseas measúnaithe idir ceithre agus sé seachtaine, agus cuirtear comhairle ar iarratasóirí a n-iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir. Is é Culture Ireland/Cultúr Éireann atá i mbun na scéime.

Spriocdháta

Eolas

Teil: +353 1 618 0200
R-phost: travelandtraining@artscouncil.ie
Seoladh: Culture Ireland, An Tríú Urlár, Seomra 31523 Foirgnimh Fhreidric, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 1 631 3905
Facs: +353 1 631 3956
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie.
Suíomh idirlín: www.cultureireland.gov.ie


 

An Greásán Ceoil

Scéim Chapitil Ceoil 2009

Tugtar maoiniú faoin scéim seo d’ealaíontóirí aonair, buíon ceoil, bannaí ceoil, ceolfhoireann agus eagras a thugann tacaíocht agus árdán don cheol. Tá dhá chineál maoiniú ar fáil. Sa chéad réimse, bronntar deontas ar eagraíochtaí deonacha agus neamhphroifisiúnta chun úirlisí ceoil a cheannacht. Tá ciste iomlán de €113,000 ar fáil i 200 don chuid seo den scéim. Sa dara réimse, bronntar deontas ar cheoltóirí aonarach atá ag iarraidh uirlis ceoil ardchostasaigh a cheannacht. Tá gach eolas faoin scéim le fáil ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

02/11/2009

Eolas

Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie
Teileafón: 01 6719429
Ríomhphost: capitalscheme@musicnetwork.ie

 

 

An Greásán Ceoil

Dámhachtain um thaibhiú agus chamchuairt

Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo, ach is Music Newtork a riarann í. Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú le ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna fostaíochta méadaithe a thairiscint do cheoltóirí Éireannacha; bonn scileanna ealaíontóirí Éireannacha i réimsí mar phleanáil tionscadail agus riarachán, féin-phoiblíocht agus féin-bhainistíocht; agus foinse nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur isteach. Féach ar láithreán gréasáin www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil leis an eagraíocht

Spriocdháta

15 Bealtaine, 2009

Eolas

Seoladh: Clár-Bhainisteoir Taibhithe, Music Network, Teach an Chóiste , Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie


 

 


Deiseanna Eile

Scoláireacht Clandeboye – Ranganna Maistireachta do Cheoltóirí

Tugtar deis do cheoltórí Éireannacha a rugadh i ndiaidh 1 Márta 1983 páirt a ghlacadh i sain-ranganna ceoil leis na ealaíontóirí cónaithe le linn Fhéile Cheoil Idirnáisiúnta Clandeboye a bheidh ar siúl ón 17 -22 Lúnasa. Bronnfar 10 scoláireacht le lóistín agus cothú san áireamh.

Spriocdháta

1 Meitheamh, 2009

Eolas

Ríomhphost: masterclasses@camerata-ireland.com
Suíomh idirlín; www.camerata-ireland.com/



 

Caisleán Lios Mhóir – Scoláireacht do Mháistireacht i Scoil físealaíona Byam Shaw, London.

Fáilteofar roimh iarratais do scoláireacht Caisleán Lios Mhóir, 2009. Tugann an scoláireacht seo deis d’fhísealaíontóir Éireannach freastal ar Scoil Físealaíona Byam Shaw i gColáiste Naomh Mháirtín i Londain, Sasana. Is fiú €5,000 an scoláireacht agus tá sé oscailte do dhaoine a bhfuil cáilithe leis an MA sna físealaíona a dhéanamh.

Spriocdháta

31 Iúil

Eolas

suíomh idirlín: www.arts.ac.uk/48871.htm
suíomh idirlín: www.lismorecastlearts.ie

 

Darklight: Deis d’Ealaíontóirí

Tá Darklight ag fáiltiú roimh iarratas ó ealaíontóirí agus ceoltóirí atá spéis acu páirt a ghlacadh i bhféile Darklight, 2009. Beidh an fhéile ar siúl ón 8-11 Deireadh Fómhair, 2009. Is mórfhéile é Darklight a déanann ceiliúradh ar an gcumasc idir an scannánaíocht, an anamúlacht, na físealaíona agus an ceol.


Spriocdháta

3 iúil 2009

Eolas

Ríomhphost; info@darklight.ie
Suíomh Idirlín: www.darklight.ie/submission.php




 

Gailearaí ‘Samhlaíocht’. Deiseanna taispeántais.

Tá Samhlaíocht, gailearaí atá lonnaithe i dTrá Lí, Co. Chiarraí, ag réitiú chlár físealaíona don bhliain 2010. Is deis mhaith taispeántas é seo d’fhísealaíontóirí nó do ghrúpa físealaíontóirí. Is féidir gach eolas a fháil ar an suíomh idirlín faoi chriteár, coinníollacha agus próiseas na scéime

Spriocdháta

10 Iúil, 2009

Eolas



Ríomhphost; trish@samhlaiocht.com
Suíomh Idirlín: www.samhlaiocht.com


 

Dámhachtán do Fhísealaíontóirí - Artlink, Tír Chonaill.

Tabharfar deis do cheathrar físealíontóir taispeántas físealaíne, (ceann an duine), a chur ar siúl i bhFort Dunree, i mBun Cranncha, Dún an nGall. Is é seo an gailearaí iomadúil a reachtálann Artlink. Tabharfar gach tacaíocht phroifisiúnta do na healaíontóirí a roghnófar agus iad i mbun a gcuid oibre, agus cuirfear béim ar fhorbairt ghairimúil an ealaíontóra. Tá an comórtas oscailte do mhicléinn agus d’ealaíontóirí a bhain céim amach tar-éis 2004. Fáilteofar roimh iarratas ó ealaíontóirí atá ag cleachtadh i ngach réimse de na físealaíona. I measc na moltóirí don chomórtas, tá Mark Wallinger, iar-bhuaiteoir an Turner Prize

Spriocdháta

Dé Céadaoin 1 Iúil, 2009

Eolas

Seoladh:Artlink, Tullyarvan Mill, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall
Suíomh idirlín: www.artlink.ie
Teileafón: 087 6680107
Ríomhphost: info@artlink.ie


 

 

Scoil Násiúnta an Daingean, Uibh Fáille - Coimisiún Poiblí sa Cheol.

Tugtar cuireadh do cheoltóir nó do cheoltóirí iarratas a dhéanamh ar choimisiún poiblí ceoil. Iarratar ar an té a roghnófar tionscnamh ceoil a chruthú agus a reachtáil i Scoil an Daingin le linn an scoil bliain, 2009/2010. Ní mhór go mbeadh daltaí na scoile i gcroílár an tionscnaimh. Bheadh súil gur tionscnamh le torthaí fadthéarmacha a bheadh ann. Is é an 3 Iúil an spriocdháta. Má tá breis eolais uait faoin scéim, ní mhór SAE a sheoladh chuig le an príomhoide: Eileen Moynihan, Scoil Náisiúnta an Daingin, An Daingean, Co. Uibh Fháille.

Spriocdháta

3 Iúil

Eolas

Seoladh: Eileen Moynihan, Scoil Náisiúnta an Daingin, An Daingean, Co. Uibh Fháille.


 


 

Oiliúint

Teastas Náisiúnta an NYCI san Ealaíon don Aos Óg, 2009/2010.

Is cúrsa bliana é an Teastas san Ealaíon don Aos Óg a chuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg ar fáil. Faigheann an cúrsa aitheantas ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Máigh Nuaid. Tá an cúrsa dírithe ar siúd atá ag obair go neamhfhoirmeálta san earnáil oideachais. Foghlaimeoidh na rainnpháirtithe na buntheoiricí, coincheapanna agus modhanna cleachtais a bhaineann le cúrsaí ealaíne do dhaoine óga. Beidh an cúrsa ar siúil i mBaile Átha Cliath ó mhí Dheireadh Fómhair 2009 – Bealtaine 2010. Is cúrsa páirt aimseartha é. Is féidir gach eolas faoin gcúrsa agus faoin bpróiseas iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Dáta

Eolas


Ríomhphost: emmet@nyci.ie
Suíomh Idirlín: www.youtharts.ie
Teileafón: 01 4784122


 

Cló Ceardlann na gCnoc – Ranganna oiliúna sna físealaíona.

Tá Cló Ceardlann na gCnoc, an eagraíocht físealaíona, ag reachtáil cúrsaí samhraidh sna físealíona a bheidh ar siúl sa bharrionad físealaíne atá acu i gcroílár áilleacht agus mhaorgacht na gcnoc, i nGaeltacht Thír Chonaill. Is iad seo a leanas na ranganna a bheidh siad a chur ar fáil:
Rang ealaíon do phaistí (Children’s art classes): Rang 1: 30ú Meitheamh – 3ú Iúil & Rang 2: 6ú – 10ú Iúil.
Péinteáil Tírphictiúr (Landscape painting): Le Heidi Nguyen 13ú – 17ú Iúil
Rang í ndéantús leabhair (Handmade Artists’ Books) : Le Sarah Bryant 3ú – 7ú Lúnasa. Eitseáil (Etching): Le hAoife McGarrigle 17ú – 21ú Lúnasa.
Photo Eitseáil; “exploring polymer and photec etching” (Photo etching): Le hAoife McGarrigle 24ú – 26ú Lúnasa.

Dáta

Eolas

Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.clo.ie
Teileafón: Marjorie ag 074 9162800
Seoladh: Mín a' Leá, Gort a' Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall


 


Folúntais

Acadamh Ríoga Ulaidh

Acadamh Ríoga Ulaidh – Áisitheoir Oideachais


Is é an phríomhsprioc atá ag an Acadamh ná na físealaíona traidisiúnta agus comhaimseartha a chur chun cinn trí chlár leathan oideachais agus taispeántais a chur ar fáil. Tá folúntas ag an eagraíocht d’Áisitheoir Oideachas faoi láthair. Is post sealadach é seo. Beidh taispeántas bliantúil an Acadaimh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair. Is é seo an 128ú bliain den thaispeántas agus beidh sé mar dhualgas ag an Áisitheoir Oideachtais clár cuimsitheach oideachas a cur ar siúl mar chuid den taispeántas seo. Tá tuilleadh eolais faoin bpost le fáil ar an suíomh idirlín.



Dáta

Eolas

Seoladh: Royal Ulster Academy, 9 -13 Waring Street, Belfast BT1 2DX
Teil: 0044 (0)28 90320819
Ríomhphost:info@ruaonline.com
Suíomh idirlín: www.ruaonline.com



Imeachtaí

Ó Bhéal : Léamh filíochta le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, The Hayloft, Corcaigh.

Cuireann Ó Bhéal, i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge, oíche filíochta le hAilbhe Ní Ghearbhuigh i láthair sa Haycroft i gcathair Chorcaigh. Tá dánta le Ní Ghearbhuig foilsithe in An Guth, Feasta, Crannóg agus Poetry Ireland Review. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta in 2008. Léigh sí ag féile litríochta Imram agus ghlac sí páirt i gCuairt na bhFilí go hAlbain. Beidh an leamh ar siúl san The Hayloft, Sráid Winthrop, Corcaigh ag 9.00 i.n. Saor in aisce.


Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: info@obheal.ie
Suíomh Idirlín: www.obheal.ie/blog/
Teil: 085 7126299


Andrew Duggan & Cindy Cummings Féile Ealaíona Éigse, 2009.

'9.8 Metres per second' is ainm don tionscnamh atá curtha i láthair ag an ealaíontóir Gaeltachta, Andrew Dugann, i gcomhpháirtíocht leis an damhsóir comhaimseartha, Cindy Cummings. Beidh an taispeántas ar siúl ón 13- 21 Meitheamh 2009 in ionaid rúnda ar fud bhaile Ceatharlaigh!.
Breis eolais le fáíl ó shuíomh idirlín na féile.

Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.eigsecarlow.ie


An Cabaret Craicáilte

Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí.
Tugann an Caberat Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.


Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com
Teileafón: 097 81079 / 087 2785593


Arás Éanna, Inis Oirr – Imeachtaí do mhí Iúil

Tá clár leathan d’imeachtaí eagraithe ag Áras Éanna do mhí Iúil, idir cheol, fhísealíon agus drámaíocht. Is é seo a leanas na himeachtaí a bheidh ar siúl:
Taispeántas na míosa: Ealaíontóirí Thoraigh. Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl ar an 3 Iúil.
4 Iúil Matt Cranitch agus Jackie Daly – ceol ar an bhfidil agus ar an mbosca.
11 Iúil Kolkatta Ceol clasaiceach ón Ind.
12 Iúil: Gearóid Ó Duinnín, Michelle Ó Brien agus Leonard Barry. Ceolchoirm.
18 Iúil Lasairfhíona Ní Chonaola amhránaí
24 Iúil Paddy Keenen agus Tommy O Sullivan. Ceoltóirí.
25 Iúil The Cambria. Dráma leis an aisteoir Dónal O Kelly. Beidh ceardlann drámaíochta ar siul le Sorcha Fox agus Dónal O Kelly an tráthnóna sin. Is í Ciara Foster an ealaíontóir cónaithe an mhí seo.
Beidh neart imeachtaí eile ar siúl i rith na míosa. Breis Eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Tuilleadh eolais:

Ríomhphost: araseanna@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.araseanna.ie
Teileafón: 099 75150


Cathal Ó Searcaigh and Tommy Peoples. Gort a Choirce

Cuirfidh an file Cathal Ó Searcaigh agus an ceoltóir Tommy Peoples oíche ceoil agus filíochta ar siúl mar chuid de Fhéile an Earagail. Léifidh Ó Searcaigh as a shaothar nua filíochta agus a chuimhní cinn. Beidh an ócáid seo ar siúl i dTeach Maggie Dan’s i nGort a Choirce, Co. Dhún na nGall ag 10.00 i.n. Cead isteach: €10.

Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: info@eaf.ie
Suíomh Idirlín: www.eaf.ie
Teileafón: 074 916 8800


Dúch /Liv / Encre Taispeántas físealaíne le Seán Ó Flaithearta

Is taispeántas meán measctha é Dúch/Liv/Encre leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta. Tá pictiúir ollmhóra agus líníochtaí sa taispeántas, mar aon le suiteáil ealaíne ar an urlár, ‘Geansaí Iascaire’, geansaí mór Árannach atá déanta as faochain. Chomh maith leis sin beidh ‘Dúch na mBocht’ ar taispeáint, fís-scannán gearr ina n-úsáidtear taifeadadh caointeoireachta a rinneadh in Árainn sna 1950í. Úsáideann an t-ealaíontóir meirg, ceilp, dóib, gaineamh, tarra agus luaith ina shaothar, mar aon le gnáthábhair ealaíne. Tá taispeántas seo an Fhlaitheartaigh bunaithe ar thaighde antraipeolaíoch faoi ghinealach mhuintir Árann. Beidh an taispeántas ar siúl in Aonad Cartlannaithe Oireachtas na Gaeilge ón 14 - 21 Iúil 2009 Beidh sé ar siúl ina dhiaidh in Eastát Tionsclaíochta Chasla, Casla, Co. na Gaillimhe. Beidh an taispeántas ar oscailt, Luan go hAoine, ó 10.00 a.m. - 4.00 p.m. Beidh sé á thabhairt chuig Féile Idircheilteach Lorient (31 Iúil - 9 Lúnasa 2009), áit a mbeidh sé ar crochadh in Hôtel Gabriel, Lorient.

Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: mairin@antoireachtas.ie
Suíomh Idirlín: www.antoireachtas.ie
Teileafón: 091 572 545


Joan Clancy Ceardlann Drámaíochta. An Rinn, Co Phort Láirge

Tá Joan Clancy ag cur ceardlann drámaíochta THE JOAN CLANCY DRAMA WORKSHOP le hEALAÍN ar siúl le haghaidh páistí idir 7 – 12 bliain d’aois. Tá béim ar thubchumadóireacht, mím, cruthú múnlaí, srl. Tá an t-ionad ina mbeidh sé ar siúl suite i Maoil a’ Chóirne, An Rinn í nGaeltacht Co Phort Láirge, gar do Choláiste na Rinne. Níl slí ach do mhéid teoranta páistí. Beidh sé ar siúl ón 29 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2009 ó 10rn go dti 3in. Táille: €100

Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Teileafón: Joan ar (058) 46205 nó 086 813 4597


Titim Icarus – Taispeántas físealaíne An Gailearaí, An Fál Carrach.

Is ealaíontóir Gaeltachta é ‘Quille’ a chuireann iallach orainn amharc síos ar an talamh ó airde neamhchinntithe. Ina chuid péintéireachta de thaoidí trá, scrúdaíonn an t-ealaíontóir doimhne na tanúlachta lasmuigh agus lastigh araon. Osclaíonn an taipspeántas seo ar an 3 Iúil agus leanann sé ar aghaidh go dtí an 29 Lúnasa.

Tuilleadh eolais:
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.angailearai.com/
Teileafón: 074 9165594


St. Kilda- Scéal Oileáin: Ionad an Bhlascaoid, Dun Chaoin, Co. Chiarraí

Léacht léirithe faoi oileánra St. Kilda in Albain leis Alasdair Mac Eachain. Beidh an léacht ar siúl ar an 5 Iúil, 2008 ag 4.00 i.n.

Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: daithi.demordha@opw.ie
Suíomh Idirlín: http://www.dunchaoin.com/Ionadanbhlascaoidmhoir/Imeachtai.htm
Teileafón: (066) 9156444, 0879778871


Taibhdhearc na Gaillimhe – Cripil Inis Meáin

Beidh an dráma le Martin McDonagh, Cripil Inis Meáin ar siúl in Amharclann Chois Fharraige,
Seanscoil Sailearna, Indreabhán ón 14 - 18 Iúil 2009. Tá an dráma léirithe ag an drámadóir iomráiteach Beartla M. Ó Flatharta agus ba é Micheál Ó Conghaile a d’aistrigh an dráma. Is é Dara McGee atá mar dhearthóir seite. Páirteach san dráma, tá na haisteoirí: Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Bridie Ní Churraoin, Micheál Ó Dubhghaill, Brídín Nic Dhonnacha, Micheál Seoige, Seán Ó Flatharta, Breandán Ó Muirí agus Áine Ní Dhroighneáin.
Breis eolais ó Taibhdhearc na Gaillimhe


Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.antaibhdhearc.com
Teileafón: (091) 563600
Áirithintí: Féile Ealaíona na Gaillimhe
www.galwayartsfestival.com / (091) 566577


Glórthaí Uladh le Cór Thaobh a Leithead agus Cór Loch Laoi

Is ceiliúradh ar cheol traidisiúnta Ghaoth Dobhair é an cheolchoirm seo. Ghlac Doimnic Mac Giolla Bhríde 10 n-amhrán traidisiúnta agus rinne sé cóiriúchán úr orthu do chór, ceathairéad téadach, cláirseach agus píob uilleann. Tabharfar le chéile dá chór ina mbeidh suas le 50 glór ann agus beidh siad ag canadh le ceoltóirí traidisiúnta aitheanta ar nós Ciarán Ó Maonaigh, Aidan Ó Dónaill agus Damien McGeehan. Tá an ceolchoirm ar siúl in Ionad Cois Locha ar an 12 agus 13 Iúil ag 8.30 i.n. Tá an cheolchoirm a reachtáil mar chuid de Fhéile an Earagail.

Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.eaf.ie
Teileafón: 074 9120777


'Faobhar an Iarthair': taispeántas le Bob Ó Cathail. An Neidín, Co. Chiarraí,

Beidh 'Faobhar an Iarthair' péintéaracht nua le Bob Ó Cathail ar thaispeáint san óstán Sheen Falls Lodge, Neidín (Kenmare), Co. Chiarraí, ag tosnú ar 1ú Iúil agus ag leanúint ar feadh na míosa. Beidh fáilta roimh cách.
Tuileadh Eolais
Bob Ó Cathail, Solamar Art Studio, Baile an tSléibhe, Ceann Trá, Co. Chiarraí


Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.bobcahill.com
Teileafón: 066 - 9159716 / 087 - 2765355


Oideas Gael, Gleanncholmcille – Ceolchoirmeacha Ceoil

Tá sraith cheolchoirmeacha eagraithe ag Oideas Gael an eagraíocht a chuireann laethana saoire chultúrtha agus teanga ar siúl i nGleannCholmCille. Is é seo an clár ceoil atá leagtha amach acu don shamradh seo:
8.07.2009 Vincent, Jimmy & Peter Campbell Clann Uí Chathmhaoil, na Gleanntaí
15.07.2009 Emer Mayock & Dónal Siggins Fliút, feadógm fidil, píobaí uillinn
22.07.2009 Máire Ní Bhraonáin & Ashley Davis Máire as Clannad le aoi Ashley Davis
29.07.2009 Feis na hAlban - ceoltóirí as Albain agus Éirinn Scoil Shamhraidh Oideas Gael
31.08.2009 Rónán Galvin & ceoltóirí áitiúla + Clann Uí Mhaolciaráin, Inis Mór Ceolchoirm ceiliúrtha 25 bliain Oideas Gael
12.08.2009 Tara & Dermot Diamond Muintir Uí Dhíomóin as Béal Feirste
19.08.2009 Ciarán Ó Maonaigh, Aidan O'Donnell, Damian McGeehan An glún óg de cheoltóirí Thír Chonail
26.08.2009 Tommy Peoples Ar dhuine de na fidléirí is fearr ar fáil
3-8 Lúnasa Cairdeas na bhFidléirí
Tá Oideas Gael le fáil ar Facebook


Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.Oideas-Gael.com
Teil: +353 (0)74 973 0248
Facs: +353 (0)74 973 0348


Loinnir 2009 – An Cosán Glas

Cuirfidh ealaíontóirí ‘An Cosán Glas’ an seó suntasach seo i láthair aríst i mbliana mar chuid de Fhéile an Earagail. Déanfar cumasc idir dealbhóireacht, scannánaíocht agus ceol, i measc na ndumhach gaineamhacha ar thrá Mhachaire Rabhartaigh. Is ceann de bhuacphointí na féile é an cosán dealbhóireachta seo.

Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.eaf.ie
Teileafón: 074 9120777


An Clachán, Gaoth Dobhair – Taispeántas le Paul Rooney.

Tá Lámha Inspiorádie tar-éis athbhrandáil a dhéanamh. Is ‘An Clachán’ an t-ainm úr atá ar an ionad ealaíne atá acu in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair. Tá taispeantas le Paul Roony ‘Oíche agus Solas’ ar siúl faoi láthair. Beidh sé ar siúl go lár mí Íúil.

Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie
Teileafón: 074 9560091


Féiltí

Féile Iorrais, Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo.
Féile idirnáisiúnta sna hEalaíona Tuaithe. Réimse leathan d’imeachtaí ealaíona agus ceoil. Grúpaí idirnáisiúnta, ceoltóirí áitiúla, dearcealaíon agus neart imeachtaí eile.
17 – 26 Iúil, 2009
Breis eolais: www.feileiorras.org


Féile Ealaíne an Earagail.
Imeachtaí Ealaíne ar siúl ar fud chontae Dhún na nGall. Féile idirnáisiúnta ealaíne. Bíonn réimse leatha d’imeachtaí i nGaeilge ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na Gaeltacha.
4 – 18 Iúil, 2008.
Breis eolais www.eaf.ie


Soilsí Thoraí
Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall.
Féile cheoil, ealaíne agus amhránaíochta a eagraítear mar chuid d’Fhéile Ealaíne an Earagail. Déantar ceiliúradh ar shaibhreas cultúrtha an oileáin agus cuirtear imeachtaí ealaíne comhaimseartha ar siúl.
17ú – 19ú Iúil
Breis Eolais: http://www.angailearai.com/


Scoil Samhraidh Fidléireachta Ghleann Cholm Cille
Ghleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall
Scoil ceoil agus féile ceoil traidisiúnta. Ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlanna agus seisiún ceoil. Tá an fhéile seo eagraithe ag Ceol sa Ghleann
Breis eolais agus dátaí na bliana seo ag: www.ceolsaghleann.com


Féile Tine Ghuagán Barra
Féile ilghnéitheach ealaíne agus ceoil. Eagraítear neart imeachtaí, idir cheol traidisiúnta, drámaíocht, taispeántais ealaíne agus eile. Tugtar aitheantas do na healaíona dúchasacha i gceantar Ghuagán Barra.
19 – 21 Meitheamh.
Breis eolais: gouganebarrahotel@eircom.net


Féile Thraidisiúnta Chnoc Fola.
Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall.
Féile chultúrtha a dhéanann ceiliúradh ar an seansaol traidisiúnta, ar cheirdeanna traidisiúnta agus ar ghnásanna traidisiúnta an cheantair.
31 Iúil – 2 Lúnasa.
Breis Eolais: Cumann Forbartha Ghaoth Dobhair. (074) 9532208


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.