| |
Nuacht .
Fáilte chuig ríomh-litir Mí Iúil, Ealaín na Gaeltachta.
€82,300 Bronnta ag Ealaín na Gaeltachta faoin Scéim Sparánachta
Le déanaí, d’éirigh le naoinúr déag ealaíontóirí Gaeltachta duaiseanna sparánachta a bhaint amach faoi Scéim Ealaín na Gaeltachta. Aithníonn an scéim seo tábhacht an ealaíontóra cruthaithí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. €82,300 a bronnadh ar fad; ochtar físealaíontóirí, seisear scríbhneoirí, seisear cheoltóirí/amhránaithe. Is é seo an tríú bhliain an scéim seo a bheith á reachtáil agus é mar aidhm leis deis a thabhairt don ealaíontóir aonarach díriú isteach ar fhorbairt a dhéanamh ar a shaothar féin.
Tuilleadh Eolais: Mícheál Ó Fearraigh 074 95 603100 m.fearraigh@udaras.ie
Mar is eol do chách faoin am seo, tá rialtas nua i gceannas na tíre. Is é Séamus Brennan T.D. ceaptha ina Aire nua ar an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Tá An Chomhairle Ealaíon ag impí ar an rialtas nua, €100 milliún a chur ar fáil do na h-ealaíona i 2008 mar chuid dá Chlár Rialtais nua, méadú €20 milliún ar mhaoiniú na bliana 2007. Leagtar béim ar dheiseanna breise a bheith á thabhairt do pháistí le bheith rannpháirteach sna h-ealaíon agus cláir taistil na Comhairle a láidriú an chéad bhliain eile. Tuilleadh eolais: www.artscouncil.ie
Tá deis ar phost dúshlánach i nGaeltacht Thír Chonaill don té a cheapfar mar Stiúrthóir ar Cheardlann na gCroisbhealach. Cuireadh tús leis an togra seo sa mbliain 1999 agus ó shoin i leith tá struchtúir proifisiúnta bainistíochta, foirne agus rialacais curtha i bhfeidhm don gCeardlann a dhíríonn ar thograí físealaíon go speisialta. (Tuilleadh eolais faoi ‘Folúntais’)
Mar a chífear thíos, tá séasúr na bhféilte ealaíon faoi lán tseoil ar fuaid na tíre faoin dtráth seo. Tá deiseanna de gach sórt ann le healaíon den ard-chaighdeán a bhlaiseadh gan aon leithscéal a bheith ag éinne gan a bheith rannpháirteach – bainíg sult as!
Ná dearmad teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile, nó má tá aon chomhairle uait/uaibh maidir le tionscscnaimh ealaíona a fhorbairt .

Deiseanna / Deontais
An Chomhairle Ealaíon |
Tionscadal: dámhachtain saothair nua,
Cruthú agus forbairt ar shaothar nua a chuireann le teorainneacha na meán ealaíon nó cleachtais ealaíon. Tá an scéim seo dírithe go speisialta le cúnamh a thabhairt d’ealaíontóirí le smaointí nua a chur chun cinn sna réimsí seo. Glacfar le hiarratais ó ealaíontóirí i ngach meán ealaíon nó i meascán daoibh.
Suim á dámhadh: €50,000
|
Spriocdháta |
17/08/07 |
| Eolas |
Guthán 01 6180200
Ríomhphost: projectsnewwork@artscouncil.ie www.artscouncil.ie
|
| An Chomhairle Ealaíon |
Tionscadal: dámhachtain aonuaire
Tá an scéim seo bunaithe le maoniú a chur ar fáil d’fhorbairt, dearadh, cruthú agus cur i láthair tograí thar na meáin ealaíon uilligh agus na cleachtais ealaíon uilligh. Is é an príomh sprioc leis ná deis a chur ar fáil déalaíontóirí agus eagraíochtaí tograí neamhspleácha a chur ar bun
Suim á dámhadh: €100,000
|
| Spriocdháta |
17/08/07 |
| Eolas |
Guthán 01 6180200
r-phost projectsonceoff@artscouncil.ie www.artscouncil.ie
|
Ionad Ealaíon Loch Garman
|
Duais de €8,000 le bronnadh ar ealaíontóir físiúil óg as Éirinn. Tabharfar deis ar thaispeántas aonair in Ionad Ealaíon Loch Garman don ealaíontóir a bhainfidh an duais seo chomh maith.
|
| Eolas |
Catherine Bowe, Bainisteoir Físealaíon, Ionad Ealaíon Loch Garman Guthán: 053 91 23764 r-phost: catherine@wexfordartscentre.ie
|
| Tréimhse cónaitheach sa mBreatain Bheag |
Tá tréimhse cónaitheach á thairiscint d’ealaíontóir Gaeltachta, le bheith lonnaithe sa mBreatain Bheag. Tuilleadh eolais ó Gwyn Jones, Oriel Plas Glyn Y Wedduu, Llanbedrog, Pwllheli, Gwynedd, Gogledd, Cymru LL53 7TT gwyn@oriel.org.uk
|
Féile Scannánaíochta an Daingin (Kerry International Film Festival)
6-9 Meán Fómhair |
Iarratais á lorg. Bronnfar duaiseanna i dtrí chatagóir
- Scannán is fearr (€2,000)
- Scannán Gairid is fearr (€750)
- Scannán Gairid Digiteach is fearr (€750)
Ina measc siúd a bheidh ag déanamh breithiúnais ar na scannáin beidh Alan Parker (stiúrthóir Angela’s Ashes, Midnight Express, Mississippi Burning, The Commitments & r.l).
|
| Spriocdháta |
Ag glacadh le hiarratais go dtí 13 Iúil |
| Eolas |
www.kerryiff.com r-phost tom@kerryiff.com
|
| Cultúr Éireann |
Bronntar deontais Chultúr Éireann chun tacaíocht a thabhairt do shár-imeachtaí cultúrtha na hÉireann i dtíortha eile. Breithnítear tograí le haghaidh ócáidí (m.sh. léiriúcháin, taispeántais, léachtaí), ócáidí nach mbíonn an eagraíocht ná an léiriúcháin féin in ann na costais ina leith a íoc
|
| Spriocdháta |
15 Lúnasa d’imeachtaí le tarlú ó thús Meán Fómhair ar aghaidh |
| Eolas |
Guthán: 01 6313905
www.cultureireland.gov.ie
|
| Fondúireacht Ealaíne Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe |
Táthar ag glacadh le hiarratais anois maidir le taispeántaisí aonar agus ghrúpa don mbliain seo chugainn, 2008, ag láthair taispeántais Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Is féidir sampla den obair reatha atá ar siúl a sheoladh chuig Margaret Flannery, Comhordaitheoir Ealaíon, Fondúireacht Ealaíon Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, f/ch Ionad Ealaíon na Gaillimhe, 47 Sráid Doiminc, Gaillimh |
| Eolas |
margaret@galwayartscentre.ie
|

Folúntais
Ceardlann na gCroisbhealach, An Fhal Carrach, |
Stiúrthóir ar chonradh 3 bliana, lonnaithe ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall. Bunaíodh Ceardlann na gCroisbhealach sa mbliain 1999, mar thionscnamh faoi stiúir ealaíontóra. Ó shoin i leith tá struchtúir proifisiúnta bainistíochta, foirne agus rialachais curtha i bhfeidhm don Cheardlann. Mar pháirt d’fhorbairt leanúnach na Ceardlainne, beifear ag athlonnú gan mhoill go hionad saintógtha.
Is é ról an Stiúrthóra ná a bheith ina c(h)eannródaí cruthaitheach ar fhorbairt agus ar fhás na Ceardlainne agus cur chun tosaigh agus cur i ngníomh a dhéanamh ar chlár láidir ealaíon a léireoidh sainmheon an tionscadail. Ar an tséala sin, beidh an Stiúrthóir in ann cumas cruthaitheach cruthaithe a léiriú. |
Spriocdháta |
Dáta deiridh d’ iarrataisí nó 6 Iúil agus beidh agallaimh a eagrú ar an 24 & 25 Iúil. |
| Eolas |
Tuilleadh eolais ó 074-9165594 nó ceardlann@eircom.net
|
An Chomhairle Ealaíon
2 Phost
|
Comhairleoir Oideachais (Scoileanna) Mar chuid den Straitéis Comhphairtíochta ar son na nEalaíon, fáiltíonn ACE roimh thairiscintí don bpost mar Chomhairleoir Oideachais (Scoileanna) ar bhunús páirt-aimseartha thar tréimhse a mhairfidh suas le ocht mhí déag.
Comhairleoir Ealaíon Poiblí Mar chuid den Straitéis Comhphairtíochta ar son na nEalaíon, fáiltíonn ACE roimh thairiscintí don bpost mar Chomhairleoir Ealaíon Poiblí ar bhunús comhairleoireachta páirt-aimseartha thar tréimhse a mhairfidh thar tréimhse suas le triocha sé mhí.
|
Spriocdháta |
9 Lúnasa 2007 |
| Eolas |
www.artscouncil.ie |
Stiúideó Priondála agus Dánlann Luimní
|
Riarthóir Ealaíona á lorg. Inmhianta go mbeadh céim san earnáil nó taithí ábharthach dhá bhliain ag an té a cheapfar. Níor mhór cumas oibre foirne a bheith ag an duine seo. Beidh an té a cheapfar ag tabhairt tacaíochta don stiúrthóir agus freagrach as eagrú agus pleanáil taispeántais, cláracha oideachais, cúrsaí bolscaireachta agus fógraíochta.
|
Spriocdháta |
30 Iúil |
| Eolas |
An Stiúrthóír, Stiúideó Priondála agus Dánlann Luimní, 4 Sráid Roibeard, Luimneach Guthán: 061 311806
limerickprintmakers@gmail.com www.limerickprintmakers.com
|

Imeachtaí Ealaíon
Ionad Cois Locha, Dún Lúiche,Imeachtaí éagsúla i gcaitheamh an tsamhraidh
10ú Iúil: Jarlath Henderson, Ross Ainslie, Martin Crossin
13 Iúil: Patrick Street
16 Iúil: An Chéad Chéim, Branar (Compántas Amharclannaíochta do dhaoine óga)
17 Iúil: Cór Thaobh a’Leithid/Mary Smith/Lillis Ó Laoire.
Féile Scannánaíochta Muirí Oileán Thóraigh, 5ú – 9ú Iúil
Thar 5 lá ar Oileán mhaorga Thóraigh, thar 3 scáileán, tiocfaidh thar 30 scannán a shínfidh thar achan uile chineál stíl agus genre, le chéile mar cheiliúradh físe ar ‘Oileáin agus Oileánaigh’. Fad-scannáin agus cláracha faisnéise ó cheantracha cois farraige na hÉireann, Albain, An Bhriotain agus áiteanna eile nach iad. Tuilleadh eolais: www.toryfilmfestival.com
Dánlann Joan Clancy, Maoil a’ Choirne, An Rinn
Taispeántas Grúpa le Ar Arthur Maderson, Blawnin Clancy, Sinéad Ní Chionaola, Rayleen Clancy, Michael Mulcahy, Andrea Jameson, Olive Watkins, Wishy Martin, Suzy O’Mullane, Rita O’Connell, Katarzyna Gajewska, John Cullinan, Eileen Healy agus eile. Beidh an taispeántas ar oscailt go dtí an Luan 16ú Iúil 11r.n. – 5 i.n. gach lá. Tuilleadh eolais: 086 813 4597 info@joanclancygallery.com www.joanclancygallery.com
Cumann Náisiúnta na gCór - Scoil Samhraidh Stiúradh Cheoil Roinn an Cheoil, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Luan 20 – Aoine 24 Lúnasa Freastalóidh na ceardlanna ar c haighdeáin éagsúla ó leibhéal tosnaitheora go h-ard leibhéal. Eagrófar imeachtaí breise ar nós ceardlann ar Theicníc Alexander, ceolchoirm um lóin, & r.l. Tuilleadh eolais: 021-4312296 nb. Clárú roimh 20 Iúil ar a dhéanaí
International Theatre Kitchen Iúil 3-6 2007, Londain www.iugte.com/projects/kitchen.php Deis d’aisteoirí, rinceoirí, córagrafóirí, stiúrthóirí, dearthóirí stáitse, scribhneoirí, ó thíortha éagsúla go bhfuil suim acu nascanna a chruthú le daoine as tíortha eile. Tuilleadh eolais: london@iugte.com or iugte@london.com
Comhdáil Idirnáisiúnta Modhanna Amharclannaíochta 07 – idir thraidisiúnta agus comhaimseartha Iúil 30-Lúnasa 2, Bovec, an tSlóivéin Rannpháirtithe: aisteoirí, stiúrthóirí, rinceoirí, córagrafóirí, múinteoirí, scribhneoirí, dearthóirí stáitse, iriseoirí, bainisteoirí chultúrtha. Tuilleadh eolais www.iugte.com/projects/TheatreMethods07.php

Oiliúint
Cúrsaí Oiliúna Business2Arts Cúrsaí éagsúla i réimsí éagsúla ealaíona
- Teastas i gCleachtas Bainistíochta na nEalaíon (i gcomhpháirt le hOllscoil Uladh, FÁS agus Irish Times), ag tosnú Mí Dheireadh Fómhair
- Dreamweaver 16, 17 Iúil, Baile Átha Cliath – forbairt suíomh idirlíon. (€135 an costas d’eagraíocht ealaíon)
- Forbairt & Pleanáil, 26 Iúil, Corcaigh
- Cúrsa fad lae amháin, le cumas pleanáil straitéise a chur chun cinn. (€135 an costas d’eagraíocht ealaíon)
Tuilleadh eolais: Guthán: 01 672 53 36, Karen@business2arts.ie www.business2arts.ie

Féilte Ealaíon I measc na bhféilte atá ag tarlú le linn Mí Iúil táid seo a leanas -
Blas – Scoil Samhraidh an Cheoil & Rince Traidisiúnta, Ollscoil Luimní Meitheamh 25-Iúil 6 www.ul.ie/~iwmc/Blas/
Scoil Samhraidh Willie Clancy, Sráid na Cathrach, Co. an Chláir 7ú– 15úIúil www.setdancingnews.net/wcss/
Scoil Samhraidh Dheiscirt Shligigh, Tobar an Choire, Sligeach, 15ú -21ú Iúil 2007 www.sssschool.org/
Scoil Samhraidh Joe Mooney, Droim-Sean-Bhoth 21ú Iúil – 28ú Iúil, 2007 www.joemooneysummerschool.com
Scoil Samhraidh Uí Cearbhalláin, Céideadh, Co. Ros Comáin, 30ú Iúil – 4ú Lúnasa www.harp.net/Keadue/KeadueClasses.htm
Féile Ealaíon na Gaillimhe, 16ú-29ú Iúil www.galwayartsfestival.com/
Féile Cheoil Aireagail Iarthar Chorcaí, 30ú Meitheamh – 8ú Iúil www.westcorkmusic.ie

Nascanna
Tá na suíomhanna idirlín seo a leanas úsáideach maidir le nuacht agus deiseanna eagsúla.
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon
http://www.musicnetwork.ie - Suíomh acmhainneach maidir leis an gceol - deiseanna, camchuairteanna agus eolas ghinearálta maidir le cúrsaí ceoil sa tír.
http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona
http://www.forumformusic.ie Forum don Cheol in Éirinn
http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ie Suíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/ Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie. Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh
|
|