EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

Lúnasa 09
'09 Imleabhar 3 Eagrán

 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

Tá Ealaín na Gaeltachta i bpáirtnéireacht leis An gComhairle Ealaíne, ag eagrú deireadh seachtaine ceardlanna do scríbhneoirí óga a bhfuil féith na scríbhneoireachta léirithe acu. Is Máistir ranganna iad seo agus is é an aidhm atá leis na ceardlanna ná grúpa scríbhneoirí Gaeilge idir 18 agus 25 mbliana d’aois a thabhairt le chéile faoi stiúir scríbhneoirí aitheanta, agus an deis a thabhairt dóibh díriú ar shaothar a fhorbairt i measc a gcomhpháirtithe, i dtimpeallacht chuidiúil, spreagúil. Beidh na ceardlanna faoi stiúr Louis de Paor agus Éilis Ní Dhuibhne, agus reachtálfar iad i dtearmann cruthaitheachta Cnoc Suain, sa Spidéal thar na deireadh seachtaine 23 -25 Deireadh Fómhair 2009. Bronnfar an deis seo ar dheichniúr. Má tá spéis agat is féidir C.V gear a sheoladh isteach maidir le do thaithí scríbhneoireachta agus trí shampla de do shaothar. (pros nó filíocht). Is é an Aoine 28 Lúnasa an spriocdháta. Tuilleadh eolais le fáil ó Mhuireann Ní Dhroighneáin ag m.nidhroighneain@udaras.ie

Chuir Ealaín na Gaeltachta tús le mhórthógra taighde an mhí seo caite. Tá an eagraíocht ag déanamh iniúchadh cuimsitheach ar ghníomhaíocht agus ar acmhainní ealaíona na Gaeltachta. Sheoladh ceistneoir amach chuig ealaíontóirí, gníomhairí ealaíne agus eagras ealaíne agus tugadh cuireadh do gach éinne atá baint acu le cúrsaí ealaíne a bheith páirteach. Má tá tú ag iarraidh a bheith páirteach sa tsuirbhé, tá an ceistneoir ar fáil ar an suíomh idirlín www.ealain.ie. Mholtar do gach ealaíontóir agus do gach ghníomhaí ealaíne sa Ghaeltacht páirt a ghlacadh sa togra tábhachtach seo.
Athsheoladh an suíomh idirlín www.publicart.ie an mhí seo caite. Tugann an suíomh seo gach eolas faoi coimisiúin agus tógraí ealaíona poiblí, mar aon leis eolas faoi scéimeanna % ealaíona.
Sheol an Chomhairle Ealaíon ‘nuachtlitir ar-líne’ le gairid. Tugann an nuachtlitir eolas faoi na hiliomad gníomhaíochtaí, seónna, taispeántas agus léirithe a dtugann an chomhairle tacaíocht dóibh ar fud na tíre. Lena hais sin, is féidir gnéithe a roghnú de réir contae, míosa nó catagóire - mar shampla féilte, ceolchoirmeacha, ceoldrámaí, drámaí agus ealaíona do leanaí. Tá níos mó ná 1,000 imeacht sonraithe ar an suíomh gréasáin faoi láthair. Is féidir teacht ar an acmhainn úr seo ag: www.events.artscouncil.ie.
dhá scéim bliantúil fógraithe ag an gComhairle Ealaíona. Fógraíodh an scéim ‘Maoiniú bliantúil’, scéim a bhronnann maoiniú bliantúil ar eagraíochtaí ealaíne ionas go mbeidh sé ar a gcumas clár ealaíne a eagrú. Is é an 17 Meán Fómhair an spriocdháta don scéim seo. Fógraíodh an scéim, ‘Eagraíochtaí Maoinithe Rialta’ chomh maith. Bronntar maoiniú rialta agus reatha ar eagraíochta ealaíne faoin scéim seo. Is é an 1 Meán Fómhair an spriocdháta don scéim seo. Tá gach eolais faoin dhá scéim le fáil ón Kate O Donnell sa Chomhairle Ealaíne. Teileafón: 01 618 02 36, nó ríomhphost: kate.odonnell@artscouncil.ie. Is féidir breis eolais a fháil ar shuíomh idirlín na comhairle chomh maith; www.artscouncil.ie .
D’fhoilsigh an eagraíocht ‘Físealaíontóirí na hÉireann’ (Visual Artists Ireland) an tuarascáil 'The Social, Economic and Fiscal Status of Visual Artists in Ireland' le déanaí. Bhuail an eagraíocht faoi thogra taighde cuimsitheach i 2008 agus rinneadh dianstaideár agus mór-iniúchadh ar staid reatha na físealaíona sa tír seo, agus is as an taighde a d’eascraigh an tuarascáil. Is féidir an tuarascáil a fheiceáil ag: www.lulu.com/content/paperback-book/the-social-economic-fiscal-status-of-visual-artists-in-ireland/7378935 Tá leagan PDF le fáil ar chostas €10.00. Breis eolais www.visualartists.ie no sheol ríomphost chuig: info@visualartists.ie
Tá ceithre scéim deontais de chuid an Greásán Ceoil oscailte faoi láthair nach mór ceoltóirí a bheith ar an airdeall futhu. Tá spriochdhata dóibh i mí Deireadh Fómhair. Is féidir gach eolas a fhail faoi na scéimeanna ag www.musicnetwork.ie.
Beidh an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar siúl ón 22 – 30 Lúnasa le raon leathan d’imeachtaí ar siúl ar fud na tíre. Eagrófar imeachtaí ealaíne, ceol agus cultúrtha mar chuid den fhéile agus tá roinnt mhaith de na himeachtaí seo ar siúl sa Ghaeltacht. Is féidir clár na n-imeachtaí a fheiceáil ag: www.heritageweek.ie . Tá neart imeachtaí agus féiltí ealaíne ilghéitheacha agus ildánacha ar siúl ar fud na Gaeltachta an mhí seo agus tá eolas futhu uilig le fáil thíos. Mar is gnáth, tá neart eolais faoi deiseanna ealaíne curtha ar fáil sa r-litir seo.


Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


Oiliúint

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ceardlann i Scileanna Raidió i gcomhar le Raidió na Life

Beidh an cheardlann seo dírithe ar eagraíochtaí Gaeilge, chun na scileanna ginearálta raidió a thabhairt dóibh, agus díreofar freisin ar conas tabhairt faoi agallamh raidió go muiníneach, cumasach. Beidh an cheardlann ar siúl ar an 17 Meán Fómhair agus is i lár chathair Bhaile Átha Cliath a bheidh sé á reáchtáil, idir 10.00r.n. agus 1.00i.n. Beidh an cheardlann cabhrach do dhuine ar bith a bhíonn ag gabháil d’agallaimh raidió trí Ghaeilge. Is ceardlann phraiticiúil a bheidh i gceist. Ní ghearrfar aon táille ar an gceardlann seo, ach beidh spás teoranta, agus is gá do spás a chur in áirithe roimh ré trí r-phost a sheoladh chuig eolas@gaelport.com.

Dáta

17 Meán Fómhair

Eolas

R-phost: eolas@gaelport.com

 

Teastas Náisiúnta an NYCI san Ealaíon don Aos Óg, 2009/2010

Teastas Náisiúnta an NYCI san Ealaíon don Aos Óg, 2009/2010

Is cúrsa bliana é an Teastas san Ealaíon don Aos Óg a chuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg ar fáil. Faigheann an cúrsa aitheantas ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Máigh Nuaid. Tá an cúrsa dírithe orthu siúd atá ag obair go neamhfhoirmeálta san earnáil oideachais. Foghlaimeoidh na rainnpháirtithe na buntheoiricí, coincheapanna agus modhanna cleachtais a bhaineann leis an ealaíon do dhaoine óga. Beidh an cúrsa ar siúil i mBaile Átha Cliath ó mhí Dheireadh Fómhair 2009 – Bealtaine 2010. Is cúrsa páirt aimseartha é. Is féidir gach eolas faoin gcúrsa agus faoin bpróiseas iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Dáta

Eolas

Teil: 01 4784122
R-phost: emmet@nyci.ie
Suíomh idirlín: www.youtharts.ie

 

Cló Ceardlann na gCnoc

Cló Ceardlann na gCnoc – Ranganna oiliúna sna físealaíona.

Tá Cló Ceardlann na gCnoc ag reachtáil cúrsaí samhraidh sna físealíona. Beidh na ranganna ar siúl sa bharrionad físealaíne atá ag an eagraíocht físealaíona seo i gcroílár áilleacht agus mhaorgacht na gcnoc, i nGaeltacht Thír Chonaill. Is iad seo a leanas na ranganna a bheidh á chur ar fáil:
Rang í ndéantús leabhair (Handmade Artists’ Books) : Le Sarah Bryant. 3ú – 7ú Lúnasa. Eitseáil (Etching): Le hAoife McGarrigle.17ú – 21ú Lúnasa.
Photo Eitseáil; “exploring polymer and photec etching” (Photo etching): Le hAoife McGarrigle 24ú – 26ú Lúnasa.

Dáta

Eolas

Teil: Marjorie ag 074 9162800
R-phost: cloceardlann@eircom.net
Seoladh: Mín a’ Leá, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Suíomh idirlín: www.clo.ie


 

Create & Common Ground - Forám ar an togra taighde ar an meantóireacht sna healaíona tiomsaithe.

Create & Common Ground - Forám ar an togra taighde ar an meantóireacht sna healaíona tiomsaithe.

Chuir Create, an eagraíocht náisiúnta le freagracht do na healaíona tiomsaithe, tús le togra taighde an mhí seo caite. Tá sé mar aidhm ag an togra iniuchadh a dhéanamh ar an meantóireacht mar modh cleachtais i réimse na n-ealaíon tiomsaithe. Beidh an togra a reachtáil i gcomhair le Common Ground, grúpa ealaíne atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Déanfar staideár ar ról an mheantóir ealaíne agus an chaoi is fearr is féidir leis an meantóir ealaíne tacaíocht agus cabhair a thabhairt d’ealaíontóirí proifisiúnta i réimse na n-ealaíon tiomsaithe. Is é ‘Connect’ an teideal atá ar an tionscnamh seo. Eagrófar Fóraim phoiblí mar chuid den tionscnamh. Beidh Forám ar siúl i Luimneach ar an 15 Deireadh Fómhair agus i mBaile Átha Cliath ar an 15 Eanair.

Spriocdháta

Eolas


Suíomh idirlín: http://www.guiding-lights.org.uk/2008/


 


Deiseanna Deontais

An Greásán Ceoil

Scéim Chapitil Ceoil 2009.

Tugtar maoiniú faoin scéim seo d’ealaíontóirí aonair, buíon ceoil, bannaí ceoil, ceolfhoireann agus eagras a thugann tacaíocht agus árdán don cheol. Tá dhá chineál maoiniú ar fáil. Sa chéad réimse, bronntar deontas ar eagraíochtaí deonacha agus neamhphroifisiúnta chun úirlisí ceoil a cheannacht. Tá ciste iomlán de €113,000 ar fáil i 200 don chuid seo den scéim. Sa dara réimse, bronntar deontas ar cheoltóirí aonarach atá ag iarraidh uirlis ceoil ardchostasaigh a cheannacht. Tá gach eolas faoin scéim le fáil ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

2 Samhain

Eolas


Teil:
01 6719429
R-phost: capitalscheme@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie

 

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtain um thaibhiú agus chamchuairt

Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo, ach is Music Newtork a riarann í. Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú le ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna fostaíochta méadaithe a thairiscint do cheoltóirí Éireannacha; bonn scileanna ealaíontóirí Éireannacha i réimsí mar phleanáil tionscadail agus riarachán, féin-phoiblíocht agus féin-bhainistíocht; agus foinse nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur isteach. Féach ar láithreán gréasáin www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil leis an eagraíocht Seoladh: Clár-Bhainisteoir Taibhithe, Music Network, Teach an Chóiste , Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.

Spriocdháta

Eolas


Teil: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie.
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie


 

 


Deiseanna Eile

An Greásán Ceol (Music Network) – Clár oiliúna Leanúnach i bhForbairt Ghairmiúil an Ceoltóra 2009/2010.

Is é an aidhm atá ag an gcúrsa seo ná scileanna, tacaíocht agus acmhainní a chur ar fáil do cheoltóirí proifisiúnta ionas go mbeadh sé de acmhainn acu tionscnaimh agus cláracha for-rochtain a eagrú i measc grúpaí éagsula sa phobal. Fáilteofar roimh iarratais ó cheoltóirí atá spéis acu cláracha for-rochtain a eagrú sna réimsí seo a leanas: Bun agus Meánscoileanna; grúpaí pobail agus comhphobail; san earnáil sláinte; páistí luathblianta. Is cúrsa páirt aimseartha é seo agus bíonn na ranganna ar siúl i rith na deireadh seachtaine.

Spriocdháta

4 Lúnasa, 2009

Eolas

Ríomhphost: development@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín; www.musicnetwork.ie/



 

Taibhdhearc na Gaillimhe:- Gradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín

Fáiltíonn Taibhdhearc na Gaillimhe roimh scripteanna drámaíochta don chomórtas ‘Gradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín. Leis an duaischiste is mó sa tír ó thaobh na scríbhneoireachta de, beidh muintir na Taibhdheirce ag súil go dtabharfaidh an gradam spreagadh do ghlúin nua peann a chuir le pár. Beidh €7,500 le buachan don fhad-dhráma is fearr chomh maith le €1,000 don ghearrdhráma is fearr.

Spriocdháta

Eolas

Téil: (091) 563600/562024
Ríomhphost: eolas@antaibhdhearc.com
Suíomh idirlín; www.antaibhdhearc.com

 


 

% Ealaíona

Comhairle Chontae Mhaigh Eo. – Paineál do tógraí Ealaíon Poiblí.

Fáiltíonn Comhairle Chontae Mhaigh Eo le hiarratais ó ealaíontóirí (gach réimse ealaíona san áireamh), ata spéis acu a bheith ar phaineál ealaíontóirí a bheidh san iomaíocht do choimisiúin ealaíona poiblí de chuid na Comhairle, agus do thograí ealaíona a eagraítear mar chuid den scéim % ealaíona. Cruthófar dhá phaineál: ceann amháin a bheidh san iomaíocht do choimisiúin idir E10,000 agus E64,000; agus an ceann eile a bheidh san iomaíocht do choimisiúin faoi E10,000. Is é an 13 Lúnasa an spriocdháta do na hiarratais. Gach eolas faoin tairiscint agus criteár na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

13 Lúnasa

Eolas

Seoladh: Gaynor Seville, Public Art Coordinator, Mayo County Council Arts Office, Áras an Chontae, Castlebar, Co. Mayo
Ríomhphost: gseville@mayococo.ie
Teileafón: 094 90 47561


 

Iontaobhas Oidhreachta an Mhúirn. Coimisiún – Ealaíon pobail

Tá sé beartaithe ag Iontaobhas Oidhreachta an Mhúirn ceithre phíosa ealaíona a chruthú i láthair éagsúla i gceantair an Mhúirn, i gContae an Dhúin. Beidh na píosaí ealaíona seo mar chuid de chosán ealaíona. Fáilteofar roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí atá spéis acu sa choimisiúin. Ní mhór go gcuirfeadh na píosa ealaíona a chruthófar le nádúr agus aílleacht na timpeallachta agus go luífeadh siad isteach go suaimhneach leis an thírdhreach thart timpeall orthu. Tá gach eolas faoi chriteár an choimisiúin agus faoin bpróiseas iarratais le fáil ag na sonraí thíosluaite.

Spriocdháta

Eolas

Ríomhphost: camilla.fitzpatrick@mourne.co.uk
Suíomh Idirlín: www.mourne.co.uk
Teileafón: 0044 (0)28 43724059
Seoladh: Iontaobhas Oidhreachta an Mhúirn, 87 Central Promenade, Newcastle, Co. an Dúin. BT33 0HH


 

Páirc Poiblí an Mhuilinn Ghearr – Coimisiún: Ealaíon poiblí.

Fáiltíonn údaráis áitiúla chontae na hIarmhí roimh aighneachtaí ó fhísealaíontóirí do choimisiún chun píosa dealbhóireachta buaine a chruthú i báirc phoiblí an Mhuilinn Ghearr. Tá buiseád de E62,000 ar fáil don tionscnamh seo. Comórtas oscailte atá i gceist agus tá gach eolas faoin bpróiseas iarratais agus criteár an choimisiúin ar fáil ag na sonraí thíosluaite.

Spriocdháta

4 Meán Fómhair

Eolas

Ríomhphost: arts@westmeathcoco.ie
Suíomh Idirlín: www.westmeathcoco.ie
Teileafón: 044 9332140


 


Folúntais

Pléaráca Teo

Deiseanna d’áisitheoirí.


Tá Pléaráca ag cur painéal Aisitheoirí Ealaíne le chéile. Is painéal é seo do dhaoine a mbeadh suim acu oibriú ar thograí ealaíne an Phléaráca i rith na bliana sna reimsí seo a leanas: Clár Litríocht agus Drámaíocht don Oíge;Campaí Samhradh; Féile Phléaráca Chonamara; Féile Leabhar Bricíní; Féile Drámaíochta Realtóga; Club Drámaíochta do dhaoine óga; Ealaín; ceardaíochta do dhaoine fásta.Ní mhór Gaeilge líofa a bheith ag na hiarrathóirí.



Dáta

Eolas

Seoladh: Ionad Fiontair, Rosmuc, Co. na Gaillimhe
Teil: 091-574346/574882
091-574882/574021
Ríomhphost:Oifigeachealaiona@gmail.com


Scoil Drámaíochta an Gaiety

Oifigeach Margaíochta.


Tá folúntas ag Scoil Dramaíochta an Gaiety d’Oifigeach Margaíochta. Ní mhór go mbeadh taithi leathan ag an té a roghnófar agus gur duine fuinniúil, cruthaíoch agus díograsach iad. Tá straitéis agus plean margaíochta agus poiblíochta an Gaiety faoi chúram an oifigeach Margaíochta.



Dáta

Eolas


Ríomhphost:administrator@gaietyschool.com
Suíomh idirlín: www.gaietyschool.com/careers



Imeachtaí

Arás Éanna, Inis Oirr – Imeachtaí do mhí Lúnasa

Tá clár leathan d’imeachtaí eagraithe ag Áras Éanna do mhí Iúil, idir cheol, fhísealíon agus drámaíocht. Is é seo a leanas na himeachtaí a bheidh ar siúl:
Beidh taispeántas Ealaíne Phádraig Uí Raighne san Amharclann don mhí Lúnasa ar fad.
Beidh drama den scoth ar siúl ag The Gombeens san Áras ar an 1 Lúnasa
2 Lúnasa 2009: Téada. Grúpa ceoil traidisiúnta.
8 Lúnasa 2009: Macalla. Grúpa ceoil traidisiúnta na mban.
15 Lúnasa 2009: Féile na mBád
22 Lúnasa 2009: At The Racket. Ceol i stíl na fichidí.
29 Lúnasa 2009: Fidil - Ciarán Ó Maonaigh agus Aidan O’Donnell



Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: araseanna@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.araseanna.ie
Teil: 099 75150


Gabriel Rosenstock ag Féile Cultúrtha Domhanda, Dún Laoghaire

'Sheolfar dhá chnuasach nua leis an bhfile Gabriel Rosenstock, Haiku Enlightenment agus Haiku, the Gentle Art of Disappearing sa Royal Marine Hotel ar an 29 Lúnasa ag 19:00. Léifidh an fhile cuid dá shaothar i ndiaidh an sheolaidh.


An Cabaret Craicáilte

Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí.
Tugann an Caberat Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.


Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com
Teileafón: 097 81079 / 087 2785593


Titim Icarus – Taispeántas físealaíne An Gailearaí, An Fál Carrach.

Is ealaíontóir Gaeltachta é ‘Quille’ a chuireann iallach orainn amharc síos ar an talamh ó airde neamhchinntithe. Ina chuid péintéireachta de thaoidí trá, scrúdaíonn an t-ealaíontóir doimhne na tanúlachta lasmuigh agus lastigh araon. Osclaíonn an taipspeántas seo ar an 3 Iúil agus leanann sé ar aghaidh go dtí an 29 Lúnasa.

Tuilleadh eolais:

Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.angailearai.com/
Teileafón: 074 9165594


Meádhbh ní hEidhin – Taispeántas fisealaíne.

Tá taispeántas leis an bhfísealaíontóir as an Spideál i gContae na Gaillimhe, Meádhbh Ní hEidhin ar siúl The Cottage Bar i mBóthar na Tra go deireadh mí Lúnasa. Is cuid de shaothar nua an fhísealíontóra spleodrach seo atá ar thaispeántas.

Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: meadhbhhynes@hotmail.com
Teileafón: 087-7953817


Oideas Gael, Gleanncholmcille – Ceolchoirmeacha Ceoil

Tá sraith cheolchoirmeacha eagraithe ag Oideas Gael an eagraíocht a chuireann laethana saoire chultúrtha agus teanga ar siúl i nGleannCholmCille. Is é seo an clár ceoil atá leagtha amach acu don shamradh seo:
31.08.2009 Rónán Galvin & ceoltóirí áitiúla + Clann Uí Mhaolciaráin, Inis Mór Ceolchoirm ceiliúrtha 25 bliain Oideas Gael
12.08.2009 Tara & Dermot Diamond Muintir Uí Dhíomóin as Béal Feirste
19.08.2009 Ciarán Ó Maonaigh, Aidan O'Donnell, Damian McGeehan An glún óg de cheoltóirí Thír Chonail
26.08.2009 Tommy Peoples Ar dhuine de na fidléirí is fearr ar fáil
3-8 Lúnasa Cairdeas na bhFidléirí
Tá Oideas Gael le fáil ar Facebook


Tuilleadh eolais:

Suíomh Idirlín: www.Oideas-Gael.com
Teileafón: +353 (0)74 973 0248
Facs: +353 (0)74 973 0348


NEIDI NGUYEN & NORA DUFFY – Taispeántas físealaíne.
Leanfaidh an taispéantas leis an mbeirt ealaíontóir Gaeltachta seo ar aghaidh id Teach na mBocht, Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall go dtí an 14 Lúnasa.


Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.dunfanaghyworkhouse.ie
Teileafón: 07491 36540


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin/ Féile na Bealtaine – Imeachtaí.
Reachtálann Ionad an Bhlascaoid ceolchoirmeacha san ionad gach Máirt ag 8 i.n. i comhair le Féile na Bealtaine. Clár leathan ceol atá i gceist le ceoltóirí den scoth ag seinnt. Gearrtar táille €10
Dé Máirt 8 i.n. 4ú Lúnasa: Jazz agus ceol traidisiúnta.
Cuid 1 - Eugenia & Virgina McKay - Jazz & Piano flavour
Cuid 2 - Cillian Ó Briain, piper and Bríd Donnelly, flute
Dé Máirt 8 i.n. 11ú Lúnasa: Ceol traidisiúnta (traditional music)
Cuid 1 - Mícheál Herlihy & John Browne
Cuid 2 - Séamus Ó Beaglaoich & Tim Edey
Dé Máirt 8 i.n. 18ú Lúnasa: Benny O’Carroll trad. band
Dé Máirt 8 i.n. 25ú Lúnasa: Sean-Nós, ceol clasaiceach & filíocht: Eibhlín Ní Bheaglaoich (sean-nós singer) a iníon Orna Loughnane (fidléir leis an Vienna Symphony orchestra) agus filíocht le Micheál Ó Fionnáin.


Tuilleadh eolais:
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444


An Clachán, Gaoth Dobhair – Taispeántas le Ian Gordon agus Brent Nokes.
Tá Lámha Inspiorádie tar-éis athbhrandáil a dhéanamh. Is ‘An Clachán’ an t-ainm úr atá ar an ionad ealaíne atá acu in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair. Tá taispeántas de shaothar úr físealaíne le IanGordon agus Brent Nokes ag oscailt ar an 1 Lúnasa sa Dánlann ealaíne. Is é ‘Na Sléibhte Maorga’ an teideal atá ar an taispeántas.


Tuilleadh eolais:
Seoladh: An Clachán, Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie
Teileafón: 074 9560091


Féiltí

Féile Thraidisiúnta Chnoc Fola.
Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall.
Féile chultúrtha a dhéanann ceiliúradh ar an seansaol traidisiúnta, ar cheirdeanna traidisiúnta agus ar ghnásanna traidisiúnta an cheantair.
31 Iúil – 2 Lúnasa.

Breis eolais:
Cumann Forbartha Ghaoth Dobhair. (074) 9532208


Féile Lúnasa an Leith Triúigh, Bréanainn, Co. Chiarraí.
Déanann an fhéile spleodrach seo ceiliúradh ar an traidisiún agus an ar oidhreacht a bhaineann le Féile Lúnasa.

Breis eolais
www.cflt.ie


Ceol na Locha,
Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.
Scoil Cheoil agus Oidhreachta. Déantar ceiliúradh ar an traidisiún láidir agus saibhreas ceoil agus damhsa atá sa cheantar. Ceolchoirmeacha, ranganna, léachtaí, damhsa ar an sean-nós, seiteanna agus amhránaíocht.
10 – 14 Lúnasa, 2009.

Breis Eolais: www.ceolnalocha.com/


Féile Oidhreachta na hEachléime
Eachléim, Co. Mhaigh Eo.
Léachtanna, ranganna agus imeachtaí ag ceiliúradh oidhreacht na hEachléime.



Féile Cultúrtha an Dóilín
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Féile ealaíne traidisiúnta agus comhaimseartha a dhéanann ceiliúradh ar shaibhreas cultúrtha an cheantair.
28 – 31 Lúnasa

Breis eolais:
087-1378390


Féile Moondance – An Fháirce, Co. na Gaillimhe. 14-16th Lúnasa.
Féile ceoil agus ealaíona atá múnlaithe ar fhéiltí cosúil le Glastonbury. An t-iliomad d’imeachtaí: ceardlanna, siúlóid sléibhte, scéalaíocht, puipéidí, imeachtaí ealaíne agus ceolchoirmeacha. Fáilteofar isteach go domhan bohemian tú le gach compórad agus bia ar fáíl! I measc na gceoltóirí, ta Jerry Fish and the Mudbugs, No Banjo, Kila agus Mairtin O Connor, Lisa Hannigan, Jape agus go leor eile.

Breis eolais:
www.moondancefestival.com
00 353 87 1320463


Féile An Droichead – Deisceart Bhéal Feirste.
28 -30 Lúnasa. Cuireann an fhéile béim ar an teanga, an cultúr Gaelach agus ar an illcultúrthachas. I measc na n-imeachtaí beidh Griogair Labhruidh le Sile Denvir agus The Daoirí Farrell Band, céilithe, greann le Des Bishop agus Taispeántas Portráide de Cheoltóirí Traidisiúnta ag Con Kelleher.


Breis eolais:
http://www.androichead.com/


Scoil Samhraidh Shliabh Luachra
4 – 10 Lúnasa , 2009. Ceann de mhórfhéilte ceoil traidisiúnta na tire. Ceiliúradh ar cheol, rince agus amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, agus an traidisiún i gceantar Shliabh Luachra ach go háirithe.


Breis eolais:
Teil: 087 220 5566
Ríomhphost: bruachnacarraige@hotmail.com
Suíomh Idirlín: http://www.sliabhluachra.com


Scoil Shamhraidh Acla – Co Mhaigh Eo.
Beidh Scoil Shamhraidh Acla ar siúl in Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo ón 27 Iúil – 2 Lúnasa 2009.
Beidh os cionn cúpla céad scoláire i láthair ag freastal ar ranganna éagsúla agus ag foghlaim uirlisí ceoil agus damhsa. Beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl le linn na seachtaine ina measc beidh ceardlainne éagsúla sa damhsa, amhránaíocht, fíodóireacht, scríbhneoireacht neart ranganna ceoil.



Breis eolais:
Teil: +353 98 47353
Suíomh Idirlín: www.scoilacla.com

 


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.