|
|
Nuacht
Fáilte go nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta
Tá rogha leathan d’ imeachtaí
agus de fheiltí ar siúl ar fud na
Gaeltachta i rith mí Lúnasa. Tugann na himeachtaí
agus na féíltí ardán do cheol
agus d’oidhreacht shaibhir na Gaeltachta.
Tá neart féiltí le blas Gaelach ar
siúl ar fud na tíre chomh maith mar aon leis
neart imeachtaí ealaíona ilghnéitheacha
agus ildánacha eile. Tá tuilleadh eolais fúthu
uilig ar fáil sa ríomhlitir. Lena hais sin,
tá eolas faoina deiseanna éagsúla atá
ar fáil d’ealaíontóirí
agus d’eagraíochtaí ealaíne,
idir dheontas, oiliúint, fholúntais agus eile.
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie
má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna
& r.l. de dhíth nó má tá
aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir
eile.
Folúntas
| The Ark
|
Oifigeach Cumarsáide (Saoire Máithreachais)
Tá folúntas ag an Ionad cultúrtha,
the Ark, don phost, Oifigeach Cumarsáide. Fáilteofar
roimh iarratais ó dhaoine réamhghníomhúil
agus fuinniúil atá ar a laghad 5 bliana
de taithí acu. Conradh 8 mí atá
i gceist; mhí Dheireadh Fómhair, 2011–
mí na Bealtaine, 2012.
Tá gach eolas ar an bpost le fáil ag
na sonraí teagmhála thíos.
|
|
Dáta
|
12 Lúnasa,
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: The Ark, A Cultural Centre
for Children, 11a Eustace Street, Temple Bar, Dublin
2.
Ríomhphost: avrilryan@ark.ie
Suíomh Idirlín: www.theark.ie
|
| Oifig Ealaíne,
Comhairle Chontae Thiobraid Árainn Thuaidh.
|
Stiúrthóir na bhFéilte
Cuireann an oifig ealaíne de chuid Chomhairle
Chontae Thiobraid Árainn Thuaidh fáilte
roimh iarratais ar an bpost, Stiúrthóir
na bhféilte. Beidh an té a cheapfar
freagrach as có-ordnú agus bolscaireacht
ar chlár bhféilte a reáchtálann
na comhairle gach bliain.
Tá gach eolas ar an bpost le fáil ag
na sonraí teagmhála thíos.
|
|
Dáta
|
20 Iúil,
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Human Resources Section, Civic Offices, Limerick Road,
Nenagh, Co. Tipperary
Teileafón: 067 44860
Suíomh Idirlín: www.tipperarynorth.ie/arts
Ríomhphost: rosemary.gleeson@northtippcoco.ie
|
| Glór, Ionad
Ealaíne.
|
Stiúrthóir Ionad Ealaíne
Tá folúntas Glór, ionad ealaíne
agus siamsaíochta in Inis gCo. An Chláír
do stiúrthóir. Ní mhór
go mbeadh taithí leathan ag iarratasóirí
i mbainistíocht ealaíne nó ag
bainistiú ionad ealaíne.
Tá gach eolas ar an bpost le fáil ag
na sonraí teagmhála thíos.
|
|
Dáta
|
10 Lúnasa,
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Director Role, glór, Causeway Link, Ennis,
Co. Clare
Suíomh Idirlín: www.glor.ie/zdocs/glorDirectorJobDescription2011.pdf
Ríomhphost: director@glor.ie
|
Deiseanna
Deontais
| An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtainí Taistil agus
Oilúna
Tá dhá shraith ag baint leis an dámhachtain
seo. Is í an phríomhshraith ná
Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici
sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú
ar fáil; is í an dara sraith ná
Taisteal agus Oiliúint Isteach.
Uasmhéid Bronnta: €12,000
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Suíomh idirlín:
http://www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Deis
Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon
traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú
tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon
le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann
a gcuid tograí go rómhaith do na cláir
mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag
an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí
ó gach réimse de na healaíona
traidisiúnta (ceol, amhránaíocht
agus rince traidisiúnta agus na healaíona
béil, cosúil leis an scéalaíocht
agus an t-agallamh beirte). Gach eolais faoin scéim
agus faoi chriteár na scéime le fáil
ag an sonraí teagmhála thíosluaite.
|
|
Spriocdháta
|
9 Meitheamh, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: traditionalarts@artscouncil.ie
Callsave: 1850 392 492
|
| Cultúr Éireann
|
Cultúr Éireann – Deontas.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú
ar eagraíochtaí ealaíona nó
ealaíontóirí chun sár-imeachtaí
cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl
thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh
ócáidí (m.sh. léiriúcháin,
taispeántais, léachtaí), ócáidí
nach mbíonn an eagraíocht ná
an léiriúchán féin in
ann na costais ina leith a íoc. Tá foirmeacha
agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh
gréasáin
|
|
Spriocdháta
|
15 Lúnasa, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh : Cultúr Éireann,
Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 00 353
1 6313905/3994/3917
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie
Suíomh
Idirlín: www.cultureireland.gov.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéím na Scríbhneoirí
sa Scoileanna
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú
ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann
a riarann Í Cuireann an scéim ar chumas
dealaíontóirí oibriú le
príosúnaithe i bpríosún/ionaid
choinneála ar feadh thréimhse 8-10 lá
agus comhlánaíonn sí clár
ealaíon agus oideachais atá ann cheana
féin sna Aonaid Oideachais laistigh de chóras
na bpríosún
Uasmhéid Bronnta: €2,400
Tá sonraí teagmhála le fáil
ar shuíomh Gréasáin na Comhairle
Ealaíon www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spreagtar gach iarratasóir suíomh Gréasáin
na seirbhísí ar líne a úsáid
aspx http://onlineservices.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
Leanúnach
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353
1 618 0200
Ríomhphost: writersinschools@poetryireland.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim na bhFéilte Ealaíon
Beaga
Tá Scéim na bhFéilte agus na
n-imeachtaí Beaga ar fáil d’eagraíochtaí
a chuireann féilte nó imeachtaí
chun cinn, a bhfuil cuspóir soiléir
ealaíonta acu, a bheidh ar siúl i rith
na bliana 2012.
Is féidir go mbeadh cineál amháin
ealaíne nó réimse leathan d’fhoirmeacha
ealaíne difriúla i gceist le féile.
Is é atá i gceist le "imeachtaí"
ná tionscadail aon ócáide nó
cláir a bhíonn ar bun thar roinnt míonna
(m.sh. sraith ceolchoirmeacha). (Ba chóir iarratas
a dhéanamh ar chlár bliana iomlán
i mBabhta 1)
Tá gach eolais le fáil ar shuíomh
idirlín na comhairle: www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
9 Meán Fómhair,
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: smallfestivals@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíona
|
An Chomhairle Ealaíona - Dámhachtain
Tá an chomhairle Ealaíona ag tairiscint
dámachtan sna réimsí seo a leanas:
• Dámachtain do thionscadal Ceoil
• Thionscadal Sráidealaíon agus
Seonna
• Dámhachtain do Thionscadal Scannáin
• Dámhachtain do Thionscadal Damhsa
• Dámhachtain do Thionscadal Téatair
• Dámhachtain do Thionscadal Rannpháirtíochta
s
• Dámhachtain do Thionscadal Sorcais
• Dámhachtain do Thionscadal Físealaíon
Tá gach eolais le fáil ar shuíomh
idirlín na comhairle: www.artscouncil.ie
|
|
Spriocdháta
|
01 Meán Fómhair
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
2
Teileafón: +353 1 618 0200
Ríomhphost: awards@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
|
| An Gréasán
Ceoil
|
Scéim Taifid Ceoil, 2011
Reáchtálann an Gréasán
Ceoil an Scéim Taifid Ceoil i gcomhair leis
an gComhairle Ealaíon. Tugann an scéim
tacaíocht do cheoltóirí agus
do chumadóirí ceoil le taifid a dhéanamh
ar a gcuid ceoil (san earnáil neamh-brabúsach,
de ghnáth). Is é priomhchuspóir
na scéime ná cinntiú go gcaomhnófar
ceol na tíre seo, go mór mór
ceoil atá tábhacht ar leith ag baint
leis nó ceol atá i mbaol.
Bronnfar dámhactán suas go €10,000.
Tuilleadh eolais ar chritéar na scéime
agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh
idirlín na heagraíochta.
|
|
Spriocdháta
|
19 Meán Fómhair,
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: Andreas Ziemons
Performance Programme Administrator
Music Network , Teach an Chóiste, Baile Átha
Cliath 2
Teileafón: 01 6719429.
Ríomhphost; concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie
|
| An Greásán
Ceoil
|
Making Overtures – clár forbartha
do cheoltóirí.
Is clár i bhforbairt phroifisiúnta
do cheoltóirí agus do chumadóirí
gairmiúla é Making overtures. Cuirtear
saineolas gnó agus bainistíocht mar
aon les tacaíocht proifisiúnta ar fáil
do na rannpháirtithe ionas go mbeidh siad ábalta
saothrú mar cheoltóirí gairmiúla.
I measc na n-ábhar ar an gcúrsa tá
airgeadas agus cúrsaí canach; bainistíocht;
margaíocht, cóipcheart ceoil; bainistíocht
léiriúcháin agus ar eile.
Láthair an chúrsa: Centre for Creative
Practices, 15 Pembroke Street Lower, Dublin 2
Dátaí an chúrsa: 1-4 Samhain.
|
|
Spriocdháta
|
26 Meán Fómhair,
2011
|
|
Eolas
|
Seoladh: Music Network , Teach an Chóiste,
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 6719429.
Ríomhphost: development@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín:
www.musicnetwork.ie
|
| An Gréasán
Ceoil
|
Scéim Chaipiteal Ceoil
Tugann an scéim seo tacaíocht do cheoltóirí
agus do bhuíon cheoil uirlisí ceoil
a cheannacht. Tá dhá phríomhsruth
sa scéim:
Sruth 1: Ceannacht Uirlisí Ceoil do bhuíon
Ceoil (neamh-brabúsach) (Ciste €200,000)
Sruth 2: Ceannacht uirlisí Ceoil do cheoltóirí
aonaracha. (Ciste €100,000)
Tuilleadh eolais ar chriteár na scéime
agus ar na treoirlínte le fáil ag suíomh
idirlín na heagraíochta.
|
|
Spriocdháta
|
4 Deireadh Fómhair,
2011.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Andreas Ziemons, Performance Programme
Administrator, Music Network , Teach an Chóiste,
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 016719249
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie
|
| Foras na Gaeilge
|
Scéim na gCoimisiún
Is í aidhm na scéime seo ciste coimisiúnaithe a dháileadh
i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go
gcinnteofar soláthar sásúil sna
réimsí éagsúla léitheoireachta.
|
|
Spriocdháta
|
31 Lúnasa, 2011.
|
|
Eolas
|
Seoladh: Foras na Gaeilge, Ráth Chain,
Baile Átha Buí, Co. na Mí
Teileafón: 046943 0419
Facs: 0469430420
Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie
Suíomh idirlín: www.leabhar.ie
|
Deiseanna
Eile
| An Greásán
Ceoil
|
Damhachtán
Náisiúnta na gCeoltóirí
óga
Fáiltíonn an Gréasán Ceoil
roimh iarratais ar an dámahachtán náisiúnta
do cheoltóirí óga. Fáilteofar
roimh iarratais ó ghrúpaí traidisiúnta
ar mhian leo slí bheatha a bhaint amach san
earnáil ceoil ar bhun gairimiúil. Tré
an scéim, cuirfear deiseanna meantóireachta,
taifead agus forbairt gairmiúil ar fáil
ar feadh tréimhse trí bhliain mar aon
leis roinnt deiseanna eile.
Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Seoladh: The
Coach house, Dublin Castle. Baile Átha Cliath
2.
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
|
| Irishart.com agus Irishartblog.com
|
Deis
bolscaireachta d’ fhísealaíontóirí
Cuireann www.irish-art.com
spás idirlíne ar fáil saor in
aisce d’fhísealaíontóírí
ar shuíomh idirlín na heagraíochta.
Is féidir le físealaíontóirí
a spás féin chruthú ar an suíomh,
agus bolscaireactha a dhéanamh ar a saothair.
Tugtar deis poiblíochta d’fhísealaíontóirí
ar an suíomh www.irishartblog.com
freisin.
Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí
teagmhála thíos.
|
|
Spriocdháta
|
Níl
spriochdháta i gceist
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín: www.irish-art.com
agus www.irishartblog.com
|
| Cill Rialaig, Ciarraí.
|
Tréimhse
Cónaithe – Ionad Ealaíne Cill
Rialaig
Fáiltíonn tionscadal Cill Rialaig roimh
iarratais ar thréimhse cónaithe atá
a thairiscint ag an ionad mar chuid de chlár
ealaíne na bliana, Mean Fómhair 2011
– Nollaig 2012.
Is ionad ealaíne í Cill Rialaig atá
lonnaithe i gceantar álainn iarghúlta
agus cuirtear áiseanna agus acmhainní
ar fáil d’ealaíontóirí
san ionad. Is í cuspóir an t-ionad ná
láthair a chruthú do fhísealaíontóirí
ina bhfaighfaidh siad spreagadh agus inspioráid.
Tuilleadh Eolais le fáil ó cillrialaigarts@gmail.com
|
|
Spriocdháta
|
15
Meán Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Ríomhphost:
cillrialaigarts@gmail.com
|
| Sky Arts
|
Scéim
Ignition le Sky Arts
Cuireann Sky Arts cúig dhámachtán
ar fáil d’ealaíontóirí
óga gach bliain. Is fiú £30,000
gach dámhachtán agus fáilteofar
roimh iarratais ó ealaíontóirí
atá ag obair sna réimsí seo a
leanas: Drámaíocht, físealaíon,
litríocht, taibhléiriú, damhsa,
ceol nó scannán. Ní mhór
a bheith idir 18-30 bliain d’aois. Bronntar
an dámhachtán ionas go mbeidh sé
ar chumas an ealaíontóra díriú
ar a c(h)uid saothar ar feadh tréimhse bliana.
Gach eolas le fáil ag:
http://www.ideastap.com/Opportunities/Brief/f5eebaff-7f13-40bb-bfa8-9ef10145a8b1#Overview
|
|
Spriocdháta
|
19
Meán Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
IdeasTap Limited, Woolyard, 54 Bermondsey
Street, London, SE1 3UD
Suíomh Idirlín:
http://www.ideastap.com
|
Oiliúint
| An Lab, Baile Átha
Cliath.
|
Teastas
i Léiritheoireacht Drámaíochta
Meán Fómhair 2011 - Bealtaine 2012
Cúrsa praicticiúl a díríonn
ar mhodhanna, teicnicí agus teoiricí
drámaíochta agus a thugann forléargas
ar an drámaíocht sa tír seo,
agus ar an léiritheoireacht i gcoiteann. Beidh
cuid de na léiritheoirí is aitheanta
sa tír ina teagascóirí ar an
gcúrsa. Feileann an cúrsa do mhicléinn
aibí nó dóibh siúd atá
spéis acu slí bheatha a bhaint amach
mar léiritheoirí sa thodhchaí.
Láthair: The Lab, Foley Street, Dublin
Costas: €950
|
|
Spriocdháta |
Níl
spriocdháta i gceist. |
|
Eolas |
Teileafón: 087 2759420
Ríomhphost: info@crookedhouse.ie
Seoladh: The Lab, Foley Street, Dublin |
| Cló Ceardlann
na gCnoc, Dún na nGall
|
Cúrsaí
Samhraidh - Cló Ceardlann2011
Ceardlann ealaín do phaistí (aois
6 -11) le Fotini Kariotaki
1ú – 5ú Lúnasa. 10.30 r.n.
– 3.00 i.n
Ceardlann Grianghrafadóireachta (Photo
Workshop) le Ingo Dünnebier
5-7ú Lúnasa., 10 r.n. – 4 i.n.
Foghlaim an dóigh le smaointí a fhorbairt
agus coincheap do shraith grianghraif a oibriú
amach. Cuir feabhas ar scileanna teicniúla,
choincheapúil srl. Ag obair le teicnicí
éagsúla “exposure” chun
toradh níos fearr a fháil ar do shaothar.
Fáilte roimh chur chuige digiteach, analógach
nó hibrid. Costas: (€120, €100 baill
den chlub Eitseáil)
Ealaín lasmuigh agus laistigh (In and
Outdoor Art) le Fotini Kariotaki.
5-7ú Lunasa. 10 r.n. – 4 i.n.
Struchtúr agus ábhar i gcleachtas
Ealaíne le Fotini Kariotaki & Ingo Dünnebier
.
13 & 14ú Lúnasa. 10 r.n. –
4 i.n.
Tuilleamh eolais ar ábhar na gcúrsaí
agus chun ait a chur san áireamh déan
teagmháil ag na sonraí teagmhála
thíos.
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla |
|
Eolas |
Teileafón: 074 9162800
Seoladh: Mín an Leá,
Gort a Choirce, Co. Dhún na nGall
Suíomh Idirlín: www.clo.ie
|
| Business to Arts
|
Conas
suíomh idirlín a chrúthú
agus a bhainsitiú i gcomhair le Everyman Training.
Clár dhá lá a reachtáltar
gach Déardaoin agus Aoine i mBaile Átha
Cliath. Cuirtear an cúrsa seo ar fáil
do dhaoine nach bhfuil aon scileanna teicniúla
nó ríomhaireachta acu. Is féidir
gach eolas ar shiollabas an chúrsa a fháil
ag: http://www.online365.ie/training.htm
Is eagraíocht é Buisness to Arts a
cothaíonn nascanna idir an lucht gnó
agus an earnáil ealaíne.Tugar lascaine
do bhaill de Buisness to Arts ar chúrsaí
oiliúna An Irish Times agus Sureskills. Is
féidir clár na gcúrsaí
seo a fheiceáil ag www.businesstoarts.ie
|
|
Spriocdháta |
Dátaí
éagsúla. |
|
Eolas |
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦
Dir : + 353 1 635 0253
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh Idirlín: www.businesstoarts.ie
Seoladh: Rowena Neville, Director
of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex
St, Temple Bar, Dublin 2. |
| Comhairle Náisiúnta
na nÓg
|
Teastas
Náisiúnta i nEalaíon don Aos
óg
Is cúrsa páirt aimseartha bliana é
an Teastas Náisiúnta i nEalaíon
don Aos óg agus atá aitheanta ag Ollscoil
Mhaigh Nuáid.
Tugtar léargas ar na coincheapanna agus ar
an gcleachtas a bhaineann leis an ealaíon don
aos óg.
Tá gach eolas mar aon leis curaculaim le fáil
ag www.youtharts.ie
|
|
Spriocdháta |
4
Lúnasa, 2011 |
|
Eolas |
Seoladh: Anne O’Gorman, Youth
Arts Programme, NYCI, 3 Montague Street, Dublin 2
Ríomhphost: anneog@nyci.ie
Suíomh Idirlín: www.youtharts.ie
|
Ealaíon Poiblí, % Ealaíon & Coimisiún
|
Comhairle Chontae Dhún na nGall
& Comhairle Áitiúil na Sraithe Báine.
|
Comisiún
% Ealaíon
Fáiltíonn Comhairle Chontae Dhún
na nGall & Comhairle áitiúil na
Sraithe Báine roimh aighneachtaí ó
ealaíontóirí le mórphíosa
físealaíne a chruthú ar láthair
I bhfoirgneamh an Alley sa tSraith Bhán. Is
tionscadal tras teorann é seo. Ní mhór
go dtabharfaidh an dealbh léargas ar thraidisiún
agus ar fhealsúnacht na scoile.
Tá ciste de €86,000 ar fáil.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais,
cuspóir na scéime agus na coinníollacha
le fáil ag na sonraí teagmhála
thíos nó cur glaoch ar Ms Ida Fisher
ag (074) 9172542
|
|
Spriocdháta
|
5
Lúnasa, 2011
|
|
Eolas
|
Suíomh Idirlín:
www.donegalpublicart.ie
Ríomhphost :ifisher@donegalcoco.ie
Teileafón: Ms Ida Fisher ag
(074) 9172542
|
|
Comhairle Chontae Uíbh Fhailí
|
Comisiún
% Ealaíon
Fáiltíonn Comhairle Chontae Uíbh
Fháilí roimh aighneachtaí ó
ealaíontóirí le saothar ealaíne
a chruthú ar láthair ar an gcanál
mór. Tá ciste de €50,000 ar fáil
agus d’fhéadfaí idir 2 agus 5
choimisiún a thairiscint.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais,
cuspóir na scéime agus na coinníollacha
le fáil ag na sonraí teagmhála
thíos nó cur glaoch ar (057) 9357400
Is féidir an t-eolas go léir maidir
leis an scéim a fháil ag: www.offaly.ie/eng/Services/Arts_and_Culture/
|
|
Spriocdháta
|
9
Meán Fómhair, 2011
|
|
Eolas
|
Ríomhphost
:arts@offalycoco.ie
Teileafón: 057 9357400.
|
|
Coláiste Ghairmoideachais Inis
Chórthaidh
|
Coimisiún
% Ealaíon
Fáiltíonn Coláiste Ghairmoideachais
Inis Chórtaidh roimh aighneachtaí ó
ealaíontóirí le saothar físealaíne
a chruthú a bheidh lonnaithe i bhfoisceacht
oifig fáilte na scoile.
Tá ciste de €38,000 curtha ar fáil.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais,
cuspóir na scéime agus na coinníollacha
le fáil ag na sonraí teagmhála
thíos nó cur glaoch ar Séamus
Murphy ag 053 9234185
|
|
Spriocdháta
|
19
Lúnasa, 2011
|
|
Eolas
|
Seoladh:
Seamus Murphy, Principal, Enniscorthy Vocational College,
Milehouse Road, Enniscorthy, Co Loch Gharmain.
Ríomhphost :seamus14@gmail.com
Teileafón: 053 9234185
|
Imeachtaí
Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne,
Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha Baile
Mhúirne ná na healaíona d'árd
chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon
a mhúscailt i measc an phobail. Chuige san, tá
clár dúshlánach leagtha amach ag an
ionad - idir ranganna, cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántaisí
rince comh-aimseartha agus thaispeántaisí
ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo
i gceart lár saol ealaíona Ghaeltacht Mhúscraí.
Is é trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear
na himeachtaí go léir san Ionad.
Is féidir gach eolais ar imeachaí an ionaid
a fhaíl ag www.ionadculturtha.ie
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile
Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh
Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net
Arás Éanna, Inis
Oirr
Ionad Ealaíne in Inis Oirr is ea Áras Éanna.
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thiosluaite.
Taispeántas: SEANSTÍL ÉADAIGH
INIS OIRR
Go dtí an 31 Lúnasa
Oscailt Oifigiúl ar Taispeántas Tír
& Taispeántas Éadaigh Thraidisiúnta
Thugadh cuairteoirí ar Oileáin Árann
suntas don bhealach a mbíodh na daoine gléasta.
Taispeántas: TÍR
Go dtí an 31 Lúnasa
Oscailt Oifigiúl ar Taispeántas “Tír”
in Amharclann Halla na Cathrach Tógadh seisear físealaíontóirí
tríd an togra seoóna bpobal dúchais
féin – sa Ghaeltacht, snahOileáin Thiar
in Albain agus i gceantracha
CEOLCHOIRM LE ‘AT THE RACKET’
06 Lúnasa ag 20:30
Ceolchoirm le "At the Racket" John Carty, Brian
McGrath, Séamus O’Donnell agus Michael McCague
na ceoltóirí in At the Racket. Cruthaíonn
siad fuaim mar a bheadh ag ceol swing agus ceol na hÉireann
le chéile.
FÉILE JOE MHÁIRTÍN: “RÍSCÉALAÍ
INIS OÍRR”
08 Lúnasa ag 10:00
Féile Joe Mháirtín – Seanchaí
Inis Oírr. 8/12 Lúnasa Beidh an Fhéile
á heagrú don chéad uair in Inis Oírr
i mbliana. Séard atá sa tseachtain seo ná
ceiliúradh ar sheanchas, ar dhúchas agus ar
stair an oileáin.
FÉILE NA GCURACH - RÁSAÍ INIS
OÍRR
13 Lúnasa ag 12:00
Is fada an fhéile seo á rith le lá
spóirt do leanaí ar an Satharn, spraoi agus
drámaíochtle “The Gombeens” mar
chuid de, rásaí do dhaoine fásta ar
an bpáirc imeartha ar an Domhnach agus go leor imeachtaí
ceoil agus siamsaíochta.
“NA GOMBEENS AR STRAE IN INIS OÍRR”
13 Lúnasa ag 12:00
” Cuirtear fáilte ar ais go hInis Oírr
roimh Johnathon agus Miguel, ríthe na bhfeargrinn
i nGaillimh. Tá na “Gombeens” ara mbealach
ar ais le seó faoin spéir.
CEOLCHOIRM LEIS AN HENRY MCCOULLAGH BAND
20 Lúnasa ag 20:30
Ceolchoirm leis an Henry McCoullagh Band Percy Robinson
Roe Butcher Peter McKinney Seo í an chéad
chuairt ag an Henry McCullough Band go hIonad Ealaíne
Áras Éanna.
CEOLCHOIRM/CONCERT: “JOHNNY CONNOLLY, MARCUS
Ó hIARNÁIN & A CHLANN”
26 Lúnasa ag 20:30
Ceol den scoth I stíl Chonamara.
CEOLCHOIRM/CONCERT: “JOHN FAULKNER & DERMOT
BYRNE”
27 Lúnasa ag 20:30
John Faulkner agus Dermot Byrne D’oibrigh an t-amhránaí
agus an cumadóir amhrán John Faulkner le leithéidí
De Danann, Kevin Burke agus Dolores Keane.
Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní
Ghallchóir:
Ríomhphost :araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad
Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann,
Co Na Gaillimhe.
Gailearaí Joan Clancy,
An Rinn, Co. Phort Láirge.
Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa
Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar
ó Dhún Garbhán. Tá stádas
á bhaint amach aige de réir a chéile
mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon
comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint.
Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe sa Rinn
i nGaeltacht Phort Láirge
Taispeántas an tSamhraidh –Grúpa
ealaíontóirí.
Lúnasa 9 – 16
Is iad seo a leanas na healaíontóirí
a bheidh páirteach sa thaispeántas seo: Arthur
Maderson, Blawnin Clancy, Katarzyna Gajewska, Conor O’Mahony,
Andrea Jameson, Rayleen Clancy, Ross Stewart, Olive Watkins,
agus eile.
Tá Joan Clancy Gallery lonnaithe sa Rinn in aice
le Coláiste na Rinne.
Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: info@joanclancygallery.com
Suíomh
Idirlín:www.joanclancygallery.com
Teileafón: (058) 46205 nó
086 8134597
Seoladh
: Gailearaí Joan Clancy Maoil a Choirne,
An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach
mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol
comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí
nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán
na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta
ag seinnt gach cineál ceol ann - rap, snagcheol,
ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil
agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú,
filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile
ar an gclár fosta Oíche chraiceáilte
den scoth.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 2785593 nó
097 81079
Ríomhphost:
Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Suíomh
Idirlín:
www.craiceailte.com
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reáchtálann an tIonad imeachtaí ealaíona
agus cultúrtha ó ham go chéile, mar
aon leis imeachtaí oidhreachta. Téigh i dteagmháil
leis an ionad chun eolas a fháil ar na himeachtaí
atá ar siúl faoi láthair.
Tuilleadh Eolas
Teileafón: (066) 9151082 (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE
Suíomh
Idirlín: http://www.heritageireland.ie
nó www.ceiliuradh.com
Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead,
Co Mhaigh Eo
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fháil ag
na sonraí teagmhála thíos.
Seisiúin Ceoil Samhraidh le Comhaltas
Ceoltóirí Éireann
25 Lúnasa, ag 9.00 p.m.
ígí i gcuideachta Craobh Clann Lir (craobh
Iorrais Comhaltas Ceoltóirí Éireann)
in Áras Inis Gluaire, i gcomhair seisiúin
ceoil thraidisiúnta, ar siúl gach Déardaoin,
go dtí 25 Lúnasa, ag 9.00 p.m. Bhí
an-tóir ar na seisiúin anuraidh i measc an
phobail áitiúil agus i measc na gcuairteoirí
freisin. Chomh maith le ceoltóirí Chraobh
Clann Lir, bhí siamsaíocht ó aoicheoltóirí
agus damhsóirí agus daoine nach iad. Fáilte
roimh chách! Cead isteach €10 daoine fásta
/ €5 paistí agus OAPs / €20 líon
tí. Tuilleadh eolais 097 81079
Banna Ceoil David Munnelly
An Luan, 1 Lúnasa, ag 8.00 p.m.
Ar ais arís de bharr móréilimhan phobail!
Tá glór meallacach an bhanna ceoil seo, faoi
cheannaireacht David Munnelly an cairdíneoir draíochta
as Bhéal an Mhuirthead, ag tarraingt lucht éisteachta
ar fud an domhain mhóir. Sa bhanna ceoil seo tá
tallann den scoth, bua agus féith an cheoil ar leith
ó gach ball den buíon. Ná teip ar an
seans seo iad a fheiceáil in Áras Inis Gluaire
ar An Luan, 1 Lúnasa, ag 8.00 p.m.
Taispeántas Ealaíne le hEalaíontóirí
Áitiúla
Mar thoradh ar nasárthaispeántais le tríú
bhliain anuas, tá áthas an domhain ar Áras
inis Gluaire Taispeántas Ealaíontóirí
Áitiúla eile a shlógadh arís
i mbliana. Beidh an taispeántas ar siúl i
ndánlann Áras Inis Gluaire i rith mhí
Lúnasa. Déanfar an lainseáil ag 8.00
p.m., 3 Lúnasa. Sa taispeántas beidh ilchnuasach
de shaothair éagsúla le healaíontóirí
áitiúla – péinteálacha,
grianghraif, líníochtaí, dealbhóireacht
srl. Má tá tú ag iarraidh do shaothar
a thaispeáint glaoigh ar 097 81079 gan mhoill.
Campaí Samhraidh
Beidh champa samhraidh, fad seachtaine an ceann, ar siúl
in Áras inis Gluaire i mbliana. Is do phaistí
bunscoile atá 6 bliana d’aois nó níos
sine ar 1 Eanáir 2011 a bhéas cead isteach.
Beidh an dara ceann ar siúl i mí Lúnasa
(8 go 12 Lúnasa). Eagrófar imeachtaí
éagsúla oideachasúla, spraíúla
agus cultúrtha do na páistí.
Ceolchoirm le Brian Kennedy
An Satharn, 20 Lúnasa.
Amhránaí agus údar amhrán, a
bhfuil árdmholadh faighte aige ó na léirmheastóirí
is ea Brian Kennedy. Rugadh é i mBéal Feirste
sa bhliain 1966 ach nuair a bhí sé ocht mbliana
déag d’aois thug sé aghaidh ar Londain
áit ar éirigh leis dul chun cinn a dhéanamh
i réimse an cheoil sa bhliain 1990 lena albam The
Great War of Words. Istigh san albam sin bhí na hamhráin
Captured agus Town - dhá amhrán a bhfuil tóir
mhór fós orthu ag a cheolchoirmeacha. Ar aon
chuma gan dabht ar bith is deacair bheith ullamh do shárchumas
agus treise an amhránaí seo ós do chomhair
amach ar an ardán, le guth a “mheallfadh na
haingil”. Is féidir Brian Kennedy a chloisteáil
in Áras Inis Gluaire ar an Satharn, 20 Lúnasa.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 097 – 81079
Seoladh: Áislann Bhéal an
Mhuirthead , Belmullet, Co. Mayo.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/
Gon uige seo
Saothar nua foilsithe.
Gon uige seo teideal dhíolama ina mbeidh saothar
scríbhneoirí Cheardlann Scríbhneoireachta
Shailearna fé chlúid. Saothar é seo
a bheidh á fhoilsiú age Coiscéim go
luath. Idir an dá linn, is féidir cuid d'ionchur
beirte den meitheal san a léamh in eagrán
mhí Lúnasa de Feasta. An bheirt atá
i gceist ná Máirín Mhic Lochlainn a
chónaíonn i mBaile na mBroghach i gCois Fharraige
agus Rosemen Osman Ali Elsayad ó Sennar na Súdáine,
ach atá a' cur fúithi fé láthair
in eastát an Chimín Mhóir ar Bhóthar
na Ceapaí i gCathair na Gaillimhe. Prós agus
filíocht a chleachtann Máirín - saothar
atá go mór fé anáil bhéalraíochta
a muintire, ealaín múnlaithe as urlabhra eitneach
an fhine gur de í. Aistrithe ó Arabais na
Súdáine go Gaelainn tá ionchur Rosemen
- saothar a thugainn léargas dúinn ar mhodh
machnaimh agus ionramhála teangan seach-Anglamheiriceánach
eile. Ina theannta san, feicfear ar Feasta samplaí
d'ealaín phictiúrtha Rosemen, óir bíonn
sí ar an scuaib coitianta leis. Buille ar son na
saoirse, agus in aghaidh dhaoirse an róshaothraithe
sa Bhéarla Ibeirneach agus an róbhéim
ar a fhiúntas san, atá in obair mheithil Gon
uige seo, litríocht dhúchasach phobail soláthraithe
age mórán seachas aonarán.
Tuilleadh Eolais
Phádraig Ó Cíobháin, Áisitheoir
Cheardlann Scríbhneoireachta Shailearna & Eagarthóir
Gon uige seo ag: padraig.ociobhain@upcmail.ie
Cló Ceardlann na gCnoc – Cúrsaí
agus imeachtaí
Tionscnamh Samkura
Aibreán 2011-Mi na Nollaig 2012
Tionscnamh nua idir-náisiúnta do Ealeantóirí
on Gaeltacht, an Gréig, Armenia, an t-Seoirsí
agus an Phortaingéil ata ag tosnú i mi Aibreáin.
Beidh se ag dhul ar aghaidh go dtí mi na Nollaig
2012. Is malartú idir-náisiúnta cónaithe
atá ann agus beidh taispeántas mhór
ar siúl tríd Samkura. Is é seo an chead
togra mar seo in Éireann go deo. Le breis eolas dul
go www.samkura.net
Cumann Eitseála
Gach De Céadaoin 2011
Ta cumann eitseáil ag dul ar aghaidh gach de Céadaoin
do ealaíontóirí on gceantar. Ta fáilte
ríomh daoine nua i gcónaí.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9162800
Suíomh
Idirlín:
www.clo.ie
Lab na Mainistreach, Sráid Eoin, An Daingean
An Lab, Sráid Eoin, An Daingean
Ionad Ealaíona na Gaeilge sa Daingean is ea An Lab.
Tá amharclann dea-chóirithe ann le seachtó
suíocháin, seomraí le haghaidh taispeántaisí,
insealbhaithe agus cruinnithe, chomh maith le spás
le haghaidh cleachtaithe agus ceardlanna. Tá sé
ar fáil le haghaidh imeachtaí cultúrtha
a chuirtear i láthair tré mheán na
Gaeilge.‘Sé an comhlacht cónaithe amharclannaíochta
ann ná AnnÓg Ar Aghaidh, a léiríonn
drámaí Gaeilge agus a chuireann traenáil
i scileanna amharclannaíochta ar fáil do dhaoine
óga.
Is féidir eolas a fháil ar chlár na
n-imeachtaí ar an suíomh idirlín.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: Áine ag 087/8546572
Ríomhphost: ainemoy@eircom.net
Suíomh idirlíon: www.anlab.ie
. Bí linn ar Facebook – AnnÓg/An Lab
Culturlann Uí Channáín, Doire
- Imeachtaí
Eagraíonn an t-ionad réimse leathan d’imeachtaí
i gcaitheamh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais
agus clár na n-imeachtaí a fhail ag na sonraí
teagmhála thios.
Tá clár na n-imeachtaí do shéasúr
an tSamhraidh le fáil ag www.culturlann-doire.ie
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: eolas@culturlann-doire.ie
Teileafón: 02871264132
Suíomh Idirlín: www.culturlann-doire.ie
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48
7DF
Taispeántas Ealaíne ‘SORCAS’
Obair nua le Bob Ó Cathail
Satharn 6ú Lúnasa 2011
Dánlann Ealaíne Solamar, Baile an tSléibhe,
Ceann Trá, Corca Dhuibhne
le fáiltiú ar 7.00 i.n. ar an Satharn 6ú
Lúnasa 2011, á sheoladh ag an dealbhóir
John Holstead.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: solamar@iol.ie
Cló Iar-Chonnacht – Nuacht.
An chéad leabhar ó scríbhneoir óg
as an Rinn – Cúpla Le hÓgie Ó
Céilleachair
Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Clúdach bog,
€7.00
Insint i nGaeilge nádúrtha an lae inniu ar
scéal atá tobann agus tréan
Seolfar Cúpla, leabhar nua do dhéagóirí
le hÓgie Ó Céilleachair atá
foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ag Daonscoil na Mumhan
ar an Domhnach 14ú Lúnasa ag 8.45 i.n.
Cúpla iad Sharon agus Éile agus iad beirt
cúig bliana déag d’aois. Cailín
ciúin, stuama, staidéarach í Éile
atá go maith ar scoil, ach tá Sharon aerach
agus fiáin agus bíonn sí ag pleidhcíocht
i gcónaí. Tá an Teastas Sóisearach
ag druidim leo agus ní mór do Sharon luí
isteach ar an obair, ach lá amháin feiceann
sí rud a chuireann as go mór di. Cailleann
sí smacht uirthi féin go hiomlán. Tá
alltacht agus uafás ar Éile, ach céard
is féidir léi a dhéanamh faoi?
Tuilleadh Eolais
Seoladh: Indreabhán, Conamara, Co.
na Gaillimhe
Teileafón 091 593307
Facs: 091 593362 W:
Suíomh Idirlín: www.cic.ie
Ríomhphost: cloiar@iol.ie
Ceol na gConallach
Ceol na gConallach – The Donegal Sessions –
Áislann Chill Chartha
Beidh Ceol na gConallach san Áislann ag 8.30 i.n.
gach oíche Shathairn ón 20ú Lúnasa
go dtí 17ú Meán Fómhair. Cead
isteach €10 agus €5 do pháistí.
Beidh sólaistí le fáil.
Zoe Conway & John McIntyre (fiddle & guitar)
Dé Sathairn, 20ú Lúnasa
Donna Harkin (accordion), Jim Byrne (guitar) &
Fiona Heywood (songs)
Christina McGinley (fiddle & songs) & Aisling Curran
(accordion)
Dé Sathairn, 27ú Lúnasa
The Henry Girls, Mick Brown & Denise Boyle
Dé Sathairn, 3ú Meán Fómhair
Cormac Cannon (uileann pipes) & Ronan Galvin (fiddle),
others T.B.C.
Dé Sathairn, 10ú Meán Fómhair
Marcas Ó Murchú (flute) & Niall Hacket
(Bouzouki, Mandolin & Concertina), others T.B.C.
Dé Sathairn, 17ú Meán Fómhair
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9738376
Ríomhphost: eolas@aislann.ie
Lá Inste na Scéal - Leabharlann
ar an gCeathrú Rua
Satharn an 20 Lúnasa,
Lá Inste na Scéal, atá mar chuid den
tseachtain Oidhreachta.
Le comóradh a dhéanamh ar an lá, beidh
Scéalaí Thóin a' Chnoic Máirín
Mhic Lochlainn ag inseacht
cúpla scéal sa Leabharlann ar an gCeathrú
Rua óna 11.00 go dtí 1.00 i.n. Tá míle
fáilte roimh
Scéalaithe agus Seanchaithe a theacht agus scéal
a inseacht.
Cead isteach saor in aisce agus fáilte roimh shean
agus óg.
Tuilleadh Eolais
Ríomhphost: mairinmhic@hotmail.com
An file Aifric Mac Aodha curtha i láthair
ag Aos Cró.
Céadaoin 17ú Lúnasa @ 8.30in
Siar Ó Thuaidh, Tigh Uí Chatháin, Baile
an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.
Cuirtear fáilte roimh baill den lucht éisteachta
gur mhaith leo rud ar bith – prós nó
filíocht, a saothar féinig nó saothar
duine eile – a léamh i gcomhluadar cairdiúil
neamhfhoirméalta. Saorchead isteach. Bí linn!
Ceardlann Rince & Gluaiseacht ar son Idirchleachtas
Ealaíne
15- 19 Lúnasa, 10.30 – 1in.
Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Seo ceardlann do ealaíontóirí ar a
bhfuil spéis acu i bhféidireachtaí
léiriúchán agus mothúcháin
chorpartha, cuma cén phríomh disciplín
atá á chleachtadh acu. Bainfear leas as mhodhanna
thobchumadh agus chumadóireachta Viewpoints, Laban,
gluaiseacht údarach agus damhsa chomhaimseartha ina
measc, chun teacht ar ionsparáid agus tús
nua chruthaíochta. Beidh Ríonach Ní
Néill, rinceoir agus córagrafadóir
atá taithí idirchleachtas idirdhisciplíneach
bainte amach aici, i mbun na ceardlainne
Ta an cheardlann á reáchtáil le maoiniú
ó Ealain na Gaeltachta.
Tuilleadh eolais:
Ríomhphost: Ríonach Ní
Néill ag eolas@ciotog.ie
Ranganna seite agus damhsa ar an sean-nós
Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin.
Gach Aoine. 7.45 i.n.
Bíonn ranganna seite agus damhsa ar an sean-nós
ar siúl gach oíche Aoine in Áras Chrónáin
i mBaile Átha Cliath. Deis do muintir na cathrach
cúpla steip a fhoghlaim! Is é Jim Monaghan
an teagascóir.
Tuilleadh eolais:
Seoladh: Áras Crónáín,
Ionad Cúlturtha, Bóthar na Goirte, Cluain
Dolcáin, BÁC 22.
Teileafón: +353 (0) 1 4574847
Ríomhphost: idirlin@araschronain.com
Tionscnamh Lugh – Trad Tráthnóna
agus ceolchoirmeacha
Ionad Cois Locha, Dún Luiche, Co Dhún na nGall
Cuireadh Tionscnamh Lugh ar bun in 1993 leis an cheol tradisiúnta
a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Bíonn clár
iomlán ceoil a reachtáil ag Tionscnamh Lugh
idir Trad Tráthnóna agus ceolchoirmeacha.
Tá clár ‘Trad Tráthnóna
2011’ fógraithe. Beidh na himeachtaí
uilig ar siúl in Ionad Cois Locha, Dún Luiche,
Co Dhún na nGall ag 8.30 i.n.
2 Lúnasa: Trad Tráthnóna - Emma Sweeney
/ Matt Griffin
9 Lúnasa: Trad Tráthnóna- Domnic Mac
Giolla Bhríde
16 August: Trad Tráthnóna Le socrú
23 August: Trad Tráthnóna - Tríona
Ní Dhomhnaill
30 August: Trad Tráthnóna- Mairtin O Connor/
Donal Lunny/Roisin Elsafty
Coirmceoil Concerts
12 Lúnasa: Donal Lunny/ Paddy Glackin
Tuilleadh eolais:
Teileafón: 086 6050110
Suíomh Idirlín: http://www.tlugh.com
Seoladh ; Tionscnamh Lugh, Tra an Chéidigh,
Ailt an Chorrain, Co. Dhún na nGall, Ireland.
Saol na Gaeilge – Nuacht
Tá Eagrán Iúil / Lúnasa 2011
Saol na Gaeilge, beo ar an idirlíon anois.
Tuilleadh eolais:
Suíomh Idirlín: www.gaeilge.ie/saol
Ríomhphost: eolas@saolnagaeilge.com
Cnuasach nua filíochta ó Áine
Uí Fhoghlú
Seolfaidh an Dr. Annraoi de Paor cnuasach nua filíochta
le Áine Uí Fhoghlú dar teideal ‘Ar
an Imeall’ ar an Luan an 15 Lúnasa i gColáiste
na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Co. Phortláirge.
Seo é an tríú cnuasach ó Áine.
Tá réamhrá ann le Alan Titley agus
is iad Coiscéim na foilsitheoirí. Tosnóidh
an seoladh ar a 7.00 i.n. agus ina dhiaidh ar a 8.00 i.n.
beidh an Choirmcheoil Dhéiseach. Is mar chuid d’imeachtaí
Dhaonscoil na Mumhan a bheidh na hócáidí
ar siúl agus is í Áine a bheidh mar
fhile cónaitheach le linn na Daonscoile i mbliana.
Ceol agus Tapas ins An tSean Bheairic, An Fál
Carrach, Co. Dhún na nGall
Ceol agus Tapas ins An tSean Bheairic, Fal Carrach, gach
oíche Céadaoin ó 8.00 i.n. go dtí
10.00i.n. Fáilte roimh gach duine.
Tuilleadh Eolais
Teileafón: 074 9180888/9180655
Féiltí
Féile Ceoil Ghaoth Dobhair
26 – 29 Lúnasa 2011.
Tá Féile Ceoil Ghaoth Dobhair a eagrú
arís i mbliana le ceiliúir a dhéanamh
ar an oidhreacht ceoil ollmhór atá i gceantar
Ghaoth Dobhair. Tá clár de imeachtaí
éagsúla a shocrú againn idir seisiún
ceol traidisiúnta, bannaí máirseála,
comórtas buscála, damhsa set srl., chomh maith
le imeachtaí teaghlaigh agus ceardlainne ceoil do
pháistí. Tá ceolchoirm fosta le Donal
Lunny & Paddy Glackin chomh maith le seimineár
faoi dhúchas ceoil an cheantar le carlannaí
ceol RTE Ian Lee .Tá có-oibriú mhór
a thabhairt ag úinéirí óstain
agus tithe tábhairne agus beidh ceol ar fail iontu
uilig chun freastail ar gach blas ceoil. Is deis atá
ann seo le aird a tharraingt ar an tallann mhór,
agus an oidhreacht ceoil atá againn, chomh maith
le turasóirí a mhealladh chun an cheantair.
Breis eolais
Ríomhphost: loinneog@yahoo.ie
Cruinniú Bádóirí Acla
Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo.
Ta Cumann Bádóirí Acla ag iarraidh
cultúir agus traidisiúin seoltóireachta
an yawl a chosaint agus a leanu amach. Beidh beim dhá
chur ar labhairt na Gaeilge in sna h-imeachtaí seo.
Le cúpla bliain anuas ta uimhir na mbád ardaí
o 3 go 13. 'Se an cuspóir ata againn cur leis an
bhfás iontach seo. Tuigeann Cumann Bádóirí
Acla an tábhacht atá leis an chultúir
agus an teanga a chaomhnú. Beidh imeachtaí
na Féile dhá reáchtáil tre mheán
na Gaeilge. Baineann na sluaite a bhíonn i láthair
ag na rásaí an-tsasamh as an sport arsa seo,
as an scil iontach a bhaineann le gabhail na Yawlta agus
an choimhlint ghear a bhíonn ann le ceann scribe
a bhaint amach.
Tá imeachtaí ar siúl ar na dátaí
seo a leanas:
Dé Domhnach 1 Lúnasa
Dé Sathairn 7 Lúnasa
Breis eolais
Ríomhphost: mulrmayo@iol.ie nó
jcowley@mulranny.com
Féile Joe Mháirtín Féile
Joe Mháirtín
8 — 12 Lúnasa 2011.
Beidh Féile Joe Mháirtín á heagrú
den chéad uair in Inis Oírr i mbliana. Séard
atá sa tseachtain seo ná ceiliúradh
ar sheanchas, ar dhúchas agus ar stair an oileáin.
In Áras Éanna a bheas for-mhór na n-imeachtaí
seo ar siúl agus is trí Ghaeilge a eagrófar
na himeachtaí ar fad. Déan do bhealach ar
bhád as Ros a Mhíl nó as Dúlainn
i gCo. an Chláir, nó téigh ar eitleán
as Indreabhán. Eolas teagmhála le fáil
ar ár suíomh idirlín ag www.inisoirr.ie
Rugadh Seosamh Ó Flaithearta (nó Joe Mháirtín
mar a thugtar in Inis Oírr air) timpeall na bliana
1881. Bhí sé ina chónaí ar Bhaile
an Chaisleáin. Bhí cáil mhór
na scéalaíochta air agus deirtear go raibh
sé ar an scéalaí ab fhearr in Inis
Oírr lena linn féin. Is óna athair,
Máirtín an tSagairt, a thug sé leis
a chuid scéalta. Bhailigh daoine éagsúla
scéalta uaidh ó thríochaidí
an chéid seo caite anuas go dtí na seascaidí.
Ina measc siúd, bhí an scoláire Gaeilge,
Myles Dillon, an bailitheoir béaloidis, Ciarán
Bairéad, agus an béaloideasóir Gearmánach,
Heinrich Becker. Cailleadh Joe Mháirtín sa
bhliain 1965 ach is cuimhin le go leor de mhuintir Inis
Oírr a chuid scéalta fós.
Eagraithe ag Comhar Caomhán Teo
Breis eolais
Ríomhphost: ccteo@eircom.net
Teileafón: 099 75008
Seoladh : Comhar Caomhán Teo., Inis
Oírr, Oileáin Árann. Co. na Gaillimhe.
Féile Carraig Airte – Ealaíon
agus cultúr, 2011.
26 – 28 Lúnasa, 2011
Féile cultúrtha le himeachtaí ilghnéitheacha.
Ceol, ceardlanna, scéalaíocht, taispeántais
ealaíne, drámaíocht, mórshiúl,
grianghrafadóireacht agus go leor eile. Ceolchoirmeacha
le Miranda Rosenberg agus Right Light Inferno.
Breis eolais
Facebook: www.facebook.com/FeileCarraigArts
Scoil Seandálaíochta Ghleann Cholm Cille
31 Iúil – 5 Lúnasa
Faoi stiúr an leis an aoiléachtóir
Séamus Caulfield. Cuirfear béim ar an tréimhse
réamhstairiúil san Iarthuaisceart i mbliana.
Is iad an tOllamh Séamus Caulfield, Béal Deirg
Mór, Co. Mhuigheo agus an Dr Michéal Ó
hOireachtaigh a bheidh ag stiúradh na scoile.
Breis eolais
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Teileafón : 074 97 30248
Féile Sráide Cill Chartha
28 Iúil – 2 Lúnasa, 2011.
Cill Chártha, Dún na nGall
Imeachtaí ceoil, gailf, rásaí, imeachtaí
oidreachta agus spóirt. Is féidir eolas agus
clár an n-imeachtaí a fháil ar www.kilcaronline.com
Féile Oileán Bhéara, Co Chorcaí.
5 – 7 Lúnasa, 2011.
Imeachtaí ceoil, cultúrtha agus spóirt.
Bainfidh gach duine sult agus spraoi as an bhféile
agus as an gcomhluadar.
Breis eolais
Ríomhphost: bereisle@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.bereisland.net
Féile Cheoil Cill Chartha
6 - 13 Lúnasa.
Féile a dhéanann ceiliúradh ar an traidisiún
ceoil in iar-dheisceart Dhún na nGall. Ceolchoirmeacha,
seisiúin agus ceardlanna. I measc na n-aoíanna
a bheidh páirteach, tá:
Dé Mairt 9ú Lúnasa 2011: Damhsa Croisbhealaigh
8.30, music by Céili Time, Caller Clement Gallagher.
10ú Lúnasa 2011: Ceolchoirm Dermot Byrne &
Floriane Blancke Dé Céadaoin
8ú Lúnasa 2011: Ceolchoirm: Tom Byrne &
Martin Mc Ginley Dé Luain
Ceol na Locha, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh
Eo.
8 -12 Lúnasa
Scoil Cheoil agus Oidhreachta. Déantar ceiliúradh
ar an traidisiún láidir agus saibhreas ceoil
agus damhsa atá sa cheantar. Ceolchoirmeacha, ranganna,
léachtaí, damhsa ar an sean-nós, seiteanna
agus amhránaíocht.
Breis eolais
Teileafón: 086 8383077
Ríomhphost: ceolnalocha@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.scoilacla.com
Féile Phléaráca Chonamara
2011
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe.
2 - 4 Meán Fómhair 2011.
Féile Ealaíne a dhéanann ceiliúradh
ar an Teanga, ar an gcultúr agus ar an bPobal, tré
chlár leathan imeachtaí ealaíne traidisiúnta
& comhaimseartha do gach aoisghrúpa.
Breis eolais
Teileafón: 091-574346/574021
Faics: 091-574346
Ríomhphost: plearaca@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.plearaca.ie
Ceol na gCruach
2-5 Meán Fómhair, 2011
An Grianán, Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
Féile cheoil thraidisiúnta a cheiliúrann
an oidhreacht shaibhir cheoil atá le cloisteáil
sna Cruacha agus an ceantar thart ar na Cruacha Gorma. Déantar
ceiliúradh ar an gceol agus ar an damhsa agus eagraítear
ceolchoirmeacha, céilithe, ranganna agus amhránaíocht.
Tuilleadh Eolais
Seoladh: The Glen Tavern, The Glen Of Glenties,
Co Donegal.
Teileafón: +353 (0)74 955 1170
Ríomhphost: theglentavern@eircom.net
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht
agus deiseanna eagsúla.
http://www.creativecareers.ie
- Creative Careers
http://www.eurocult.org
- European Cultural Foundation
http://www.kildare.ie/crookedhouse/forum
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
- An Chomhairle Ealaíon
http://www.artsmanagement.ie
- Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon &
Polasaí Cultúrtha. Tá mórán
eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn
le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie
- Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna,
camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí
ceoil sa tír.
http://www.forumformusic.ie
- Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ - Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
- Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
- Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com
Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht
idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire
in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
- eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus
gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir
an Aontais Eorpaigh
Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta
ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas
a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá
sa nuachtlitir seo. |
|