EalaÍn na Gaeltachta

 

-

Nuacht

-

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

-

Cuir leis an liosta

-

Bain den liosta

-

Seol chuig cara

 

 

 

 

-

Teagmháil

 

-

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

Ealaín na Gaeltachta

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

D’fhógraigh Acadamh na hOllscolaíochta, Gaillimh cúrsa ollscoile le déanaí a bheadh spéis ag ceoltóirí ann. Is cúrsa páirtaimseartha é an Dioplóma i gCóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta a chuirtear ar fáil gach bliain. Is ceoltóirí den cheád scoth a bhíonn ag teagasc ar an gcúrsa agus is deis iontach é dóibh siúd sé ar intinn acu slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóir gairimiúil. Tá slí maireachtála bainte amach i saol an cheoil nó i saol na healaíne ag formhór na ndaltaí a d’fhreastail ar na cúrsaí roimhe seo. Más uait breis eolais faoin gcúrsa, buail isteach chuig an suíomh idirlín, www.acadamh.ie nó glaoigh ar an riathóir, Marianne, ar 087 9080194,. Ríomhphost: Marianne.nichinneide@oegaillimh.ie.

Beidh an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar siúl ón 21 – 29 Lúnasa le raon leathan d’imeachtaí ar siúl ar fud na tíre. Eagrófar imeachtaí ealaíne, ceol agus cultúrtha mar chuid den fhéile agus tá roinnt mhaith de na himeachtaí seo ar siúl sa Ghaeltacht. Is féidir clár na n-imeachtaí a fheiceáil ag: www.heritageweek.ie.

D’fhógraigh an Gréasán Ceoil trí scéim deontais an mhí seo. Beidh spéis ar leith ag ceoltóirí agus eagraíochtaí ceoil sna scéimeanna seo. Is iad seo an leanas na scéímeanna atá fógraithe: (1) Scéim Taifid Ceoil 2010 (2) Scéim na gcamchuairt agus na gceolchoirmeacha agus (3) An Scéim Capatail Ceoil. Tá gach eolais le fáil ag: http://www.musicnetwork.ie/musicians/funding/

Beidh seoladh d’Irisleabhar Mhá Nuad 2010 in Óstán Ghobnatan ag Dámhscoil na Bliana seo, ar an 5 Lúnasa ag 7.30 pm, agus beidh cóip den leabhar á bronnadh ar na filí a bheidh i láthair. Beidh sólaistí éadroma ar fáil. Tair in am nó ní bheidh slí duit. Tuilleadh eolais ach ríomhphost a sheoladh chuig: pof@diseart.ie

Roghnaíodh an Ghaeltacht mar cheann de na háiteanna a bheidh páirteach san Oíche Chultúir i mbliana. Is mórfhéile náisiúnta í an Óiche Chultúir ina gcuirtear imeachtaí cultúrtha ar siúl saor in aisce ar an aon oíche amháin.
Tá Ealaín na Gaeltachta ag déanamh co-ordnú ar an ócáid sa Ghaeltacht i mbliana agus tá os cionn 40 imeacht deimhnithe cheana féin. Tá Tomás Hardiman ceaptha ag Ealaín na Gaeltachta mar co-ordnóir poiblíochta agus margaíochta don ócáid. Tá taithi leathan ag Tomás mar ghníomhaí poiblíochta. D’oibrigh sé le Amharclann na Mainistreach, Ionad Ealaíne na Gaillimhe agus go leor eagraíochtaí náisiúnta eile agus tá taithi chuimsitheach aige ar chúrsaí margaíochta agus poilbliochta. Beidh Tomás ar fáil le comhairle agus cúnamh a thabhairt do na heagraíochtaí atá ag eagrú imeachtaí don Oíche Chultúir sa Ghaeltacht, agus is mór an mhaise d’Ealaín na Gaeltachta go bhfuil Tomás ar bhord. Tá breis eolais faoin Oíche Cultúir le fáil ag www.culturenight.ie

Mar is gnáth, tá neart eolais faoi deiseanna ealaíne curtha ar fáil sa r-litir seo; roinnt scéimeanna deontais a bheidh an-spéis ag na heagrais ealaíona iontu.Tá neart imeachtaí agus féiltí ealaíne ilghéitheacha agus ildánacha ar siúl ar fud na Gaeltachta an mhí seo chomh maith agus tá eolas futhu uilig le fáil thíos.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Folúntas

Cill Rialaig, Co. Chiarraí

Intéirneacht ag Cill Rialaig

Tá intéirneacht ar feadh tréimhse 4 – 8 seachtain ar fáil in Ionad Ealaíne Cill Rialaig, Ionad ealaíne atá lonnaithe i gceantair álainn i gCo. Chiarraí. Is deis mhaith é le foghlaim conas Ionad ealaíne a bhainistiú. Ní mhór scileanna ríomhaireachta, photoshop agus carr a bheidh ag an iarratasóir. Tuilleadh eolais le fáil ó Kate ag an uimhir 01 4785159: Cuirfear lóistín ar fáil saor in aisce.

Dáta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Teileafón: 01 4785159
Seoladh: Cill Rialaig, Baile na Sceilige, Co. Chiarraí.

 

Cork Arts Theatre

Riarthóir Cúnta

Tá folúntas ag an Cork Arts Theatre do Riarthóir Cúnta. Ní mhór go mbeadh ardscileanna ríomhaireachta ag an iarratasóir mar aon leis scileanna poiblíochta agus margaíochta. Is buntáiste é má tá eolas ag an iarrastasóir ar líonraí sóisialta agus ar an teicneolaíocht chumarsáide.
Ní mhór go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe le páirt a ghlacadh i scéim CE FÁS.
Tá breis eolais le fáíl ag na sonraí teagmhála thíos.

Dáta

6 Lúnasa, 2010

Eolas

Seoladh: Dolores Mannion, Cork Arts Theatre, Camden Place, Carrolls Quay, Cork
Ríomhphost: info@corkartstheatre.com
Suíomh idirlín: www.corkartstheatre.com

 

Dublin Contemporary

Folúntais – Postanna Éagsúla

Is mórfhéile agus semineár do na físealaíona é an Dublin Contemporary a thugann árdán do fhísealaíontóirí agus a chuireann earnáil na físealaíne chun chinn. Beidh an mór ócáid ar siúil i mBaile Átha Claith sa Fhómhair. Ócáid mhór chultúrtha a bheidh ann a chuirfidh go mór le gradam na n-ealaíon sa tír.

Tá roinnt folúntais ag Dublin Contemporary faoi láthair. Fáiltíonn an choiste roimh iarratais ó dhaoine atá paiseanta agus gníomhach, agus a bhfuil ardscileanna agus taithí chuí acu.

• Bainisteor Tionscnamh
• Cuaramóirí.
• Ceannasaí ar Mhargaíocht, Chumarsáid agus Dhíolacháin.
• Bainisteoir Forbartha agus Tiomsaíochta.

Tá breis eolais le fáíl ag na sonraí teagmhála thíos.

Dáta

8 Lúnasa, 2010

Eolas

Teileafón: 01 678-7920
Ríomhphost: daniela@dublincontemporary.com

 

Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath

Bainisteoir Díolacháin agus Díol na dTiceád

Is deis agus dushlán iontach é an folúntas seo do dhuine le hardscileanna bainistíochta agus díolachán. Beidh an té a cheapfar freagrach as oifig ghníomhach, atá dírithe ar dhíolachán agus ar an gcustaméir.
Tuilleadh eolais faoin bpost mar aon leis na sonraí faoin bpróiseas iarratais le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Dáta

13 Lúnasa, 2010

Eolas

Teileafón: 087 9309656
Ríomhphost: recruitment@abbeytheatre.ie
Suíomh idirlín: www.abbeytheatre.ie
Seoladh: Amharclann na Mainistreach, Sráid na Mainistreach, BÁC 1.

 

Phizzfest – Bainisteoir ar Oifig na dTicéad

Bainisteoir ar Oifig na dTiceád

Is féile ealaíon pobail i mBaile Phi bi mBailé Átha Cliath é”Phizzfest”. Beidh an fhéile ar siúl don chéad uair ón 9 -12 Mean Fómhair, 2010. Tá folúntas ann do Bainisteoir ar Oifig na dTiceád ar feadh tréimhse dhá mhí. Ní mhór go mbeadh taithi chuí ag an iarratasóir.


Gach eolas faoin bpost le fáil ag na sonraí thíos.

Dáta

7 Lúnasa, 2010.

Eolas

Seoladh: 1 Allen Terrace, Phibsborough, Dublin 7
Ríomhphost: phizzfest@gmail.com
Suíomh idirlín: www.phizzfest.ie

 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Scéímeanna Drámaíochta

Fáiltíonn An Chomhairle Ealaíona roimh iarratais ó ealaíontóirí do na Dámhachtáin Sparántachta seo a leanas:

• Scéím Cónaithe d’ealaíontóirí Amharclainne.
• Scéim maoiniú: forbairt Drámaíochta.
• Tacaíocht chun hachmhainní drámaíochta a roinnt.

Ní mór foirmeacha iarratais a sheoladh chuig an Chomhairle ar líne. Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh gréasáin nua i gcomhair seirbhísí ar líne a chuireann ar do chumas iarratais a chur isteach go hiomlán ar líne. Le clárú agus le hiarratas a dhéanamh, téigh chuig suíomh gréasáin na seirbhísí ar line ag www.artscouncil.ie
Tuilleadh eolais faoi na deiseanna seo agus faoi chriteár na scéimeanna le fáil ag suíomh idirlín na comhairle.

Spriocdháta

12 Lúnasa, 2010.

Eolas

Seoladh: 70 Sráid Merrion, Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost: maeve.giles@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
Teileafón: 01 6180200

 

Íomhairt Colmcille.

Cothaíonn Colmcille caidreamh idir na pobail Ghaeilge in Éirinn agus in Albain ar bhealach a neartaíonn an teanga sa dá thír. San am i láthair, táimid ag iarraidh smaointí a nascfaidh an Ghaeilge sa dá thír, ar leibhéal an phobail, nó sna healaíon, nó san oideachas nó sa spórt. In imthosca ar bith ní dhéanfar maoiniú cúlghabhálach ar thionscadail. Ba cheart iarratais a bheith faighte ar a laghad sé seachtaine roimh an dáta a bhfuil imeacht le bheith ann ach amháin más deontais níos mó ná £10,000 a bhíonn á lorg. Sa chás sin tá sé riachtanach iarratais a chur isteach dhá mhí ar a laghad roimh dháta an tionscadail.
Is féidir iarratais suas go dtí £2,500 a chur isteach ag am ar bith. Más spéis leat iarratas a dhéanamh ar chabhair airgid, déan teagmháil, le do thoil, leis an oifigeach tionscnaimh i do réigiún fhéin ar dtús.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas



Seoladh:
Maolcholaim Scott, Colmcille, Foras na Gaeilge,
2 – 6 Sráid na Banríona, Béal Feirste. BT1 6ED
Teileafón: +44 (0) 28 90890983
Ríomhphost: mscott@forasnagaeilge.ie
Suíomh idirlín: http://www.colmcille.net/home-ge

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte). Is scéim leanúnach í Deis. Gach eolais faoin scéim agus faoi chriteár na scéime le fáil ag an sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

Scéim leanúnach.

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492

 

An Chomhairle Ealaíon

Scéím Cónaitheachta d’Ealaíontóirí damhsa

Is é cuspóir na scéime píolótaí seo ná líonra ealaíontóirí cónaitheacha damhsa a chobhsú ar fud na tíre agus tacú. Ní mór iarratais a chur isteach ar shuíomh greásáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Is é an t-uasmhéid a bhronnfar ná €15,000

Is iad seo a leanas aidhmeanna na scéime seo:
• cleachtas damhsa gairmiúil agus cleachtas damhsa sa phobal a dhaingniú i gcomhthéacsanna réigiúnacha éagsúla;
• deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí damhsa ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gclár saothair ealaíne atá ábhartha dá gcleachtas féin;
• deiseanna a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus d’ionaid cleachtas damhsa a fhorbairt ina gceantar féin;
• forbairt phleanáil agus inbhuanaitheacht fhadtréimhseach gníomhaíochtaí damhsa neamhspleácha a spreagadh.


Tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh na comhairle. Le clárú agus le hiarratas a dhéanamh, téigh chuig suíomh gréasáin na seirbhísí ar line ag www.artscouncil.ie

Spriocdháta

12 Lúnasa, 2010.

Eolas


Seoladh:
An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón:
01 618 02 20
R-phost: maeve.giles@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

An Chomhaire Ealaíona

Scéim na bhFéilte Beaga

Tá Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí Beaga ar fáil deagraíochtaí a eagraíonn agus a chuireann chun cinn féilte nó imeachtaí a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl i rith na bliana 2011. D’fhéadfadh go mbeadh cineál amháin ealaíne nó réimse leathan dfhoirmeacha ealaíne difriúla i gceist le féile. Tá an spriocdháta i gcomhair féilte agus imeachtaí a bheidh ar siúl idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh 2011 nó má tá sraith imeachtaí (m.sh. ceolchoirmeacha) á heagrú agat i rith na bliana féilire.

Tuilleadh eolais ar chriteár na scéime agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh na comhairle: www.artscouncil.ie

Spriocdháta

10 Meán Fómhair, 2010.

Eolas

Seoladh: Regina Oshea, 70 Sráid Merrion, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón:
01 618 02 20
R-phost: smallfestivals@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

An Chomhaire Ealaíona

Dámhachtán do tionscnamh nua.

Cuirfear na dámhachtán seo a leanas ar fáil d’imeachtaí i 2011

• Dámhachtán don rainnpháirtíocht san Ealaíon.
• Dámachtán do tionscnamh Sorcais.
• Dámachtán do tionscnamh Damhsa
• Dámachtán do tionscnamh Damhsa
• Dámachtán do tionscnamh Scanánnaíocht
• Dámachtán do tionscnamh Ceoil.
• Dámachtán do tionscnamh Taibhléiriú Sráide.
• Dámachtán do tionscnamh Drámaíochta.
• Dámachtán do tionscnamh Físealaíne.

Is féídir le heagrais nó le daoine aonair iarratas a déanamh ar na scéímeanna. Ní mór foirmeacha iarratais a chur isteach ar líne. Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh gréasáin nua i gcomhair seirbhísí ar líne a chuireann ar do chumas iarratais a chur isteach go hiomlán ar líne. Le clárú agus le hiarratas a dhéanamh, téigh chuig suíomh gréasáin na seirbhísí ar line ag www.artscouncil.ie

Tuilleadh eolais ar chriteár na scéime agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh na comhairle

Spriocdháta

2 Meán Fómhair

Eolas

Seoladh: An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón:
01 61 80 200
Suíomh idirlín: www.artscouncil.iehttp://onlineservices.artscouncil.ie

 

 

Create Ireland ( i gcomhair le Common Ground)

Dámhachtáin Meantóireachta ‘Connect’

Cuireann Create and Common Ground dhá chlár meantóireachta ar fáil; ceann amháin i réimse an Ealaín agus an tSláinte agus an ceann eile san Ealaín agus an Éagsúlacht cultúrtha.

An Ealaín agus an tSláinte - €1,000
Cuirfear fáilte roimh iarratas ó ealaíotóirí a bhíonn ag obair i gcomhthéasc na sláinte agus na seirbhísí sláinte. The mentoring award is open to artists, across all art forms, working collaboratively in health care contexts. The award is intended to support the establishment and development of mentoring support with a named mentor.

Éagsúlacht Chultúrtha - €1,000
Cuirfear fáilte roimh iarratas ó ealaíotóirí a bhíonn ag saothrú a gcuid oibre i timpeallacht nó i gcomhthéasc ilchultúrtha.

Tuilleadh eolais ar chriteár na scéime agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh na heagraíochta.

Spriocdháta

4 Lúnasa, 2010

Eolas

Seoladh: 10/11 Earl Street South, Dublin 8
Teileafón:
01- 473 6600
R-phost: info@create-ireland.ie
Suíomh idirlín: http://www.create-ireland.ie/projects-and-initiatives/mentoring.html

 

Físealaíontóirí na hÉireann / An Chomhairle Ealaíon.

Scéim – Spás oibre do fhísealaíontóirí, 2011.

Cuireann Físealaíontóirí na hÉireann, i bpáirtnéireacht leis an gComhairle Ealaíon fáíle roimh iarratais ó fhísealaíontóirí ar dheontais (uasmhéid de €30,000) i dtreo na gcostas a bhaineann le spás oibre ealaíontóirí. Eascraíonn an scéim seo as na moltaí a rinneadh sa tuarascáil ‘Visual Artists’ Workspaces in Ireland -A New Approach’, a d’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon anuraidh.
Tá €250,000 in iomlán curtha ar fáil faoin scéim. Is iad an Chomhairle Ealaíon a chuireann an maoiniú ar fáil ach is iad Físealaíontóirí na hÉireann a dhéanann riarachán ar an scéim. Tá tuilleadh eolais mar aon leis na treoirlínte le fáil ag www.visualartists.ie

Spriocdháta

9 Meán Fómhair, 2010.

Eolas

Seoladh: Visual Artists’ Workspace Scheme 2011, Visual Artists Ireland, 37 North Great Georges Street, Dublin 1
Teileafón:
Niamh Looney ag(01) 8722296
R-phost: info@visualartists.ie
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie

 


Deiseanna Eile

Ionad na Scríbhneoirí / Irish Writers Centre

Dearadh ar logó– Comórtas oscailte

Tá Ionad na Scríbhneoirí chun athbhrandáil a déanamh ar íomhá na heagraíochta. Mar chuid den phróiseas, is mian leis an eagraíocht logo nua a chruthú. Cuireann an eagraíocht fáilte roimh ealaíontóirí iarratas a déanamh ar chomórtas dearadh a dhéanamh ar an logo úr. Má tá tuilleadh eolais de dhíth faoi treoirlínte an chomórtais ní mhór ríomhphost a sheoladh chuig: info@writerscentre.ie

Spriocdháta

20 Lúnasa, 2010

Eolas

Seoladh: Irish Writers' Centre, 19 Cearnóg Pharnell, BÁC 1.
Ríomhphost: info@writerscentre.ie
Teileafón: 01 8721302..
Suíomh Idirlín: www.writerscentre.ie

 

AOIFE

Deis do cheoltóirí agus amhránaithe ag "Comhdháil na Léirtheoirí Éíreannach agus Ceilteach".

Cuireann sé luchair ar AOIFE go mbeidh Comhdháil na Léirtheoirí Éireannach agus Ceilteach ar siúl in Éireann i mbliana. Beidh léiritheoirí mór le rá as gach carn den domhan i láthair ag an gcomhdháil. Cuirfear seod de cheol na hÉireann i láthair ag an gcomhdháil agus fáiltíonn Aoife roimh iarratas ó cheoltóirí agus amhránaithe ar mhian leo a bheith páirteach i sraith cheolchoirmeacha a léireofar mar chuid den chomhdháil.

Tá gach eolas faoin bpróiseas iarratais, na treoirlínte agus gach eolas eile le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

3 Meán Fómhair, 2010.

Eolas

Seoladh: Amy Dillon AOIFE The Enterprise and Technology Centre Creagh, Ballinasloe Co Galway
Teileafón: 353 90 964 3779
Ríomhphost: amy@aoifeonline.com
Suíomh Idirlín: http://www.aoifeonline.com/

 

Ionad Ealaíne Rua Red

Aonach Ceardaíochta agus Ealaíne – Deis d’ealaíontóirí

Tá RUA RED ag eagrú Aonach Ceardaíochta agus Ealaíne ón 9 – 11 Nollaig, 2010. Is féidir le healaíontóirí nó le heagraíochtaí Ealaíne seastán a fháil ag an bhféile i mbliana. Cuirfidh Rua Red feachtas mór margaíochta I bhfeidhm agus is deis mhaith é chun táirgí Ealaíne a dhíol. Is Ionad ealaíne é Rua Red atá lonnaithe I mBaile Átha Cliath.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Seoladh: Rua Red, South Dublin Arts Centre, Tallaght, Dublin 24
Teileafón: 01 4515860
Ríomhphost: opportunities@ruared.ie
Suíomh Idirlín: www.ruared.ie

 

Committee on the Administration of Justice

Coimisiún Ealaíne.

Mar chuid de mór-chomhdháil, cuireann an Coiste Riaradh an Cirt fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóir ar choimisiún ealaíne. Iarrtar ar ealaiontóirí íomha a chruthú a bheidh mar shiombail den chomhdháil agus a úsáifear ar an ábhair phoiblíochta uilig.


Tá gach eolas faoin gcoimisiún le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

13 Lúnasa.

Eolas

Seoladh: CAJ, 2 nd Floor, Sturgen Building, 9 – 15 Queen Street, Belfast, BT1 6EA
Ríomhphost: jacq@caj.org.uk

 

Comhairle Cathrach Dhoire


Teanga, Ealaíon agus Féiniúlacht – Gaeilge, Béarla agus Albainis Uladh F/ch: Ealaíontóirí, Meithleacha Ealaíontóirí agus Eagraíochtaí Ealaíon

Fáiltíonn Comhairle Cathrach Dhoire roimh Ealaíontóirí agus Eagraíochtaí Ealaíon le tionscadal Teanga agus Ealaíon a fhorbairt faoi Chuspóir 10.9 de Chlár Deachaidrimh na Comhairle Cathrach dar teideal ‘Ag baint feidhm as na hEalaíona leis an tionchar atá ag Gaeilge, Béarla agus Albainis Uladh ar ár bhféiniúlacht chultúrtha a scrúdú agus le meas ar éagsúlacht teangacha agus chultúrtha a mhéadú’

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Seoladh: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN
Teileafón: (028) 71 376 579
Téacsfón: (028) 71 376 646
Ríomhphost: pol.ofrighil@derrycity.gov.uk
Suíomh Idirlín: www.derrycity.gov.uk/gaeilge



Oiliúint

OÉ Gaillimh (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le Roinn na Gaeilge)

Dioplóma i Léann an Traidisiúin

Tugann an cúrsa seo deis do dhaoine níos mó eolais a fháil ar a n-oidhreacht chultúrtha agus tuiscint níos fearr a fháil ar thraidisiún a gceantair féin trí dhíriú ar réimsí mar an scéalaíocht; ceol & amhránaíocht; tuiscintí faoi ádh agus mí-ádh; nósanna bainteach le saolú, pósadh agus bás; iascaireacht, talmhaíocht agus ceardaíocht thraidisiúnta; logainmneacha agus sloinnte.

Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain Ollscoile

Carna: Ar siúl oíche den tseachtain

An Daingean: Ar siúl uair sa choicís, tráthnóna Dé hAoine & maidin Dé Sathairn

Níl aon táille ar an gcúrsa seo


Spriocdháta

13 Lúnasa, 2010

Eolas

Seoladh: Dónal Ó Droighneáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. na Gaillimhe
Ríomhphost: donal.odroighneain@oegaillimh.ie
Teileafón: 095 32834

 

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

BA Staideár i gCritique agus na Físealaíne.

Is cúrsa lán aimseartha tri bliana é seo a bheidh ag tosnú i mí Mheán Fomhair, 2010. Déanfar staideár cuimsitheach ar an gcultúr físiúil agus ar an stair agus na teoiricí a bhaineann leis. Tá gach eolas faoin gcúrsa le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist.

Eolas

Seoladh: School of Art Design and Printing, Dublin Institute of Technology, Mountjoy Square.
Blag: bavacs.blogspot.com
Suíomh Idirlín: www.dit.ie/study/undergraduate/az/title,34311,en.html

 

Business to Arts

Cúrsaí oiliúna

Is féidir le heagraíochtaí ealaíne atá mar bhaill de Buisness to Arts lascaine shuntasach a fháil ar na cúrsaí oiliúna a eagraíonn an Irish Times agus an comhlacht, Sureskills. Cuireann an Irish Times agus Sureskills clár leathan de chúrsaí gnó, margaíochta agus gairmiúla ar fáil. Is cúrsaí iad seo a bhainfeadh gniomhairí ealaíne an-thairbe astu. Cuireann Business to Arts réimse leathan de chúrsaí sainspeisialta ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne chomh maith. Gach eolas le fáil ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie

 

Comhairle Náisiúnta na nÓg

Cúrsaí Oiliúna sna hEalaíona.

Cuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg réimse leathan de chúrsaí ar fáil i réimsí éagsúla de na healaíona, le béim ar leith ar na healaíona don aos óg. Is féidir liosta de na cúrsaí agus gach eolas a fháil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Spriocdháta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: 3 Sráid Mhontague, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 4784122
Ríomhphost: training@nyci.ie
Suíomh Idirlín: www.youth.ie

 

Cló Cheardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall.

Cúrsaí Oilúna – Samhradh 2010.

Tá Cló (Ceardlann amharcealaíne) ag reachtáil scoil samhraidh sna físealaíne. Beidh na cúrsaí agus na ceardlanna ar siúl sa bharrionad físealaíne atá ag an eagraíocht i nGaeltacht Thír Chonaill. Is é seo a leanas an t-amchlár:.
• 16ú – 20ú Lúnasa 2010 Cúrsa í péinteáil radharc tíre le Heidi Nguyen. (10 – 4 p.m)
• 14 – 15 Lúnssa 2010: Teicnicí turgnamhacha priondála d’ealaíontóirí. Teagascóir: Dannielle Creenaune (10 a.m. – 4 p.m).
• 21 – 22 August 2010: Eiseáil & chine collé. Teagascóir: Dannielle Creenaune (10 a.m. – 4 p.m.)

Spriocdháta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: Cló Ceardlann na gCnoc, Mín an Leá, Gort a Choirce, Co. Dhún na nGall.
Teileafón: 353 (0) 7491 - 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.clo.ie

 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI).

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI) - Cúrsa sa Fhorbairt Ghairimiúil 2010

Tá an CCOI ag eagrú sraith cheardlanna i ngach ceann de mór réigiún na tíre. Díreoidh na ceardlanna ar cheardaithe gairimúla agus ar eagraíochtaí a chuireann béim ar an bhfiontair. I measc na n-ábhar, tá Díolachán agus Margaíocht; Airgeadas; agus Fiontraíocht.

Curifear na ceardlanna ar siúl i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh, agus bronnfar teastas ag deireadh an chúrsa.


Spriocdháta

Dátaí éagsúla go dtí an 2 Samhain

Eolas

Seoladh: Emer Ferran, Education, Training & Development Officer, Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland
Teileafón: +353 (0)56 7761804
Ríomhphost: info@ccoi.ie emer@ccoi.ie
Suíomh Idirlín: www.ccoi.ie

 

 

Oideas Gael

Ranganna Ealaíne, Ceoil & Ceardaíochta

Tá Oideas Gael ag eagrú sraith de cheardlanna agus cúrsaí san Ealaíon, sa Cheol agus sa Cheardaíochta sna míonna amach romhainn. Is iad seo a leanas na cúrsaí a bheidh siad ag cur ar fáíl:
• Scoil Samhraidh Péintéireachta Mara agus Tírdhreach:

• Fí Táipéise.
• Cláirseach
• An Fheadóg

Chomh maith le sin, cuireann Oideas Gael clár leathan d'imeachtaí ar siúil i rith an tsamhraidh, idir cheol, chúrsaí teanga agus cultúr, agus chúrsaí ealaíne. Gach eolas faoi na cúrsaí le fáil ar shuíomh idirlín Oideas Gael. Tá suíomh Facebook ag Oideas Gael.



Spriocdháta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
Teileafón: +353 (0)74 973 0248
Ríomhphost: eolas@oideas-gael.com
Suíomh Idirlín: www.Oideas-Gael.com

 


 

Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún

Comhairle Chontae Co. Mhaigh Eo – Landmark.

Clár Ealaíon Poiblí – Landmark

Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí ar chlár Ealaíon Poiblí. Tá ceithre shraith sa chlár:

• Scéim Cónaithe – Scéim amháin ar luach: €30,000
• Coimisiún do phíosa físealaíon buaine – Dhá choimisiún €30,000 agus €45,000 an ceann.
• Ealaíon sealadach, taibhléiriú nó imeach. Dhá choimisiún. €15,000 agus €10,000 an ceann.
• Spárántacht oiliúna – dhá sparántacht – €5,000 an ceann.

Is féidir tuilleadh eolais faoi na scéimeann uilig a fháil ag na sonraí teagmhála thíos mar aon leis na treoirlínte agus leabhrán fáisnéise.

Spriocdháta

12 Lúnasa, 2010

Eolas

Seoladh : Gaynor Seville, Public Art Co-ordinator, Mayo County Council
Teileafón: 00353 (0) 94 904 7561
Ríomhphost: gseville@mayococo.ie
Suíomh idirlín: www.mayococo.ie - under arts service and in public art section.

 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne ná na healaiona d'árd chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá clár dushlánach leagtha amach ag an ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reachtáiltear na himeachtaí go léir san Ionad.

Ealaín na Gaeltachta Ealaín na Gaeltachta

• 18 Meán Fómhair Ceolchoirm Traidisiúnta le Jackie Daly, Matt Cranitch agus John Faulkner

• 24.Meán Fómhair, 17.00: Oíche Chultúir le léacht, scannán agus ceolchoirm

• 09 Meán Fómhair – 19 Deireadh Fómhair: Taispeántas físealaíne –‘Daichead’ le Gearóid Ó Duinnín

• 1 Deireadh Fómhair: Ceolchoirm Traidisiúnta le Liz & Yvonne Kane agus Edel Fox

Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


Arás Éanna, Inis Oirr
Is Ionad Ealaíne é Áras Éanna atá suite ar Inis Oirr. Cuireann an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí ealaíne agus cultúrtha ar siúl.

Mí Lúnasa: Taispeantas Ealaíne le Ciara Foster agus Caroline Patten in Áras Éanna.

6 Lúnasa ar aghaidh: i Halla na Cathrach, Gallimh. ‘10 mbliana ag fás’ – Taispeántas Ealaíne leis na ealaíontóirí atá ceangal acu le Áras Éanna.

8 Lúnasa: Ceolchoirm le Dr Janet Harbison agus a cheolfhoireann cruite.

14/15 Lúnasa: Féile na gCurachaí – Dráma ghrinn leis na Gombeens amuigh faoin aer.

21-22 Lúnasa: Ceardlanna físealaíne le Dara McGee

21 Lúnasa: Ceolchoirm le Mad Uncle Harry.

3 -5 Méan Fomhair: Féile na nEalaíon Traidisiúnta. Ceardlann filíochta, taispeántas ealaíne, drámaíocht, ceol agus rogha leathan eile d’imeacthaí.

17 -19 Meán Fómhair: Féile Ealaín ar Oileán.

25 Meán Fómhair: Ceolchoirm le Damien Dempsey.

Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní Ghallchóir:
Ríomhphost:araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann, Co Na Gaillimhe.


Gailearaí Joan Clancy, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar ó Dhún Garbhán. Tá stádas á bhaint amach aige de réir a chéile mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.

30ú Iúil – 15ú Lunasa. The Clancy Brothers & Tommy Makem – Ómós dá nOidhreacht Chultúrtha.
Deireadh ré ba ea bás Liam Clancy, i Mí na Nollag 09 agus is taispeántas é a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha na Clancy’s agus Tommy Makem. I measc na bpíosaí a chuirfear i láthair le linn an Taispeántas Ómósach, beidh saothar de chuid na bhfísealaíontóirí Orla Clancy iníon le Paddy agus Mary, Blawnin agus Rayleen Clancy iníonacha Tom agus Joan, Arthur Maderson, Bernadette Kiely, Una Sealy, Tom Climent, Katarzyna Gajewska, Dave West, Mary Clancy (ná fuil gaolta), Paul Flynn, Andrea Jameson, John Cullinan, Laura Fitzgerald agus eile.


30ú Iúil – 15ú Lunasa. Taispeántas Grúpa. Taispeántas leis na healaíontóirí: Arthur Maderson, Tom Climent, Mary Clancy, Bernadette Kiely, Blawnin Clancy, Una Sealy, Rayleen Clancy, Katarzyna Gajewska, Orla Clancy, Paul Flynn, Andrea Jameson, Dave West, John Cullinan, Laura Fitzgerald.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó 086 8134597
Seoladh : Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge


Imeachtaí ceol - Tionscnamh Lugh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Dermott Byrne agus Floriane Blancke
Ionad Cois Locha, Dun Luiche. De Mairt 27 Lúnasa. 8.30 p.m.
Níl mórán a sháródh Dermot Byrne ar an domhan chláir mar bhoscadóir ceoil. Tá sé aitheanta mar bhaill den ghrúpa cáiliúil Altan. Beidh sé ag ceol i dteanna Floriane Blancke ón bhFrainc; cláirseoir, fidléir, pianadóir agus ceoltóir den scoth.

Cór Thaobh a Leithead
Ionad Cois Locha, Dun Luiche. Dé Máirt 10 Lúnasa, 8.30 p.m.
Cuireann Tionscnam Lugh i láthair an cór traidisiúnta as Gaeltacht Thír Chonaill faoi stiúir Doimnic Mac Giolla Bhríde. Cruthaíonn an cór fuaim sean-nósach cé go bhfuil cóiriú déanta ar na sean amhráin traidisiúnta. Ceol aoibheann den scoth.

Daniel O Connor & John McSherry.
Ionad Cois Locha, Dun Luiche, De Máirt 17 Lúnasa. 8-30pm.
Fidléir agus píobaire den cheád scoth le oidreacht shaibhir ceoil ag an mbeirt cheoltóir óga seo. Máistírí ceoil atá taifid déanta acu le réalta móra ar nós Clanna, Sineád O Connor, Nancy Griffith, Shaun Davey agus eile
.
Brendan Henry agus Brendan Mulholland.
Ionad Cois Locha, Dun Luiche, De Máirt 24 Lúnasa. 8-30pm.
Ní habhar iontais cúpla stócach as Cúige Uladh a bheith i mbun flúite agus fidil, ach nuair a fhaigheann siad sáite sa cheol, curieann an bheirt cheoltóir seo dlaoi theasaí bhríomhar ar a gcuid ceoil.

Tommy agus Sandra Ó Suilleabháin.
Ionad Cois Locha, Dun Luiche, De Máirt 31Lúnasa. 8-30pm.
Ní fhaigheann muintir Thír Chonaill deis an bheirt cheoltóir oilte agus iomráiteach seo a chluinstin go minic. Tá trí albam curtha le chéile acu mar bhaill den ghrúpa Slaibh Notes agus albam dísréid le Paddy Keenan, píobaire an Both Band, chomh maith le dhá albam aonréid curtha le chéile acu féin darbh teideal Legacy agus Song Ablaze.

Club- Ceol Amhrán
Oiche amhránaíochta oscailte in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair.
29 Lúnasa (mar chuid de Fhéile Ghaoth Dobhair/ 15 Meán Fómhair / 24 Meán Fómhair (mar chuid den Oíche Chultúir / 13 Deireadh Fómhair/ 10 Samhain. 9. 30 i.n. Fáilte romhat má tá tú ag iarraidh amhrán a cheol nó go díreach suí agus éisteacht.

Cuireann Maireád Ní Mhaonaigh i láthair
Sraith ceolchoirmeacha curtha i lathair ag Maireád Ní Mhaonaigh. Ionad Cois Locha, Dún Lúiche. 8. 30 i.n.
Meán Fómhair: Ceolchoirm le Maireád Ní Mhaonaigh, Manus Lunny agus Glen Hansard. Dáta le socrú.
25 Samhain: Maireád Ní Mhaonaigh i gcuideachta Manus Lunny , le Sharon Shannon agus Liam Ó Maonlaí.

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín: www.tlugh.com
Ríomhphost:info@tlugh.com


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh Idirlín: www.craiceailte.com


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta.

Dé Máirt 8 Lúnasa, 8.00 i.n.: Ceol ón mBlascaod: Áine Úi Laoithe (bosca ceoil agus amhránaí), Eilín Ní Chearnaigh (amhránaí), Sean Leahy (giotár) agus Jeremy Spencer (veidhlín).

Dé Máirt 10 Lúnasa, 8.00 i.n.: Lumiéire – seod ceoil le Éilis Kennedy, Pauline Scanlon agus Donogh Hennessy.

Dé Máirt 17 Lúnasa, 8.00 i.n.: Eorna Loughnane agus Cairde. Is veidhleidóir leis an Vienna Philharmonic Orchestra í Eorna.

Táille: €10

 

Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie www.ceiliuradh.com


Lab na Mainistreach (An Lab) Sr. Eoin, An Daingean:

11 - 12 Lúnasa.

Port na Mammies, gearr-dráma le Ceaití Ní Bheildiúin á léiriú ag AnnÓg Ar Aghaidh ag 8pm i dteannta le ceol ó Cúilín Quartet agus Caifé du Jazz.
17 Lúnasa: Eithne Ní Chatháin agus Banna, ceolchoirm ag tosnú ag 8pm<

Tuilleadh Eolas
Teileafón: Áine Moynihan (087/8546572)


Sraith chláracha d’Fhilíocht agus de Cheol ón gCaife Liteartha sa Daingean.

6.10 – 7.00pm gach Domhnach go 12 Meán Fómhair ar Kerry Radio .


8 Lúnasa File: Micheál Ó Fionnán
Ceoltóirí: Muintir Uí Shé, Dún Chaoin & Sláine Ní Chathalláin.

15 Lúnasa File: An Mons. Padraig Ó Fiannachta
Ceoltóirí: Cillian Ó Briain & Bríd Donnelly.

22 Lúnasa File: Pádraig Mac Fhearghusa
Ceoltóirí:Feargal Mac Amhlaoibh & Áine Uí Laoithe

29 Lúnasa File: Ceaití Ní Bheildiúin
Ceoltóirí: Eoin Duignan, Seosamh Ó Críodáin & Sláine Ní Chathallaín.

5 Meán Fómhair File: Dairéna Ní Chinnéide Amhránaí: Eíbhlís Ní Chinnéide
Ceoltóirí:Jeremy Spenser & Seán Ó Laoithe

12 Meán FómhairFile: Maidhc Dainín Ó Sé
Ceoltóirí: Maidhc Dainín & Eithne Ní Chatháin.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: 066-7123666
Seoladh:
Maine St., Tralee, Co. Kerry
Ríomhphost: info@radiokerry.ie
Suíomh Idirlín: www.radiokerry.ie


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Seisiúin Ceol Traidisiúnta: Beidh seisiún ceol traidisiúnta in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, gach Déardaoin –go dtí 26ú Lúnasa.

Seisiúin Ceoil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann
Beidh seisiúin cheoil traidisiúnta in Áras Inis Gluaire gach Déardaoin ag 9.00 i.n., go dtí 26ú Lúnasa. Téigh isteach i gCraobh Chlann Lir (brainse Iorrais de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann) i gcóir oíche cheoil, amhránaíochta, damhsa agus scéalaíocht traidisiúnta. Amharc, éist, agus glac páirt, nuair a taispeánann ár gceoltóirí óga a dtallanna i traidisiúin Gaelach agus cultúrtha. Beidh aoi-cheoltóirí nó aoi-amhránaithe gach seachtain. Tá fáilte roimh cheoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí. Seo ócáid do gach aois agus do gach ball den teaghlach - fáilte roimh chách! Táille €10 (€5 lamháltais) nó €20 clann. Teagmháil 097 81079.

Jeff Tuttle
Is duine cáiliúil ceol tuaithe é Jeff Tuttle, agus cuirfidh sé tús le camchuairt na hÉireann in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Dé hAoine, 6ú Lúnasa. Rugadh é i Michigan agus thosaigh sé ag canadh ceol tuaithe i Detroit i 1990. Bhí Jeff ina chónaí i Nashville agus d’oibrigh sé le daoine aitheanta i gceol tuaithe. Roinn sé an stáitse le leithéidí Waylon Jennings, Johnny Cash, Willie Nelson, Tammy Wynette, Randy Travis, Martina McBride, Trisha Yearwood, Billy Ray Cyrus, Garth Brooks, Aaron Tippin, Tanya Tucker, Lynyrd Skynyrd, Hank Williams Jr, Faith Hill, Sara Evans, Kenny Chesney, Keith Urban, agus Brooks & Dunn. Tá Jeff ina chónaí i gCo. Mhaigh Eo anois agus beidh sé ag seinm at 9.00i.n. in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Dé hAoine, 6ú Lúnasa. Ticéid €15 / €12.

Taispeántas Ealaíontóir Áitiúil
Tar éis taispeántas rathúil na bliana seo caite, tá áthas ar Áras Inis Gluaire taispeántas le healaíontóir áitiúla a reáchtáil arís don dara bliain agus beidh sé ar siúl i rith mhí Lúnasa. Seo deis duit amharc ar shaothar ealaíontóirí Iorrais. Déan teagmháil le 097 81079 chun tuilleadh eolais a fháil.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/


Taispeántas Ealaíne: le Maurice Galway
An Gailearaí /Ceardlann na gCroisbhealach An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

4 Iúil – 31 Lúnasa – Mar chuid de Fhéile an Earagail.
Taispeántas leis an gCiarraíoch ildánach, Mauirce Galway. Taispeántas ina bhfuil suiteáíl scannáin, ‘Drying in the Rain’ (a choimisúnaíodh go speisialta d’Fhéile Ealaíne an Earagail i mbliana) mar bunchloch an togra. Tá líníochtaí mín, simplí, a chuirfeadh saothar Matisse nó Picasso i gcuimhne duit, mar chuid den taispeántas chomh maith.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9165594
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Suíomh Idirlín: www.angailearai.com
Ríomhphost: ceardlann@eircom.net


Taispeántas ealaíne leis an físealaíontóir, Nora Duffy.
Go dtí an 6 Lúnasa - The Workhouse, Dunfanaghy (Dún Fhionnchaidh).Ar oscailt achan lá. 10 r.n – 5 i.n. Is caoradóir í Nóra atá ina chónaí faoi scáth na gcnoc in Iar Thuaisceart Dhún na nGall. Léirítear éagsúlacht na séasúir ina cuid saothair agus is ábhar inspioráid di eágsúlacht na ndathanna agus an tsolais atá le brath sa chuid seo tíre. Cleachtann Nora foirm ealaíne éagsúla… péinteáil, líoníocht, priontáil agus eile. Cuireadh saothar Nóra ar thaispeantas sa RDS, i dtaispeántas an NorthWest agus go i go leor áiteanna eile. Is leas chathaoirleach agus Rúnaí í ar CUISLE, comhthionóil de cheardaithe agus ealaíontóirí atá ag obair i nGaeltacht Thír Chonaill. Is baill de IFA, Dún na nGall, í Nóra fosta.


Féiltí

Féile Lúnasa Ghaeltacht an Leith Triúigh
Halla Le Chéile, Bréanainn, Co. Chiarraí
Déanann an fhéile spleodrach seo ceiliúradh ar an traidisiún agus ar an oidhreacht a bhaineann le ceantar Chlocháin Bréanainn, Crom Dubh agus ar na traidisiúin a bhaineann le ceiliúradh an Fhómhair.


Breis eolais
Teileafón: 066 7138173
Ríomhphost: eolas@cflt.ie
Suíomh Idirlín: www.cflt.ie


Féile An Phobail - Iarthar Bhéal Féirste
31 Iúil – 8 Lúnasa

An fhéile Ealaíne pobail is mó san Eoraip! Imeachtaí ar árdchaighdeán, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ceann de mhórfhéiltí na tíre, le béim láidir ar an teanga agus an traidisiún. Clár na n-imeachtaí agus na sonraí uilig le fáil r shuíomh idirlín an bhféile.

Breis eolais
Ríomhphost: info@feilebelfast.com Seoladh: Sean Paul O'Hare, 473 Bóthar na bhFál, Béal Féirste BT12 6DD
Teileafón: 048 903 13440 nó 048 9031 9150
Suíomh Idirlín: http://www.feilebelfast.com


Draíocht na Mara
Ionad Naomh Pádraig, Dobhair ar 13ú Lúnasa 2010.

Féasta Bia Mara: Ceol le fidleírí Tuaisceart na hAontroma & ceoltóirí áitiúla

Breis eolais
Suíomh Idirlín: http://www.ionadnp.ie


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

http://www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.