|
|
Nuacht .
Le déanaí, d’fhógair Ealaín
na Gaeltachta Teo go bhfuil Micheál Mac Aoidh ceaptha
mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Thír
Chonaill. Chuaigh Micheál i mbun a chuid dualgas
i an mhí seo caite, in Oifig Údarás
na Gaeltachta i bPáirc Gnó Ghaoth Dobhair.
Is as Gaillimh ó dhúchas Micheál. I
measc a chuid cáilíochtaí oideachais,
bhain sé amach Ard Teastas i Riarachán Ealaíne
ó Ollscoil na hÉireann. Tá taithí
leathan aige ag obair le comhlachtaí ealaíona,
ina measc an compántas drámaíochta
Na Fánaithe, le féilte ar nós Féile
Ealaíne na Gaillimhe, féile liteartha
Cúirt, féile Togra 06 agus le déanaí
an comhlacht drámaíochta Fíbín.
Comhghairdeas le Darach Ó Tuairisg agus Fíbín,
atá tar éis ainmniúchán a fháil
i nGradam Náisiúnta Business to Arts. Tá
an t-aitheantas seo tuillte as an tionscnamh poiblíochta
a rinne siad i bpáirt le Cúla4 (TG4).
Mar chuid de chlár oiliúna Business to Arts,
tá cúrsa suimiúil a dhíreoidh
ar Ealaíon a Láimhseáil do Thaispeánais
& Iasachtaí, 11 Iúil. I measc na
gcainteoirí beidh ionadaithe ó Leabharlann
Chester Beatty, National Gallery of Ireland, agus caomhnóirí
físealaíona éagsúla. Féach
thíos Oiliúint
Ainmíodh an file Paidí de Buis as ceantar
Uíbh Ráthach, i measc an deichniúr
baill nua Aosdána le déanaí. D’fhógair
An Chomhairle Ealaíon méadú sa Chnuas
.i. an íocaíocht a íoctar do chomhaltaí
áirithe in Aosdána le cur ar a gcumas díriú
ar a gcuid ealaíon níos mó. Tá
cúpla dáta thábhachtacha maidir le
scéimeanna de chuid na Comhairle Ealaíon ag
teannadh linn gan mhoill, ina measc an Dámhachtain
Sparánachta, Scéim an Ealaíontóra
sa Phobal, Deontais Bhliantúla Clár Ealaíon.
Féach thíos Deiseanna Deontais
Tá an comhlacht foilsitheoireachta An Clóchomhar
ag foilsiú leabhair i nGaeilge le 50 bliain i mbliana.
Mar cheiliúradh ar an ócáid, ta An
Clóchomhar, i gcomhar le Cló Iar- Chonnachta
ag tairiscint beart 130 leabhar ar €350.
Féach thíos Deiseanna Eile
Eagrófar comhdháil dírithe ar chúrsaí
ealaíon ar na hoileáin i mBéal a Mhuirthead
i dtreo dheireadh Mhí Iúil agus beidh Comhdháil
Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath
sara fada a bheidh dírithe ar fhorbairt pholasaithe
ealaíon i gcomhthéacs cleachtais ealaíon
comhaimseartha. Leanann biaiste na bhFéilte Ealaíon
ar fuaid na tíre.
Féach thíos Imeachtaí
Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má
tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna &
r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín
nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.
Comhdháil
|
Cultúir Catalaíocha? Ó
Chleachtas ealaíona go Polasaí ealaíona
|
Á reáchtáil ag an IETM –
Gréasán Idirnáisiúnta
dos na hEalaíon Léirithe Comhaimseartha
25-27 Meitheamh, Barra an Teampaill, Baile Átha
Cliath
Cruinniú Satailíte ar Chaidreamh Idirchultúrtha
: ag fiosrú an chaidrimh idir aidhmeanna agus
cleachtas ealaíontóirí, agus
polasaithe na n-institiúd gur suim leo tacú
le cleachtas ealaíon comhaimseartha i sochaí
an lae inniu. Mar chuid den gcomhdháil beidh
léirithe beo, plé-ghrúpaí,
painéil díopóireachta. Freastalóidh
ionadaithe ó eagríochtaí cultúrtha
ón Eoraip, ón Astráil, ó
Cheanada agus ón Áis le hathbhreithniú
a dhéanamh ar pholasaithe ealaíon comhaimseartha
|
|
dáta
|
25-27 Meitheamh
|
|
Eolas
|
Catherine Boothman, Pointe Teagmhála Cultúrtha
na hEorpa,
catherineboothman@artscouncil.ie
Teil: 01 6180234
|
|
Na hEalaíon ar na hOileáin
|
Arna reáchtáil ag Comhdháíl
Oileáin na hÉireann i gcomhair le Féile
Iorrais
Áras Inis Guaire, Bhéal a’Mhuirthead
I measc na n-imeachtaí beidh taispeántas
grianghrafanna ón mBailiúcháin
Náisiúnta, Léachtaí ar
shaíocht na n-oileán, Ceolchoirm le
ceoltóirí áitiúla agus
as Árainn, , Scannáin faisnéise,
físealaíontóirí, Sean
Nós Nua – óige Thoraí,
cuairteoirí ó Uist na hAlban agus ón
Oileán Mainnín.
|
|
dáta
|
24 – 26 Iúil
|
|
Eolas
|
Majella
Ní Chríocháin,
Bainisteoir, Comhdháil Oileáin na hÉireann
Teil: 087 9776852
r-phost: majella@oileain.ie
|
Deiseanna
Deontais
|
An Chomhairle Ealaíon
|
Dámhachtain Sparánachta
Scéim mhaoinithe le tacú le healaíontóirí
gairmiúla a gcleachtas ealaíon a fhorbairt.
Go sonrach is féidir í a úsáid
chun am a cheannach agus spás, trealamh, áiseanna
agus saoirse a sholáthar d’ealaíontóirí
ionas gur féidir leo díriú ar
a gcleachtas, go háirithe trína shaoradh
ó dualgaisí eile.
Suim á dámhadh: €15,000
|
|
Spriocdháta
|
26 Meitheamh
|
|
Eolas
|
awards@artscouncil.ie
Teil: 1850 392 492
|
| An Chomhairle Ealaíon
|
Scéim
an Ealaíontóra sa Phobal
Tá an Scéim seo á riaradh ag
Create, an ghníomhaireacht fhorbartha náisiúnta
i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach.
Scéim mhaoinithe chun go mbeidh ealaíontóirí
agus pobail áite/suime in ann oibriú
le chéile ar thionscadail. Tá an scéim
roinnte i ndá chéim.
Céim I) Taighde & Forbairt: oscailte d’ealaíontóirí
gur mian leo taighde & forbairt a dhéanamh
ar thionscadal i gcomhthéacs pobail.
Am scála: 3 mhí.
Uasmhéid do Chéim I: €1,000
Céim II) Cur i bhfeidhm an togra. Oscailte
do gach meán ealaíon. Iarratais ón
ngrúpa pobail atá ag pleanáil
an tog
Am Scála: suas le 9 mí
Suim á dámhadh: €10,000
|
|
Spriocdháta
|
27 Meitheamh
|
|
Eolas
|
Katherine Atkinson, Teil: 01 473 66 00
support@create-ireland.ie www.create-ireland.ie
|
|
An Chomhairle Ealaíon
|
Deontais do Chláir Bhliantúla
Scéim mhaoinithe d’Eagraíochtaí
le haghaidh gníomhaíochtaí i
2009.
Is é is aidhm leis ná cúnamh
a thabhairt d’iarratasóirí le
costas a gcláir ealaíne. Tá an
deontas dírithe ar eagraíochtaí
nach mbeadh cúnamh airgeadais ón gcomhairle
Ealaion ag teastáil uatha go ginearálta
chun tacaíocht a thabhairt costais riaracháin
leanúnacha a íoc.
|
|
Spriocdháta
|
25 Meitheamh
|
|
Eolas
|
awards@artscouncil.ie
Teil: 1850 392 492
|
| Comhairle Cho. Na Gaillimhe
|
Sparánacht
don Ealaíontóir Aonarach
Fáilte roimh iarratais don dara bhabhta 2008.
Trín scéim seo tugtar deis i dtreo fhorbairt
phroifisiúnta an ealaíontóra
i ngach meán ealaíon (Scannán,
Litríocht, Ceol, Físealaion & eile)
|
|
Spriocdháta
|
25 Meitheamh
|
|
Eolas
|
www.galway.ie/en/Services/ArtsOffice
Teil: 091 746860
|
Deiseanna
Eile
| Sladmhargadh Leabhar
An Clóchomhar i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta
|
Beart 130 leabhar ar fáil ar €350
Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag An
gClóchomhar as an tsraith luachmhar ‘Imleabhair
Thaighde’ ina bhfuil céad imleabhar faoin
dtráth seo. Ta réimse leathan próis
(úrscéalta, gearrscéalta, aistí,
beathaisnéisí, léachtaí,
cuimhní cinn & r.l.) chomh maith le filíocht,
amhráin agus drámaí foilsithe
acu.
Liosta iomlán le fáil ar shuíomh
idirlín Chló Iar-Chonnachta, www.cic.ie
|
|
Spriocdháta
|
27 Aoine ar a dhéanaí,
(mura bhfuil na pacáistí uilligh díolta
faoi sin)
|
|
Eolas
|
091 593307
|
| Físealíontóirí
- Glaoch ar Iarratais:
Stiúideo Teach an Chustaim, Cathair na Mart
|
Fáilteofar
roimh iarratais ó fhísealaíontóirí
do chlár thaispeántais agus d’ionaid
stiúideo 2009 agus 2010.
Tá láthair taispeántais ar an
mbun urlár d’fhoirgneamh athchóirithe
Teach an Chustaim cois cuan. Tá spás
oibre do sheachtar ealaíontóir in airde
staighre, le slí isteach ar leith do gach stiúideo
(déanann ealaíontóirí
a socraithe lóistín féin).
Seol Ráiteas Ealaíontóra, sleamhnáin/Dlúthdhiosca/DVD/Grianghrafanna,
liosta saothair ar a bhfuil méid, meán
agus bliain léirithe go soiléir.
|
|
Spriocdháta
|
16
Eanáir 2009
|
|
Eolas
|
John McHugh, Stiúideo Teach an Chustaim,
An Ché, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
|
Oiliúint
|
Business to Arts
|
Ealaíon a láimhseáil do
Thaispeántais & Iasachtaí
Baile Átha Cliath 11 Iúil
Táille: €120
Á reáchtáil i gcomhair le ICHAWI
(Institiúd Chaomhnaithe na Saothar Stairiúla
& Ealaíona in Éirinn)
Sain chúrsa i láimhseáil saothar
ealaíon á reáchtáil ag
an Músaem na hÉireann, Collins Barracks
9:30 – 4:15
Déanfar cur i láthair praiticiúil
le feidhm a thabhairt don teoiric a chlúdófar
le linn an ama. Clúdófar nithe ar nós
socraithe iasachtaí, socraithe iompar &
taistil, freagracht an courier, cóipcheart
& r.l.
I measc na gcainteoirí beidh Jessica Baldwin
(Leabharlann Chester Beatty), John Juson (Momart Ltd.),
Susan O’Connor (National Gallery of Ireland)
Jason Ellis & Ciara Brennan (Caomhnóirí
físealaíona)
|
|
Dáta
|
11 Iúil
|
|
Eolas
|
Karen Brett, Stiúrthóir na gClár
teil: 01 6350254 r-phost: Karen@businesstoarts.ie
www.businesstoarts.ie
|
|
Clár um Fhorbairt Phroifisiúnta
d’Ealaíontóirí –
Ealaíon & Sláinte
CREATE, Baile Átha Cliath
|
Cúrsa oiliúna go bhfuil sé mar
aidhm aige tacú le cleachtas nuálach
agus taighde san earnáil seo. Cuirfidh sé
le deiseanna gairmiúla na n-ealaíontóirí
trína chuid oibre a lonnú i gcomhthéacs
criticiúil oiriúnach.
Fáilteofar roimh iarratais sna meáin
ealaíon seo a leanas: Ailtireacht, Sorcas,
Léiriú Sráide, Rince, Scannánaíocht,
Litriocht (Gaeilge & Béarla), Ceol, Amharclannaíochta,
Fís ealaíon, Ealaíon Traidisiúnta
Reáchtáilfear an cúrsa trí
sraith léachtaí agus seimineár,
le cuairteanna ó léachtóirí
le saineolas ar leith.
I measc na n-ábhar a chlúdófar
beidh na módúil seo a leanas:
• Luach na nEalaíon & Sláinte
agus Deá-chleachtas
• Timpeallacht an Ospidéil agus Ionad
Cúraim
• Cúrsaí eitice
• Teanga agus Cumarsáid
• Togra a phleanáil agus a chur i bhfeidhm
• Modheolaíocht meastóireachta
agus taighde
Fad an chúrsa: 6 Meán Fómhair
– 31 Deireadh Fómhair
|
|
Dáta
|
16 Meitheamh
|
|
Eolas
|
Sarah Tuck,
Teil: 01 473 66 00
www.create-ireland.ie
|
Imeachtaí
|
An Díseart, Institiúid Oideachais
& Cultúr Dúchais
|
An Díseart, Institiúid Oideachais &
Cultúr Dúchais
Turas Shan Sheáin,Mil na gCeardlann - Léamh
Filíochta
An Teampall Geal, Baile Riach
|
|
Dáta
|
23 Meitheamh, 8 i.n.
|
|
Eolas
|
|
|
Féile na Gréine
|
An
Coireán, Co. Chiarraí
Féile ag ceiliúradh grianstad an tsamhraidh.
I measc na n-imeachtaí beidh drámaíocht
sráide leis na Fómóraigh agus Deartháireacha
Fanzini, ceol le Ardú, Agustín Maruri
(giotáraí ón Spáinn), Máire
Breathnach, Micheál Ó Briain, na hamhránaithe
Kathleen Dineen agus Catherine Rhatigan, drámaíocht
le Dónal O’Kelly agus filíocht le
Pat Boran agus an file Gaidhlige Aonghus Mac Neacaill.
Beidh rogha ceardlanna éagsúla.
|
|
Dáta
|
21-23 Meitheamh
|
|
Eolas
|
Tech Amergin, www.feilenagreine.com , r-phost: techamergin@eircom.net
Teil: 066 9478956
|
|
Féíle an Earghail
|
Féíle an Earghail,
Tír Chonaill
Ar cheann de mhór fhéilte na tíre
- mórán imeachtaí den scoth den
uile chineál ealaíon; !
|
|
Dáta
|
10-20 Iúil
|
|
Eolas
|
Eolas: www.eaf.ie
Teil: (074) 9120777
|
|
Joan Clancy Gallery
|
Joan Clancy Gallery
Maoil a’ Choirne, An Rinn, Co. Phort Láirge
Wilde About Art
Oscailt oifigiúil Meitheamh 22 6 i.n.
Ar lean go dtí Iúil 19
11 r.n. – 5 i.n. go laethúil
Leis na físealaíontóirí
Paul Flynn, Katarzyna Gajweska, Blawnin Clancy, Ross
Stewart, Dave West, Rayleen Clancy, Andrea Jameson,
Maderson, Sinéad Ní Chionaola, John
Cullinan, Paul Fallon, Donna McNamara & eile.
|
|
Dáta
|
Meitheamh 22 - Iúil 19
|
|
Eolas
|
|
Nascanna
Tá
na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus
deiseanna eagsúla.
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm
An Chomhairle Ealaíon
www.artsmanagement.ie Cúrsa
Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí
Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil
faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh
acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna
agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org Suíomh
acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie Forum
don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ Suíomh
acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie
Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/
Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh
tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie.
Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a
chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad
spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie -
eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult
suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais
Eorpaigh
Séanadh Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na
Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as
aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath
ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.
|
|