EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

Fáilte go r-nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta do mhí an Mhárta. Tá neart eolais sa r-litir ar na deiseanna uilig atá ar fáil d’ealaíontóirí agus do eagraíochta ealaíona agus cultúrtha, mar aon leis eolas faoi imeachtaí ealaíne agus cultúrtha sa Ghaeltacht, agus faoi imeachtaí Gaeilge nó faoi imeachtaí le blas Gaelach atá ar siúl sa Ghalltacht.
Dar ndóigh, tá seachtain na Gaeilge ar siúl i mbliana ón 5 – 17 Márta agus tá go leor imeachtaí ealaíne mar chuid de chlár na n-imeachtaí i mbliana. Tá gach eolais le fáil, mar aon leis amchlár na bliana seo, le fáil ag http://snag.ie

Fógraíodh roinnt scéimeanna Ealaíon Pobail le déanaí agus mar thoradh leis sin tá roinnt deiseanna coimisiún ar fáil faoi láthair. Tá fáisnéis faoi cheithre choimisiún sa nuachtlitir seo. Tá clár an Earraigh réitigh ag formhór na n-ionad Ealaíne sa Ghaeltacht. D’ainneoin an aeráid eacnamaíochta faoi láthair, tá clár láidir ealaíne curtha i bhfeidhm ag na hionaid le meascán maith de cheol, taibhléiriú, drámaíocht agus sna réimsí ealaíona eile.

D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon dhá thuairisc taighde le gairid, ceann amháin a déanann iniúchadh ar na spáis agus na láthair oibre atá ar fáil d’ealaíontóirí. Is staideár é an tuairisc eile ar an rainnpháirtíocht san Ailtireacht. Má tá spéis agat breathnú ar na tuairiscí, is féidir breis eolais a fháil ag: www.visualartists.ie/Services/sfr_news.html nó is féidir iad a íoslódáil ag : www.artscouncil.ie

Beidh an Gréasán Ceoil ag eagrú Lá Náisiúnta Ceoil ar an 16 Aibreán, 2010. Reachtálfar imeachtaí ceoil agus ceolchoirmeacha ar fud na tíre. Má tá spéis agat nó ag do grúpa a bheith páirteach, nó má tá spéis agat imeacht ceoil a eagrú, is féidir breus eolais a fháil ag: www.musicnetwork.ie. Tá suíomh idirlín nua an 'Love:Livemusiwebsite', cruthaithe ag an Greásán Ceoil mar chuid den Lá Náisiúnta Ceoil. Is féidir nasc go dtí an suíomh ag fáil ag http://www.lovelivemusic.ie Is féidir breis eolais faoin ócáid seo a fháil ag info@lovelivemusic.ie nó ag 01 6719429.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Oiliúint

An Chomhairle Ealaíona. Cúrsa Oiliúna: An Chomhionnanas – ‘na hEalaíona agus Míchumas'.

Oifigí na Comhairle Ealaíona. 8 Márta, 2010.
Cuirfear Cúrsa Oiliúna sa Chomhionannas ar fáil in oifigí na Comhairle ar an 8 Márta. Eascraíonn an cúrsa seo as tionscnamh a reachtáladh an Comhairle i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae Mhaigh Eo. Má tá spéis agaibh a bheith páirteach, nó má tá tuilleadh eolais uait, is féidir dul i dteagmháil le Natalie Byrne ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

Dé Céadaoin 3 Márta.

Eolas

Ríomhphost: natalie.byrne@artscouncil.ie
Teileafón: Natalie Byrne - 01 6180284
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

Comhairle Náisiúnta na nÓg – Cúrsaí Oiliúna sna hEalaíona.

Cuireann Comhairle Náisiúnta na nÓg réimse leathan de chúrsaí ar fáil i réimsí éagsúla de na healaíona, le béim ar leith ar an ealaíon don aos óg. Ina measc, tá an cúrsa bliana “an Teastas san Ealaíon don Aos Óg”. Is féidir liosta de na cúrsaí agus gach eolais eile a fháil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Seoladh: 3 Sráid Mhontague, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 4784122
Ríomhphost: training@nyci.ie
Suíomh idirlín: www.youth.ie

 

Dochtúireacht/PhD- Deiseanna Taighde sna hEalaíona. Ollscoil Uladh.

Cuireann an Rannóg Ealaíne, Dearaidh agus na Timpeallachta Tógala de chuid Ollscoil Uladh fáilte roimh iarratais ar dheiseanna taighde sna hEalaíona. Cuirfear na iarratasóirí faoi agallamh i mí Aibreáin agus ag tús mhí na Bealtaine. Tuilleadh eolais le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

Spriochdháta: 26 Márta 2010

Eolas

Seoladh: 3 Sráid Mhontague, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01 4784122
Ríomhphost: nc.dunbar@ulster.ac.uk m.lermhayes@ulster.ac.uk
Suíomh idirlín: www.adbe.ulster.ac.uk/schools/graduate_school/phd/opportunities

 

Cló Cheardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall – Cúrsaí oiliúna sna Físealaíona.

Tá Cló (Ceardlann amharcealaíne) ag reáchtáil cúrsa deireadh seachtaine í Liteagrafaíocht Cloiche. Beidh an t-ealaíontóir cáiliúil Heidi Lau as Macau ag teagasc na cúrsaí. Dátaí an chúrsa: Dé Sathairn 20ú agus De Domhnaigh 21ú Márta 2010 (10 r.n. – 4 i.n.)
Tá an eagraíocht ag reáchtáil cúrsaí samhraidh sna físealaíona fosta. Beidh na ranganna ar siúl sa bharrionad físealaíne atá ag an eagraíocht i nGaeltacht Thír Chonaill.
Cúrsa í ndéantús leabhair (Handmade artists’ books) le Gaelle Pelachuad. 24ú – 25ú Aibreán 2010 (10 - 4)
15ú – 16ú Bealtaine 2010: Cúrsa liteagrafaíocht le Gill Tyson .
26ú – 27ú Meitheamh 2010: Cúrsa í priontáil le Annie Silverman.
28ú Meitheamh – 2ú Iúil 2010: Cúrsa ealaíon do phaistí le John Doohan.
10ú – 11ú Iúil 2010 Cúrsa eitseáil le dath (le Aoife Mc Garrigle.
17ú – 18ú Iúil 2010: Cúrsa Photo Eitseáil; “exploring polymer and photec etching” le Aoife Mc Garrigle.
16ú – 20ú Lúnasa 2010 Cúrsa í péinteáil radharc tíre le Heidi Nguyen. (10 – 4)

Dáta

Dátaí éagsúla.

Eolas

Teileafón: 353 (0) 7491 - 62800
Ríomhphost: cloceardlann@eircom.net
Suíomh idirlín: www.clo.ie

 

 

IMMA – Sraith Léachtaí agus Cainteanna.

Reachtálann IMMA léachtaí agus cainteanna ar bun rialta faoi réimsí éagsúla de na físealaíona. Bíonn na léachtaí ar siúl in ionad IMMA san Ospideál Ríoga i gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath. Bíonn físealaíontóirí, scannánaí, staraithe agus saoineolaí ealaíne iomráití mar aoichainteorí agus pléitear téamaí a bhaineann leis na físealaíona. Tá gach eolas agus amchlár le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: IMMA, An Ospideál Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
Teileafón: 01 6129900
Ríomhphost: sophie.byrne@imma.ie
Suíomh idirlín: www.imma.ie

 

 

Business to Arts – Deiseann Oiliúna.

Is féidir le heagraíochtaí ealaíne atá mar bhaill de Buisness to Arts lascaine shuntasach a fháil ar na cúrsaí oiliúna a eagraíonn an Irish Times agus an comhlacht, Sureskills. Cuireann an dhá eagras clár leathan de chúrsaí gnó, margaíochta agus gairmiúla ar fáil. Is cúrsaí thar a bheith feiliúnach do ghniomhairí ealaíne iad. I measc na gcúrsaí tá, Scileanna ‘Cur i láthair’, Scileanna cumarsáide, Excel agus Access, Poiblíocht agus Brandáil, srl. Cuireann Business to Arts cúrsaí sainspeisialta ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne faoin Bespoke Training Programme chomh maith.

Dáta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: Rowena Neville, Director of Marketing and PR, Business to Arts, 44 East Essex St, Temple Bar, Dublin 2.
Teileafón: + 353 1 672 5336 ¦ Dir : + 353 1 635 0253
Fón Póca: + 86 830 9424
Facs: + 353 1 672 5373
Ríomhphost: rowena@businesstoarts.ie
Suíomh idirlín: www.businesstoarts.ie

 

Físealaíontóirí na hÉireann – Ceardlanna sa Fhorbhairt Phroifisiúnta.

Beidh Físealaíontóirí na hÉireann ag eagrú sraith cheardlanna do fhísealaíontóirí sa Fhorbairt Phroifisiúnta. Is deis é d’fhísealaíontóirí agus do ghrúpaí físealaíne cur lena gcuid scileanna gairimiúla agus gnó. Is mór an méid ábhar a chuirfear ar fáil: Peer critique, Cúrsaí airgeadais don fhísealaíontóir, an chaoi le do saothar a chur os comhair an phobail, srl. Reachtálfar ceardlanna i mBéal Féirste, Doire, Inis Ceithleann agus an Ómaigh. Is féidir amchlár agus na sonraí uilig a fháil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Dáta

Dátaí éagsúla

Eolas

Seoladh: Kate Mc Loughlin, Education Assistant, Visual Artists Ireland, 37 Nth Great Georges Street, Dublin 1
Teileafón: 00353 (0)1 8722296
Ríomhphost: kate@visualartists.ie
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie www.visualartists.ie/Services/sfr_current_progspring10.html

 

Cúrsa Potaireacht ar Oileán Thoraí – Ionad Balor

Beidh cúrsa potaireacht ar siúl an deireadh seachtaine e oar Oileán Thoraí le Kim Sharkey.
Cúrsa do phaistí: Dé hAoine 5ú Márta: 4 i.n. – 7 i.n
Cúrsa do daoine fásta: Dé Sathairn 6ú & Dé Domhnaigh 7ú Márta
10 r.n. – 4 i.n.
Fa choinne tuilleadh eolas agus ait a chuir in airithe bi í dteagmháil le Marjorie Ní Chearbhaill ag Ionad Bhalor:

Dáta


Eolas

Teileafón: 087-2280310
Ríomhphost: ionadbhalor@live.com


 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtainí Tionscadail 2010

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon na dámhachtainí tionscadail seo a leanas a thairiscint in 2010:. Dámhachtain do Thionscadal Ailtireachta; Dámhachtain do Thionscadal Rannpháirtíochta sna hEalaíona; Dámhachtain do Thionscadal Sorcais; Dámhachtain do Thionscadal Damhsa; Dámhachtain do Thionscadal Scannáin; Dámhachtain do Thionscadal Litríochta; Dámhachtain do Thionscadal Ceoil; Dámhachtain do Thionscadal Sráidealaíon agus Seónna; Dámhachtain do Thionscadal Téatair; Dámhachtain do Thionscadal Físealaíon .Is é an spriocdháta do na dámhachtainí thuas i gcás iarratas a sheoltar isteach ar líne ná 5.30 i.n. ar an Déardaoin an 1 Aibreán 2010. Is é an spriocdháta i gcás iarratas a sheoltar isteach i bhfoirm cóip chrua ná 5.30 i.n. ar an Déardaoin an 25 Márta. Tá an faisnéis iomlán ar gach ceann de na dámachtainí ar fáil ar shuíomh Gréasáin na comhairle, lena n áirítear Nótaí Treorach agus Foirm Iarratais. Dámhfar na dámhachtainí thuas in ionad na ndámhachtainí ar ar tugadh an Dámhachtain Saothair Nua agus an Dámhachtain Aonuaire.


Spriocdháta

Cóip chrua. 25 Márta 2010. Ar líne 1 Aibreán 2010

Eolas

Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie
Teileafón: 01 6180200

 

Foras na Gaeilge

An Ghaeilge sa Phobal: Scéim mhaoinithe

Tá an scéim mhaoinithe do ghrúpaí pobail, An Ghaeilge sa Phobal, oscailte anois agus tá suas go 19 Márta 2010 ag iarrthóirí maoiniú d’uasmhéid €5,000 i leith clár imeachtaí Gaeilge-bhunaithe a lorg – tuilleadh eolais ón fhógra iniata nó ó pobal@forasnagaeilge.ie.

Spriocdháta

19 Márta 2010

Eolas


Seoladh:
7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 6398406
Ríomhphost: pobal@forasnagaeilge.ie
Suíomh idirlín: www.gaeilge.ie/pobalagusgnowww.gaeilge.ie/gno

 

Éigse Éireann / An Chomhairle Ealaíon

Scéim na scríbhneoirí sna scoileanna

Tá sé mar aidhm ag Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna an rannpháirtíocht a chumasú tríd eachtra atá draíochtach agus a mhairfidh i gcuimhne, a thabhairt isteach sa seomra ranga ag baint úsáide as an bhfuinneamh samhlaíoch, mothúchánach agus intleachtach agus creideamh i dteanga. Soláthraíonn Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna páirtchistiú do chuairteanna ó scríbhneoirí agus scéalaithe ag scoileanna ar fud Poblacht na hÉireann. Tá rogha de os cionn 250 scríbhneoir agus scéalaí ann in Eolaire Gréasáin na Scéime Scríbhneoirí sna Scoileanna (WIS). Is é €304 an tsuim is mó a dámhtar in aghaidh na cuairte. Is féidir le Scoileanna (bunscoileanna agus meánscoileanna) agus ionaid Ógtheagmhála maoiniú a lorg faoin scéim seo. Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is ag Éigse Éireann a riarann í. Is scéim leanúnach í an scéim seo.

Spriocdháta

Scéim leanúnach

Eolas


Seoladh:
Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna, Éigse Éireann, 2 Lána an Phrútaigh (cois Faiche Stiabhna), Baile Átha Cliath 2, Éire
Teileafón: +353 1 475 8601
Ríomhphost: writersinschools@poetryireland.ie
Suíomh idirlín: www.poetryireland.ie/education

 

An Chomhairle Ealaíon

Deis

Is scéim í Deis a bunaíodh faoi Thionscnamh na Comhairle Ealaíon um na hEalaíona Traidisiúnta, 2005-2008. Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte).
Is í cuspóir na scéime Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne, atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta. Is do thionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis tacaíocht, agus ní chuirfear bunchistiú ar fáil faoin scéim seo. Tabharfar tús áite do thionscadail a léiríonn: aird ar chaighdeán, ealaíonta nuálaíocht agus tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta. Is scéim leanúnach í Deis.



Spriocdháta

Scéim leanúnach ach is é an 26 Márta an spriocdháta don scéim Deis i leith taifid sna hEalaíona Traidisúnta

Eolas


Seoladh: An Chomhairle Ealaíon,70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Teileafón:
+353 1 618 0200
Callsave: 1850 392 492
R-phost: traditionalarts@artscouncil.ieeimear.harte@artscouncil.ie
Suíomh idirlín: www.artscouncil.ie

 

Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa

Scéím Taistil

Cuireann Fondúireacht Cultúrtha na hEorpa tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí, gníomhairí cultúrtha, iriseoirí, taighdeoirí, aistritheoirí agus eagraíochtaí cultúrtha tríd an Scéím Taistil. Tugann an scéim tacaíocht do tionscnamh a chothaíonn comhoibriú agus a chruthaíonn gréasán idir Eorpaigh óga. Tá criteár na scéime agus gach eolail le fáil ar shuíomh idirlín na fondúireachta. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an scéim seo ocht seachtain roimh tús an tionscnaimh.

Spriocdháta

Níl spriocdháta ag baint leis an scéim seo.

Eolas


Suíomh idirlín:
www.eurocult.org

 

An Gréasán Ceoil

Dámhachtán Ceoil do Dhaoine Óga: deis do cheoltóir Jazz.

Tá an dámhachtán seo oscailte d’ensemble jazz de gach cineál. Ní mhór nach mbeadh níos mó ná 5 bhall sa ghrúpa. Cuirtear an dámhactán ar fáil do cheoltóirí óga atá ag tosnú amach sa shaol mar cheoltóirí gairimiula. Tá gach eolais faoin scéim le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

5 Iúil 2010

Eolas


Teileafón:
Andreas Ziemons - (01) 671 9429
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie

 

 


Deiseanna Eile

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI)

Eagraíonn an CCOI sraitheanna ranganna agus ceardlanna ar bun rialta, mar aon leis cúrsaí oiliúna, léachtaí agus imeachtaí. Tugann siad comhairle agus cabhair d’ealaíontóirí ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna eile a chuireann siad ar fáil. Bíonn eolas reatha le fáil ar an suíomh idirlín.

Spriocdháta

Eolas

Seoladh: Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland
Ríomhphost:
info@ccoi.ie
Teileafón: +353 (0)56 7761804
Suíomh Idirlín: www.ccoi.ie


 

An Cosán Glas: Iarratas ar Aighneachtaí.

Cuireann An Cosán Glas, tionscnamh físealaíne atá lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill, fáilte roimh aighneachtaí ó fhísealaíontóirí atá spéis acu páirt a ghlacadh mar ealaíontóiri sa togra i mbliana. Is mórthogra físealaíne é an Cosán Glas ina cruthaítear dealbha móra lasta ar thrá Mhachaire Rabhartaigh, Maireann an tionscnamh ar feadh seachtaine agus beidh sé ar siúl i mbliana ón 10 – 16 Iúil, 2010. Íocfar liúntas de €1,000. Cuirfear fáilte ar leith roimh aigneachtaí ó chéimithe.

Spriocdháta

2 Aibreáin, 2010

Eolas


Ríomhphost: info@cosanglas.com
Suíomh Idirlín: www.cosanglas.com

 

Fiontar Éireann / Enterprise Ireland - Scéim na nDearbhán don Nuálachas.

Is é aidhm an scéim seo ná nasc agus caidreamh a chothú idir gnóanna beaga agus an earnáil fáisnéise pobail. Bronntar deontas beaga i bhfoirm dearbhán ar chomhlachtaí beaga atá ag iarraidh deiseanna nua gnó a aimsiú nó atá ag iarraidh réiteach a fháil ar fhadhbanna atá a chur bac agus laincís ar fhás an comhlachta. Is féidir na dearbháin (luach €5,000) a úsáid chun saineolas agus comhairle a fháil ó soláthraí fáisnéise agus eolais. Feilfeadh an scéim d’eagraíochtaí ealaíne atá cláraithe mar chomlacht nó gnó.


Spriocdháta

Níl spriocdháta i gceist

Eolas

Seoladh: Enterprise Ireland, The Plaza, East Point Business Park, Dublin 3
Teileafón: 01 - 727 2000
Suíomh Idirlín: http://www.innovationvouchers.ie/http://www.enterprise-ireland.com/

 

WHAT – Scéim Ealaíontóir Cónaithe. Aighneachaí á lorg

Cuireann an Waterford Healing Arts Trust fáilte roimh iarratais ar an scéim ealaíontóir Cónaithe a reachtáltar in Ospideál Réigiúnach Phórt Láirge. Cuirfear tús leis an tréimhse cónaithe i mí Aibreáin 2010. Cuirfidh an té a roghnófar an saothar a chruthaítear ar thaispeántas le linn an tréimshe cónaithe san Ospideál agus reachtálfaidh sé nó sí clár físealaíne do chomhphobal an ospidéil. Gach eolais le fáil, mar aon leis na foirmeacha iarratais, ó Chlaire Meaney ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

12 Márta 2010

Eolas

Teileafón:051 842664
Ríomhphost: what@hse.ie

 

Ionad Ealaíne na Gaillimhe: Deis ar Spás Stiúideó a fháil saor in aisce.

Fáitíonn Ionad Ealaíne na Gaillimhe roimh aighneachtaí ó fhísealaíontóirí a bheadh spéis acu tréimhse a chaitheamh ag obair sa stiúideó físealaíne atá san Ionad. Cuirfear an stiúdieó ar fáil saor in aisce ó mí an Mhárta go mí Lúnasa, 2010. Cuirfear áiseanna oifige, teileafón agus seirbhísí ríomhaireachta ar fáil don ealaíontóir saor in aisce chomh maith. Tá tuilleadh eolais le fáil ó Mhaeve Mulrennan ag an Ionad.


Spriocdháta

12 Feabhra, 2010.

Eolas

Seoladh: Galway Arts Centre, 47 Dominick Street, Galway
Ríomhphost: maeve@galwayartscentre.ie
Suíomh Idirlín: www.galwayartscentre.ie

 

Cór na nÓg –Éisceachtaí: Deiseanna d’amhranaithe.

Tugtar cuireadh d’amhránaithe óga a bheith páirteach i gCór na nÓg. Is cúrsa cuimsitheach oiliúna agus forbairt gairimúla atá i gceist agus beidh deis ag na rainnpháiritithe seinnt leis an gCór (agus le Ceolfhoireann Náisiúnta na nÓg), i sraith cheolchoirmeacha. Ní mhór go mbeadh na hiarratasóirí idir 18 agus 28 bliain d’aois agus go mbeadh siad saor ón 25 Meitheamh go dtí an 4 Iúil. www.irishyouthchoir.ie. Tugtar cuireadh d’amhránaithe óga freastail ar éiseachtaí i mí an Mhárta. Beidh siad ar siúl i mórbhailte na tíre. Breis eolais le fáil ar an suíomh idirlín: www.irishyouthchoir.ie agus ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

Éisceachtaí ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na tíre. Dátaí le fáil ar an suíomh idirlín.

Eolas

Teileafón: 061 234823
Suíomh Idirlín: www.irishyouthchoir.iewww.aoic.ie
Seoladh: University Concert Hall, University of Limerick, Ireland
Ríomhphost: iyc@cnc.ie

 

Clár Críochnú Scoile, Conamara Thiar Theas - Ealaíontóirí

Tá an Clár Críochnú Scoile, Conamara Thiar Theas ag cuardú ealaíontóra le clár ealaíne a chur ar bun i mbunscoileanna i gConamara. Beidh an clár ar bun thar thréimhse 8 seachtaine tar éis na Cásca (Aibreán, Bealtaine, Meitheamh 2010).

Spriocdháta

15 Márta 2010.

Eolas

Teileafón: 087 9776852.
Ríomhphost: ccsconamara@gmail.com

 


 

% Ealaíona / Ealaíon Poiblí

Comharile Phobal an Caisleán Nua, Co. Luimnigh. Coimisiún.

Fáiltíonn Comhairle Phobal An Caisleán Nua Thiar roimh iarratais ó fhísealaíontóirí ar choimisiún chun dealbh a chruthú i gcomóradh ar an scríbhneoir Micheál Hartnett. Ní mhór go cuireann an dealbh oidhreacht liteartha Micheal Harnett in iúl. Ní mhór go ndéanfar an dealbh as cloch, cré-umhaí nó ábhar eile a sheasfaidh an fhód. Is féidir gach eolais faoin choimisiún a fháil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

16 Aibreáin.

Eolas

Suíomh idirlín: www.newcastlewest.orgwww.lcc.ie/arts&culture

 

Bunscoil Loreto, Guaire, Co. Loch Garmain. Coimisiún Ealaíon Poiblí.

Fáiltíonn Scoil Náisiúnta, Guaire, Co. Loch Garmain roimh iarratais ó ealaíontóirí nó ó ghrúpaí ealaíne ar choimisiún chun píosa físealaíon buain a chruthú mar chuid de scéim % Ealaíon. Cuirfear fáilte ar leith roimh iarratais a bheidh píosa ealaíne dhá nó trí thoiseach mar chroí lár acu. Tá ciste de €32,000 curtha ar fáil don tionscnamh agus is féidir gach eolais faoin gcoimisiún agus an próiseas iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

26 Márta 2010

Eolas


Seoladh: Josephine O’Neill, Loreto Primary School, Gorey, Co. Wexford
Teileafón: 053 9421827
Ríomhphost: loretopercentart@gmail.com

 

HSE – Coimisiún Ealaíon Poiblí.

Cuireann HSE/ AN FSS fáile roimh iarratais ar choimisiún le píosa ealaíne poilbí a chruthú in Ospideál na hOllscoile, Corcaigh. Tá an coimisiún seo á reachtáil faoi scéim % Ealaíon. Tá an comórtas oscailte do gach réimse ealaíne agus tá ciste de €62,00 curtha ar fáil. Tá gach eolais faoin choimisiún agus an próiseas iarratais le fáil ag an sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

12 Aibreán 2010

Eolas


Seoladh: Marion Geary HSE Estates, Unit 2A South Ring Business Park , Kinsale Road, Cork
Teileafón: 021 4927236
Ríomhphost: marion.geary@hse.ie

Suíomh Idirlín: www.etenders.gov.ie

 

Céibh Oileán Raithlin agus Cuan Bhaile an Chaistil. Coimisiún.

Fáiltíonn Comhairle áitiúil Maighne roimh iarratais ó ealaíontóirí nó grúpaí ealaíontóir ar choimisiún le dhá píosa físealaíon a chruthú. Beidh ceann amháin suite i láthair speisialta ar chéibh Oileán Raithlin agus beidh an ceann eile suite ar ché Bhaile an Chaistil. Tá ciste de 100,000 punt Sasanaigh ar fáil don tionscnamh agus is féidir gach eolais faoin gcoimisiún agus an próiseas iarratais a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Spriocdháta

16 Aibreáin, 2010

Eolas


Seoladh: Moyle District Council, Ballycastle & Rathlin Public Art, Moyle District Council, Sheskburn House, 7 Mary Street, Ballycastle, Co. Antrim, BT54 6QH
Teileafón: 0044 (0)28 20762225
Ríomhphost: kmcgonigle@moyle-council.orgmmcconaghy@moyle-council.org


 


 

Folúntas

Áras Éanna.

Teicneoir Fuaime agus Soilse

Ionad Ealaíne Áras Éanna, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe/FÁS.
Tá folúntas ag Áras Éanna do Teicneoir Fuaime agus Soilse don Amharclann in Áras Éanna.Is scéim taithí oibre 9 mí (WPP) do chuid FÁS é seo.

Spriocdháta

Márta 25

Eolas

Teileafón: Oifig FÁS 091.534400

 

An Gréasán Ceoil.

Riarthóir/ Cúntóir Poiblíochta agus Margaíochta

Tá folúntas ag an Gréasán Ceoil do Riarthóir. Beidh curamaí poiblíochta agus Margaíochta ag an té a roghnófar. Tá gach eolais faoin bpost agus faoin próiseas roghnúcháin le fáil ag na sonraí teagmhála thíós.

Spriocdháta

5 Márta

Eolas

Ríómhphost: admin@musicnetwork.ie
Suíomh Idirlín: www.musicnetwork.ie


 

Áras Inis Gluaire, Béal a Mhuirthead

Stiúrthóir Ealaíona

Tá súil ag Ionad Ealaíona Iorras Teo go mbeidh ar a chumas Stiúrthóir Ealaíonta a cheapadh i mbliana. Má tá suim agat sa phost seol do CV chuig Áras Inis Gluaire, Áisleann Bhéal an Mhuirthead, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo

Spriocdháta

16ú Aibreán 2010.

Eolas

Ríómhphost: i.macaindriu@arasinisgluaire.ie
Seoladh: Áras Inis Gluaire, Belmullet Civic Centre, Belmullet, Co. Mhaigh Eo.


 


Imeachtaí

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Is é aidhm Ionad Cultúrtha na h-ealaion d'árd chaighdeán a chur chun chinn agus suim sna h-ealaíon a mhúscailt i measc an phobal. Chuige san, tá clár dubhshlánach leagtha amach ag Ionad Cultúrtha - idir ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha, taispeántaisí rince comh-aimseartha agus taispeántaisí ealaíona - a chuireann an ionad ealaíona seo i gceart lár saol ealáiona Ghaeltacht Mhúscraí. Is é trí mheán na Gaeilge a reachtáiltear na h-imeachtaí go léir san Ionad Cultúrtha..
Tá clár illghnéitheach d’’imeachtaí ar siúl san Ionad Cultúrtha mar chuid de Clár an Earraigh’.

Imeachtaí
12 Márta: Ceolchoirm Traidisiúnta le Gavin Whelan (Feadóga, Piopaí) / Deirdre Smith (Fidil)/ Dominich Keogh (Bodhrán) / James Ryan (giotár & Mandóla)
19 Márta: Aisling Gheal - Ceolchoirm Amhránaíochta.
10 Aibreán: Ollcheolchoirm Chruinniú na bhFliúite: Catherine McEvoy, Tara Diamond, Conal Ó Gráda, Hammy Hamilton, John Blake, Colm Murphy.
30 Aibreán: Ceolchoirm Traidisiúnta: Peadar Ó Riada, Martin Hayes & Caoimhín Ó Raghallaigh. Seoladh dlúthdiosca ag an ceolchoirm.
21 Bealtaine: Ceolchoirm Traidisiúnta leis an Music Network: Fionn Mac Giolla Chuda, David Power and Ciaran Sommers.

Tá na ranganna agus ceardlanna seo a leanas ar siúl i rith an Earraigh:- Ranganna Ceoil Traidisiúnta le Henry Cronin; Ranganna flúite le Conal Ó Gráda; Rangannna conseartín agus bosca le Mary Tisdal;. Ceardlanna dearc ealaíne do seanóirí le Bernadette Ní Choitir & Pauline Dodds Hyland; Cleachtaithe cór le Peadar Ó Riada.
11 Márta – 3 Bealtaine: Taispeantas Gloine le Maura Whelan.6 Bealtaine Ealaíon don Aosach. Rannpháírtithe Tacaois.
Tá gach eolas faoi na imeachtaí ealaíona agus cultúrtha a bhíonn ar siúl san ionad, mar aon leis na ranganna agus ceardlanna a chuireann a chuirtear ar fáil, le fáil ón ionad.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teileafón: 00 353 (0)26 45733
Suíomh Idirlín: www.ionadculturtha.ie
Ríomhphost:ionadculturtha@eircom.net


Arás Éanna, Inis Oirr
Tá clár leathan d’ímeachtaí ar siúl san Ionad Ealaíne le linn an Earraigh.
4 agus 11 Márta: Ranganna Ealaíne le Dara McGee
5 – 8 Márta Féile Ted. Ceiliúradh ar an Athair Ted!
9 -11 Aibreán Féile na gCruit.
15 Bealtaine: The Head of Red O Brien. Dráma le True West agus Mark O Halloran.
21-23 Bealtaine: Féile Ealaín ar Oileán.

Tuilleadh Eolais
Teagmháil: Mairéad Ní Ghallchóir:
Ríomhphost:araseanna@eircom.net
Teileafón: +353 99 751 50
Facs: +353 99 75152
Seoladh: Áras Éanna, Ionad Ealaíona agus Pobal, Inis Oírr, Árann, Co Na Gaillimhe.


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair.
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Cabaret Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Bíonn greann, taibhléiriú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.

Tuilleadh Eolas
Ríomhphost: Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Suíomh Idirlín:www.craiceailte.com


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.ie www.ceiliuradh.com
Teileafón: (066) 9151082 / (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE


An Gailearaí, An Fál Carrach /Ceardlann na gCroisbhealach.
Reachtálann an Gailearaí imeachtaí ealaíne agus taispeántas físealaíne ar bun rialta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Tuilleadh Eolais
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Suíomh Idirlín:www.angailearai.com


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones, Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair 7.30i.n

Tuilleadh eolais
Suíomh Idirlín:http://www.arasinisgluaire.ie/


An Clachán. Ionad Ceardaíóchta, Gaoth Dobhair.
Is ionad físealaíne agus ceardaíochta é an Clachán. Cuirtear imeachtaí agus taispeántais ar siúl ar bhun rialta. Is féidir gach eolas a fháil ón ionad.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: 00 353 (0) 74 9560091
Ríomhphost:eolas@anclachan.ie
Seoladh: An Clachán – Dánlann ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall
Suíomh Idirlín: www.anclachan.ie


Janice Fitzpatrick Simmons – Taispeántas Físealaíne
Taispeántas dar teideal ‘Saint Micheal in Peril of the Sea’ i mbear na Sheamróige, an Fál Carrach, Dún na nGall go lár mhí an Mhárta.

Tuilleadh eolais.
Teileafón: 074 9180728


Pléaráca Chonamara Teo.
Tá sraith de cheardlanna Ceardlanna Ealaíona & Ceardaíochta á eagrú ag Pléaráca.
do Dhaoine Fástale tacaíocht ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
27 & 28 Márta 2010. 10.00 - 05.00 i.n - Caoladóireacht Ceardlann Deireadh Seachtaine le Joe Hogan Ionad Fiontair, Ros Muc €55.00
Ta teora leis an méid gur féidir freastal ar chuid de na ceardlanna seo, ní mór glaoch ar an oifig agus áit a chuir in áirithe roimhré. Cuirfear ábhar ar fáil.

Tuilleadh Eolas
Teileafón: 091-574346/574021
Faics:
091-574346
Ríomhphost:plearaca@eircom.net
Suíomh Idirlín: www.anbealbinn.com


Teideal: Agus Rud Eile De / And Another Thing
Beidh an file Louis de Paor agus an ceoltóir Ronan Browne ar chamchuairt náisiúnta ó 8 – 14 Márta le seó úrnua ceoil agus litríochta bunaithe ar an gcnuasach nua filíochta Agus Rud Eile De. Leabhar agus dlúthdhiosca atá sa chnuasach seo. Bailiúchán dátheangach le haistriúcháin le Kevin Anderson, Biddy Jenkinson, Mary O’Donoghue, agus leis an údar; ealaín le Kathleen Furey; ceol le Ronan Browne. Cleamhnas is ea é idir filíocht, ceol agus ealaín. Beidh an leabhar á sheoladh ag cuid de na himeachtaí freisin agus beidh sé ar fáil sna hionaid ar fad. Tá fáilte roimh chách.
Luan 8 Márta, Aonach Urmhumhan, Tiobraid Árainn Óstán an Abbeycourt @ 8.00 i.n.
Máirt 9 Márta, Luimneach Halla Íde @ 8.00 i.n.
Déardaoin 11 Márta, CorcaighLeabharlann na Cathrach @ 8.00 i.n.
Satharn 13 Márta, Gaillimh. Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Sráid Dominic @ 2.00 i.n.


The Glens Centre, Cluainín, Co. Liatroma
Domhnach 14 Márta, Cluainín, Cur i láthair filíochta le Louis de Paor. Beidh Louis mar aoí speisialta ag an West Ocean String Quartet agus Maighréad Ní Dhomhnaill @ 8.30 i.n.
Cead isteach €18/15.

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 071 9855 833
Suíomh Idirlín: www.theglenscentre.com


Cultúrlann Uí Chanáin, Doire.
Is ionad ealaíona agus cultúrtha í Cultúrlann UÍ Chanáin atá suite i gcathair Dhoire. Reachtálann siad clár leathan d’imeachtaí Ealaíona agus Cultúrtha mar aon leis ranganna agus ceardlanna. Tá roinnt ceolchoirmeach ar siúl acu an mhí seo.
13 Márta Fuaim Chonamara An Seó Damhsa ar an Sean-Nós le Clann Uí Chuinneagáin
28 Márta: Ceolchoirm le Caoimhín Ó’Raghallaigh, Catherine McEvoy, Micheál Ó’ Raghallaigh
28 Márta: Francesco Turissi’s Tarab Ensemble & Haytham Safia (Palestine). I gcomhar leis an City of Derry Jazz Festival

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 02871 264132 02871 264132
Suíomh Idirlín: http://gaeilge.culturlann-doire.com
Seoladh: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire,BT48 7DF
Ríomhphost:eolas@culturlann-doire.ie


Leabharlann Baile na mBlainséir, Baile Átha Cliath - Léamh Filíochta.
Beidh Rita Kelly ag léamh óna saothar filíochta nua Turas go Bun na Spéire.
i Leabharlann Baile na mBlainséir, Baile Átha Cliath ar an11 Márta, 2010, agus léifidh Colm Breathnach sa leabharlann ar an 13 Márta, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Am : 7.00pm

Tuilleadh Eolas
Seoladh : Blanchardstown Library, Civic Centre, Blanchardstown, D15
Ríomhphost:blanchlib@fingalcoco.ie
Suíomh Idirlín: www.fingalcoco.ie/Library


Bríd Ní Mhóráin – The Long Valley, Corcaigh
15 Márta ag 9.00 i.n.. Léamh filíochta leis an bhfile as Gaeltacht Chiarraí, Bríd Ní Mhóráin. Beidh an ócáid ar siúl sa Long Valley, Sráid Winthrop, Corcaigh. Is iad Foras na Gaeilge agus Éigse Éireann atá á chur an ócáid seo i lathair.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: www.obheal.ie
Ríomhphost :info@obheal.ie


Deireadh Seachtaine na Gaeilge 2010
Beidh Deireadh Seachtaine na Gaeilge 2010 ar siúl i Rann na Féirste i nGaeltacht Dhún na nGall ón 4- 7 Márta 2010. Le linn an ócáid Ghaelach seo beidh neart ceol, cluichí don óige mar aon le comórtais agus Aifreann Gaeilge. Ar an Aoine 5 Márta déanfaidh Príomh Stiúrthóir RTÉ Cathal Goan an oscailt oifigiúil ag 8:00i.n i gColáiste Bhríde. Tá fáilte Uí Cheallaigh roimh chách! Cead isteach saor in aisce do na himeachtaí uilig.
Tuilleadh eolais:
Guthán: 087 9158205
Ríomhphost: bridannanibhaoill@yahoo.ie

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 087 9158205
Ríomhphost:bridannanibhaoill@yahoo.ie


Sean Nós Beo sa Rinn, Rinn Ó gCuanach, Co.Phort Láirge
Más suim leat amhráin agus Gaeilge nó más amhránaí nó éisteoir thú tá fáilte romhat a bheadh i láthair ag oíche sean-nóis sa Rinn i bPort Láirge. Bíonn teacht le chéile ar an tríú Céadaoin den mhí, de gnáth. Is iad seo a leanas na dátaí do na céad seisiún eile: 10 Márta 2010 (An dara Chéadaoin)21 Aibreán 2010
Ionad:Meánscoil San Nioclás, Rinn Ó gCuanach, Co.Phort Láirge

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 058 46464


Féiltí

Éigse an Spidéil
An Spidéal, Co. na Gaillimhe.


Féile phobail agus chultúrtha ilghnéitheach a thugann áit lárnach do na healaíona traidisiúnta sa chlár agus a mbíonn blas ilchultúrtha uirthi. Imeachtaí cultúrtha agus ealaíne, ceol agus ceolchoirmeacha, litríocht agus léachtaí.
Déardaoin 4 – Dé Domhnaigh 7 Márta/

Breis eolais
Teileafón: An Gaelacadamh: 091-553124


Féile an Léith Triúigh
Halla Le Chéile


Bréanainn, Co. Chiarraí.
Féile ilghnéitheach a dhéanann ceiliúradh ar na hEalaíona Traidisiúnta agus ar shaibhreas cultúrtha an cheantair.
Breis eolais agus dátaí na bliana seo/Further information and this year’s dates:

Breis eolais

Fón: 066 7138173
Ríomhphost: eolas@cflt.ie
Suíomh Idirlín: http://www.cflt.ie


Féile Scannán an Daingin

An Daingean, Co Chiarraí.
Féile scannánaíochta idirnáisiúnta le blas láidir Gaelach. Cuirtear scannáin aitheanta idirnáisiúnta mar aon le scannáin ón tír seo i láthair. Cuirtear réimse leathan d’imeachtaí cultúrtha agus ealaíne ar siúl chomh maith. Is féidir clár na bhféile a íosloadáíl ón suíomh idirlín

18 – 21 Márta.

Breis eolais
Ríomhphost: maurice@dinglefilmfestival.com
Suíomh Idirlín: http://www.dinglefilmfestival.com


Deireadh Seachtaine na Gaeilge 2010 – Rann na Féirste, Tír Chonaill.

Déardaoin 4 - Domhnach 7 Márta 2010
Ionaid:Coláiste Bhríde Rann na Feirste & Teach Tessie, Mín na Léice. Ceiliúradh ar chultúr agus teanga an cheantair.


Féile na Leabhar: Halla Cathrach, Baile Átha Cliath.

Beidh níos mó ná 100 scríbhneoir aitheanta i láthair don fhéile seo agus 40 imeacht liteartha eagraithe agus iad uilig saor in aisce. Foilseofar an leabhar deireanach a scríobh Nuala Ó Faolain. Beidh scríbhneoirí Gaeilge páirteach chomh maith. Is féidir clár na bhféile agus gach eolas a fháil ag na sonraí teagmhála thíos.

Breis eolais
Teileafón: 01 4151210 nó 051 4151203
Ríomhphost: info@dublinbookfestival.com
Suíomh Idirlín: http://www.dublinbookfestival.com/ http://www.publishingireland.com


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://artsaudiences.ie/ - Gréasán margaíochta/forbairt lucht féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)

http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach ar Ealaín Phoiblí “

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.ccoi.ie Comhairle Ceardaíochta na hÉireann: Suíomh achmhainneach maidir leis deontais, cúrsaí oiliúna agus eolas ginearáilta faoi chúrsaí ceardaíochta.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.