EalaÍn na Gaeltachta

 

Nuacht

Deiseanna / Deontais

Imeachtaí Ealaíon

 

Cuir leis an liosta

Bain den liosta

Seol chuig cara

 

 

 

 

Teagmháil

 

Séanadh

 

 

 

           The Arts Council Logo

 

 

 

Údarás na Gaeltachta

 

 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig R-nuachtlitir na míosa seo.

“Tá ról an-suntasach ag na healaíona i gcomhthéacs gheilleagar na hÉireann agus is féidir leo a bheith mar ghníomhaí a spreagann poist agus infheistíocht”. Ba í seo an phríomh argóint a áitíodh i tuairisc cheannródaíoch a d’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon ag tús mí na Samhna. Tugtar le fios sa tuairisc, atá scríofa ag príomheacnamaí, go bhféadfadh tionchar geilleagrach na n-ealaíon a bheith níos mó ná mar a cheapann anailísithe agus lucht déanta beartas de ghnáth.Tacaíonn maoiniú €76 milliún ón gComhairle Ealaíon d’eagraíochtaí ar fud na tíre le breis is 3,000 post, gineann sé láimhdeachas €192 milliún agus cuireann sé €54 milliún díreach ar ais sa Státchiste i bhfoirm cáin ioncaim, CBL, agus cánacha eile. Tá tionchar geilleagrach earnáil níos leithne na n-ealaíon níos mó ná mar a raibh súil leis freisin; gineann sí Breisluach Comhlán €782 milliún, caiteachas iomlán €1.8 billiún, 26,519 post agus ioncam cánach €352 milliún. Léiríonn an tuairisc freisin an ról suntasach atá ag na healaíona sna tionscail chruthaitheacha, áit ar ionann an Breisluach Comhlán agus €5.5 billiún, agus ar ionann an fhostaíocht iomlán agus 96,000. Cé nár ceart na healaíona a mheas ar fhorais gheilleagracha amháin, is léir ón tuairisc seo gur earnáil thábhachtach, dhlúthfhostaíochta í, agus is mór an cabhair í an tuairisc seo dóibh siúd atá ag iarraidh cur in iúl gur earnáil thábhachtach í earnáil na nEalaíon. Is féidir an tuairisc a íosloadáil ag: http://www.artscouncil.ie/Publications/Arts%20Council%20-%20Economic%20Impact%20-%20Final%20Report.pdf

Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt sa shuirbhé a eagraíodh mar chuid den iniúchadh atá Ealaín na Gaeltachta a dhéanamh ar ghníomhaíocht agus ar acmhainní ealaíona na Gaeltachta. Gabhfaidh muid buíochas mór, freisin, leis na na daoine uilig a d’fhreastail ar na grúpaí fócais agus na cruinnithe poiblí. Bailíodh go leor eolais úsáideach agus fóinteach, agus nochtaíodh tuairimí agus smaointe fiúntacha. Rachaidh siad uilig chun tairbhe agus bainfear an-leas astu agus muid ag pleanáil don todhchaí. Foilseofar an tuarisic gan mhoill.

Míle buíochas freisin do na heagraíochtaí a chur iarratas itseach do Scéim Fhorbartha na nEalaíon/Scéim na bhFéilte Ealaíon 2010. Tháinig ardú ar líon na n-iarratas i mbliana, rud a léiríonn go bhfuil cúrsaí ealaíne beo beathaíoch sa Ghaeltacht. Ní mhór do na hiarrthóirí a bheith ar an airdeall faoin foláireamh tábhachtach a bhaineann leis na scéimeanna i mbliana. Tá maoiniú na scéimeanna ag brath ar an leibhéal maoinithe a bheith ar fáil d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ón Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta don bhliain 2010, agus déanfar athbhreithníú ar na scéimeanna dá réir. Cé go mbeidh sé tús na bliana 2010 sula mbeidh sé ar chumas na bpáirtnéirí thuasluaite an leibhéal maoinithe sin a dheimhniú, chinn Ealaín (na Gaeltachta) Teo., iarratais a lorg ag an am seo le go mbeifear ullmhaithe i gcomhair meastóireachta nuair a bheidh an deimhniú sin ar fáil.


Comghairdeachas le foireann Guth Gafa a bhuaidh gradam sa chatagóir Best Total Marketing Message i gcomórtas Carlton Best of Festival Marketing Award. Bhuaidh Féile an Earagail gradam sa chomórtas céanna sa rannóg, Best Programme Design. Tá an comórtas seo faoi stiúir AOIFE (Cumann na bhFéilte Eireannacha).

Ta 25 sceal Biobla foilsithe i nGaeilge nadurtha na Gaeltachta agus an eagraíocht Lorum. Ta na scealta scriofa i vearsaiocht alainn a mheallfaidh idir og agus aosta, agus ta learaidi galanta landaite ag dul leo a fhanfaidh ina gcuimhne go ceann i bhfad! Breis eolais ag: www.lorlum.ie

Mar is gnáth, is mór an méid deiseanna deontas agus deiseanna eile atá fógraithe i ríomhlitir na míosa seo. Le hais sin, tá eolas ar na himeachtaí ealaíona agus cultúrtha Gaeltachta nó Gaelacha atá ar siúl an mhí seo.

Déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie má tá aon eolas breise i dtaobh scéimeanna & r.l. de dhíth nó má tá aon bhlúirín nuachta don gcéad r-nuachtlitir eile.


 

Comhdháil

“Trade”/ Semineár Trádála, The Dock, Co Liatroma.

Is comhfhiontar físealaíne idir Comhairle Contae Ros Comáin agus Comhairle Contae Liatroma é “Trade”. Is é an aidhm atá ag an gcúrsa ná teagmháil agus caidreamh a chothú idir físealaíontóirí na tíre seo agus an domhan mor. Cuirtear in iúl gur bhaill de thógáil domhanda é nó í an t-ealaíontóir tuaithe, agus gur féidir leo labhairt leis an domhan mór agus nascanna a chruthú le físealaíontóirí ar fud na cruinne. Is comhdháil trí lá é Trádála, áit a bhailíonn físealaíontóirí agus gníomhaithe ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile. I measc na n-aoíchainteoirí i mbliaina tá, John Gibbons, Darren Almond, Rod Menghan, Brian Dillon, Anna McLeod and Christine Mackey. Is iad Aideen Barry, Valerie Connor, Tessa Giblin, Mike Fitzpatrick agus Declan McGonagle na háisitheoirí. Táille: €30 | Baill de eagraíochtaí: €120. Lón agus dinneár san áireamh.

Dáta

4-5 Nollaig

Eolas

Suíomh idirlín: www.leitrimarts.ie/trade



 

IMMA – Léachtáí agus cainteanna, Geimhreadh 2009.

Tá sraith de léachtaí agus cainteanna ar réímsí éagsúla de na físealaíona eagraithe ag IMMA i rith an gheimhridh. Beidh siad ar siúl in ionad IMMA san Ospideál Ríoga i gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath. Tá sraith léachtaí le físealaíontóirí ar nós Alan Phelan, Philippe Parreno agus Lunda Benglis eagraithe agus pléfar téamaí éagsúla agus na cineálacha físealaíona éagsúla. Tá gach eolas agus amchlár le fáil ag na sonraí teagmhála thíosluaite.

Spriocdháta

Eolas


IMMA, An Ospideál Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
Teil: 01 6129900
Suíomh idirlín: www.imma.ie
R-phost: sophie.byrne@imma.ie



 


Oiliúint

Ceardlanna Oiliúna sa Fhorbairt Ghairmiúil – Físealaíontóiri na hÉireann agus An Monarcha Náisiúnta Dealbhóireachta.

Ta clár leathan de cheardlanna oiliúna eagraithe don gheimreadh ag an dhá eagraíocht . Is dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna cleachtais agus scileanna praicticúla atá na ceardlanna dírithe. Tá na cúrsaí feiliúnach d’ fhísealaíontóirí atá ag iarraidh feabhais a chur ar a gcuid modhanna cleachtais agus díreoidh sé ar chúrsaí bainistíochta, riaracháin agus gnó chomh maith. I measc na n-ábhar a chuirfear ar fáil, beidh an Chuntasaíocht; Airgeadas; Dlí agus an Físealaíontóir; poiblíocht agus margaíocht; An t-idirlíon agus an Físealaíontóir; Peer critique; agus go leor ábhair eile. Ta breis eolais faoi na cúrsaí uilig agus cóip den churaclam le fáil ag: www.visualartists.ie/Services/sfr_current_prog.html

Dáta

Spriocdhátaí do na cúrsaí éagsúla le fáil ón eagraíocht.

Eolas

Visual Artists Ireland
Teil: 01 8722296
Suíomh idirlín: www.visualartists.ie
R-phost: monica@visualartists.ie

National Sculpture Factory
Teil: 021 4314353
R-phost: elma@thenationalsculpturefactory.com

 

MA san Ealaíon Poiblí, Ollscoil Uladh, Beál Feirste.

Déanann an cúrsa seo iniúchadh ar ról an ealaíontóra agus ról na healaíne sa shochaí agus sa shaol poiblí. Forbaítear modh cleachtais phoiblí a chothaíonn an rainnpháirtíocht, comhoibrú agus comhfhiontar, an idirbheartaíocht agis an idirghabhálaíocht. Cuirtear béim ar structúr agus cur cuige tógraí agus smaointe. Reachtáltar an cúrsa thar thréimse 18 mí.

Dáta

Dátaí le fail ón eagraíocht.

Eolas

Suíomh idirlín: www.interface.ulster.ac.uk/ma4/
www.interfacebelfast.com
www.uupadb.com

 

Ranganna ceardaíochta: Ionad Bhalor: Oileán Thoraí, Co. Dhún na nGall

Is ionad Ceardaíochta agus eolas do Thurasóirí é Ionad Bhalor atá lonnaite ar Thoraigh.
Tá an t-ionad, i gcomhair le Comhair le Comhar Chumann Thoraí, ag reáchtáil ranganna ceardaíochta i agus ranganna. Is iad seo a leanas na ranganna atá ar fáil faoi láthair:
Casadh adhmad - Dé Sathairn 10ú & Dé Domhnaigh 11ú Eanair 2010
Ceardlann sa seodraíocht - De Sathairn 16ú & Dé Domhnaigh 17ú Eanáir


Dáta

Níl Spriocdháta i gceist.

Eolas

Teil: +353 87 2280310
R-phost: ionadbhalor@live.com
Suíomh idirlín: www.ionadbhalor.com


 

 


Deiseanna Deontais

An Chomhairle Ealaíon

Dámhachtain sparánachta

Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta don chéad bhabhta eile de dhámhachtainí Sparánachta (5 Samhain 2009 a bhí ann ar dtús) agus is é an spriocdháta nua ná an 21 Eanáir 2010.

Seo a leanas na foirm ealaíne atá faoi réir: Ailtireacht, Na healaíona rannpháirteachais, Rince, Scannáin, Litríocht an Bhéarla, Litríocht na Gaeilge, Ceol, Téatar, Na healaíona traidisiúnta, Na físealaíona

Suim a dámhadh: €15000


Spriocdháta

Eolas


Teil:
Kate ODonnell (Awards Officer)
R-phost: awards@artscouncil.ie
Teil: 01 618 02 36

 

 


Deiseanna Eile

Artlink, Bun Crannach, Co. Dhún na nGall /Coiste Baile Slachtmhara Bun Crannacha - Deis d’fhísealaíontóirí.

Fáiltíonn Artlink roimh iarratais don choimisiún físealaíne náisiúnta, What Else?, atá á eagrú i gcomhar leis an gCoiste Bhaile Slachtmhara, Bun Crannacha. Le duaischiste de €5,000, beidh Artlink ag súil go dtabharfaidh an coimisiún spreagadh d’fhísealaíontóir ildánach saothar físealaíne nuálach a chruthú. Beidh áit bhuan ag an bpíosa físealaíne ar láthair ar imeall an bhaile, ar bhóthar Dhoire.

Spriocdháta

Luan 14 Nollaig

Eolas

Teil: 074936 3469
Ríomhphost: info@artlink.ie

 

Centre Culturel Irlandais, Páras - Tréimshe cónaithe. 2010/2011

Fáiltíonn Centre Culturel Irlandais i bParás, An Fhrainc, roimh iarratais do scéimeanna tréimshe cónaithe atá ag reachtáil acu ó mhí Mheán Fómhair 2010 go Mí Iúil, 2011. Is deis iontach é seal a chaitheamh ag obair mar ealaíontóir i gcathair spreagúil agus spleodrach. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóírí Gaelacha atá ag saothrú mar ealaíontóir, gach cineál ealaíne san áireamh. Cuirfear costais taistil, lóistín agus cothú san áireamh agus bronnfar sparántacht de €700 an mhí ar na daoine a roghnófar.

Spriocdháta

29 Eanáir 2010

Eolas

Seoladh: Sheila Pratschke, Director, at:
Centre Culturel Irlandais, 5, rue des Irlandais, 75005 Paris
Suíomh idirlín; www.centreculturelirlandais.com
Ríomhphost: spratschke@centreculturelirlandais.com

 

Gradam Colmcille- Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

Is ar phíosa filíochta nua i nGaeilge nó i nGadhlig (nár foilsíodh riamh cheana) a bhrronntar Duais Cholmcille/ Béal Átha na mBuillí. Bronnfar €4,000 don chéad áit, €2,000 don dara háit agus €1,000 don triú háit. Tabharfar cuireadh do na buaiteoirí na dánta a léamh ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí i 2010 agus bronnfar táille €400 orthu dá bharr.


Spriocdháta

5 Feabhra 2010

Eolas

Téil: 01 671 9278
Suíomh idirlín; http://www.poetryireland.ie/resources/
competitions.php?id=762

 

Comórtas Idirnáisiúnta Cumadóireacht Ceoil Leictreofhuaimiúil (Electroacoustic)

Is comhfhiontar idir RTÉ lyric fm agus The Centre for Computational Musicology and Computer Music (CCMCM, Ollscoil Luimnigh) é an comórtas idirnáisiúnta seo. Tugann an comórtas árdán do chumadóirí ceoil atá ag teacht in inmhe i saol an cheoil. Bronntar coimisiúin ceoil, ar fiú €3,000 é, ar an mbuaiteoir. Cumfaidh an buaiteoir píosa ceoil leictreofhuaimiúil idir 8 – 10 noimeád ar fhad . Léireofar an píosa ceoil ar stáite mar chuid den shraith ceolchoirmeacha, ‘Soundings’ a eagraíonn an CCMCM. Craolfar an ceol ar RTÉ lyric FM freisin.

Spriocdháta

22 Eanair 2010

Eolas

Suíomh idirlín; www.rte.ie/lyricfm/nova

 

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCOI)

Eagraíonn an CCOI sraitheanna ranganna agus ceardlanna ar bun rialta, mar aon leis cúrsaí oiliúna, léachtaí agus imeachtaí. Tugann siad comhairle agus cabhair d’ealaíontóirí ceardaíochta agus tá roinnt deiseanna eile a chuireann siad ar fáil. Tá an t-eolas uilig le fáil ar an suíomh idirlín.


Spriocdháta

Eolas

Téil: +353 (0)56 7761804
Facs: +353 (0)56 7763754
Ríomhphost:
info@ccoi.ie
Seoladh: Crafts Council of Ireland, Castle Yard, Kilkenny, Ireland

 


 

% Ealaíona

Sticky Fingers - Ealaíon do naoínán agus daoine óga

Cuireann Sticky Fingers, eagraíocht ealaíon náisiúnta, fáilte roimh ghrúpaí nó roimh fhísealaíontóirí aonair iarratais a chur isteach ar choimisiún ealaíon poiblí. Píosa ealaíne buaine atá i gceist, agus ní mhór go mbeadh sé nuálach agus ar ardchaighdéan. Is ó smaointe agus samhlaíocht an aosa óig i gceantar an Iúir. Beidh an píosa ealaíne ar shuíomh taobh leis an mhórbhealaigh idir an t-Iúr agus Baile Átha Cliath. Tá buiseád de 45,000 punt curtha ar fáil don choimisiún.

Spriocdháta

7 Nollaig

Eolas

Suíomh idirlín: www.stickyfingersarts.co.uk
Ríomhphost: elaine@stickyfingersarts.co.uk



 

Cathair Ard Mhacha – Coimisiún - Ealaíon Poiblí

Fáiltíonn Cuireann Comhairle na gCathrach, Ard Mhacha roimh iarratais ar choimisiún ó ealaíontóirí le píosa ealaíona poiblí buaine a chruthú. Beidh an píosa suite i gceantar na margaí i lár chathair Ard Mhacha. Is fiú GBP75,000 an coimisiún. Gach eolas faoin bpróiseas iarratais agus critéar na scéime le fáil ag na sonraí teagmhála thíos:

Spriocdháta

8 Eanair, 2009

Eolas


Teil: 0044 (0)28 37529632 nó 0044 (0)28 42729011

Ríomhphost: dawn.park@armagh.gov.uk
cathie@culturalmanagementservices.com

 



 

Folúntas

U2 / Ciste na hÉireann - An Clár Náisiúnta in Oiliúnt Ceoil

Folúntas do Stiúirthóir Tionscnaimh.

Is folúntas do stiúirthóir Tionscnaim é seo. Is post dúshlánach é agus beidh an té a roghnófar freagrach as bainistíocht, riarachán agus eagrú ar mhórthionscnamh ceoil a reachtálfar go náisiúnta. Ní mhór taithi chuimsitheach i gcúrsaí bhainistíocht tograí a bheith ag an iarratasóir, agus dianthuiscint aige nó aici ar an gceol agus ar chúrsaí oideachais. Críteár agus tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín An Líonra Ceoil.

Breis eolais faoin bpost le fáil ag www.musicnetwork.ie


Spriocdháta

7 Nollaig

Eolas

Suíomh idirlín: www.musicnetwork.ie
Ríomhphost: info@musicnetwork.ie



 

Zoogon TV

Léiritheoir Sinsearach

Tá folúntas fógraithe do léiritheoir Sinsearach leis an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse, Zoogon, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Ní mhór Gaeilge líofa a bheith ag an iarratasóir mar aon leis scileanna i léiriúcháin teilifíse, san airgeadas agus sa bhainistíocht. Tá gach eolas faoin bpost le fáil ag : www.zoogon.tv/www.telegael.com

Spriocdháta

Níl spriocdháta luaite leis an bpost.

Eolas

Suíomh idirlín: www.zoogon.tv/www.telegael.com

 

Turasóireacht Iorras Teo.

Bainisteoir Forbartha agus Feidhmiuchán Díolacháin

Is dhá phost atá igceist, Bainsiteoir Forbartha chun an Tionscail Turasóireachta a chur chun cinn, go hairid táirgí a ullmhú chun freastal ar na margadh cuí sna táirgí seo a leanas; galf, siúlóidí, rothaíocht, nádúr agus cultúra. Tá post Feidhmeannach Díolacháin fógraithe freisin. Beidh an té a cheapfear ag díol pacáistí turasóireachta bunaithe ar an táirge galf, siúlóidí, rothaíocht, nádúr agus cultúrtha.
Tá gach eolas faoin bpost le fáil ag : www.erristourism.com

Spriocdháta

11 Nollaig

Eolas

Suíomh idirlín: www.erristourism.com
Seoladh: Carne Golf Links , Carne , Béal A Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Ireland


Imeachtaí

Taibhdhearch na gGaillimhe, Seod na Nollag.
Aoine 4ú & Satharn 5ú Mí Nollaig, 8.00 i.n.
Beidh mór-cheoldráma i nGaeilge agus mórchlaisicí cheol Gaelach na hÉireann á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe mar shamplaí de thraidisiún na hamharclainne i Séipéal Choláisteach San Nioclás i gCathair na Gaillimhe ar an 4ú & 5ú lá de mhí Nollaig ag 8.00 i.n. Beidh Seoda Na Nollag á léiriú ag Pádraigín Ní Lileas agus beidh buíon mór páirteach ann, ag cur saothar chumadóirí amhail Mozart, Verdi, Bizet, Puccini agus Franz Lehár i láthair. Is é an cumadóir, Tom Cullivan, a chóirigh an ceol i gcomhar na ceolfoirne an tráth seo freisin agus beidh an cheolfhoireann faoina stiúir. Is é Peadar Ó Treasaigh a bheidh ina fhear an tígh. Beidh na clasaicí móra Gaelacha ar an gclár, chomh maith le meascán deas de charúil traidisiúnta na Nollag. Ticéidí: €15 / €12



Tuilleadh eolais.
Seoladh: Oifig na Taibhdheirce, Lána an Chláir, Sráid na gCeannaithe, Gaillimh.
Teil: (091) 563600
Ríomhphost: eolas@antaibhdhearc.com
Suíomh Idirlín: http://www.antaibhdhearc.com


Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne . Clár an Fómhair.
10.12.09: Cumann Scannáin Dhoire’a Chuilinn: 'The Secret of Kells ', scannan Éireannach le Mick Lally, Evan McGuire, Christen Mooney, Brendan Gleeson Eolas ar scannáin ag: www.imuscrai.wordpress.com
18.12.09: Ceolchoirm Traidisiúnta Matt Molloy (fliúit) John Carty (fidil), agus Arty McGlynn (giotár) Taispeántas físealaíona na Nollag le hEalaíontóirí Mhúscraí
Tá gach eolas faoi na imeachtaí ealaíona agus cultúrtha eile mar aon leis na ranganna agus ceardlanna a chuireann an t-ionad ar fáil le fáil ón ionad.

Tuilleadh eolais faoi na imeachtaí eile le fáil ar an suíomh idirlín.

Tuilleadh eolais.
Seoladh: Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Teil: 00 353 (0)26 45733
Ríomhphost: ionadculturtha@eircom.net
Suíomh Idirlín: http://www.ionadculturtha.ie


Áras Éanna, Inis Oirr
Tá Áras Éanna ag reachtáil sraith d’imeachtaí, de cheardlanna agus de ranganna i gcaitheamh an gheimhridh. Beidh an t-eolas le fáil ar an suíomh idirlín thíosluaite nó is féidir dul i dteagmháil go díreach le hÁras Éanna.



Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.araseanna.ie
Teileafón: 099 75150
Ríomhphost: araseanna@eircom.net


Ionad na Scríbhneoirí Éireanancha / The Irish Writers' Centre
Mar chuid den fheachtas le hairgead a bhailiú don Ionad, beidh Ócáid Liteartha ar siúl san Ionad ar an 3 Nolaig. Beidh 4 mórscríbhneoir na Gaeilge ag léamh. Is iad sin, Nuala Ní Dhomhnaill, Paddy Bushe, Áine Ní Ghlinn agus Grégóir Ó Dúill. Cead Isteach: €20
Ionad: Irish Writers' Centre, 19 Parnell Sq, Baile Átha Cliath ag 7.30 in.
Dáta: 3 Nollaig


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.writerscentre.ie


An Clachán. Gaoth Dobhair.
Is ionad físealaíne agus ceardaíochta é An Clachán. Cuirtear imeachtaí agus taispeántais ar siúl ar bhun rialta. Is féidir gach eolas faoin na himeachtaí a fháil ón ionad.
Spriocdháta: 11 Samhain

Tuilleadh eolais.
Seoladh: An Clachán – Dánlann ealaíne, An Chúirt, Gaoth Dóbhair, Co. Dhún na nGall
Teil: 00 353 (0) 74 9560091
Ríomhphost: eolas@anclachan.ie
Suíomh Idirlín: http://www.anclachan.ie


An Cabaret Craicáilte, Gaoth Dobhair,
Gaoth Dóbhair – an 3ú Satharn de gach mí, de gnáth.
Tugann an Caberat Craicáilte árdan do cheol comhaimseartha i nGaeilge agus cothaíonn siad réimsí nua ceoil agus siamsaíochta trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceoltóirí aitheanta ag seinnt gach cineál ceol - rap, jazz, ceol domhanda, reggae, ceol traidisiúnta, rock-ceoil agus go leor eile. Uaireanta, bíonn cumasc idir na stíleanna ceoil uilig! Bíonn greann, taibhsiú, filíocht bheo agus go leor imeachtaí eile. Oíche chraicáílte den scoth.


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.craiceailte.com
Teileafón: 087 2785593 nó 097 81079
Ríomhphost:Ronan.MacAodhaBhui@rte.ie


Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Reachtálann an tIonad imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.heritageireland.iehttp://www.ceiliuradh.com
Teileafón: (066) 9151082 nó (066) 9156444
Ríomhphost:BLASCAOD@OPW.IE


Gailearaí, An Fál Carrach /Ceardlann na gCroisbhealach - ""Dinnseanchas II – Snáithín Áine"
De Sathairn 31 Deireadh Fómhair - De Sathairn 12. Nollag 2009: “Dinnseanchas II”
Chuir an bhanfhile iomráití, Nuala Ní Dhomhnaill agus an físealaíontóir Corcaíoch, Bernadette Cotter an dara chuid den tionscnamh ‘Dinnseanchas’ ar thaispeántas sa Ghailearaí. I nGleann Cholm Cille a chuireadh tús leis an chéad tionscnamh Dinnseanchas, áit ar thug Nuala agus Bernadette cúl taca do bhunadh na háite le Béaloideas áitiúil a bhailiú, agus le taispeántas a chur ar siúl, bunaithe ar an ábhar a bhailíodh. Nochtaigh an taispeántas sin an léargas agus an tuiscint a bhí ag an phobal áitiúil ar Dhinnsheanchas an cheantair. Sa taispeántas seo, léirítear, go cruthaíoch, an tusicint atá ag Nuala agus Bernadette ar an Dinnsheanchas agus nochtaítear an léargas atá ag an mbeirt acu ar phróiseas cruthaíoch an tionscnaimh.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.angailearai.com/
Teileafón: 074 9165594
Ríomhphost:ceardlann@eircom.net
Seoladh: An Gailearaí, Gailearaí na gCroisbhealach, An Fál Carrach.


Aras Inis Ghluaire: Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Reachtálann Áras Inis Ghluaire imeachtaí ealaíona agus cultúrtha ó ham go chéile, mar aon leis imeachtaí oidhreachta. Is féidir gach eolas a fháíl ar imeachtaí an ionaid ag na sonraí teagmhála thíosluaite.
Seoladh taispeántas ealaíne le John Jones, Dé Céadaoin 02 Meán Fómhair 7.30i.n


Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.arasinisgluaire.ie/


Siamsóir na Mí
Ráth Cairn, Co na Mí.
10ú Eanáir 2010
Is comórtas faoi leith é seo chun teacht ar "Siamsóir na Mí". Caithfidh na daoine a ghlacann páirt ann trí chinn de na míreanna seo a leanas a dhéanamh: amhrán Gaeilge a rá, scéal nó dán a aithris, damhsa, uirlis a sheinm, agus/nó aon bheart eile a léiriú a meastar na breithiúna é a bheith feiliúnach ar an oíche.


Cló Ceardlann na gCnoc, Gaeltacht Thír Chonaill
Bíonn ceardlanna agus ranganna á eagrú ag an eagraíocht físealaíona seo atá lonnaithe i mbarrionad ealaíona i Mín an Leá, Gort a Choirce. Cuirtear taispeántas agus imeachtaí eile ar siúl chomh maith. Tá gach eolas le fáil ag na sonraí teagmhála thíos.

Tuilleadh eolais.
Suíomh Idirlín: http://www.clo.ie
Teileafón: 07491 – 62800
Ríomhphost :cloceardlann@eircom.net
Seoladh: Mín a’ Leá, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.


Féiltí

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, Cúil Aodha & Baile Mhuirne, Co. Chorcaí
Féile a dhéanann ceiliúradh ar an traidisiún saibhir amhránaíochta agus ceoil i gceantar Mhúscraí. Ceolchoirmeacha bríomhara, léachtaí agus imeachtaí ealaíon éagsúla.
4 - 6 Nollaig 2009

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín: www.eigse.ie


Scoil Cheoil Frankie Kennedy
Féile a dhéanann ceiliúradh ar cheol agus amhránaíocht Ghaeltacht Uladh, agus a thugann ardán do na healaíona dúchasacha. Ceol den chéad scoth, ranganna, léachtaí, cainteanna agus ceolchoirmeacha. Meallann an fhéile seo cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír.
An tseachtain deireanach de mhí na Nollag.


Breis Eolais:
Suíomh Idirlín :www.frankiekennedy.com


Féile Cheoil Thraidisiúnta agus culthúrtha Barr an Teampaill, Baile Átha Cliath.Temple Bar Trad Irish Music & Cultural Festival
Bunaíodh an fhéile i 2006 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Déantar ceiliúradh ar cheol agus ar chultúr na tíre.
27 -31 Eanair

Breis Eolais:
Suíomh Idirlín: http://www.templebartrad.com
Teileafón: 01 677 2397
Ríomhphost :fiona@tascq.ie

 


Nascanna

Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.

http://artsaudiences.ie/ - Gréasán margaíochta/forbairt lucht féachana ( páirtnéireacht idir an gComhairle Ealaíon agus Iontaobhas Bharra an Teampaill)

http://publicart.ie - Gréasán achmhainneach ar Ealaín Phoiblí “

http://www.creativecareers.ie - Creative Careers

http://www.eurocult.org - European Cultural Foundation

http://www.ccoi.ie Comhairle Ceardaíochta na hÉireann: Suíomh achmhainneach maidir leis deontais, cúrsaí oiliúna agus eolas ginearáilta faoi chúrsaí ceardaíochta.

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm - An Chomhairle Ealaíon

www.artsmanagement.ie - Cúrsa Bainsitíocht Ealaíon & Polasaí Cultúrtha. Tá mórán eolais suimiúil faoin saol ealaíon in Éirinn le feiscint ann.

http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.

http://www.forumformusic.ie - Forum don Cheol in Éirinn

http://www.visualartists.ie/ - Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie - Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ - Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh

 

Séanadh
Ní ghlacann Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta ná an Chomhairle Ealaíon freagracht ar bith as aon chaillteanas a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag brath ar an eolas atá sa nuachtlitir seo.